|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/527 |
15.3.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/527 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Márta 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) agus (3) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le 126 duine aonair agus 36 eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, ba cheart iontrálacha do 3 duine éagtha agus do 4 duine eile, chomh maith le trí iontráil dhúblacha, a scriosadh as an Iarscríbhinn sin. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) IO L 78, 17.3.2014, lch. 6, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:
|
(1) |
faoin gceannteideal ‘daoine’, scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine éagtha seo a leanas:
|
|
(2) |
faoin gceannteideal ‘daoine’, scriostar an iontráil a bhaineann leis an duine seo a leanas:
|
|
(3) |
faoin gceannteideal ‘daoine’, scriostar an iontráil dhúblach seo a leanas:
|
|
(4) |
faoin gceannteideal ‘eintitis’, scriostar na hiontrálacha dúblacha seo a leanas:
|
|
(5) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na daoine agus leis na heintitis a liostaítear thíos: |
Daoine
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘1. |
Sergey Valeryevich AKSYONOV Sergei Valerievich AKSENOV (Сергей Валерьевич АКСЁНОВ) Serhiy Valeriyovych AKSYONOV (Сергiй Валерiйович АКСЬОНОВ) |
Dáta breithe: 26.11.1972 Áit bhreithe: Beltsy (Bălți), APSS (Poblacht na Moldóive anois) Inscne: fireann |
Toghadh Sergey Aksyonov mar “Príomh-Aire na Crimé” in Verkhovna Rada na Crimé an 27 Feabhra 2014 i láthair gunnadóirí atá ar son na Rúise. D’fhoraithin Uachtarán gníomhach na hÚcráine Oleksandr Turchynov “toghadh” Aksyonov a bheith míbhunreachtúil an 1 Márta 2014. Rinne sé stocaireacht ghníomhach i leith “reifreann” an 16 Márta 2014 agus bhí sé ar dhuine de chomhshínitheoirí “an Chonartha maidir le haontachas na Crimé le Cónaidhm na Rúise” an 18 Márta 2014. An 9 Aibreán 2014, cheap Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin é ina “Ceann” gníomhach ar “Poblacht na Crimé” mar a ghairtear di. An 9 Deireadh Fómhair 2014, “toghadh” Aksyonov go foirmiúil ina “Ceann” ar “Poblacht na Crimé” mar a ghairtear di. “Atoghadh” é sa phost sin é i mí Mheán Fómhair 2019 agus i mí Mheán Fómhair 2024. Is comhalta é de Chomhairle Stáit na Rúise. Ó mhí Eanáir 2017 i leith, tá sé ina chomhalta d’Ardchomhairle Pháirtí na Rúise Aontaithe. Mar thoradh ar a rannpháirtíocht i bpróiseas na hionghabhála, bronnadh ordú Stáit na Rúise “I ngeall ar Fhiúntas don Athartha” (an chéad chéim) air. Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá sé fós gníomhach ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha, lena n-áirítear “náisiúnú” sócmhainní pholaiteoirí na hÚcráine i bPoblacht na Crimé. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
17.3.2014 |
|
2. |
Vladimir Andreevich KONSTANTINOV (Владимир Андреевич КОНСТАНТИНОВ) Volodymyr Andriyovych KONSTANTINOV (Володимир Андрiйович КОНСТАНТИНОВ) |
Dáta breithe: 19.11.1956 Áit bhreithe: Vladimirovka (ar a dtugtar freisin Vladimirovca), Réigiún Slobozia, APSS (Poblacht na Moldóive anois) nó Bogomol, APSS (Poblacht na Moldóive anois) Inscne: fireann |
Ina cháil mar spéicéir ar Ardchomhairle “Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé”, bhí ról ábhartha ag Vladimir Konstantinov sna cinntí a rinne an “Ardchomhairle” maidir leis an “reifreann” i gcoinne iomláine chríochach na hÚcráine agus d’iarr sé ar an lucht vótála vóta a chaitheamh ar son neamhspleáchas na Crimé sa “reifreann” an 16 Márta 2014. Bhí sé ar dhuine de chomhshínitheoirí an “Chonartha maidir le haontachas na Crimé le Cónaidhm na Rúise” an 18 Márta 2014. Ón 17 Márta 2014 i leith, is é “Cathaoirleach” ar “Chomhairle Stáit”“Phoblacht na Crimé” mar a ghairtear di. “Atoghadh” sa phost sin é i mí Mheán Fómhair 2019 agus i mí Mheán Fómhair 2024. Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá sé fós gníomhach ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha, lena n-áirítear “náisiúnú” sócmhainní pholaiteoirí na hÚcráine i “Poblacht na Crimé”. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
17.3.2014 |
|
8. |
Sergey Pavlovych TSEKOV (Сергей Павлович ЦЕКОВ) Serhiy Pavlovych TSEKOV (Сергiй Павлович ЦЕКОВ) |
Dáta breithe: 28.9.1953 nó 28.8.1953 Áit bhreithe: Simferopol, APSS (an Úcráin anois) Inscne: fireann |
Ina cháil mar Leas-Spéicéir ar Verkhovna Rada na Crimé, thionscain Sergey Tsekov, in éineacht le Sergey Aksyonov, briseadh neamhdhleathach rialtas Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé. Mheall sé Vladimir Konstantinov isteach san iarracht sin, agus bhagair sé go mbrisfí as a phost é. D’aithin sé go poiblí gurbh iad na Comhaltaí Parlaiminte ón gCrimé ba chúis le cuireadh a thabhairt do shaighdiúirí Rúiseacha seilbh a ghlacadh ar Verkhovna Rada na Crimé. Bhí sé ar dhuine de na chéad Cheannairí sa Chrimé a d’iarr go poiblí go ndéanfaí an Chrimé a ionghabháil isteach sa Rúis. Is iarchomhalta é Sergey Tsekov de Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise ó “Poblacht na Crimé”, mar a ghairtear di. Is é an chéad Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Stáit “Phoblacht na Crimé” mar a ghairtear di. Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá sé fós gníomhach ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais scarúnaíocha, lena n-áirítear “náisiúnú” sócmhainní pholaiteoirí na hÚcráine i “Poblacht na Crimé”. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
17.3.2014 |
|
23. |
Sergey Yurievich GLAZYEV (Сергей Юрьевич ГЛАЗЬЕВ) |
Dáta breithe: 1.1.1961 Áit bhreithe: Zaporizhzhia, APSS (an Úcráin anois) Inscne: fireann |
IarChomhairleoir Uachtarán Chónaidhm na Rúise maidir leis an bhforbairt eacnamaíoch. D'iarr sé go poiblí go ndéanfaí ionghabháil ar an gCrimé agus tacaíonn sé leis an gcogadh ar an Úcráin. IarAire Lánpháirtíochta agus Maicreacnamaíochta sa Choimisiún Eacnamaíochta Eoráiseach. Tá poist acadúla ardchéime éagsúla aige faoi láthair, go háirithe i nDámh na nEolaíochtaí Sóisialta in Ardscoil na hEacnamaíochta agus in Acadamh Eolaíochtaí na Rúise. |
21.3.2014 |
|
38. |
Olga Fyodorovna KOVITIDI (Ольга Фёдоровна КОВИТИДИ) |
Inscne: baineann Dáta breithe: 7.5.1962 Áit bhreithe: Simferopol, APSS (an Úcráin anois) |
Ó 2014 ba chomhalta í de Chomhairle Chónaidhm na Rúise as “Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé” mar a ghairtear di, (réigiún féinrialaitheach a ionghabhadh); agus athcheapadh in 2019 í. Comhalta den Choiste na Comhairle Cónaidhme um an Dlí Bunreachtúil agus um Chothú Stáit. |
29.4.2014 |
|
63. |
Alexander KHODAKOVSKY Oleksandr Serhiyovych KHODAKOVSKYY (KHODAKOVSKYI) (Олександр Сергiйович ХОДАКОВСЬКИЙ) Aleksandr Sergeyevich KHODAKOVSKII (Александр Сергеевич ХОДАКОВСКИЙ) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 18.12.1972 Áit bhreithe: Donetsk, APSS (an Úcráin anois) |
Roimhe seo ba é “Aire Slándála Dhaon-Phoblacht Donetsk” é, mar a ghairtear de, agus é freagrach as gníomhaíochtaí slándála scarúnaíocha “rialtas Dhaon-Phoblacht Donetsk” mar a ghairtear de. Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha. Is é Ceannasaí chathlán “Vostok” de “Aireacht Gnóthaí Baile Dhaon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, atá ag troid in Mariupol agus Leas-Cheann Gharda na Rúise i “nDaon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
12.7.2014 |
|
74. |
Nikolai Platonovich PATRUSHEV (Николай Платонович ПАТРУШЕВ) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 11.7.1951 Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois) |
IarChomhalta agus Rúnaí Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise. Mar chomhalta den Chomhairle Slándála, a chuireann comhairle ar fáil maidir le gnóthaí slándála náisiúnta agus a chomhordaíonn na gnóthaí sin, bhí baint aige le beartas rialtas na Rúise a mhúnlú, ar bagairt é ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine. Faoi láthair, is cúntóir uachtaránachta maidir le ceisteanna longthógála é agus is é Cathaoirleach Choláiste Muirí Chónaidhm na Rúise é, a bunaíodh i mí Lúnasa 2024. Thacaigh sé go poiblí le neamhspleáchas Donetsk agus Luhansk. Tá Patrushev ar dhuine de na daoine is mó a thacaíonn le cogadh na Rúise ar an Úcráin, tugann sé údar poiblí leis an ionradh agus cuireann sé aidhmeanna an chogaidh chun cinn. |
25.7.2014 |
|
100. |
Andrey Yurevich PINCHUK (Андрей Юрьевич ПИНЧУК) Andriy Yuriyovych PINCHUK (Андрiй Юрiйович ПIНЧУК) |
Inscne: fireann Dáta breithe féideartha: 27.12.1977 Áit bhreithe: Tiraspol, APSS (Poblacht na Moldóive anois) |
Iar-“Aire Slándála Stáit” in “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Oifigeach sinsearach (Coirnéal) sa tSeirbhís Chónaidhme Slándála. Tá baint aige le Vladimir Antyufeyev, fear a bhí freagrach as gníomhaíochtaí bolscaireachta scarúnaíocha rialtais de chuid “rialtas Dhaon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear de. Dá bhrí sin, thacaigh sé le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha. Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus cathaoirleach Chomhairle Ceannasaithe “Aontas shaorálaithe Donbas” [Union of Donbas volunteers]. Ceannasaí reatha an chathláin “BARS-13”, atá ag feidhmiú san Úcráin. |
12.9.2014 |
|
112. |
Oleg Vladimirovich LEBEDEV (Олег Владимирович ЛЕБЕДЕВ) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 21.3.1964 Áit bhreithe: Rudny, réigiún Kostanai, APSS (an Chasacstáin anois) |
Iarchomhalta de Dhúma an Stáit agus Iar-Chéad-Leas-Chathaoirleach ar Choiste Dhúma an Stáit um Ghnóthaí Chomhlathas na Stát Neamhspleách, um Lánpháirtiú Eoráiseach agus um Chaidreamh le Comhthírigh. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar an dréacht-Dlí Bhunreachtúil Cónaidhme “maidir le Poblacht na Crimé a ghlacadh isteach i gCónaidhm na Rúise agus maidir le foirmiú, laistigh de Chónaidhm na Rúise, comheintiteas nua cónaidhme — ‘Poblacht na Crimé’ agus Cathair Stádais Cónaidhme Sevastopol”. Leas-Reachtaire reatha Acadamh an Uachtaráin le haghaidh Idirghníomhú le hÚdaráis Rialtais. Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le beartais scarúnaíocha. |
12.9.2014 |
|
117. |
Aleksey Vasilevich NAUMETS (Алексей Васильевич HAУМЕЦ) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 11.2.1968 |
Maorghinearál in Arm na Rúise. Iar-Cheannasaí ar an 76ú rannán aerbheirthe a bhí páirteach i láithreacht mhíleata na Rúise ar chríoch na hÚcráine, go háirithe le linn ionghabháil neamhdhleathach na Crimé. Ó 2018 i leith, Leas-Cheann Foirne na bhFórsaí Aerbheirthe. An 27 Meán Fómhair 2023, ceapadh é ina sheanadóir ó réigiún Pskov. Tá sé ina chomhalta faoi láthair de Choiste na Comhairle Cónaidhme um Chosaint agus Slándáil. |
12.9.2014 |
|
132. |
Vladyslav Mykolayovych DEYNEGO (ar a dtugtar freisin Vladislav Nikolayevich DEYNEGO) Vladislav Nikolaevich DEINEGO) (Владислав Миколайович ДЕЙНЕГО) (Владислав Николаевич ДЕЙНЕГО) |
Dáta breithe: 12.3.1964 Áit bhreithe: Romny, réigiún Sumy, APSS (an Úcráin anois) nó b’fhéidir sráidbhaile Hirnytskyi, ceantar Perevalsk, réigiún Luhansk, APSS(an Úcráin anois) Inscne: fireann |
Iar-“Leas-Cheann”, mar a ghairtear de, de “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, agus iar-“Aire Gnóthaí Eachtracha”, mar a ghairtear de, de “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di. Ionadaí reatha Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise in Luhansk. Agus é ag glacadh na gcáileanna sin chuige agus ag gníomhú dó sna cáileanna sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige do ghníomhaíochtaí agus do bheartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus lena ndíchobhsaítear an Úcráin a thuilleadh. |
29.11.2014 |
|
147. |
Anatoly Ivanovich ANTONOV (Анатолий Иванович АНТОНОВ) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 15.5.1955 Áit bhreithe: Omsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) |
IarLeas-Aire Cosanta agus, sa cháil sin, ag tacú le trúpaí na Rúise a imscaradh san Úcráin. De réir struchtúr Aireacht Chosanta na Rúise atá ann faoi láthair, ghlac sé páirt sa cháil sin i mbeartas rialtas na Rúise a mhúnlú agus a chur chun feidhme. Cuirtear iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine i mbaol leis na beartais sin. IarLeas-Aire Gnóthaí Eachtracha. Tá post aige mar Ambasadóir i gcór taidhleoireachta Chónaidhm na Rúise. |
16.2.2015 |
|
183. |
Aleksandr Vladimirovich DVORNIKOV (Александр Владимирович ДВОРНИКОВ) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 22.8.1961 Áit bhreithe: Ussuriysk, Primorskiy Krai, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) |
Ginearál i bhFórsaí Armtha na Rúise. Ba é an príomhcheannasaí ar cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh 2022. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gach oibríocht mhíleata a rinneadh i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, thacaigh Alexander Dvornikov go gníomhach le gníomhaíochtaí nó beartais agus chur sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith leis an gcobhsaíocht agus an tslándáil, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Tá sé ina Chathaoirleach faoi láthair ar an gCumann Deonach um Chúnamh don Arm, don Eitlíocht agus do Chabhlach na Rúise. IarCheannasaí ar Dhúiche Mhíleata an Deiscirt de chuid Fhórsaí Armtha na Rúise. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as fórsaí míleata sa réigiún, lena n-áirítear an Chrimé agus Sevastopol a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa cháil sin dó, is é a bhí freagrach as gníomhaíochtaí Chabhlach na Mara Duibhe agus fórsaí míleata eile ó Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine an 25 Samhain 2018, rud a d’fhág nár fhéad soithí na hÚcráine dul a fhad lena gcósta féin ar Mhuir Mheoid, rud a bhain an bonn d’iomláine chríochach agus de cheannasacht na hÚcráine agus a bhain an bonn de shlándáil na hÚcráine trí chur as do ghluaiseachtaí agus inoibritheacht shoithí cabhlaigh na hÚcráine. Ina theannta sin, thacaigh na gníomhartha sin le hionghabháil neamhdhleathach a dhéanamh ar leithinis na Crimé isteach i gCónaidhm na Rúise. |
15.3.2019 |
|
209. |
Oleksandr Viktorovych YANUKOVYCH (Олександр Вiкторович ЯНУКОВИЧ) |
Dáta breithe: 10.7.1973 Áit bhreithe: Yenakiyeve, Réigiún Donetsk, APSS (an Úcráin anois) Náisiúntacht: Úcránach, Rúiseach Inscne: fireann |
Pearsa ghnó agus mac le hiarUachtarán na hÚcráine Viktor Yanukovych is ea Oleksandr Yanukovych. Le linn uachtaránacht Viktor Yanukovych agus a bhuí leis an nasc pearsanta a bhí aige le grúpa daoine a bhí gar dá athair, chuir Oleksandr Yanukovych le chéile scata leasanna gnó agus bhailigh sé saibhreas mór. Tá sé fós i mbun a ghníomhaíochtaí gnó i réigiún Donbas atá faoi rialú grúpaí scarúnaíocha, go háirithe in earnálacha an fhuinnimh, an ghuail, na tógála, na baincéireachta agus an eastáit réadaigh. Go háirithe, a bhuí le dlúthnaisc leis na scarúnaithe ar son na Rúise, fuair sé príomhshócmhainní eacnamaíocha in “Daon-Phoblachtaí Donetsk agus Luhansk” mar a ghairtear díobh, inter alia in earnálacha an fhuinnimh, an ghuail agus an eastáit réadaigh. Chosain cathlán scarúnaíoch OPLOT (liostaithe ó mhí Feabhra 2015) a thionscadail forbartha eastáit réadaigh in “Daon-Phoblacht Donetsk” mar a ghairtear di. Aistríodh cuideachta sealbhaíochta MAKO Oleksandr Yanukovych go hoifigiúil chuig dlínse na Rúise agus tá sé cláraithe anois i Donetsk. Sular aistríodh chuig dlínse na Rúise é, bhí grúpa cuideachtaí MAKO de jure faoi dhlínse na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá Oleksandr Yanukovych freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin, agus rinne sé idirbhearta leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine. Ina theannta sin, tá baint aige lena athair Viktor Yanukovych, atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar bagairt iad d’iomláine chríochach, do cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus do chobhsaíocht agus slándáil an stáit. |
4.8.2022 |
|
217. |
Nikolay Anatolyevich YEVMENOV (ar a dtugtar freisin Nikolai YEVMENOV) (Николай Анатольевич ЕВМЕНОВ) |
Dáta breithe: 2.4.1962 Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: Ceann an Ionaid Oiliúna agus Taighde Míleata (VUNC) “Acadamh Cabhlaigh a ainmníodh as Aimiréal Chabhlach an Aontais Shóivéadaigh N. G. Kuznetsov”; iarArd-Cheannasaí ar Chabhlach na Rúise Céim: Aimiréil Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Nikolay Yevmenov iarArd-Cheannasaí Chabhlach na Rúise, a bhí in oifig go dtí an 19 Márta 2024. Dá réir sin, bhí sé freagrach as gach oibríocht mhuirí a rinne cabhlach na Rúise i gcoinne na hÚcráine le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. In 2024, ceapadh é ina Cheann ar an Ionad Oiliúna agus Taighde Míleata (VUNC) dá ngairtear “Acadamh Cabhlaigh a ainmníodh as Aimiréal Chabhlach an Aontais Shóivéadaigh N. G. Kuznetsov”. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacaíocht ghníomhach a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus de chobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
23.2.2022 |
|
224. |
Lyubov Valentinovna PRIGOZHINA ar a dtugtar freisin Lyubov Valentinovna KRYAZHEVA (Любовь Валентиновна ПРИГОЖИНА Любовь Валентиновна КРЯЖЕВА) |
Daoine aonair comhlachaithe: Pavel Prigozhin (mac) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is í Lyubov Prigozhina máthair Pavel Prigozhin agus úinéir Agat LLC, fochomhlacht de chuid Concord Management and Consulting LLC, ar leis an ngrúpa Concord é, arna bhunú agus faoi úinéireacht a fir céile, Yevgeniy Prigozhin (nach maireann) go dtí 2019. Tá baint aici le Pavel Prigozhin, atá ag baint tairbhe as conarthaí móra poiblí le hAireacht Cosanta na Rúise. Dá bhrí sin, is garghaol í Lyubov Prigozhina le Pavel Prigozhin agus tá sí ag baint tairbhe an ngaol sin. |
23.2.2022 |
|
225. |
Denis Aleksandrovich BORTNIKOV (Денис Александрович БОРТНИКОВ) |
Dáta breithe: 19.11.1974 Feidhm: Leas-Uachtarán agus Cathaoirleach de Bhord Bainistíochta VTB Bank Náisiúntacht: Rúiseach Eintitis chomhlachaithe: VTB Bank Inscne: fireann |
Is mac é Denis Bortnikov – agus dá réir sin tá baint aige – le Alexander Bortnikov, Stiúrthóir na Seirbhíse Slándála Cónaidhme (FSB) agus buanchomhalta de Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise, duine a bhfuil baint aige le beartas rialtas na Rúise a mhúnlú, beartas lena ndéantar bagairt ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine. Tá sé ina Leas-Uachtarán agus ina Chathaoirleach de Bhord Bainistíochta VTB Bank, agus sa phost sin oibríonn sé chun scáth-ioncam/ioncam neamhdhleathach a athar a dhlisteanú. Dá bhrí sin, tá tacaíocht airgeadais á tabhairt aige do chinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú Oirthear na hÚcráine. |
23.2.2022 |
|
226. |
Andrei Leonidovich KOSTIN (Андрей Леонидович КОСТИН) |
Dáta breithe: 21.9.1956 Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: Uachtarán Bhord Bainistíochta VTB Bank; cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí United Shipbuilding Corporation Eintitis chomhlachaithe: VTB Bank; JSC United Shipbuilding Corporation Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Andrei Leonidovich Kostin uachtarán-chathaoirleach Vneshtorbank (VTB) – ceann de na príomhbhainc sa Rúis atá faoi úinéireacht stáit. Tá sé ina chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí United Shipbuilding Corporation ón 25 Lúnasa 2023 agus is comhalta d’Ard-Chomhairle an pháirtí pholaitiúil “United Russia” é. Tá ráitis phoiblí déanta aige ina dtacaítear le hionghabháil na Crimé agus ina spreagtar saoránaigh na Rúise dul ar saoire go dtí an Chrimé. Tá baint aige freisin le fíonlann agus óstán galánta sa Chrimé, agus de réir tuairiscí sna meáin, is é a n-úinéir é. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí agus le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine agus tá sé ag baint tairbhe as ionghabháil na Crimé. |
23.2.2022 |
|
234. |
Yevgeniy Viktorovich PRIGOZHIN (Евгений Викторович ПРИГОЖИН) |
Dáta breithe: 1.6.1961 Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois) Daoine comhlachaithe: Lyubov Valentinovna Prigozhina (céile) Eintitis chomhlachaithe: an Grúpa Wagner, internet Research Agency, Concord company group, Concord Management and Consulting LLC, Megaline LLC Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Ba phríomhphearsa ghnó é Yevgeniy Prigozhin a raibh dlúthcheangail aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le hAireacht Cosanta na Rúise. Tuairiscíodh go bhfuair sé bás i dtimpiste eitleáin an 23 Lúnasa 2023. Dhearbhaigh sé go poiblí gurb é a bhunaigh an Grúpa Wagner, eintiteas míleata neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis, agus atá freagrach as amhais an Ghrúpa Wagner a imscaradh san Úcráin. In 2022, bunaíodh agus cláraíodh cuideachta comhstoic ar a dtugtar “PMC Wagner Center” i gCathair Pheadair, agus é mar aidhm aici “timpeallacht chompordach a sholáthar chun smaointe nua a ghiniúint chun cumas cosanta na Rúise a fheabhsú”. Bhí ról tábhachtach ag an nGrúpa Wagner, faoi stiúir Yevgeniy Prigozhin, i gcomhrac agus i bhforghabháil críoch in Oirthear na hÚcráine. Tá Concord, ar a dtugtar freisin KOMBINAT PITANIYA KONKORD OOO, cuideachta a bhunaigh Prigozhin agus ar leis é go dtí mí na Samhna 2019, agus grúpa cuideachtaí eile a bhfuil ceangal acu leis, lena n-áirítear Concord Management and Consulting LLC agus Megaline LLC, ag baint tairbhe as conarthaí móra poiblí le hAireacht Cosanta na Rúise mar thoradh ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé ag Cónaidhm na Rúise, agus ar fhorghabháil Oirthear na hÚcráine ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu. Dá bhrí sin, ba phríomhphearsa ghnó é Yevgeniy Prigozhin a bhí ag feidhmiú sa Rúis. Ba é a bhí freagrach as gníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus a bhí ina mbagairt ar an méid sin, agus chuir sé na gníomhaíochtaí sin chun feidhme go gníomhach. Ina theannta sin, bhain sé tairbhe as cinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé, agus as díchobhsú oirthear na hÚcráine. Is é mac Yevgeniy Prigozhin, Pavel Prigozhin, príomhoidhre agus tairbhí sócmhainní, sealúchais agus maoine Yevgeniy Prigozhin. Tá Pavel Prigozhin liostaithe ag an Aontais as an mbaint atá aige in oibríochtaí míleata i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, is iomchuí Yevgeniy Prigozhin a choinneáil ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir reo sócmhainní agus an toirmisc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil mar gheall gur dócha go n-úsáidfí na sócmhainní lena mbaineann ar bhealach eile chun cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a mhaoiniú nó gníomhaíochtaí eile lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a mhaoiniú. |
21.4.2022 |
|
649. |
Vladislav Leonidovich BRUEV (Владислав Леонидович БРУЕВ) |
Dáta breithe: 21.3.1977 Feidhm: Ceann na chéad phríomh-stiúrthóireachta ar Choiste Teorann an Stáit; iarCheann Ghrúpa Teorann Gomel Céim: Coirnéal Áit bhreithe: Kharkov, APSS (an Úcráin anois) Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Is é Vladislav Bruev iarCheann Ghrúpa Teorann Gomel na Bealarúise, agus Ceann reatha ar chéad phríomh-stiúrthóireacht Choiste Teorann an Stáit. Sna cáileanna sin, bhí sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar shlándáil na teorann i réigiún Gomel, lena n-áirítear an teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin, agus gluaiseacht daoine aonair agus earraí thar an teorainn sin. Thrasnaigh trúpaí na Rúise an teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin i réigiún Gomel mar chuid de chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin. |
25.2.2022 |
|
651. |
Dmitry Alexandrovich VINNIKOV (Дмитрий Александрович ВИННИКОВ) |
Dáta breithe: 4.12.1979 Feidhm: Ceann ghrúpa teorann Gomel; iarCheann ar dhíorma teorann Pinsk Céim: Coirnéal Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Tá Dmitry Vinnikov ina iarCheann ar dhíorma teorann Pinsk na Bealarúise agus tá sé ina Cheann reatha ar Ghrúpa Teorann Gomel. Sna cáileanna sin, bhí sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar shlándáil na teorann i réigiún Pinsk, lena n-áirítear an teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin, agus gluaiseacht daoine aonair agus earraí thar an teorainn sin. Is comhalta d’arm na Bealarúise é, a thug tacaíocht d’fhogha mhíleata na Rúise faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Thrasnaigh trúpaí na Rúise an teorainn idir an Bhealarúis agus an Úcráin i limistéar Pinsk mar chuid de chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin. |
25.2.2022 |
|
660. |
Andrey Vladimirovich ZHUK (Андрей Владимирович ЖУК) |
Dáta breithe: 6.8.1969 Áit bhreithe: Gorki, APSS (an Bhealarúis anois) Feidhm: iarLeas-Aire Cosanta na Bealarúise, Maorghinearál Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Is é Andrey Zhuk iarLeas-Aire Cosanta Phoblacht na Bealarúise. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i bhfreachnaimh mhíleata chomhpháirteacha na Rúise agus na Bealarúise roimh an tóstal míleata ag teorainn na hÚcráine lenar réitíodh agus lenar éascaíodh an fogha míleata a thug an Rúis an 24 Feabhra 2022. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus tacaíonn sé go gníomhach leis na gníomhaíochtaí sin. |
25.2.2022 |
|
674. |
Petr Olegovich AVEN (Пëтр Олегович АВЕН) |
Dáta breithe: 16.3.1955 Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: Príomhphearsa ghnó a bhfuil dlúthchaidreamh aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin; duine de phríomh-scairshealbhóirí Alfa Group Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin; Mikhail Fridman; German Borisovich Khan; Alexey Kuzmichev Eintitis chomhlachaithe: JSC Voentorg |
Is pearsa ghnó Rúiseach é Petr Aven a bhfuil dlúthnaisc aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, ag dul siar go luath sna 1990í. Tá scairsheilbh shuntasach aige in ABH Holdings, a rialaigh banc mór sa Rúis, Alfa Bank, agus a rialaíonn fós cuideachtaí eile de chuid Alfa Group. Meastar aistriú a scaireanna in A1, atá mar chuid den Alfa Group, mar aistriú samhailteach. Is scairshealbhóir é freisin sa ghnólacht infheistíochta LetterOne. Is duine amháin é as measc 50 duine saibhir gnó ón Rúis a bhuaileann go rialta le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, sa Chreimil. An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, bhuail Petr Aven, mar aon le 36 phearsa ghnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin. Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, atá mar chuid den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Chuir AlfaStrakhovanie árachas ar fáil freisin do chuideachtaí mar shampla JSC Kalashnikov Concern agus Central Scientific-Research Institute for Precision Machine Engineering (TsNIITochMash), a bhfuil a n-airm á n-úsáid go forleathan ag míleata na Rúise san Úcráin, lena n-áirítear le linn na n-ainghníomhartha in Bucha. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, cuideachta eile de chuid Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata, d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata “Z” orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a chur chun cinn. Dá bhrí sin, is príomhphearsana ghnó é Petr Aven a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus pearsa ghnó atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim í do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé go gníomhach, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine, agus bhain sé tairbhe astu. Thacaigh sé freisin le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais ar an méid sin. In 2024, rinne údaráis na Rúise cuideachtaí sealbhaíochta de chuid an Aontais a dhíshealbhú as cearta maoine i gcuideachta sealbhaíochta Rúiseach Alfa Bank, JSC AB Holding, agus d’fhoráil siad go mbeadh scairshealbhóirí indíreacha, mar shampla Aven, le bheith ina scairshealbhóirí díreacha sa chuideachta sealbhaíochta Rúiseach. Dhíol Aven a chearta maoine díreacha nua le tríú páirtí ina dhiaidh sin, agus fuair sé íocaíocht shuntasach sa Rúis. Dá bhrí sin, is duine é a tháinig timpeall ar fhorálacha Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle. Thairbhigh sé freisin d’aistriú éigeantach úinéireachta nó rialaithe ar eintiteas atá bunaithe sa Rúis, a bhí faoi úinéireacht nó faoi rialú roimhe sin ag eintitis atá bunaithe san Aontas, a rinne rialtas Chónaidhm na Rúise trí dhlíthe, rialacháin, ionstraimí reachtacha eile nó trí ghníomhaíocht eile ó údarás poiblí de chuid na Rúise. |
28.2.2022 |
|
675. |
Mikhail Maratovich FRIDMAN (Михаил Маратович ФРИДМАН) |
Dáta breithe: 21.4.1964 Áit bhreithe: Lviv, APSS (an Úcráin anois) Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin; Petr Aven; German Borisovich Khan; Alexey Kuzmichev Eintitis chomhlachaithe: JSC Voentorg |
Is pearsa ghnó Rúiseach é Mikhail Fridman. Tá sé ar cheann de phríomh-scairshealbhóirí ABH Holdings, a rialaigh banc mór sa Rúis, Alfa Bank, agus a rialaíonn fós cuideachtaí eile san Alfa Group. Meastar aistriú a scaireanna in A1, atá mar chuid den Alfa Group mar aistriú samhailteach. Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Chuir AlfaStrakhovanie árachas ar fáil freisin do chuideachtaí mar shampla JSC Kalashnikov Concern agus Central Scientific-Research Institute for Precision Machine Engineering (TsNIITochMash), a bhfuil a n-airm á n-úsáid go forleathan ag míleata na Rúise san Úcráin, lena n-áirítear le linn na n-ainghníomhartha in Bucha. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, cuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata, d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata “Z” orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a chur chun cinn. Tá scairsheilbh shuntasach ag Fridman freisin in Rosvodokanal, ceann de na príomhoibreoirí príobháideacha fóntas uisce sa Rúis. Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim í do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Thacaigh sé go gníomhach, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine, agus bhain sé tairbhe astu. Thacaigh sé freisin le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. In 2024, rinne údaráis na Rúise cuideachtaí sealbhaíochta an Aontais a dhíshealbhú as cearta maoine sa chuideachta sealbhaíochta Rúiseach Alfa Bank, JSC AB Holding, rud a cheadaigh do Fridman a bheith ina scairshealbhóir díreach sa chuideachta Rúiseach. Dhíol sé a chearta maoine díreacha nua le tríú páirtí ina dhiaidh sin, agus fuair sé íocaíocht shuntasach sa Rúis. Dá bhrí sin, is duine é a tháinig timpeall ar fhorálacha Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle. Is duine é freisin a thairbhigh d’aistriú éigeantach úinéireachta agus rialaithe ar eintiteas atá bunaithe sa Rúis, a bhí faoi úinéireacht nó faoi rialú roimhe sin ag eintitis atá bunaithe san Aontas, a rinne rialtas Chónaidhm na Rúise trí dhlíthe, rialacháin, ionstraimí reachtacha eile nó trí ghníomhaíocht eile ó údarás poiblí de chuid na Rúise. |
28.2.2022 |
|
695. |
Alexey Alexandrovits MORDASCHOV (Алексей Александрович МОРДАШОВ) |
Dáta breithe: 26.9.1965 Áit bhreithe: Cherepovets, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: Cathaoirleach Severstal agus Severgroup Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Comhlaigh: Yuriy Kovalchuk; Nikolay Shamalov |
Is pearsa ghnó Rúiseach é Alexey Mordashov a bhfuil dlúthnaisc aige le rialtas na Rúise. An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, bhuail Alexey Mordashov, mar aon le 36 phearsa ghnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin. Ina theannta sin, bhí sé ar na pearsana gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar thathantaigh sé ar lucht an ollrachmais “an tírghrá a chur roimh an mbrabús”. Is é Alexey Mordashov cathaoirleach agus scairshealbhóir tromlaigh na cuideachta Severgroup, cuideachta infheistíochta phríobháideach a bhfuil punann éagsúlaithe sócmhainní aici, lena n-áirítear grúpa cuideachtaí Cordiant, ceann de phríomh-mhonaróirí bonn, comhpháirteanna uathoibríocha, trealaimh theirmigh agus uirlisí cumhachta na Rúise, a n-oibríonn a fhochuideachta, Severstal, san earnáil cruach agus mianadóireachta agus a sholáthraíonn táirgí cruach speisialta don tionscal míleata, lena n-áirítear cruach armúrtha. Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha ar foinsí suntasacha ioncaim iad do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Thairis sin, tacaíonn Alexey Mordashov le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
28.2.2022 |
|
702. |
Dmitry Anatolievich MIHOLAP (Rúisis: Дмитрий Анатольевич МИХОЛАП; Bealarúisis: Дзмiтрый Анатольевiч МIХАЛАП) |
Dáta breithe: 28.12.1974 Áit bhreithe: Bukino, APSS (an Bhealarúis anois) Feidhm: Ceann Dhámh Fhoireann Ghinearálta na bhFórsaí Armtha; Leas-Cheann Acadamh Míleata na Bealarúise Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Bhí Dmitry Miholap ina leascheannaire ar Aerfhórsa agus Fórsaí Aerchosanta na Bealarúise. I mí na Bealtaine 2024, ceapadh é mar Cheann Dhámh Fhoireann Ghinearálta na bhFórsaí Armtha agus Leas-Cheann Acadamh Míleata na Bealarúise. Tá an Bhealarúis rannpháirteach san fhogha míleata faoin Úcráin atá ar bun ag an Rúis trí chead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ón mBealarúis isteach san Úcráin, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú sa Bhealarúis (iompar bóthair agus iarnróid) go dtí an Úcráin, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt os cionn aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin, trí phointí athbhreoslaithe a chur ar fáil sa Bhealarúis d’aerárthaí míleata na Rúise atá i mbun gníomhaíochtaí i gcoinne na hÚcráine, agus trí airm agus trealamh míleata de chuid na Rúise a stóráil sa Bhealarúis. Mar chomhalta ardchéime d’fhórsaí armtha na Bealarúise, tá Dmitry Miholap rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Bealarúise atá ag tacú le fogha na Rúise faoin Úcráin. |
2.3.2022 |
|
706. |
Alexander Ivanovich BAS (Rúisis: Александр Иванович БАС) (Bealarúisis: Аляксандр Iванавiч БАС) |
Dáta breithe: 17.8.1971 Áit bhreithe: Khotomel, APSS, (an Bhealarúis anois) Feidhm: Maor-Ghinearál, Ceannasaí ar thrúpaí North-Western Operational Command na bhFórsaí Armtha Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Tugadh ardú céime d’Alexander Bas go céim an Mhaor-Ghinearáil. Bhí sé ina Cheann ar Phríomh-Stiúrthóireacht Traenála Comhraic na bhFórsaí Armtha. I mí Iúil 2024, ceapadh Alexander Bas ina Cheannasaí ar Cheannasaíocht Oibríochta Thiar Thuaidh Fhórsaí Armtha Phoblacht na Bealarúise. Roimhe sin, bhí Alexander Bas ina Leas-Cheannasaí ar Cheannasaíocht Oibríochta an Iarthair sa Bhealarúis. Tá an Bhealarúis rannpháirteach i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin trí chead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ón mBealarúis isteach san Úcráin, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú sa Bhealarúis (iompar bóthair agus iarnróid) go dtí an Úcráin, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt os cionn aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin, trí phointí athbhreoslaithe a chur ar fáil sa Bhealarúis d’aerárthaí míleata na Rúise atá i mbun gníomhaíochtaí i gcoinne na hÚcráine, agus trí airm agus trealamh míleata de chuid na Rúise a stóráil sa Bhealarúis. Mar chomhalta ardchéime d’fhórsaí armtha na Bealarúise, tá Alexander BAS rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Bealarúise atá ag tacú le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. |
2.3.2022. |
|
710. |
Aleksandr Viktorovich NAUMENKO (Rúisis: Александр Викторович НАУМЕНКО) |
Feidhm: Leas-Aire Cosanta Phoblacht na Bealarúise, Maor-Ghinearál Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Bhí Aleksandr Viktorovich Naumenko ina Ceannasaí ar Thrúpaí North-Western Operational Command na Bealarúise. I mí Iúil 2024, ceapadh Alexander Naumenko ina Leas-Aire Cosanta i bPoblacht na Bealarúise. Tá an Bhealarúis rannpháirteach san fhogha míleata faoin Úcráin atá ar bun ag an Rúis trí chead a thabhairt don Rúis diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ón mBealarúis isteach san Úcráin, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú sa Bhealarúis (iompar bóthair agus iarnróid) go dtí an Úcráin, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt os cionn aerspás na Bealarúise isteach san Úcráin, trí phointí athbhreoslaithe a chur ar fáil sa Bhealarúis d’aerárthaí míleata na Rúise atá i mbun gníomhaíochtaí i gcoinne na hÚcráine, agus trí airm agus trealamh míleata de chuid na Rúise a stóráil sa Bhealarúis. Mar chomhalta ardchéime d’fhórsaí armtha na Bealarúise, tá Aleksandr Viktorovich Naumenko rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Bealarúise atá ag tacú le fogha na Rúise faoin Úcráin. |
2.3.2022. |
|
721. |
Andrey Igorevich MELNICHENKO (Андрей Игоревич МЕЛЬНИЧЕНКО) |
Dáta breithe: 8.3.1972 Áit bhreithe: Gomel, APSS (an Bhealarúis anois) Feidhm: iarstiúrthóir neamhfheidhmiúcháin JSC SUEK; iarchomhalta de Bhord EuroChem Group Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is tionsclaí Rúiseach é Andrey Melnichenko a rialaíonn fós an mórtháirgeoir leasacháin EuroChem Group agus an chuideachta guail SUEK. An 9 Márta 2022, d’aistrigh Melnichenko a chuid leasanna in SUEK agus Eurochem Group chuig a chéile, Aleksandra Melnichenko. Leanann sé de bheith ag baint tairbhe as an saibhreas a d’aistrigh sé chuig a bhean chéile. Tá a saibhreas méadaithe go mór le blianta beaga anuas. Baineann Andrey Melnichenko leis an gciorcal is mó tionchar de phearsana gnó na Rúise a bhfuil dlúthnaisc acu le rialtas na Rúise, mar is léir ón mbaint atá aige le comhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair, áit a bhfuil sé ina chomhalta de Bhiúró an Bhoird agus ina chathaoirleach ar an gCoiste um Polasaí Aeráide agus Rialáil Carbóin. An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, bhuail Andrey Melnichenko, mar aon le 36 phearsa ghnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar eis smachtbhannaí an Iarthair, rud a léirigh a thábhacht mar phríomhphearsa ghnó sa Rúis. Ina theannta sin, bhí sé ar na pearsana gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar thathantaigh sé ar lucht an ollrachmais “an tírghrá a chur roimh an mbrabús”. I mí Aibreáin 2024, ghlac Melnichenko páirt freisin i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair, nuair a thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, óráid inar phléigh sé an comhar idir stát na Rúise agus príomhchuideachtaí na tíre. Léirítear leis sin freisin go bhfuil sé ar dhuine de na príomhphearsana gnó atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as an gCrimé a ionghabháil agus as an Úcráin a dhíchobhsú. |
9.3.2022 |
|
722. |
Dmitry Alexandrovich PUMPYANSKY (ar a dtugtar freisin Dmitry A. PUMPIANSKY) (Дмитрий Алekcандрович ПУМПЯНСКИЙ) |
Dáta breithe: 22.3.1964 Áit bhreithe: Ulan-Ude, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: Uachtarán ar Aontas réigiúnach lucht tionscail agus fiontair Sverdlovsk; iarLeas-Uachtarán ar Bhiúró Bhord Aontas na Rúise de Lucht Tionscail agus Fiontair; Comhchathaoirleach ar an gCoiste um Beartas Tionsclaíoch agus Rialáil Theicniúil de chuid RSPP, Coiste um Rialáil Theicniúil anois Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Dmitry Pumpyansky ar dhuine de phríomhphearsana gnó na Rúise a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis. Tá sé ina Chomhchathaoirleach ar an gCoiste um Beartas Tionsclaíoch agus Rialáil Theicniúil de chuid RSPP, Coiste um Rialáil Theicniúil anois. Tá sé ina Uachtarán ar Aontas réigiúnach lucht tionscail agus fiontair Sverdlovsk. Bhí poist shinsearacha aige i bhfiontair mhiotalóireachta mhóra de chuid na Rúise. Is iarChathaoirleach ar bhord stiúrthóirí TMK PAO, agus iarUachtarán agus comhalta boird Sinara Group é. Sa dá cháil sin, thacaigh sé le húdaráis Chónaidhm na Rúise agus fiontair atá faoi úinéireacht Stáit, iarnróid na Rúise, Gazprom, Rosneft san áireamh, agus bhain sé tairbhe as comhar leo. Bhí sé ina úinéir ar DRV Invest JSC é, cuideacht a bhíonn i mbun infheistíochta. An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, bhuail Dmitry Pumpyansky, mar aon le 36 phearsa ghnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Ina theannta sin, bronnadh Ord Fiúntais air don Athartha, céim IV, Ord na hOnóra. Bhí sé ar na pearsana gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin óráid inar thathantaigh sé ar lucht an ollrachmais “an tírghrá a chur roimh an mbrabús”. Léiríonn sé sin freisin gur príomhphearsa ghnó é a oibríonn sa Rúis agus duine gnó atá rannpháirtíoch in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
9.3.2022 |
|
724. |
Galina Evgenyevna PUMPYANSKAYA (Галина Евгеньевна ПУМПЯНСКАЯ) |
Dáta breithe: 10.2.1966 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is í Galina Pumpyanskaya céile Dmitry Pumpyansky, príomhphearsa ghnó Rúiseach agus Uachtarán Aontas réigiúnach Lucht Tionscail agus Fiontair Sverdlovsk (SOSPP). Tá a fear céile ina Chomhchathaoirleach ar an gCoiste um Beartas Tionsclaíoch agus Rialáil Theicniúil de chuid RSPP, Coiste um Rialáil Theicniúil anois. Is iarChathaoirleach ar bhord stiúrthóirí PJSC Pipe Metallurgic Company é freisin, agus is iarUachtarán agus iarchomhalta boird Sinara Group é. Tacaíonn an dá chuideachta le húdaráis Chónaidhm na Rúise agus fiontair atá faoi úinéireacht Stáit, iarnróid na Rúise, Gazprom agus Rosneft san áireamh, agus baineann siad tairbhe as comhar leo. Dá bhrí sin, is garghaol Galina Pumpyanskaya a bhaineann tairbhe as a fear céile Dmitry Pumpyansky. |
9.3.2022 |
|
728. |
Vadim Nikolaevich MOSHKOVICH (Вадим Николаевич МОШКОВИЧ) |
Dáta breithe: 6.4.1967 Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: iarchathaoirleach bhord stiúrthóirí Rusagro Group Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is fiontraí Rúiseach é Vadim Moshkovich a bhfuil leasanna gnó sa talmhaíocht agus san fhorbairt réadmhaoine. In 2004, bhunaigh Vadim Moshkovich Rusagro Group ar táirgeoir mór muiceola, saillte agus siúcra é, arbh é a bhí sa chéad áit i measc gnólachtaí talmhaíochta sa Rúis in 2021. Is pearsa ghnó Vadim Moshkovich a bhíonn páirteach, dá bhrí sin, in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise. An 24 Feabhra 2022, tar éis na gcéimeanna tosaigh de chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, bhuail Vadim Moshkovich, mar aon le 36 phearsa ghnó eile, le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus le comhaltaí eile de rialtas na Rúise chun plé a dhéanamh ar thionchar na mbeart a rinneadh tar éis smachtbhannaí an Iarthair a phlé. Ós rud é gur tugadh cuireadh dó freastal ar an gcruinniú seo, is léir gur comhalta é de dhlúthchiorcal Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus go bhfuil sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó ag cur gníomhaíochtaí nó beartais chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, mar aon leis an gcobhsaíocht agus leis an slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin. Taispeánann sé freisin gur príomhphearsa ghnó é atá ag feidhmiú sa Rúis. Thairis sin, tá Rusagro Group rannpháirteach sa tionscal cosanta agus i dtáirgeadh ladrann a úsáideann an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin. Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é Vadim Moshkovich a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus ag a bhfuil leasanna gnó in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise. Ina theannta sin, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó tá sé á gcur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, agus tá sé ag tacú go hábhartha leis an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin. |
9.3.2022 |
|
730. |
Andrey Andreevich GURYEV (Андрей Aндреевич ГУРЬЕВ) |
Dáta breithe: 7.3.1982 Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: Príomhoifigeach feidhmiúcháin agus Cathaoirleach bhord bainistíochta PJSC PhosAgro; tá sé ag obair le PhosAgro ó 2004 i leith, i bpoist éagsúla; Comhalta de Bhord Bainistíochta Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair (RSPP) ón 30 Meán Fómhair 2019 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Andrey Guryev ina scairshealbhóir de PJSC PhosAgro agus is é Uachtarán Chomhlachas Táirgeoirí Leasacháin na Rúise (RAPU). Ina theannta sin, is comhalta é de Bhiúró Bhord Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair. Dá réir sin, tá baint ghníomhach aige le honnmhairiú leasachán ón Rúis a éascú, i ndlúthchomhar le rialtas na Rúise. Is í an Rúis an t-onnmhaireoir is mó de leasacháin ar domhan agus tá PhosAgro ar cheann de na príomhtháirgeoirí leasacháin atá bunaithe ar fhosfáití. Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é Andrey Guryev a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim í do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Anuas air sin, tá sé freagrach as bheith ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
9.3.2022 |
|
742. |
Alexander Davidovich BASHKIN (Александр Давыдович БАШКИН) |
Dáta breithe: 10.6.1962 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
743. |
Andrey Alexandrovich BAZILEVSKY (Андрей Александрович БАЗИЛЕВСКИЙ) |
Dáta breithe: 24.2.1967 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
744. |
Mukharbek Oybertovich BARAKHOYEV (Мухарбек Ойбертович БАРАХОЕВ) |
Dáta breithe: 4.1.1971 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
756. |
Konstantin Konstantinovich DOLGOV (Константин Константинович ДОЛГОВ) |
Dáta breithe: 12.8.1968 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
760. |
Yury Viktorovich FEDOROV (Юрий Викторович ФЁДОРОВ) |
Dáta breithe: 1.1.1972 Inscne: fireann |
Comhalta de Chomhairle Chónaidhm na Rúise a dhaingnigh cinntí rialtais maidir leis an “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. Sna ráitis phoiblí uaidh, chuir sé in iúl, arís agus arís eile, go dtacaíonn sé le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. |
9.3.2022 |
|
761. |
Nikolai Vasilyevich FYODOROV (Николай Васильевич ФЁДОРОВ) |
Dáta breithe: 9.5.1958 Inscne: fireann |
Comhalta de Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise a dhaingnigh cinntí rialtais maidir leis an “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. Sna ráitis phoiblí uaidh, chuir sé in iúl, arís agus arís eile, go dtacaíonn sé le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. |
9.3.2022 |
|
774. |
Eduard Vladimirovich ISAKOV (Эдуард Владимирович ИСАКОВ) |
Dáta breithe: 4.10.1973 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
787. |
Oksana Vladimirovna KHLYAKINA (Оксана Владимировна ХЛЯКИНА) |
Dáta breithe: 28.11.1969 Inscne: baineann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
797. |
Nina Germanovna KULIKOVSKIH (Нина Германовна КУЛИКОВСКИХ) |
Dáta breithe: 5.2.1961 Inscne: baineann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
809. |
Farit Mubarakshevich MUKHAMETSHIN (Фарит Мубаракшевич МУХАМЕТШИН) |
Dáta breithe: 31.1.1947 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
816. |
Viktor Feodosyevich NOVOZHILOV (Виктор Феодосьевич НОВОЖИЛОВ) |
Dáta breithe: 16.2.1965 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
819. |
Alexei Maratovich ORLOV (Алексей Маратович ОРЛОВ) |
Dáta breithe: 9.10.1961 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
825. |
Margarita Nikolayevna PAVLOVA (Маргарита Николаевна ПАВЛОВА) |
Dáta breithe: 22.1.1979 Inscne: baineann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
831. |
Vladimir Vladimirovich POLETAYEV (Владимир Владимирович ПОЛЕТАЕВ) |
Dáta breithe: 23.5.1975 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
840. |
Evgeny Stepanovich SAVCHENKO (Евгений Степанович САВЧЕНКО) |
Dáta breithe: 8.4.1950 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
848. |
Galina Nikolayevna SOLODUN (Галина Николаевна СОЛОДУН) |
Dáta breithe: 26.1.1968 Inscne: baineann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
851. |
Valery Vladimirovich SEMYONOV (Валерий Владимирович СЕМЁНОВ) |
Dáta breithe: 16.9.1960 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
853. |
Pavel Vladimirovich TARAKANOV (Павел Владимирович ТАРАКАНОВ) |
Dáta breithe: 21.6.1982 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
856. |
Petr Nikolayevich TULTAEV (Пётр Николаевич ТУЛТАЕВ) |
Dáta breithe: 1.1.1961 Inscne: fireann |
Comhalta de Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise a dhaingnigh cinntí rialtais maidir leis an “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
858. |
Valery Petrovich USATYUK (Валерий Петрович УСАТЮК) |
Dáta breithe: 14.7.1948 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
869. |
Irek Ishmukhametovich YALALOV (Ирек Ишмухаметович ЯЛАЛОВ) |
Dáta breithe: 27.1.1961 Inscne: fireann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
877. |
Olga Sergeyevna ZABRALOVA (Ольга Сергеевна ЗАБРАЛОВА) |
Dáta breithe: 30.3.1980 Inscne: baineann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
878. |
Yelena Gennadyevna ZLENKO (Елена Геннадьевна ЗЛЕНКО) |
Dáta breithe: 20.6.1967 Inscne: baineann |
Iar-chomhalta den Chomhairle Cónaidhme a dhaingnigh cinntí rialtais maidir le “Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk”. |
9.3.2022 |
|
879. |
Roman Arkadyevich ABRAMOVICH (Роман Аркадьевич АБРАМОВИЧ) |
Dáta breithe: 24.10.1966 Áit bhreithe: Saratov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: Príomhphearsa ghnó a bhfuil dlúthcheangal aige le Vladimir Putin, Uachtarán Chónaidhm na Rúise; mór-scairshealbhóir de chuid Evraz; iarGhobharnóir Chukotka Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Seoladh: 1 Lipovaya Aleya, Nemchinovo, cúige Odinsovo, Moscó, Cónaidhm na Rúise Daoine aonair comhlachaithe: Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin |
Príomhphearsa ghnó is ea Roman Abramovich a bhfuil dlúthchaidreamh aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin le fada an lá. Bhí rochtain phribhléideach aige ar an Uachtarán, agus choinnigh sé dlúthchaidreamh leis. A bhuí leis an nasc sin leis an gceannaire Rúiseach bhí sé in ann a mhaoin nach beag a choimeád. Mór-scairshealbhóir i ngrúpa cruach Evraz is ea é, grúpa atá ar cheann de na cáiníocóirí is mó sa Rúis. Is scairshealbhóir é Roman Abramovich freisin de chuid na cuideachta Rúisí Norilsk Nickel, atá ar na táirgeoirí pallaidiam is mó ar domhan agus ar mórchuideachta nicile scagtha in earnáil na mianadóireachta é, a chuireann ioncam suntasach ar fáil do rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó Rúiseach é a oibríonn sa Rúis agus duine gnó atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
15.3.2022 |
|
880. |
German Borisovich KHAN (Rúisis: Герман Борисович ХАН) |
Dáta breithe: 24.10.1961 Áit bhreithe: Cív, APSS (an Úcráin anois) Feidhm: príomhphearsa ghnó a bhfuil dlúthcheangal aige le Vladimir Putin; duine de phríomh-scairshealbhóirí Alfa Group Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Vladimir Putin, Mikhail Fridman, Petr Aven, Alexey Kuzmichev Eintitis chomhlachaithe: Alfa Group, Alfa Bank |
Is pearsa ghnó Rúiseach é German Khan a bhfuil dlúthchaidreamh aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, cosúil lena chomhpháirtithe gnó, Mikhail Fridman, Petr Aven agus Alexey Kuzmichev. I mí an Mhárta 2022, d’aistrigh sé a chuid scaireanna in ABH Holdings, a rialaíonn banc mór de chuid na Rúise, Alfa Bank, chuig a chomhpháirtí gnó fadtéarmach, Andrei Kosogov. Dhearbhaigh Banc Náisiúnta na hÚcráine, áfach, go raibh an t-aistriú sin ar neamhní go hiomlán. Ina theannta sin, meastar aistriú a scaireanna in A1, atá mar chuid de Alfa Group, a bheith ina aistriú samhailteach. Tá scairsheilbh shuntasach ag Khan in Rosvodokanal chomh maith, ar cuideachta eile é de chuid Alfa Group atá ar cheann de na príomhoibreoirí príobháideacha fóntas uisce sa Rúis. Bhí sé ina scairshealbhóir chomh maith de chuid chuideachta infheistíochtaí LetterOne. Lean sé de shócmhainní Alfa Group atá bunaithe sa Rúis a bhainistiú. Creidtear gur duine de na daoine is mó tionchar sa Rúis é. Rinne sé garanna d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin mar chúiteamh ar thacaíocht pholaitiúil dá ghnó agus ar mhaithe le gnóthachain airgeadais. Ina theannta sin, bhí sé ar na pearsana gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar thathantaigh sé ar lucht an ollrachmais “an tírghrá a chur roimh an mbrabús”. Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, atá mar chuid den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Chuir AlfaStrakhovanie árachas ar fáil chomh maith do chuideachtaí áirithe, mar shampla, JSC Kalashnikov Concern agus Central Scientific-Research Institute for Precision Machine Engineering (TsNIITochMash), a bhfuil a n-airm á n-úsáid go forleathan ag arm na Rúise san Úcráin, lena n-áirítear le linn na n-ainghníomhartha in Bucha. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, cuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata, d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata “Z” orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a chur chun cinn. Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é German Khan a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus pearsa ghnó atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Anuas air sin, tacaíonn sé go hábharach nó ó thaobh airgeadais de le cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe astu. |
15.3.2022 |
|
881. |
Viktor Filippovich RASHNIKOV (Rúisis: Виктор Филиппович РАШНИКОВ) |
Dáta breithe: 13.10.1948 Áit bhreithe: Magnitogorsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: Príomhphearsa ghnó. Úinéir, cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí agus cathaoirleach ar an Coiste Pleanála Straitéisí Magnitogorsk Iron & Steel Works (MMK) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Pearsa ghnó Rúiseacha is ea Viktor Rashnikov agus is é is úinéir agus cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí an chomhlachta Magnitogorsk Iron & Steel Works (MMK). Tá MMK ar cheann de na cáiníocóirí is mó sa Rúis. Mhéadaigh an t-ualach cánach ar an gcuideachta le déanaí, rud a d’fhág go ndeachaigh fáltais i bhfad níos airde isteach i mbuiséad stáit na Rúise. Faigheann Viktor Rashnikov tacaíocht ó rialtas agus ó chinnteoirí na Rúise. Ina theannta sin bhí sé ar na pearsana gnó Rúiseacha a ghlac páirt i gcomhdháil Aontas na Rúise de lucht tionscail agus fiontair i mí an Mhárta 2023, áit ar thug Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin óráid inar thathantaigh sé ar lucht an ollrachmais “an tírghrá a chur roimh an mbrabús”. Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise agus a thairbhíonn féin den rialtas sin, ar rialtas é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
15.3.2022 |
|
882. |
Alexey Viktorovich KUZMICHEV (ar a dtugtar freisin Alexey Viktorovich KUZMICHOV) (Rúisis: Алексей Викторович КУЗЬМИЧЁВ) |
Feidhm: príomhphearsa ghnó; duine de phríomh-scairshealbhóirí Alfa Group Dáta breithe: 15.10.1962 Áit bhreithe: Kirov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Mikhail Fridman, Petr Aven, German Khan Eintitis chomhlachaithe: Alfa Group, Alfa Bank |
Is scairshealbhóir mór de Alfa Group consortium é Alexey Kuzmichev. Tá sé i measc na ndaoine is mó tionchar sa Rúis. Tá scairsheilbh shuntasach ag Kuzmichev in X5 Retail Group freisin, ceann de na cuideachtaí miondíola is tábhachtaí sa Rúis, agus in Rosvodokanal, cuideachta eile de chuid Alfa Group atá ar cheann de na príomhoibreoirí príobháideacha fóntais uisce sa Rúis. Ina theannta sin, meastar aistriú a scaireanna in A1, atá mar chuid de Alfa Group, a bheith ina aistriú samhailteach. Soláthraíonn an chuideachta árachais AlfaStrakhovanie, fochuideachta den Alfa Group Consortium, árachas d’fheithiclí Sheirbhís Chónaidhme Gharda Náisiúnta Chónaidhm na Rúise (Rosgvardia), a n-oibríonn a n-aonaid sna réigiúin atá faoi fhorghabháil san Úcráin atá faoi rialú na Rúise, chomh maith le feithiclí a úsáideann gardaí cosanta Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Chuir AlfaStrakhovanie árachas ar fáil do chuideachtaí mar shampla JSC Kalashnikov Concern agus Central Scientific-Research Institute for Precision Machine Engineering (TsNIITochMash), a bhfuil a n-airm á n-úsáid go forleathan ag míleata na Rúise san Úcráin, lena n-áirítear le linn na n-ainghníomhartha in Bucha. Thairis sin, comhoibríonn X5 Retail Group, fochuideachta eile de Alfa Group Consortium, le JSC Voentorg, eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a sholáthraíonn seirbhísí lónadóireachta agus níocháin, chomh maith le héidí míleata, d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise agus a ndíolann a bhfochuideachta t-léinte a bhfuil an tsiombail mhíleata “Z” orthu atá in úsáid ag lucht bolscaireachta na Rúise chun cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a chur chun cinn. Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é Alexey Kuzmichev a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Anuas air sin, tacaíonn sé go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe astu. |
15.3.2022 |
|
883. |
Alexander Alexandrovich MIKHEEV (Rúisis: Александр Александрович Михеев) |
Príomhoifigeach feidhmiúcháin JSC Rosoboronexport Dáta breithe: 18.11.1961 Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Sergey Chemezov Eintitis chomhlachaithe: Rosoboronexport |
Tá Alexander Mikheev ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Rosoboronexport, an t-aon idirghabhálaí oifigiúil stáit atá ag an Rúis chun táirgí, teicneolaíochtaí agus seirbhísí míleata agus dé-úsáide a onnmhairiú agus a allmhairiú. Is fochuideachta de chuid Rostec é Rosoboronexport, corparáid atá faoi úinéireacht an stáit agus a dhéanann maoirseacht ar thaighde agus forbairt teicneolaíochtaí míleata, agus tá úinéireacht aici ar roinnt saoráidí táirgthe a bhfuil ról lárnach acu i gcur chun úsáide na dteicneolaíochtaí sin in oibríochtaí ar an láthair chatha. Is foinse thábhachtach ioncaim do rialtas na Rúise iad díolacháin arm. Úsáidtear iad freisin chun cuspóirí eacnamaíocha agus straitéiseacha na Rúise a chur chun cinn. Ó 2000 go 2020 dhíol Rosoboronexport airm le custaiméirí eachtracha dar luach USD 180 billiún. Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
15.3.2022 |
|
908. |
Kirill Nikolayevich SHAMALOV (Кирилл Николаевич ШАМАЛОВ) |
Dáta breithe: 22.3.1982 Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: Leas-chathaoirleach bhord bainistíochta Sibur Holding PJSC; Comhalta de Chomhairle Phoiblí Rossotrudnichestvo (an Ghníomhaireacht Chónaidhme um Chomhlathas na Stát Neamhspleách, Comhthírigh a bhfuil cónaí orthu thar lear, agus an Comhar Daonnúil Idirnáisiúnta) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Kirill Shamalov ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta agus tá sé freagrach as forbairt inbhuanaithe laistigh de Choiste Bainistíochta Sibur Holding PJSC, an chuideachta peitriceimiceach comhtháite is mó sa Rúis. Tá sé fós ina scairshealbhóir de Sibur Holding agus tá post bainistíochta á choinneáil aige sa chuideachta. Ina theannta sin, tá sé ag baint tairbhe as a naisc phearsanta leis an gCreimil agus bhí poist shinsearacha aige in go leor cuideachtaí móra Rúiseacha. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2024 i leith, tá Kirill Shamalov ina Chathaoirleach ar Bhord Ozero Dacha Cooperative, pobal iata phearsana gnó a bhfuil dlúthcheangal acu le Vladimir Putin. Dá bhrí sin, is príomhphearsa gnó é a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Anuas air sin, tá Kirill Shamalov ina Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Phoiblí Rossotrudnichestvo (an Ghníomhaireacht Chónaidhme um Chomhlathas na Stát Neamhspleách, Comhthírigh a bhfuil cónaí orthu thar lear, agus an Comhar Daonnúil Idirnáisiúnta) a bhunaigh, ar a thionscnamh siúd, coimisiún le haghaidh idirghníomhaíocht leis an bpobal gnó. |
8.4.2022 |
|
909. |
Igor Albertovich KESAEV (Игорь Альбертович КЕСАЕВ) |
Dáta breithe: 30.10.1966 Áit bhreithe: Vladikavkaz, North Ossetia, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: comhúinéir Mercury Group Náisiúntacht: Rúiseach, Cipireach Inscne: fireann |
Is comhúinéir é Igor Kesaev de chuid Mercury Group, cuideachta a bhí comhlachaithe le Megapolis Group, an príomhdháileoir tobac sa Rúis. Tá glanluach USD 3,6 billiún aige de réir Forbes. Is scairshealbhóir mór in Mercury Group agus Megapolis Group é. Is príomhphearsa gnó é Igor Kesaev a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis agus duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
8.4.2022 |
|
920. |
Boris Romanovich ROTENBERG (Борис Романович РОТЕНБЕРГ) |
Dáta breithe: 3.1.1957 Áit bhreithe: Leningrad, APSS. (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois) Daoine aonair comhlachaithe: Arkady Rotenberg (deartháir), Igor Rotenberg (nia) Eintitis chomhlachaithe: SGM (Stroygazmontazh) Náisiúntacht: Rúiseach, Fionlannach Inscne: fireann |
Fear gnó Rúiseach agus billiúnaí é Boris Rotenberg, agus is é deartháir Arkady Rotenberg, fear gnó Rúiseach agus billiúnaí, scairshealbhóir den chuideachta Gazprom Drilling atá faoi úinéireacht stáit agus comh-úinéir SGM (Stroygazmontazh) group. Tá dlúthbhaint ag muintir Rotenberg leis an Uachtarán, Vladimir Putin. Tá Boris Rotenburg ina chomhalta de Bhord Stiúrthóirí SMP Bank agus tá sé ar cheann de scairshealbhóirí móra Gazprom Drillings a fuair conarthaí stáit móra a bhuíochas dá dhlúthcheangail leis an Uachtarán Putin. Dá bhrí sin, tá Boris Rotenberg ag baint tairbhe as cinnteoirí na Rúise agus rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, is duine nádúrtha é a bhfuil baint aige le Arkady Rotenberg agus leis an Uachtarán Putin, beirt atá liostaithe faoi bhearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
8.4.2022 |
|
921. |
Igor Arkadyevich ROTENBERG (Игорь Аркадьевич РОТЕНБЕРГ) |
Dáta breithe: 9.5.1973 Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois) Daoine aonair comhlachaithe: Arkady Rotenberg (athair), Boris Rotenberg (uncail) Eintitis chomhlachaithe: SGM(Stroygazmontazh) group Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is príomhphearsa ghnó Rúiseach é Igor Rotenberg, agus is é an mac is sine de chuid Arkady Rotenberg, mórphearsa ghnó Rúiseach agus iar-chomh-úinéir de chuid SGM (Stroygazmontazh) group. Tá sé ina iar-úinéir ar Gazprom Drilling agus ina iar-scairshealbhóir i gcóras Platon Electronic Toll Collection. Tá dlúthbhaint ag muintir Rotenberg le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin. Mar gheall ar na poist atá agus a bhí aige i bpríomhfhiontair na Rúise, a bhfuil conarthaí móra stáit faighte acu, agus a dhlúthnaisc le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, leanann Igor Rotenberg de bheith ag baint tairbhe as cinnteoirí na Rúise agus as rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, is duine nádúrtha é a bhfuil baint aige le Arkady Rotenberg agus le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin, beirt atá liostaithe faoi bhearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
8.4.2022 |
|
927. |
Vladimir Leonidovich BOGDANOV (Владимир Леонидович БОГДАНОВ) |
Dáta breithe: 28.5.1951 Áit bhreithe: Suerka, Réigiún Tyumen, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Feidhm: Ard-Stiúrthóir Surgutneftegas Daoine aonair comhlachaithe: An tUachtarán Vladimir Putin Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Vladimir Bogdanov Ard-Stiúrthóir an chomhlachta ola agus gáis Surgutneftegas, an cúigiú cuideachta phríobháideach is mó agus an tríú cuideachta ola is mó sa Rúis le sciar de níos mó ná 10 % de tháirgeadh iomlán ola na Rúise, rud a chuireann foinse shuntasach ioncaim ar fáil do rialtas Chónaidhm na Rúise. Mar fhochuideachta de Surgutneftegas, chuir Surgutneftegasbank CJSC iasacht ar fáil do rialtas an réigiúin Tyumen in 2021 le haghaidh suim de 1,6 billiún Rúbal chun a easnamh a mhaoiniú. Coinníonn Vladimir Bogdanov dlúthnaisc le rialtas Chónaidhm na Rúise agus leis an Uachtarán Putin. Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é Vladimir Bogdanov atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
8.4.2022 |
|
931. |
Vladimir Viktorovich PAVLENKO (Владимир Викторович ПАВЛЕНКО / Володимир Вiкторович ПАВЛЕНКО) |
Dáta breithe: 14.4.1962 Inscne: fireann |
Iar-“Aire Slándála Stáit”, mar a ghairtear de, de chuid “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
8.4.2022 |
|
933. |
Aleksei Alexandrovich DIKIY (Алексей Александрович ДИКИЙ / Олексiй Олександрович ДIКIЙ) |
Dáta breithe: 5.7.1974 Inscne: fireann |
iar-“Aire Gnóthaí Inmheánacha”, mar a ghairtear de, de chuid “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
8.4.2022 |
|
935. |
Artem Alexandrovich KRAMARENKO (Артем Александрович КРАМАРЕНКО) |
Dáta breithe: 13.1.1980 Áit bhreithe: Pavlov Khutor, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Inscne: fireann |
“Leas-Chathaoirleach an Rialtais”, mar a ghairtear de, agus “Aire Beartais Agraithionscail agus Bia”, mar a ghairtear de, de chuid “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
8.4.2022 |
|
944. |
Alexei Aleksandrovich KOSTRUBITSKIY (Алексей Александрович КОСТРУБИЦКИЙ / Олексiй Олександрович КОСТРУБИЦЬКИЙ) |
Dáta breithe: 24.8.1978 Inscne: fireann |
iar-“Aire um Chosaint Shibhialta, Staideanna Éigeandála agus Deireadh a chur le hIarmhairtí Tubaistí Nádúrtha”, mar a ghairtear de, an “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Ina cheannasaí faoi láthair ar an “Príomh-Stiúrthóireacht staideanna éigeandála na Rúise do Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na gcáileanna sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
8.4.2022 |
|
945. |
Vladimir Mikhailovich RUSCHAK (Владимир Михайлович РУЩАК / Володимир Михайлович РУЩАК) |
Dáta breithe: 2.9.1971 Inscne: fireann |
Bhí sé ina “Leas-Chathaoirleach Rialtais”, mar a ghairtear de, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, agus ina “IarAire Tionscail agus Trádála”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na gcáileanna sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
8.4.2022 |
|
953. |
Yuriy Nikolaevich SIROVATKO (Юрий Николаевич СИРОВАТКО / Юрiй Миколайович СИРОВАТКО) |
Dáta breithe: 17.4.1978 Inscne: fireann |
“IarAire Dlí agus Cirt”, mar a ghairtear de, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, agus Ceann reatha Sheirbhís Chónaidhme na Rúise um Chlárú Stáit, Cadastar agus Cartagrafaíocht i nDaon-Phoblacht Donetsk, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na gcáileanna sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
8.4.2022 |
|
954. |
Sergey Ivanovich KOZLOV (Сергей Иванович КОЗЛОВ / Сергiй Iванович КОЗЛОВ) |
Dáta breithe: 7.11.1963 Inscne: fireann |
Bhí sé ina “Cathaoirleach Rialtais”, mar a ghairtear de, de “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
8.4.2022 |
|
960. |
Evgeny Anatolievich KATSAVALOV (Евгений Анатольевич КАЦАВАЛОВ) |
Dáta breithe: 11.2.1972 Inscne: fireann |
“IarAire Cásanna Éigeandála agus Bainistithe Tubaistí”, mar a ghairtear de, de “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di; bronnadh céim Leifteanant-Ghinearál air in 2024. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
8.4.2022 |
|
965. |
Sergey Alekseevich BORODIN (Сергей Алексеевич БОРОДИН) |
Dáta breithe: 15.1.1968 Inscne: fireann |
“IarChathaoirleach ar Choiste an Stáit um Chánach agus um Dhleachtanna”, mar a ghairtear de, de chuid “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá an bonn á bhaint go gníomhach aige d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. |
8.4.2022 |
|
977. |
Yevgeny Dmitrievich GRITSENKO (Евгений Дмитриевич ГРИЦЕНКО / Євген Дмитрович ГРИЦЕНКО) |
Dáta breithe: 26.7.1977 Inscne: fireann |
Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
978. |
Andrey Sergeevich VOROSHILOV (Андрей Сергеевич ВОРОШИЛОВ / Андрiй Сергiйович ВОРОШИЛОВ) |
Dáta breithe: 2.4.1978 Inscne: fireann |
Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
984. |
Svetlana Anatolievna KUMANOVA (Светлана Анатольевна КУМАНОВА / Свiтлана Анатолiївна КУМАНОВА) |
Dáta breithe: 1.11.1966 Inscne: baineann |
Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sí le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sí na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
985. |
Marina Vladimirovna MAGDALINA (Марина Владимировна МАГДАЛИНА / Марина Володимирiвна МАГДАЛИНА) |
Dáta breithe: 4.1.1984 Inscne: baineann |
Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sí le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sí na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
988. |
Yuri Igorevich MARTYNOV Rúisis: Юрий Игоревич МАРТЫНОВ Úcráinis: Юрiй Iгорович МАРТИНОВ |
Dáta breithe: 25.3.1991 Inscne: fireann |
Aire Óige, Spóirt agus Turasóireachta, mar a ghairtear de, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, agus iarChomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
990. |
Vladimir Anatolievich MEDVEDEV (Владимир Анатольевич МЕДВЕДЕВ / Володимир Анатолiйович МЕДВЕДЕВ) |
Dáta breithe: 27.10.1980 Inscne: fireann |
Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, ceannaire “Free Donbass Public Movement”. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
991. |
Yulia Valentinovna MIKHAILOVA (Юлия Валентиновна МИХАЙЛОВА / Юлiя Валентинiвн МИХАЙЛОВА) |
Dáta breithe: 14.7.1991 nó 14.6.1991 Inscne: baineann |
Iarchomhalta de “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, agus comhalta den Choiste um Shaothar, um Beartas Sóisialta agus um Ghnóthaí Iarshaighdiúirí. Dá bhrí sin, thacaigh sí le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sí na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
992. |
Vladimir Evgenievich MOSHKIN (Владимир Евгеньевич МОШКИН / Володимир Євгенович МОШКIН) |
Dáta breithe: 25.6.1980 Inscne: fireann |
Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
993. |
Alla Ivanovna OBOLENSKAYA (Алла Ивановна ОБОЛЕНСКАЯ / Алла Iванiвна ОБОЛЕНСЬКА) |
Dáta breithe: 26.7.1964 Inscne: baineann |
Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sí le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sí na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
1010. |
Alexander Vladimirovich KOROTKYI (Александр Владимирович КОРОТКИЙ) |
Dáta breithe: 13.3.1925 Inscne: fireann |
Comhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
1048. |
German Rustemovich KADYROV (Герман Рустемович КАДЫРОВ / Герман Рустемович КАДИРОВ) |
Dáta breithe: 15.10.1965 Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 617100120402 |
Comhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
1053. |
Gennady Evgenievich KOVALCHUK (Геннадий Евгеньевич КОВАЛЬЧУК / Геннадiй Євгенович КОВАЛЬЧУК) |
Dáta breithe: 16.9.1969 Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 614340600661 |
Comhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sé le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
1093. |
Elena Ivanovna RAKHMUKOVA (Елена Ивановна РАХМУКОВА) |
Dáta breithe: 25.9.1956 Áit bhreithe: Antratsyt, APSS (an Úcráin anois) Inscne: baineann |
Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sí le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sí na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
1106. |
Nelli Akopovna ZADIRAKA (Нелли Акоповна ЗАДИРАКА) |
Dáta breithe: 24.8.1949 Áit bhreithe: Akhaltsikhe, APSS (an tSeoirsia anois) Inscne: baineann |
Iarchomhalta den “Daon-Chomhairle”, mar a ghairtear di, de “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, thacaigh sí le beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sí na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme. |
8.4.2022 |
|
1111. |
Azatbek Asanbekovich OMURBEKOV (Rúisis: Азатбек Асанбекович ОМУРБЕКОВ) |
Coirnéal, ceannasaí an 64ú Briogáid Mhótarthrealmhaithe Raidhfil ar Leithligh den 35ú Arm Comh-Arm de chuid Chónaidhm na Rúise Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Coirnéal Azatbek Asanbekovich Omurbekov, ceann an 392ú Ionad Oiliúna Míleata, iarcheannasaí an 64ú Briogáid Mhótarthrealmhaithe Raidhfil ar Leithligh den 35ú Arm Comh-Arm de chuid Chónaidhm na Rúise, a mharaigh agus a rinne éigniú agus céasadh ar shibhialtaigh in Bucha na hÚcráine. Is ionann na hainghníomhartha sin agus coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh. Bronnadh teideal Laoch na Rúise air. Bhí sé i gceannas ar ghníomhaíochtaí a rinne a aonaid mhíleata agus tugadh “Búistéir Bucha” mar leasainm air mar gheall ar an bhfreagracht dhíreach atá air as maruithe, éignithe agus céasadh in Bucha. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó de chobhsaíocht nó de shlándáil san Úcráin nó ar bagairt iad ar an méid sin. |
3.6.2022 |
|
1156. |
Marina Alexandrovna MORDASHOVA (Rúisis: Марина Александровна МОРДАШОВА) |
Dáta breithe: 17.5.1979 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann Daoine aonair comhlachaithe: Alexey Mordashov (páirtí saoil) |
Is pairtí saoil Alexey Mordashov, cathaoirleach na cuideachta Severgroup, í Marina Mordashova. D’aistrigh Alexey Mordashov a chuid scaireanna sa chuideachta ollmhór taistil, TUI, agus sa chuideachta óir, Nordgold, ar fiú os cionn EUR 1,5 billiún iad le chéile, chuig a pháirtí saoil, Marina Mordashova, trí chuideachtaí éagsúla amach ón gcósta, lena n-áirítear Unifirm Limited, Ondero Limited agus Ranel Assets Limited, atá faoi úinéireacht Marina Mordashova nó atá á rialú aici. Dá bhrí sin, is garghaol í Marina Mordashova a bhaineann tairbhe as a comhpháirtí saoil Alexey Mordashov. |
3.6.2022 |
|
1174. |
Pavel Evgenevich PRIGOZHIN (Павел Евгеньевич ПРИГОЖИН) |
Dáta breithe: 18.6.1998 Náisiúntacht: Rúiseach Uimhir Aitheantais Chánach: 780103765308 Daoine aonair comhlachaithe: Yevgeniy Viktorovich Prigozhin (athair), Lyubov Valentinovna Prigozhina (máthair), Inscne: fireann |
Is mac agus príomhoidhre le Yevgeniy Prigozhin é Pavel Prigozhin, príomhphearsa ghnó a fheidhmíonn sa Rúis agus a bhfuil dlúthcheangail aige le hUachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, agus le hAireacht Cosanta na Rúise. Ba é Yevgeniy Prigozhin bunaitheoir agus ceann neamhoifigiúil an Ghrúpa Wagner, eintiteas míleata neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis, agus atá freagrach as amhais a imscaradh san Úcráin. Tá Concord, ar a dtugtar freisin KOMBINAT PITANIYA KONKORD OOO, cuideachta a bhunaigh Yevgeniy Prigozhin agus ar leis é go dtí mí na Samhna 2019 agus grúpa cuideachtaí eile a bhfuil ceangal acu leis, lena n-áirítear Concord Management agus Consulting LLC agus Megaline LLC, ag baint tairbhe as conarthaí móra poiblí le hAireacht Cosanta na Rúise mar thoradh ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé ag Cónaidhm na Rúise, agus ar fhorghabháil Oirthear na hÚcráine ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu. Tá baint ag Pavel Prigozhin le roinnt cuideachtaí a bhí faoi úinéireacht a mháthar, Lyubov Valentinovna Prigozhina, roimhe seo, is iad sin: Beta LLC, Turstatus, Lakhta Park Premium LLC, Lakhta Park LLC agus Lakhta Plaza LLC. Ina theannta sin, tá baint ag Pavel Prigozhin leis an gcuideachta JSC Businessprof, ar le Sinop Business Center i gCathair Pheadair. Is é Pavel Prigozhin príomhoidhre agus tairbhí sócmhainní, sealúchais agus maoine Yevgeniy Prigozhin. Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é a bhíonn ag feidhmú sa Rúis agus tá sé ag baint tairbhe as cinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú oirthear na hÚcráine. Dheimhnigh Pavel Prigozhin go poiblí gurb é ceannasaí an Ghrúpa Wagner é agus rinne sé caibidlíocht le Garda Náisiúnta na Rúise (Rosgvardia), chun an Grúpa Wagner a cheadú leanúint d’oibríochtaí comhraic san Úcráin. Thairis sin, rinne Pavel Prigozhin seirbhís sa Ghrúpa Wagner sa tSiria. Dheimhnigh sé go poiblí go bhfuil baint aige leis na hoibríochtaí míleata i gcoinne na hÚcráine trí bheith ag déanamh seirbhís in aonad den Ghrúpa Wagner i réigiún Donbass. Dá bhrí sin, tacaíonn sé go gníomhach le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. |
3.6.2022 |
|
1198. |
Oleg Anatolyevich KRYUCHKOV (Олег Анатольевич КРЮЧКОВ) |
Dáta breithe: 31.8.1973 Náisiúntacht: Úcránach Inscne: fireann |
Is é Oleg Kryuchkov urlabhraí údarás forghabhála na Rúise sa Chrimé agus comhairleoir do Cheann na Crimé. Sna ráitis phoiblí uaidh, dhearbhaigh sé gur goideadh gráin ó stát na hÚcráine agus ó fheirmeoirí Úcránacha ar na críocha atá faoi fhorghabháil ag an Rúis, dhearbhaigh sé go raibh scoileanna na hÚcráine atá i gcríocha faoi fhorghabháil á rúisiú, agus dúirt sé go bhfuil sé beartaithe ag an Rúis na críocha faoi fhorghabháil i ndeisceart na hÚcráine a ionghabháil. Sa cháil sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
21.7.2022 |
|
1199. |
Sergei Borissovich KOROLEV (Сергей Борисович КОРОЛЕВ) |
Dáta breithe: 9.11.1952 nó 25.7.1952 nó 25.7.1962 Áit bhreithe: Bishkek, APSS (an Chirgeastáin anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Sergei Borissovich Korolev an Chéad Leas-Stiúrthóir ar FSB na Rúise ó mhí Feabhra 2021. Tuairiscítear go bhfuil dlúthbhaint aige le Stiúrthóir FSB Alexander Bortnikov, agus leis na fir ghnó, Arkadii agus Boris Rotenberg. Luaitear go bhféadfadh sé dul i gcomharbas ar Bortnikov sa phost mar Cheann FSB. Is oifigeach gairme é in FSB, ag obair ann ó na 2000í agus roimhe sin bhí sé ina stiúrthóir ar Sheirbhís Slándála Eacnamaíche FSB. In 2021, bhronn Vladimir Putin grád Ghinearál an Airm air, ar luach saothair sinsearach sainiúil é. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le cinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú oirthear na hÚcráine, agus tá tairbhe á baint aige astu. Is é FSB ceann de na seirbhísí faisnéise a sholáthair eolas faisnéise do Vladimir Putin sular cuireadh tús le fogha na Rúise faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022. Dá bhrí sin, tá Sergei Borissovich Korolev freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
21.7.2022 |
|
1200. |
Stanislav Sergeyevich CHEMEZOV (Станислав Сергеевич ЧЕМЕЗОВ) |
Dáta breithe: 14.4.1973 Áit bhreithe: APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Stanislav Sergeyevich Chemezov mac Sergei Chemezov, comhalta d’Ardchomhairle “United Russia” agus cathaoirleach ilchuideachta Rostec, príomhchorparáid cosanta agus déantúsaíochta tionsclaíche na Rúise atá faoi rialú an stáit. Bhí cuideachta Eischósta ar a dtugtar Erlinglow Ltd ag Stanislav Chemezov a bhí ag baint tairbhe as oll-mhórbhealach snáthoptaice náisiúnta ar fiú USD 550 milliún é a bhí á thógáil ag Rostec. Ina theannta sin tá cuideachtaí eischósta éagsúla aige le Maya Bolotova, iníon Nikolay Tokarev, lena n-áirítear Irvin-2, a fuair conarthaí ar fiú 8 mbilliún Rúbel iad. Mar luach saothair ar an malartú, thug teaghlach Tokarev cead do theaghlach Chemezov buiséad Transneft a ghearradh. Chomh maith leis sin, is le Stanislanv Chemezov an chuideachta Independent Insurance Group, a bhainistíonn conarthaí móra árachais san earnáil cosanta lena n-áirítear conarthaí le haghaidh an ilchuideachta cosanta, Rostec, ina bhfuil a athair Sergei Chemezov ina POF. Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Stanislav Chemezov a bhfuil baint aige le duine atá liostaithe. |
21.7.2022 |
|
1202. |
Pavel EZOUBOV (Павел EЗУБОВ) |
Dáta breithe: Lúnasa 1975 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Pavel Ezubov col ceathrair Oleg Deripaska, uinéir na hilchuideachta thionsclaíoch Meaisíní Rúiseacha, lena n-áirítear an Chuideachta Thionscail Mhíleata, soláthraí mór arm agus trealaimh mhíleata chuig fórsaí armtha na Rúise. Tá Oleg Deripaska tar éis sócmhainní móra a aistriú chuig a chol ceathrair Pavel Ezubov, lena n-áirítear roinnt maoine sa Fhrainc, trí chuideachta shealbhaíochta ar le Ezubov í, óstán in Lech na hOstaire, tríd an gcuideachta sealbhaíochta Bainistithe Ósta Gost LLC atá bunaithe sa Rúis agus atá faoi úinéireacht Ezubov agus rialú na cuideachta Terra Limited. Dá bhrí sin, tá baint ag Pavel Ezubov le Oleg Deripaska. |
21.7.2022 |
|
1243. |
Nikolay Ivanovich BULAYEV ar a dtugtar freisin Nikolay Ivanovich BULAEV (Николай Иванович БУЛАЕВ) |
Dáta breithe: 1.9.1949 Áit bhreithe: Kazach’ya Sloboda, Dúiche Shatsky, réigiún Ryazan, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Leaschathaoirleach ar Choimisiún Lárnach Toghchán na Rúise ó bhí 2021 ann. Bhí sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na nósanna imeachta vótála chun “reifrinn” neamhdhleathacha a chur ar bun maidir le hionghabháil neamhdhleathach “Daon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, “Daon-Phoblacht Luhansk”, mar a ghairtear di, agus réigiúin Zaporozhzhia agus Kherson na hÚcráine, arna déanamh ag Cónaidhm na Rúise i mí Mheán Fómhair 2022. Faoina threoir, osclaíodh stáisiúin vótála i gCónaidhm na Rúise chun an vótáil sin a éascú. I mí Mheán Fómhair 2023, d’eagraigh an Coimisiún Lárnach Toghchán toghcháin neamhdhleathacha i gcodanna den Úcráin faoi fhorghabháil, agus ar an gcaoi sin rinne sé iarracht cogadh foghach na Rúise agus forghabháil neamhdhleathach na gcodanna sin den Úcráin a dhlisteanú. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin. |
6.10.2022 |
|
1319. |
Viktoria Valerievna ABRAMCHENKO (Виктория Валериевна АБРАМЧЕНКО) |
Dáta breithe: 22.5.1975 Áit bhreithe: Chernogorsk, APSS,Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann |
Is í Viktoria Valerievna Abramchenko iarLeas-Phríomh-Aire Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as Coimpléasc Agra-Thionsclaíoch, Acmhainní Nádúrtha agus Éiceaolaíocht. Bhí sí freagrach as táirgeacht talmhaíochta, lena n-áirítear grán, agus as cúnamh a thabhairt maidir leis an bhfód a sheasamh in aghaidh na smachtbhannaí atá a bhforchur i gcoinne na Rúise. Sa ról sin, rinne sí formhaoirseacht ar na hiarrachtaí chun an grán a atreorú ón Úcráin, gan cead ón Úcráin, agus tá sí freagrach as imeachtaí a eagrú inar ghlac ionadaithe ón gCrimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, páirt go díreach. Ó mhí Mheán Fómhair 2024 i leith, tá sí ina Leas-Chathaoirleach ar Dhúma Stáit Chónaidhm na Rúise. Agus í ag glacadh na gcáileanna sin chuici agus ag gníomhú di dá réir, tá sí freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó den cobhsaíocht nó den tslándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin. |
16.12.2022 |
|
1439. |
Alexey Sergeevich BESPROZVANNYKH (Алексей Сергеевич БЕСПРОЗВАННЫХ) |
Feidhm: Gobharnóir Réigiún Kaliningrad Dáta breithe: 23.8.1979 Áit bhreithe: Leninogorsk, Kazakh Soviet Socialist Republic, APSS (Ridder, Kazakhstan anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 222408092578 |
Tá Alexey Besprozvannykh ina chomhalta den pháirtí rialaithe United Russia agus tá sé ina ghobharnóir gníomhach ar réigiún Kaliningrad ón 9 Meán Fómhair 2024 i leith. Bhí sé ina Leas-Aire ar an Aireacht Tionscail agus Trádála roimhe seo ó 2017 go 2024. Déanann an Aireacht maoirseacht ar thionscal arm agus cosanta na Rúise, agus tá ról ríthábhachtach aici ó thaobh an trealamh míleata a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a sholáthar. Ina cháil mar Leas-Aire san Aireacht Tionscail agus Trádála, bhí Alexey Besprozvannykh freagrach as gníomhartha agus as gníomhaíochtaí de chuid na hAireachta a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Is duine nádúrtha é freisin a thacaíonn le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
25.2.2023 |
|
1442. |
Viktor Leonidovich YEVTUKHOV (Виктор Леонидович ЕВТУХОВ) |
Feidhm: Ceann Roinn Uachtaránachta Chónaidhm na Rúise maidir le Beartas Stáit i Réimse an Choimpléasc Mhíleata-Thionsclaíoch (MIC); iar-Leas-Aire Tionsclaíochta agus Trádála (2012-2024); iar-Státrúnaí san Aireacht Tionscail agus Trádála (2014-2024) Dáta breithe: 2.3.1968 Áit bhreithe: Leningrad, iarAPSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 781001361883 |
Is é Viktor Yevtukhov Ceann Roinn Uachtaránachta Chónaidhm na Rúise maidir le Beartas Stáit i Réimse an Choimpléasc Mhíleata-Thionsclaíoch (MIC), lena n-áirithítear cur chun feidhme bheartas stáit mar atá leagtha síos ag an Uachtarán i réimse MIC (lena n-áirítear cúnamh don Uachtarán agus gníomhú thar a cheann). Sa cháil sin, tá Viktor Yevtukhov freagrach as gníomhartha agus as gníomhaíochtaí de chuid Roinn na hUachtaránachta a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus is duine nádúrtha é a thacaíonn le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Is iar-Leas-Aire san Aireacht Tionscail agus Trádála agus iar-Státrúnaí san Aireacht Tionscail agus Trádála é Viktor Yevtukhov freisin. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhartha agus as gníomhaíochtaí de chuid na hAireachta a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus is duine nádúrtha é a thacaíonn le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
25.2.2023 |
|
1456. |
Sergey Yurievich TOLMACHEV (Сергей Юрьевич ТОЛМАЧЕВ) |
Feidhm: iarLeas-Cheann an Riaracháin Mhíleata-Shibhialta ar “réigiún Zaporizhzhia”, a ionghabhadh go neamhdhleathach; “iarLeas-Ghobharnóir” tráth ar “réigiún Zaporizhzhia”, a ionghabhadh go neamhdhleathach; “iarLeas-Ghobharnóir” tráth ar chathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach Dáta breithe: 5.7.1972 Áit bhreithe: Krasnoyarsk, APSS, (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: An tUachtarán Vladimir Putin |
Is é Sergey Tolmachev iarLeas-Cheann, mar a ghairtear de, an Riaracháin Mhíleata-Shibhialta ar “réigiún Zaporizhzhia”. Bhí sé tráth “Leas-Ghobharnóir an réigiúin Zaporizhzhia”, mar a ghairtear de, agus bhí sé ina leas-ghobharnóir roimhe seo ar Chathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sna róil sin, bhí Sergey Tolmachev páirteach in ullmhú agus in eagrú “toghchán” áitiúil agus parlaiminte sa réigiún áirithe seo de chuid na hÚcráine a ionghabhadh go neamhdhleathach. Bhí baint ag Sergey Tolmachev freisin leis na reifrinn neamhdhleathacha a reáchtáladh i mí Mheán Fómhair 2022 i réigiún Zaporizhzhia na hÚcráine a ionghabhadh go neamhdhleathach, a eagrú. Sna cáileanna sin, bhí Sergey Tolmachev freagrach as beartais stáit a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an t-aitheantas neamhdhleathach don “réigiún Zaporizhzhia” mar chuid den Rúis. Sa cháil sin, agus trína ghníomhaíochtaí, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
25.2.2023 |
|
1475. |
Viktoria Vyacheslavovna YAKIMOVA (Виктория Вячеславовна ЯКИМОВА |
Feidhm: Cathaoirleach Bhord an Gulfstream Foundation agus rannchuiditheoir le gníomhaíocht “charthanach” na Rúiseach ar a dtugtar “Into the Hands of Children” Náisiúntacht: Rúiseach Áit bhreithe: Rovenky, Ukraine Inscne: baineann |
Tá Viktoria Yakimova ar dhuine de na daoine is mó a chuireann le “misean daonnúil” na Rúise mar a ghairtear de dar teideal “Into the Hands of Children”. Faoi chuimsiú na gníomhaíochta “Into the Hands of Children”, d’fhéach údaráis na Rúise - faoi stiúir Russian Commission for Children’s Rights - le leanaí Úcránacha a dhíbirt agus a uchtú go neamhdhleathach mar “chúnamh daonnúil”, mar dhea, le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Agus í ag labhairt go poiblí, dhearbhaigh Viktoria Yakimova go gcuidíonn sí go gníomhach leis an ngníomhaíocht “Into the Hands of Children”. Feidhmíonn sí go rialta mar phríomhurlabhraí don “mhisean daonnúil” mar a thugtar air. Go suntasach, ó cuireadh tús leis an gcogadh foghach ar an Úcráin, d'aistrigh an Rúis a lán sibhialtach de chuid na hÚcráine chuig limistéir faoi fhorghabháil na Rúise nó chuig an Rúis féin agus is minic a chuir sí cosc ar ghluaiseacht shábháilte do na sibhialtaigh sin nó a chuir sí bac ar ghluaiseacht shábháilte go dtí na codanna sin den Úcráin atá faoi rialú ag an rialtas. Tá Viktoria Yakimova ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le leanaí a dhíbirt le forneart go dtí an Rúis agus lena n-uchtú chuig teaghlaigh Rúiseacha ina dhiaidh sin. Sáraíonn gníomhaíochtaí Viktoria Yakimova cearta leanaí na hÚcráine agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine. Ar an gcaoi sin, tá Viktoria Yakimova freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
25.2.2023 |
|
1478. |
Alexandr Semenovich BROD (Александр Семёнович БРОД) |
Feidhm: Comhalta den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine a fhorbairt Cathaoirleach ar chomhairle chomhordaithe na heagraíochta poiblí Uile-Rúisí “Dlíodóirí ar son cearta agus saol fiúntach an duine” Dáta breithe: 19.8.1969 Áit bhreithe: Kuibyshev, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: An tUachtarán Vladimir Putin |
Is dlíodóir Rúiseach agus cosantóir chearta an duine é Alexandr Brod atá dílis don Chreimil. Is comhalta é den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine. Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá bonn cirt tugtha aige don ionradh a rinne an Rúis, agus scaip sé bolscaireacht agus bréagaisnéis Rúiseach faoin gcogadh. Shéan sé freagracht Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise as coireanna cogaidh a rinneadh in Bucha, agus chuir sé an milleán go bréagach ar fhórsaí na hÚcráine as an sléacht. Scaip sé mífhaisnéis freisin faoi choireanna Naitsithe a cuireadh i leith rialtas na hÚcráine i gcoinne a mhuintire féin. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
25.2.2023 |
|
1479. |
Valery Aleksandrovich FADEYEV (Валерий Алексаандрович ФАДЕЕВ) |
Feidhm: Iriseoir, iar-rúnaí ar Sheomra Sibhialta Chónaidhm na Rúise, Cathaoirleach reatha na Comhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine Dáta breithe: 10.10.1960 Áit bhreithe: Tashkent, APSS (Uzbekistan anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: An tUachtarán Vladimir Putin |
Is comhalta é Valery Fadayev den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine. Chuidigh sé leis an gcomhlacht sin a chur faoi réir líne pholaitiúil rialtas Chónaidhm na Rúise maidir le hionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá sé ina chomhairleoir do Vladimir Putin. Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá bonn cirt tugtha aige don ionradh a rinne an Rúis, agus scaip sé bolscaireacht agus bréagaisnéis Rúiseach faoin gcogadh. Thacaigh sé leis an ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol in 2014, agus leis na reifrinn neamhdhleathacha i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach in 2022. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
25.2.2023 |
|
1480. |
Igor Stanislavovich ASHMANOV (Игорь Станислáвович АШМÁНОВ) |
Feidhm: Comhalta den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine, Saineolaí Teicneolaíochta Faisnéise, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ashmanov & Partners, Uachtarán Kribrum Dáta breithe: 9.1.1962 Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Valery Fadeyev |
Is saineolaí TF agus fiontraí Rúiseach é Igor Ashmanov. Is comhalta é den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine. Ba confidant é de chuid Vladimir Putin a bhí in oifig mar uachtarán le linn a fheachtais uachtaránachta in 2018. Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá bonn cirt tugtha aige don ionradh a rinne an Rúis, agus scaip sé bolscaireacht agus bréagaisnéis Rúiseach faoin gcogadh. Mhol sé an chinsireacht chogaidh a neartú i gCónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
25.2.2023 |
|
1482. |
Alexandr Igorevich KOTS (Алексáндр Игоревич КОЦ) |
Feidhm: Comhalta den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine, Comhalta den mheitheal maidir leis an “oibríocht mhíleata speisialta” (cogadh) san Úcráin, comhfhreagraí speisialta Komsomolskaya Pravda Dáta breithe: 3.11.1978 Áit bhreithe: réigiún Sakhalinsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Valery Fadeyev |
Is comhfhreagraí speisialta é Alexandr Kots leis an nuachtán tablóideach Komsomolskaya Pravda atá fabhrach don Chreimil. Is comhalta é den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine, agus is ball é dá mheitheal maidir leis an “oibríocht mhíleata speisialta” (cogadh) san Úcráin. Thug sé tacaíocht do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Scaip sé bréagaisnéis agus bolscaireacht na Rúise faoin gcogadh agus faoi na reifrinn neamhdhleathacha i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil go sealadach. D’iarr sé go ndéanfadh an Rúis ionsaithe ar bhonneagar sibhialtach na hÚcráine gan beann ar an tionchar a bheadh aige sin ar dhaonra sibhialta na tíre. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
25.2.2023 |
|
1546. |
Muslim Magomedovich KHUCHIEV (Rúisis: Муслим Магомедович ХУЧИЕВ) (Úcráinis: Муслiм Магомедович ХУЧIЄВ) |
Feidhm: Cúntóir le Príomh-Aire Chónaidhm na Rúise, iar-Chathaoirleach Rialtas Phoblacht na Seisnia; iar-Chathaoirleach Phoblacht na Seisnia Dáta breithe: 5.8.1971 Áit bhreithe: Zakan-yurt, ceantar Achkhoy-Martanovsky, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Ramzan Kadyrov |
Tá Muslim Khuchiev ina Chúntóir do Phríomh-Aire Chónaidhm na Rúise agus iar-Chathaoirleach Rialtas Phoblacht na Seisnia. Sa ról sin, bhí Muslim Khuchiev páirteach go dlúth le Ramzan Kadyrov i bpleananna táirgeachta míleata na Seisnia, pleananna a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise sa ina cogadh foghach ar an Úcráin. Ó thús a cogadh foghach ar an Úcráin, tá go leor sibhialtach Úcránach aistrithe ag an Rúis chuig Poblacht na Seisnia. Bhí Muslim Khuchiev ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le leanaí a dhíbirt go neamhdhleathach go dtí an Rúis agus lena n-uchtú chuig teaghlaigh Rúiseacha ina dhiaidh sin. Sáraíonn a chuid gníomhaíochtaí cearta leanaí na hÚcráine agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá Muslim Khuchiev freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
23.6.2023 |
|
1484. |
Maxim Adolfovich ZAMSHEV (Максим Адольфович ЗАМШЕВ) |
Feidhm: Is comhalta í den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine Príomheagarthóir Literaturnaya Gazeta, Leas-Chathaoirleach bhord bhrainse Mhoscó de “Aontas scríbhneoirí na Rúise”, Comhalta de “Aontas iriseoirí na Rúise” Dáta breithe: 27.4.1972 Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Valery Fadeyev |
Is scríbhneoir Rúiseach é Maxim Zamshev. Is comhalta é den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine. Is príomheagarthóir é freisin ar Literaturnaya Gazeta. Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá tacaíocht tugtha aige don ionradh a rinne an Rúis, agus scaip sé bolscaireacht agus bréagaisnéis Rúiseach faoin gcogadh. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
25.2.2023 |
|
1485. |
Nikolai Fyodorovich IVANOV (Николáй Фёдорович ИВАНÓВ) |
Feidhm: Comhalta den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine, Cathaoirleach Bhord na hEagraíochta poiblí Uile-Rúisí “Aontas scríbhneoirí na Rúise” Dáta breithe: 8.6.1956 Áit bhreithe: Strachovo, Réigiún Briansk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Daoine aonair comhlachaithe: Valery Fadeyev |
Is scríbhneoir agus bolscaire Rúiseach é Nikolai Ivanov. Is comhalta é den Chomhairle Uachtaránachta maidir leis an tSochaí Sibhialta agus Cearta an Duine. Ina theannta sin is é an Cathaoirleach ar bhord “Aontas scríbhneoirí na Rúise”. Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá tacaíocht tugtha aige do na gníomhaíochta atá á ndéanamh ag an Rúis, agus scaip sé bolscaireacht agus bréagaisnéis Rúiseach faoin gcogadh. Bhain Yunarmiya úsáid as an tsiombail mhíleata “Z” go poiblí atá in úsáid i mbolscaireacht na Rúise chun cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a chur chun cinn. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
25.2.2023 |
|
1548. |
Vladimir Mikhailovich MOROZOV ar a dtugtar freisin Uladzimir Mikhailavich MAROZAU (Rúisis: Владимир Михайлович МОРОЗОВ) (Bealarúisis: Уладзiмiр Мiхайлавiч МАРОЗАЎ) |
Feidhm: iarCheann Iarnróid na Bealarúise Dáta breithe: 1965 Áit bhreithe: Buda-Koshelevo, réigiún Gomel, APSS (an Bhealarúis anois) Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Is é Vladimir Morozov iarCheann Iarnróid na Bealarúise, a oibríonn seirbhís iarnróid idir an Rúis agus an Bhealarúis. Agus an ról sin aige, thacaigh sé le himscaradh agus iompar pearsanra míleata agus trealaimh mhíleata na Rúise a raibh baint acu le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá Vladimir Morozov freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
23.6.2023 |
|
1604. |
Anna Evgenievna TSIVILEVA ar a dtugtar freisin Anna Evgenievna TSIVILYOVA ar a dtugtar freisin Anna Putina-TSIVILYOVA (Анна Евгеньевна ЦИВИЛЁВА) |
Feidhm: Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise; Cathaoirleach na Fondúireachta “Defenders of the Fatherland”; Cathaoirleach na Comhairle Caomhnóireachta i Réimse Sóisialta Réigiún Kemerovo Comhalta de Chomhairle Fhóram Eoráiseach na mBan faoi Chomhairle Chónaidhme na Rúise Dáta breithe: 9.5.1972 Áit bhreithe: Ivanovo, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Uimhiraitheantais chánach: 771921270207 Inscne: baineann |
Is í Anna Tsivileva Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise agus Cathaoirleach na Fondúireachta “Defenders of the Fatherland”. Is í bean chéile Sergey Evgenievich Tsivilev, atá ina Ghobharnóir ar réigiún Kemerovo. Is gaol í freisin le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Tá ról tábhachtach ag an bhfondúireacht “Defenders of the Fatherland” sa chogadh foghach ar an Úcráin toisc go dtacaíonn sí leis na sean-saighdiúirí a ghlac páirt sna gníomhaíochtaí míleata san Úcráin. Oibríonn an Fhondúireacht freisin sna réigiúin Donetsk agus Luhansk agus sa Chrimé atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach. Tá comhaontuithe tugtha i gcrích ag an bhFondúireacht le heagraíochtaí éagsúla eile agus le rialtais áitiúla chun tacú le hiarshaighdiúirí an chogaidh fhoghaigh. Tacaíonn an Fhondúireacht le hiarshaighdiúirí, lena n-áirítear trodaithe ó Donetsk agus Luhansk. Tá baint ag an bhFondúireacht freisin le hathshlánú iarshaighdiúirí chun iad a chur ar ais i seirbhís ghníomhach don chogadh foghach ar an Úcráin. Is a bhuí lena dlúthchaidreamh le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin a bhí Anna Tsivileva in ann a bheith ina cathaoirleach ar an bhFondúireacht “Defenders of the Fatherland”. Dá bhrí sin, tá Anna Tsivileva ag baint tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine. Sa cháil sin, tacaíonn sí le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. Tá baint aici freisin leis an bhfondúireacht “Defenders of the Fatherland”. |
18.12.2023 |
|
1600. |
Boris Viktorovich OBNOSOV (Boris Viktorovič OBNOSOV) (Борис Викторович ОБНОСОВ) |
Feidhm: Ard-Stiúrthóir JSC Tactical Missiles Corporation Dáta breithe: 26.1.1953 Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Seoladh: 7 Ilyicha Street, Korolov, Réigiún Moskovskaya, Cónaidhm na Rúise Inscne: fireann |
Tá Boris Obnosov ina Ard-Stiúrthóir ar JSC Tactical Missiles Corporation. Déanann Tactical Missiles Corporation armchórais straitéiseacha oirbheartaíocha eitlíochta ardbheachtais aer go dromchla agus aer go haer agus armchórais aontaithe mhuirí a fhorbairt, a mhonarú, a nuachóiriú, a dheisiú agus a chothabháil le haghaidh Fhórsaí Armtha na Rúise. Tá úsáid á baint ag an Rúis as armáin arna monarú ag Tactical Missiles Corporation sa chogadh foghach ar an Úcráin. Buaileann Boris Obnosov le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin go rialta chun é a chur ar an eolas maidir le stádas gnó de Tactical Missiles Corporation. In 2021, bronnadh an teideal oinigh is airde, “Laoch de Chónaidhm na Rúise”, air. I mí Eanáir 2022, mí roimh an gcogadh, bhí cruinniú duine le duine ag Obnosov le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. I mí Aibreáin 2022, bronnadh an duais “Marascal an Aontais Shóivéadaigh Georgy Zhukov” air i réimse na n-armálacha agus an trealaimh mhíleata. Dá bhrí sin, tacaíonn Boris Obnosov le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’ iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Anuas air sin, tacaíonn sé le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Is príomhphearsa gnó é freisin a fheidhmíonn sa Rúis agus a bhfuil baint aige le JSC Tactical Missiles Corporation. |
18.12.2023 |
|
1606. |
Oleg Leonidovich KHOROKHORDIN (Олег Леонидович ХОРОХОРДИН) |
Feidhm: Feidhm: iarCheann Phoblacht Altai Dáta breithe: 3.4.1972 Áit bhreithe: Glushinka, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Oleg Khorokhordin ina iarCheann ar Altai, poblacht de chuid Chónaidhm na Rúise. Ina cháil mar Cheann Phoblacht Altai, ghlac sé páirt in iarrachtaí slógaidh rialtas na Rúise chun saighdiúirí a earcú dá cogadh foghach ar an Úcráin. D’ordaigh sé athruithe reachtacha chun tacaíocht a thabhairt do shaighdiúirí Rúiseacha agus a dteaghlaigh. Ina theannta sin rinne sé trealamh míleata arna sholáthar ag Poblacht Altai a sheachadadh go pearsanta chuig saighdiúirí a imscaradh sa chogadh foghach ar an Úcráin. Tá ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus gníomhaíochtaí fhórsaí armtha na Rúise san Úcráin cosanta aige go leanúnach agus d’eisigh sé boinn do shaighdiúirí. Faoina cheannaireacht, gheall Poblacht Altai páirt a ghlacadh in athchóiriú na Rúise ar chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, athchóiriú darb aidhm na gcríoch sin a lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tacaíonn Oleg Khorokhordin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
18.12.2023 |
|
1648. |
Igor Vladimirovich KRYLOV (Игорь Владимирович КРЫЛОВ) |
Feidhm: Ard-Stiúrthóir na Cuideachta Comhstoic “State Scientific and Production Enterprise ‘Region’”’ Dáta breithe: 22.7.1960 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is Ard-Stiúrthóir é Igor Krylov ar JSC “State Scientific and Production Enterprise ‘Region’”, ar príomhfhorbróir agus soláthróir buamaí treoraithe de chuid na Rúise é don eitlíocht túslíne. Táirgeann JSC Region innill cabhlaigh agus eitlíochta agus armálacha cabhlaigh agus eitlíochta, chomh maith le córais fhrithbheart mianach d'Aireacht Cosanta na Rúise. Thairis sin, is fochuideachta é JSC “State Scientific and Production Enterprise ‘Region’” de chuid JSC “Tactical Missile Armament Corporation”, a rannchuidíonn go mór le cumas míleata agus cosanta na Rúise. Dá bhrí sin, tá Igor Krylov, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar JSC “State Scientific and Production Enterprise ‘Region’”, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá sé ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an rialtas sin. |
23.2.2024 |
|
1664. |
Artem Vladimirovich ZHOGA ar a dtugtar freisin Artyom Vladimirovich ZHOGA (Артём Владимирович ЖОГА) |
Feidhm: Cathaoirleach ar “Daon-Chomhairle Dhaon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di; Toscaire Lánchumhachtach Uachtaránachta chuig Ceantar Cónaidhme na hÚraile Iarcheannasaí Sparta Battalion Dáta breithe: 18.1.1975 Áit bhreithe: Shirokiy, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Artem Zhoga ina Chathaoirleach ar “Daon-Chomhairle Dhaon-Phoblacht Donetsk”, mar a ghairtear di, ón 20 Meán Fómhair 2023 agus ina Toscaire Lánchumhachtach Uachtaránachta chuig Ceantar Cónaidhme na hÚraile ón 2 Deireadh Fómhair 2024. Ó mhí na Bealtaine 2022 go mí na Nollag 2023 bhí sé ina Cheannasaí ar Sparta Battalion, grúpa scarúnaíoch armtha a thacaigh go gníomhach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh. Agus é ag glacadh na gcáileanna sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
23.2.2024 |
|
1667. |
Alexey Gennadyevich DYUMIN (Алексей Геннадьевич ДЮМИН) |
Feidhm: Sainchabhróir chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise maidir leis an gcoimpléasc míleata-tionsclaíoch Comhalta de Chomhairle Slándála na Rúise Gobharnóir Réigiún Tula Dáta breithe: 28.8.1972 Áit bhreithe: Kursk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Alexey Dyumin ina Shainchabhróir chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise ón 14 Bealtaine 2024 i leith, agus ina chomhalta de Chomhairle Slándála na Rúise ón 30 Meán Fómhair 2024 i leith. Ina ról mar Shainchabhróir, déanann sé maoirseacht ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcoimpléasc míleata-tionsclaíoch, áirithíonn sé gníomhaíochtaí na Comhairle Stáit, agus forbairt spóirt. Bhí sé ina Ghobharnóir ar Réigiún Tula 2016-2024. Ba é a bhí i gceannas ar Fhórsaí Oibríochtaí Speisialta míleata na Rúise roimhe sin, agus rinne sé maoirseacht ar ionghabháil na Crimé in 2014. I gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, rinne sé maoirseacht go pearsanta ar shlógadh saighdiúirí i Réigiún Tula, bhí baint aige le scoil oiliúna ladrainn a chur ar bun d’oibrithe atá ag tabhairt faoi mhisin san Úcráin, agus chuir sé bearta tacaíochta i bhfeidhm chun aerárthaí gan foireann a tháirgeadh sa tionscal cosanta i Réigiún Tula. Bhí sé freagrach as an bhfreagairt armtha ar an ionsaí i gcríoch Kursk a chomhordú i mí Lúnasa 2024. Agus é ag glacadh na gcáileanna sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
23.2.2024 |
|
1676. |
Grigory Alexandrovich GUROV (Григорий Александрович ГУРОВ) |
Feidhm: Ceann na Gníomhaireachta Cónaidhme um Ghnóthaí Óige (Rosmolodezh); iarChathaoirleach ar Bhord “All-Russian public-state movement of children and youth ‘Movement of the First’” Dáta breithe: 31.10.1985 Áit bhreithe: Stavropol, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Grigory Gurov ina Cheann ar an nGníomhaireacht Chónaidhme um Ghnóthaí Óige (Rosmolodezh) ón 14 Meán Fómhair 2024 i leith. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord “Movement of the First”, eagraíocht óige faoi stiúir an stáit sa Rúis, go dtí 2024. Cruthaíodh an eagraíocht ar thionscnamh ón Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin chun gníomhaíochtaí oideachais a sholáthar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí de chineál míleataithe, do leanaí idir 6 bliana agus 18 mbliana d’aois, bunaithe ar “spriocanna traidisiúnta spioradálta agus morálta na Rúise”. Le linn a théarma oifige, bhí cruinnithe ag na leanaí, ar baill den ghluaiseacht iad, leis na saighdiúirí a throid i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, sheol siad cártaí agus litreacha tacaíochta chucu agus d’ullmhaigh siad trealamh lena n-úsáid ar an láthair chatha, agus d’fhoghlaim siad conas ladrainn a láimhseáil. Ina theannta sin, d’eagraigh an ghluaisteacht cluichí cogaíochta, a dhéanann cásanna a thiteann amach i gcathanna a athchruthú agus a ionsamhlú. Tugadh faoi na gníomhaíochtaí sin i réigiúin uile na Rúise agus sa Chrimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach: Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia. Dá réir sin, trína cláir éagsúla cuireann an Ghluaiseacht oideachas ar leanaí na hÚcráine, lena n-áirítear leanaí a díbríodh go neamhdhleathach chun na Rúise. Agus é ag glacadh na gcáileanna sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
23.2.2024 |
|
1738. |
Kang Sun NAM |
Feidhm: iarAire Cosanta Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré Áit bhreithe: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré Inscne: fireann |
Is é Kang Sun Nam iarAire Cosanta Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC). Sa phost sin, rinne sé maoirseacht ar fhorbairt chlár diúracán balaistíoch neamhdhleathach Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus bhí baint dhíreach aige leis an gcomhar míleata idir Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus Cónaidhm na Rúise, a raibh mar thoradh air gur sholáthair Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré armlón don Rúis chun leanúint dá cogadh foghach ar an Úcráin. Tá diúracáin bhalaistíocha arna ndearadh, arna bhforbairt agus arna dtáirgeadh ag an gCoiré Thuaidh á n-úsáid ag Fórsaí Armtha na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Thacaigh Kang Sun Nam go poiblí le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus thug sé bonn cirt leis. Tá sé, dá bhrí sin, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
23.2.2024 |
|
1758. |
Alexander Alexeyevich MOISEYEV (Александр Алексеевич МОИСЕЕВ) |
Feidhm: Aimiréil; Ardcheannasaí ar Chabhlach na Rúise Dáta breithe: 16.4.1962 Áit bhreithe: Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é an tAimiréal Alexander Moiseyev Ardcheannasaí Chabhlach na Rúise ón 2 Aibreán 2024 i leith. Mar sin, tá sé freagrach as aon oibríocht mhuirí de chuid chabhlach na Rúise, lena n-áirítear i gcoinne na hÚcráine. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
24.6.2024 |
|
1778. |
Valery Alexandrovich GABRIEL (Валерий Александрович ГАБРИЭЛЬ) |
Feidhm: scairshealbhóir comh-urlámhais de Volga Dnepr Group Dáta breithe: 1.3.1956 nó 3.1.1956 Áit bhreithe: Starobelsk, réigiún Luhansk, APSS (an Úcráin anois) Náisiúntacht: Rúiseach, Gearmánach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 732808701175 Pasuimhreacha: 7314052448, 7303853921, 719078124 |
Tá Valery Gabriel ar cheann de scairshealbhóirí comh-urlámhais (le scair 25 %) Volga Dnepr Group, cuideachta ceannródaíoch sealbhaíochta aeriompróra Rúiseach, a dhéanann sainchúram d’iompar lasta trom trí chairteacha intíre agus idirnáisiúnta agus trí oibríochtaí sceidealta. Tá ról ríthábhachtach ag Volga Dnepr Group ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin maidir le freastal ar choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Rúise agus seirbhísí aeriompair a sholáthar chun críocha míleata na Rúise. Is é Volga Dnepr Group máthairchuideachta Volga Dnepr Airlines LLC freisin. Tá cabhlach Volga Dnepr Group comhdhéanta de 12 eitleán de chineál Antonov An-124, cúig Boeing 747-8F agus cúig IL-76TD-90VD (IV). Tá aer-oibríochtaí suntasacha ag Volga Dnepr Airlines LLC agus cuireann sé seirbhísí iompair ar fáil in earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo do rialtas na Rúise, trí threalamh leictreonach, TF agus cumarsáide atá ábhartha d’iarrachtaí na Rúise sa chogadh foghach ar an Úcráin a allmhairiú ó thríú tíortha. Mar gheall ar an ról ríthábhachtach atá aige maidir le tacú le Cónaidhm na Rúise, fuair Volga Dnepr Group fóirdheontais tacaíochta ó rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, tá Valery Gabriel ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. |
24.6.2024 |
|
1782. |
Vildan Khanifovich ZINUROV (Вильдан Ханифович ЗИНУРОВ) ar a dtugtar freisin Vildan Khanifovich ZINNUROV ar a dtugtar freisin Вильдан Ханифович ЗИHНУРОВ |
Feidhm: scairshealbhóir comh-urlámhais de Volga Dnepr Group Dáta breithe: 30.1.1964 Áit bhreithe: ceantar Pokhvistnevsky, réigiún Samara, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 732500186500 Pasuimhreacha: 7308664347, 7303853009 |
Tá Vildan Zinurov ar cheann de scairshealbhóirí comh-urlámhais (le scair 25 %) Volga Dnepr Group, cuideachta ceannródaíoch sealbhaíochta aeriompróra Rúiseach, a dhéanann sainchúram d’iompar lasta trom trí chairteacha intíre agus idirnáisiúnta agus trí oibríochtaí sceidealta. Tá ról ríthábhachtach ag Volga Dnepr Group ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin maidir le freastal ar choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Rúise agus seirbhísí aeriompair a sholáthar chun críocha míleata na Rúise. Is é Volga Dnepr Group máthairchuideachta Volga Dnepr Airlines LLC freisin. Tá cabhlach Volga Dnepr Group comhdhéanta de 12 eitleán de chineál Antonov An 124, cúig Boeing 747-8F agus cúig IL-76TD-90VD (IV). Tá aer-oibríochtaí suntasacha ag Volga Dnepr Airlines LLC agus cuireann sé seirbhísí iompair ar fáil in earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo do rialtas na Rúise, trí threalamh leictreonach, TF agus cumarsáide atá ábhartha d’iarrachtaí na Rúise sa chogadh foghach ar an Úcráin a allmhairiú ó thríú tíortha. Mar gheall ar an ról ríthábhachtach atá aige maidir le tacú le Cónaidhm na Rúise, fuair Volga Dnepr Group fóirdheontais tacaíochta ó rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, tá Vildan Zinurov ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. |
24.6.2024 |
|
1807. |
Roman Viktorovich TROTSENKO (Роман Викторович ТРОЦЕНКО) |
Feidhm: Fiontraí Rúiseach; comhairleoir d’Uachtarán na cuideachta Stáit Rosneft Igor Sechin; bunaitheoir agus comhúinéir na cuideachta infheistíochta AEON Corporation; Stiúrthóir Geopromining Investment (CYP) Limited Náisiúntacht: Rúiseach Dáta breithe: 9.12.1970 Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Inscne: fireann Uimhir aitheantais chánach: 771500884353/ 771500884353 |
Is príomhphearsa ghnó é Roman Trotsenko atá ag feidhmiú sa Rúis a bhfuil leasanna gnó aige i gcuideachtaí amhiarainn agus cruaiche, guail, bonneagair agus fuinnimh, agus a meastar a bheith ar dhuine de na daoine is saibhre sa Rúis. Is scairshealbhóir tábhachtach in AEON Corporation agus Vorkutagol JSC é, a oibríonn in earnála eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise. Ina theannta sin, trína scairsheilbh i gcuideachtaí eile, is scairshealbhóir indíreach tábhachtach é den Ghrúpa Russian Energy LLC. Dá bhrí sin, is príomhphearsa ghnó é Roman Trotsenko a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis. Ina theannta sin, i bhfianaise a rannpháirtíochta in earnálacha eacnamaíocha mar shampla amhiarann agus cruach, gual agus fuinneamh, tá sé rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise. |
24.6.2024 |
|
1808. |
Polina Sergeevna GAGARINA (Полина Сергеевна ГАГАРИНА) |
Feidhm: amhránaí, aisteoir, scríbhneoir amhrán, mainicín Dáta breithe: 27.3.1987 Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: baineann Uimhir aitheantais chánach: 770701954175, 311774631801199 |
Is amhránaí, aisteoir, scríbhneoir amhrán agus mainicín Rúiseach í Polina Gagarina. Bíonn Polina Gagarina ar stáitse go rialta faoi chuimsiú imeachtaí bolscaireachta an Stáit mar shampla chun ionghabháil neamhdhleathach ceithre réigiún san Úcráin nó comóradh ionghabháil na Crimé a cheiliúradh. Dá bhrí sin, tacaíonn sí le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
24.6.2024 |
|
1824. |
Mikhail Rudolfovich KONTSEREV (Михаил Рудольфович КОНЦЕРЕВ) |
Feidhm: Ard-Stiúrthóir PJSC TransContainer Dáta breithe: 11.6.1970 Áit bhreithe: Leningrad, APSS (Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Chánach: I781400896256 |
Is é Mikhail Kontserev Ard-Stiúrthóir Cuideachta Comhstoic Poiblí (PJSC) TransContainer. Is cuideachta iompair Rúiseach é PJSC TransContainer, an t-oibreoir coimeádán iarnróid is mó sa Rúis, earnáil eacnamaíoch atá ag fás go leantach sa Rúis. Tá méadú tagtha ar ioncam PJSC TransContainer ó 2023. Dá bhrí sin, mar Ard Stiúrthóir, tá Mikhail Kontserev bainteach leis an earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise. Cuireann PJSC Transcontainer a seirbhísí ar fáil ag críochfort nua Chrios Eacnamaíoch Speisialta Alabuga. Tá crios eacnamaíoch speisialta Alabuga ag comhoibriú le hAireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine chun áit tháirgeadh mhuinisean síománaíochta Shahed a aimsiú (tugtar “Geran” ar an leagan Rúiseach). Ina theannta sin, tacaíonn PJSC TransContainer le scéimeanna trádála arm neamhdhleathach le Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC). Dá bhrí sin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir PJSC TransContainer, tá Mikhail Kontserev ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
24.6.2024 |
|
1901. |
SHIN Geum Cheol Cóiréis:신금철 Rúisis: СИН Гым Чхоль ar a dtugtar freisin SIM, Kum-Chol |
Feidhm: Ceann Phríomh-Stiúrthóireacht Oibríochtúil Fhoireann Ghinearálta Arm Pobail na Cóiré, Maor-Ghinearál Náisiúntacht: An Chóiré Thuaidh Inscne: fireann |
Tá Shin Geum Cheol ina Cheann ar Phríomh-Stiúrthóireacht Oibríochtúil Fhoireann Ghinearálta Dhaon-Arm na Cóiré, Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré. Is oifigeach míleata ardleibhéil é a dhéanann maoirseacht ar stiúradh praiticiúil na n-oibríochtaí, mar shampla comhordú míleata. Tá sé de chúram air teaicticí cogaíochta Rúiseacha agus teaicticí cogaíochta nua-aimseartha, ar nós oibríochtaí ladrann, teaicticí airtléire agus teicneolaíochtaí cogaíochta leictreonaí, a scaipeadh ar arm na Cóiré Thuaidh. Tá arm na Cóiré Thuaidh páirteach in oibríochtaí míleata sa Rúis agus san Úcráin. Dá bhrí sin, tá Shin Geum Cheol freagrach as tacú le gníomhaíochtaí, agus as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn de neamhspleáchas na hÚcráine. |
24.2.2025 |
|
1917. |
Nshan Sergeevich GALUSTYAN Russian: Ншан Сергеевич Галустян ar a dtugtar freisin Mikhail Sergeevich GALUSTYAN ar a dtugtar freisin Михаил Сергеевич ГАЛУСТЯН |
Dáta breithe: 25.10.1979 Áit bhreithe: Sochi, Críoch Krasnodar, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Chánach: 232003782530 |
Is bolscaire Rúiseach é Nshan Galustyan, is é uachtarán Chónaidhm na gCluichí Míleata agus Oirbheartaíochta é agus is comhalta é den bhainistíocht ar an eagraíocht pharaimíleata Rúiseach dá ngairtear “All-Russian children’s and youth military-patriotic movement ‘Yunarmiya’”, eagraíocht atá faoi réir bearta sriantacha an Aontais . Is fada é ina thacaí le Uachtarán Vladimir Putin agus lena chuid beartas agus tá leas á bhaint aige ar an tóir atá air chun teachtaireachtaí agus insintí bholscaireacht na Creimile a scaipeadh. Is comhalta bainistíochta de Yunarmiya é Nshan Galustyan, eagraíocht a oibríonn brainsí réigiúnacha atá lonnaithe i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach shealadach. Ina theannta sin eagraíonn sí ócáidí tiomsaithe airgid agus gníomhaíochtaí chun tacú le comhraiceoirí atá rannpháirteach i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tacaíonn Yunarmiya agus a chomhaltaí le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus scaipeann siad bolscaireacht na Rúise maidir leis an gcogadh. Baineann Yunarmiya úsáid as an tsiombail mhíleata “Z” go poiblí, ar siombail í atá in úsáid i mbolscaireacht na Rúise chun cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a chur chun cinn. Thairis sin, tá Nshan Galustyan freagrach go díreach as gníomhaíochtaí na heagraíochta sin a chuireann an míleatachas chun cinn i measc óige na Rúise. Tacaíonn sé le láthair oiliúna a chruthú lena húsáid le haghaidh cluichí oirbheartaíochta míleata agus chun oiliúint a chur ar shaorálaithe le haghaidh “oibríocht mhíleata speisialta” arna déanamh ag comhraiceoirí a ghlac páirt sa chogadh ar an Úcráin. Tá sé ag tacú, dá bhrí sin, le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
24.2.2025’; |
Eintitis
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
||||||||||||||||||||||||||||
|
‘53. |
Banc Rossiya (Банк “Россия”) |
An 27.6.1990 a bunaíodh é Seoladh: Pl Rastrelli 2 Liter A Cathair Pheadair, 191124 Cónaidhm na Rúise Suíomh gréasáin: Abr.ru Daoine aonair comhlachaithe: Yuriy Kovalchuk (an scairshealbhóir is mó) ríomhphost: bank@abr.ru Uimhir cheadúnais: 328 INN: 7831000122 OGRN: 1027800000084 |
Is é Bank Rossiya banc pearsanta oifigigh shinsearacha Chónaidhm na Rúise. Sa cháil sin, tacaíonn Bank Rossiya le cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú oirthear na hÚcráine agus baineann sé tairbhe astu. Tá bunanna tábhachtacha ag Bank Rossiya sa National Media Group, a rialaíonn, ar a sheal, stáisiúin teilifíse a thacaíonn go gníomhach le beartais rialtas na Rúise chun an Úcráin a dhíchobhsú. Ó ionghabhadh an Chrimé go neamhdhleathach, tá brainsí oscailte ag Bank Rossiya ar fud na Crimé agus Sevastopol. Chuir Bank Rossiya iasacht ar fáil freisin do Federal State Unitary Enterprise “Crimea Railway” agus tacaíonn sé le tógáil an iarnróid ar dhroichead na Crimé. Dá bhrí sin, tugann Bank Rossiya tacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine agus ar bagairtí iad ar an méid sin. Baint aige le Yuriy Valentinovich Kovalchuk, an scairshealbhóir is mó in Bank Rossiya. |
23.2.2022 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
62. |
PJSC United Aircraft Corporation (Rúisis: ПАО Объединённая авиастроительная корпорация) |
Seoladh: Bolshaya Pionerskaya 1, Moscó, 115054, Cónaidhm na Rúise Teileafón: + 7 (495) 926-1421 Suíomh gréasáin: https://www.uacrussia.ru/ https://uacrussia.ru/ru/ ríomhphost: office@uacrussia.ru, hello@uacrussia.ru Uimhir aitheantais chánach: 7708619320 Uimhir chlárúcháin stáit: 1067759884598 |
Is monaróir Rúiseach aerárthaí sibhialta agus míleata é United Aircraft Corporation. In éineacht lena chuideachtaí cleamhnaithe, rialaíonn sé 100 % de tháirgeadh aerárthaí míleata na Rúise. Bhain an Rúis úsáid as na haerárthaí troda a tháirg United Aircraft Corporation le linn ionradh mídhleathach na hÚcráine in 2022. Dá bhrí sin, tá United Aircraft Corporation freagrach as a bheith ag tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
15.3.2022 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
70. |
JSC UEC Klimov (АО “ОДК-Климов”) |
Seoladh: 11, Kantemirovskaya st., Cathair Pheadair 194100, Cónaidhm na Rúise Teileafón: + 7 (812) 454 71 00 Facs: + 7 (812) 647 00 29 Suíomh gréasáin: https://www.klimov.ru/en ríomhphost: klimov@klimov.ru Máthairchuideachta: Rostec Uimhir aitheantais chánach: 7802375335 Uimhir chlárúcháin stáit: 1069847546383 |
Is dearthóir agus táirgeoir ceannródaíoch Rúiseach é JSC UEC Klimov a dhéanann innill gástuirbíní le haghaidh aerárthaí míleata agus sibhialta. Is cuid de United Engine Corporation é. Déanann sé innill a shuiteáiltear i héileacaptair Ka-52 a d’úsáid an Rúis le linn an fhogha míleata gan chúis faoin Úcráin in 2022, lena n-áirítear le linn chath Hostomel. Dá bhrí sin, tá JSC UEC Klimov freagrach as a bheith ag tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
8.4.2022 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
79. |
Otkritie FC Bank (ar a dtugtaí NOMOS Bank tráth) |
Cineál eintitis: cuideachta comhstoic phoiblí Seoladh: D. 2, str. 4, ul. Letnikovskaya, 115114, Moscow, Cónaidhm na Rúise Suíomh gréasáin: https://www.open.ru/ Teileafón: + 7 (495) 224-44-00 Dáta clárúcháin: 15.12.1999 Uimhir chlárúcháin: 1027739019208 Uimhir aitheantais chánach: 7706092528 SWIFT BIC: JSNMRUMM |
Tá Otkritie FC Bank, ar a dtugtaí NOMOS Bank tráth, ar cheann de na 10 mbanc is mó sa Rúis agus is institiúid airgeadais é atá tábhachtach go sistéamach do rialtas Chónaidhm na Rúise. Is é Banc Ceannais na Rúise príomhinfheisteoir Otkritie Bank, a bhfuil 99-100 % de na scaireanna ina sheilbh aige. Mar cheann de na hinstitiúidí airgeadais is mó atá faoi úinéireacht stáit na Rúise, gineann Otkritie Bank ioncam ard do Bhanc Ceannais na Rúise agus do rialtas Chónaidhm na Rúise. Is eintiteas nó comhlacht é Otkritie Bank dá bhrí sin a thacaíonn, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe as an méid sin, chomh maith le duine dlíthiúil, eintiteas nó comhlacht a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
8.4.2022 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
80. |
Novikombank Новикомбанк |
Cineál eintitis: banc tráchtála comhstoic Seoladh: Bld.1, Polyanka Bolshaya str. 50/1, Moscow, 119180, Cónaidhm na Rúise Áit chlárúcháin: Moscó, Cónaidhm na Rúise Uimhir Chlárúcháin: 1027739075891 |
Is fochuideachta é Novikombank de Rostec (Russian Technologies State Corporation), ar mór-ilchuideachtaí cosanta faoi úinéireacht stát na Rúise é. Tá ról suntasach ag Novikombank i gcur chun feidhme na gclár rialtais Rúiseach atá dírithe ar thionscail ardteicneolaíochta a fhorbairt sa Rúis trí mhaoiniú a chur ar fáil do thionscadail phríomhúla mhíleata agus shibhialtacha. Déanann Novikombank gnó in earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo do rialtas Chónaidhm na Rúise, go háirithe san earnáil chosanta. Is eintiteas nó comhlacht é Novikombank dá bhrí sin a thacaíonn, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe as an méid sin, chomh maith le duine dlíthiúil, eintiteas nó comhlacht a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. I mí an Mheithimh 2022, dhearbhaigh Stiúrthóir an Bhainc go raibh an banc réidh chun tús a chur lena ghníomhaíochtaí sa Chrimé. Ina theannta sin, maoiníonn Novikombank go gníomhach cuideachtaí atá ag obair chun earraí a toirmeasctar a onnmhairiú chuig an Rúis a athsholáthar, go háirithe san aerloingseoireacht agus san armálacha. I mí Lúnasa 2022, ghlac Novikombank páirt i bhfóram ARMY 2022 (a thugann cuideachtaí le chéile ón gcoimpléasc tionsclaíoch míleata) agus shínigh sé comhaontuithe maoiniúcháin le haghaidh RUB 190 billiún (thart ar EUR 3 bhilliún). |
8.4.2022 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
82. |
VTB Bank ВТБ/Внешторгбанк |
An cineál eintitis: cuideachta comhstoic phoiblí Seoladh: Vorontsovskaya Str., 43, Moscow, 109044, Cónaidhm na Rúise Áit chlárúcháin: Degtyarnyy Pereulok, 11a, Cathair Pheadair, 191144, Cónaidhm na Rúise Dáta clárúcháin: 17.10.1990 Uimhir chlárúcháin: 1027739609391 Daoine aonair comhlachaithe: Andrei Leonidovich Kostin (Uachtarán agus Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta) |
Is institiúid airgeadais é an VTB Bank a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint léi do rialtas Chónaidhm na Rúise, agus mar gheall air sin is mórscairshealbhóir é de chuid VTB Bank. Tá dlúthnaisc ag an mbanc féin le Seirbhísí faisnéise na Rúise agus cheap Uachtarán Vladimir Putin a Phríomhfheidhmeannach, agus tá a chuid gníomhaíochtaí cosanta aige lena n-áirítear ionghabháil leithinis na Crimé. Mar cheann de phríomhinstitiúidí airgeadais na Rúise, atá faoi úinéireacht rialtas Chónaidhm na Rúise den chuid is mó, gineann VTB ina theannta sin ioncam ard do rialtas Chónaidhm na Rúise. I mí an Mheithimh 2022, chuir VTB in iúl go raibh sé ar intinn aige a iar-fhochuideachta RNCB Bank (an príomhbhainc sa Chrimé ag a bhfuil 70 % de chustaiméirí ar an leithinis), banc a ndearnadh náisiúnú air tar éis smachtbhannaí 2014, a aisghabháil. I mí Dheireadh Fómhair 2022, shínigh an tUachtarán Vladimir Putin dlí lenar údaraíodh don rialtas 100 % de scaireanna RNCB a aistriú chuig VTB. I mí na Samhna 2022, d’fhógair Ard-Stiúrthóir VTB gur críochnaíodh aistriú RNBC chuig VTB sa chéad ráithe de 2023. Dá bhrí sin, bheadh VTB mar phríomhbhanc sa Chrimé. Is eintiteas nó comhlacht é VTB Bank dá bhrí sin a thacaíonn, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe as an méid sin, chomh maith le duine dlíthiúil, eintiteas nó comhlacht a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
8.4.2022 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
113. |
OJSC V.A. Degtyarev Plant (Rúisis: ОАО “Завод имени В.А. Дегтярева”) ar a dtugtar freisin Degtyarev Plant (Rúisis: “Завод имени Дегтярева”) ar a dtugtar freisin ZiD (Rúisis: “ЗиД”) |
Seoladh: 4 Truda st., Kovrov 601900 réigiún Vladimir, Cónaidhm na Rúise Teileafón: + 8 (49232) 9-12-09 Suíomh gréasáin: www.zid.ru ríomhphost: zid@zid.ru |
Cuideachta cosanta a sholáthraíonn armáin d’Fhorsaí Armtha na Rúise. Mhonaraigh sé diúracáin Igla MANPADS, 9M119M “Refleks” agus 9M120 “Ataka” agus teilgeoirí diúracán 3UBK20 a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Leanann an chuideachta d’armáin le haghaidh an cogadh a thairgeadh mar léiríodh óna rannpháirtíocht i bhfóram ARMY 2022 i mí Lúnasa 2022 agus na foilseacháin a foilsíodh le déanaí ar a suíomh gréasáin. Dá bhrí sin, tá Degtyarev Plant freagrach as tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
6.10.2022 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
115. |
JSC Irkut Corporation (Rúisis: Корпорация “ИРКУТ”) |
Seoladh: Leningradskiy Prospect 68, Moscow, 125315, Cónaidhm na Rúise Teileafón: + 7 (495) 777-21-01 Suíomh gréasáin: www.irkut.com ríomhphost: office@irkut.com Daoine aonair comhlachaithe: Yuri Slyusar, CEO PJSC “UAC” |
Monaróir aerárthaí Rúiseach a sholáthraíonn aerárthaí troda d’Fhórsaí Armtha na Rúise. Mhonaraigh sé an t-aerárthach troda Su-30SM sár-ainlithe a d’úsáid Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá sé rannpháirteach freisin i bhforbairt agus nuachóiriú aerárthaí míleata na Rúise. Dá bhrí sin, tá Irkut Corporation freagrach as tacú, go hábharach nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí lenar baineadh an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
6.10.2022 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
168. |
JSC “Zavolzhsky plant of crawler vehicle Plant” (“ZZGT”) (Rúisis: ЗАО “Заволжский завод гусеничных тягачей” (ЗЗГТ)) ar a dtugtar freisin JSC “Zavolzhsky plant of caterpillar tractors” |
Seoladh: 606522, réigiún Nizhny Novgorod, ceantar Gorodetsky, Zavolzhye, Zheleznodorozhnaya str., 1, Cónaidhm na Rúise Uimhir Chlárúcháin: 1115248002110 Uimhir aitheantais chánach: 5248031980 Suíomh gréasáin: https://zzgt.ru/ Teileafón: + 7 (831) 612-14-00 An cineál eintitis: cuideachta comhstoic Dáta clárúcháin: 26.9.2011 Áit chlárúcháin: Réigiún Nizhny Novgorod, Cónaidhm na Rúise Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise |
Is fiontar tógála meaisíní Rúiseach é JSC “Zavolzhsky plant of caterpillar tractors”, a tháirgeann agus a sholáthraíonn feithiclí uile-thír-raoin a bhfuil crios boinn GAZ-3344-20 orthu. Soláthraíonn JSC “Zavolzhsky plant of caterpillar tractors” feithiclí GAZ-3344-20, a mbaintear úsáid astu sa chogadh foghach ar an Úcráin, d’Fhórsaí Armtha na Rúise. Dá bhrí sin, tá JSC “Zavolzhsky plant of caterpillar tractors” freagrach as tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
16.12.2022 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
177. |
Avrora JSC (ar a dtugtar freisin Avrora; ar a dtugtar freisin Aurora; ar a dtugtar freisin Concern Avrora Scientific and Production Association Joint Stock Company; ar a dtugtar freisin AO “Kontsern” NPO “Avrora”) (Rúisis: Акционерное Общество “Концерн” Научно-Производственное Объединение “Аврора”) |
Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (194021, Cathair Pheadair, ul. Karbysheva, 15) Dáta clárúcháin: 27.2.2009 Uimhir chlárúcháin: 7802463197 (uimhir aitheantais chánach) Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise |
Is fiontar tosaigh Avrora JSC in earnáil cosanta muirí na Rúise. Tá ceadúnas gníomhach ag Avrora JSC ó Russian Ministry of Industry and Trade chun airm agus trealamh míleata a fhorbairt, chomh maith le ceadúnas ón State Atomic Energy Corporation (Rosatom) chun “obair a dhéanamh ar úsáid fuinnimh adamhach chun críoch cosanta, lena n-áirítear forbairt arm núicléach agus stáisiúin cumhachta núicléiche chun críocha míleata”. Aithnítear Avrora JSC go forleathan as a chuid gníomhaíochtaí i réimsí na forbartha, táirgeadh, agus soláthar córas rialaithe uathoibrithe do longa dromchla agus do Chabhlach Chónaidhm na Rúise. Go sonrach, déanann Avrora JSC córais rialaithe uathoibrithe ar bord crua-earraí le haghaidh fomhuirí agus longa dromchla cabhlaigh d’fhórsaí armtha na Rúise a fhorbairt, a mhonarú, a sholáthar agus déanann sé cothabháil bharántas agus seirbhísiú a áirithiú orthu. Dá bhrí sin, tá Avrora JSC ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise agus tá tairbhe á fháil aige ón rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
178. |
Battery Company Rigel JSC (ar a dtugtar freisin Rigel; ar dtugtar freisin Joint Stock Company Battery Company “Rigel”) (Rúisis: Акционерное Общество Аккумуляторная Компания “Ригель”) |
Áit chlárúcháin: Professora Popova st., 38, Cathair Pheadair 197376, an Rúis Dáta clárúcháin: 28.10.2002 Uimhir Chlárúcháin: 9728042468 (uimhir aitheantais chánach) Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise |
Is é atá in Battery Company Rigel JSC monaróir cadhnraí hidríde miotail nicile agus airgid-sinc agus tá sé ina sholáthraí do chabhlach na Rúise ar feadh breis agus 15 bliana. Déanann an chuideachta cur síos air féin mar “forbróir tosaigh cadhnraí litiam-ian agus cadhnraí le haghaidh córais chumhachta uathrialaitheacha agus dobhriste, cumarsáide, iompair, agus trealamh eile” agus soláthraíonn sé timthriall iomlán forbartha, táirgthe agus soláthair cadhnraí litiam do chabhlach na Rúise agus d’Aireacht Chosanta na Rúise. Dá bhrí sin, tá Battery Company Rigel JSC ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise agus tá tairbhe á fháil aige ón rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
180. |
Dubnensky Machine-Building Plant JSC (ar a dtugtar freisin Dubna Machine-Building Plant; ar a dtugtar freisin Dubninsky machine-building plant; ar a dtugtar freisin Dubna Engineering Plant; ar a dtugtar freisin Joint-stock company “Dubnensky machine-building plant” named after N.P. Fedorov; ar a dtugtar freisin Aktsionernoye obshchestvo “Dubnenskiy mashinostroitel’nyy zavod” imeni N.P. Fodorova) (Rúisis: Акционерное общество “Дубненский машиностроительный завод” имени Н.П.Фёдорова; ar a dtugtar freisin Дубненский машиностроительный завод; ar a dtugtar freisin АО ДМЗ ИМ. Н.П. ФЕДОРОВА) |
Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (141983, Réigiún Mhoscó, Dubna, Zhukovsky Sráid 2, foirgneamh 1) Dáta clárúcháin: 26.2.2004 Uimhir Chlárúcháin: 5010030050 (uimhir aitheantais chánach) Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise |
Is eintiteas é Dubnensky Machine-Building Plant JSC a chuireann go gníomhach le coimpléasc míleata tionsclaíoch na Rúise. Forbraíonn an chuideachta ladrainn taiscéalaíochta agus armtha Orion, chomh maith le ladrainn mhuirí d’fhórsaí armtha na Rúise. Bíonn diúracáin treoraithe á bhfeistiú ar na ladrainn a mhonaríonn Dubnensky Machine-Building Plant JSC. Déanann fórsaí armtha na Rúise na ladrainn sin a imscaradh le linn a cogadh foghach ar an Úcráin. Idir mí Feabhra agus mí Aibreáin 2022 deimhníodh gur maraíodh seisear san Úcráin trí úsáid a bhaint as ladrainn Rúiseacha Orion, a mhonaraigh Dubnensky Machine-Building Plant JSC. Dá bhrí sin, tá Dubnensky Machine-Building Plant JSC ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, is eintiteas é Dubnensky Machine-Building Plant JSC atá ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise agus tá tairbhe á fháil aige ón rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
181. |
Elektropribor JSC (ar a dtugtar freisin Elektropribor; ar a dtugtar freisin State Research Center of the Russian Federation Concern CSRI Elektropribor, JSC; ar a dtugtar freisin Aktsionernoe Obshchestvo “Kontsern ‘Tsentralnyi Nauchno- Issledovatelskii Institut’‘Elektropribor’”) (Rúisis: Акционерное Общество “Концерн ‘Центральный Научно-Исследовательский Институт’‘Электроприбор’”) |
Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (197046, Cathair Pheadair, ul. Malaia Posadskaia, 30) Dáta clárúcháin: 26.2.2009 Uimhir Chlárúcháin: 7813438763 (uimhir aitheantais chánach) Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise |
Is cuideachta cheannródaíoch Elektropribor JSC i dtionscal cosanta muirí na Rúise. Forbraíonn agus monaraíonn sé córais loingseoireachta ardchruinnis, gíreascóip, uirlisí meá-mhéadrachta, agus córais leictreonacha optúla fomhuirí, chomh maith le córais chumarsáide muirí. Tá ceadúnas gníomhach ag Elektropribor JSC ó Aireacht Tionscail na Rúise chun airm, armlón agus trealamh míleata a fhorbairt. Go háirithe, táirgeann JSC Elektropribor córais loingseoireachta do longa comhraic de chuid Chabhlach Chónaidhm na Rúise. Déanann an chuideachta cur síos air féin mar seo: “ard-infhaighteacht oibríochtúil fhórsaí fomhuirí na Rúise a chinntiú”. Dá bhrí sin, tá Elektropribor JSC ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, is eintiteas é Elektropribor JSC atá ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise agus tá tairbhe á fháil aige ón rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
182. |
Morinformsystem Agat JSC (ar a dtugtar freisin Morinsis-agat; (ar a dtugtar freisin Aktsionernoe Obshchestvo Kontsern “Morinformsistema – Agat”) (Rúisis: Акционерное Общество Концерн “Моринформсистема – Агат”; ar a dtugtar freisin Моринсис — Агат) |
Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (105275, Moscó, sh. Entuziastov, 29) Dáta clárúcháin: 6.2.2006 Uimhir aitheantais chánach: 7720544208 Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise Fochuideachtaí:
|
Is cuideachta cheannródaíoch é Morinformsystem Agat JSC i dtionscal longthógála na Rúise. Tá an chuideachta ag speisialú i bhforbairt, táirgeadh agus cothabháil córas faisnéise agus rialaithe comhraic chomh maith le córais chomhtháite, córais uathoibrithe rialaithe comhtháite le haghaidh foirmíochtaí muirí, córais rialaithe teilgin diúracán mara agus diúracán balaistíoch, córais diúracán longbhunaithe agus cósta agus córais radair, agus córais sonóra. Rinneadh cur síos air mar scátheagraíocht i dtionscal longthógála na Rúise ag speisialú i réimsí na gcóras agus na dteicneolaíochtaí faisnéise, innealtóireacht an chórais i réimse an trealaimh ríomhaireachta sonraí muirí, comhoiriúnacht leictreamaighnéadach na saoráidí raidió-leictreonacha, córais díghabhsála, córais rialaithe teilgin diúracán cúrsála agus balaistíoch mara, córais faisnéise agus rialaithe comhraic agus córais bhainistíochta chomhtháite do longa dromchla agus fomhuireáin. Sa cháil sin, is eintiteas tábhachtach é Morinformsystem Agat JSC a thugann tacaíocht ábhartha d’fhorsaí chabhlach na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá Morinformsystem Agat JSC ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Anuas air sin, is eintiteas é Elektropribor JSC atá ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise agus tá tairbhe á fháil aige ón rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
183. |
Zelenodolsk Design Bureau JSC (Rúisis: AO Зеленодольский завод имени А. М. Горького) |
Áit chlárúcháin: Zelenodolsk, Republic of Tatarstan, Cónaidhm na Rúise (422540, Republic of Tatarstan, r-n Zelenodolskii, Zelenodolsk, ul. Lenina, 41A) Dáta clárúcháin: 27.5.2008 Uimhir Chlárúcháin: 1648024290 (uimhir aitheantais chánach) Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise |
Is mórchuideachta longthógála Zelenodolsk Design Bureau JSC i gcoimpléasc tionsclaíoch míleata na Rúise. Tá ar a laghad 17 long chogaidh éagsúla deartha ag Zelenodolsk Design Bureau JSC d’fhórsaí armtha na Rúise agus tá saineolas ar leith aige maidir le longa comhraic frith-fhomhuireáin, longa patróil míleata, agus longa spiaireachta a thógáil. Bhí longa cogaidh éagsúla arna ndearadh ag Zelenodolsk Design Bureau JSC, agus a feistíodh le diúracáin chúrsála Kalibr, páirteach i ruathair bhuamála ar an Úcráin le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Ina theannta sin, shínigh Zelenodolsk Design Bureau JSC conradh le fórsaí armtha na Rúise i mí Mheán Fómhair 2022 chun dhá long spiaireachta nua a dhearadh do Chabhlach Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá Zelenodolsk Design Bureau JSC ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, is eintiteas é Zelenodolsk Design Bureau JSC atá ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise agus atá ag baint tairbhe ón rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
184. |
Avtodor (ar a dtugtar freisin State Unitary Enterprise of the Donetsk People’s Republic “Avtodor”) (Rúisis: Государственное Унитарное Предприятие Донецкой Народной Республики “Автодор”) |
Áit chlárúcháin: an Úcráin (283001, Donetsk, Komsomolsky prospect, 6a) Dáta clárúcháin: 4.9.2015 Uimhir Chlárúcháin: 9303014834 (uimhir aitheantais chánach) Príomhionad gnó: an Úcráin |
Is cuideachta tógála é Avtodor ar fochuid é den “department of roads” de chuid an “Ministry of Transport” den “Donetsk People’s Republic” mar a ghairtear di. Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá bonneagar straitéiseach á athchóiriú go gníomhach ag Avtodor, mar shampla droichid agus bóithre, thar ceann fhórsaí forghabhála na Rúise. Choimisiúnaigh fórsaí forghabhála na Rúise Avtodor chun naisc bhóithre a bhunú idir réigiúin na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, chomh maith le comharthaí Rúisise a chur in ionad comharthaí bóthair Úcráinise sna ceantair faoi fhorghabháil. Tá an obair a rinne Avtodor mar chuid de straitéis níos leithne atá á saothrú ag Cónaidhm na Rúise i gcomhar leis na fórsaí forghabhála i “Daon-Phoblacht Donetsk” mar a ghairtear di chun cogadh foghach na Rúise a chur chun cinn trí thionscadail bhonneagair. Dá bhrí sin, tá Avtodor ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, is eintiteas é Avtodor a dhéanann idirbhearta leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
185. |
Nizhneangarsktransstroy (ar a dtugtar freisin OOO “NATS”) (Rúisis, Общество С Ограниченной Ответственностью “Нижнеангарсктрансстрой”; ar a dtugtar freisin ООО НАТС) |
Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (Moscó, Proezd-12 Maryina Roshcha, d. 9, str. 1) Dáta clárúcháin: 21.6.2012 Uimhir Chlárúcháin: 7717727466 (uimhir aitheantais chánach) Príomhionad gnó: an Úcráin, Cónaidhm na Rúise |
Is cuideachta tógála atá bunaithe i Moscó é Nizhneangarsktransstroy agus is speisialtóir i ndeisiú bóithre agus mórbhealaí é. Tá Nizhneangarsktransstroy coimisiúnaithe, go háirithe, ag fórsaí na Rúise a bhfuil seilbh acu ar an Úcráin chun an droichead a atógáil a nascann críoch Chónaidhm na Rúise le leithinis Chrimé na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, a ndearnadh damáiste dó an 8 Deireadh Fómhair 2022 tar éis pléasctha. Tá tábhacht straitéiseach ar leith ag baint leis an deisiú a rinne Nizhneangararsktransstroy d’iarrachtaí cogaidh na Rúise. Feidhmíonn droichead na Crimé mar chonair talún idir Cónaidhm na Rúise agus críoch na hÚcráine atá faoi fhorghabháil agus bíonn tionchar díreach ag a inrochtaineacht ar chumas na Rúise cogadh a fhearadh i ndeisceart na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá Nizhneangarsktransstroy ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, is eintiteas é Nizhneangarsktransstroy atá ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise agus atá ag baint tairbhe ón rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
187. |
Kaluga-based Instrument-Making Plant Typhoon JSC (ar a dtugtar freisin Typhoon; ar a dtugtar freisin Tyfun; ar a dtugtar freisin Research and production enterprise “Kaluga instrument-making plant ‘Tyfun’”) (Rúisis: АКЦИОНЕРНОЕ ОБЩЕСТВО НАУЧНО-ПРОИЗВОДСТВЕННОЕ ПРЕДПРИЯТИЕ “КАЛУЖСКИЙ ПРИБОРОСТРОИТЕЛЬНЫ Й ЗАВОД ‘ТАЙФУН’”; ar a dtugtar freisin АО “Тайфун”) |
Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (248600, Kaluga, Voskresenskiy per, 28) Dáta clárúcháin: 10.7.2002 Uimhir Chlárúcháin: 4026005699 (uimhir aitheantais chánach) Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise |
Is fiontar ceannródaíoch é “Typhoon” JSC i gcoimpléasc tionsclaíoch míleata na Rúise a fhorbraíonn, a mhonaraíonn agus a sholáthraíonn córais arm a úsáideann fórsaí armtha na Rúise go gníomhach sa chogadh foghach ar an Úcráin. Mar shampla, d’úsáid fórsaí armtha na Rúise córas diúracán cósta BAL-E a d’fhorbair “Typhoon” JSC d’Aireacht Chosanta na Rúise, chun diúracáin chúrsála a sheoladh i gcoinne spriocanna talún san Úcráin i réigiún Odesa i mí an Mheithimh 2022. Thairis sin, tá an córas diúracán oirbheartaíochta cósta Rubezh-ME arna fhorbairt freisin ag “Typhoon” JSC agus tá sé á úsáid ag fórsaí armtha na Rúise chun diúracáin a sheoladh ó leithinis na Crimé ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá “Typhoon” JSC ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, is eintiteas é “Typhoon” JSC atá ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise agus atá ag baint tairbhe ón rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
193. |
Patriot Media Group (Rúisis: Медиагруппа “Патриот”) |
Seoladh: 197374, Cathair Pheadair, Prospect Primorsky, 78, building 1, Cónaidhm na Rúise Teileafón: + 7 (981) 722 50 09 Suíomh gréasáin: https://mediapatriot.ru Ríomhphost: media@mediapatriot.ru Daoine aonair comhlachaithe:
Eintitis chomhlachaithe: Is iad seo a leanas, inter alia, atá sa Patriot Media Group:
|
Is eagraíocht meán de chuid na Rúise í Patriot Media Group a raibh Yevgeny Prigozhin i gceannas ar a Bord Iontaobhaithe. Scaipeann sí bolscaireacht ar son an Rialtais agus bréagaisnéis maidir le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Sainmhíníonn Patriot Media Group an cogadh atá ar siúl faoi láthair mar “tailte na Rúise a fháil ar ais ó nua-Naitsithe san Úcráin” agus maíonn sé go bhfuil sé ar intinn ag ECAT ionsaí a dhéanamh gan mhoill ar Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá Patriot Media Group ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí agus le bearta ábhartha lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
198. |
Alfa-Bank JSC (Rúisis: Альфа-Банк) |
Seoladh teagmhála: 11 Mashi Poryvayevoy str. Moscó, 107078, Cónaidhm na Rúise An cineál eintitis: cuideachta comhstoic Áit chlárúcháin: 27 Kalanchevskaya str. Moscó, 107078, Cónaidhm na Rúise Dáta clárúcháin: 26.7.2022 Uimhir Chlárúcháin: 1027700067328 Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise Daoine aonair comhlachaithe:
|
Is é Alfa-Bank JSC an banc príobháideach is mó i gCónaidhm na Rúise. Chuir Banc Ceannais na Rúise Alfa-Bank san áireamh ar liosta na n-institiúidí creidmheasa a bhfuil tábhacht shistéamach leo. Oibríonn Alfa-Bank in earnáil seirbhísí airgeadais na Rúise agus, go sonrach, in earnáil na baincéireachta. In 2023, ba í earnáil na seirbhísí airgeadais an seachtú hearnáil ba mhó i ngeilleagar na Rúise de réir sciar de OTI, arbh ionann í agus 5,2 % de OTI Chónaidhm na Rúise. Ba mhéadú é sin ó 4,8 % in 2022. Ina theannta sin, is cuid shubstaintiúil d’earnáil airgeadais na Rúise í earnáil na baincéireachta, ós rud é gurb ionann í agus thart ar 87 % d’iomlán na sócmhainní san earnáil airgeadais. D’éirigh go maith leis an earnáil baincéireachta in 2023, le méaduithe suntasacha ar shócmhainní iomlána, iasachtaí corparáideacha agus iasachtaí miondíola, agus glanbhrabús 3,3 trilliún rúbal sna chéad 6 mhí amháin. Thairis sin, tacaíonn an earnáil baincéireachta le hearnálacha eile den gheilleagar, rud a ghineann ioncam do rialtas Chónaidhm na Rúise. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
200. |
T-Bank JSC Rúisis: АО “Т-банк” ar a dtugtar freisin Tinkoff Bank JSC ar a dtugtar freisin АО “Тинькофф банк” |
Seoladh: Moscó, 127994, st. Khutorskaya 2nd, 38A, building 26 Seoladh poist: PO Box 23, Moscó, 102001, Cónaidhm na Rúise An cineál eintitis: cuideachta comhstoic Áit chlárúcháin: 127287, st. Khutorskaya 2nd, 38A, Moscó, Cónaidhm na Rúise Dáta clárúcháin: 28.11.2002 Uimhir Chlárúcháin: 1027739642281 Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise |
Tá T-Bank ar cheann de na trí bhanc is mó sa Rúis, bunaithe ar líon na gcliant gníomhach. Tá sé ar thús cadhnaíochta i réimse na dteicneolaíochtaí airgeadais, agus tá Banc Ceannais na Rúise tar éis Tinkoff Bank a chur san áireamh ar liosta na n-institiúidí creidmheasa a bhfuil tábhacht shistéamach leo. Thugtaí Tinkoff Bank ar T-Bank go dtí an 5 Meitheamh 2024. Oibríonn T-Bank in earnáil seirbhísí airgeadais na Rúise agus, go sonrach, in earnáil na baincéireachta. In 2023, ba í earnáil na seirbhísí airgeadais an seachtú hearnáil ba mhó i ngeilleagar na Rúise de réir sciar de OTI, arbh ionann í agus 5,2 % de OTI Chónaidhm na Rúise. Ba mhéadú é sin ó 4,8 % in 2022. Ina theannta sin, is cuid shubstaintiúil d’earnáil airgeadais na Rúise í earnáil na baincéireachta, ós rud é gurb ionann í agus thart ar 87 % d’iomlán na sócmhainní san earnáil airgeadais. D'éirigh go maith leis an earnáil baincéireachta in 2023, le méaduithe suntasacha ar shócmhainní iomlána, iasachtaí corparáideacha agus iasachtaí miondíola, agus glanbhrabús 3,3 trilliún rúbal sna chéad 6 mhí amháin. Thairis sin, tacaíonn an earnáil baincéireachta le hearnálacha eile den gheilleagar, rud a ghineann ioncam do rialtas Chónaidhm na Rúise. Tá T-Bank rannpháirteach, dá bhrí sin, in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
205. |
AO Plasma Ainm eile: AKTCIONERNOE OBSHESTVO “NAUCHNO- ISSLEDOVATELSKIJ INSTITUT GAZORAZRYADNIH PRIBOROV ‘PLAZMA’” (АО “Плазма” АКЦИОНЕРНОЕ ОБЩЕСТВО “НАУЧНО- ИССЛЕДОВАТЕЛЬСКИЙ ИНСТИТУТ ГАЗОРАЗРЯДНЫХ ПРИБОРОВ ‘ПЛАЗМА’”) |
Seoladh: 390023, Tsiolkovsky st, 24, Ryazan, Cónaidhm na Rúise An cineál eintitis: Corparáid stáit Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise Dáta clárúcháin: 16.10.2002 Uimhir Chlárúcháin: UAC (INN): 6230005886 Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise Faisnéis eile:
|
Is corparáid faoi úinéireacht an stáit é AO Plasma agus an forbróir agus monaróir táirgí leictreonaice plasma is mó sa Rúis, lena n-áirítear léasair gháis agus córais atá bunaithe orthu, uirlisí taispeána faisnéise (painéil plasma agus monatóirí atá bunaithe orthu agus gléasanna eile), feistí lasctha gás-díluchtaithe, agus ceirmeacht thionsclaíoch. Chomh maith leis sin, táirgeann AO Plasma aonaid mhiotailcheirmeacha dhlúthfholús agus tá an gléas aeróga éighníomhach, a úsáideann GLONASS (Córas um Loingseoireacht Satailíte Dhomhanda), ar cheann de na táirgí sin. Is córas um loingseoireacht satailíte Rúiseach é GLONASS, a ceapadh le tacaíocht loingseoireachta oibríochtúla agus ama a thabhairt do líon neamhtheoranta úsáideoirí ar talamh, ar muir, san aer agus spásbhunaithe. Chuidigh córas GLONASS go leanúnach le Fórsaí Armtha na Rúise ruathair chruinne a chur i gcrích le diúracáin oirbheartaíochta (e.g. diúracáin oirbheartaíochta Iskander) le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá AO Plasma ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
209. |
SUN Ship Management (D) Ltd. |
Áit chlárúcháin: Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (Unit OT 17-32, Level 17, Central Park Offices, Dubai International Financial Centre, Dubai, 507065, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha) Dáta clárúcháin: 2.8.2012 Uimhir Chlárúcháin: 1244 Príomhionad gnó: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Cónaidhm na Rúise, an tAontas Eorpach Eintitis comhlachaithe: PAO Sovcomflot (máthairchuideachta) |
Tá SUN Ship Management (D) Ltd., ar a dtugtaí SCF Management Services (Dubai) Ltd., ina chuideachta bainistíochta long Dubai-bhunaithe, atá mar chuid de PAO Sovcomflot (SCF Group), an chuideachta loingseoireachta is mó sa Rúis, atá ag sainfheidhmiú in iompar gáis leachtaithe, amhola, agus táirgí peitriliam, chomh maith le seirbhísiú a dhéanamh ar tháirgeadh fuinnimh réamhtheachtach amach ón gcósta. Bainistíonn agus oibríonn SUN Ship Management (D) Ltd. cabhlach de bheagnach céad soitheach ola, gás nádúrtha leachtaithe, agus ceimiceach a bhfuil toilleadh de níos mó ná 150 000 tonnáiste meálasta acu. Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá SUN Ship Management (D) Ltd. ag feidhmiú mar cheann de na príomhchuideachtaí a bhainistíonn agus a fheidhmíonn iompar muirí ola na Rúise. Go suntasach, mar chuid de chuideachta loingseoireachta stáit na Rúise PAO Sovcomflot, is í Cónaidhm na Rúise tairbhí deiridh na seirbhísí a thairgeann SUN Ship Management (D) Ltd. Is foinse shuntasach ioncaim iad na seirbhísí sin do rialtas Chónaidhm na Rúise, arb ionann iad agus níos mó ná 70 % d’ioncam fuinnimh na Rúise, rud a chuireann ar chumas na Creimile a cogadh foghach ar an Úcráin a mhaoiniú. Dá bhrí sin, is eintiteas é SUN Ship Management (D) Ltd. a thacaíonn, go hábhartha agus ó thaobh airgeadais de, le rialtas Chónaidhm na Rúise. Thairis sin, is eintiteas é SUN Ship Management (D) Ltd. a bhfuil baint aige le hearnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim í do rialtas Chónaidhm na Rúise |
25.2.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
239. |
20th Guards Combined Arms Army (An 20ú Garda Airm Comh-Arm) (20-я гвардейская Краснознаменная общевойсковая армия ar a dtugtar freisin 20-я гвардейская общевойсковая армия) |
Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise (606083, réigiún Nizhny Novgorod, ceantar Volodarsky, Mulino) Dáta clárúcháin: 14.12.2009 Uimhir Chlárúcháin: 3666162144 (uimhir aitheantais chánach) Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise |
Tá 20th Guards Combined Arms Army mar chuid d’Fhórsaí Talún na Rúise agus glacann sé páirt dhíreach i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Déanann Aireacht Cosanta na Rúise cur síos ar 20th Guards Combined Arms Army mar “an comhlachas is mó d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise, a ghlacann páirt sna himeachtaí is suntasaí i saol míleata na tíre”. Le linn ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, chuir 20th Guards Combined Arms Army go díreach le hionsaí na Rúise ón oirthuaisceart. Dá bhrí sin, tá 20th Guards Combined Arms Army ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
23.6.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
241. |
SPS CJSC ar a dtugtar freisin Non-Public Joint Stock Company “Research and Production Center” Specialized Devices and Systems ar a dtugtar freisin Specialized Devices and Systems (Непубличное Акционерное Общество “Научно-Производственный Центр ‘Специализированные Приборы И Системы’”) |
Áit chlárúcháin: Moscó, Cónaidhm na Rúise (125080, Moscó, sh. Volokolamskoe, 1 str. 1, et 5; pom VI; kom 30B Dáta clárúcháin: 22.8.2014 Uimhir Chlárúcháin: 7743937237 (uimhir aitheantais chánach) Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise, an Ísiltír Faisnéis eile: Pavel Sergeevich Seleznev (bainisteoir ginearálta) |
Is eintiteas é SPS CJSC atá lonnaithe sa Rúis agus a mhonaraíonn ríomhairí agus trealamh leictreonach eile. Tá SPS CJSC rannpháirteach go gníomhach sa teacht timpeall ar smachtbhannaí trína chomhpháirtíocht le heintiteas atá lonnaithe san Aontas, eadhon Woerd-Tech BV. Ó forchuireadh smachtbhannaí an Aontais lena gcuirtear toirmeasc ar leathsheoltóirí a onnmhairiú chuig an Rúis, tá amhras ann go ndearna Woerd-Tech BV, eintiteas atá lonnaithe san Ísiltír, leathsheoltóirí a smuigleáil go neamhdhleathach chuig Cónaidhm na Rúise. Ghabh údarás inniúil na hÍsiltíre úinéir Woerd-Tech BV ar amhras gur tháinig sé timpeall ar smachtbhannaí. D’fheidhmigh SPS CJSC mar phríomhéascaitheoir san oibríocht smuigleála neamhdhleathaí atá á reáchtáil ag Woerd-Tech BV, ag gníomhú dó mar fhaighteoir na leathsheoltóirí a onnmhairíodh go neamhdhleathach, ar faighteoir é atá lonnaithe sa Rúis. Dá bhrí sin, is eintiteas é SPS CJSC a thagann timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais trí ghníomhaíochtaí darb aidhm nó dar toradh bac a chur ar thoirmisc Chinnidh 2014/512/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle. |
23.6.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
243. |
LLC “CST” ar a dtugtar freisin ZALA Aero Group ar a dtugtar freisin ZALA Aero |
Seoladh: 426011, UR, Izhevsk, PO Box 9050 An cineál eintitis: cuideachta faoi dhliteanas teoranta (LLC) Áit chlárúcháin: an Rúis Uimhir Chlárúcháin: 1101841007938 Dáta clárúcháin: 24.12.2010 Uimhir aitheantais chánach: 1841015504 Eintitis comhlachaithe: JCS Kalashnikov Concern |
Is cuideachta Rúiseach é LLC “CST”, atá mar chuid de Kalashnikov Group, a mhonaraíonn agus a sholáthraíonn UAVanna, go háirithe “Lancet UAV” agus “KYB-UAV”, a d’úsáid arm na Rúise ina chogadh foghach ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá LLC “CST” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
23.6.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
286. |
JSC PROGRESS Arsenyev Aviation Company named after N.I. Sazikin Rúisis: Арсеньевская авиационная компания “Прогресс” им. Н.И.Сазыкина ar a dtugtar freisin JSC Arsenyev Aviation Company Progress ar a dtugtar freisin AAC Progress ar a dtugtar freisin Арсеньевская авиационная компания ar a dtugtar freisin “AAC Прогресс” |
Seoladh: 5 Ploshchad Lenina, Arsenyev, Primorsky Krai, Cónaidhm na Rúise 692335 Teileafón: + 7 (42361) 4 55 91,4 52 31; + 7 (42361) 4-52-32, + 7 (42361) 2-52-32 Facs: + 7 (42361) 4 50 93 Rphost: info@aacprogress.ru Suíomh gréasáin: https://www.rhc.aero Dáta clárúcháin: 14.11.2002 Uimhir Chlárúcháin: 1022500510350 Príomhionad gnó: Arsenyev, Cónaidhm na Rúise |
Is cuideachta tionscail mhíleata Rúiseach é Progress Arsenyev Aviation Company. Cuireann sé héileacaptair ar fáil d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Is í a tháirgeann na héileacaptair chomhraic Ka-52 “Alligator” a mbaineann Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise úsáid astu i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá sé ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. |
18.12.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
312. |
PMC Tsarskie Volki ar a dtugtar freisin Tsar Wolves |
Suíomh na ngníomhaíochtaí: an Úcráin, Cónaidhm na Rúise Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise Daoine aonair comhlachaithe: Dmitry Rogozin |
Is cuideachta mhíleata phríobháideach Rúiseach é PMC Tsarskie Volki– a ghlacann páirt in oibríochtaí comhraic na Rúise san Úcráin. Glacann comhraiceoirí PMC Tsarskie Volki páirt ghníomhach in oibríochtaí na Rúise i nDaon-Phoblacht Donetsk mar a ghairtear di agus i nDaon-Phoblacht Luhansk mar a ghairtear di. Is é atá san eagraíocht den chuid is mó saineolaithe míleata-teicniúla a oibríonn ar fhorbairt armán agus ábhar pléascach thar ceann Fhórsaí Armtha na Rúise. Chuir PMC Tsarskie Volki cúnamh míleata-teicniúil ar fáil d’aonaid “Dhaon-Phoblacht Donetsk” agus “Dhaon-Phoblacht Luhansk” mar a ghairtear díobh agus chuir sé oiliúint orthu i taiscéalaíocht agus i ngníomhaíochtaí ionsaithe. Ina theannta sin, tá na céadta armán agus pléascán deartha agus tástáilte ag PMC Tsarskie Volki faoi chuimsiú chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Mar shampla, d’fhorbair PMC Tsarskie Volki an t-umar róbatach Marker mar a ghairtear de a úsáideadh chun feithiclí armúrtha na hÚcráine a scriosadh. Dá bhrí sin, tá PMC Tsarskie Volki ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
18.12.2023 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
357. |
LLC “SMT-iLogic” ar a dtugtar freisin LLC SMT-Ailogik ar a dtugtar freisin LLC SMT iLogic (ООО “СМТ-Айлогик”) |
Seoladh: 195220, Cónaidhm na Rúise, Cathair Pheadair, Nepokorennykh Avenue, 17, building 4, letter V, room 5-N An cineál eintitis: cuideachta faoi dhliteanas teoranta Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise Uimhir Chlárúcháin: 1157847407156 Dáta clárúcháin: 27.11.2015 Uimhir aitheantais chánach: 7804552300 KPP: 780401001 Eintitis comhlachaithe: Special Technology Center Ltd. (ar a dtugtar freisin STC, Ltd) Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise Suíomh gréasáin: http://smt-ilogic.ru/ Teil./facs: + 7 (812) 244-19-87 Ríomhphost: info@smt-ilogic.ru |
Is soláthraí seirbhísí éagsúla é LLC “SMT-iLogic” i réimse forbartha leictreonaice. Soláthraíonn an chuideachta seirbhísí d’fhorbairt leictreonaice agus monaraíonn sí feistí chun faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil. Faigheann LLC STC - monaróir ladrainn Orlan-10 agus atá cleamhnaithe le fórsaí míleata na Rúise, faigheann sé comhpháirteanna eachtracha ó LLC “SMT-iLogic”. Úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise ladrainn Orlan-10 sa chogadh foghach ar an Úcráin. Dá bhrí sin, tá LLC “SMT-iLogic” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá baint ag LLC “SMT-iLogic” le LLC STC. |
23.2.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
359. |
All-Russian public-state movement of children and youth “Movement of the First” ar a dtugtar freisin “Movement of the First” (Движение первых) |
Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 109028, Moscó, sráid Zemlyanoy Val, 50A, foirgneamh 2 Uimhir chlárúcháin: 1227700776038 Uimhir aitheantais chánach: 9709087880 KPP: 770901001 Teileafón: + 7 495 565 30 10, + 8 800 333 63 11 Suíomh gréasáin: https://будьвдвижении.рф Ríomhphost: zabota@rddm.team info@rddm.team Áit chlárúcháin: Moscó, Cónaidhm na Rúise |
Is eagraíocht don óige faoi stiúir an stáit é “Movement of the First” i gCónaidhm na Rúise, a cruthaíodh i mí na Nollag 2022, ar thionscnamh ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin chun gníomhaíochtaí oideachais a sholáthar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí de chineál míleataithe, do leanaí idir 6 bliana d’aois agus 18 mbliana d’aois, bunaithe ar “spriocanna traidisiúnta spioradálta agus morálta na Rúise”. Bíonn cruinnithe ag na leanaí ar baill den ghluaiseacht iad leis na saighdiúirí a throid i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, seolann siad cártaí agus litreacha tacaíochta chucu agus a ullmhaíonn siad trealamh lena n-úsáid ar an láthair chatha, agus foghlaimíonn siad conas ladrainn a láimhseáil. Ina theannta sin, d’eagraigh an ghluaisteacht cluichí cogaíochta do na páistí, a dhéanann cásanna a thiteann amach i gcathanna a athchruthú agus a ionsamhlú. Tugtar faoi na gníomhaíochtaí sin i réigiúin uile na Rúise agus sa Chrimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach: Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia. Dá réir sin, trína cláir éagsúla, cuireann an ghluaiseacht oideachas ar leanaí na hÚcráine, lena n-áirítear leanaí a díbríodh go neamhdhleathach chun na Rúise. Dá bhrí sin, tá Movement of the First ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
23.2.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
364. |
JSC NMZ ar a dtugtar freisin Nizhny Novgorod Machine-Building Plant (АО “НМЗ” ar a dtugtar freisin Акционерное Общество “Нижегородский Машиностроительный Завод”) ar a dtugtar freisin JSC “NIZHNY NOVGOROD PLANT 70TH ANNIVERSARY OF VICTORY” |
Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 603052, réigiún Nizhny Novgorod, Nizhny Novgorod, mórbhealach Sormovskoe, uimh. 21 An cineál eintitis: cuideachta comhstoic Dáta clárúcháin: 15.2.1994 uimhir aitheantais chánach: 5259008768 Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise |
Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC NMZ (ar a dtugtar freisin Nizhny Novgorod Machine-Building Plant) a fhorbraíonn córais diúracán, lena n-áirítear na córais diúracán frith-aerárthaí S-300, arna n-imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC NMZ ina chuid den ghnóthas Almaz-Antey, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise. Dá bhrí sin, tá JSC NMZ ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. Ina theannta sin, tá JSC NMZ bainteach leis an ngnóthas Almay-Antey, atá ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
23.2.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
365. |
JSC RIRV ar a dtugtar freisin Russian Institute of Radio Navigation and Time ar a dtugtar freisin RIRT (Акционерное Общество “Российский Институт Радионавигации И Времени” ar a dtugtar freisin АО “РИРВ”) |
Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 192012, Cathair Pheadair, Ascaill Obukhovskaya Oborona, 120 Cineál eintitis: cuideachta comhstoic Dáta clárúcháin: 5.5.2003 Uimhir aitheantais chánach: 7825507108 Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise Eintitis comhlachaithe: JSC “NORTH-WEST REGIONAL CENTER OF THE ALMAZ-ANTEY AIR AND SPACE DEFENCE –CORPORATION OBUKHOV PLANT” (ar a dtugtar freisin JSC Obukhov Plant) |
Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch de chuid na Rúise é JSC RIRV (ar a dtugtar freisin Russian Institute of Radio Navigation and Time) a fhorbraíonn trealamh loingseoireachta le haghaidh chóras GLONASS na Rúise atá in úsáid ag Fórsa Armtha na Rúise chun buillí ardchruinnis a bhualadh ar bhonneagar sibhialtach agus míleata san Úcráin. Thairis sin, is cuid den ghnóthas Almaz-Antey é JSC RIRV, ar monaróir arm Rúiseach é atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise. Dá bhrí sin, tá JSC RIRV ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Thairis sin, tá JSC RIRV bainteach leis an ngnóthas Alamz-Antey, atá ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
23.2.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
339. |
Joint-Stock Company “State Scientific and Production Enterprise ‘Region’” Rúisis: АКЦИОНЕРНОЕ ОБЩЕСТВО “ГОСУДАРСТВЕННОЕ НАУЧНО-ПРОИЗВОДСТВЕННОЕ ПРЕДПРИЯТИЕ ‘РЕГИОН’” ar a dtugtar freisin АО “ГНПП ‘РЕГИОН’” ar a dtugtar freisin JSC “GNPP ‘REGION’” ar a dtugtar freisin CJSC “Region” Open Joint Stock Company ar a dtugtar freisin Joint-Stock Company “Scientific and Technical Development ‘Region’” |
Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 115230, g. Moscó, Mórbhealach Kashire, d. 13A An cineál eintitis: cuideachta comhstoic Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise Uimhir Chlárúcháin: 1057747873875 Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise Uimhir aitheantais chánach: 7724552070 |
Is príomhfhorbróir agus soláthróir buamaí treoraithe de chuid na Rúise é JSC “State Scientific and Production Enterprise ‘Region’” don eitlíocht túslíne. Táirgeann JSC “State Scientific and Production Enterprise ‘Region’” innill cabhlaigh agus eitlíochta agus armálacha cabhlaigh agus eitlíochta, chomh maith le córais fhrithbheart mianach d’Aireacht Cosanta na Rúise. Thairis sin, is fochuideachta de chuid JSC “Tactical Missile Armament Corporation” é ‘JSC “State Scientific and Production Enterprise ‘Region’”, a rannchuidíonn go mór le cumas míleata agus cosanta na Rúise. Dá bhrí sin, tá JSC “State Scientific and Production Enterprise ‘Region’” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá sé ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. |
23.2.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
438. |
Volga-Dnepr Group ar a dtugtar freisin Volga-Dnepr Moscow (Группа компаний “Волга Днепр”, ar a dtugtar freisin “Волга Днепр Москва”) |
Seoladh: Cónaidhm na Rúise, 41411, Moscó, Sh. Mezhdunarodnoye, 28B, Foirgneamh. 3 Áit chlárúcháin: Moscó, Cónaidhm na Rúise Dáta clárúcháin: 9.1.2016 Uimhir aitheantais chánach: 7704223366 KPP: 774301001 OGRN: 1027700590521 |
Is cuideachta ceannródaíoch sealbhaíochta aeriompróra Rúiseach é Volga Dnepr Group, a dhéanann sainchúram d’iompar lasta trom trí chairteacha intíre agus idirnáisiúnta agus trí oibríochtaí sceidealta. Tá ról ríthábhachtach ag Volga Dnepr Group ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin maidir le freastal ar choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Rúise agus seirbhísí aeriompair a sholáthar chun críocha míleata na Rúise. Is é Volga Dnepr Group máthairchuideachta Volga Dnepr Airlines LLC freisin. Tá cabhlach Volga Dnepr Group comhdhéanta de 12 eitleán de chineál Antonov An-124, cúig Boeing 747-8F agus cúig IL-76TD-90VD (IV). Tá aer-oibríochtaí suntasacha ag Volga Dnepr Airlines LLC agus cuireann sé seirbhísí iompair ar fáil in earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo do rialtas na Rúise, trí threalamh leictreonach, TF agus cumarsáide atá ábhartha d’iarrachtaí na Rúise sa chogadh foghach ar an Úcráin a allmhairiú ó thríú tíortha. Mar gheall ar an ról ríthábhachtach atá aige maidir le tacú le Cónaidhm na Rúise, fuair Volga Dnepr Groups fóirdheontais tacaíochta ó rialtas na Rúise. |
24.6.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
472. |
JSC Compel ar a dtugtar freisin JSC Kompel (Акционерное Общество Компэл) |
Seoladh: 109316, Cónaidhm na Rúise, Moscó, Ascaill Volgogradsky, 28A, pom. I, floor. 3, com. 6 Oifigí: 109052, Cónaidhm na Rúise, Moscó, Novokhokhlovskaya str., 23 bldg. 1 (Ring Park Business Park), 3rd floor 199034, Cónaidhm na Rúise, Cathair Pheadair, VO, Bolshoy Prospekt, 18, lit. A (Andriyivskyi Shopping and Office Center) |
Tá JSC Compel ar cheann de na cuideachtaí Rúiseacha is mó a sholáthraíonn comhpháirteanna agus modúil do mhonaróirí trealaimh leictreonaigh. Glacann sé páirt i scéimeanna allmhairiúcháin le haghaidh comhpháirteanna leictreonacha agus soláthraíonn sé, comhpháirteanna micrileictreonaice do thionscal na Rúise (lena n-áirítear an tionscal míleata), ar comhpháirteanna micrileictreonaice iad a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, atá lárnach do chumais mhíleata na Rúise agus a bhfuil gá leo chun forbairt thionsclaíoch ar mhórscála a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, tá JSC Compel ag tacú go hábharach le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. |
24.6.2024. |
||||||||||||||||||||||||||||
|
477. |
International LLC “Rasperia Trading Limited” (МКАО “Распериа Трейдинг Лимитед”) |
Seoladh: 236006, Réigiún Kaliningrad, Kaliningrad, Solnechny blvd., 25, premisch. A/60; Seoladh: ul. Oktyabrskaya 37, oifig 7, 236006 Kaliningrad An cineál eintitis: cuideachta idirnáisiúnta faoi dhliteanas teoranta Dáta clárúcháin: 20.5.2019 (cláraithe mar fhiontar beag agus meánmhéide); 10.7.2023 (cláraithe mar fhiontar beag) Uimhir Chlárúcháin: 1193926007153 |
Tá 28,5 milliún scair sa chuideachta Eorpach STRABAG SE faoi úinéireacht MKAO “Rasperia Trading Limited” (“Rasperia”, atá lonnaithe sa Rúis). Rinneadh na scaireanna sin a reo, toisc go raibh Rasperia á rialú ag Oleg Vladimirovich Deripaska, duine atá faoi réir bearta sriantacha an Aontais. Chomhordaigh Oleg Deripaska scéim chasta imghabhála le Dimitry Aleksandrovich Beloglazov chun scaireanna reoite STRABAG a dhíol. Chuige sin, bhunaigh cuideachta Beloglazov, LLC Titul, (atá lonnaithe sa Rúis) fochuideachta, JSC Iliadis (atá lonnaithe sa Rúis), fochuideachta a fuair sciar Deripaska de Rasperia agus, ar an gcaoi sin, scaireanna reoite STRABAG freisin. Fuair Deripaska tairbhe eacnamaíoch choibhéiseach as díol Rasperia. |
28.6.2024’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/527/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)