|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/487 |
12.3.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/487 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1890 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (1), agus go háirithe Airteagal 12(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1890. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart an iontráil do dhuine amháin atá faoi réir bearta sriantacha a scriosadh. |
|
(3) |
Ba cheart Rialachán (AE) 2019/1890 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) IO L 291, 12.11.2019, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1890/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890, scriostar an iontráil maidir leis an duine seo a leanas:
|
1. |
Mehmet Ferruh AKALIN. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/487/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)