European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/482

17.3.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/482 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Márta 2025

lena gcuirtear allmhairí carbónáite bairiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndia faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Nollaig 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí carbónáite bairiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndia isteach san Aontas.

(2)

Tionscnaíodh na himeachtaí seo tar éis gearán a chuir Kandelium Group GmbH (‘an gearánach’) isteach an 5 Samhain 2024 thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán carbónáite bairiam an Aontais acu.

1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE

(3)

Is é atá sa táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) carbónáit bhairiam ina bhfuil cion strointiam is mó ná 0,07 % de réir meáchain agus cion sulfair is mó ná 0,0015 % de réir meáchain, bíodh sé i bhfoirm phúdrach, i bhfoirm ghráinneach bhrúite nó i bhfoirm ghráinneach chailcínithe, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndia, agus atá aicmithe faoi láthair faoi chód AC ex 2836 60 00 (cód TARIC 2836 60 00 10). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.

2.   CLÁRÚ

(4)

Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála.

(5)

Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha.

(6)

Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé.

(7)

Sna ríomhanna a sholáthraítear sa ghearán ina n-iarrtar imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála a bheith idir 170 % go 180 % i gcás na Síne, idir 30 % go 40 % i gcás na hIndia agus leibhéal díothaithe díobhála idir 145 % agus 155 % i gcás an dá thír le haghaidh na tréimhse ó mhí Iúil 2023 go mí an Mheithimh 2024. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán.

(8)

Más rud é go dtagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh ar amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(9)

Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir a bheith ag súil leis an leibhéal iarbhír dliteanais a bhunófar mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu.

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(10)

Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí carbónáite bairiam ina bhfuil cion strointiam is mó ná 0,07 % de réir meáchain agus cion sulfair is mó ná 0,0015 % de réir meáchain, bíodh sé i bhfoirm phúdrach, i bhfoirm ghráinneach bhrúite nó i bhfoirm ghráinneach chailcínithe, a aicmítear faoi chóid AC 2836 60 00 (cód TARIC 2836 60 00 10) faoi láthair, agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne nó de thionscnamh na hIndia.

2.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO C, C/2024/7461 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7461/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fhómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CÉ (IO L 295, 21.11.2018, lch 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/482/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)