European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/506

20.3.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/506 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Márta 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 a mhéid a bhaineann leis an modh tagartha agus údarú lumiVAST Trichinella mar mhodh coibhéiseach chun Trichinella a bhrath i bhfeoil ó mhucra clóis

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 18(8), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/625, leagtar síos, inter alia, rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus maidir le gníomhaíocht a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le táirgeadh táirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine.

(2)

Paraisít is ea Trichinella is féidir a bheith i bhfeoil speiceas soghabhálach, amhail mucra clóis, agus is cúis le tinneas bia-iompartha i ndaoine nuair a itear feoil ionfhabhtaithe. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla le haghaidh Trichinella i bhfeoil, lena n-áirítear rialacha maidir le scrúdú saotharlainne a dhéanamh ar shamplaí conablach ó mhucra clóis.

(3)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 leagtar amach na modhanna braite le haghaidh Trichinella, agus le Caibidil I den Iarscríbhinn sin foráiltear gurb é ISO 18743:2015 an modh braite tagartha chun scrúdú a dhéanamh ar shamplaí le haghaidh Trichinella.

(4)

Sa mhodh tagartha ISO 18743:2015 ní shonraítear meáchan an tsampla atá le tógáil i gcás conablaigh iomlána de mhucra clóis agus gearrthacha feola uathu. Chun íogaireacht an mhodha agus cur chuige comhchuibhithe a áirithiú, ba cheart na meáchain sin a leagan síos. Ina theannta sin, tugadh ISO 18743:2015 cothrom le dáta in 2023, agus is é ISO 18743:2015/Amd1:2023 an leagan nua de. Ba cheart a áirithiú go dtagraítear don leagan seo is déanaí den mhodh ISO. Ba cheart Caibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 a leasú dá réir sin.

(5)

Thairis sin, i gCaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 liostaítear modhanna braite coibhéiseacha atá údaraithe chun scrúdú a dhéanamh ar shamplaí le haghaidh Trichinella.

(6)

Ar chúiseanna comhsheasmhachta, ba cheart tagairt a dhéanamh don mhodh is déanaí den ISO sna tagairtí don mhodh ISO i gCaibidil II d’Iarscríbhinn I, agus ba cheart tagairt a dhéanamh do Chaibidil I den Iarscríbhinn sin chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag meáchan na samplaí freisin mar a leagadh síos é i gcás tástáil ina mbaintear úsáid as modh coibhéiseach.

(7)

An 3 Meán Fómhair 2024 chuir an tSaotharlann Tagartha AE um Paraisítí tuarascáil ar aghaidh chuig an gCoimisiún maidir le bailíochtú lumiVAST Trichinella chun scrúdú a dhéanamh ar shamplaí feola ó mhucra clóis le haghaidh Trichinella. Is é seo a leanas conclúid na tuarascála: ‘de réir thorthaí na mbabhtaí bailíochtúcháin, tá lumiVAST Trichinella oiriúnach chun larbhaí Trichinella spp. a bhrath i samplaí matáin ó mhuca. Is le haghaidh cigireacht ar fheoil muice amháin a úsáidfear an modh sin, ós rud é nár bailíochtaíodh an fearas le haghaidh speiceas ainmhíoch eile.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart lumiVAST Trichinella a údarú mar mhodh coibhéiseach chun scrúdú a dhéanamh ar shamplaí ó chonablaigh mucra clóis le haghaidh Trichinella. Tá sé ríthábhachtach an trealamh a chalabrú chun feidhmíocht optamach na tástála a áirithiú. Ba cheart a leagan síos freisin conas tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh i gcás ina bhfaightear toradh dearfach nó neamhchinnte le linn scrúdú ar shampla comhthiomsaithe. Dá bhrí sin, ba cheart Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 a leasú dá réir sin.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil I:

‘CAIBIDIL I

MODH BRAITE TAGARTHA

1.

Is é ISO 18743:2015/Amd1:2023 an modh braite tagartha a bheidh ann chun scrúdú a dhéanamh ar shamplaí le haghaidh Trichinella.

2.

Ní bheidh feidhm ag na rialacha seo a leanas ach amháin maidir le scrúdú a dhéanamh ar fheoil ó mhucra clóis:

(a)

I gcás conablaigh iomlána mucra clóis seachas cránacha pórúcháin agus toirc, tógfar eiseamal 1g ar a laghad ó cholún den scairt san áit ina n-aistríonn sé chuig an gcuid fhéitheogach. Féadfar teanchair speisialta trichinae a úsáid, ar choinníoll gur féidir beachtas idir 1,00 agus 1,15g a ráthú.

I gcás conablaigh iomlána de chránacha pórúcháin agus toirc, tógfar sampla níos mó, a bhfuil meáchan 2g ar a laghad ann, ó cholún den scairt san áit ina n-aistríonn sé chuig an gcuid fhéitheogach.

Murab ann do cholúin den scairt, tógfar eiseamal 2g ón gcuid den scairt atá cóngarach do na heasnacha nó don steirneam, nó ó mheatán an ghéill, ón teanga nó ó mheatáin an abdómain i gcás mucra clóis seachas cránacha pórúcháin agus toirc, agus tógfar eiseamal 4g ó na fíocháin chéanna i gcás cránacha pórúcháin agus torc.

(b)

I gcás gearrthacha feola, tógfar sampla a bhfuil meáchan 5g ar a laghad ann de mheatán stríocach, gan mórán saille, ó áit atá cóngarach do chnámha nó do theannáin más féidir. Tógfar sampla den mhéid céanna ó fheoil nach mbeartaítear í a chócaráil go han-mhaith nó nach mbeartaítear próiseáil de chineál eile a dhéanamh uirthi tar éis an mharaithe.’;

(2)

Leasaítear Caibidil II mar a leanas:

(a)

cuirtear an fhoclaíocht ‘ISO 18743:2015/Amd1:2023’ in ionad ‘ISO 18743:2015’ sna forálacha seo a leanas:

(i)

Cuid A, pointe 1(o) agus (q), an dara mír;

(ii)

Cuid A, pointe 3.IV, an chéad abairt agus an abairt deiridh;

(iii)

Cuid C, pointe 1(f), an dara mír;

(iv)

Cuid D, pointe 1(m), an dara mír;

(v)

Cuid D, pointe 3.II, an ceannteideal; agus

(vi)

Cuid D, pointe 3.III, an chéad abairt agus an tríú abairt;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta i gCuid A, pointe 2, i gCuid B, pointe 2, i gCuid C, pointe 2, agus i gCuid D, pointe 2:

‘2.   Eiseamail a thógáil agus an chainníocht atá le díleá

Mar a leagtar síos i gCaibidil I agus i bpointe 4.2 de ISO 18743:2015/Amd1:2023 (féach freisin Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis sin chun tuilleadh sonraí a fháil).’;

(c)

cuirtear an Chuid F seo a leanas leis:

‘F.   Brath uathoibrithe Trichinella spp. agus úsáid á baint as an modh lumiVAST Trichinella

Ní mheasfar an modh seo a bheith coibhéiseach ach amháin le haghaidh tástáil feola ó mhucra clóis

Déanfar an t-ullmhú samplaí agus an anailís i gcomhréir leis na treoracha a sholáthraíonn an monaróir. Gach gaireas a úsáidtear le haghaidh an mhodha sin, déanfar é a chalabrú agus a chothabháil i gcomhréir leis na treoracha a sholáthraíonn an monaróir.

I gcás ina bhfaightear toradh dearfach nó neamhchinnte le linn scrúdú ar shampla comhthiomsaithe, tógfar sampla 20g breise ó cholún den scairt nó ó fhíochán eile ó gach muc i gcomhréir le Caibidil I.

Déanfar na samplaí 20g ó 5 mhuc a chomhthiomsú agus déanfar scrúdú orthu agus úsáid á baint as an modh céanna.

I gcás ina bhfaightear toradh dearfach ó ghrúpa de 5 mhuc, tógfar sampla breise 20g ó gach muc sa ghrúpa agus déanfar scrúdú ar gach sampla acu ar leithligh agus úsáid á baint as an modh céanna.

I gcás ina bhfaightear toradh dearfach nó neamhchinnte, déanfar 20g de mhatán muice ar a laghad a sheoladh chuig an tsaotharlann tagartha náisiúnta lena dheimhniú agus úsáid á baint as an modh tagartha a leagtar síos i gCaibidil I.

Coimeádfar samplaí paraisíte in alcól eitile 70–90 % chun iad a chaomhnú agus a shainaithint ar leibhéal an speicis i saotharlann tagartha an Aontais nó sa tsaotharlann tagartha náisiúnta.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2015 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla le haghaidh Trichinella i bhfeoil (IO L 212, 11.8.2015, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1375/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/506/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)