European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/514

17.3.2025

CINNEADH (CBES) 2025/514 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Márta 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1).

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda agus ó dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, ba cheart eintiteas amháin a chur le liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2016/1693/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal ‘B. Grúpaí, gnóthais agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3’:

‘7.

Al-Azaim Media Foundation.’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/514/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)