European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/484

12.3.2025

CINNEADH (CBES) 2025/484 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1894 (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart an iontráil do dhuine amháin atá faoi réir bearta sriantacha a scriosadh.

(3)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/1894 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1894 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (IO L 291, 12.11.2019, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/1894/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1894, scriostar an iontráil maidir leis an duine seo a leanas:

1.

Mehmet Ferruh AKALIN.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/484/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)