|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/462 |
12.3.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/462 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Márta 2025
maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘US Soybean Sustainability Assurance Protocol’ (SSAP) [Prótacal Dearbhaithe na Stát Aontaithe maidir le hInbhuanaitheacht na bPónairí Soighe] chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithmhais talmhaíochta á gcomhlíonadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite (1) a chur chun cinn, agus go háirithe Airteagal 30(4) agus (5) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir (AE) 2018/2001 leagtar síos ceanglais maidir le breoslaí áirithe, is iad sin bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte. Áirithítear leis na ceanglais maidir leis na breoslaí sin nach féidir iad a áireamh faoi chomhair na spriocanna a leagtar amach sa Treoir sin ach amháin más rud é gur táirgeadh go hinbhuanaithe iad agus go sábháiltear líon mór astaíochtaí gás ceaptha teasa leo i gcomparáid le breoslaí iontaise. Le hAirteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001, leagtar síos critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise. |
|
(2) |
Tá ról tábhachtach ag na scéimeanna deonacha maidir le fianaise a sholáthar ar chomhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise. Faoi Threoir (AE) 2018/2001, is féidir scéimeanna deonacha a úsáid chun a dheimhniú go gcomhlíonann na breoslaí ar fad a tháirgtear ó bhithmhais na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos sa Treoir sin agus chun sonraí cruinne a sholáthar faoin laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na breoslaí sin. |
|
(3) |
An 17 Lúnasa 2022, chuir an scéim dheonach ‘US Soybean Sustainability Assurance Protocol’ (‘SSAP’) [Prótacal Dearbhaithe na Stát Aontaithe maidir le hInbhuanaitheacht na bPónairí Soighe] faoi bhráid an Choimisiúin iarraidh tosaigh ar aitheantas faoi Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001. Rinne an Coimisiún measúnú ar an scéim agus shainaithin roinnt saincheisteanna a raibh leasú ag teastáil ina leith. San iarratas deireanach a athchuireadh faoina bhráid an 13 Nollaig 2023, thug an scéim dheonach ‘SSAP’ aghaidh ar na saincheisteanna a sainaithníodh agus tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcumhdaítear leis an scéim dheonach ‘SSAP’ go leormhaith na critéir maidir le bithmhais talmhaíochta a sholáthar agus go soláthraítear sonraí cruinne léi maidir leis an laghdú ábhartha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. |
|
(4) |
Cumhdaítear leis an scéim bithmhais talmhaíochta ó phónairí soighe a sholáthraítear sna Stáit Aontaithe. Ní chumhdaítear ach na Stáit Aontaithe agus an soláthar agus an t-onnmhairiú bithmhaise talmhaíochta ó phónairí soighe. |
|
(5) |
Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an scéim dheonach ‘SSAP’, chinn sé go gcumhdaítear léi go leormhaith na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos in Airteagal 29(3) go (5) de Threoir (AE) 2018/2001. Chinn an Coimisiún freisin go soláthraítear leis an scéim sonraí cruinne faoi laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun críocha Airteagal 29(10) den Treoir sin agus go gcuirtear modheolaíocht maidir le cothromaíocht mhaise i bhfeidhm léi i gcomhréir le ceanglais Airteagal 30(1) agus (2) den Treoir sin. |
|
(6) |
Chinn an Coimisiún go gcomhlíonann an scéim dheonach ‘SSAP’ go leormhaith na rialacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún (2). |
|
(7) |
Sa mheasúnú ar an scéim dheonach ‘SSAP’, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíonann sí caighdeáin iontaofachta, trédhearcachta agus iniúchóireachta neamhspleáiche go leormhaith agus go gcomhlíonann sí na ceanglais mhodheolaíocha a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. |
|
(8) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An scéim dheonach ‘US Soybean Sustainability Assurance Protocol’ (‘SSAP’), a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin san iarraidh ar aitheantas an 13 Nollaig 2023, tá aitheantas á thabhairt di chun comhlíontacht na gcoinsíneachtaí de bhithmhais talmhaíochta ó phónairí soighe le hAirteagal 29(3) go (5) de Threoir (AE) 2018/2001 a léiriú.
Tá sé á aithint go soláthraítear leis an scéim dheonach ‘SSAP’ sonraí cruinne faoi laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh coinsíneachtaí de bhithmhais talmhaíochta ó phónairí soighe agus chun críoch Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001 sa mhéid go n-áirithítear léi go n-aistrítear an fhaisnéis ábhartha ar fad ó oibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal réamhtheachtach den líne chúraim chuig na hoibreoirí eacnamaíocha atá ar an leibhéal iartheachtach den líne chúraim.
Tá aitheantas á thabhairt don scéim chun a léiriú go bhfuil na hoibreoirí eacnamaíochta ag comhlíonadh na hoibleagáide faisnéis chruinn a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais maidir le breoslaí in-athnuaite i gcomhréir le hAirteagal 31a(5) de Threoir (AE) 2018/2001.
Airteagal 2
I gcás ina ndéanfar athrú ar ábhar na scéime deonaí ‘SSAP’, mar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin í an 13 Nollaig 2023 chun aitheantas a fháil ina leith, arb athrú é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fhoras an Chinnidh seo, cuirfidh an scéim dheonach ‘SSAP’ an Coimisiún ar an eolas faoi na hathruithe sin gan mhoill.
Déanfaidh ranna an Choimisiúin measúnú ar na hathruithe faoina dtugtar fógra chun a shuí cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leormhaith fós leis an scéim deonach‘SSAP’ na critéir a dtugtar aitheantas di ina leith.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go dtí an 1 Aibreán 2030.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú (IO L 168, 27.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/996/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/462/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)