|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/502 |
13.3.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/502 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Márta 2025
lena n-údaraítear an Ghréig beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 395(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 2 Iúil 2024, d’iarr an Ghréig údarú le haghaidh beart speisialta de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE chun ríomhshonrascadh sainordaitheach a thabhairt isteach le haghaidh na n-idirbheart uile a dhéantar idir daoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Gréige (‘an beart speisialta’). Iarradh an beart speisialta ar feadh tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Ghréig chuig na Ballstáit eile, i litreacha dar dáta an 24 Meán Fómhair 2024 (‘an iarraidh’). Le litir dar dáta an 25 Meán Fómhair 2024, thug an Coimisiún fógra don Ghréig go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a thabhairt ar an iarraidh. |
|
(3) |
Tá ardán digiteach ar a dtugtar ‘myDATA’ i bhfeidhm ag an nGréig. Eintitis a bhfuil sé d’oibleagáid orthu taifid chuntasaíochta a choinneáil faoin reachtaíocht náisiúnta, tá oibleagáid orthu freisin sonraí idirbheart maidir le hioncaim agus costais a tharchur chuig an ardán sin. Le cur chun feidhme an bhirt speisialta, bheifí in ann na sonraí ó shonraisc leictreonacha a tharchur go díreach chuig an ardán myDATA. Dá thoradh sin, shroichfeadh an fhaisnéis ardcháilíochta an t-ardán myDATA i bhfíor-am, rud a fhágfadh go mbeadh riarachán cánach na Gréige in ann cásanna neamhdhearbhaithe nó tearcdhearbhaithe cánach breisluacha (CBL) a bhrath ar bhealach níos éasca agus níos sciobtha. Thairis sin, chuideofaí leis sin an riarachán cánach calaois chiorclach nó ‘rothlach’ a chomhrac, rud a ghiorródh an t-am a theastaíonn chun na páirtithe lena mbaineann a shainaithint. |
|
(4) |
Measann an Ghréig nach mbeadh ualach an-ard ag baint le cur chun feidhme an bhirt speisialta maidir le daoine inchánacha, toisc go bhfuil ríomhshonrascadh coitianta cheana in go leor earnálacha den gheilleagar. Tá an Ghréig ar tí ríomhshonrascadh sainordaitheach a chur chun feidhme freisin i réimse an tsoláthair phoiblí. Thairis sin, leis an mbeart speisialta bheadh sé níos éasca tuairisceáin CBL réamhlíonta a eisiúint agus bheadh daoine inchánacha in ann níos mó ná oibleagáid amháin a chomhlíonadh ag aon am amháin, rud a laghdódh earráidí agus costais riaracháin. De réir na Gréige, dhéanfaí an méadú ar chostais ar ghnólachtaí mar gheall ar an mbeart speisialta a chúiteamh trí laghdú a dhéanamh ar na costais a bhaineann le sonraisc pháipéir a eisiúint, a sheoladh agus a stóráil, agus trí na tairbhí do dhaoine inchánacha a eascraíonn as feabhas a chur ar a bpróisis trí dhigitiú. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Ghréig a údarú an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2027. I gcás ina measann an Ghréig gur gá síneadh a cur leis an mbeart speisialta tar éis 2027, ba cheart di iarraidh ar shíneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta a bheith ag gabháil leis an iarraidh sin, lena n-áirítear measúnú ar a éifeachtaí a bhí an beart speisialta chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. |
|
(6) |
Mar sin féin, ba cheart don bheart speisialta sin scor d’fheidhm a bheith aige ó dháta chur i bhfeidhm córas ginearálta maidir le ríomhshonrascadh arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó ar bhonn aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh sin, má thagann córas ginearálta den sórt sin chun bheith infheidhme roimh an 31 Nollaig 2027. |
|
(7) |
Leis an bheart speisialta, níor cheart difear a dhéanamh do cheart na gcustaiméirí sonraisc pháipéir a fháil i gcás idirbhearta laistigh den Chomhphobal. |
|
(8) |
Tá an beart speisialta comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú ós rud é go bhfuil teorainn ama agus raon feidhme leis. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n-aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile. |
|
(9) |
Ní dhéanfaidh an beart speisialta difear diúltach do mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais deiridh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 218 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear an Ghréig gan glacadh ach le sonraisc arna n-eisiúint ag daoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Gréige i bhfoirm doiciméad nó teachtaireachtaí i bhformáid leictreonach.
Airteagal 2
De mhaolú ar Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear an Ghréig foráil a dhéanamh nach mbeidh úsáid ríomhshonrasc arna n-eisiúint ag daoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Gréige faoi réir ghlacadh an fhaighteora atá bunaithe i gcríoch na Gréige.
Airteagal 3
Tabharfaidh an Ghréig fógra don Choimisiún faoi na bearta náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme an beart speisialta a leagtar amach in Airteagail 1 agus 2.
Airteagal 4
1. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Iúil 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027.
2. Aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í faoin 31 Márta 2027, agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina mbeidh measúnú ar a éifeachtaí a bhí na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. Ina theannta sin, déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar thionchar na mbeart sin ar dhaoine inchánach agus go háirithe cé acu a mhéadaíonn nó nach méadaíonn na bearta sin a n-ualach riaracháin agus a gcostais riaracháin.
3. Mar sin féin, i gcás ina ndéanann an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiúan Aontais Eorpaigh nó ar bhonn aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh sin, córas ginearálta maidir le ríomhshonrascadh a thabhairt isteach, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige an dáta a thiocfaidh an córas ginearálta sin chun bheith infheidhme.
Airteagal 5
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 6
Is chuig an bPoblacht Heilléanach a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Márta 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. SIEMONIAK
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/502/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)