|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/519 |
18.3.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/519 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Márta 2025
maidir leis an bpróiseas chun srianta oibriúcháin a thabhairt isteach ag Aerfort Schiphol i gcomhréir le Rialachán (AE) 598/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1355)
Is é an téacs Ollainnise amháin atá barántúil
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 598/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt an Aontais faoi Chur Chuige Cothrom agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/30/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le litir dar dáta an 4 Meán Fómhair 2024 (2), thug an Ísiltír fógra don Choimisiún, de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 598/2014 (an ‘Rialachán’), go raibh sé ar intinn aici srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag Aerfort Schiphol (an ‘Fógra’). |
|
(2) |
I litir dar dáta an 27 Meán Fómhair 2024 (3), d’iarr seirbhísí an Choimisiúin tuilleadh sonraíochta maidir le raon na huasteorann ar ghluaiseachtaí ar tugadh fógra ina leith agus soiléirithe eile ó údaráis na hÍsiltíre ionas go mbeidís in ann athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas chun na srianta oibriúcháin a thabhairt isteach ag Aerfort Schiphol agus measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na mbeart atá beartaithe leis an Rialachán. |
|
(3) |
I litir dar dáta an 6 Nollaig 2024, (4) sholáthair údaráis na hÍsiltíre gnéithe breise chun an Fógra a chomhlánú lena léirítear an uasteorainn bhliantúil bheacht ar ghluaiseachtaí, atá socraithe ag 478 000, agus chun tuilleadh faisnéise a chur isteach maidir leis an gcás bunlíne, rannchuidiú na mbeart atá beartaithe leis an gcuspóir laghdaithe torainn agus na toimhdí foluiteacha. Measadh an Fógra a bheith iomlán ón dáta a fuarthas an fhaisnéis bhreise ó údaráis na hÍsiltíre. |
|
(4) |
Leagtar síos leis an Rialachán na rialacha agus na nósanna imeachta atá le leanúint ag Ballstát sula dtabharfaidh sé isteach srianta oibriúcháin atá bainteach le torann ag aerfoirt de chuid an Aontais. |
|
(5) |
Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an bpróiseas chun srianta oibriúcháin a thabhairt isteach ag Aerfort Schiphol ar thug an Ísiltír fógra ina leith an 4 Meán Fómhair 2024 agus a comhlánaíodh an 6 Nollaig 2024 i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) 598/2014. |
|
(6) |
Ní bhaineann an Cinneadh seo ach le torthaí an Choimisiúin sa mhéid nár lean gnéithe áirithe i dtabhairt isteach srianta oibriúcháin atá bainteach le torann an próiseas a leagtar amach sa Rialachán go hiomlán. Rinne seirbhísí an Choimisiúin próiseas athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 8(3) den Rialachán a léirítear a thorthaí i ndoiciméad inmheánach oibre a chuirtear ar fáil don phobal an tráth céanna a chuirtear údaráis na hÍsiltíre ar an eolas faoin gCinneadh seo. |
|
(7) |
Áiríodh mar Iarscríbhinn san Fhógra Plean Gníomhaíochta Torainn 2024-2029 d’Aerfort Schiphol lena n-áirítear an léarscáil straitéiseach torainn is déanaí ó 2021 chun staid an torainn ag Aerfort Schiphol a shainaithint. Agus staid an torainn á measúnú, deir an Ísiltír gur bhain sí úsáid as modheolaíocht i gcomhréir le Doiciméad Tuarascála 29 ón gComhdháil Eorpach um Eitlíocht Shibhialta i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán. |
|
(8) |
Maidir le staid an torainn a shainaithint, ghlac údaráis na hÍsiltíre Réamhaisnéis Úsáide le haghaidh Schiphol do 2023 mar thúsphointe agus rinne siad réamh-mheastachán ar an méid a bheadh ann i mí na Samhna 2024, ag glacadh leis go n-oibreofaí 500 000 gluaiseacht eitilte tráchtála in aghaidh na bliana chuig Aerfort Schiphol nó uaidh, agus 32 000 díobh sin san oíche. |
|
(9) |
Léiríonn na ríomhanna an staid torainn seo a leanas:
|
|
(10) |
Tá cuspóir laghdaithe torainn sainithe ag an Ísiltír agus tá sé cláraithe aici mar chuid dá Plean Gníomhaíochta Torainn 2024-2029. |
|
(11) |
Is éard atá sa chuspóir laghdaithe torainn na fochuspóirí seo a leanas:
|
|
(12) |
Sonraíodh san Fhógra go raibh na fochuspóirí laghdaithe torainn a) agus b) le baint amach i dhá chéim:
|
|
(13) |
Tá fochuspóirí c) agus d) le baint amach freisin faoin 1 Samhain 2025. |
|
(14) |
Ní bhaineann an Cinneadh seo ach leis an gcéad chéim, i.e. laghdú 15 % ar an líon daoine agus tithe dá ndéantar difear sna comhrianta torainn sonraithe agus tá sé gan dochar don mheasúnú a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo ar an bpróiseas chun an laghdú 5 % atá fágtha a thabhairt isteach, a mhéid a mbeadh srianta oibriúcháin nua agus fógra nua ag teastáil ina leith. |
|
(15) |
Agus na dálaí torainn agus an bhunlíne ar dá réir a thomhaistear baint amach an chuspóra laghdaithe torainn á sainiú, chinn údaráis na hÍsiltíre go n-áireofaí bearta áirithe, lena laghdaítear torann, sa chás bunlíne agus, dá bhrí sin, nach meastar go rannchuidíonn siad leis an gcuspóir laghdaithe torainn a bhaint amach. |
|
(16) |
Sin iad na bearta a d’fhógair an earnáil eitlíochta cheana nó a nglactar leis go ndéanfaidh sí iad gan beann ar aon cheanglas a d’fhorchuirfeadh údaráis na hÍsiltíre. Tugtar ‘forbairtí uathrialacha’ orthu san Fhógra. Áirítear ar bhearta den sórt sin athnuachan uathrialach cabhlaigh agus nósanna imeachta oibríochtúla laghdaithe torainn áirithe. Tá athnuachan uathrialach an chabhlaigh bunaithe ar thoimhde ó údaráis na hÍsiltíre maidir le hathnuachan cabhlaigh ‘gnó mar is gnách’ na n-aerlínte. De réir údaráis na hÍsiltíre, tá na toimhdí bunaithe ar threochtaí tionscail. Mar sin féin, ní áirítear san Fhógra aon bhunús breise leis an gcaoi ar díorthaíodh na treochtaí tionscail agus leis an gcaoi ar cuireadh cás sonrach agus saintréithe sonracha Aerfort Schiphol san áireamh agus na toimhdí á scagadh. Maidir leis na nósanna imeachta oibríochtúla, áirítear orthu sin úsáid mhéadaithe a bhaint as nósanna imeachta maidir le hÍsliúchán Leanúnach an Ascnaimh (CDA), úsáid mhéadaithe a bhaint as oibríochtaí laghdaithe flapanna, cloí 95 % le nósanna imeachta agus bearta éirí de thalamh an Nós Imeachta Laghdaithe Torainn (NADP-2) a áirítear sa Chlár ‘Minder Hinder Schiphol’ a bhí le cur chun feidhme roimh mhí na Samhna 2024, a sainaithníodh in Iarscríbhinn B a ghabhann le tuarascáil To70 a cuireadh san áireamh sa chomhairliúchán poiblí i mí an Mhárta 2023. |
|
(17) |
Chun an cuspóir laghdaithe torainn a bhaint amach faoi mhí na Samhna 2025, tháinig údaráis na hÍsiltíre ar an gconclúid go bhfuil gá leis na bearta seo a leanas:
|
|
(18) |
Tháinig údaráis na hÍsiltíre ar an gconclúid go gcaithfí an uasteorainn bhliantúil ar ghluaiseachtaí aerárthaí a shocrú ag 478 000 chun laghdú 15 % ar a laghad a bhaint amach i ngach fochuspóir den chuspóir laghdaithe torainn. I bhfochuspóirí b), c) agus d) sháródh an meascán beart an laghdú torainn arna shocrú ag an gcuspóir laghdaithe torainn, go háirithe le linn na hoíche. |
|
(19) |
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcumhdaítear leis an uasteorainn bhliantúil ach seirbhísí tráchtála sceidealaithe agus neamhsceidealaithe. Tugtar neamhaird ar oibríochtaí eitlíochta ginearálta agus gnó chun críoch na huasteorann bliantúla ag aerfort Schiphol. |
|
(20) |
I ndiaidh an Fhógra, agus de bhun Airteagal 8(3) den Rialachán, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an bpróiseas chun na srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach. |
|
(21) |
Shainaithin an Coimisiún gnéithe áirithe san Fhógra nár lean go hiomlán an próiseas chun srianta oibriúcháin a bhaineann le torann a thabhairt isteach a leagtar amach sa Rialachán. |
|
(22) |
De bhun Airteagal 5(3)(a) den Rialachán, nuair a dhéanfar gníomhaíocht a bhaineann le torann áiritheoidh na Ballstáit go measfar gur beart atá ar fáil é an éifeacht intuartha a bheadh ag laghdú ar thorann aerárthaí ag an bhfoinse. Measfar athnuachan cabhlaigh mar bheart den sórt sin toisc go malartaíonn aerlínte aerárthaí níos sine le haghaidh aerárthaí níos nuaí nach n-astaíonn an oiread céanna torainn. |
|
(23) |
Luaitear san Fhógra go bhfuil an cuspóir laghdaithe torainn le tomhas in aghaidh na bunlíne, lena n-áirítear éifeacht forbairtí uathrialacha mar a thuairiscítear in Aithris (16) le himeacht ama. Áitíonn an Ísiltír go bhfágann sin gur féidir éifeachtaí agus rannchuidiú na mbeart nua atá molta ag údaráis na hÍsiltíre leis an gcuspóir laghdaithe torainn a chinneadh gan aon bhearta atá á ndéanamh ag an earnáil ar a tionscnamh féin a chur san áireamh. Is é sin le rá, tá sé beartaithe ag an Ísiltír an cuspóir laghdaithe torainn a bhaint amach maille le haon laghdú torainn a eascraíonn as forbairtí uathrialacha tionscail. |
|
(24) |
Luaitear san Fhógra nach leor na forbairtí uathrialacha chun an cuspóir laghdaithe torainn a bhaint amach toisc go neodrófaí iad le fás tráchta. Mar sin féin, tugann an Coimisiún dá aire nach dtiocfaidh aon mhéadú breise ar an aerthrácht mar gheall ar an uasteorainn bhliantúil ar ghluaiseachtaí de 478 000 atá beartaithe agus, dá bhrí sin, gur féidir le forbairtí uathrialacha an tionscail rannchuidiú leis an torann ag an aerfort a laghdú tar éis mhí na Samhna 2025. Ar na cúiseanna sin, agus gan dochar don Treoir a bhaineann le Torann (5), ba cheart d’údaráis na hÍsiltíre an tionchar a bheadh ag meascán den uasteorainn ar ghluaiseachtaí a chuirfear chun feidhme ó mhí na Samhna 2025 ar aghaidh agus na forbairtí uathrialacha tionscail a chur san áireamh ina n-anailís ar na héifeachtaí intuartha a bheadh ag torainn laghdaithe aerárthaí ag an bhfoinse. |
|
(25) |
Ina theannta sin, tugann an Coimisiún dá aire nár thug údaráis na hÍsiltíre réasúnaíocht maidir leis an modheolaíocht agus na toimhdí atá taobh thiar d’athnuachan cabhlaigh a roinnt sa chuid den bhunlíne a bhaineann le hathnuachan cabhlaigh uathrialach mar a mhínítear in Aithris (8), agus athnuachan cabhlaigh bhreise a mheastar a bheith ina bheart a rannchuidíonn leis an gcuspóir torainn a bhaint amach. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an réasúnaíocht agus an mhodheolaíocht atá taobh thiar den deighilt riachtanach chun a chur ar chumas na hÍsiltíre cost-éifeachtúlacht agus an éifeacht intuartha a bheadh ag laghdú ar thorann aerárthaí ag an bhfoinse a chinneadh. |
|
(26) |
De bhun Airteagal 5(3)(c) den Rialachán, d’fhonn an beart nó an meascán beart is costéifeachtúla a chinneadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an éifeacht a bheidh ag nósanna imeachta oibríochtúla laghdaithe torainn ar an gcuspóir laghdaithe torainn a mheas. I measc na nósanna imeachta oibríochtúla um maolú torainn tá Oibríochtaí Íslithe Leanúnaigh (CDOnna), Oibríochtaí Ardaithe Leanúnaigh (CCOnna), Nósanna Imeachta Laghdaithe Torainn ar Imeacht (NADPanna) agus Oibríochtaí Loingseoireachta Feidhmíochtbhunaithe (PBN) i limistéir chríochfoirt timpeall ar aerfoirt. |
|
(27) |
Maidir le nósanna imeachta NADP go sonrach, maíonn an Ísiltír gur lean níos mó ná 95 % de na heitiltí nós imeachta NADP-2 cheana féin idir an 1 Eanáir 2023 agus an 28 Iúil 2024. Maidir le hoibríochtaí nach n-úsáideann an nós imeachta sin go fóill, maíonn an Ísiltír nach bhfuil sé in-fhorfheidhmithe le dlí, agus cuireann roinnt píolótaí nós imeachta difriúil i bhfeidhm de réir mar a éilíonn an aerlíne dá n-eitlíonn siad. Maidir le nósanna imeachta PBN, cuireann siad sin ar chumas aerárthaí ruthaig eitilte chliathánacha an-bheacht agus próifílí feabhsaithe ardaithe agus íslithe a eitilt, rud a chuireann le laghdú torainn. Ceanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1048 ón gCoimisiún (6) maidir le PBN go n-áiritheoidh soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta aistriú rianúil agus sábháilte chuig soláthar a gcuid seirbhísí trí úsáid a bhaint as seirbhísí loingseoireachta feidhmíochtbhunaithe agus go bhfoilseoidh siad nósanna imeachta PBN. Tá roinnt nósanna imeachta PBN foilsithe ag LVNL lena n-áirítear nósanna imeachta leis an ngné ‘Radius to Fix’ (RF) lenar féidir le haerárthaí a mbealach a dhéanamh ar bhealach níos cruinne a dhéanamh idir na limistéir chónaithe lena gcumasaítear laghdú ar an leathadh i rianta eitlithe idir limistéir faoi fhoirgnimh. |
|
(28) |
Mar a thuairiscítear in Aithris (16), áirítear roinnt nósanna imeachta oibríochtúla sa bhunlíne. Mar gheall ar an uasteorainn bhliantúil ar ghluaiseachtaí, ní neodrófar éifeacht na bhforbairtí uathrialacha sin a thuilleadh le fás tráchta agus dá bhrí sin is féidir leo rannchuidiú leis an torann ag an aerfort a laghdú tar éis mhí na Samhna 2025. Mar sin féin, dhiúltaigh údaráis na hÍsiltíre machnamh a dhéanamh ar úsáid bhreise a bhaint as bearta oibríochtúla laghdaithe torainn; ar dtús, iad siúd a théann níos faide ná na cinn a leagtar amach i gClár Minder Hinder Schiphol agus ar an dara dul síos, iad siúd nach bhfuil curtha chun feidhme faoin dáta atá beartaithe do mhí na Samhna 2024, cé go bhfuil siad san áireamh sa Chlár sin. Dá bhrí sin tugann an Coimisiún dá aire nach ndearna údaráis na hÍsiltíre scrúdú iomlán ar éifeacht na mbeart sin de bhun Airteagal 5(3)(c) den Rialachán. |
|
(29) |
Foráiltear le hAirteagal 5(6) den Rialachán go bhfuil srianta oibriúcháin le bheith neamh-idirdhealaitheach. |
|
(30) |
Maidir le neamh-idirdhealú, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil na bearta dírithe ar eitlíocht tráchtála amháin. Mhínigh údaráis na hÍsiltíre go n-áirítear sa chás bunlíne an torann a astaíonn eitlíocht ghinearálta agus eitlíochta gnó. Cuirtear marcáil suas 2,5 % ar thorann i bhfeidhm chun na cineálacha seirbhísí sin a chur san áireamh, rud nach bhfuil diomaibhseach i bhfianaise an chuspóra torainn atá san Fhógra. Tugann an Coimisiún dá aire go rannchuidíonn na cineálacha oibríochtaí sin leis an bhfadhb fhoriomlán torainn timpeall ar Aerfort Schiphol. Chuir údaráis na hÍsiltíre an torann a tháirg siad san áireamh sa chás bunlíne a gcuireann siad na pleananna laghdaithe torainn i bhfeidhm ina leith. Mar sin féin, ní áirítear san Fhógra aon bhearta laghdaithe torainn is infheidhme maidir le heitlíocht ghinearálta agus eitlíocht ghnó. Dá bhrí sin, cé go gcuireann eitlíocht tráchtála agus eitlíocht ghinearálta agus ghnó le fadhb an torainn, is í an eitlíocht tráchtála amháin a iompraíonn an t-ualach iomlán a bhaineann le torann a laghdú ó na hoibríochtaí go léir ag Aerfort Schiphol. Tá an cur chuige sin idirdhealaitheach chun aimhleasa don eitlíocht tráchtála. Dá gcuirfí eitlíocht ghinearálta agus eitlíocht ghnó san áireamh i mbearta laghdaithe torainn, d’fhéadfadh sé go laghdófaí an gá atá le srianta oibriúcháin. |
|
(31) |
Ar deireadh, tugann an Coimisiún dá aire go gceanglaítear le hAirteagal 6(3) den Rialachán ar na húdaráis inniúla obair leantach agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na srianta oibriúcháin agus gníomhú de réir mar is iomchuí. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ar bhonn an athbhreithnithe a rinne an Coimisiún ar ar lean an Ísiltír an próiseas faoi Rialachán (AE) 598/2014, cinneann an Coimisiún gur urramaíodh an próiseas, cé is moite de na gnéithe seo a leanas:
|
(a) |
rinne an Ísiltír eitlíocht ghinearálta agus eitlíocht ghnó a eisiamh ó na bearta oibriúcháin cé gur áiríodh torann ó na hoibríochtaí sin sa staid torainn de shárú ar Airteagal 5(6) den Rialachán; |
|
(b) |
níor bhreithnigh an Ísiltír ach go páirteach na héifeachtaí intuartha a bheadh ag bearta lena laghdaítear torann aerárthaí ag an bhfoinse trí athnuachan uathrialach cabhlaigh mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(3)(a) den Rialachán. |
|
(c) |
níor bhreithnigh an Ísiltír ach go páirteach na nósanna imeachta oibríochta laghdaithe torainn mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(3)(c) den Rialachán. |
2. Scrúdóidh an Ísiltír an Cinneadh seo agus cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas faoina bhfuil ar intinn aici sula dtabharfaidh sí na srianta oibriúcháin sin isteach ag Aerfort Schiphol.
Airteagal 2
Is chuig Ríocht na hÍsiltíre a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Apostolos TZITZIKOSTAS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 65.
(2) Cláraithe faoi Ares(2024)6274926, Ares(2024)6274959, agus Ares(2024)6275032.
(3) Ares(2024)6858995.
(4) Ares(2025)87541.
(5) Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1048 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2018 lena leagtar síos ceanglais úsáide aerspáis agus nósanna imeachta oibriúcháin a bhaineann le loingseoireacht feidhmíochtbhunaithe (IO L 189, 26.7.2018, lch. 3).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/519/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)