|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/517 |
25.3.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/517 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis na socruithe comhair riaracháin CBL is gá don ré dhigiteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 (3) ón gComhairle na coinníollacha faoina gcomhoibreoidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit, atá freagrach as na dlíthe maidir le cáin bhreisluacha (CBL) a chur i bhfeidhm, le chéile agus leis an gCoimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfar na dlíthe sin. Baineann na coinníollacha sin, i measc cinn eile, le rialacha maidir le faisnéis a stóráil agus a mhalartú, trí mhodhanna leictreonacha, a d’fhéadfadh cuidiú le measúnú ceart CBL a dhéanamh, faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart CBL, go háirithe ar idirbhearta laistigh den Chomhphobal, agus calaois CBL a chomhrac. |
|
(2) |
Le Treoir (AE) 2025/516 ón gComhairle (4) tugadh isteach i dTreoir 2006/112/CE (5) ón gComhairle ceanglais maidir le tuairisciú digiteach. Leis na ceanglais sin, cuirtear d’oibleagáid ar dhaoine inchánacha a shainaithnítear chun críocha CBL faisnéis a chur faoi bhráid na mBallstát maidir le gach soláthar earraí laistigh den Chomhphobal, maidir le gach soláthar seirbhísí atá inchánach i mBallstát seachas an ceann ina bhfuil an soláthróir bunaithe agus, mura rud é gur bhain an Ballstát úsáid as an rogha daoine inchánacha a eisiamh ón oibleagáid sin, maidir le gach fáil earraí laistigh den Chomhphobal agus maidir le gach fáil seirbhísí atá inchánach agus a bhfuil an faighteoir faoi dhliteanas CBL a íoc ina leith. Le malartú agus próiseáil na faisnéise sin maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal, cabhraítear leis na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart CBL agus calaois a bhrath. |
|
(3) |
Tá an comhar atá ann cheana idir údaráis chánach na mBallstát bunaithe ar fhaisnéis chomhiomlánaithe a mhalartú idir córais leictreonacha náisiúnta. Is é an aidhm a bhaineann le ceanglais maidir le tuairisciú digiteach a thabhairt isteach bailiú cánach a mhéadú ach sonraí ar bhonn gach idirbhirt a sholáthar do riaracháin chánach go tráthúil. Chun na sonraí sin a chur ar fáil do riaracháin chánach eile ar bhealach éifeachtúil, agus chun cur chun feidhme comhchoiteann anailíse agus cros-seiceálacha, chomh maith le léirmhíniú comhchoiteann a éascú, tá gá le lárchóras ina roinnfear faisnéis maidir le CBL. |
|
(4) |
Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit calaois CBL a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart don Choimisiún lárchóras leictreonach malartaithe faisnéise CBL (‘VIES lárnach’) a bhunú chun faisnéis maidir le CBL a roinnt. Ba cheart do gach Ballstát córas leictreonach náisiúnta a bhunú chun tarchur uathoibríoch a dhéanamh chuig an VIES lárnach maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal faoi mar a thuairiscíonn na soláthróirí agus na faighteoirí faoi seach i mBallstáit éagsúla iad. Ba cheart do na Ballstáit freisin tarchur go huathoibríoch chuig an VIES lárnach, lena n-áirítear uimhreacha aitheantais CBL eile arna n-eisiúint do dhuine. Thairis sin, tráth ar bith a athraítear sonraí, ba cheart do na Ballstáit na meiteashonraí a úsáidtear chun an t-am modhnaithe a rianú a uaslódáil chuig VIES lárnach freisin. |
|
(5) |
Ba cheart do na Ballstáit faisnéis aitheantais CBL na ndaoine inchánacha a dhéanann idirbhearta laistigh den Chomhphobal a bheith tugtha cothrom le dáta go huathoibríoch in VIES lárnach gan mhoill tráth ar bith a athraítear faisnéis aitheantais, ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn na Ballstáit nach bhfuil an nuashonrú sin ábhartha, fíor-riachtanach nó úsáideach. Tá gá leis na nuashonruithe sin toisc go bhfuil bailíocht uimhreacha aitheantais CBL daoine inchánacha faoi réir fíorú a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll chun soláthairtí laistigh den Chomhphobal a dhíolmhú dá ndéantar foráil in Airteagal 138 de Threoir 2006/112/CE. Chun leibhéal réasúnta dearbhaithe a sholáthar do riaracháin chánach maidir le cáilíocht agus le hiontaofacht na faisnéise sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal a bheith tugtha cothrom le dáta go huathoibríoch in VIES lárnach tráth nach déanaí ná 1 lá amháin tar éis don Bhallstát an fhaisnéis a fháil ón duine inchánach. |
|
(6) |
Thairis sin, maidir le faisnéis aitheantais CBL in VIES lárnach, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfaidh an Ballstát faoi seach measúnú ar na sonraí a sholáthraíonn daoine inchánacha lena sainaithint chun críocha CBL agus go bhfuil siad iomlán agus cruinn, i gcomhréir le hAirteagal 214 de Threoir 2006/112/CE. Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtaispeántar an uimhir aitheantais CBL a bheith neamhbhailí in VIES lárnach i gcás nach n-urramaíonn duine inchánach na hoibleagáidí maidir le sonraí a chur in iúl, i gcás ina gcuirtear deireadh leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch nó i gcás ina measann an t-údarás inniúil gur chuir an duine inchánach deireadh leis an ngníomhaíocht sin. |
|
(7) |
Ba cheart do gach Ballstát an fhaisnéis maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal arna dtuairisciú ag na soláthróirí agus ag na faighteoirí i mBallstáit éagsúla a chur isteach in VIES lárnach go pras tar éis don Bhallstát í a fháil. Is gá an fhaisnéis a fhaightear a phróiseáil go tapa, ar chúiseanna teicniúla a bhaineann leis an méid sonraí chomh maith le hidirbhearta amhrasacha agus cásanna féideartha calaoise CBL a bhrath go luath. |
|
(8) |
Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit sa chomhrac in aghaidh na calaoise CBL agus chun calaoiseoirí a bhrath, ba cheart faisnéis aitheantais CBL agus faisnéis CBL maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal a bheith ar fáil in VIES lárnach ar feadh 10 mbliana. Is ionann an tréimhse sin agus an íostréimhse ama is gá do na Ballstáit chun rialuithe a dhéanamh go héifeachtach agus chun imscrúdú a dhéanamh ar chalaois a mheastar a bheith á déanamh ar cháin bhreisluacha nó chun calaois mar sin a bhrath. Tá sé comhréireach freisin nuair a chuirtear san áireamh an méid ollmhór faisnéise maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal agus íogaireacht na faisnéise mar shonraí tráchtála agus pearsanta. |
|
(9) |
Chun neamhréireanna a bhrath go tráthúil agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an gcumas atá ann calaois CBL a chomhrac, ba cheart do VIES lárnach a bheith in ann an fhaisnéis a bhailítear ón soláthróir agus ón bhfaighteoir araon a chros-seiceáil go huathoibríoch trí na ceanglais maidir le tuairisciú digiteach a tugadh isteach le Treoir (AE) 2025/516 a ghabhann le Treoir 2006/112/CE. Ba cheart torthaí na cros-seiceála sin a chur ar fáil do na Ballstáit le haghaidh na mbeart leantach iomchuí. |
|
(10) |
Thairis sin, lena cheadú do VIES lárnach cumais an chórais malartaithe faisnéise CBL atá i bhfeidhm faoi láthair dá ndéantar foráil in Airteagal 17(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a choinneáil ar bun, ba cheart VIES lárnach a bheith in ann faisnéis a chomhiomlánú freisin chun forbhreathnú a sholáthar ar sholáthairtí agus ar fhálacha arna dtuairisciú ag daoine inchánacha atá lonnaithe sna Ballstáit. Lena áirithiú go gceadaítear le VIES lárnach do Bhallstáit leanúint de rochtain a bheith acu ar fhaisnéis a chéile mar atá struchtúrtha faoi láthair laistigh den chóras malartaithe faisnéise CBL atá ann cheana, ba cheart do VIES lárnach tacú le comhiomlánú sonraí. |
|
(11) |
Chun tacú le húdaráis inniúla na mBallstát maidir le measúnú ceart a dhéanamh ar CBL, faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart CBL, calaois CBL a chomhrac, agus leas a bhaint as na sineirgí idir córais faisnéise éagsúla ina bhfuil faisnéis atá ábhartha maidir le CBL, ba cheart do VIES lárnach faisnéis a fhaightear ó na Ballstáit a phróiseáil in éineacht le haon fhaisnéis a chuirtear in iúl nó a bhailítear de bhun Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. |
|
(12) |
Ba cheart rochtain ar an bhfaisnéis in VIES lárnach a sholáthar ar bhonn riachtanas eolais. Maidir le rochtain ar shonraí íogaire a cheadú do na húsáideoirí sin a bhfuil na sonraí sin ábhartha go hintuartha, ba cheart iad a fhorfheidhmiú le ceadanna rochtana agus logaí rochtana lena gcosnaítear an fhaisnéis in VIES lárnach. Níor cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha eile seachas chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart CBL agus chun calaois CBL a chomhrac. Tá úsáideoirí uile le bheith faoi cheangal na rialacha rúndachta a leagtar síos in Airteagal 55 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. |
|
(13) |
Chun calaois CBL a chomhrac, ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis CBL maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal agus anailís a dhéanamh uirthi. Chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart dlíthe CBL, ba cheart d’oifigigh na mBallstát a sheiceálann an bhfuil feidhm ag an díolúine ó CBL ar earraí allmhairithe áirithe, a leagtar síos in Airteagal 143(1), pointe (d), de Threoir 2006/112/CE, rochtain a bheith acu freisin ar fhaisnéis aitheantais CBL a stóráiltear in VIES lárnach. Thairis sin, ar na cúiseanna céanna, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát oifigigh eile a roghnú ar gá dóibh rochtain dhíreach a bheith acu ar VIES lárnach agus an rochtain sin a dheonú dóibh nuair is gá. Ar deireadh, ba cheart do dhaoine ón gCoimisiún atá creidiúnaithe go cuí a bheith in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá in VIES lárnach, ach a mhéid is gá an rochtain sin amháin chun an córas sin a fhorbairt agus a chothabháil. |
|
(14) |
Chun imscrúdú a dhéanamh ar chalaois CBL a mheastar a bheith á déanamh agus chun an chalaois sin a bhrath, ba cheart rochtain dhíreach a bheith ag na córais faisnéise lena dtacaítear le líonra Eurofisc sa chomhrac in aghaidh na calaoise CBL, lena n-áirítear an córas Anailíse ar Líonraí Idirbheart agus an lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta (‘CESOP’), ar VIES lárnach. |
|
(15) |
Leis an líon sonraí agus a mhinice a tharchuirtear sonraí chuig VIES lárnach, tá gá le huathoibriú na sreabh faisnéise ó VIES lárnach chuig na córais leictreonacha náisiúnta. Leis an uathoibriú sin ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le cainéal cumarsáide meaisín go meaisín atá éifeachtúil agus slán, agus ba cheart a áirithiú leis nach bhfuil gá le hidirghabháil an duine a thuilleadh agus rochtain á fáil ar shonraí comhroinnte. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a bheith ag córais leictreonacha náisiúnta freisin trína dtarchuirtear faisnéis chuig VIES lárnach ar an bhfaisnéis a stóráiltear in VIES lárnach, lena n-áirítear an fhaisnéis phróiseáilte agus chomhiomlánaithe chun críocha rialaithe CBL agus ar mhaithe leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise CBL. |
|
(16) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na cúraimí atá le déanamh aige chun VIES lárnach a fhorbairt, a choinneáil, a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil, maidir leis na socruithe praiticiúla maidir le sainaithint na n-oifigeach agus na gcóras leictreonach agus na mionsonraí teicniúla a bhaineann le rochtain ag oifigigh agus córais leictreonacha ar VIES lárnach, le ceadanna rochtana mionsonraithe na n-oifigeach agus na gcóras leictreonach ar na sonraí mionsonraithe ar VIES lárnach ar cheart rochtain a dheonú ina leith, maidir le sonraí teicniúla agus formáid na faisnéise arna tarchur chuig VIES lárnach agus maidir le róil agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin agus iad ag gníomhú mar rialaitheoir agus mar phróiseálaí faoi Rialacháin (AE) 2016/679 (6) agus (AE) 2018/1725 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(17) |
Is fadhb choiteann do na Ballstáit uile í calaois CBL. Níl an fhaisnéis is gá ag na Ballstáit ina n-aonar lena áirithiú go gcuirtear na rialacha CBL i bhfeidhm i gceart agus chun dul i ngleic le calaois CBL. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, eadhon an comhrac in aghaidh na calaoise CBL, a ghnóthú go leordhóthanach de bharr nádúr trasteorann an mhargaidh inmheánaigh, ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(18) |
Féadann daoine inchánacha a éascaíonn soláthairtí earraí nó seirbhísí ach comhéadan leictreonach a úsáid a bheith faoi réir iarrataí ar thaifid ón mBallstát ina bhfuil na soláthairtí sin inchánach dá dtagraítear in Airteagal 242a de Threoir 2006/112/CE. Chun an t-ualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta ar na daoine inchánacha sin a laghdú agus chun dúbailt oibre a sheachaint, ba cheart don Bhallstát aitheantais na hiarrataí sin a chomhordú a oiread agus is féidir. Chun na críche sin, is gá foirm chaighdeánach a leagan síos chun an fhaisnéis sin a tharchur go leictreonach chuig na Ballstáit. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, i gcomhréir le hAirteagal 242a(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, leanúint de na taifid a iarraidh go díreach ón duine inchánach, atá le soláthar ar bhonn rialta córasach go dtí go mbeidh rochtain uathoibrithe ar na taifid sin ar fáil. |
|
(19) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na sonraí teicniúla don fhoirm chaighdeánach a ghlacadh, agus ba cheart na mionsonraí teicniúla, lena n-áirítear teachtaireachtaí leictreonacha coiteanna, maidir le taifid a chur isteach ag daoine inchánacha a éascaíonn soláthairtí trí chomhéadan leictreonach a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 242a de Threoir 2006/112/CE. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 |
|
(20) |
Le Treoir (AE) 2025/516 tugtar isteach scéim simplithe ionad ilfhreastail (OSS) i dTreoir 2006/112/CE le haghaidh daoine inchánacha a aistríonn earraí dílse áirithe thar teorainn. Dá bhrí sin, is gá an scéim sin a chomhtháthú i gcreat foriomlán na scéimeanna speisialta OSS CBL a leagtar amach i gCaibidil XI, Roinn 3, de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Ba cheart a áireamh léi go háirithe soláthar faisnéise idir na Ballstáit a n-aistrítear na hearraí uathu agus chucu. |
|
(21) |
Toisc go bhfuil an scéim simplithe OSS a tugadh isteach cuimsitheach agus go gcuimsítear inti gluaiseachtaí trasteorann earraí a chumhdaítear le socruithe stoic ar glao i gcomhréir le hAirteagal 17a de Threoir 2006/112/CE, baineadh na socruithe sin as Treoir 2006/112/CE. Is gá an leasú sin ar Threoir 2006/112/CE a léiriú in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. |
|
(22) |
Shainaithin páirtithe leasmhara gur riosca féideartha í mí-úsáid uimhreacha aitheantais CBL an ionaid ilfhreastail allmhairiúcháin. Chun úsáid cheart agus próiseas fíoraithe uimhreacha aitheantais IOSS CBL a dhaingniú ar bhealach níos fearr, is gá Airteagal 47h de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 lena ndeonaítear rochtain d’údaráis chustaim ar fhaisnéis maidir le trádálaithe atá cláraithe le IOSS a leathnú, rud a chuirfidh feabhas ar bhainistíocht riosca agus cumais rialaithe na n-údarás custaim sin. |
|
(23) |
Chun rialuithe a fheabhsú i ndáil leis an scéim allmhairiúcháin, is gá luach iomlán na n-earraí a allmhairítear faoin scéim allmhairiúcháin in aghaidh na huimhreach aitheantais CBL IOSS in aghaidh an Bhallstáit tomhaltais a chur le hAirteagal 17(1), pointe (e) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. |
|
(24) |
Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n-aithint i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Áirithítear leis an Rialachán seo go háirithe go dtabharfar lánurraim don cheart chun sonraí pearsanta a chosaint a leagtar síos in Airteagal 8 den Chairt. I ndáil leis sin, cuirtear teorainn dhocht sa Rialachán seo leis an méid sonraí pearsanta a chuirfear ar fáil do na húdaráis chánach. Níor cheart próiseáil faisnéise maidir le idirbhearta laistigh den Chomhphobal de bhun an Rialacháin seo a dhéanamh ach amháin chun críocha an Rialacháin seo. |
|
(25) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 3 Márta 2023 (9). |
|
(26) |
De bhrí go mbeidh gá le forbairtí teicneolaíocha nua chun lárchóras VIES a chur chun feidhme, ní mór cur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann le VIES lárnach a chur siar chun go mbeidh an deis ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún na teicneolaíochtaí sin a fhorbairt. |
|
(27) |
Le rochtain uathoibrithe ar fhaisnéis maidir le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal, a tuairiscíodh trí ráitis achoimreacha, déantar difear díreach d’éifeachtúlacht na rialuithe CBL. Dá bhrí sin, ba cheart an córas malartaithe faisnéise CBL atá ann faoi láthair dá ndéantar foráil in Airteagal 17(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse ama tar éis deireadh a chur leis na ráitis achoimreacha sin. Lastall den tréimhse sin, ba cheart forálacha ábhartha an chórais malartaithe faisnéise CBL atá ann faoi láthair a scriosadh agus ba cheart an fhaisnéis arna tuairisciú trí ráitis achoimreacha a bheith inrochtana fós arna iarraidh. |
|
(28) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 is infheidhme ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo
In Airteagal 17(1), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
‘(e) |
sonraí maidir leis na huimhreacha aitheantais CBL dá dtagraítear in Airteagal 369q de Threoir 2006/112/CE a eisíodh agus de réir na huimhreach aitheantais CBL arna heisiúint ag aon Bhallstát, luach iomlán na n-allmhairí earraí atá díolmhaithe faoi Airteagal 143(1), pointe (ca), den Treoir sin le linn gach míosa, in aghaidh an Bhallstáit tomhaltais mar a shainmhínítear in Airteagal 369l, an dara mír, pointe (4) den Treoir sin;’. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 is infheidhme ón 1 Iúil 2028
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Leagtar síos sa Rialachán seo freisin rialacha agus nósanna imeachta maidir le faisnéis CBL a bhaineann le hearraí agus le seirbhísí a sholáthraítear nó earraí a aistrítear a mhalartú trí mhodhanna leictreonacha, i gcomhréir leis na scéimeanna speisialta dá ndéantar foráil i dTeideal XII, Caibidil 6, de Threoir 2006/112/CE agus, chomh maith leis sin, rialacha agus nósanna imeachta maidir le haon mhalartú faisnéise a dhéanfar ina dhiaidh sin agus, i dtaobh earraí agus seirbhísí a chumhdaítear leis na scéimeanna speisialta, maidir le hairgead a aistrítear idir údaráis inniúla na mBallstát.’ |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Chun críocha gach scéime speisialta, beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe atá le fáil in Airteagail 358, 358a, 369a, 369l agus 369xa de Threoir 2006/112/CE chun críocha an Rialacháin seo.’ |
|
(3) |
in Airteagal 17(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
; |
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47b: ‘Airteagal 47b 1. Déanfaidh na Ballstáit foráil go ndéanfaidh daoine inchánacha a bhaineann úsáid as an scéim speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 2 de Threoir 2006/112/CE an fhaisnéis a leagtar síos in Airteagal 361 den Treoir sin a sholáthar don Bhallstát aitheantais trí mhodhanna leictreonacha. Déanfaidh daoine inchánacha a bhaineann úsáid as na scéimeanna speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, Ranna 3 agus 5, de Threoir 2006/112/CE na mionsonraí maidir lena sainaithint nuair a chuirtear tús lena ngníomhaíochtaí a sholáthar don Bhallstát aitheantais trí mhodhanna leictreonacha de bhun Airteagail 369c agus 369xc den Treoir sin. Déanfaidh daoine inchánacha aon athrú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear de bhun Airteagal 361(2), Airteagal 369c agus Airteagal 369xc de Threoir 2006/112/CE a chur isteach trí mhodhanna leictreonacha freisin. 2. Déanfaidh an Ballstát aitheantais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur chuig údaráis inniúla na mBallstát eile trí mhodhanna leictreonacha laistigh de 10 lá ó dheireadh na míosa ina bhfuarthas an fhaisnéis ón duine inchánach agus úsáid á baint as ceann de na scéimeanna speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, Ranna 2, 3 agus 5 de Threoir 2006/112/CE. Cuirfidh an Ballstát aitheantais údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas ar an mbealach céanna faoi na huimhreacha aitheantais CBL dá dtagraítear sna ranna sin. 3. I gcás ina n-eisiatar duine inchánach a bhaineann úsáid as ceann de na scéimeanna speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, Roinn 2, 3 agus 5, de Threoir 2006/112/CE ón scéim speisialta sin, cuirfidh an Ballstát aitheantais údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas maidir leis sin trí mhodhanna leictreonacha agus gan mhoill.’ |
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47d: ‘Airteagal 47d 1. Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil an tuairisceán CBL leis na mionsonraí a leagtar amach in Airteagail 365, 369g, 369t agus 369xg de Threoir 2006/112/CE le cur isteach trí mhodhanna leictreonacha. 2. Déanfaidh an Ballstát aitheantais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur trí mhodhanna leictreonacha chuig údarás inniúil an Bhallstáit tomhaltais, nó chuig údaráis inniúla na mBallstát ar seoladh nó a iompraíodh na hearraí uathu nó chucu, tar éis an dáta ar ar ghá an tuairisceán CBL a chur isteach i gcomhréir le Treoir 2006/112/CE ach tráth nach déanaí ná 20 lá tar éis dheireadh na míosa inar ghá an tuairisceán CBL a chur isteach. Déanfaidh an Ballstát aitheantais an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 369g(2) de Threoir 2006/112/CE a tharchur chuig údarás inniúil gach Ballstáit eile óna seoltar nó óna n-iompraítear earraí agus an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 369g(3) de Threoir 2006/112/CE chuig údarás inniúil gach Ballstáit de bhunaíocht lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit a d’éiligh go ndéanfaí an tuairisceán CBL in airgeadra náisiúnta seachas an euro na méideanna a chomhshó in euro agus úsáid á baint as an ráta malairte atá bailí den lá deireanach na tréimhse cánach. Déanfar an malartú de réir na rátaí malairte arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach don lá sin, nó, mura bhfuil aon fhoilseachán ann an lá sin, ar an gcéad lá foilseacháin eile.’ |
|
(6) |
in Airteagal 47h, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Chun críocha na chéad mhíre den Airteagal seo, deonóidh na Ballstáit rochtain d’údaráis inniúla ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 369p(1) agus (3) de Threoir 2006/112/CE.’ ; |
|
(7) |
Leasaítear Airteagal 47i mar a leanas:
|
|
(8) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 47ia Déanfaidh an Coimisiún, faoi chuimsiú athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, measúnú ar an bhféidearthacht rochtain uathoibrithe a chumasú idir na Ballstáit ar thaifid arna soláthar don Bhallstát aitheantais ag daoine inchánach atá cláraithe in aon cheann de na scéimeanna speisialta a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 6, de Threoir 2006/112/CE.’ |
|
(9) |
in Airteagal 47j(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na cheád fomhíre: ‘Gan dochar d’Airteagal 7(4), má chinneann an Ballstát tomhaltais nó an Ballstát ar seoladh nó ar iompraíodh na hearraí uaidh nó chuige go bhfuil gá le fiosrúchán riaracháin, rachaidh sé i gcomhairle ar dtús leis an mBallstát aitheantais maidir leis an ngá atá leis an bhfiosrúchán sin.’ ; |
|
(10) |
cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach: ‘CAIBIDIL XIa Forálacha a bhaineann le hoibleagáidí coimeádta taifid maidir le daoine inchánacha lena n-éascaítear soláthairtí earraí nó seirbhísí trí choimhéadain leictreonacha a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 242a de Threoir 2006/112/CE Airteagal 47m 1. Chun na taifid atá i seilbh duine inchánach a fháil de bhun Airteagal 242a de Threoir 2006/112/CE, agus gan dochar do mhír 2, an dara fhomhír, den Airteagal sin, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil na soláthairtí dá dtagraítear san Airteagal sin inchánach iarraidh ar dtús ar Bhallstát ina sainaithnítear duine inchánach chun críocha CBL trí mhodhanna leictreonacha. 2. I gcás ina bhfaigheann Ballstát ina sainaithnítear duine inchánach chun críocha CBL iarraidh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát sin an iarraidh a tharchur trí mhodhanna leictreonacha agus gan mhoill chuig an duine inchánach. 3. Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil duine inchánach, arna iarraidh sin, le cur isteach na taifid a iarrtar trí mhodhanna leictreonacha chuig an mBallstát ina sainaithnítear an duine inchánach sin chun críocha CBL, ar Ballstát é a tharchuir an iarraidh. Ceadóidh na Ballstáit na taifid a bheith curtha isteach trí fhoirm chaighdeánach a úsáid. 4. An Ballstát ina sainaithnítear duine inchánach chun críocha CBL agus a tharchuir an iarraidh, cuirfidh sé na taifid a fhaightear dá dtagraítear de bhun mhír 3 den Airteagal seo isteach go leictreonach agus gan mhoill chuig an mBallstát iarrthach ina bhfuil na soláthairtí dá dtagraítear in Airteagal 242a de Threoir 2006/112/CE inchánach. 5. I gcás nach bhfaigheann an Ballstát iarrthach ina bhfuil na soláthairtí dá dtagraítear in Airteagal 242a de Threoir 2006/112/CE inchánach na taifid laistigh de 30 lá ón dáta a dhéantar an t-iarratas, féadfaidh an Ballstát sin aon bheart a dhéanamh i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta chun na taifid sin a fháil. Airteagal 47n Sonróidh an Coimisiún an méid seo a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2). Airteagal 47o Déanfaidh an Coimisiún, faoi chuimsiú athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, measúnú ar an bhféidearthacht rochtain uathoibrithe a thabhairt do na Ballstáit ar shonraí arna soláthar don Bhallstát bunaíochta ag ardáin faoi chuimsiú a n-oibleagáidí i leith taifid a choimeád.’. |
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 is infheidhme ón 1 Iúil 2029
Leasaítear Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
; |
|
(2) |
i bpointe (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh: ‘luach iomlán na soláthairtí earraí agus seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (b) ó gach duine dá dtagraítear i bpointe (c) do gach duine a bhfuil uimhir aitheantais CBL acu arna heisiúint ag Ballstát eile faoi na coinníollacha seo a leanas:’. |
Airteagal 4
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 is infheidhme ón 1 Iúil 2030
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h):
; |
|
(2) |
in Airteagal 17(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
(*1) Treoir (AE) 2022/890 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse chur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL (IO L 155, 8.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/890/oj).’;" |
|
(3) |
i gCaibidil V, cuirtear an roinn seo a leanas leis: ‘ROINN 3 LÁRCHÓRAS LEICTREONACH MAIDIR LE FAISNÉIS CBL A MHALARTÚ Airteagal 24g 1. Déanfaidh an Coimisiún lárchóras leictreonach malartaithe faisnéise CBL (“VIES lárnach”) a fhorbairt, a chothabháil, a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1. 2. Déanfaidh gach Ballstát córas leictreonach náisiúnta a fhorbairt, a chothabháil, a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil chun an fhaisnéis seo a leanas a tharchur go huathoibríoch chuig VIES lárnach:
Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an gcaighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna faoi mar a leagtar amach i dTreoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (*2) Sonróidh an Coimisiún trí bhíthin gníomh cur chun feidhme mionsonraí agus formáid na faisnéise a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2). 3. Féadfaidh gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 24j, pointí (a) go (d) a stóráil sa chóras leictreonach náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, faoi réir na gceadanna rochtana dá dtagraítear in Airteagal 24k(3), pointe (b). Airteagal 24h 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcoimeádfar an fhaisnéis atá ar fáil in VIES lárnach cothrom le dáta, iomlán agus cruinn. Trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún na critéir síos lena gcinnfear cé na hathruithe nach bhfuil sách ábhartha, fíor-riachtanach nó úsáideach lena dtarchur in VIES lárnach. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2). 2. Agus measúnú á dhéanamh orthu, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú, agus measúnú á dhéanamh acu, gur iomlán agus cruinn atá na sonraí a sholáthraíonn daoine inchánacha agus daoine dlítheanacha neamh-inchánacha lena sainaithint chun críocha CBL i gcomhréir le hAirteagal 214 de Threoir 2006/112/CE sula ndéantar iad a tharchur chuig VIES lárnach. Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta chun feidhme chun na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin arna gcinneadh de réir thorthaí a measúnaithe riosca a sheiceáil. Déanfar na seiceálacha, i bprionsabal, sula n-aithneofar iad chun críocha CBL nó, i gcás nach ndéanfar ach réamhsheiceálacha roimh an tsainaithint sin, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis na sainaitheanta sin. 3. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi na bearta a cuireadh chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta chun cáilíocht agus iontaofacht na faisnéise a áirithiú de bhun mhír 2. 4. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 24g(2) a tharchur go huathoibríoch in VIES lárnach gan mhoill. Saineoidh an Coimisiún na mionsonraí maidir leis na moilleanna teicniúla inghlactha i ngníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2). 5. De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 24g(2), pointe (a) a chur isteach go huathoibríoch in VIES lárnach tráth nach déanaí ná lá amháin tar éis an fhaisnéis arna cur faoi bhráid na n-údarás inniúil ag an duine inchánach a bhailiú. 6. Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 24g(2) ar fáil in VIES lárnach go ceann 10 mbliana ó dheireadh na bliana inar tarchuireadh an fhaisnéis chuige. Airteagal 24i 1. Déanfaidh na Ballstáit VIES lárnach a thabhairt cothrom le dáta go huathoibríoch lena áirithiú go dtaispeánfar an uimhir aitheantais CBL, dá dtagraítear in Airteagal 214 de Threoir 2006/112/CE, a bheith neamhbhailí ann sna cásanna seo a leanas:
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), beidh sé de cheart ag na daoine lena mbaineann a chruthú ar bhealaí eile gurb ann do ghníomhaíocht eacnamaíoch. Na cásanna a liostaítear sa chéad fhomhír, ní dochar iad d’aon rialacha náisiúnta lena ndéantar foráil maidir le cásanna breise. 2. Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil deireadh le gníomhaíocht eacnamaíoch sna cásanna seo a leanas ar a laghad:
Na cásanna a liostaítear sa chéad fhomhír seo, ní dochar iad d’aon rialacha náisiúnta lena ndéantar foráil maidir le cásanna breise. Airteagal 24j Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag VIES lárnach maidir le faisnéis a gheofar de bhun Airteagal 24g(2):
Airteagal 24k 1. Tabharfaidh gach Ballstát rochtain uathoibrithe ar VIES lárnach, i gcomhréir leis na ceadanna rochtana dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), do na daoine seo a leanas:
2. Tabharfaidh gach Ballstát rochtain uathoibrithe ar VIES lárnach, i gcomhréir leis na ceadanna rochtana dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), do na daoine seo a leanas:
3. Sonróidh an Coimisiún an méid seo a leanas trí bhíthin gníomh cur chun feidhme:
Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2). Airteagal 24l 1. Is as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann le VIES lárnach a bhunú, a oibriú agus a chothabháil. Áireofar ar na costais sin na costais a bhaineann leis an nasc slán idir VIES lárnach agus na córais leictreonacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24g(2), agus costais na seirbhísí is gá chun na feidhmeanna a liostaítear in Airteagal 24j a chur i gcrích. 2. Íocfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann leis na forbairtí uile is gá ar a chóras leictreonach náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24g(2) chun malartú faisnéise a cheadú tríd an Líonra Cumarsáide Coitinn (CCN) a úsáid, nó aon líonra comhchosúil eile, agus beidh sé freagrach as na forbairtí sin freisin. Airteagal 24m Sonróidh an Coimisiún an méid seo a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2). (*2) Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh i gcás an tsoláthair phoiblí (IO L 133, 6.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/55/oj).’ " |
Airteagal 5
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 is infheidhme ón 1 Iúil 2032
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 17(1), scriostar pointí (a), (b) agus (c); |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
|
(4) |
scriostar Airteagail 22 agus 23; |
|
(5) |
in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Áiritheoidh údaráis inniúla gach Ballstáit go gceadófar do dhaoine a bhfuil baint acu le soláthar earraí nó seirbhísí laistigh den Chomhphobal agus do dhaoine inchánacha neamhbhunaithe a sholáthraíonn seirbhísí deimhniú a fháil trí mhodhanna leictreonacha chun críocha na n-idirbheart sin maidir le bailíocht uimhreach aitheantais CBL aon duine sonraithe, chomh maith leis an ainm agus an seoladh gaolmhar. Freagróidh an fhaisnéis sin do na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 24g(2).’. |
Airteagal 6
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Iúil 2028.
Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 1 Iúil 2029.
Beidh feidhm ag Airteagal 4 ón 1 Iúil 2030.
Beidh feidhm ag Airteagal 5 ón 1 Iúil 2032.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Marta 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) Toiliú ón 22 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)
(2) IO C 228, 29.6.2023, lch. 149.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/904/oj).
(4) Treoir (AE) 2025/516 ón gComhairle an 11 Márta 2025 (IO L, 2025/516, 25.3.2025, http://data.europa.eu/eli/dir/2025/516/oj).
(5) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).
(6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(7) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/517/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)