European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/471

11.3.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/471 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meán Fómhair 2024

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe a chur i bhfeidhm maidir le tarchur sonraí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn sonracha staidrimh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 bunaíodh aicmiú comhchoiteann staidrimh maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas (‘NACE Ath. 2’), a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2008.

(2)

Tar éis do NACE Ath. 2 teacht i bhfeidhm tá athrú déanta de réir a chéile, mar gheall ar an domhandú agus an digitiú, ar an mbealach a soláthraíonn go leor gníomhaíochtaí eacnamaíocha earraí agus seirbhísí ar fud an domhain.

(3)

Mar thoradh ar na hathruithe sin, ba ghá NACE Ath. 2 a thabhairt cothrom le dáta, chun a inchomparáideacht agus a chomhleanúnachas a choinneáil ar bun leis na caighdeáin maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a aicmiú a úsáidtear ar an leibhéal idirnáisiúnta. Dá réir sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137 ón gCoimisiún (2), leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 agus bunaíodh an t-aicmiú arna thabhairt cothrom le dáta(‘NACE Ath. 2.1’).

(4)

Chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí measúnú a dhéanamh ar na hathruithe mionsonraithe in NACE agus chun an leagan roimhe sin den aicmiú a chur i gcomparáid leis an leagan arna thabhairt cothrom le dáta, cuireadh tábla comhfhreagrais (3) ar fáil d’úsáideoirí an aicmithe an 1 Lúnasa 2023, mar aon le nótaí míniúcháin (4).

(5)

Le corpas mór reachtaíochta leagtar amach ceanglais maidir le tarchur sonraí lena dtagraítear do ranna, rannáin, grúpaí nó aicmí sonracha NACE. Chun é a chur ar a gcumas do sholáthraithe sonraí oiriúnú do na ceanglais rialála leasaithe, cuireadh cur i bhfeidhm an aicmithe arna thabhairt cothrom le dáta (NACE Ath. 2.1) siar maidir le ceanglais áirithe maidir le tarchur sonraí a leagtar amach i roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais. Chun ceanglais maidir le tarchur sonraí a ailíniú ar bhealach níos fearr le hindéantacht phraiticiúil, ba cheart tráth chur i bhfeidhm NACE Ath. 2.1 a leasú a thuilleadh i gcás fearainn áirithe staidrimh.

(6)

Ós rud é go bhfuil gráinneacht an aicmithe arna thabhairt cothrom le dáta cosúil le gráinneacht bhunleagan an aicmithe, ní fhorchuirfeadh an leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137 a leagtar amach sa Rialachán seo aon ualach breise ar na Ballstáit ná ar fhreagróirí.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2023/137 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   De mhaolú ar mhír 1, beidh feidhm ag an Rialachán seo mar a leanas:

(a)

le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle (*1), maidir leis an méid seo a leanas:

staidreamh maidir le struchtúr agus dáileadh tuillimh, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

staidreamh maidir le leibhéal agus comhdhéanamh na gcostas saothair, ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(b)

le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(c)

le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(d)

le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh, a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(e)

le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(f)

le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(g)

le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(h)

le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8), a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

IARSCRÍBHINN II – Fearann: Cúram sláinte, ábhar: ‘caiteachas ar chúram sláinte agus maoiniú cúraim sláinte’, ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

IARSCRÍBHINN IV – Fearann: Tionóiscí tionsclaíocha, ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(i)

le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9), a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

Iarscríbhinn I — MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS ASTAÍOCHTAÍ AEIR, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

Iarscríbhinn II - MODÚL LE hAGHAIDH CÁNACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

Iarscríbhinn IV — MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS AR CHAITEACHAS I LEITH CHOSAINT AN CHOMHSHAOIL, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

Iarscríbhinn V — MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS AR AN EARNÁIL UM EARRAÍ AGUS UM SHEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

Iarscríbhinn VI — MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS AR SHEARBHADH FISICIÚIL FUINNIMH, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(j)

le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 70/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10), ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(k)

le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11), a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn B, beidh feidhm aige maidir le tarchuir sonraí ón 1 Meán Fómhair 2029 ar aghaidh;

(l)

le haghaidh Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12), ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(m)

le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13), a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

fearann ‘an lucht saothair’ agus fearann ‘an ioncaim agus na ndálaí maireachtála’, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

fearann an ‘oideachais agus na hoiliúna’, ón 1 Eanáir 2028 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

fearann ‘an tomhaltais’ agus fearann ‘na húsáide ama’, ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

fearann ‘na sláinte’, ón 1 Eanáir 2031 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

(n)

le haghaidh Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14), a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

Airteagal 6(1), pointe (a), ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí athbhunaithe ar an mbliain 2025;

Airteagal 6(2), pointe (c), ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis;

Airteagal 6(2), pointí (b) agus (d), ón 31 Nollaig 2026 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar críoch an dáta sin nó dá éis;

(o)

le haghaidh Airteagal 2 de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15), ón 1 Eanáir 2030 ar aghaidh a mhéid a bhaineann le tarchur sonraí a bhaineann le gach tréimhse thagartha dar tús an dáta sin nó dá éis.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 393, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1893/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/137 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 (IO L 19, 20.1.2023, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/137/oj).

(3)   https://europa.eu/!f6H9nX.

(4)   https://europa.eu/!FNRFFB.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/471/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)