European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/437

3.3.2025

CINNEADH (CBES) 2025/437 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2025

lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha arna ndíriú ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, de bharr an mhéid seo a leanas:

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/119/CBES (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2014/119/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 6 Márta 2026.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/119/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh 2014/119/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 6 Márta 2026’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)  Cinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle an 5 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha arna ndíriú ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO L 66, 6.3.2014, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/119(1)/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/437/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)