European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/473

14.3.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/473 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Márta 2025

lena n-aithnítear go bhfuil sonraí cruinne sa tuarascáil a chuir an tSeicia faoi bhráid an Choimisiúin faoi Airteagal 31(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, biatais siúcra, arbhar, sadhlais arbhair, eorna earraigh agus eorna geimhridh sa Bhallstát sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 31(4) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le Treoir (AE) 2018/2001 go sábháiltear le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise líon mór astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le breoslaí iontaise ionas gur féidir iad a áireamh mar chuid de na spriocanna a leagtar amach sa Treoir sin. Chun na críche sin, in Airteagal 29(10) den Treoir sin, leagtar síos tairseacha sonracha maidir le laghdú ar astaíochtaí le haghaidh na mbreoslaí sin, agus le hAirteagal 31, rialaítear an bealach a ríomhtar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid na mbreoslaí sin. Agus na ríomhanna sin á ndéanamh, is féidir úsáid a bhaint as na luachanna réamhshocraithe a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. In ionad luachanna réamhshocraithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann ó shaothrú amhábhar talmhaíochta, is féidir úsáid a bhaint as luachanna tipiciúla faoi roinnt coinníollacha. Maidir leis na luachanna tipiciúla sin, arb éard atá iontu an meánluach i limistéar sonrach, féadfaidh na Ballstáit nó tríú tíortha iad a thuairisciú don Choimisiún. Ní fhéadfar na luachanna tipiciúla a úsáid ach amháin má aithníonn an Coimisiún go bhfuil siad cruinn.

(2)

Trí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2624 (2), d’aithin an Coimisiún go raibh sonraí cruinne sa tuarascáil ar chuir an tSeicia faoina bhráid chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú síl ráibe a tháirgtear de ghnáth i réigiúin NUTS 2 sa tSeicia.

(3)

An 23 Deireadh Fómhair 2024 chuir an tSeicia faoi bhráid an Choimisiúin tuarascáil bhreise ina raibh sonraí chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, biatais siúcra, arbhar, sadhlais arbhair, eorna earraigh agus eorna geimhridh a tháirgtear de ghnáth i limistéir ar a críoch a aicmítear mar leibhéal 2 in aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). D’iarr an tSeicia go n-aithneofaí na sonraí mar shonraí cruinne i gcomhréir le hAirteagal 31(4) de Threoir (AE) 2018/2001.

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an tuarascáil agus chinn sé go bhfuil sonraí cruinne inti chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, biatais siúcra, arbhar, sadhlais arbhair, eorna earraigh agus eorna geimhridh a tháirgtear de ghnáth i réigiúin NUTS 2 sa tSeicia. Dá bhrí sin, ba cheart go n-aithneofar cruinneas na sonraí chun críocha astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le saothrú na mbunábhar sin a thomhas.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an tuarascáil a chuir an tSeicia faoi bhráid an Choimisiúin an 23 Deireadh Fómhair 2024, tá sonraí cruinne inti chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, biatais siúcra, arbhar, sadhlais arbhair, eorna earraigh agus eorna geimhridh a tháirgtear de ghnáth i réigiúin NUTS 2 sa tSeicia. Leagtar amach san Iarscríbhinn achoimre ar shonraí na tuarascála.

Airteagal 2

I gcás ina ndéanfar athrú ar na sonraí sa tuarascáil, mar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin í chun aitheantas a fháil ina leith an 23 Deireadh Fómhair 2024, arb athrú é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chruinneas na sonraí agus, dá bhrí sin, don bhunús leis an gCinneadh seo, tabharfaidh an tSeicia fógra don Choimisiún faoi na hathruithe sin láithreach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hathruithe faoina dtugtar fógra chun cinneadh a dhéanamh cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear sonraí cruinne fós leis an tuarascáil a bhfuil sí aitheanta ina leith.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige an 3 Aibreán 2030.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2624 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2024 lena n-aithnítear faoi Airteagal 31(2) agus (4) de Threoir (AE) 2018/2001 go bhfuil sonraí cruinne sa tuarascáil chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le saothrú síl ráibe sa tSeicia a thomhas (IO L, 2024/2624, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2624/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críche le haghaidh staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj).


IARSCRÍBHINN

Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú cruithneachta geimhridh i réigiúin NUTS2 na Seice (kg CO2eq/tona de chruithneacht gheimhridh a bhuantar ar bhonn ábhar tirim)

Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003

N2O na hithreach

Leabaithe

Úsáid Breosla

Síol

Iomlán

Díreach

Indíreach

Leasachán

Neodrú

Lotnaidicíd

CZ 01 Hl. město Praha

79,3

4,6

79,1

31,3

1,7

52,0

9,4

257,4

CZ 02 Střední Čechy

76,6

4,9

75,3

26,3

2,1

52,6

9,9

247,7

CZ 03 Jihozápad

104,9

18,1

72,2

26,9

1,8

52,6

10,1

286,7

CZ 04 Severozápad

77,1

7,7

62,4

24,9

1,8

53,5

9,9

237,3

CZ 05 Severovýchod

119,9

22,0

78,9

31,1

2,4

52,0

9,9

316,2

CZ 06 Jihovýchod

81,4

5,7

75,6

32,4

1,8

52,7

9,9

259,6

CZ 07 Střední Morava

110,7

18,3

76,5

31,7

2,1

49,6

9,8

298,7

CZ 08 Moravskoslezsko

170,9

46,4

75,1

30,2

2,1

50,1

10,2

384,9

Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú biatais siúcra i réigiúin NUTS2 na Seice (kg CO2eq/tona de bhiatas siúcra a bhuantar ar bhonn ábhar tirim)

Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003

N2O na hithreach

Leabaithe

Úsáid Breosla

Síol

Iomlán

Díreach

Indíreach

Leasachán

Neodrú

Lotnaidicíd

CZ 01 Hl. město Praha

28,1

1,0

18,0

5,9

2,4

38,4

0,8

94,5

CZ 02 Střední Čechy

30,3

2,1

19,6

5,4

1,1

38,2

0,8

97,5

CZ 03 Jihozápad

0,0

0,0

0,0

0,0

0,0

0,0

0,0

0,0

CZ 04 Severozápad

29,5

1,2

20,9

5,7

0,7

38,5

0,8

97,2

CZ 05 Severovýchod

28,9

1,4

17,6

5,6

1,6

37,5

0,8

93,5

CZ 06 Jihovýchod

30,7

1,8

16,5

9,1

2,2

37,4

0,8

98,5

CZ 07 Střední Morava

33,4

2,9

20,0

6,8

2,3

35,6

0,8

101,8

CZ 08 Moravskoslezsko

42,2

12,7

14,7

4,3

2,1

35,3

0,8

112,1

Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú gráin bhuí i réigiúin NUTS2 na Seice (kg CO2eq/tona de ghrán buí a bhuantar ar bhonn ábhar tirim)

Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003

N2O na hithreach

Leabaithe

Úsáid Breosla

Síol

Iomlán

Díreach

Indíreach

Leasachán

Neodrú

Lotnaidicíd

CZ 01 Hl. město Praha

53,0

3,9

36,0

28,7

1,0

73,2

0,9

196,7

CZ 02 Střední Čechy

61,3

7,7

38,3

23,9

1,1

67,1

1,0

200,5

CZ 03 Jihozápad

73,9

13,5

39,2

32,4

1,4

74,6

1,1

236,0

CZ 04 Severozápad

43,7

4,0

23,5

15,3

0,7

74,6

1,0

162,7

CZ 05 Severovýchod

71,7

14,3

36,3

22,2

1,3

68,8

1,0

215,7

CZ 06 Jihovýchod

63,5

5,7

44,7

34,2

1,3

73,1

1,0

223,5

CZ 07 Střední Morava

83,4

19,2

39,8

25,6

0,9

62,6

1,0

232,5

CZ 08 Moravskoslezsko

113,2

34,9

38,6

30,7

1,1

61,6

1,0

281,2

Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú sadhlais arbhair i réigiúin NUTS2 na Seice (kg CO2eq/tona de shadhlas arbhair a bhuantar ar bhonn ábhar tirim)

Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003

N2O na hithreach

Leabaithe

Úsáid Breosla

Síol

Iomlán

Díreach

Indíreach

Leasachán

Neodrú

Lotnaidicíd

CZ 01 Hl. město Praha

12,6

1,1

9,4

5,4

0,3

11,1

0,3

40,2

CZ 02 Střední Čechy

13,8

1,4

8,1

6,0

0,4

12,0

0,3

42,0

CZ 03 Jihozápad

19,5

4,8

9,1

6,9

0,4

12,0

0,3

53,0

CZ 04 Severozápad

17,1

2,8

10,5

6,6

0,3

12,1

0,3

49,8

CZ 05 Severovýchod

24,4

6,4

10,5

8,2

0,4

11,8

0,3

61,9

CZ 06 Jihovýchod

16,7

1,8

10,7

8,2

0,4

11,6

0,3

49,6

CZ 07 Střední Morava

25,1

7,5

9,5

8,1

0,3

10,2

0,3

61,0

CZ 08 Moravskoslezsko

31,8

11,7

10,4

7,2

0,4

11,0

0,3

72,9

Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú eorna earraigh i réigiúin NUTS2 na Seice (kg CO2eq/tona d'eorna earraigh a bhuantar ar bhonn ábhar tirim)

Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003

N2O na hithreach

Leabaithe

Úsáid Breosla

Síol

Iomlán

Díreach

Indíreach

Leasachán

Neodrú

Lotnaidicíd

CZ 01 Hl. město Praha

61,0

2,5

46,1

16,2

2,0

57,7

12,2

197,7

CZ 02 Střední Čechy

58,3

2,7

41,8

13,1

2,6

59,5

13,1

191,0

CZ 03 Jihozápad

87,9

15,7

52,1

19,4

2,3

62,0

13,9

253,3

CZ 04 Severozápad

63,9

8,6

32,5

11,0

2,2

61,0

13,2

192,4

CZ 05 Severovýchod

88,8

16,9

48,5

18,8

3,0

60,0

13,2

249,2

CZ 06 Jihovýchod

65,4

3,7

48,2

20,5

2,3

60,0

13,4

213,5

CZ 07 Střední Morava

92,2

20,6

43,1

19,6

2,5

55,9

12,6

246,5

CZ 08 Moravskoslezsko

114,2

33,6

43,9

15,7

2,6

57,8

13,5

281,3

Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú eorna geimhridh i réigiúin NUTS2 na Seice (kg CO2eq/tona d'eorna gheimhridh a bhuantar ar bhonn ábhar tirim)

Réigiún NUTS 2 de réir Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003

N2O na hithreach

Leabaithe

Úsáid Breosla

Síol

Iomlán

Díreach

Indíreach

Leasachán

Neodrú

Lotnaidicíd

CZ 01 Hl. město Praha

70,0

3,3

48,7

26,7

1,7

53,0

10,0

213,5

CZ 02 Střední Čechy

75,1

4,4

62,8

21,8

2,2

54,4

10,7

231,5

CZ 03 Jihozápad

107,1

20,2

63,6

21,7

1,9

54,6

11,0

280,1

CZ 04 Severozápad

85,8

13,3

49,8

20,3

1,8

54,0

10,4

235,5

CZ 05 Severovýchod

120,0

26,2

62,6

23,8

2,5

52,6

10,4

298,1

CZ 06 Jihovýchod

77,2

4,5

61,6

23,5

2,0

53,7

10,5

233,0

CZ 07 Střední Morava

114,6

27,2

54,6

19,7

2,1

50,5

10,5

279,2

CZ 08 Moravskoslezsko

160,8

45,1

68,3

24,3

2,2

51,8

11,0

363,6


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/473/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)