European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/486

18.3.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/486 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Márta 2025

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le stádas dearbhóra SCCT údaraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (1), agus go háirithe Airteagal 5(8) agus Airteagal 17(10) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2023/956 na rialacha maidir leis an iarratas ar a bheith ina dhearbhóir SCCT údaraithe a chur isteach (‘an t-iarratas’) agus leagtar amach ann na critéir agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú.

(2)

Ní mór d’allmhaireoirí an t-iarratas a chur isteach chun go mbeidh siad in ann earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Tá allmhaireoirí leictreachais, a bhfuil feidhm ag Airteagal 5(4) den Rialachán sin maidir leo, le meas mar dhearbhóirí SCCT údaraithe gan gá le hiarratas a chur isteach.

(3)

Tá an Coimisiún le rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na hiarratais a chur isteach agus maidir leis an nós imeachta um údarú, agus aird chuí á tabhairt aige ar an ngá atá leis an ualach riaracháin a íoslaghdú, trí nósanna imeachta a uathoibriú agus trí fhaisnéis a bheith féindearbhaithe a mhéid is féidir.

(4)

Chun an t-údarú a fháil, ba cheart don iarratasóir, roimh an gcéad allmhairiú earraí, an t-iarratas a chur faoi bhráid an Bhallstáit bunaíochta trí bhíthin formáid chaighdeánach a sholáthraítear i gclárlann SCCT.

(5)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh ar bhonn tacar faisnéise iomlán agus cothrom le dáta, ba cheart an t-iarratasóir a bheith in ann, sula ndéanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh, coigeartú a iarraidh ar an bhfaisnéis arna soláthar san iarratas, agus údar leis an iarraidh sin ag gabháil leis. Ba cheart an ceart sin a bheith gan dochar do cheart an iarratasóra ceartú ar a shonraí pearsanta míchearta nó ar a sonraí pearsanta míchearta a fháil ón rialaitheoir sonraí tráth ar bith, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(6)

Chun a áirithiú, ar thaobh amháin, gur féidir leis an údarás inniúil scrúdú iomchuí a dhéanamh ar an iarratas agus an nós imeachta comhairliúcháin a dhéanamh, agus, ar an taobh eile, go bhfaighidh na hiarratasóirí cinneadh tráthúil maidir lena n-iarratas, ba cheart don údarás inniúil a gcuirtear an t-iarratas chuige cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas laistigh de thréimhse réasúnta. Níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná 120 lá féilire.

(7)

I gcás inar gá, ba cheart an t-údarás inniúil a bheith in ann faisnéis bhreise a iarraidh ar an iarratasóir. Sa chás sin, ba cheart an t-údarás inniúil a bheith in ann síneadh a chur leis an sprioc-am chun an t-iarratas a phróiseáil ar feadh tréimhse réasúnta.

(8)

Chun cur chun feidhme an nós imeachta um údarú a éascú le linn na chéad mhíonna de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, is gá síneadh a chur leis an tréimhse inar féidir leis na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis na hiarratais.

(9)

Féadfar síneadh a chur leis an sprioc-am chun an t-iarratas a phróiseáil nuair a bheidh gá le himscrúduithe chun a chinneadh cé acu a bhí baint ag an iarratasóir le sáruithe tromchúiseacha nó leantacha nó nach raibh.

(10)

Chun gur féidir iad a údarú, ba cheart d’allmhaireoirí leictreachais a bhfuil feidhm ag Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2023/956 maidir leo údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin a chur ar an eolas go bhfuil feidhm ag Airteagal 5(4) den Rialachán sin maidir leo agus doiciméid a thacaíonn leis an maíomh sin a sholáthar.

(11)

Chun a áirithiú nach mbeidh ach allmhaireoirí bona fide ina ndearbhóirí SCCT údaraithe, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú nach raibh baint ag na hiarratasóirí le sáruithe tromchúiseacha ná leantacha ar reachtaíocht le linn tréimhse réasúnta sula gcuirtear iarratas isteach, le cionta coiriúla eacnamaíocha sa tréimhse 5 bliana roimh an iarratas, agus go bhfuil rátáil mhaith airgeadais acu.

(12)

De bhun measúnú riosca a dhéanfaidh an t-údarás inniúil, féadfar comhlíonadh na gcritéar in Airteagal 17(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/956 a bhunú ar bhonn an dearbhaithe ar onóir dá dtagraítear in Airteagal 5(5), pointe (e), de Rialachán (AE) 2023/956. I gcás inar gá, féadfaidh an t-údarás inniúil taifead coiriúil a iarraidh ar an iarratasóir chun an fhaisnéis a cuireadh isteach san iarratas a dheimhniú.

(13)

Ina theannta sin, leis na rialacha maidir leis an nós imeachta comhairliúcháin, ba cheart a chur ar a chumas don údarás inniúil faisnéis a fháil ón gCoimisiún agus ó údaráis inniúla eile maidir leis na critéir um údarú a bheith á gcomhlíonadh ag an iarratasóir. Léirítear sna sonraí a fuarthas le linn na hidirthréimhse go bhfuil allmhaireoirí a allmhairíonn níos lú ná 1 tona ag gabháil do ghníomhaíochtaí trasteorann teoranta, agus dá bhrí sin ba cheart idirdhealú a dhéanamh maidir leis an sprioc-am a leagtar síos le haghaidh an nós imeachta comhairliúcháin dá réir sin.

(14)

Chun cur i bhfeidhm comhréireach an nós imeachta um údarú a áirithiú, féadfaidh na húdaráis inniúla, agus meastóireacht á déanamh acu ar na critéir chun údarú a dheonú, saintréithe sonracha an iarratasóra a mheas, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide nár cheart a bheith faoi réir ualach riaracháin nach bhfuil gá leis.

(15)

I gcás nach raibh an t-iarratasóir bunaithe mar dhuine dlítheanach ar feadh an dá bhliain airgeadais roimh an mbliain a cuireadh isteach an t-iarratas, ní mór don údarás inniúil a cheangal go soláthrófar ráthaíocht. Ba cheart suibscríobh na ráthaíochta sin a chlárú i gclárlann SCCT laistigh de thréimhse a chinntear leis an Rialachán seo. Ba cheart don údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an ráthaíocht chun a áirithiú go bhfuil sí leordhóthanach go leanúnach, lena n-áirítear trí choigeartú a éileamh i gcás inar gá, agus ba cheart dó an ráthaíocht a scaoileadh nuair a chomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 17(7) de Rialachán (AE) 2023/956.

(16)

Chun a áirithiú go leanfaidh dearbhóirí SCCT údaraithe de na critéir le haghaidh an údaraithe a chomhlíonadh, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann, ar a dtionscnamh féin, tar éis údarú a dheonú, athmheasúnú a dhéanamh ar na critéir le haghaidh an údaraithe, tar éis dóibh faisnéis arna soláthar ag údarás inniúil eile nó ag an gCoimisiún a fháil, nó tar éis dóibh faisnéis arna soláthar ag an dearbhóir SCCT údaraithe a fháil.

(17)

Na daoine a ndéantar a stádas mar dhearbhóir SCCT údaraithe a chúlghairm, ba cheart dóibh a n-oibleagáidí uile i leith earraí a allmhairíodh roimh an gcúlghairm a chomhlíonadh. I gcás ina ndéantar stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm, dúnfar an cuntas SCCT sannta, i gcás ina gcomhlíontar na hoibleagáidí uile i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2023/956. Ní féidir cuntas SCCT a athoscailt ach amháin laistigh den tréimhse athbhreithniúcháin dá dtagraítear Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2023/956. Tar éis na tréimhse sin, ba cheart an cuntas SCCT a dhúnadh go buan.

(18)

Tá dlúthnasc idir na forálacha maidir leis an iarratas ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe agus na forálacha maidir le stádas den sórt sin a dheonú ós rud é go mbaineann siad leis an iarratas a chur isteach agus leis na critéir agus an nós imeachta le haghaidh an údaraithe. Chun comhleanúnachas a áirithiú, ba cheart a áireamh sa Rialachán seo na forálacha a cheanglaítear le hAirteagal 5(8) agus le hAirteagal 17(10) de Rialachán (AE) 2023/956 in aon Rialachán amháin.

(19)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 28 Márta 2025 chun údarú rianúil dearbhóirí SCCT a chumasú i gcomhthráth le forbairt an chórais TF ábhartha le haghaidh chlárlann SCCT chun go mbeidh an chlárlann sin ag feidhmiú go hiomlán faoin 1 Eanáir 2026.

(20)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun críoch beart a bhaineann le stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú nó a chúlghairm, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo. Ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Go sonrach, ba cheart coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm chun cearta na n-ábhar sonraí a chosaint nuair is gá sonraí pearsanta a phróiseáil faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/679. Sa bhreis ar bhearta teicniúla agus eagraíochtúla eile atá le cur chun feidhme ag údaráis inniúla na mBallstát, ba cheart a áireamh ar na coimircí sin bearta sonracha chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin nó nochtadh neamhúdaraithe na sonraí sin a chosc.

(21)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug sé tuairim uaidh an 27 Samhain 2024.

(22)

Chun go bhféadfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go tráthúil, ba cheart é a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(23)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste SCCT,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Iarratas ar bheith ina dhearbhóir SCCT údaraithe

Airteagal 1

Nósanna imeachta um iarratas

1.   Déanfar na nósanna imeachta um iarratas ar bheith ina dhearbhóir SCCT údaraithe (‘an t-iarratas’) trí chlárlann SCCT i bhformáid leictreonach.

2.   Agus iarratas ar údarú á dhéanamh aige, soláthróidh gach iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/956 an fhaisnéis a liostaítear san Airteagal sin.

3.   I gcás inar duine dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír an t-iarratasóir agus atá i gceann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (31)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), soláthróidh an t-iarratasóir a sheoladh sa tríú tír sin, a sheoladh bunaíochta agus an uimhir EORI sa Bhallstát ina gcuirtear an t-iarratas isteach.

4.   Sannfar uimhir thagartha iarratais uathúil i gclárlann SCCT do gach iarratas go huathoibríoch.

Airteagal 2

Coigeartuithe ar an iarratas a cuireadh isteach

1.   Cuirfidh an t-iarratasóir an t-údarás inniúil ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar san iarratas agus iarrfaidh sé coigeartú ar an bhfaisnéis sin sula ndéanfar cinneadh maidir leis an iarratas. Cuirfidh an t-iarratasóir an iarraidh ar choigeartú, mar aon le haon fhaisnéis ábhartha agus doiciméid tacaíochta, faoi bhráid an údaráis inniúil.

2.   Ní bheidh gá le húdar a thabhairt le hiarraidh ar choigeartú ar an bhfaisnéis a leagtar amach in Airteagal 5(5), pointí (a), (c), agus (h), de Rialachán (AE) 2023/956 agus déanfar an fhaisnéis a choigeartú agus a chlárú go huathoibríoch.

3.   Tabharfaidh an t-iarratasóir údar le hiarraidh ar choigeartú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a leagtar amach in Airteagal 5(5), pointí (d) go (g), de Rialachán (AE) 2023/956 san iarraidh ar choigeartú.

4.   Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh 30 lá féilire a chur leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 4(1) i gcás inar gá dó athmheasúnú a dhéanamh ar an iarratas mar gheall ar iarraidh an iarratasóra an fhaisnéis a soláthraíodh san iarratas a choigeartú.

5.   I gcás inar coigeartuithe substaintiúla iad na coigeartuithe a iarrtar, féadfaidh an t-údarás inniúil fáil réidh leis an iarratas agus a cheangal go gcuirfear iarratas nua isteach.

Airteagal 3

An t-iarratas a tharraingt siar tar éis tús a bheith curtha leis an nós imeachta comhairliúcháin

I gcás ina dtarraingeoidh an t-iarratasóir siar an t-iarratas tar éis nós imeachta comhairliúcháin a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 11(1), scoirfidh an t-údarás inniúil den nós imeachta comhairliúcháin agus tabharfaidh sé fógra do na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile agus don Choimisiún (‘na páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo’) faoin tarraingt siar.

Airteagal 4

Measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarratas laistigh de 120 lá féilire ón dáta a gheofar an t-iarratas.

2.   Chun meastóireacht a dhéanamh i dtaobh cibé acu a chomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2023/956 nó nach gcomhlíontar, féadfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

conclúidí ó shaineolaithe;

(b)

conclúidí tríú páirtí;

(c)

iniúchtaí arna soláthar ag an iarratasóir.

3.   Déanfaidh an t-údarás inniúil an mheastóireacht ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2023/956 agus torthaí na meastóireachta sin a dhoiciméadú.

4.   I gcás nach bhfuil an t-iarratasóir bunaithe sa Bhallstát inar cuireadh isteach an t-iarratas, diúltóidh an t-údarás inniúil don iarratas. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra gan mhoill don iarratasóir faoin diúltú agus faoi na cúiseanna atá leis.

5.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás iarratais ar bheith ina dhearbhóir SCCT údaraithe a chuirfear isteach faoin 15 Meitheamh 2025, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarratas laistigh de 180 lá féilire.

Airteagal 5

Iarraidh ón údarás inniúil ar fhaisnéis bhreise

1.   Féadfaidh an t-údarás inniúil faisnéis bhreise a iarraidh ar an iarratasóir, ar faisnéis í is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar na coinníollacha agus ar chomhlíontacht leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2023/956.

2.   Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis a iarradh ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear doiciméid tacaíochta i gcás inarb infheidhme, faoin sprioc-am a leagfaidh an t-údarás síos. Ní rachaidh an sprioc-am sin thar 30 lá féilire ó dháta na hiarrata ar fhaisnéis bhreise.

3.   Nuair a iarrann an t-údarás inniúil faisnéis bhreise, féadfar síneadh suas le 30 lá féilire a chur leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 4(1). Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-iarratasóir ar an eolas faoi shíneadh den sórt sin agus faoi na cúiseanna atá leis.

4.   Ní rachaidh an measúnú ar iarratas sna cásanna ina n-iarrtar faisnéis bhreise i gcomhréir leis an Airteagal seo thar 180 lá féilire ón dáta a gheofar an t-iarratas.

Airteagal 6

Cinneadh diúltach beartaithe agus achomharc

1.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil diúltú stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú, cuirfidh an t-údarás inniúil an t-iarratasóir ar an eolas faoi sin agus tabharfaidh sé deis don iarratasóir barúlacha a chur isteach.

2.   Luafaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas sa teachtaireacht chuig an iarratasóir:

(a)

an rún stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dhiúltú agus na cúiseanna leis an diúltú sin;

(b)

an tréimhse ar lena linn is féidir leis an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach.

3.   Mairfidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) ón dáta a thug an t-údarás inniúil fógra don iarratasóir maidir leis an teachtaireacht agus ní mhairfidh sí níos faide ná 30 lá féilire.

4.   Tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) a dhul in éag, féadfaidh an t-údarás inniúil, agus barúlacha a chuir an t-iarratasóir isteach á gcur san áireamh aige, dul ar aghaidh lena chinnteoireacht chríochnaitheach.

5.   I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás inniúil stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú, agus ina bhfuil an ceart achomhairc feidhmithe ag an iarratasóir, cláróidh an t-údarás inniúil gurb ann don achomharc agus a thoradh i gclárlann SCCT.

Airteagal 7

Dáta éifeachta cinnidh maidir leis an iarratas

1.   Gabhfaidh éifeacht le cinneadh maidir leis an iarratas ar an dáta a chláróidh an t-údarás inniúil an cinneadh sin i gclárlann SCCT, agus a thabharfar fógra don iarratasóir faoin gcinneadh sin i gclárlann SCCT.

2.   I gcás ina gceanglaítear ráthaíocht a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (AE) 2023/956, gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 an lá a chláraítear an ráthaíocht i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo.

Airteagal 8

Allmhaireoirí leictreachais a shainaithint

1.   Gach duine ar leithdháileadh acmhainn shainráite air chun leictreachas a allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2023/956, agus a ainmníonn an acmhainn chun allmhairithe sin, déanfaidh sé, laistigh de 1 mhí tar éis an dearbhaithe custaim dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den Rialachán sin, an méid seo a leanas a sholáthar d’údarás inniúil an Bhallstáit inar taisceadh an dearbhú custaim:

(a)

an dearbhú custaim sin lena gcumhdaítear na hallmhairithe leictreachais;

(b)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(5), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2023/956;

(c)

tásc gur leithdháileadh acmhainn allmhairiúcháin leictreachais ar an duine sin agus gur ainmníodh an acmhainn chun allmhairithe sin i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2023/956;

(d)

doiciméid lena dtacaítear leis an tásc dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo.

Airteagal 9

Sáruithe tromchúiseacha nó leantacha

1.   Comhlíonfar na critéir a leagtar síos in Airteagal 17(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/956 i gcás ina gcomhlíonann an t-iarratasóir, na daoine atá i gceannas ar chúrsaí SCCT an iarratasóra, na daoine atá i gceannas ar an iarratasóir agus na daoine atá i mbun rialú ar bhainistíocht an iarratasóra na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní ann d’aon chinneadh, a rinneadh tar éis imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha, lena gcinntear go raibh baint ag na daoine sin, le linn na 3 bliana roimh an iarratas, le sáruithe tromchúiseacha nó leantacha ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais, ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh nó ar Rialachán (AE) 2023/956 ná ar na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin;

(b)

níl aon taifead acu ar chionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ngníomhaíochtaí eacnamaíoch le linn na 5 bliana roimh an iarratas.

2.   I gcás ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe ar feadh níos lú ná 5 bliana, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bunaíochta measúnú ar an iarratas ar bhonn na dtaifead agus na faisnéise atá ar fáil dó.

3.   Iarrfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis seo a leanas, i gcás inar gá chun a shuí nach raibh baint ag an iarratasóir le sáruithe tromchúiseacha ná leantacha dá dtagraítear in Airteagal 17(2) pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/956:

(a)

an taifead coiriúil nó aon doiciméad eile a nglactar leis faoin dlí náisiúnta mar thaifead coiriúil de chuid an duine nádúrtha atá ag déanamh iarratais ar údarú;

(b)

taifead coiriúil, nó aon doiciméad eile a nglactar leis faoin dlí náisiúnta mar thaifead coiriúil, úinéir tairbhiúil an duine dhlítheanaigh atá ag gníomhú mar iarratasóir agus bainisteoirí an duine dhlítheanaigh sin.

4.   I gcás ina n-iarrann an t-údarás inniúil an taifead coiriúil nó aon doiciméad eile a nglactar leis faoin dlí náisiúnta mar thaifead coiriúil dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an t-údarás inniúil na cúiseanna atá leis an iarraidh sin a thaifeadadh. Ní choinneoidh an t-údarás inniúil an taifead coiriúil, ná aon doiciméad eile arna ghlacadh faoin dlí náisiúnta mar thaifead coiriúil tar éis an cinneadh údarú a thabhairt a bheith déanta. I gcás ina ndearnadh cinneadh an t-iarratas a dhiúltú de bhun Airteagal 6(4), níor cheart na taifid nó na doiciméid sin a choinneáil ach amháin ar feadh ré an achomhairc de bhun Airteagal 6(5), i gcás inarb infheidhme. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbeidh rochtain ar thaifid choiriúla teoranta do dhaoine atá freagrach san údarás inniúil sin as measúnú a dhéanamh ar sháruithe tromchúiseacha nó sáruithe leantacha.

Airteagal 10

Coinníollacha maidir le hacmhainn airgeadais agus le hacmhainn oibríochtúil

1.   Comhlíonfar na critéir a leagtar síos in Airteagal 17(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/956 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl an t-iarratasóir faoi réir imeachtaí féimheachta;

(b)

níl an t-iarratasóir i riaráistí ábhartha maidir le híoc dleachtanna custaim, cánacha nó muirear a bhailítear tráth an allmhairithe earraí nó i ndáil leis an allmhairiú, ná maidir le hoibleagáidí rialála airgeadais;

(c)

léiríonn an t-iarratasóir seasamh airgeadais leordhóthanach chun a oibleagáidí agus gealltanais a chomhlíonadh ag féachaint do chineál agus do mhéid na gníomhaíochta eacnamaíche a rinneadh trí na figiúirí airgeadais agus aon fhaisnéis airgeadais eile a léiriú;

(d)

tá eagraíocht riaracháin ag an iarratasóir atá oiriúnach chun na hoibleagáidí measta a chomhlíonadh maidir le deimhnithe SCCT a ghéilleadh, agus tá rialuithe inmheánacha aige atá in ann earráidí i ndearbhuithe SCCT agus i mbainistiú dheimhnithe SCCT a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus idirbhearta neamhdhleathacha nó neamhrialta ar bith a chosc agus a bhrath.

2.   I gcás ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe le níos lú ná 2 bhliain, déanfar an acmhainn airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/956 a sheiceáil agus a mheasúnú ar bhonn na dtaifead agus na faisnéise atá ar fáil.

3.   Agus scrúdú á dhéanamh ag an údarás inniúil ar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sé scrúdú ar na sonraí a cuireadh ar fáil san iarratas, agus i gcás inar gá, sna doiciméid tacaíochta a soláthraíodh in éineacht leis an iarratas agus cuirfidh sé saintréithe sonracha an iarratasóra san áireamh, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir le méid measta na n-allmhairí arna soláthar ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 5(5), pointe (g), de Rialachán (AE) 2023/956.

Airteagal 11

An nós imeachta comhairliúcháin agus an fhormáid chun údarú a dheonú

1.   Tionscnóidh an t-údarás inniúil, i bhformáid leictreonach trí chlárlann SCCT, an nós imeachta comhairliúcháin lena mbaineann páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo dá dtagraítear in Airteagal 17(1), an dara fomhír de Rialachán (AE) 2023/956 (‘an nós imeachta comhairliúcháin’) laistigh de 45 lá féilire ón tráth a fuair sé an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

2.   Le linn an nós imeachta comhairliúcháin, tionscnóidh an t-údarás inniúil an comhairliúchán bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)

an bhfuil aon agóid acu i gcoinne stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú;

(b)

ar chuir an t-iarratasóir iarratas ar údarú isteach ina Bhallstát;

(c)

ar deonaíodh údarú don iarratasóir ina Bhallstát;

(d)

an ndearnadh údarú a chúlghairm ar an iarratasóir ina Bhallstát.

3.   I gcás ina bhfuil faisnéis ina seilbh ag páirtí a ndeachthas i gcomhairle leis sa nós imeachta comhairliúcháin lena léirítear go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an t-iarratasóir ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha agus de na critéir chun stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú, cláróidh sé a sheasamh gan mhoill agus luafaidh sé na cúiseanna, arna ndoiciméadú go cuí agus údar cuí leo, i gclárlann SCCT.

4.   Beidh rochtain ag na páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo sa nós imeachta comhairliúcháin, trí chlárlann SCCT, ar an uimhir EORI, ar an bhfaisnéis teagmhála, ar stádas an iarratais, agus ar fhreagraí na bpáirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo dá dtagraítear i mír 3.

5.   Féadfaidh an t-údarás inniúil faisnéis bhreise agus doiciméadacht bhreise a iarraidh ar na páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo, i gcás ina measann an t-údarás inniúil sin gur gá sin tar éis freagraí a fháil ó na páirtithe sin a ndeachthas i gcomhairle leo dá dtagraítear i mír 3. Páirtí a ndeachthas i gcomhairle leis agus a n-iarrtar air faisnéis bhreise agus doiciméadacht bhreise a sholáthar, soláthróidh sé an fhaisnéis bhreise agus an doiciméadacht bhreise sin laistigh de 5 lá oibre.

Airteagal 12

Tréimhse an chomhairliúcháin

1.   Socróidh an t-údarás inniúil sprioc-am do na páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo maidir lena mbarúlacha a chur isteach de bhun Airteagal 11(3).

2.   Ní bheidh an sprioc-am dá dtagraítear i mír 1 níos faide ná 5 lá oibre i gcás ina gcomhfhreagraíonn méid measta bliantúil allmhairí earraí do 1 tona nó níos lú, de réir na faisnéise a sholáthraítear san iarratas.

3.   Ní bheidh an sprioc-am dá dtagraítear i mír 1 níos faide ná 15 lá oibre i gcás inar mó méid measta bliantúil allmhairí earraí ná 1 tona, de réir na faisnéise a sholáthraítear san iarratas.

4.   Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh ama a chur leis an sprioc-am a leagtar síos don chomhairliúchán i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

iarrann an t-iarratasóir coigeartuithe i gcomhréir le hAirteagal 2 a nglacann an t-údarás inniúil leo agus atá ábhartha chun críoch an chomhairliúcháin;

(b)

iarrann an páirtí a ndeachthas i gcomhairle leis níos mó ama mar gheall ar chineál na scrúdúchán atá le déanamh.

(c)

ní rachaidh an síneadh dá dtagraítear i bpointe (b) thar 15 lá oibre.

5.   I gcás nach dtabharfaidh na páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo aon fhreagra laistigh de na sprioc-amanna a leagadh síos don chomhairliúchán i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4, measfar go bhfuil na coinníollacha agus na critéir a raibh an comhairliúchán ar siúl ina leith comhlíonta.

CAIBIDIL II

Ráthaíocht

Airteagal 13

Ráthaíocht a chur ar fáil

I gcás inar gá ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) 2023/956 a sholáthar, soláthróidh an t-iarratasóir an ráthaíocht don údarás inniúil agus cláróidh an t-údarás inniúil í i gclárlann SCCT.

Airteagal 14

Faireachán a dhéanamh ar an ráthaíocht

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil a dheonaíonn stádas dearbhóra SCCT údaraithe faireachán ar an ráthaíocht.

2.   Áiritheoidh an dearbhóir SCCT údaraithe go bhfuil an ráthaíocht ar leibhéal leordhóthanach chun an líon dheimhnithe SCCT a chumhdach a bheadh ar an dearbhóir SCCT údaraithe a ghéilleadh i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2023/956 i leith na n-earraí allmhairithe i gcomparáid leis na meastacháin arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5(5), pointe (g), den Rialachán sin.

3.   Áiritheoidh an dearbhóir SCCT údaraithe go bhfanfaidh an ráthaíocht ar an leibhéal dá dtagraítear i mír 2 tráth ar bith.

4.   Déanfaidh an t-údarás inniúil athmheasúnú ar mhéid na ráthaíochta agus iarrfaidh sé, i gcás inar gá, coigeartú ar an ráthaíocht chun Airteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 17(6) de Rialachán (AE) 2023/956 a chomhlíonadh.

Airteagal 15

Glacadh le foirmeacha eile ráthaíochta

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don Choimisiún agus é ag glacadh le foirmeacha eile ráthaíochta de bhun Airteagal 17(5), an dara fomhír de Rialachán (AE) 2023/956.

Airteagal 16

Ráthaíocht a choigeartú

1.   I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil gur gá coigeartú a dhéanamh ar ráthaíocht chun na ceanglais in Airteagal 17(6) de Rialachán (AE) 2023/956 a chomhlíonadh, ceanglóidh sé ar an dearbhóir SCCT údaraithe an ráthaíocht a choigeartú gan mhoill.

2.   Beidh cinneadh méid ráthaíochta a choigeartú bunaithe ar mhéid na n-earraí allmhairithe a bheidh dearbhaithe sa dearbhú custaim agus ar fhaisnéis ábhartha eile a bheidh ar fáil don údarás inniúil. Cuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis sin ar fáil don dearbhóir SCCT údaraithe.

3.   Soláthróidh an dearbhóir SCCT an ráthaíocht choigeartaithe laistigh de theorainn ama arna cinneadh ag an údarás inniúil, teorainn nach faide ná 2 mhí ón uair a rinneadh an iarraidh i mír 1. Cláróidh an t-údarás inniúil an ráthaíocht choigeartaithe i gclárlann SCCT gan mhoill.

4.   Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an tréimhse a leagtar síos i mír 3 i gcás ina soláthróidh an dearbhóir SCCT údaraithe iarraidh réasúnaithe ina leith sin. Nuair a dheonaítear sprioc-am ar cuireadh síneadh leis, ní bheidh sé níos faide ná 3 mhí tar éis don údarás inniúil an iarraidh a dhéanamh an ráthaíocht a choigeartú.

5.   I gcás nach soláthraíonn an dearbhóir SCCT údaraithe an ráthaíocht choigeartaithe laistigh den sprioc-am a leagtar síos i míreanna 3 nó 4, de réir mar is infheidhme, tionscnóidh an t-údarás inniúil an nós imeachta um chúlghairm dá dtagraítear in Airteagal 22.

CAIBIDIL III

Údarú

Airteagal 17

Faisnéis san údarú

1.   Beidh an fhaisnéis a shonraítear san Iarscríbhinn ar a laghad sa chinneadh lena ndeonaítear stádas dearbhóra SCCT údaraithe. Beidh stádas ‘gníomhach’ cláraithe i leith an údaraithe sin i gclárlann SCCT ina dhiaidh sin.

2.   Sonrófar le huimhir chuntais SCCT a shanntar i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2023/956, Ballstát an údaráis inniúil a dheonaigh stádas dearbhóra SCCT údaraithe.

Airteagal 18

Athmheasúnú ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil a dheonaigh stádas dearbhóra SCCT údaraithe athmheasúnú ar an stádas sin go tréimhsiúil agus sna cásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

tháinig athrú ar an bhfaisnéis a sholáthair an dearbhóir SCCT údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2023/956;

(b)

tá faisnéis ag an údarás inniúil lena dtugtar le fios go bhféadfadh sé nach bhfuil an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2023/956 á chomhlíonadh a thuilleadh;

(c)

tá faisnéis ag an údarás inniúil lena dtugtar le fios go bhféadfadh sé nár comhlíonadh na critéir a leagtar síos in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2023/956 maidir le stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú;

(d)

rinneadh an uimhir EORI a chur ó bhail i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil i mBallstát cé is moite de Bhallstát an údaráis inniúil a dheonaigh stádas dearbhóra SCCT údaraithe, agus an Coimisiún an t-údarás inniúil sin ar an eolas gan mhoill, i gcás ina raibh baint ag an dearbhóir SCCT údaraithe le sáruithe tromchúiseacha nó leantacha ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais nó ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 17(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/956.

Airteagal 19

Conclúidí an athmheasúnaithe

1.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil a dheonaigh stádas dearbhóra SCCT údaraithe, ar bhonn an athmheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 18, gur gá coigeartuithe a dhéanamh ar stádas an dearbhóra SCCT údaraithe, cuirfidh sé a chonclúidí in iúl don dearbhóir SCCT údaraithe gan mhoill.

2.   Féadfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe freagra a thabhairt ar an teachtaireacht a sholáthraítear i gcomhréir le mír 1 laistigh de 30 lá féilire ó fhógra na teachtaireachta sin.

3.   Tionscnóidh an t-údarás inniúil an nós imeachta um chúlghairm maidir le stádas dearbhóra SCCT údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán seo i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, agus aon bharúil a chuir an dearbhóir SCCT údaraithe in iúl i gcomhréir le mír 2 á cur san áireamh, nach gcomhlíonann an dearbhóir SCCT údaraithe na critéir agus na coinníollacha a thuilleadh chun údarú a bheith aige i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2023/956.

CAIBIDIL IV

Stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm

Airteagal 20

Forálacha ginearálta maidir le stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm

1.   Comhlíonfaidh an duine a ndearnadh a stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm an oibleagáid maidir le dearbhú SCCT a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2023/956, i gcás earraí a allmhairíodh roimh an gcúlghairm.

2.   Féadfaidh an duine a ndearnadh a stádas mar dhearbhóir SCCT údaraithe a chúlghairm iarratas ar údarú a dhéanamh arís tráth ar bith, i gcás inar comhlíonadh na hoibleagáidí i mír 1.

Airteagal 21

Nós imeachta um chúlghairm arna iarraidh sin don dearbhóir SCCT údaraithe

1.   I gcás ina n-iarrann an dearbhóir SCCT údaraithe go ndéanfaí a údarú a chúlghairm, cuirfidh sé in iúl an chúis agus an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an gcúlghairm (dáta na cúlghairme). Ní féidir dáta na cúlghairme a bheith roimh chur isteach na hiarrata ar chúlghairm. Cláróidh an t-údarás inniúil na cúiseanna atá leis an iarraidh ar chúlghairm.

2.   I gcás ina bhfuil dáta na cúlghairme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an 31 Bealtaine gach bliain nó roimhe sin, áireofar sa dearbhú SCCT an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2023/956 agus, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (d) den Rialachán sin, maidir le hearraí a allmhairíodh roimh dháta na cúlghairme agus nach gcumhdaítear ar shlí eile le dearbhú SCCT.

3.   I gcás ina bhfuil dáta na cúlghairme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tar éis an 31 Bealtaine gach bliain, áireofar sa dearbhú SCCT an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2023/956 agus, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (d) den Rialachán sin, maidir le hearraí a allmhairíodh idir an 1 Eanáir den bhliain sin agus dáta na cúlghairme.

4.   Comhdóidh an dearbhóir SCCT údaraithe a bhfuil an chúlghairm á hiarraidh aige an dearbhú dá dtagraítear i mír 2 nó 3 laistigh de 1 mhí ó dháta na cúlghairme dá dtagraítear i mír 1.

5.   I gcás nach bhfuil an dearbhóir SCCT údaraithe in ann an dearbhú dá dtagraítear i mír 2 nó 3 den Airteagal seo a chur isteach, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ar an eolas faoin méid sin in éineacht leis an iarraidh ar chúlghairm dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Soláthróidh an dearbhóir SCCT údaraithe, ar dháta na cúlghairme, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/956 don údarás inniúil.

6.   Bunóidh an t-údarás inniúil, laistigh de 1 mhí ó dháta na cúlghairme, an dearbhú SCCT le haghaidh na n-earraí allmhairithe nach gcumhdaítear ar shlí eile le dearbhú SCCT ar bhonn na faisnéise a fuarthas i gcomhréir le mír 5, agus na faisnéise a cuireadh in iúl i gcomhréir le hAirteagal 25(3) de Rialachán (AE) 2023/956, na faisnéise atá ina sheilbh, agus na n-astaíochtaí leabaithe, arna gcinneadh trí thagairt do luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956.

7.   Déanfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe a bhfuil an chúlghairm á hiarraidh aige an líon iomlán dheimhnithe SCCT a ríomhtar ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear sa dearbhú dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 6 a ghéilleadh laistigh de 15 lá féilire.

8.   Féadfaidh dearbhóir SCCT údaraithe an iarraidh ar a údarú a chúlghairm a tharraingt siar tráth ar bith sula mbeidh cinneadh déanta ag an údarás inniúil maidir leis an iarraidh ar chúlghairm.

9.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir SCCT údaraithe, don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla eile faoi chúlghairm an stádais dearbhóra SCCT údaraithe.

Airteagal 22

Rún ag an údarás inniúil an nós imeachta um chúlghairm a thionscnamh

1.   I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an údarás inniúil údarú a chúlghairm, déanfaidh sé measúnú ar na coinníollacha agus ar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 17(8) de Rialachán (AE) 2023/956, agus mar a shonraítear in Airteagail 9 agus 10 den Rialachán seo.

2.   Nuair a bheidh sé á chinneadh ag an údarás inniúil an raibh baint ag an dearbhóir SCCT údaraithe le sáruithe tromchúiseacha nó leantacha ar an oibleagáid deimhnithe SCCT a ghéilleadh dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/956 nó ar an oibleagáid líon leordhóthanach dheimhnithe SCCT a áirithiú sa chuntas SCCT dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán sin, déanfaidh an t-údarás inniúil na tosca seo a leanas a mheas:

(a)

ullmhacht an dearbhóra SCCT údaraithe an iarraidh a chomhlíonadh maidir le méid ceart na ndeimhnithe SCCT a ghéilleadh, nó líon leordhóthanach deimhnithe SCCT a áirithiú i gcuntas SCCT;

(b)

iompraíocht d’aon ghnó nó le faillí an dearbhóra SCCT údaraithe;

(c)

iompraíocht an dearbhóra SCCT údaraithe roimhe seo;

(d)

leibhéal comhair an dearbhóra SCCT údaraithe chun deireadh a chur leis an sárú nó leis an iompraíocht leantach;

(e)

cé acu a rinne an dearbhóir SCCT údaraithe bearta dá dheoin féin chun a áirithiú nach féidir sáruithe comhchosúla a dhéanamh amach anseo nó nach ndearna.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh ar an dearbhóir SCCT údaraithe faisnéis bhreise a sholáthar agus barúlacha a thabhairt ar an bhfaisnéis ar a bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil a chinneadh a bhunú chun an t-údarú a chúlghairm sula ndéanfaidh sé cinneadh nó sula dtionscnóidh sé nós imeachta comhairliúcháin de bhun Airteagal 25. Socróidh an t-údarás inniúil sprioc-am, nach faide ná 10 lá oibre, ar lena linn a dhéanfaidh an dearbhóir an fhaisnéis nó na barúlacha a iarradh a sholáthar.

Airteagal 23

Cinneadh maidir le stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm

1.   De bhun an mheasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 22, agus tar éis éisteacht a thabhairt don dearbhóir SCCT údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 27, féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh cúlghairme a dhéanamh. Tabharfar fógra faoin gcinneadh cúlghairme gan mhoill i gclárlann SCCT.

2.   I gcás ina dtugtar fógra faoin gcinneadh cúlghairme an 31 Bealtaine gach bliain nó roimhe sin, áireofar sa dearbhú SCCT an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2023/956 agus, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (d), den Rialachán sin, maidir le hearraí a allmhairíodh roimh an dáta a tugadh fógra faoin gcinneadh cúlghairme agus nach gcumhdaítear ar shlí eile le dearbhú SCCT.

3.   I gcás ina dtugtar fógra faoin gcinneadh cúlghairme tar éis an 31 Bealtaine gach bliain, áireofar sa dearbhú SCCT an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2023/956 agus, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (d), den Rialachán sin, maidir le hearraí a allmhairíodh idir an 1 Eanáir den bhliain sin agus an dáta a tugadh fógra faoin gcinneadh cúlghairme.

4.   Déanfaidh an duine a bhfuil údarú cúlghairthe aige an dearbhú dá dtagraítear i míreanna 2 nó 3 a chomhdú laistigh de 1 mhí ón dáta a tugadh fógra faoin gcúlghairm.

5.   I gcás nach féidir leis an duine a bhfuil údarú cúlghairthe aige an dearbhú dá dtagraítear i míreanna 2 nó 3 den Airteagal seo a chur isteach, déanfaidh sé, laistigh de 1 mhí ón tráth a tugadh fógra faoin gcinneadh cúlghairme, an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi sin agus cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/956 ar fáil don údarás sin láithreach.

6.   Bunóidh an t-údarás inniúil, laistigh de 1 mhí ón dáta a fhaightear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, dearbhú SCCT le haghaidh na n-earraí allmhairithe nach gcumhdaítear ar shlí eile le dearbhú SCCT ar bhonn na faisnéise a fuarthas i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, agus na faisnéise a cuireadh in iúl i gcomhréir le hAirteagal 25(3) de Rialachán (AE) 2023/956, na faisnéise atá ina sheilbh, agus na n-astaíochtaí leabaithe, arna gcinneadh trí thagairt do luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956.

7.   Déanfaidh an duine a bhfuil údarú cúlghairthe aige an líon iomlán dheimhnithe SCCT a ríomhtar ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear sa dearbhú dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 6 a ghéilleadh laistigh de 15 lá féilire.

Airteagal 24

Dáta don ghabháil éifeachta

1.   Gabhfaidh éifeacht le cúlghairm stádas dearbhóra SCCT údaraithe an lá tar éis an dáta a tugadh fógra faoin gcinneadh cúlghairme de bhun Airteagal 21(9) agus Airteagal 23(1) den Rialachán seo. Déanfar an fógra maidir leis an gcinneadh sin a chlárú i gclárlann SCCT agus measfar fógra a bheith tugtha don dearbhóir SCCT ina leith.

2.   Ní bheidh aon éifeacht ag an gcúlghairm ar bhailíocht allmhairiú earraí, ná ar na hastaíochtaí gaolmhara, a tharla sular cláraíodh stádas cúlghairthe mar dhearbhóir SCCT údaraithe i leith an duine i gclárlann SCCT.

3.   I gcás ina rinneadh údarú SCCT a chúlghairm de bhun Airteagail 21 nó 23, fanfaidh an cuntas SCCT faoin stádas ‘dúnta’ i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2023/956 go dtí an 5ú bliain tar éis na cúlghairme. Tar éis na tréimhse sin, dúnfar an cuntas SCCT go buan.

4.   Athosclóidh an t-údarás inniúil cuntas SCCT ‘dúnta’, rud a fhágfaidh go mbeidh an t-úinéir in ann an oibleagáid a chomhlíonadh maidir leis an líon ceart dheimhnithe SCCT a ghéilleadh tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhú SCCT a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2023/956.

Airteagal 25

Cúlghairm láithreach

1.   Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

tugann conclúidí an athmheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 19 údar leis;

(b)

tá an dearbhóir SCCT údaraithe tar éis scor dá ghníomhaíocht eacnamaíoch;

(c)

rinneadh an cinneadh lena ndeonaítear an t-údarú ar bhonn faisnéis mhícheart nó neamhiomlán, agus bhí a fhios ag an dearbhóir SCCT údaraithe, nó ba cheart le réasún go mbeadh a fhios aige, go raibh an fhaisnéis mícheart nó neamhiomlán.

2.   Tar éis éisteacht a thabhairt don dearbhóir SCCT údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 27, féadfaidh an t-údarás inniúil fógra a thabhairt don dearbhóir SCCT údaraithe i gclárlann SCCT faoi chúlghairm láithreach an stádais dearbhóra SCCT údaraithe agus faoi na cúiseanna leis sin gan mhoill.

3.   San fhógra dá dtagraítear i mír 2 beidh na ceanglais de bhun Airteagal 23, míreanna (2) go (7).

4.   I gcás ina ndearna an t-údarás inniúil cinneadh maidir le cúlghairm láithreach an stádais dearbhóra SCCT údaraithe, athróidh sé stádas an údaraithe go ‘cúlghairthe’.

Airteagal 26

Nós imeachta comhairliúcháin maidir le cúlghairm

1.   Tionscnóidh an t-údarás inniúil an nós imeachta comhairliúcháin lena mbaineann páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo i bhformáid leictreonach i gclárlann SCCT agus cuirfidh sé an rún in iúl stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm agus éileoidh sé, dá chinneadh, faisnéis bhreise maidir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2023/956.

2.   I gcás ina measann aon cheann de na páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo nach gcomhlíonann an dearbhóir SCCT údaraithe ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha agus de na critéir is gá le haghaidh an údaraithe, rud a thabharfadh údar le cúlghairm faoi Airteagal 17(8) de Rialachán (AE) 2023/956, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil a rinne an nós imeachta comhairliúcháin a sheoladh, faoina sheasamh, agus é doiciméadaithe go cuí agus údar cuí leis.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil faisnéis bhreise agus doiciméadacht bhreise a éileamh ar na páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo i gcás ina measann an t-údarás inniúil gur gá sin chun teacht ar chinneadh maidir le cúlghairm.

4.   Cinnfidh an t-údarás inniúil sprioc-am don nós imeachta comhairliúcháin, sprioc-am nach faide ná 15 lá oibre ag tosú ón dáta a chuirfidh an t-údarás inniúil sin in iúl faoi na coinníollacha agus na critéir nach mór do pháirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo a scrúdú.

Féadfaidh an t-údarás inniúil sprioc-am níos giorra a chinneadh i gcás ina dtugann tromchúis ghníomhaíochtaí na ndearbhóirí SCCT údaraithe údar leis sin.

5.   I gcás nach bhfreagróidh na páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo laistigh den sprioc-am a bunaíodh don nós imeachta comhairliúcháin, measfar na coinníollacha agus na critéir a raibh an nós imeachta comhairliúcháin ar siúl ina leith a bheith comhlíonta.

Airteagal 27

An ceart chun éisteacht a fháil le haghaidh cúlghairme agus achomhairc

1.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil an deis don dearbhóir SCCT údaraithe éisteacht a fháil sula ndéanfar an stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm.

2.   Ina theachtaireacht chuig an dearbhóir SCCT údaraithe, áireoidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

an tagairt do na doiciméid agus don fhaisnéis ar a bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil a chinneadh a bhunú;

(b)

an teorainn ama, nach rachaidh thar 15 lá oibre, ar laistigh di is féidir leis an dearbhóir SCCT údaraithe barúlacha a chur isteach;

(c)

i gcás inarb infheidhme, an teorainn ama, nach mbeidh níos faide ná 5 lá oibre, ar laistigh di is féidir leis an dearbhóir SCCT údaraithe atá faoi réir na cúlghairme láithrí dá dtagraítear in Airteagal 25 barúlacha a chur isteach.

3.   I gcás ina léiríonn an dearbhóir SCCT údaraithe tuairim roimh dhul in éag na teorann ama dá dtagraítear i mír 2, pointí (b) nó (c), féadfaidh an t-údarás inniúil dul ar aghaidh leis an gcinnteoireacht chríochnaitheach, agus na barúlacha á gcur san áireamh i gcás inarb infheidhme, mura gcuireann an duine lena mbaineann in iúl, an tráth céanna, go bhfuil sé ar intinn aige tuilleadh barúlacha a chur isteach laistigh den tréimhse fhorordaithe.

4.   I gcás ina ndéanann an t-údarás inniúil stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm, agus ina bhfeidhmítear an ceart achomhairc, cuirfidh an t-údarás inniúil eolas ar fáil faoin achomharc sin agus cláróidh sé conclúidí na n-imeachtaí achomhairc i gclárlann SCCT.

5.   Ní chuirfear an cinneadh cúlghairme ar fionraí leis an achomharc dá dtagraítear i mír 4.

CAIBIDIL V

Cosaint sonraí

Airteagal 28

Cosaint sonraí pearsanta

1.   Déanfar na sonraí pearsanta a shonraítear sa Rialachán seo agus atá cláraithe i gclárlann SCCT, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 14(6) de Rialachán (AE) 2023/956, a phróiseáil chun críoch beart a bhaineann le stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú agus a chúlghairm.

2.   I ndáil leis an bpróiseáil sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar gur rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 é an t-údarás inniúil a dhéanann stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú nó a chúlghairm.

3.   Ní dhéanfar aon chatagóir speisialta sonraí, mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725, a thaifeadadh chun iarratas a dhéanamh ar stádas dearbhóra SCCT údaraithe agus chun an stádas sin a dheonú.

CAIBIDIL VI

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 28 Márta 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 130, 16.5.2023, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE ( IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).


IARSCRÍBHINN

Inneachar an chinnidh lena ndeonaítear stádas dearbhóra SCCT údaraithe

Faisnéis

An ionadaí indíreach custaim é an dearbhóir SCCT údaraithe?

Dearbhóir SCCT údaraithe

- -

Ainm agus seoladh

- - -

Ainm

- - -

Sráid agus uimhir

- - -

Cód poist

- - -

Cathair

- - -

Tír

- -

Céannacht an ghníomhaí

- - - -

Uimhir EORI

Duine teagmhála

- -

Ainm

- - -

Seoladh Ríomhphoist

- -

Uimhir theileafóin

Mionsonraí ginearálta

- -

Uimhir chuntais SCCT

- -

An t-údarás inniúil a dhéanann an cinneadh

- -

Stádas an údaraithe

- -

Dáta eisiúna an údaraithe


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/486/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)