|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/531 |
25.3.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/531 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Márta 2025
lena gcuirtear allmhairí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 6 Nollaig 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’). |
|
(2) |
Tionscnaíodh na himeachtaí sin tar éis do chúig chuideachta gearán a chur isteach an 24 Deireadh Fómhair 2024, is iad sin Cylinders Holding a.s., Dalmine S.p.A. (Tenaris), Eurocylinder Systems AG (ECS), Faber Industrie S.p.A. Agus Worthington Cylinders GmbH, arb é atá i gceist lena dtáirgeacht níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim an Aontais. |
1. TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE
|
(3) |
Is éard atá sa táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) seo sorcóirí ardbhrú gan uaim le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, déanta as cruach, de gach trastomhas agus de gach toilleadh méide, bídís snáithithe nó ná bíodh, gan beann ar bhratú inmheánach ná ar phlátáil inmheánach, gan beann ar bhailchríochnú seachtrach agus ar chruth seachtrach, cibé acu atá nó nach bhfuil lamhnán gáis curtha isteach iontu, gan beann ar fheistiú na sorcóirí le comhla, fáinne muineál, fáinne cos nó píobánra, bídís ceangailte le chéile chun cuach a dhéanamh nó ná bíodh. Sorcóirí gáis ardbhrú beaga, neamh-inathlíonta, a bhfuil toilleadh suas go 120 ml agus toilleadh 120 ml san áireamh acu, a chumhdaítear le caighdeán Eorpach EN 16509:2014 agus/nó le huimhir NA 2037 arna sannadh ag Coiste Saineolaithe na Náisiún Aontaithe um Iompar Earraí Contúirteacha, déantar iad a eisiamh ón raon táirge. |
|
(4) |
Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi láthair faoi chóid AC ex 7311 00 11 , ex 7311 00 13 , ex 7311 00 19 , ex 7311 00 30 agus ex 8424 10 00 (cóid TARIC 7311 00 11 15, 7311 00 11 80, 7311 00 13 15, 7311 00 13 80, 7311 00 19 15, 7311 00 19 80, 7311 00 30 15, 7311 00 30 80, 8424 10 00 11 agus 8424 10 00 21). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin. |
|
(5) |
Shoiléirigh an Coimisiún gur cuid de raon táirge an imscrúdaithe iad múchtóirí dóiteáin folmha a chomhlíonann na sonraíochtaí a leagtar amach sa sainmhíniú táirge, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil siad aicmithe faoi chód AC 8424 10 00 (Cóid TARIC 8424 10 00 11 agus 8424 10 00 21). |
2. CLÁRÚ
|
(6) |
Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála. |
|
(7) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha. |
|
(8) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé. |
|
(9) |
De réir na líomhaintí sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála idir 37,5 % agus 204,8 % agus leibhéal díothaithe díobhála idir 15,7 % agus 68,6 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. |
|
(10) |
Más rud é go dtagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh ar amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
|
(11) |
Ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir a bheith ag súil leis an leibhéal iarbhír dliteanais a bhunófar mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(12) |
Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí sorcóirí ardbhrú gan uaim le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, déanta as cruach, de gach trastomhas agus de gach toilleadh méide, bídís snáithithe nó ná bíodh, gan beann ar bhratú inmheánach ná ar phlátáil inmheánach, gan beann ar bhailchríochnú seachtrach agus ar chruth seachtrach, cibé acu atá nó nach bhfuil lamhnán gáis curtha isteach iontu, gan beann ar fheistiú na sorcóirí le comhla, fáinne muineál, fáinne cos nó píobánra, bídís ceangailte le chéile chun cuach a dhéanamh nó ná bíodh, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 7311 00 11 , ex 7311 00 13 , ex 7311 00 19 , ex 7311 00 30 agus ex 8424 10 00 (cóid TARIC 7311 00 11 15, 7311 00 11 80, 7311 00 13 15, 7311 00 13 80, 7311 00 19 15, 7311 00 19 80, 7311 00 30 15, 7311 00 30 80, 8424 10 00 11 agus 8424 10 00 21) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
Sorcóirí gáis ardbhrú beaga, neamh-inathlíonta, a bhfuil toilleadh suas go 120 ml agus toilleadh 120 ml san áireamh acu, a chumhdaítear le caighdeán Eorpach EN 16509:2014 agus/nó le huimhir NA 2037 arna sannadh ag Coiste Saineolaithe na Náisiún Aontaithe um Iompar Earraí Contúirteacha, déantar iad a eisiamh ón raon táirge.
2. Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2024/7403, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7403/oj.
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/531/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)