|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/496 |
12.3.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/496 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Márta 2025
maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le galar crúb agus béil san Ungáir
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1619)
(Is iad na téacsanna Ungáirise agus Slóvaicise agus amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é an galar crúb agus béil a bhíonn ar ainmhithe in ord mamach Artiodactyla agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráig den ghalar crúb agus béil in ainmhithe in ord mamach Artiodactyla, tá baol suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina bhfuil ainmhithe soghabhálacha ar coimeád. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, foráiltear in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear an galar crúb agus béil, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(4) |
Chuir an Ungáir an Coimisiún ar an eolas faoi staid reatha an ghalair crúb agus béil ar a críoch, tar éis ráig den ghalar sin i mbunaíocht ina gcoimeádtar bó-ainmhithe i gContae Győr-Moson-Sopron san Ungáir, ráig a deimhníodh an 6 Márta 2025, atá an-ghar don teorainn leis an tSlóvaic. I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, bhunaigh an Ungáir crios srianta, ina gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Tá an Coimisiún curtha ar an eolas ag an tSlóvaic freisin, tar éis na tuairisce ar ionfhabhtú galair crúb agus béil san Ungáir gar dá teorainn, go bhfuil crios faireachais bunaithe ar a críoch aici i gcomhar leis an Ungáir, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(5) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní gan údar ar thrádáil ag tríú tíortha a sheachaint, is gá an crios srianta i dtaca leis an ngalar crúb agus béil, ina bhfuil na criosanna cosanta agus faireachais, a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais san Ungáir agus sa chrios faireachais sa tSlóvaic, i gcomhar leis na Ballstáit sin. |
|
(6) |
Bunaíodh méid na gcriosanna cosanta agus faireachais agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an ngalar crúb agus béil sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán san Ungáir maidir leis an ngalar sin, mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair. |
|
(7) |
Dá réir sin, ba cheart na limistéir a aithnítear mar chriosanna cosanta agus faireachais san Ungáir, agus an crios faireachais sa tSlóvaic, a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú. |
|
(8) |
I bhfianaise a phráinní atá an staid eipidéimeolaíoch san Ungáir a mhéid a bhaineann le leathadh an ghalair crúb agus béil agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ón mbunaíocht atá buailte san Ungáir go codanna eile den Bhallstát sin nó go Ballstáit eile nó go tríú tíortha, is iomchuí go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
|
(9) |
Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart na criosanna cosanta agus faireacháin agus na criosanna srianta san Ungáir, agus an crios faireachais sa tSlóvaic, a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, go dtí na dátaí a leagtar amach ann. |
|
(10) |
Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Bunóidh an Ungáir agus an tSlóvaic láithreach crios srianta, ina mbeidh crios cosanta agus crios faireachais san Ungáir, agus crios faireachais sa tSlóvaic, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
2. Áiritheoidh siad na nithe seo a leanas:
|
(a) |
go gcuimseoidh an crios cosanta agus an crios faireachais dá dtagraítear i mír 1 ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; agus |
|
(b) |
maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais, go gcuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 15 Aibreán 2025.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig an Ungáir agus chuig Poblacht na Slóvaice.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i dtaca le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca nach beag ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
IARSCRÍBHINN
Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig dheimhnithe
|
Tír |
Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta san Ungáir dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a mbeidh sé infheidhme go dtí é |
|
An Ungáir |
HU-FMD-2025-00001 |
Protection zone: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.745480, Long. 17.694840 |
10.4.2025 |
|
Surveillance zone: Those parts of Hungary, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on ETRS89 coordinates Lat. 47.745480, Long. 17.694840, excluding the areas contained in the protection zone |
10.4.2025 |
||
|
An tSlóvaic |
HU-FMD-2025-00001 |
Surveillance zone: In district Dunajská: the municipalieis of Streda - Medveďov, Sap, Baloň, Čilížska Radvaň and Klúčovec. In district Komárno: the municipalieis of Číčov, Trávnik and Kližská Nemá. |
10.4.2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/496/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)