|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/530 |
20.3.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/530 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Deireadh Fómhair 2024
lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle mar thoradh ar Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonaí le Poblacht Ghána le haghaidh scéim ceadúnúcháin i ndáil le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) le haghaidh allmhairí adhmaid isteach san Aontas Eorpach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (1) agus go háirithe Airteagal 10(1) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne na Páirtithe Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí (CCD) idir an tAontas agus Poblacht Ghána (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) a dhaingniú agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. |
|
(2) |
Tá foráil in Airteagal 12(2) go (3) den Chomhaontú go bhfuil na Páirtithe le comhaontú, ar bhonn na moltaí ón Sásra Comhpháirteach Faireacháin agus Athbhreithniúcháin (SCFA) i ndiaidh measúnú neamhspleách ar Chóras Ghána um Dhearbhú Dlíthiúlachta ag úsáid na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an gComhaontú, ar an dáta ónar cheart don scéim ceadúnúcháin i ndáil le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (‘FLEGT’) tosú ar an bhfeidhmiú iomlán. |
|
(3) |
Bhí sé de chonclúid ag measúnú comhpháirteach neamhspleách go gcomhlíonann Córas Ghána um Dhearbhú Dlíthiúlachta na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(4) |
Tá an dá Pháirtí in ann teacht ar chomhaontú anois maidir le dáta tosaigh na scéime ceadúnúcháin FLEGT le haghaidh Ghána. |
|
(5) |
D’fhonn tús a chur leis an scéim ceadúnúcháin FLEGT le haghaidh Ghána, ní mór Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán (CE) 2173/2005 a leasú chun Gána agus Rannán Forbartha an Tionscail Adhmaid i nGána a chur san áireamh faoin liosta de ‘Tíortha comhpháirtíochta agus a n-údaráis cheadúnúcháin ainmnithe’ atá in Iarscríbhinn I, agus sa liosta táirgí a thagann faoin scéim ceadúnúcháin FLEGT in Iarscríbhinn III, ‘Táirgí adhmaid nach bhfuil feidhm ag an scéim ceadúnúcháin FLEGT ina leith ach amháin i ndáil leis na tíortha comhpháirtíochta comhfhreagracha’. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 8 Iúil 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 30.12.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/2173/oj.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 mar a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn I, cuirtear an tábla seo a leanas isteach roimh an tábla a bhaineann le Poblacht na hIndinéise:
|
|
(2) |
In Iarscríbhinn III, cuirtear an tábla seo a leanas isteach roimh an tábla a bhaineann le Poblacht na hIndinéise:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/530/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)