European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/429

12.3.2025

CINNEADH (AE) 2025/429 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Aibreán 2024

maidir leis an mbeart Státchabhrach SA.58207 (2021/N) a bhfuil sé beartaithe ag an tSeicia é a chur chun feidhme chun tacú le tógáil agus oibriú gléasra nua cumhachta núicléiche ag suíomh Dukovany

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 2858)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 108(2) de,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1)(a) de,

Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na forála nó na bhforálacha (1) atá luaite thuas agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

I litir dar dáta an 15 Márta 2022, thug an tSeicia fógra don Choimisiún faoin mbeart lena dtacaítear le tógáil agus oibriú gléasra nua cumhachta núicléiche ag suíomh Dukovany (an ‘Tionscadal’). Chuir sé tuilleadh faisnéise ar fáil don Choimisiún i litir dar dáta an 5 Bealtaine 2022, tar éis iarraidh ar fhaisnéis ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2022.

(2)

Le litir dar dáta an 30 Meitheamh 2022, chuir an Coimisiún in iúl don tSeicia go raibh cinneadh déanta aige an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a thionscnamh i leith an bhirt (an ‘Cinneadh Tosaigh’). Foilsíodh an Cinneadh Tosaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach.

(3)

Sheol an tSeicia a barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh an 31 Lúnasa 2022.

(4)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó thríú páirtithe. Chuir sé ar aghaidh chuig an tSeicia iad, agus tugadh an deis di freagairt; fuarthas a barúlacha le litir dar dáta an 21 Deireadh Fómhair 2022.

(5)

Chuir an tSeicia tuilleadh faisnéise isteach an 30 Eanáir 2023, an 16 Márta 2023, an 4 Aibreán 2023, an 11 Aibreán 2023, an 24 Aibreán 2023, an 9 Meitheamh 2023, an 21 Meitheamh 2023, an 3 Iúil 2023, an 14 Iúil 2023, an 2 Lúnasa 2023, an 8 Meán Fómhair 2023, an 14 Meán Fómhair 2023, an 22 Meán Fómhair 2023, an 6 Deireadh Fómhair 2023, an 9 Deireadh Fómhair 2023, an 18 Deireadh Fómhair 2023, an 19 Deireadh Fómhair 2023, an 22 Deireadh Fómhair 2023, an 25 Deireadh Fómhair 2023, an 8 Samhain 2023, an 20 Samhain 2023, an 16 Nollaig 2023, an 10 Eanáir 2024, an 26 Eanáir 2024, an 1 Feabhra 2024, an 7 Feabhra 2024, an 9 Feabhra 2024, an 12 Feabhra 2024, an 21 Feabhra 2024, an 23 Feabhra 2024, an 26 Feabhra 2024, an 1 Márta 2024, an 7 Márta 2024, an 8 Márta 2024, an 11 Márta 2024, an 19 Márta 2024, an 20 Márta 2024, an 21 Márta 2024 agus an 15 Aibreán 2024.

(6)

An 26 Eanáir 2024, d’aontaigh údaráis na Seicia go heisceachtúil a gcearta de bhun Airteagal 342 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 3 de Rialachán 1/1958, a tharscaoileadh agus go nglacfar an Cinneadh seo, agus go dtabharfar fógra faoi, as Béarla.

2.   Tuairisc ar an gcomhthéacs

2.1.   Giniúint leictreachais sa tSeicia

(7)

Mar a mhínítear i roinn 2.1 den Chinneadh Tosaigh, is í an ghiniúint leictreachais ligníte agus núicléach-bhunaithe atá i dtreis i meascán fuinnimh na Seicia faoi láthair. Léirítear sa tábla seo a leanas an fhorbairt atá tagtha ar an acmhainneacht giniúna leictreachais agus ar an olltáirgeacht leictreachais sa tSeicia idir 2000 agus 2022.

Tábla 1

An fhorbairt atá tagtha ar an acmhainneacht giniúna leictreachais i ngigeavatanna (GW) agus ar an olltáirgeacht leictreachais i dteirea-vatuaireanta (‘TWh’) sa tSeicia, 2000-2022

Image 1

Foinse:

Údaráis na Seicia

(8)

Ina Dréachtphlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (‘PNFA’) arna nuashonrú le haghaidh 2023 (2), dheimhnigh an tSeicia a gealltanas a córas leictreachais a dhícharbónú agus deireadh a chur de réir a chéile le húsáid guail chun fuinneamh agus teas a ghiniúint faoi 2033.

(9)

De réir an dréacht-PNFA nuashonraithe, faoi 2030, beidh ról mór ag gléasraí grianchumhachta fótavoltaí agus feirmeacha gaoithe ar tír maidir le dícharbónú an tsoláthair leictreachais. Measann an tSeicia nach mbeidh foinsí fuinnimh in-athnuaite eadrannacha in ann córas fuinnimh na Seicia a dhícharbónú astu féin, d’ainneoin an mhéadaithe shuntasaigh a mheastar a thiocfaidh orthu, toisc nach mbeidís in ann an bhearna soláthair lena bhfuil coinne a chumhdach. Mhínigh údaráis na Seicia go bhfuil tosca acmhainneachta measartha teoranta ag na foinsí eadrannacha sin sa tSeicia, is é sin 11 % i gcás grianchumhacht fhótavoltach agus 22 % i gcás fuinneamh gaoithe ar tír. Thairis sin, tá fianaise ann gur teoranta an acmhainneacht forbartha fuinnimh gaoithe sa tSeicia mar gheall ar ghlacadh íseal an phobail agus limistéir ina bhfuil dlús ard daonra. Ina theannta sin, níl acmhainneacht cumhachta gaoithe amach ón gcósta ná acmhainneacht cumhachta hidrileictrí ar mhórscála ag an tSeicia ach oiread, rud a fhágann na roghanna i dtaobh acmhainneachtaí giniúna in-athnuaite mórscála níos teoranta fós.

(10)

Ní mheasann an tSeicia gur ionadach oiriúnach ar ghual agus lignít é an gás nádúrtha mar gheall ar a fhachtóir ard astaíochtaí (499 dtona CO2e/GWh vs. 29 ón bhfuinneamh núicléach nó 85 ón ngrianchumhacht laistigh de shaolré amháin) agus mar gheall ar a spleáchas ar allmhairiú gáis. Go ginearálta, bíonn an spleáchas ar ghás níos airde le linn an gheimhridh toisc nach bhfuil dóthain leictreachais á tháirgeadh ag foinsí fuinnimh in-athnuaite le linn na tréimhse sin, agus méadaíonn téamh an t-éileamh ar ghás nádúrtha. Thairis sin, i bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair agus an tionchair atá aici ar sholáthar gáis chuig an Aontas Eorpach, go háirithe ón Rúis, tá sé d’aidhm ag údaráis na Seicia an spleáchas ar allmhairí gáis a laghdú.

(11)

I mí Dheireadh Fómhair 2019, chuir oibreoir córais tarchurtha na Seicia ČEPS tuar ar leordhóthanacht acmhainní i láthair, (3) lena gcuirtear dhá chás i láthair – Cás A: cás bunlíne ina nglactar leis go dtáirgfear leictreachas i ngléasraí cumhachta ligníte nuachóirithe (Prunéřov II, Tušimice, Mělník I and Ledvice PP) agus Cás B: cás ísealcharbóin ina nglactar leis go gcuirfear deireadh de réir a chéile le gach gléasra cumhachta ligníte seachas Ledvice PP. Eascraíonn saincheisteanna leordhóthanachta as an dá chás.

(12)

Le staidéar eile a rinne ČEPS freisin níos déanaí (4), léirítear go mbeidh fadhbanna leordhóthanachta giniúna ann ó 2030 ar aghaidh mar gheall ar an scor den ghiniúint cumhachta ligníte agus gur gá allmhairí a mhéadú go leibhéil is mó ná 20 % chun éileamh na Seicia a chumhdach. Beidh saincheisteanna ganntanais leictreachais i gceist i ngach cás ó 2035 ar aghaidh agus beidh siad an-ghéar i gcásanna ina mbeidh deireadh iomlán curtha de réir a chéile le húsáid guail in 2033 (an cás lárnach a mheasann ČEPS is dóichí) nó in 2030 (an cás dícharbónaithe). Cuirtear i dtábhacht sa tuar sin (bunaithe ar an toimhde go mbeidh uasleibhéal glanallmhairiúcháin 20 TWh ann mar gheall ar theorainneacha teicniúla agus sábháilteachta agus an t-aonad nua núicléach á áireamh ina thoimhdí tar éis 2035) go mbeadh leibhéil LOLE (5) míshásúil i gcónaí. Léiríonn na ríomhanna a rinneadh don chás lárnach go mbeidh an acmhainneacht ghiniúna neamhleor cheana féin in 2030 chun tomhaltas a chumhdach.

(13)

Sna staidéir a chuir údaráis na Seicia i láthair, cuirtear san áireamh na sreabha trasteorann a bhfuil coinne leo idir an tSeicia agus a tíortha comharsanacha. Tá córas leictreachais na Seicia nasctha go maith leis na córais sna Ballstáit chomharsanacha agus tá sé beartaithe an acmhainneacht nasctha sin a mhéadú a thuilleadh amach anseo (6). An margadh leictreachais lá roimh ré sa tSeicia, tá sé nasctha le Cúpláil Ilréigiúnach (7) bunaithe ar leithdháileadh intuigthe acmhainneachta trasteorann ar bhonn glanacmhainneachta tarchurtha. I mí an Mheithimh 2022, cuireadh an Croíthionscadal (8) Margadhchúplála Sreabhadhbhunaithe (9) i bhfeidhm agus rinne an tSeicia a margaí leictreachais lá roimh ré agus ionlae a chomhtháthú go hiomlán, agus spriocshamhail an mhargaidh leictreachais san Aontas Eorpach á baint amach aici mar a shainítear i Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú (10).

(14)

Faoi láthair, is glan-onnmhaireoir leictreachais chuig tíortha i Lár agus in Oirthear na hEorpa í an tSeicia, ach de réir ČEPS, ní mhairfidh sé sin amach anseo. De réir tuar 2019 ar leordhóthanacht, beidh onnmhairí laghdaithe go 5.4 TWh in 2025 agus beidh iarmhéid iomlán 1.8 TWh ann i bhfabhar na Seicia. Thiocfadh an chothromaíocht chun bheith diúltach in 2030, agus 8.2 TWh d’allmhairí leictreachais sa chás bunlíne chomh maith le hiarmhéid diúltach iomlán 5.4 TWh. Faoi chás ísealcharbóin 2030, is é 9.2 TWh a bheadh san iarmhéid diúltach iomlán.

(15)

Cé go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh laghdú ar tháirgeadh leictreachais, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú beag ar an ídiú ó thart ar 67 TWh faoi láthair go dtí thart ar 77.5 TWh in 2040, d’ainneoin bearta éifeachtúlachta fuinnimh faoi Threoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Leis an tuar ar leordhóthanacht a rinne ČEPS in 2022, glactar leis go dtiocfaidh méadú intomhaiste ar an éileamh ar leictreachas sna 15 bliana amach romhainn i ngach cás réamh-mheasta, agus léiríonn an cás lárnach go mbeidh méadú 46 % go 98 TWh ann go bliantúil i gcomparáid leis an leibhéal de thart ar 67 TWh atá ann faoi láthair. Tá coinne ag an tSeicia freisin le héileamh níos airde ar leictreachas mar thoradh, go páirteach, ar aistriú ó théamh gásadhainte go húsáid teaschaidéal agus mar thoradh ar leictreachas a bheith á chur in ionad an gháis go ginearálta sa tionscal.

(16)

Cé go bhfuil an tSeicia nasctha go maith leis na tíortha máguaird, athraíonn sreabha leictreachais go mór ag amanna éagsúla den bhliain. Mar a chuirtear in iúl i dtuar 2019 ar leordhóthanacht, tá coinne leis go dtarlóidh tréimhsí ganntanais leictreachais sa chóras i roinnt tíortha i réigiún na hEorpa Láir an tráth céanna (an Croí-réigiún chun acmhainneachtaí tarchurtha a ríomh) mar gheall ar dhálaí aeráide comhchosúla, pleananna chun deireadh a chur le húsáid guail de réir a chéile agus ganntanais soláthair (11). Maidir leis an meath ar tháirgeadh tionsclaíoch a leanfaidh as an nganntanas leictreachais a bhfuil coinne leis, measann údaráis na Seicia gurb é a bheadh mar thoradh air go lagófaí fás eacnamaíoch agus iomaíochas gheilleagar na Seicia, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis freisin le mór-easnaimh ar thaobh an ioncaim de bhuiséid phoiblí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh aon éaradh cumhachta nó ganntanas cumhachta níos fadtéarmaí tionchar mór a imirt ar chobhsaíocht shóisialta na tíre agus na hiarmhairtí diúltacha uile a bhaineann leis sin ann ina theannta.

(17)

De réir na staidéar thuasluaite, tagann fuinneamh núicléach chun cinn mar rogha níos sláine d’infheistíochtaí fuinnimh dícharbónaithe sa tSeicia amach anseo. An cinneadh maidir le hinfheistíocht a dhéanamh in acmhainneachtaí nua núicléacha, mhínigh údaráis na Seicia go raibh sé bunaithe ar a spriocanna dícharbónaithe, agus ar thorthaí thuar 2019 ar leordhóthanacht, a bhí ina phríomh-ionchur chun cainníochtú a dhéanamh ar an ngá atá le hinfheistíochtaí nua san fhuinneamh núicléach. Tá sé beartaithe ag Rialtas na Seicia thart ar 4 GW d’acmhainneacht nua núicléach a leathnú (lena n-áirítear an infheistíocht ar tugadh fógra fúithi) idir 2036 agus 2050.

2.2.   Cuspóirí agus cúlra

(18)

Tá sé beartaithe ag údaráis na Seicia ról an fhuinnimh núicléach ina nginiúint cumhachta a choinneáil ar bun nó a mhéadú, rud a rannchuideoidh le dícharbónú a meascáin fuinnimh, le cruthú post agus le hiomaíochas tionsclaíoch, agus a rannchuideoidh freisin le haghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann le slándáil an tsoláthair fuinnimh a dtugtar tuairisc orthu thuas. Is cuid de chlár níos leithne é an Tionscadal chun tacú le foinsí giniúna ísealcharbóin, arb é is aidhm dó gur giniúint cumhachta núicléiche a bheidh in thart ar 50 % den acmhainneacht fhoriomlán giniúna leictreachais sa tSeicia. Go deimhin, sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhuinneamh Núicléach a Fhorbairt (12) sa tSeicia, a formheasadh i mí an Mheithimh 2015, rinneadh mionléiriú cheana féin ar ról na cumhachta núicléiche a neartú.

(19)

Tá sé aonad cumhachta núicléiche ag oibriú sa tSeicia faoi láthair, in Temelín (13) agus in Dukovany (14). De réir na Seicia, tá coinne leis go ndúnfar na ceithre aonad atá ann cheana ag suíomh Dukovany idir 2045 agus 2047, ar choinníoll go ndéanfaidh an Oifig Stáit um Shábháilteacht Núicléach ceanglais sábháilteachta an ghléasra cumhachta núicléiche atá ann cheana a fhormheas gach 10 mbliana i gcaitheamh shaolré na sócmhainne. Áitíonn údaráis na Seicia nach bhfuil aon ghealltanas sonrach ann faoi láthair chun iad a oibriú tar éis na tréimhse sin.

(20)

Sa dréacht-PNFA nuashonraithe (15) don tSeicia, leagtar síos spriocanna éagsúlaithe fuinnimh le haghaidh an sciar de bhreoslaí aonair (i) i bhfoinsí iomlána an fhuinnimh phríomhúil (gan leictreachas a áireamh) agus (ii) i nginiúint leictreachais. Mhínigh údaráis na Seicia gurbh é 15 % agus 37 % sciar an fhuinnimh núicléach ó fhoinsí fuinnimh phríomhúil agus ó ghiniúint leictreachais faoi seach le haghaidh 2022, agus gur socraíodh spriocleibhéal 2040 ag 25–33 % i gcás foinsí fuinnimh phríomhúil (gan leictreachas a áireamh) agus ag 46–58 % i gcás giniúint leictreachais.

(21)

Meastar in PNFA go bhfuil sé fíor-riachtanach go méadófar sciar an fhuinnimh núicléach ó fhoinsí in-athnuaite chun dul in ionad breoslaí iontaise, ionas go mbainfear amach na gealltanais fhadtéarmacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tá geallta ag an tSeicia a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, is gá struchtúr mhargadh fuinnimh na Seicia agus na foinsí giniúna leictreachais a athrú go mór. Is gá deireadh a chur de réir a chéile le gléasraí giniúna leictreachais iontaise ardcharbóin, i gcomhthráth le díchoimisiúnú acmhainneacht giniúna cumhachta núicléiche atá ag dul in aois.

(22)

De réir na Seicia, tiocfaidh an tSeicia chun bheith ina glan-allmhaireoir leictreachais faoi 2030 agus beidh spleáchas na Seicia ar allmhairí leictreachais níos measa mura n-infheisteofar in acmhainneachtaí nua núicléacha. Deir an tSeicia go mbeidh ról ríthábhachtach ag an Tionscadal maidir le slándáil fuinnimh agus iontaofacht an tsoláthair leictreachais a áirithiú, mar choinníoll fíor-riachtanach chun an meascán giniúna a chlaochlú ionas go mbainfear amach an neodracht carbóin sa tSeicia. Deir an tSeicia freisin go bhfuil gléasraí cumhachta ligníte agus guail a sholáthraíonn leictreachas ar an margadh á ndíchoimisiúnú faoi láthair, agus go bhfuil sé beartaithe dá thoradh sin go mbeidh an earnáil leictreachais dírithe ar allmhairí ó 2025 ar aghaidh.

(23)

I bhfianaise scála na riachtanas maidir le hacmhainneacht athsholáthair agus na gcuspóirí náisiúnta maidir le dícharbónú agus slándáil an tsoláthair, agus i bhfianaise spleáchas gheilleagar na Seicia agus an bhoinn thionsclaíoch ar acmhainní cumhachta, tháinig an tSeicia ar an gconclúid go bhfuil acmhainneachtaí nua athsholáthair núicléacha móra de dhíth. Cuireann údaráis na Seicia i dtábhacht go rannchuideoidh infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh núicléach ísealcharbóin mar aon le foinsí fuinnimh in-athnuaite agus teicneolaíochtaí glan-nialasacha fuinnimh eile le spriocanna inbhuanaitheachta agus cosanta comhshaoil an Aontais a bhaint amach (16).

(24)

Mhínigh an tSeicia thairis sin go rannchuideoidh an Tionscadal go díreach freisin le cuspóirí REPowerEU toisc go laghdóidh sé an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe atá faoi réir luaineachtaí praghsanna agus rioscaí geopholaitiúla, agus go neartóidh sé an tslándáil fuinnimh (17).

2.3.   Roghanna malartacha chun meascán fuinnimh ísealcharbóin a dhaingniú

(25)

Tá scrúdú déanta ag údaráis na Seicia ar roinnt roghanna chun meascán fuinnimh ísealcharbóin a dhaingniú, is iad sin infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, giniúint cumhachta gáis, méadú ar allmhairí, freagairt don éileamh agus cumhacht núicléach. Cuirtear tuilleadh sonraí maidir leis na roghanna malartacha a breithníodh i láthair sa Chinneadh Tosaigh, aithrisí (19) go (21).

(26)

Mar gheall ar na sainiúlachtaí geografacha agus na deacrachtaí a bhaineann le tionscadail in-athnuaite ar mhórscála a fhorbairt sa tSeicia, tá an fuinneamh núicléach tagtha chun cinn mar rogha a bhfuil údaráis na Seicia ina fabhar (18), ós dóigh leo gur mórbhuntáistí iad an tsaolré fhada, astaíochtaí ísle CO2, fachtóir ard úsáide na hacmhainneachta, a tiúchan ard bhreosla agus a hoibriú cobhsaí iontaofa intuartha. Tá an dá ghléasra cumhachta núicléiche in Dukovany agus Temelín nasctha go maith le láithreáin thionsclaíocha agus le láithreáin taighde agus nuálaíochta. Ar na cúiseanna sin, sainaithníodh forbairt an fhuinnimh núicléach mar chuspóir straitéiseach, rud a chuireann le cuspóirí eile na Seicia i dtaca le haghaidh a thabhairt ar shlándáil an fhuinnimh agus ar an inbhuanaitheacht (sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú, deireadh a chur de réir a chéile le gléasraí cumhachta ligníte etc.).

2.4.   Roghanna malartacha maidir le sásraí maoiniúcháin don fhuinneamh núicléach

(27)

An 1 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an tSeicia an tAcht um Bearta chun an tSeicia a Aistriú chuig Earnáil Fuinnimh Ísealcharbóin (19) (‘an tAcht um Fhuinneamh Ísealcharbóin’ nó ‘LCA’). Leagtar amach le LCA an creat chun gléasraí cumhachta núicléiche is mó ná 100 meigeavata (‘MW’) a thógáil agus a oibriú sa tSeicia tar éis 2030, lena n-áirítear an Tionscadal. (20)

(28)

Tuilleadh sonraí maidir leis na roghanna malartacha a breithníodh, cuirtear i láthair sa Chinneadh Tosaigh iad, aithrisí (24) go (31).

3.   CUR SÍOS MIONSONRAITHE AR NA BEARTA

3.1.   Modhnuithe ar na bearta a rinne an tSeicia tar éis an Chinnidh Tosaigh

(29)

Mar fhreagairt ar an amhras a léirigh an Coimisiún ina Chinneadh Tosaigh (féach roinn 3.13 thíos), mhodhnaigh an tSeicia eilimintí áirithe de na bearta a bhí beartaithe ar dtús.

(30)

Go sonrach, baineann na hathruithe sin leis na nithe seo a leanas:

Tréimhse an chonartha ceannaigh leictreachais, a laghdaíodh ó 60 bliain go 40 bliain (féach aithrisí 83-85);

An fhoirmle chun luach saothair an tairbhí faoin gconradh ceannaigh a ríomh, rud a modhnaíodh chun tuilleadh dreasachtaí airgeadais a thabhairt isteach le haghaidh iompraíocht éifeachtúil oibriúcháin agus pleanála cothabhála (féach aithrisí 83-106);

An t-údar atá leis an spriocráta toraidh ar chothromas, dar bhain an tSeicia an biseach riosca núicléach/biseach mór-riosca neamhspleách (féach aithrisí 120-140);

An sásra comhroinnte gnóthachan, inar tugadh isteach fachtóir comhroinnte beagán níos airde tar éis an chonartha ceannaigh chun léiriú a thabhairt ar rioscaí méadaithe a bhaineann go háirithe le tréimhse an chonartha ceannaigh a bheith níos giorra (féach aithrisí 161-169);

Coinníollacha a tugadh isteach maidir le trádáil leictreachais arna tháirgeadh ag an ngléasra cumhachta núicléiche i gcaitheamh a shaolré (féach aithrisí 112-118);

Meastacháin nuashonraithe ar chostais tógála agus oibriúcháin an ghléasra cumhachta núicléiche chun léiriú a thabhairt ar fhorbairtí sa mhargadh (féach roinn 3.6.6).

(31)

Leagtar amach na hathruithe thuas go mionsonraithe sa chuid eile de Roinn 3 den Chinneadh seo.

3.2.   Na tairbhithe

3.2.1.   ČEZ agus EDU II

(32)

Is é ČEZ an t-aon oibreoir gléasra núicléach sa tSeicia. Is cuideachta phoiblí í arna liostú ar Stocmhalartáin Phrág agus Vársá agus is í máthairchuideachta Ghrúpa ČEZ í a oibríonn i roinnt tíortha Eorpacha (go háirithe an tSeicia, an Ghearmáin, an Pholainn, an tSlóvaic, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír agus an Ostair). Tá Grúpa ČEZ gníomhach go príomha i nginiúint, trádáil agus dáileadh leictreachais, agus i ndíol leictreachais agus teasa. Tá Grúpa ČEZ gníomhach freisin, ar bhonn níos lú, i dtrádáil tráchtearraí, dáileadh agus soláthar gáis, mianadóireacht agus seirbhísí fuinnimh (21). Is í an tSeicia an scairshealbhóir is mó de ČEZ a 69,78 % de aici, agus is í an Aireacht Airgeadais a fheidhmíonn na cearta scairshealbhóra.

(33)

Is é Elektrárna Dukovany II a. s. (‘EDU II’) tairbhí díreach an bhirt, ar fochuideachta faoi lánúinéireacht ČEZ é a cruthaíodh chun an gléasra nua cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú ag suíomh Dukovany. Is é EDU II a bheidh ina thairbhí den chonradh ceannaigh a tugadh i gcrích leis an meán sainchuspóireach (22) agus den chúnamh airgeadais in-aisíoctha (23). Tairbhíonn EDU II agus ČEZ de chosaint infheistíochta freisin faoin sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais.

(34)

Mhínigh an tSeicia go ndéanfaidh dhá bhord (Bord Straitéiseach an Choise Stiúrtha Tionscadail agus Bord an Choiste Stiúrtha Tionscadail) agus foireann ceannaireachta feidhmiúcháin, a bhfuil taithí acu ar ghléasraí cumhachta núicléiche agus ar ghléasraí giniúna cumhachta ó fhoinsí traidisiúnta fuinnimh, maoirseacht ar an Tionscadal.

Is é Bord Straitéiseach an Choiste Stiúrtha Tionscadail (24) (lena n-áirítear ionadaíocht ó ČEZ) an comhlacht tionscadail is airde laistigh de Ghrúpa ČEZ. Tá sé faoi chathaoirleacht Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) ČEZ agus tá sé comhdhéanta de chomhaltaí Bhord Stiúrthóirí ČEZ agus príomhbhainisteoirí eile de chuid ČEZ agus EDU II, amhail Príomhoifigeach Feidhmiúcháin EDU II agus an Stiúrthóir Tionscadail.

Tá Bord an Choiste Stiúrtha Tionscadail freagrach as bainistiú tionscadal go comhpháirteach le ČEZ agus EDU II. Is é POF EDU II a dhéanann cathaoirleacht air agus tá sé comhdhéanta de chomhaltaí ČEZ agus EDU II atá i gceannas ar chodanna neamhspleácha den Tionscadal. Tá comhaltaí Bhord ČEZ i dteideal freastal ar chruinnithe an bhoird sin go tráthrialta.

(35)

Cé gurb é ČEZ urraitheoir an Tionscadail atá i gceannas ar rialú straitéiseach agus formhaoirseacht a dhéanamh ar an Tionscadal, is eintiteas ar leithligh é EDU II a dhéanfaidh na feidhmeanna bainistíochta uile faoi rialú agus formhaoirseacht éifeachtach ČEZ. Áitíonn údaráis na Seicia go rialófar ČEZ agus EDU II go neamhspleách ar a chéile ar na cúiseanna seo a leanas.

(36)

Ar an gcéad dul síos, leagann an tSeicia amach go mbeidh deighilt shoiléir dhlíthiúil agus airgeadais idir EDU II agus ČEZ. Áiritheofar leis an struchtúr rialachais (25) go mbeidh EDU II neamhspleách ar ČEZ agus go gcuirfear deireadh go héifeachtach leis na dreasachtaí do ČEZ cur isteach go míchuí ar oibriú laethúil EDU II.

(37)

Ar an dara dul síos, beidh sé d’aidhm ag téarmaí an chonartha ceannaigh leas an Stáit a chosaint chun soláthairtí a dhaingniú agus sásraí pionóis a áirithiú i gcás ina sáróidh EDU II oibleagáidí conarthacha. In aon chás, d’fhéadfadh an Stát, trína úinéireacht in ČEZ (26), a áirithiú freisin nach gcuirfear bac ar oibriú iomlán an ghléasra cumhachta ag EDU II.

(38)

Ar an tríú dul síos, míníonn an tSeicia go bhfuil dreasacht láidir eacnamaíoch ann do EDU II oibriú go héifeachtúil sa mhargadh leictreachais mar a dhaingnítear le foirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh. Aon ghníomhaíocht arbh é ab aidhm di ioncam EDU II a laghdú, bheadh sí in aghaidh leas eacnamaíoch na cuideachta.

(39)

Ar an gceathrú dul síos, míníonn an tSeicia go bhfuil an Tionscadal ríthábhachtach do phunann giniúna agus torthaí airgeadais Ghrúpa ČEZ, go háirithe tar éis deireadh a bheith curtha le húsáid guail agus Dukovany I a bheith curtha as feidhm (lena bhfuil coinne faoi láthair idir 2045 agus 2047, féach aithris 19). De réir an phlean gnó a d’ullmhaigh ČEZ (féach aithris 76 thíos), measann Grúpa ČEZ gurb é thart ar EUR [200 go 500] milliún i dtéarmaí réadacha 2020 a bheidh sa tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (EBITDA) a bheidh ag EDU II go bliantúil ar an meán i gcaitheamh shaolré an Tionscadail, rud a bheidh ina mhéadú de thart ar [10 go 20] % ar EBITDA an Ghrúpa faoi láthair má chomhdhlúthaítear go hiomlán é, agus gach ní eile mar a chéile. Dá réir sin, fágann méid an Tionscadail, go háirithe i gcoibhneas leis an bpunann giniúna agus leis an gclár comhardaithe atá ag ČEZ cheana, go mbeidh impleachtaí ábhartha aige do Ghrúpa ČEZ ar an iomlán.

3.2.2.   An meán sainchuspóireach

(40)

An conradh ceannaigh (féach roinn 3.6) maidir le ceannach an leictreachais arna tháirgeadh ag an ngléasra cumhachta núicléiche, tá sé beartaithe a bheith ina chonradh idir an Stát agus EDU II, arb é príomhthairbhí an Tionscadail é. Sonraítear i mbileog téarmaí agus coinníollacha an chonartha ceannaigh arna shíniú ag an Stát agus EDU II go mbeidh an Stát i dteideal cearta agus oibleagáidí áirithe a eascraíonn as an gconradh ceannaigh (nó as cuid shonrach de) a shannadh d’eintiteas dlítheanach nó a tharmligean chuige, ar eintiteas é atá 100 % faoi úinéireacht an stáit agus a bhfuil ceadúnas trádála leictreachais aige faoin Acht Fuinnimh (‘an meán sainchuspóireach’) agus a thiocfadh chun bheith ina pháirtí sa chomhaontú sin tar éis an tsannta/an tarmligin.

(41)

Má bhíonn na praghsanna leictreachais níos mó ná praghas ceangail an chonartha ceannaigh (a mhínítear in aithrisí (94) go (106)), ní bheidh aon acmhainn bhreise ón Stát ag teastáil ón meán sainchuspóireach. Má bhíonn praghas ceangail an chonartha ceannaigh níos mó ná na margadhphraghsanna leictreachais, áfach, beidh ar an Stát an difríocht idir praghsanna a mhaoiniú trí acmhainní Stáit, is é sin trí bhuiséad an Stáit agus/nó trí thobhaigh tomhaltais, i gcomhréir le foirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh (a mhínítear in aithrisí 88 go 93 thíos). Le hAirteagal 8 LCA, fágtar faoin Stát é ceachtar den dá shásra airgeadais nó iad araon a úsáid. Mhínigh údaráis na Seicia gur dócha gur teaglaim de bhuiséad an Stáit agus de thobhaigh shonracha a bheadh ann.

(42)

Le hAirteagal 8 LCA, leagtar síos na rialacha lena gceadaítear don mheán sainchuspóireach muirear a bhunú is féidir leis na hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin a bhailiú ó thomhaltóirí leictreachais agus a íoc ar ais leis an meán sainchuspóireach. Is é an rialálaí fuinnimh náisiúnta (an Oifig um Rialáil Fuinnimh) a chinnfeadh modh agus uainiú cuntasaíochta agus eisíoca an tobhaigh chun na costais ábhartha a chumhdach. Dheimhnigh údaráis na Seicia freisin, dá n-úsáidfí tobhach agus murar leordhóthanach na fáltais ón tobhach chun costais an mheáin shainchuspóirigh a chumhdach, go gcumhdófaí fuílleach na gcostas ó bhuiséad an Stáit. Ar an taobh eile, i gcás ina nginfeadh an tobhach, más ann dó, ioncam ní ba mhó ná na costais, d’fhabhródh an barrachas sin chun tairbhe bhuiséad an Stáit. D’áitigh údaráis na Seicia go ndéanfaí aon chostas a thabhódh an meán sainchuspóireach a chúiteamh faoin mbeart a mhéid a thabhódh sé ar théarmaí an mhargaidh é agus ar na téarmaí sin amháin (27). Thairis sin, áiritheofar freisin leis an reachtaíocht soláthair phoiblí go mbeidh an meán sainchuspóireach ag gníomhú ar théarmaí an mhargaidh.

(43)

Le Beart 1, treoraítear an sreabhadh airgid go héifeachtach tríd an meán sainchuspóireach (féach roinn 3.6). Glacfaidh an meán sainchuspóireach na caillteanais air féin dá bhrí sin agus gheobhaidh sé ioncam ón leictreachas arna tháirgeadh ag EDU II a dhíol leis an margadh. Dá bhrí sin, faoi dhálaí fabhracha margaidh, coinneoidh an meán sainchuspóireach na gnóthachain ón ngníomhaíocht díola leictreachais. Mhínigh údaráis na Seicia go gcuirfear an t-ioncam sin isteach i mbuiséad an Stáit ar deireadh (nó go n-úsáidfear iad chun tacaíocht d’infheistíochtaí in-athnuaite a mhaoiniú, chun an tobhach faoi seach a laghdú) ós rud é go mbeidh an meán sainchuspóireach faoi úinéireacht agus rialú iomlán na Seicia. Mhínigh údaráis na Seicia nach ndéantar foráil faoin mbeart maidir le dáileadh díreach aon ioncaim ar chustaiméirí leictreachais.

(44)

Beidh ceadúnas trádála leictreachais ag an meán sainchuspóireach faoi Acht Fuinnimh na Seicia, rud a chuirfidh ar a chumas dó aschur EDU II a chur ar na margaí mórdhíola leictreachais. Tá sé beartaithe gur páirtí freagrach cothromúcháin i leith oibreoir margaidh na Seicia, OTE, a bheidh ann go príomha.

(45)

Mhínigh údaráis na Seicia gurb é is cuspóir don struchtúr sin laghdú a dhéanamh ar an riosca go bhféadfadh saobhadh margaidh a bheith ann mar gheall ar chomhchruinniú cumhachta margaidh laistigh de Ghrúpa ČEZ.

(46)

Tá sé beartaithe ag údaráis na Seicia go mbunóidh an meán sainchuspóireach a dheasc trádála agus a oibríochtaí féin go hinmheánach. Mar sin féin, chuir siad in iúl go bhféadfadh an meán sainchuspóireach tairiscint iomaíoch thrédhearcach neamh-idirdhealaitheach a reáchtáil le haghaidh gach páirtí oiriúnaigh chun a fheidhmeanna roghnaithe a sheachfhoinsiú má mheasann sé go mbeadh sé sin níos iomchuí agus níos costéifeachtaí i bhfianaise an chur chuige trádála roghnaithe. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin gníomhú mar pháirtí freagrach cothromúcháin nó mar fheidhm trádála amach anseo, i gcás ina mbeidh líon leordhóthanach contrapháirtithe ionchasacha cáilithe sa mhargadh ábhartha. Mar sin féin, ní féidir trádáil leictreachais an mheáin shainchuspóirigh a sheachfhoinsiú in imthosca ar bith chuig Grúpa ČEZ ná chuig eintitis ar cuid de Ghrúpa ČEZ iad.

(47)

Dá réir sin, díolfaidh an meán sainchuspóireach an leictreachas ar an margadh mórdhíola agus úsáid á baint as a dheasc trádála féin aige nó déanfaidh sé a oibríocht a sheachtrú trí chonradh a dhéanamh le tríú páirtí, a ghabhfaidh ansin don leictreachas a dhíol ar an margadh thar a cheann. Féadfaidh an meán sainchuspóireach conarthaí déthaobhacha maidir le díol leictreachais nó conarthaí fálaithe a thabhairt i gcrích le custaiméirí aonair freisin chomh maith le leictreachas a dhíol ar an margadh lá roimh ré agus ar an margadh (airgid) ionlae.

(48)

Mhínigh an tSeicia go bhfuil coinne leis go mbunófar an meán sainchuspóireach tráth nach luaithe ná 2030, ach tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh choimisiúnú an ghléasra nua cumhachta núicléiche, chun costais neamhriachtanacha a sheachaint i bhfianaise éiginnteachtaí i ndáil leis an margadh agus leis an timpeallacht rialála tar éis 2030. De réir na Seicia, bunófar an meán sainchuspóireach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais Eorpaigh is infheidhme, i.e. rud a áiritheoidh go háirithe prionsabail an neamhspleáchais, na hinniúlachta agus na trédhearcachta. De réir LCA, tá sé beartaithe gurb é a bheidh sa mheán sainchuspóireach eintiteas a bheidh 100 % faoi úinéireacht an Stáit agus a mbeidh ceadúnas trádála leictreachais aige (28).

(49)

Ní bheidh an meán sainchuspóireach ina chuid de ghrúpa atá comhtháite go hingearach agus faoi rialú ag ČEZ. Déanfar struchtúr corparáideach an mheáin shainchuspóirigh a fhorléiriú faoi Acht Uimh. 90/2012 Bail. um Chuideachtaí agus Comharchumainn Tráchtála (An tAcht um Chorparáidí Gnó), lena n-áirítear rialacha maidir le dualgas cúraim bainistíochta ag comhaltaí chomhlachtaí an mheáin shainchuspóirigh. Bunófar bord maoirseachta an mheáin shainchuspóirigh chun prionsabail na hinniúlachta agus na trédhearcachta a áirithiú. Thairis sin, bunófar coiste iniúchóireachta neamhspleách chun maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí cuntasaíochta agus iniúchóireachta uile an mheáin shainchuspóirigh.

3.2.3.   Roghnú an tairbhí

(50)

Mhínigh údaráis na Seicia gur roghnaíodh an tsamhail Tionscadail atá i bhfeidhm faoi láthair agus ČEZ mar thionscnóir Tionscadail de bhun measúnú mionsonraithe a rinne an Rialtas, ach nach ndearnadh tairiscint, próiseas roghnúcháin ná glao poiblí ar léiriú spéise roimh ré.

(51)

I mí an Mheithimh 2017, dhréachtaigh agus phléigh an Buanchoiste um Fhuinneamh Núicléach tuarascáil (29), ina ndearnadh achoimre ar an anailís a rinneadh, agus an measúnú ar shamhlacha éagsúla infheisteoirí (lena n-áirítear cuibhreannais cuideachtaí príobháideacha) agus samhlacha maoinithe a breithníodh le haghaidh an Tionscadail. Mionsonraíodh trí rogha sa tuarascáil. Ba é an chéad rogha cuibhreannas infheisteoirí príobháideacha agus trí fhorogha ann: (i) cuibhreannas infheisteoirí gan rannpháirtíocht Stát na Seicia ná Ghrúpa ČEZ in aon chor; (ii) cuibhreannas infheisteoirí a bhfuil bun mionlaigh ag Grúpa ČEZ ann; agus (iii) cuibhreannas infheisteoirí a bhfuil bun mionlaigh ag an Stát ann. Níor roghnaíodh an chéad rogha sin toisc nach bhféadfadh an Stát mórán rialaithe a fheidhmiú ar chur i gcrích an Tionscadail. Ba é an dara rogha an Tionscadal a bheith á thabhairt i gcrích go hiomlán ag eintiteas ar leithligh faoi úinéireacht an Stáit a gcuirfí ar a iontaoibh gléasra nua cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú. Cé gur measadh go dtabharfaí leordhóthain slándála leis an rogha sin, diúltaíodh di mar gheall ar an tionchar mór ar an mbuiséad agus mar gheall ar an easpa eolais theicniúil leordhóthanaigh.

(52)

An tríú rogha inarb é ČEZ an tionscnóir Tionscadail (30), mheas údaráis na Seicia gurbh í ab fhearr toisc go soláthraítear léi an rialú Stáit is gá (go háirithe tríd an meán sainchuspóireach a bhunú) agus go mbaintear leas inti as taithí ČEZ maidir le gléasraí cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú. De réir údaráis na Seicia, is é ČEZ an t-eintiteas is oiriúnaí chun gníomhú mar fhorbróir agus mar infheisteoir don Tionscadal mar gheall go páirteach ar an leas úinéireachta tromlaigh atá ag an tSeicia sa chuideachta trí ionadaíocht na hAireachta Airgeadais, rud a thugann suaimhneas do Rialtas na Seicia maidir le gnéithe slándála náisiúnta agus infhaighteacht cistí le haghaidh an chaipitil cothromais is gá. Formheasadh an rogha sin de bhun Rún Uimh. 485 ón Rialtas an 8 Iúil 2019.

(53)

Mhínigh údaráis na Seicia go bhfuil taithí fhairsing ag ČEZ i margadh na Seicia mar fhorbróir agus oibreoir gléasra cumhachta núicléiche atá inchreidte agus cumasach agus go bhfuil sé an-eolach ar an gcreat reachtach agus rialála, lena n-áirítear nósanna imeachta um cheadúnú. Mar cheann de na deich gcuideachta fuinnimh is mó san Eoraip, tá taithí ag Grúpa ČEZ freisin ar thaighde núicléach a dhéanamh, ar shaoráidí fuinnimh a phleanáil, a thógáil agus a chothabháil agus ar sheachtháirgí fuinnimh a phróiseáil. Dá réir sin, mhínigh údaráis na Seicia go bhfuil foireann ardcháilithe ag ČEZ a bhfuil taithí aici ní hamháin ar an bhfuinneamh núicléach, ach ar an soláthar poiblí agus ar an gcaibidlíocht freisin, rud ba cheart cuidiú leis an Tionscadal a thabhairt i gcrích.

(54)

De réir údaráis na Seicia, is gnéithe tábhachtacha eile den Tionscadal iad infhaighteacht suíomhanna oiriúnacha chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil agus réasúntacht eacnamaíoch na tógála sin. Níl ag an tSeicia ach dálaí teoranta geolaíocha, geografacha agus teicniúla a oireann do ghléasra nua cumhachta núicléiche a thógáil a mhéid a bhaineann le cobhsaíocht na fo-ithreach, infhaighteacht uisce agus an fhéidearthacht go dtarchuirfear an chumhacht arna táirgeadh. Mheas údaráis na Seicia go bhfuil na dálaí is fearr in Dukovany, agus gur fíorú air sin é na haonaid atá ann cheana a bheith á n-oibriú le níos mó ná 30 bliain.

(55)

Thug údaráis na Seicia mionsonraí maidir leis na hiarrachtaí ullmhúcháin a rinne ČEZ go dtí seo. Go sonrach, fuair ČEZ úinéireacht ar an suíomh atá beartaithe don ghléasra cumhachta núicléiche, próiseas ar cuireadh tús leis i mí Aibreáin 2008 agus a tugadh chun críche in 2021. Ina theannta sin, rinne ČEZ staidéir indéantachta a raibh sé d’aidhm acu amlíne forbartha an Tionscadail a bhrostú agus costais ghaolmhara a laghdú. Rinneadh na gníomhaíochtaí sin chun an bhearna acmhainneachta réamh-mheasta a mhaolú agus chun slándáil riachtanais soláthair an chórais a áirithiú. Thairis sin, chuir an tSeicia i dtábhacht nach dtabharfadh tionscadail mhalartacha a bhfuil tréimhsí forbartha níos faide acu aghaidh go leormhaith ar na hábhair imní atá ann anois láithreach maidir leis an soláthar. Mhínigh údaráis na Seicia, i gcás ina ndéanfadh tionscnóir tionscadail eile suíomh oiriúnach a shaothrú le haghaidh gléasra cumhachta núicléiche sa tSeicia, gur measadh go mbeadh moilleanna móra suas le 14 bliana tar éis amlíne an Tionscadail ann, mar aon le rioscaí agus costais mhéadaithe. Mhínigh údaráis na Seicia ar deireadh, i gcás ina mbeadh tionscnóir tionscadail difriúil ann, gur dócha go dtabhófaí costais bhreise de thart ar EUR [200 go 700] milliún, lena gcumhdófaí luach shuíomh an ghléasra cumhachta núicléiche, ceadúnú, gníomhaíochtaí forbartha agus sineirgí le bonneagar an ghléasra cumhachta núicléiche atá ann cheana.

(56)

Tá roinnt ceadúnas agus ceadanna riachtanacha ag ČEZ agus EDU II cheana féin chun an Tionscadal a thabhairt i gcrích, amhail measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus cead roghnaithe láithreáin de réir an Achta Adamhaigh agus Údarú Stáit le haghaidh gléasra nua cumhachta núicléiche. Tá dul chun cinn á dhéanamh freisin maidir leis an bpróiseas chun ceadúnas tógála agus cead pleanála a fháil, mar a cheanglaítear faoi rialacha náisiúnta.

(57)

Mhínigh údaráis na Seicia go bhfuil geilleagar na tíre neamhchosanta den chuid is mó ar bhagairtí ó fhoinsí seachtracha a bhaineann le soláthar fuinnimh. Gné thábhachtach den roghnú ba ea formhór scaireanna ČEZ a bheith faoi úinéireacht phoiblí, go háirithe ó thaobh leasanna slándála náisiúnta na Seicia a chosaint.

(58)

Tríd an acmhainneacht giniúna cumhachta núicléiche i bpunann Ghrúpa ČEZ a leathnú sa chaoi go rachaidh sí in ionad cuid de na hacmhainneachtaí giniúna atá ann cheana a dhíchoimisiúnófar amach anseo, beidh an Tionscadal ina chuid lárnach de straitéis ghnó ČEZ sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

(59)

Ar deireadh, d’áitigh an tSeicia nach raibh aon rogha mhalartach inmharthana eile ann don Tionscadal seachas ČEZ, gan aon tionchar a bheith aige sin ar aon tionscadal comhchosúil amach anseo.

3.3.   Tuairisc ghinearálta ar an Tionscadal

(60)

Is é atá sa Tionscadal gléasra nua cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú ag suíomh Dukovany, sa tSeicia, ag a mbeidh acmhainneacht suas le 1 200 MW.

(61)

Ní thagann LCA, lena gcruthaítear creat leathan um thacaíocht d’infheistíocht núicléach, faoi raon feidhme an Chinnidh seo ó tharla gurb é atá in LCA dlí is infheidhme go ginearálta agus atá éagsúil leis na bearta tacaíochta Stáit atá ceaptha agus beartaithe go sonrach le haghaidh an Tionscadail.

(62)

Is é atá sa tacaíocht Stáit pacáiste de thrí bheart:

(63)

Beart 1: conradh ceannaigh leictreachais idir an príomhthairbhí - EDU II, ar fochuideachta ar lánúinéireacht ČEZ í - agus an Stát trí ionadaíocht na hAireachta Tionscail agus Trádála (‘an Aireacht’). Díolfar an leictreachas le gnóthas a fheidhmíonn mar mheán sainchuspóireach atá le hionchorprú ag céim níos déanaí, agus a bheidh faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht dhíreach an Stáit (féach roinn 3.6);

(64)

Beart 2: iasacht Stáit (cúnamh airgeadais in-aisíoctha) ag ráta úis fóirdheonaithe, lena gcumhdaítear, i bprionsabal, 100 % de na costais foirgníochta (féach roinn 3.7);

(65)

Beart 3: sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais i gcás ČEZ mar an t-infheisteoir (dá ngairtear freisin ‘an t-infheisteoir’ uaireanta; féach roinn 3.8).

(66)

Cuirtear tairbhithe (féach roinn 3.2) agus struchtúr an Tionscadail i láthair san fhíor seo a leanas:

Fíor 1

Struchtúr Thionscadal Dukovany

Image 2

Foinse:

Údaráis na Seicia

(67)

Tá an Tionscadal roinnte ina chúig chéim:

Céim 1: Ullmhúchán agus roghnú soláthróirí [2020-2025]

Céim 2: Réamhoibreacha [2025-2029]

Céim 3: Tógáil agus coimisiúnú [2030-2036]

Céim 4: Tréimhse bharánta [2036-2038]

Céim 5a: Oibríochtaí [2038-2096]

Céim 5b: Díchoimisiúnú [2096-2116]

(68)

Tá coinne leis go gcoimisiúnófar an gléasra cumhachta núicléiche nua-thógtha in 2036 le haghaidh oibríochtaí trialach, agus tá sé beartaithe go gcuirfear tús le hoibríochtaí tráchtála in 2038. Beidh saolré oibriúcháin 60 bliain ag an ngléasra agus tá sé beartaithe go ndíchoimisiúnófar in 2096 é.

(69)

Mhínigh údaráis na Seicia go rialaítear céim 1 den Tionscadal leis an gCéad Chonradh Cur Chun Feidhme a tugadh i gcrích idir an tSeicia, ČEZ agus EDU II, i.e. go dtí go roghnófar an conraitheoir innealtóireachta, soláthair agus tógála. Fónann an conradh seo, i measc nithe eile, do leasanna slándála bunúsacha na Seicia le linn chur chun feidhme an Tionscadail agus áirithíonn sé go mbeidh rochtain ag an tSeicia ar fhaisnéis faoin Tionscadal agus go gcuirfear na ceanglais slándála maidir le nósanna imeachta roghnúcháin chun feidhme. Tá coinne leis go gcuirfear an chéim sin i gcrích in 2025. I gcás chéimeanna 2 agus 3 den Tionscadal (i.e. réamhoibreacha, tógáil agus coimisiúnú) foráiltear leis an gCéad Chonradh Cur Chun Feidhme go síneofar an Dara Conradh Cur Chun Feidhme nó an conradh ceannaigh ar an 31 Nollaig 2024 nó roimhe sin agus go gcuirfear in ionad an Chéad Chonartha Cur Chun Feidhme é. Sa socrú conarthach ina dhiaidh sin, áirítear an conradh ceannaigh, comhaontú infheisteora agus cinneadh ón Stát cúnamh airgeadais in-aisíoctha a sholáthar.

(70)

Áitíonn an tSeicia, mar gheall ar leas slándála náisiúnta fíor-riachtanach an tionscadail, go raibh ar an Stát coinníollacha a áireamh sa chreat conarthach a d’áiritheodh go mbeadh rialú leordhóthanach aige ar an Tionscadal. Leagtar amach na coinníollacha sin sa Chéad Chonradh Cur Chun Feidhme, lena n-áirítear coinníollacha maidir le comhroinnt faisnéise rúnda agus abhair slándála Stáit. Laistigh den chonradh sin, measann na páirtithe go bhfuil leasanna slándála náisiúnta ina gcúis bhailí le maolú ar na rialacha náisiúnta maidir le soláthar poiblí bunaithe ar Roinn 29(a) d’Acht Uimh. 134/2016 maidir le Soláthar Poiblí (31) ionas go roghnófar páirtí conarthach chun an gléasra cumhachta a thógáil.

(71)

Rinne ČEZ agus EDU II eagrú na tairisceana lasmuigh de chóras an Achta um Sholáthar Poiblí a phlé leis an Oifig náisiúnta um Chosaint Iomaíochta agus fuair siad tuairim dhearfach an 15 Meitheamh 2020 sular lean siad ar aghaidh leis an nglao ar thairiscintí (32).

(72)

Beidh an soláthróir innealtóireachta, soláthair agus tógála freagrach as innealtóireacht, tógáil agus coimisiúnú an Tionscadail. De réir chinneadh an Stáit go n-eisiafaí iarratasóirí ó Stáit nach bhfuil ina bpáirtithe sa Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais (33), bhí trí rogha teicneolaíochta fhéideartha ann tráth a seoladh an próiseas soláthair:

AP1000 arna dhearadh ag Westinghouse Electric Company LLC (SAM);

APR1000+ arna dhearadh ag Korea Hydro & Nuclear Power (An Chóiré Theas); agus

EPR 1200 arna dhearadh ag EdF (an Fhrainc).

(73)

Rinne ČEZ an glao ar thairiscintí chun conraitheoir innealtóireachta, soláthair agus tógála a roghnú, trína fhochuideachta EDU II, i mí an Mhárta 2022, agus fuarthas tairiscintí tosaigh ó na trí sholáthróir réamhroghnaithe i mí na Samhna an bhliain chéanna. Tar éis síneadh a chur faoi dhó leis an sprioc-am chun tairiscintí deiridh a chur isteach, chuir na trí sholáthróir fhéideartha réamhroghnaithe tairiscintí nuashonraithe ar fáil an 31 Deireadh Fómhair 2023. Mhínigh an tSeicia go raibh sé ina cheangal, faoi théarmaí an phróisis tairisceana, go n-áireofaí ar na tairiscintí faoi seach tairiscintí ceangailteacha i ndáil leis an 5ú aonad a thógáil in Dukovany, arb é ábhar an Tionscadail é agus an bunús atá leis an gCinneadh seo, agus tairiscintí neamhcheangailteacha i ndáil le trí aonad breise, a mbeadh ceann amháin acu ag suíomh Dukovany agus dhá cheann ag suíomh Temelín.

(74)

An 31 Eanáir 2024, rinne Rialtas na Seicia cinneadh (34) raon feidhme na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a leathnú trína chur de chúram ar EDU II tairiscintí ceangailteacha a iarraidh i dtaca le suas le ceithre imoibreoir núicléacha (lena n-áirítear an Tionscadal), agus é d’aidhm aige go mbeadh an rogha ann dul ar aghaidh le forghníomhú na n-aonad breise sin tráth éigin amach anseo, i gcás ina ndéanfaidh, agus má dhéanann, Stát na Seicia cinneadh déanamh amhlaidh. Mhínigh an tSeicia nár cinneadh tráth a glacadh an Cinneadh seo cén t-infheisteoir/cén t-oibreoir a bheadh ag na haonaid bhreise sin ná cén tsamhail mhaoinithe a d’úsáidfí lena n-aghaidh. Chuir Rialtas na Seicia de chúram ar an Aire Tionscail agus Trádála agus ar an Aire Airgeadais togra a chur faoi bhráid an Rialtais, faoin 31 Nollaig 2024, le haghaidh mhaoiniú na dtrí aonad nua núicléacha breise ag suíomhanna Dukovany agus Temelín. Tacaíocht stáit chun na trí aonad breise sin a thógáil, más ann di, ní thagann sí faoi raon feidhme an Chinnidh seo.

(75)

Geallann údaráis na Seicia, i gcás ina measfar gá a bheith le státchabhair le haghaidh na dtrí aonad núicléacha breise seachas an 5ú himoibreoir ag suíomh Dukovany, go dtabharfaidh an tSeicia fógra faoin gcabhair don Choimisiún Eorpach agus go bhfanfaidh sí, dá réir sin, le formheas an Choimisiúin sula gcuirfear chun feidhme í.

3.4.   Oibreacha ullmhúcháin don Tionscadal

(76)

I bhfianaise an ghá atá le hacmhainneacht nua núicléach, d’fhormheas ČEZ plean gnó tosaigh in 2010 chun acmhainneacht suas le 1 200 MW a chur le suíomh Dukovany faoi 2036. Cuireadh i gcrích an bhliain chéanna staidéar indéantachta maidir le leathnú na gcumas núicléach atá ag suíomh Dukovany faoi láthair. Cuireadh plean gnó tosaigh, arna ullmhú ag ČEZ, faoi bhráid an Choimisiúin i mí an Mheithimh 2021 agus soláthraíodh leagan nuashonraithe an 25 Deireadh Fómhair 2023.

(77)

An talamh is gá chun go ndéanfar an Tionscadal, thosaigh ČEZ á fáil cheana féin i mí Aibreáin 2008. Ó mhí Feabhra 2024, is le EDU II an talamh atá ag teastáil le haghaidh an Tionscadail agus cuireadh gach ceann de tháirgeoirí (na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála) ar an eolas faoin spás atá ar fáil.

(78)

B’éigean measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol (‘MTC’) a dhéanamh ar an Tionscadal chun an tionchar intuartha ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte phoiblí a shainaithint, chun tuairisc a thabhairt air agus chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh air. Cuireadh tús leis an bpróiseas go luath in 2016 agus áiríodh ann comhairliúcháin idirnáisiúnta agus plé poiblí in 2018. Rinneadh measúnú neamhspleách dearfach tar éis MTC agus d’eisigh an Aireacht Comhshaoil ráiteas ceangailteach dearfach maidir le MTC an Tionscadail i mí Lúnasa 2019 (35), ar chéim riachtanach é chun tús a chur le ceadú an Tionscadail.

(79)

I mí an Mhárta 2020, chuir ČEZ agus EDU II tús leis an bpróiseas chun measúnú a dhéanamh ar an suíomh do ghléasra núicléach i dtéarmaí sábháilteachta núicléiche, cosanta ar radaíocht, sábháilteachta teicniúla, staide radaíochta, faireacháin, bainistiú teagmhas urghnách radaíochta agus slándála le linn saolré gléasra núicléach. Fuair EDU II ceadúnas le haghaidh roghnú láithreán an ghléasra núicléach i mí an Mhárta 2021, arb é an chéad cheadúnas is gá a fháil le haghaidh aonad nua núicléach. Deir an tSeicia go bhfuarthas na príomhcheadúnais agus na príomhcheadanna uile is gá chun dul chun cinn tráthúil an Tionscadail a éascú.

3.5.   Saintréithe teicniúla

(80)

Tá an Tionscadal dírithe ar imoibreoir uisce bhrúchóirithe de ghlúin III+ a thógáil. Meastar go gcuireann raon idir 850 MW agus 1 200 MW réitigh theicniúla leordhóthanacha ar fáil chun an soláthraí teicneolaíochta a roghnú. Míníonn údaráis na Seicia gur trí phróiseas tairisceana iomaíoch trédhearcach a roghnófaí comhpháirtithe teicneolaíochta an Tionscadail agus na comhpháirtithe le haghaidh a chur i gcrích.

(81)

Mhínigh údaráis na Seicia freisin go gcomhlíonfaidh an Tionscadal na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i bpointe 4.27 den ghníomh tarmligthe a glacadh de bhun an Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht (36). An 11 Eanáir 2023, ghlac an tSeicia Rún Uimh. 24/2023 ón Rialtas (37) lena leagtar amach an oibleagáid atá ar an tSeicia na critéir scagtha theicniúla a chomhlíonadh i ndáil le bainistiú dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Go sonrach, ceanglaítear leis an Rún sin go gcomhlíonfar pointí 4.26, 4.27 agus 4.28 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, lena n-áirítear comhlíonadh na gceanglas maidir le plean doiciméadaithe a bheith ann ina mbeidh céimeanna mionsonraithe chun saoráid diúscartha dramhaíola radaighníomhaí ardleibhéil a chur ag oibriú faoi 2050, agus maidir le breosla frithsheasmhach in aghaidh timpistí a bheith á úsáid ó 2025 ar aghaidh. De réir an Rúin sin, is gá don Aire Tionscail agus Trádála togra a chur faoi bhráid Rialtas na Seicia faoin 31 Nollaig 2024 le haghaidh nuashonrú an Bheartais Náisiúnta um Bainistiú Dramhaíola Radaighníomhaí agus Breosla Spíonta, lena n-áirítear nuashonrú an sprioc-ama faoina roghnófar an suíomh deiridh agus na suíomhanna cúltaca don tsaoráid diúscartha doimhne amach anseo.

(82)

Thairis sin, míníonn údaráis na Seicia, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, go mbeidh acmhainní ar fáil ag deireadh shaolré úsáidte mheasta an ghléasra cumhachta núicléiche a chomhfhreagróidh do chostas measta an bhainistithe dramhaíola radaighníomhaí agus an díchoimisiúnaithe mar a léirítear trí chostais um dhíchoimisiúnú agus um chóireáil dramhaíola núicléiche a áireamh i Samhail Airgeadais an Tionscadail (féach roinn 3.6.6).

3.6.   Beart 1: Conradh ceannaigh

3.6.1.   Príomheilimintí an chonartha ceannaigh

(83)

Is é atá sa chéad bheart an conradh ceannaigh idir an Stát mar cheannaitheoir agus EDU II mar sholáthróir, lena soláthraítear tacaíocht ioncaim le linn na chéad 40 bliain d’oibriú an ghléasra cumhachta núicléiche. Is é EDU II an tairbhí, ar fochuideachta ar lánúinéireacht Ghrúpa ČEZ í (féach roinn 3.2), agus is é an meán sainchuspóireach ar lánúinéireacht Stát na Seicia a bheidh i gcontrapháirtí an chonartha (féach roinn 3.2.2).

(84)

Thug an tSeicia fógra ar dtús faoi thréimhse conartha 60 bliain, ar phraghas seasta a measadh a bheith idir EUR 50 agus EUR 60/MWh, rud a bhí ina dhreasacht chun aschur an ghléasra cumhachta a uasmhéadú.

(85)

Chun aghaidh a thabhairt ar an amhras a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh, chuir an tSeicia, in ionad an bhirt ar a dtugtar tuairisc in aithris 84 thuas, an conradh ceannaigh ina bhfuil foirmle luacha saothair a mheasann an tSeicia a mbeidh éifeachtaí aige atá comhchosúil le héifeachtaí conartha difríochta dhá threo (38) lena n-áirítear, le cois ráthaíocht ioncaim, uasteorainn ar ioncam an tairbhí ón margadh. Mhínigh an tSeicia go soláthrófar leis an mbeart tacaíochta modhnaithe dreasachtaí iomchuí do EDU II oibriú sna margaí leictreachais agus rannpháirt éifeachtúil a ghlacadh iontu trína aschur a bharrfheabhsú mar fhreagairt ar chomharthaí margaidh laistigh de shrianta teicniúla an ghléasra.

(86)

De réir dhréacht-théarmaí an chonartha ceannaigh, ceannóidh an meán sainchuspóireach an chumhacht uile arna giniúint agus arna honnmhairiú chuig an eangach ag EDU II (an ‘méid aschuir’) ar feadh tréimhse 40 bliain (an ‘tréimhse cheannaigh’) ó thús na hoibríochta. (39) Beidh sé d’oibleagáid ar EDU II a mhéid iomlán aschuir a dhíol go heisiach leis an meán sainchuspóireach le linn thréimhse cheannaigh an chonartha ceannaigh agus gheobhaidh sé íocaíochtaí bunaithe ar fhoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh (féach aithris 88) thíos).

(87)

Is le EDU II gach ceart seolta. Mura gceannóidh an meán sainchuspóireach an méid aschuir nó aon chuid de, is é a dhéanfaidh EDU II san imthoisc eisceachtúil sin an leictreachas a dhíol ar an margadh airgid mar phraghasghlacadóir. Áitíonn an tSeicia gurb é is aidhm dó sin a áirithiú go mbeifear in ann leanúint de bheith ag táirgeadh leictreachais go dtí go réiteofar an cás. D’fhéadfadh sé gur cúiseanna dlí (caillteanas údaraithe chun trádála), cúiseanna airgeadais (dócmhainneacht, neamhábaltacht oibleagáidí a chomhlíonadh, neamhchomhlíonadh coinníollacha airgeadais maidir le socrú dialltaí) nó cúiseanna teicniúla a bheadh ann (caillteanas rochtana ag an meán sainchuspóireach ar mhargaí). Sna himthosca sin, tá an gléasra cumhachta fós ag oibriú agus is gá an leictreachas a thabhairt chuig an margadh. Íocfaidh an meán sainchuspóireach cúiteamh le EDU II chun go gcumhdófar aon easnamh i leith an ioncaim a ghnóthódh EDU II dá gcomhlíonfadh an meán sainchuspóireach a oibleagáid cheannaigh. Gheall an tSeicia, sa chás sin, go ndíolfaidh EDU II an leictreachas táirgthe uile ar an margadh airgid (margadh lá roimh ré nó ionlae bunaithe ar mhalartán) mar phraghasghlacadóir (agus gan íosphraghas a shocrú don leictreachas dá réir sin). D’áitigh údaráis na Seicia nach féidir le EDU II, sa chás sin, aon cheannaitheoir sonrach a roghnú (toisc go ndéantar an díolachán ar mhalartán anaithnid) ná an praghas ná na coinníollacha díola a chinneadh (toisc go ndíoltar táirgí caighdeánacha ar an bpraghas imeallach ar an malartán). Áitíonn údaráis na Seicia gurb é a tharlóidh i gcás den sórt sin go ndéanfaidh an Aireacht, mar an t-eintiteas atá freagrach as an meán sainchuspóireach a ainmniú, na bearta is gá chun é a chur ar a chumas don mheán sainchuspóireach arís a oibleagáidí ceannaigh a chomhlíonadh. I gcomhréir leis an Acht maidir le Fuinneamh Ísealcharbóin, cuirfidh an meán sainchuspóireach nó an Aireacht an t-údarás rialála náisiúnta ar an eolas faoi aon teagmhas den sórt sin.

(88)

Le foirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh, ríomhtar na méideanna atá le híoc ag an meán sainchuspóireach le EDU II nó a mhalairt. Dhá chomhpháirt atá san fhoirmle, (1) socraíocht ex-post agus (2) an neamhchosaint ar an margadh. Ceapadh í bunaithe ar an bhfoirmle bhunlíne seo a leanas:

Image 3

lena n-áirítear coigeartuithe áirithe is infheidhme maidir leis an tréimhse shocraíochta ex post, ag brath ar imthosca an mhargaidh agus ar chostas oibriúcháin an ghléasra. Go sonrach, sainítear foirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh mar a leanas:

Formula
Formula

I gcás inarb amhlaidh:

gurb é (R) an luach saothair.

gurb é (p h ) an margadhphraghas arna shainmhíniú mar an margadhphraghas lá roimh ré in aghaidh na huaire ar PXE (40).

gurb é (q h ) méid aschuir EDU II in uair an chloig ar leith.

gurb é (q) méid aschuir EDU II arna shuimiú i gcaitheamh na tréimhse socraíochta (arb í an tréimhse ar dá réir a shainítear an margadhphraghas tagartha, i.e. 1 bhliain amháin).

gurb é (f) an praghas ceangail (féach roinn 3.6.2).

gurb é (p’) an margadhphraghas tagartha arna shainmhíniú mar mheán simplí ex-post na margadhphraghsanna (p h ) i gcaitheamh na bliana dar críoch an dáta a ríomhtar an margadhphraghas tagartha.

gurb é (k) an chainníocht tagartha a arna sainmhíniú ex ante mar an méid toimhdithe aschuir i gcaitheamh na tréimhse socraíochta.

gurb é (c) costas athraitheach oibriúcháin an ghléasra cumhachta.

go sainmhínítear Alfa (α) mar líon an phraghais ceangail agus an chostais oibriúcháin (α = f / c). Socraítear Alpha tráth a ríomhtar an tsocraíocht ex post is iníoctha le EDU II bunaithe ar na luachanna is infheidhme de (c) agus (f).

(89)

Mhínigh údaráis na Seicia go soláthrófar cobhsaíocht ioncaim don tairbhí leis an gcéad téarma den fhoirmle bhunlíne, i.e. an tsocraíocht ex post, gan beann ar mheándálaí an mhargaidh, agus go dtabharfaidh sé cosaint don Stát ar róchúiteamh an tráth céanna (41). Déanfar an tsocraíocht ex post a ríomh i ndáil leis an tréimhse shocraíochta (an tréimhse ar dá réir a shainítear an margadhphraghas tagartha, i.e. 1 bhliain amháin) bunaithe ar luachanna iarbhír an mhargadhphraghais tagartha, Alfa agus paraiméadar eile is infheidhme, agus beidh sé iníoctha 2 mhí tar éis dheireadh gach tréimhse socraíochta. Is é prionsabal ginearálta na foirmle bunlíne, i gcás ina mbeidh an margadhphraghas tagartha (p’) níos ísle ná an praghas ceangail (f), go bhfaighidh an gléasra cumhachta an difríocht idir an praghas ceangail (f) agus an margadhphraghas tagartha (p’) i leith na cainníochta tagartha (k); os a choinne sin, i gcás ina mbeidh an margadhphraghas tagartha (p’) níos airde ná an praghas ceangail (f), beidh sé d’oibleagáid ar an ngléasra cumhachta an difríocht i leith na cainníochta tagartha (k) a aisíoc.

(90)

I gcomparáid leis an bhfoirmle bhunlíne, áirítear i bhfoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh coigeartuithe áirithe ar an tréimhse shocraíochta ex post, ag brath ar imthosca an mhargaidh (p’) agus ar chostas athraitheach oibriúcháin an aonaid gléasra (c), mar a shainmhínítear in aithris 88). Go sonrach, i gcás ina mbeidh an margadhphraghas tagartha (p’) níos airde ná costas athraitheach oibriúcháin an ghléasra cumhachta (c) i gcaitheamh na tréimhse socraíochta, coigeartófar an tréimhse shocraíochta ex post sa chaoi go gcuirfear teorainn leis an aisghlámadh, agus é beartaithe cosaint ar chaillteanais oibriúcháin a sholáthar i gcás ina mbeidh éarthaí neamhphleanáilte ann tráth praghsanna arda. Má bhíonn an margadhphraghas tagartha níos mó ná na costais athraitheacha oibriúcháin (c) agus níos mó ná an praghas ceangail (f), mar shampla, déanfaidh EDU II an difríocht idir an margadhphraghas tagartha (p’) agus an praghas ceangail (f) a aisíoc i leith na cainníochta tagartha (k) is ísle agus an mhéid aschuir (q) is ísle. I gcás ina mbeidh an margadhphraghas tagartha (p’) níos ísle ná costas athraitheach oibriúcháin an ghléasra cumhachta (c) nó cothrom leis, cuirfear uasteorainn le luach na socraíochta ex post ag an difríocht idir an praghas ceangail (f) agus costais athraitheacha oibriúcháin (c) arna hiolrú faoin gcainníocht tagartha (k), agus é beartaithe cosaint ar luach saothair iomarcach a sholáthar tráth praghsanna ísle.

(91)

Leis an dara téarma den fhoirmle bhunlíne, i.e. neamhchosaint ar an margadh, tá sé beartaithe dreasachtaí a sholáthar do EDU II chun a oibriú a bharrfheabhsú le linn na bliana bunaithe ar chomharthaí margadhphraghais lá roimh ré (p h ) in aghaidh na huaire. Ag deireadh gach míosa, gheobhaidh EDU II íocaíochtaí faoi seach ón meán sainchuspóireach bunaithe ar shuim mhéid iarbhír a aschuir in aghaidh na huaire arna hiolrú faoi na margadhphraghsanna iarbhír i ngach uair an chloig den mhí sin, i.e.

Formula

.

(92)

Faoin gconradh ceannaigh, tá sé de shaoirse ag EDU II a aschur a chinneadh agus níl oibleagáid air íosleibhéal aschuir réamhchinntithe a choinneáil ar bun. Is é an meán sainchuspóireach a cheannóidh an leictreachas uile a tháirgfidh EDU II agus díolfaidh sé ar an margadh é, bunaithe ar straitéis díolacháin a chomhlíonfaidh gealltanais áirithe (féach roinn 3.6.4). Aon diall idir an praghas a fhaigheann an meán sainchuspóireach ar an margadh agus an margadhphraghas a íoctar le EDU II, is é an meán sainchuspóireach a íocfaidh é.

(93)

D’áitigh an tSeicia go dtabharfar an conradh ceannaigh i gcrích ag céim níos déanaí, tar éis roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála agus na gcomhpháirtithe le haghaidh chur i gcrích an Tionscadail. Déanfar an conradh ceannaigh a thabhairt i gcrích agus a shíniú i gcomhréir le téarmaí an chonartha innealtóireachta, soláthair agus tógála. Déanfar an meán sainchuspóireach a bhunú níos déanaí, sula gcoimisiúnófar an gléasra cumhachta nuathógtha, mar chontrapháirtí conarthach a leagtar amach sa chonradh ceannaigh.

3.6.2.   Praghas ceangail a shocrú don chonradh ceannaigh

(94)

Mhínigh údaráis na Seicia go gcinnfear leis an gconradh ceannaigh an praghas ceangail tosaigh arna ríomh ar bhonn na samhla airgeadais (‘Samhail Airgeadais’) a chuir an tSeicia isteach (42) sa chaoi go mbeidh an t-infheisteoir in ann spriocráta toraidh ar chothromas a thuilleamh (‘ráta toraidh inmheánach ceadaithe ar chothromas’) arb é a bheidh ann [9 go 11] % den mhaoiniú ainmniúil iarchánach réamhthráchtála i gcaitheamh shaolré oibríochtúil ionchasach an Tionscadail (lena n-áirítear costais um dhíchoimisiúnú). Is é EUR [65 go 80]/MWh (43) luach an phraghais ceangail bunaithe ar thoimhdí na Samhla Airgeadais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 15 Márta 2024, agus is é [75 go 100] % den ghlanacmhainneacht luach na cainníochta tagartha. D’fhéadfadh luach an phraghais ceangail athrú go mór ag brath ar na paraiméadair éagsúla ionchuir ar a dtugtar tuairisc san fhoroinn seo thíos. Dá mba rud é, cuir i gcás, go mbeadh na costais foirgníochta a bhfuil coinne leo tar éis thabhairt i gcrích an chonartha innealtóireachta, soláthair agus tógála i bhfad ní b’airde ná mar a toimhdíodh ar dtús, is é an toradh a bheadh air sin, a mhéid a bheadh foras dlisteanach leis an méadú costais (a mhínítear in aithris 104 thíos), go dtiocfadh méadú mór ar an bpraghas ceangail. Sholáthair an tSeicia 35 chás éagsúla ar an iomlán don Choimisiún, lena léirítear toimhdí féideartha éagsúla maidir le forbairt costas agus ioncaim agus as a leanann praghsanna ceangail tosaigh idir EUR [50 agus 80]/MWh (i gCás 35, bunaithe ar thoimhdí go mbeidh margadhphraghas ard EUR [100 go 200]/MWh ann) agus EUR [100 go 125]/MWh (i gCás 30, bunaithe ar mhéadú ar an gcostas foirgníochta go EUR [17 go 18] billiún).

(95)

Mar ionchuir, bainfear úsáid sa tSamhail Airgeadais as toimhdí lena n-áirítear maidir le hionchais margadhphraghsanna, infhaighteacht EDU II, ionchais maidir le coigeartú lóid (44), costais foirgníochta a bhfuil coinne leo, costais oibriúcháin agus costais um dhíchoimisiúnú agus toimhdí ábhartha eile amhail toimhdí maidir le caiteachas caipitiúil agus maoiniú (lena n-áirítear an iasacht Stáit, féach roinn 3.7), chomh maith leis an gcainníocht tagartha tosaigh le haghaidh fhoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh. Mionsonraítear na toimhdí sin i Roinn 3.6.6.

(96)

Leis an tSamhail Airgeadais, is féidir an méid aschuir a thuar agus an saorshreabhadh airgid a ríomh gach bliain ó shíniú an chonartha ceannaigh go dtí deireadh an díchoimisiúnaithe. Déantar an praghas ceangail (a dhéanann difear don ioncam ón ngléasra cumhachta lena bhfuil coinne i gcaitheamh na tréimhse socraíochta ex post) a ríomh sa tSamhail Airgeadais mar an luach a fhágann glanluach láithreach an tsreabhaidh airgid cothrom le nialas ag an ráta toraidh inmheánach ceadaithe ar chothromas.

(97)

Beidh formhór na míreanna costais agus na n-ionchur eile sa tsamhail (lena n-áirítear réamhaisnéisí margadhphraghsanna) faoi réir innéacsú boilscithe. Beidh praghas ceangail an chonartha ceannaigh faoi réir innéacsú boilscithe freisin. Cuirfear innéacs sainithe nó bascaed innéacsanna i bhfeidhm maidir le gach mír chostais ábhartha agus gach ionchur ábhartha eile sa tsamhail. Ní dhéanfar roinnt míreanna costais a innéacsú ar an ábhar go gcinntear iad sin trí reachtaíocht nó trí chúnamh airgeadais in-aisíoctha (e.g., ús ar chúnamh airgeadais in-aisíoctha, costais um dhíchoimisiúnú, comhlíonadh cuntas núicléach, cúlchistí íosta cáis). Déanfar réamhaisnéisí margadhphraghsanna a innéacsú bunaithe ar CPI na Seicia (45). I gcás costais tógála agus oibriúcháin araon, úsáidfear bascaed d’innéacsanna foilsithe chun an t-innéacsú a chinneadh. Tá an bascaed sin bunaithe ar ualú ceithre innéacs, is iad sin PPI na Seicia (46), CPI na Seicia, PPI an Aontais (47) agus innéacs pánna na Seicia (48) mar a leanas:

(a)

Déanfar costais foirgníochta a innéacsú mar a leanas: PPI na Seicia ([30 – 50] %), CPI na Seicia ([0 – 10] %), PPI an Aontais ([30 – 50] %), innéacs pánna na Seicia ([10 – 30] %).

(b)

Déanfar costais oibriúcháin a innéacsú mar a leanas: PPI na Seicia ([30 – 50] %), CPI na Seicia ([10 – 30] %), PPI an Aontais ([0 – 10] %), innéacs pánna na Seicia ([30 – 50] %).

(98)

Beidh an sásra um innéacsú an phraghais ceangail bunaithe ar na hinnéacsanna agus na hualuithe thuas ag brath ar cé acu den dá chéim, céim na tógála nó céim na n-oibríochtaí, ina bhfuil an Tionscadal (i.e. coigeartófar an praghas ceangail de réir an bhascaeid innéacsanna tógála le linn tógála agus de réir an bhascaeid innéacsanna oibríochta le linn oibríochta). Leis an gconradh ceannaigh, déanfar foráil maidir le sásra um innéacsú (lena ngabhfaidh innéacs agus modh úsáide ábhartha) ar dá bhun a dhéanfar an praghas ceangail ab infheidhme roimhe seo a mhéadú ar bhonn bliantúil. An toimhde maidir le boilsciú a úsáidtear le haghaidh an tsásra um innéacsú, tabharfar cothrom le dáta í mar chuid de na hathbhreithnithe róchúitimh a tharlóidh gach 5 bliana, féach roinn 3.6.7.

(99)

Fágann sé sin, mar shampla, bunaithe ar ráta boilscithe toimhdithe 2 %, gurb é a bheadh mar thoradh ar phraghas ceangail ainmniúil EUR [60 go 80]/MWh in 2020 (gan athruithe a dhéanfaí faoi dheireadh ar pharaiméadair ionchuir le linn athbhreithnithe tráthrialta a chur san áireamh) praghas ceangail ainmniúil EUR [90 go 110]/MWh in 2036, EUR [130 go 170]/MWh in 2056 agus EUR [200 go 250]/MWh in 2076. Áitíonn údaráis na Seicia go bhfuil sé d’aidhm ag an gcur chuige sin cothroime idirghlúine a bhaint amach, chun praghsanna ceangail ró-ard a sheachaint ag tús na hoibríochta agus (i bhfianaise an bhoilscithe ghinearálta) praghsanna ceangail ró-íseal a sheachaint i dtreo dheireadh thréimhse an chonartha ceannaigh. Áitíonn siad, cé go gcuirtear boilsciú san áireamh freisin sna luachanna ionchuir chun an praghas ceangail a ríomh, nach mbíonn innéacsú dúbailte mar thoradh air sin, toisc nár mhór an praghas ceangail tosaigh a bheith i bhfad ní b’airde in éagmais innéacsú ar leithligh ar an bpraghas ceangail. Bunaithe ar an sampla thuas, áitíonn siad gur EUR [100 go 150]/MWh a bheadh sa phraghas ceangail malartach neamhinnéacsaithe sa bhonnchás i gcaitheamh thréimhse an chonartha ceannaigh.

(100)

Déantar costais eile a innéacsú mar a leanas: úsáidtear an t-innéacs tógála a leagtar amach thuas le haghaidh na gcostas forbartha agus foirgníochta. Úsáidtear an t-innéacs costais oibriúcháin a leagtar amach thuas le haghaidh na gcostas oibriúcháin agus na gcostas um dhíchoimisiúnú.

(101)

Socrófar an praghas ceangail agus an chainníocht tagartha bunaithe ar na paraiméadair a bheidh ar fáil tar éis an conradh innealtóireachta, soláthair agus tógála a shíniú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcostas foirgníochta, agus ní fhillfear orthu ach amháin le linn (1) an athbhreithnithe thréimhsiúil ar na paraiméadair i bhfoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh (féach aithris 102) agus (2) i gcás ina ndéanfar coigeartuithe ar an bpraghas ceangail mar a chomhaontaítear sa chonradh ceannaigh (féach aithris 104).

(102)

Ar an gcéad dul síos, déanfar an t-athbhreithniú tréimhsiúil ar na paraiméadair i bhfoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh uair amháin gach 5 bliana agus tá sé beartaithe an chéad athbhreithniú a dhéanamh sula gcuirfear tús leis na hoibríochtaí nó arna iarraidh sin i scríbhinn do cheachtar den dá pháirtí chonarthacha. Leis an athbhreithniú, tabharfar luachanna paraiméadar áirithe i bhfoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh cothrom le dáta (iad a mhéadú nó a laghdú, de réir mar is iomchuí), i.e. (c), (k), (f), agus (

Formula

, agus roinnt toimhdí sa tSamhail Airgeadais, mar shampla maidir le costais oibriúcháin, innéacsanna boilscithe nó toimhdí maidir le coigeartú lóid. Déanfar an praghas ceangail agus an chainníocht tagartha a athríomh sa tSamhail Airgeadais agus úsáid á baint as na toimhdí arna dtabhairt cothrom le dáta ionas go ngnóthóidh an t-infheisteoir an ráta toraidh inmheánach ceadaithe ar chothromas. Déanfaidh tríú páirtí neamhspleách maoirseacht ar an athbhreithniú, agus tá coinne leis gurb í Oifig Rialála Fuinnimh na Seicia a bheidh ann.

(103)

Leis na dréachtdoiciméid chonarthacha a sholáthair an tSeicia, beartaítear go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar shainmhínithe na bparaiméadar a úsáidtear san fhoirmle luacha saothair. Mar sin féin, ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon athrú ar na sainmhínithe sin sula gcuirfear chun feidhme iad.

(104)

Ar an dara dul síos, is féidir na coigeartuithe ar an bpraghas ceangail a dhéanamh de réir an chonartha ceannaigh i gcás ina mbeidh teagmhas ann as a leanann méadú caiteachais chaipitiúil/caiteachais oibriúcháin nó caillteanas ioncaim Tionscadail nó drochthionchar eile ar an Tionscadal, dá ngairtear ‘foras dlisteanach’ sa chonradh ceannaigh. Áireofar sa chonradh ceannaigh liosta uileghabhálach de na cineálacha forais dhlisteanaigh (49). Má bhíonn foras dlisteanach ann, déanfar luachanna paraiméadar áirithe i bhfoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh, i.e. (c), (k), (f), agus (α) agus na paraiméadair ionchuir sa tSamhail Airgeadais a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheadh ag an bhforas dlisteanach ar EDU II. Tá na coigeartuithe sin ar an bpraghas ceangail ceaptha ligean do EDU II an ráta toraidh inmheánach ceadaithe céanna ar chothromas, ar a mhéad, a ghnóthú agus a ghnóthófaí murach an foras dlisteanach ábhartha. Fágann sé sin, i gcás inar tharla athruithe eile nach foras dlisteanach atá iontu, agus gur tháinig laghdú ar IRR de thoradh na n-athruithe eile sin, nach féidir éifeachtaí an fhorais neamhdhlisteanaigh a chúiteamh de dhroim éifeachtaí an fhorais dhlisteanaigh agus go bhfuil an spriocráta toraidh inmheánach ar chothromas faoi bhun an ráta toraidh inmheánaigh cheadaithe [9 go 11] % ar chothromas.

(105)

I gcás ina mbeidh foras dlisteanach ann, in ionad coigeartú ar an bpraghas ceangail, féadfaidh EDU II agus an Stát a chomhaontú go bhfaighidh EDU II cúiteamh i bhfoirm íocaíochta cnapshuime (nó íocaíocht ina tráthchodanna) a bheidh iníoctha laistigh de thréimhse chomhaontaithe ama ó tháinig ann don fhoras dlisteanach.

(106)

Mhínigh údaráis na Seicia thairis sin go bhfuil feidhm ag foras dlisteanach ar choinníoll nach féidir le EDU II na héifeachtaí díobhálacha a shárú trína bheith ag gníomhú leis ‘an gcúram is cuí’.

3.6.3.   An conradh ceannaigh a mhaoiniú agus ioncam ón gconradh ceannaigh a úsáid

(107)

Mar a leagtar amach in Airteagal 9 LCA, is í an Aireacht an mhaoineoidh an tacaíocht d’fhuinneamh núicléach ó chistí a bheidh comhdhéanta díobh seo a leanas: (i) an t-ioncam ó dhíolacháin leictreachais an mheáin shainchuspóirigh; (ii) tobhach (50) arna ghearradh ag na hoibreoirí líonra ar thomhaltóirí deiridh leictreachais, atá comhchosúil leis an maoiniú atá ann cheana le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite; agus (iii) ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Stáit.

(108)

Áitíonn an tSeicia gur ceist bheartais é an ar cháiníocóirí nó ar thomhaltóirí a ghearrfar aon mhuirear, nó an le cáiníocóirí nó le tomhaltóirí a íocfar aon lacáiste, agus gur cheart é a bheith faoi dhiscréid an Stáit i gcónaí. Mhínigh údaráis na Seicia go bhfuil sé beartaithe acu úsáid a bhaint as na sruthanna ioncaim uile ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 9 LCA. Na cistí a chuirfear i leataobh le haghaidh bearta maoinithe ar mhaithe le haistriú chuig an earnáil fuinnimh ísealcharbóin, coimeádfaidh an Aireacht nó an meán sainchuspóireach iad i gcuntais speisialta ar leithligh i mbainc atá bunaithe sa tSeicia.

(109)

Dheimhnigh údaráis na Seicia, mura mbeadh tobhach arna ghearradh ag na hoibreoirí líonra leordhóthanach chun easnamh idir na cistí arna mbailiú ón tobhach agus an t-ioncam ón leictreachas arna dhíol ag an meán sainchuspóireach a chumhdach, go n-úsáidfí ranníocaíochtaí ó bhuiséad Stát na Seicia chun an t-easnamh a chumhdach i gcomhréir le hAirteagail 9(1)(d) agus 9(9) LCA. Os a choinne sin, dá mbeadh aon bharrachas fágtha tar éis costais an bhirt a chumhdach, chuirfí an barrachas sin isteach i mbuiséad an Stáit.

(110)

Mhínigh údaráis na Seicia thairis sin, cé go bhféadfadh tobhach rannchuidiú le maoiniú na mbeart, nach mbeadh an maoiniú ag brath ar thobhach den sórt sin agus go gcumhdódh buiséad an Stáit easnaimh fhéideartha i gcás inar gá. Go sonrach, gheall an tSeicia go ndéanfaidh an Stát idirghabháil chun go gcumhdóidh sé aon easnamh idir na cistí arna mbailiú ón tobhach féideartha agus an leibhéal tacaíochta atá beartaithe faoin Tionscadal.

(111)

A mhéid a bhaineann leis an ioncam a d’fhéadfadh a bheith ag an meán sainchuspóireach ó na híocaíochtaí socraíochta ex post, i gcomhréir le hAcht Uimh. 367/2021 um Bearta chun Poblacht na Seice a Aistriú chuig Earnáil Fuinnimh Ísealcharbóin, úsáidfear iad (i) go príomha chun na híocaíochtaí socraíochta leis an tairbhí a mhaoiniú amach anseo, (ii) go tánaisteach chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a mhaoiniú i gcomhréir le hAcht Uimh. 165/2012 Bail., um Fhoinsí Fuinnimh arna gCur chun Cinn (ar bhonn neamh-idirdhealaitheach tríd an méid atá le maoiniú trí chomhpháirt rialáilte den phraghas leictreachais a ísliú) nó chun iad a thabhairt ar ais do bhuiséad an Stáit.

3.6.4.   Na gealltanais trádála cumhachta

(112)

Gheall an tSeicia go n-áiritheoidh sí go ndéanfar 70 % ar a laghad d’aschur leictreachais iomlán EDU II a dhíol ar na margaí lá roimh ré, ionlae agus todhchaíochtaí i gcaitheamh shaolré iomlán an ghléasra cumhachta núicléiche. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an ngealltanas sin maidir leis an meán sainchuspóireach le linn thréimhse iomlán an chonartha ceannaigh agus maidir leis an tairbhí EDU II ina dhiaidh sin, agus maidir le haon eintiteas a bhféadfaidh an meán sainchuspóireach nó EDU II a ngníomhaíochtaí trádála a tharmligean chuige (cuimsítear le haon tagairt don mheán sainchuspóireach/EDU II i roinn 3.6.4 aon eintiteas ar tarmligeadh na gníomhaíochtaí trádála chuige).

(113)

Mar phrionsabal, déanfaidh an meán sainchuspóireach/EDU II (51) trádáil ar na margaí lá roimh ré agus ionlae sa mhalartán gearrthéarmach arna eagrú ag oibreoir margaidh leictreachais Phoblacht na Seice (OTE) agus ar na margaí todhchaíochtaí ar Mhalartán Cumhachta Phoblacht na Seice (PXE) agus ní dhéanfaidh siad trádáil ar mhalartáin eile ach go heisceachtúil agus faoi réir comhaontú roimh ré ó ranna an Choimisiúin.

(114)

Déanfaidh an meán sainchuspóireach/EDU II an chuid eile d’aschur leictreachais iomlán EDU II (i.e. 30 % ar a mhéad) a dhíol trí cheant ar théarmaí oibiachtúla trédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha. Ní mór do rialálaí fuinnimh Phoblacht na Seice an tacar rialacha agus/nó an creat maidir leis na ceantanna sin a athbhreithniú agus a fhormheas roimh ré i gcomhréir le dualgais agus inniúlachtaí an rialálaí de réir Acht Fuinnimh na Seicia. Ní mór don mheán sainchuspóireach/EDU II fógra a thabhairt do rialálaí fuinnimh Phoblacht na Seice faoi aon cheant tráth nach déanaí ná 1 lá amháin sula bhfógrófar go poiblí é.

(115)

Geallann an tSeicia go n-áiritheoidh sí go mbeidh na ceantanna cumhachta núicléiche oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shaineofar ex ante agus lena n-íoslaghdófar an riosca a bhaineann le tairiscint straitéiseach. Déanfar na ceantanna ar ardán a bheidh ar fáil go forleathan chun inrochtaineacht a áirithiú agus chun nach mbeidh aon bhacainn gheografach ann, agus chun go mbeidh raon leathan gníomhaithe éagsúla sa mhargadh in ann a bheith rannpháirteach ann. Déanfar an t-ardán a cheapadh ar bhealach a shimpleoidh an próiseas ceant agus a fheabhsóidh inúsáidteacht an ardáin do na rannpháirtithe uile agus a áiritheoidh an tráth céanna rúndacht agus sláine sonraí ceant. Comhlíonfaidh an t-ardán na ceanglais agus na caighdeáin rialála ábhartha lena rialaítear margaí leictreachais, lena n-áirítear rialacha maidir le dearadh, oibriú, trédhearcacht agus iomaíocht chóir an mhargaidh. Beidh gach trádálaí ceadúnaithe agus cláraithe in ann a bheith rannpháirteach sna ceantanna ar na téarmaí céanna. Ní fhorchuirfear aon srian ar úsáid deiridh an leictreachais a dhíoltar trí cheant. Déanfar na critéir maidir leis na ceantanna a fhoilsiú fada go leor roimh an sprioc-am chun tairiscintí a chur isteach, ba cheart an líon tairgeoirí a bhfuil coinne leo a bheith leordhóthanach chun go mbeidh iomaíocht éifeachtach ann agus is mar shrian ceangailteach a fheidhmeoidh an méid leictreachais a dhíolfar sa cheant. Seachnófar coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana. Déanfaidh rialálaí fuinnimh Phoblacht na Seice faireachán ar an bpróiseas ceant agus maoirseacht ar chomhlíonadh na rialacha ceant formheasta. Déanfaidh sé aon neamhchomhlíonadh a thuairisciú don Choimisiún Eorpach freisin.

(116)

Ar na paraiméadair atá beartaithe do na ceantanna cumhachta núicléiche amach anseo, mhínigh an tSeicia go n-áireofar méideanna luchtóige measta 1-10 MW, tréimhse chonartha 1 bhliain amháin, tréimhse chonartha aon cheathrú bliana, nó conarthaí níos gearrthéarmaí ná sin. Eagrófar ceantanna ar bhonn íoc mar a thairgtear, agus beidh íosphraghas réamhshainithe ann a fhógrófar tráth nach luaithe ná 1 lá amháin go 2 lá roimh dhúnadh na tairisceana. Thairis sin, socrófar minicíocht na gceantanna ar bhonn ráithiúil go bliantúil agus beidh rialacha trédhearcacha ann maidir le tréimhse fógartha 30 lá roimh thús an cheant. Ar deireadh, ní rachaidh fad na gceantanna thar thréimhse 7 lá féilire agus fógrófar na torthaí laistigh den tseachtain dár gcionn. Tá feidhm aige sin maidir le ceantanna le linn thréimhse an chonartha ceannaigh agus sa tréimhse tar éis an chonartha ceannaigh araon.

(117)

In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an meán sainchuspóireach/EDU II imeacht ó na rialacha trádála a dtugtar tuairisc orthu thuas. Dá bhrí sin, má laghdaíonn fachtóir róthrádála (52) an mhalartáin a bhfuil sé d’oibleagáid ar an meán sainchuspóireach/EDU II 70 % ar a laghad d’aschur leictreachais iomlán EDU II a dhíol ann faoi bhun 40 % (‘an tairseach’) ar feadh tréimhse 30 lá as a chéile, beidh sé de cheart ag an meán sainchuspóireach/EDU II suas le 50 % d’aschur leictreachais iomlán EDU II a dhíol trí cheantanna a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear sa roinn seo ar feadh tréimhse 30 lá, dar tús an chéad lá is tríocha tar éis do rialálaí fuinnimh na Seicia a shuí gur laghdaigh an fachtóir róthrádála faoi bhun na tairsí. Chun amhras a sheachaint, sna himthosca sin, geallann an tSeicia go ndéanfar 50 % ar a laghad d’aschur leictreachais iomlán EDU II a dhíol ar na malartáin i gcomhréir le haithris 113.

(118)

Cuirfidh an tSeicia ranna an Choimisiúin ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás ina laghdóidh an fachtóir róthrádála faoi bhun na tairsí agus i gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an meán sainchuspóireach/EDU II suas le 50 % d’aschur cumhachta iomlán EDU II a dhíol trí cheant.

(119)

I gcás ina mbainfidh an meán sainchuspóireach úsáid as an eisceacht chun suas le 50 % d’aschur cumhachta iomlán EDU II a dhíol trí cheant i mbliain féilire, cuirfidh Poblacht na Seice tuarascáil bhliantúil faireacháin faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an eisceacht sin, ina sonrófar na cúiseanna atá leis an eisceacht agus tréimhse na heisceachta.

3.6.5.   Ráta toraidh

(120)

Thug an tSeicia fógra ar dtús (53) faoi spriocráta toraidh inmheánach [9 go 11] % ar chothromas (nó an ráta toraidh inmheánach ceadaithe ar chothromas) (54), arb é an rud a thug údar leis meastachán ón tsamhail phraghsála i leith sócmhainní caipitiúla (CAPM) ar an ráta toraidh [...] % go [...] % ar chothromas a cheanglaítear. Bhí sé sin bunaithe ar shonraí comhaimseartha margaidh agus piarchuideachtaí agus áiríodh ann biseach tógála núicléiche agus oibríochtaí núicléacha chun rioscaí a bhaineann go sonrach le gléasra cumhachta núicléiche a ionchorprú.

(121)

Sa Chinneadh Tosaigh (55), chuir an Coimisiún amhras in iúl an ndearnadh neamhchosaint an infheisteora ar riosca a léiriú i gceart leis na toimhdí a úsáideadh chun meastachán a dhéanamh ar an ráta toraidh ar chothromas a cheanglaítear. Go sonrach, bhí amhras ar an gCoimisiún maidir leis an mbiseach tógála núicléiche agus oibríochtaí núicléacha, i bhfianaise neamhchosaint laghdaithe an tairbhí ar riosca.

(122)

Chun aghaidh a thabhairt ar an amhras a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh, sholáthair an tSeicia roinnt aighneachtaí agus thug sí an ráta toraidh ar chothromas cothrom le dáta ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

Na sonraí margaidh is déanaí: dá dtoradh sin, rinne an tSeicia na toimhdí maidir le ráta saor ó riosca, biseach riosca margaidh agus béite a thabhairt cothrom le dáta; agus

(b)

Neamhchosaint an Tionscadail ar riosca: chun na bearta cosanta ioncaim agus na bearta eile tacaíochta rialtais a glacadh i struchtúr conarthach agus tráchtála an Tionscadail a aithint, rinneadh an biseach mór-riosca neamhspleách 3 % go 3,5 % (ar a dtugtaí roimhe seo an biseach tógála núicléiche agus oibríochtaí núicléacha) a bhaint den ríomh a rinne an tSeicia ar an ráta toraidh ar chothromas.

(123)

Áitíonn an tSeicia go soláthrófar luach saothair iomchuí do scairshealbhóirí EDU II leis an ráta toraidh modhnaithe [9 go 11] % ar chothromas, nó an sprioc-chothromas, i gcaitheamh shaolré an Tionscadail.

(124)

Chuir an tSeicia roinnt doiciméad isteach chun tacú lena tuairim. Thairis sin, chuir Rialtas na Seicia Samhail Airgeadais isteach freisin. Cuireadh an leagan deireanach den tsamhail sin faoi bhráid an Choimisiúin an 15 Márta 2024.

(125)

Leis an gCinneadh Tosaigh, soláthraítear measúnú ar sheasamh na Seicia maidir le gach príomh-shaincheist mar a léirítear ina haighneachtaí suas le dáta an Chinnidh Tosaigh. (56) Tugtar forbhreathnú leis an gcuid eile den roinn seo ar sheasamh na Seicia maidir leis na príomh-shaincheisteanna a ardaíodh tar éis fhoilsiú an Chinnidh Tosaigh, maidir leis an meastachán ar an ráta toraidh ar chothromas, maidir le costas fiachais agus meánchostas ualaithe an chaipitil (WACC), chomh maith leis an ráta toraidh inmheánach ar chothromas agus ráta toraidh inmheánach an tionscadail.

3.6.5.1.   An toradh do shealbhóirí cothromais

(126)

Is é is aidhm don tSamhail Airgeadais ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.6.2 meastachán a dhéanamh ar an bpraghas ceangail conartha ceannaigh is gá chun an sprioc [9 go 11] % a bhaint amach.

(127)

Mhínigh údaráis na Seicia go ndearna siad measúnú, i gcomhréir le cleachtais aitheanta mhargaidh, ar an ráta toraidh ar chothromas a cheanglaítear. Go sonrach, rinne an tSeicia anailís ón mbun aníos, mar a thugtar uirthi, bunaithe ar CAPM agus rinne sí an anailís a thagarmharcáil trína cur i gcomparáid le tionscadail agus infheistíochtaí eile a bhfuil próifílí riosca comhchosúla acu.

(128)

Is é seo a leanas foirmle chaighdeánach CAPM:

Formula

I gcás inarb amhlaidh:

(1)

gurb é RfR an ráta saor ó riosca, i.e. an toradh ionchais ar infheistíocht i sócmhainní gan riosca;

(2)

R m toradh ionchais an mhargaidh, lena n-áirítear biseach riosca tíre, mar a thugtar air, chun léiriú a thabhairt ar an riosca a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i dtír ar leith;

(3)

gurb é (

Formula

) an biseach riosca margaidh; agus

(4)

β (nó béite ghiaráilte) tomhas ar riosca neamhghnách neamh-inéagsúlaithe an Tionscadail (57).

(129)

Mheas údaráis na Seicia go dtagann ráta toraidh an mhargaidh ar chothromas i gcás tionscadal atá comhchosúil le Dukovany laistigh den raon [...] % go [...] %, lena n-áirítear biseach mór-riosca neamhspleách (58), agus laistigh de [...] % go [...] % gan an biseach sin a áireamh. Léirítear na figiúirí sin agus na toimhdí is bun leo i dTábla 2 agus mínítear thíos iad.

Tábla 2

Meastachán na Seicia ar an ráta toraidh ar chothromas

Costas Cothromais

Ráta comhaimseartha saor ó riosca

Meáin stairiúla fhadtéarmacha den ráta saor ó riosca

 

Íseal

Ard

Íseal

Ard

Ráta saor ó riosca

[…] %

[…] %

[…] %

[…] %

Biseach riosca margaidh

[…] %

[…] %

[…] %

[…] %

Béite neamhghiaráilte

[…]

[…]

[…]

[…]

Giaráil

[…] %

[…] %

[…] %

[…] %

Ráta toraidh ar chothromas

[…] %

[…] %

[…] %

[…] %

Béite fiachais

[…]

[…]

[…]

[…]

Ráta toraidh ar chothromas – lena n-áirítear béite fiachais

[…] %

[…] %

[…] %

[...] %

Biseach mór-riosca neamhspleách

3.0 %

3.5 %

3.0 %

3.5 %

Ráta toraidh ar chothromas – lena n-áirítear biseach mór-riosca neamhspleách

[…] %

[…] %

[…] %

[…] %

Foinse:

Údaráis na Seicia

(130)

Maidir leis an ráta saor ó riosca, (59) d’úsáid údaráis na Seicia meáin 2 bhliain agus 20 bliain de bhannaí rialtais 30 bliain de chuid an limistéir euro agus na Gearmáine, chomh maith le bannaí corparáideacha Eorpacha AAA 10+Bliain (60). Deir an tSeicia gur bhreithnigh siad meánsonraí comhaimseartha agus fadtéarmacha chun stóinseacht na hanailíse a áirithiú toisc go léiríonn siad cén ráta saor ó riosca a bheadh ann sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon (61). De thoradh na rogha sin, tá dhá chás ceaptha ag údaráis na Seicia, ceann ina mbreithnítear sonraí comhaimseartha agus ceann eile ina mbreithnítear meáin ráta saor ó riosca níos fadtéarmaí. Deir an tSeicia thairis sin, tar éis bannaí de chuid an limistéir Euro agus na Gearmáine a roghnú chun an ráta saor ó riosca a ionadú, gur gá coigeartuithe a dhéanamh chun an ráta saor ó riosca sin a aistriú ina ráta saor ó riosca do Phoblacht na Seicia, i.e. ní mór biseach a chur leis (62). Socraítear an biseach sin cothrom le meánbhiseach riosca tíre 2 bhliain Phoblacht na Seicia (63). Leis an anailís sin, soláthraítear ráta saor ó riosca sa raon [2 go 5] %.

(131)

Maidir leis an mbiseach riosca margaidh, glacann an tSeicia leis go mbeidh sé sa raon [5 go 7] % (64). Is é [...] % meán chur chuige Damodaran bunaithe ar bhabhtáil mainneachtana creidmheasa (CDS) ([...] %) agus an chur chuige bunaithe ar rátáil chreidmheasa ([...] %) (65). Is é [...] % meán na nithe seo a leanas: (a) figiúr [...] % ón Ollamh Damodaran; agus (b) an suirbhé is déanaí a rinne an tOllamh Fernandez ar bhiseach riosca margaidh, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022, ina léirítear gurb é [...] % agus [...] % an meánbhiseach riosca margaidh agus an biseach riosca margaidh airmheánach faoi seach (66).

(132)

I gcás an mheastacháin ar bhéite (67), rinne an tSeicia breithniú ar luachanna béite tacair comparáide cuideachtaí. Maidir leis an tacar sin, rinne an tSeicia breithniú ar roinnt cuideachtaí fóntais fuinnimh arna liostú ar stocmhalartán san Eoraip, agus bheachtaigh sí an liosta chun breithniú a dhéanamh go príomha ar luachanna béite cuideachtaí a bhfuil oibríochtaí fuinnimh núicléach ina bpunanna acu (68). Béite neamhghiaráilte [...] atá mar thoradh ar an anailís sin (69). Míníonn an tSeicia, cé gurb iad sin na cuideachtaí is oiriúnaí chun EDU II a thagarmharcáil, nach soláthraíonn siad ach meastachán táscach ar an mbéite i gcás tionscadal núicléach aontionscail agus go bhfuil an raon luachanna béite sin coimeádach. Go sonrach, míníonn an tSeicia go ndéanann roinnt mhaith de na cuideachtaí comparáide liostaithe sin roinnt gníomhaíochtaí gnó eile seachas oibríochtaí núicléacha. Dá réir sin, deir an tSeicia thairis sin, ós rud é go léiríonn cuid de na sonraí an riosca a bhaineann le sócmhainní tarchurtha agus dáileacháin rialáilte (seachas an fíor-riosca a ghabhann le gléasra cumhachta núicléiche), gur gá breithiúnas a fheidhmiú agus na sonraí á léirmhíniú. Ar an gcúis sin, áitíonn an tSeicia gur dócha go bhfuil an béite i gcás gléasra cumhachta núicléiche i bPoblacht na Seice níos gaire do bharr raon luachanna béite na ngnólachtaí comparáide (70).

(133)

Maidir leis an meastachán ar an mbéite fiachais (71), mheas an tSeicia gurb iomchuí glacadh le meastachán nialasach chomh maith le meastachán neamhnialasach ar [...] (72), mar a glacadh i gcinntí rialála a rinneadh le déanaí sna hearnálacha uisce agus fuinnimh sa Ríocht Aontaithe (73). An spriocráta toraidh [9 go 11]% ar chothromas, díorthaíodh é bunaithe ar an mbéite fiachais [...].

(134)

Maidir leis an meastachán ar ghiaráil (74), úsáideann an tSeicia an figiúr [...] %. Léiríonn sé sin an mheánghiaráil shimplí i gcaitheamh shaolré an ghléasra cumhachta núicléiche agus spriocghiaráil an Tionscadail (75). Tugann an tSeicia dá haire go bhfuil an toimhde sin coimeádach a mhéid a dhéanann struchtúr caipitil an Tionscadail foráil maidir le 98 % den fhiachas, ar an gcéad dul síos, agus toisc go bhfuil ‘giaráil éifeachtach’ an Tionscadail sa raon 67-78 % ar an dara dul síos (76).

(135)

Maidir leis an mbiseach mór-riosca neamhspleách, d’áitigh an tSeicia gur mórthionscadail neamhspleácha iad gléasraí cumhachta núicléiche a bhfuil saintréithe agus rioscaí uathúla áirithe acu i gcomparáid le tionscadail giniúna cumhachta eile, nach mór aghaidh a thabhairt orthu trí bhiseach mór-riosca neamhspleách a áireamh sa ráta toraidh ar chothromas a dhíorthaítear ó CAPM. Leis an meastachán 3-3,5 % a rinne údaráis na Seicia, chuirfí san áireamh na rioscaí sin nár gabhadh leis na meastacháin ar bhéite fóntas fuinnimh éagsúlaithe (77). Mar sin féin, i bhfianaise na mbeart mór maolaithe riosca a tugadh isteach sa struchtúr airgeadais agus conarthach atá beartaithe, lena n-áirítear cosaint fhadtéarmach an phraghais ceangail, níor áiríodh biseach mór-riosca neamhspleách sa spriocráta toraidh ar chothromas.

(136)

Ó na toimhdí thuas, díorthaíonn an tSeicia go mbeidh an spriocráta toraidh ar chothromas sa raon measta [...] go [...], gan biseach mór-riosca neamhspleách a áireamh. Áitíonn an tSeicia gur sainíodh an spriocráta toraidh ar chothromas ag ceann íochtair an raoin ar na cúiseanna seo a leanas: tá sé níos gaire do lárphointe an raoin tagarmharcanna (féach mír (137)) agus tá próifíl riosca láidir ag an Tionscadal mar gheall ar an gcosaint ioncaim agus maolaitheoirí eile a áirítear sa struchtúr tráchtála.

(137)

Chun a hanailís a thagarmharcáil, déanann an tSeicia comparáid idir an spriocráta toraidh [9 go 11] % atá ag an Tionscadal agus spriocráta toraidh ionadaithe lena n-áirítear tionscadail núicléacha eile, mórthionscadail bhonneagair tráchtála, fóntais rialáilte na Seicia agus YieldCos na Ríochta Aontaithe. Léirítear na torthaí sin sa tábla thíos (78).

Tábla 3

Tagarmharcanna na Seicia  (79)

Comparadóir

Giaráil

(%)

Ráta toraidh ar chothromas giaráilte

(%)

Tionscadail Giniúna Cumhachta Núicléiche

 

 

Hinkley Point C (80)

n/bh

11,0 - 11,5

Paks II (81)

40,0 - 50,0

10,9 - 12,5

Mórthionscadail Bonneagair Tráchtála

 

 

Antraicít na Gearmáine (82)

60,0

11,0

Gástuirbín comh-thimthrialla na Gearmáine (82)

60,0

10,0

Gaoth ón talamh (83)

 

7,0 – 9,0

Rialuithe Praghsanna Rialála na Seicia  (84)

 

 

Dáileadh agus Tarchur Leictreachais (2021-25)

48,9

7,9

Dáileadh agus Tarchur Gáis (2021-25)

48,9

7,8

YieldCos na Ríochta Aontaithe  (85)

34,0 - 65,0

7,2 - 11,0

Foinse:

Údaráis na Seicia, aighneacht dar dáta an 9 Eanáir 2024

(138)

Deir an tSeicia go léiríonn torthaí na comparáide sin go bhfuil na meastacháin ar an ráta toraidh ar chothromas i gcás an ghléasra cumhachta núicléiche atá beartaithe ag Dukovany comhsheasmhach leis na meastacháin i gcás gléasraí cumhachta núicléiche eile agus i gcás tionscadail bonneagair fuinnimh. Deir an tSeicia thairis sin go mbeadh coinne leis go mbeadh an ráta toraidh ar chothromas i gcás EDU II níos airde ná an ráta i gcás na ngléasraí cumhachta núicléiche eile a bhí ann le déanaí, inter alia, i bhfianaise ghiaráil níos airde EDU II. Toradh inchomparáide a bheidh ann má dhéantar torthaí rialáilte fóntas fuinnimh i bPoblacht na Seice a choigeartú trí na difríochtaí sa chomhbhabhtáil idir riosca agus toradh a chur san áireamh (i.e. trí bhiseach mór-riosca neamhspleách 3-3,5 % a chur leis) (86).

(139)

Tháinig údaráis na Seicia ar an gconclúid go bhfuil an spriocráta toraidh inmheánach [9 go 11] % ar chothromas iomchuí i bhfianaise an riosca margaidh agus na maoluithe gaolmhara. Deir an tSeicia thairis sin gur léiriú ar an struchtúr airgeadais atá beartaithe don Tionscadal í an spriocráta toraidh [9 go 11] % ar chothromas, ina mbeidh EDU II freagrach as gníomhaíochtaí réamhthógála agus an tógáil maoinithe ag an iasacht Stáit, agus conradh ceannaigh 40 bliain ann. (87)

(140)

Míníonn údaráis na Seicia thairis sin, trí chás réalaíoch a chur i bhfeidhm ina mbeadh róchaiteachas 10 % ann ar fhoras neamhdhlisteanach, go laghdódh an ráta toraidh inmheánach ar chothromas go [...]%.

3.6.5.2.   Costas Fiachais

(141)

Míníonn an tSeicia gurb é 0 % in aghaidh na bliana costas an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha le linn na céime tógála agus na tréimhse baránta, agus go mbeidh costas an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha le linn oibríochtaí tráchtála cothrom le costais maoinithe fiachais Stáit móide 1 %, ach nach mbeidh sé níos lú ná 2 % in aghaidh na bliana. Míníonn an tSeicia thairis sin, i bhfianaise gluaiseachtaí le déanaí i gcostais iasachtaíochta Stáit chomh maith le boilsciú, go bhfuil an costas fiachais cothrom le 3,5 % le linn oibríochtaí. (88) Ríomhann an tSeicia gurb é [2 go 4] % costas fiachais (‘CoD’) foriomlán an Tionscadail. (89)

3.6.5.3.   Ráta toraidh foriomlán

(142)

Bhí an tSeicia ag brath ar an ngnáthfhoirmle seo a leanas le haghaidh WACC: (90)

Formula

I gcás inarb amhlaidh:

(1)

Is é CoE an costas cothromais, nó an ráta toraidh [9 go 11] % ar chothromas, a phléitear i roinn 3.6.5.1;

(2)

Is é CoD an costas fiachais [2 go 4] % a phléitear i roinn 3.6.5.2; agus

(3)

Formula

sin é cóimheas giarála [...] % an Tionscadail a phléitear i roinn 3.6.5.1.

(143)

Tá WACC [4,5 go 7] % ann de thoradh na foirmle sin. Míníonn an tSeicia nach gcuirtear aon éifeacht sciata cánach san áireamh ina foirmle WACC toisc go n-aithnítear gach éifeacht chánach sa tSamhail Airgeadais agus go ngabhtar iad sa sreabhadh airgid a úsáidtear chun cóimheasa Samhla Airgeadais a ríomh. (91) Mar sin féin, dá n-áireofaí an éifeacht sciata cánach inti, agus dá n-úsáidfí a ráta cánach éifeachtach 21 %, is é WACC [4 go 7] % a bheadh ann. (92)

3.6.6.   Ioncam agus costais an Tionscadail

(144)

Mar a mhínítear i roinn 3.6.2, tá an tSamhail Airgeadais a chuir an tSeicia isteach bunaithe ar roinnt toimhdí maidir le hionchais margadhphraghsanna, infhaighteacht an ghléasra, costais foirgníochta, costais oibriúcháin agus costais um dhíchoimisiúnú agus ar thoimhdí ábhartha eile amhail maidir le caiteachas caipitiúil agus maoiniú an Tionscadail.

(145)

Déantar ioncam an ghléasra cumhachta a ríomh agus réamhaisnéisí margadhphraghsanna á gcur san áireamh, á ghlacadh leis go mbeidh oibríocht shrianta coigeartaithe lóid ann trína ndéanfaidh an gléasra cumhachta a aschur cumhachta a choigeartú, laistigh de theorainneacha teicniúla áirithe, agus praghsanna an mhargaidh airgid in aghaidh na huaire á gcur san áireamh, i gcomhréir leis na dreasachtaí airgeadais dá bhforáiltear leis an bhfoirmle luacha saothair a thuairiscítear in aithris 88.

(146)

Mhínigh údaráis na Seicia go gcuirfidh srianta teicniúla teorainn le cumas an ghléasra a lód a choigeartú, rud a bheidh ag brath go páirteach ar an teicneolaíocht a roghnaítear. Agus seoladh an ghléasra á shamhaltú mar fhreagairt ar mhargadhphraghsanna, ghlac an tSeicia leis go gcomhlíonfaidh an gléasra na ceanglais fóntais Eorpacha maidir le gléasraí cumhachta núicléiche imoibreora éadromuisce, ar a laghad. (93) Má bhíonn cumais theicniúla an ghléasra níos mó ná na híoscheanglais sin, léireofar é sin sna toimhdí ioncaim a úsáidfear chun an praghas ceangail a ríomh tar éis thabhairt i gcrích an chonartha innealtóireachta, soláthair agus tógála. Agus solúbthacht mhéadaithe den sórt sin ann, d’fhéadfaí an coigeartú lóid a bharrfheabhsú níos fearr agus bhrúfadh sé sin an praghas ceangail síos dá réir.

(147)

Maidir leis na meastacháin ar an margadhphraghas lárnach, bhí an tSeicia ag brath ar thoimhdí tráchtála ČEZ i ndáil le héabhlóid mheánphraghsanna bliantúla an mhargaidh leictreachais i bPoblacht na Seice idir 2035 agus 2050. Le haghaidh na tréimhse 2051-2096, chun saolré oibriúcháin ionchasach iomlán an ghléasra a chumhdach, glacann údaráis na Seicia leis go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar mhargadhphraghsanna ag ráta seasmhach [...] % in aghaidh na bliana, chun léiriú a thabhairt ar an ionchas gur gnách go dtiocfaidh laghdú ar mhargadhphraghsanna san fhadtéarma mar gheall ar fhoinsí méadaithe fuinnimh in-athnuaite sa chóras. Gan coigeartuithe i leith boilsciú, is é EUR [...]/MWh an margadhphraghas lárnach a thoimhdítear a bheidh ann ar dtús in 2036, ar a dtiocfaidh laghdú go EUR [...]/MWh faoi 2050 agus laghdú de réir a chéile go EUR [...]/MWh in 2076 agus EUR [...]/MWh in 2096.

(148)

Rinne údaráis na Seicia anailísí íogaireachta praghsanna a chur i láthair laistigh den tSamhail Airgeadais, le cabhair ó chásanna breise ina nglactar leis go mbeidh ionchais meánphraghsanna bliantúla an mhargaidh seasmhach idir EUR –10/MWh agus EUR 150/MWh. Sna cásanna inarb iad EUR –10/MWh, EUR 10/MWh agus EUR 20/MWh na margadhphraghsanna, tá coinne acu leis go ndúnfar an gléasra tar éis don chonradh ceannaigh dul in éag. Thar raon na gcásanna íogaireachta praghsanna uile, measann údaráis na Seicia go mbeidh an raon praghsanna ceangail is gá chun go mbainfear amach an spriocráta toraidh [9 go 11] % ar chothromas i gcaitheamh shaolré an Tionscadail idir EUR [50 go 80]/MWh agus EUR [75 go 90]/MWh. Á ghlacadh leis go mbeidh praghas ceangail seasta EUR [65 go 80]/MWh ann (fíorphraghas 2020), is é bheadh sa ráta toraidh inmheánach ar chothromas lena mbeadh coinne faoi na ríomhanna íogaireachta éagsúla [...] % roimh ghnóthachain a chomhroinnt le linn fhad an chonartha, [...] % roimh ghnóthachain a chomhroinnt le linn fhad an tionscadail agus [...] % tar éis gnóthachain a chomhroinnt ar mhargadhphraghsanna EUR 150/MWh, [...] % roimh ghnóthachain a chomhroinnt agus tar éis a gcomhroinnte araon ar EUR 40/MWh, [...] % roimh ghnóthachain a chomhroinnt agus tar éis a gcomhroinnte araon ar EUR 20/MWh, agus [...] % roimh ghnóthachain a chomhroinnt agus tar éis a gcomhroinnte araon ar EUR 10/MWh agus ar EUR -10/MWh chomh maith.

(149)

Mar a mhínítear in aithris 145, d’fhorbair an tSeicia samhail ioncaim bhliantúil lena ríomhtar ioncam an ghléasra cumhachta in aghaidh gach uair an chloig oibríochta bunaithe ar mhargadhphraghsanna measta in aghaidh na huaire agus á ghlacadh leis go ndéanfar an t-aschur a bharrfheabhsú mar fhreagairt ar chomharthaí margadhphraghsanna, agus cothabháil bheartaithe agus neamhbheartaithe á cur san áireamh an tráth céanna. Rinneadh amach cuair praghsanna in aghaidh na huaire bunaithe ar luaineacht praghsanna inbhliana 2035 de réir chás lárnach praghsanna ČEZ a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na réamh-mheastacháin ar phraghsanna bliantúla i gcaitheamh shaolré na sócmhainne. Ansin, i gcás gach cuair praghsanna in aghaidh na huaire, ríomhtar ioncam an ghléasra agus úsáid á baint as an bhfoirmle luacha saothair a thuairiscítear i roinn 3.6.1 á ghlacadh leis go ndéanfar an t-aschur a bharrfheabhsú chun freagairt do chomharthaí margaidh laistigh de chumas teicniúil an ghléasra cumhachta núicléiche.

(150)

Mheas an tSeicia an tionchar ar bhrabúsacht an ghléasra tríd an toimhdiú go mbeadh oibríocht coigeartaithe lóid ann, mar a thuairiscítear thuas, a chur i gcomparáid le cás oibríochta neamhchoigeartaithe lóid ina gcoinnítear an t-aschur ar bun ag meán-infhaighteacht bhliantúil [75 go 100] % d’acmhainneacht an ghléasra. Agus coigeartú lóid ann, measann údaráis na Seicia go n-oibreoidh an gléasra cumhachta ar mheán-infhaighteacht [70 go 90] % d’acmhainneacht an ghléasra (mar thoradh ar laghdú ionchasach aschuir go 75 % i dtréimhsí ina mbeidh margadhphraghsanna p faoi bhun na gcostas c), agus go mbainfear amach 101,24 % den ioncam agus 96,59 % de na costais, ar an meán, a bhainfeadh an gléasra cumhachta amach gan coigeartú lóid i gcaitheamh shaolré an Tionscadail. Cuireann údaráis na Seicia i dtábhacht go bhfuil toradh na hanailíse bunaithe go mór ar phróifíl na margadhphraghsanna toimhdithe atá de chineál hipitéiseach, agus nach féidir a mheas ina leith ach gur táscairí teoiriciúla iad ar fheidhmíocht an ghléasra.

(151)

Leis an bhfoirmle luacha saothair ar a dtugtar tuairisc in aithris 88, soláthraítear cobhsaíocht ioncaim do EDU II gan beann ar mheándálaí an mhargaidh le linn thréimhse an chonartha ceannaigh (2038-2078).

(152)

Ós rud é nach eol, tráth a ghlactar an Cinneadh seo, cén toradh a bheidh ar an tairiscint innealtóireachta, soláthair agus tógála, chuir an tSeicia meastacháin tháscacha ar chostais isteach bunaithe ar thagarmharcáil agus ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí i ndáil le dearadh, forbairt agus oibriú gléasraí atá ann cheana. Aithníonn an tSeicia go bhfuil iontaofacht réamh-mheastachán costais teoranta toisc nach ndearnadh, mar fhasach, aon tionscadal sa tSeicia le déanaí a bheadh inchomparáide go díreach agus nach bhfuil an dearthóireacht mionsonraithe go leordhóthanach go fóill. Áitíonn an tSeicia, áfach, go bhfuil coinne aici leis go mbainfear amach leis an tairiscint iomaíoch don chonraitheoir innealtóireachta, soláthair agus tógála an réiteach is buntáistí go heacnamaíoch, rud ba cheart costais a íoslaghdú.

(153)

Sa bhonnchás, meastar gurb é EUR [...]/kW an caiteachas caipitiúil foriomlán, i.e. costais tógála (‘costas foirgníochta thar oíche’), a chomhfhreagraíonn do EUR [...] billiún i bhfíorphraghsanna 2020 (agus EUR [...] billiún i bpraghsanna ainmniúla).

(154)

Áitíonn an tSeicia freisin, i bhfianaise a chasta atá gléasraí cumhachta núicléiche agus a sainiúlachtaí teicniúla, nach rud neamhghnách é costas foirgníochta i bhfad níos airde a bheith ann ná mar a bhí beartaithe ar dtús. Shonraigh an tSeicia go bhféadfadh costais foirgníochta an Tionscadail thar oíche a bheith chomh hard le EUR [14 000 go 15 000]/kW, nó EUR [17 go 18] billiún (i bhfíorphraghsanna 2023), sa chás is measa ina mbeadh róchaiteachas costas comhchosúil leis na costais a tabhaíodh i ndáil le gléasraí cumhachta núicléiche i gcás Vogtle (na Stáit Aontaithe) agus Hinkley Point C (an Ríocht Aontaithe).

(155)

Áirítear sna meastacháin ar chostais athraitheacha oibriúcháin costais bhreosla, táillí bainistithe dramhaíola a íoctar leis an Stát, costais oibriúcháin agus chothabhála gan costais bhreosla a áireamh, agus ceanglas soláthair leanúnaigh maidir le costais um dhíchoimisiúnú. Ar an iomlán, measann údaráis na Seicia go mbeidh thart ar EUR [10 go 15]/MWh de chostais athraitheacha oibriúcháin ann (lena n-áirítear EUR [...]/MWh de chostais mheasta soláthair breosla, EUR [...]/MWh de chostais mheasta um dhíchoimisiúnú agus um bainistiú dramhaíola agus EUR [...]/MWh de chostais mheasta athraitheacha oibriúcháin agus chothabhála). Úsáidtear na costais athraitheacha oibriúcháin mar athróg ionchuir (c) i bhfoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh agus chun meastachán a dhéanamh ar an oibríocht coigeartaithe lóid bunaithe ar phraghsanna an mhargaidh airgid in aghaidh na huaire.

(156)

Leis na costais oibriúcháin iomlána sa tSamhail Airgeadais cumhdaítear freisin EUR [...]/MWh de chostais saolré leanúnacha, ar costais iad, de réir údaráis na Seicia, a bhaineann le comhpháirteanna den ghléasra cumhachta a athsholáthar agus le mórobair athchóirithe a dhéanamh orthu, ach gan costais fadaithe saolré a áireamh. Thairis sin, leis na costais oibriúcháin sa tSamhail Airgeadais cumhdaítear EUR [10 go 20]/MWh de chostais oibriúcháin sheasta, lena n-áirítear, de réir údaráis na Seicia, pá agus tuarastail, seirbhísí ceannaithe, árachas agus cánacha, táillí, speansais cigireachtaí agus athbhreithnithe, liúntais um dhíchoimisiúnú agus costais ilghnéitheacha.

(157)

Chun léiriú a thabhairt ar thionchar costais an choigeartaithe lóid, chuir údaráis na Seicia costais oibriúcháin EUR [...]/MWh leis. De réir údaráis na Seicia, leis na costais bhreise a bhaineann le coigeartú lóid i ngléasraí cumhachta núicléiche cuimsítear castacht mhéadaithe oibriúcháin agus cúrsaí cothabhála agus éifeachtúlachta breosla, arb iad is bun leo tosca amhail dearadh sonrach an ghléasra núicléach, aois an ghléasra, an timpeallacht rialála ina n-oibríonn sé agus na cleachtais oibríochtúla ann. Is léargas tosaigh é an EUR [...]/MWh a thoimhdítear faoi láthair agus déanfar athbhreithniú air tar éis na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála agus mar chuid de na hathbhreithnithe tréimhsiúla.

(158)

Tar éis thabhairt i gcrích na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála, tabharfaidh an tSeicia toimhdí costais áirithe a dtugtar tuairisc orthu thuas cothrom le dáta (féach an Iarscríbhinn). Go sonrach, déanfar na costais foirgníochta thar oíche, na costais athraitheacha oibriúcháin (costais bhreosla, costais oibriúcháin agus chothabhála, costais um dhíchoimisiúnú agus bainistiú dramhaíola), costais saolré, costais oibriúcháin sheasta, costais coigeartaithe lóid agus toimhdí maidir le hinfhaighteacht a thabhairt cothrom le dáta agus a úsáid sa tSamhail Airgeadais chun an praghas ceangail tosaigh a ríomh.

(159)

Le linn na n-athbhreithnithe tréimhsiúla, is féidir toimhdí áirithe a thabhairt cothrom le dáta (i.e. iad a choigeartú suas nó síos), lena n-áirítear na toimhdí maidir le boilsciú, costais athraitheacha oibriúcháin, costais saolré, costais oibriúcháin sheasta, costais coigeartaithe lóid agus meastacháin brabúsachta coigeartaithe lóid (féach Iarscríbhinn). Déanfaidh tríú páirtí neamhspleách maoirseacht ar an athbhreithniú, agus tá coinne leis gurb í Oifig Rialála Fuinnimh na Seicia a bheidh ann.

(160)

Thairis sin, is féidir toimhdí áirithe a thabhairt cothrom le dáta ar fhoras dlisteanach, mar a thuairiscítear i roinn 3.8.

3.6.7.   Rialú róchúitimh

(161)

Mar a mhínítear sa Chinneadh Tosaigh, mhol údaráis na Seicia sásra um rialú róchúitimh ar dtús arb é a bheadh ann comhroinnt gnóthachan cothromais a mbeadh a thairseach socraithe ag an leibhéal spriocráta toraidh [9 go 11] % ar chothromas, agus fachtóir comhroinnte 50:50 ann.

(162)

De réir na n-athruithe atá beartaithe ar bheart 1, go háirithe i bhfianaise an laghdaithe ar thréimhse an chonartha ceannaigh ó 60 bliain go 40 bliain, rud a fhágann an tairbhí neamhchosanta, dar leis an tSeicia, ar riosca margadhphraghsanna le linn an 20 bliain dheireanach de shaolré na sócmhainne, áitíonn údaráis na Seicia gurbh iomchuí comhroinnt gnóthachan cothromais a dhéanamh ar bhealach beagán modhnaithe toisc go dtabharfadh sé léiriú níos cruinne ar neamhchosaint níos airde an tairbhí ar mhargadhphraghsanna tar éis an chonartha ceannaigh:

(a)

Aon ghnóthachan os cionn leibhéal an ráta toraidh [9 go 11] % ar chothromas (gnóthachain ainmniúla, gnóthachain iarchánach, gnóthachain maoinithe réamhthráchtála), comhroinnfear iad ar bhonn 50:50 idir an tairbhí agus an meán sainchuspóireach, i gcaitheamh thréimhse 40 bliain dar tús dáta coimisiúnaithe an ghléasra cumhachta núicléiche.

(b)

Aon ghnóthachan os cionn leibhéal an ráta toraidh [9 go 11] % ar chothromas (gnóthachain ainmniúla, gnóthachain iarchánach, gnóthachain maoinithe réamhthráchtála), comhroinnfear iad ar bhonn 60:40 idir an tairbhí agus an meán sainchuspóireach, i gcaitheamh thréimhse 20 bliain a thiocfaidh go díreach tar éis na tréimhse 40 bliain dá dtagraítear thuas.

(163)

Mhínigh an tSeicia go ndéanfar measúnú ar thorthaí iarbhír an Tionscadail ag eatraimh 5 bliana i gcaitheamh shaolré oibríochtúil an Tionscadail chun a thástáil ar tabhaíodh gnóthachain iomarcacha. Déanfar an measúnú sin (i) ar dtús tar éis dheireadh na bliana airgeadais ina dtiocfaidh an ceadúnas a fuarthas chun an gléasra cumhachta núicléiche a oibriú i bhfeidhm nó, más luaithe é, tar éis dheireadh na bliana airgeadais díreach roimh dhul in éag 5 bliana ó thosaítear ag seoladh leictreachais ón ngléasra cumhachta núicléiche isteach san eangach (‘an t-athbhreithniú tosaigh ar róchúiteamh’) agus (ii) in eatraimh 5 bliana ina dhiaidh sin (‘athbhreithniú ar róchúiteamh ina dhiaidh sin’) go dtí go scoirfidh an Tionscadal d’oibríochtaí tráchtála.

(164)

Beidh an measúnú bunaithe ar an leagan is déanaí den tSamhail Airgeadais arna nuashonrú le figiúirí ioncaim agus costais iarbhír i gcomhréir le deireadh na bliana airgeadais roimh an measúnú (an ‘dáta measúnaithe’).

(165)

Leis an measúnú, tástálfar cé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn na torthaí iarbhír ar chothromas (‘ráta toraidh inmheánach iarbhír ar chothromas’) tairseach i ndáil leis an ráta toraidh inmheánach ar chothromas (‘tairseach róchúitimh i ndáil leis an ráta toraidh inmheánach ar chothromas’). Is é a bheidh sa ráta toraidh inmheánach iarbhír ar chothromas an ráta toraidh a bhainfear amach i bhfianaise an phraghais ceangail, ioncam ón margadh agus paraiméadair eile den fhoirmle luacha saothair is infheidhme ar an dáta measúnaithe. Tríd an ráta toraidh inmheánach iarbhír ar chothromas a chinneadh, léireofar feidhmíocht iarbhír an Tionscadail ó cuireadh tús leis an Tionscadal go dtí tráth an mheasúnaithe faoi seach. Ní chuirfear san áireamh ann sreabhadh airgid réamh-mheasta go dtí deireadh na n-oibríochtaí. Rinneadh an tairseach róchúitimh i ndáil leis an ráta toraidh inmheánach ar chothromas a shocrú ex ante ar luach [9 go 11] % ar feadh shaolré oibríochtúil an Tionscadail (i.e. le linn thréimhse an chonartha ceannaigh agus ina diaidh araon).

(166)

Má tá an ráta toraidh inmheánach iarbhír ar chothromas níos mó ná an tairseach róchúitimh i ndáil leis an ráta toraidh inmheánach ar chothromas, meastar go ndearnadh róchúiteamh cothromais (‘teagmhas róchúitimh cothromais’). I gcás ina dtarlóidh teagmhas róchúitimh cothromais, déanfar cnapshuim airgid thirim (‘méid róchúitimh cothromais’) a íoc ar ais leis an Stát agus le ČEZ. Is go díreach tar éis athbhreithniú róchúitimh agus ina dhiaidh sin amháin a íocfar aon mhéid róchúitimh cothromais, agus ní íocfar é sa bhliain ina dtabhaítear aon róchúiteamh cothromais.

(167)

Má mheastar gur tharla teagmhas róchúitimh cothromais, ríomhfar an méid róchúitimh cothromais mar a leanas:

(168)

Is é atá sa chéad chéim cainníochtú a dhéanamh ar an méid airgid thirim sin atá cothrom leis an difríocht idir an ráta toraidh inmheánach iarbhír ar chothromas agus an róchúiteamh i ndáil leis an ráta toraidh inmheánach ar chothromas, agus uainiú an tsreabhaidh airgid á chur san áireamh agus gan aon mhéid róchúitimh cothromais a íocadh leis an Stát roimhe sin a áireamh.

(169)

Is é atá sa dara céim an méid sin a iolrú faoin gcóimheas comhroinnte chun an íocaíocht a chinneadh, rud a sheoltar chuig an tairbhí agus an t-iarmhéid á íoc leis an Stát. Dheimhnigh an tSeicia thairis sin go bhféadfadh na coigeartuithe róchúitimh a bheith ina n-íocaíocht chnapshuime nó ina gcoigeartú ar phraghas ceangail an chonartha ceannaigh.

3.7.   Beart 2: Iasacht Stáit (an cúnamh airgeadais in-aisíoctha)

(170)

Tá sé beartaithe ag an tSeicia iasacht Stáit, an cúnamh airgeadais in-aisíoctha, a sholáthar chun Céim 2 (forbairt tionscadail) agus Céim 3 (tógáil) a mhaoiniú. Áitíonn an tSeicia gurb é EUR [...] billiún (ainmniúil, i bpraghsanna 2020) an caiteachas caipitiúil lena bhfuil coinne le haghaidh Chéim 2 agus Chéim 3 sa bhonnchás. Mar sin féin, rinne an tSeicia cásanna bunaithe ar chaiteachas caipitiúil níos airde a sholáthar freisin. Bunaithe ar thionscadail núicléacha a rinneadh roimhe seo a raibh an costas ab airde acu lena gcur i gcrích (i.e. Vogtle agus HPC), meastar gurb é EUR [17 go 18] mbilliún (i bhfíorluachanna 2023) an caiteachas caipitiúil le haghaidh Chéimeanna 2 agus 3. Saineofar méid beacht na hiasachta bunaithe ar thoradh na tairisceana agus ar shíniú an chonartha innealtóireachta, soláthair agus tógála chun forbairt an Tionscadail a mhaoiniú.

(171)

Áitíonn an tSeicia go bhfuil na buntáistí seo a leanas ag baint le hiasacht a dheonú i gcomparáid le ráthaíocht Stáit ar iasacht mhargadhbhunaithe a dheonú. Ar an gcéad dul síos, cuireann an cúnamh airgeadais in-aisíoctha deireadh leis an riosca nach mbeadh aon mhargadh tráchtála ann chun maoiniú a fháil don Tionscadal. Ar an dara dul síos, cuireann an cúnamh airgeadais in-aisíoctha réiteach níos tráthúla ar fáil chun an pacáiste maoinithe foriomlán a shocrú i leith saoráid iasachtaithe tráchtála. Ar an tríú dul síos, bheadh costas fiachais níos ísle i gceist leis an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha i bhfianaise an iasachtaithe dhírigh ón Stát chomh maith le táillí níos ísle i ndáil le maoiniú a shocrú agus a ghealladh i gcaitheamh na tréimhse tógála ina hiomláine. Mhínigh údaráis na Seicia thairis sin, leis an gcainníocht mhór fiachais agus leis an gcol riosca a ghlacann an margadh i leith an tionscadail núicléach, go mbeadh praghas ceangail níos airde sa chonradh ceannaigh mar thoradh ar an gcostas níos airde a d’fhéadfadh a bheith ar an iasachtú margadhbhunaithe. Thairis sin, thug údaráis na Seicia in iúl go bhfuil níos mó solúbthachta ag an Stát cinneadh a dhéanamh maidir le méid deiridh an mhaoinithe ná mar atá ag iasachtóirí margadhbhunaithe agus go bhfuil gá leis an tsolúbthacht sin toisc nár tugadh an conradh innealtóireachta, soláthair agus tógála chun críche go fóill.

(172)

Tá coinne leis go gcumhdófar leis an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha 100 % de na costais a bheidh ann le linn Chéimeanna 2 agus 3 (féach aithris 67). Déanfar an cúnamh airgeadais in-aisíoctha a urrú le sócmhainní EDU II agus ní bheifear in ann dul ar iontaoibh ČEZ ná ní thabharfaidh ČEZ aon ráthaíocht i leith an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha. Íocfaidh an tairbhí ráta úis 0 % le linn chéim tógála an Tionscadail (94). Comhfhreagróidh an ráta úis bliantúil ina dhiaidh sin do na costais fiachais Stáit arna gcinneadh ag an Aireacht Airgeadais mar ráta céatadáin don bhliain ar leith a mhéadófar 1 phointe céatadáin amháin ach nach mbeidh níos lú ná 2 % in aghaidh na bliana. (95). Tabharfar an cúnamh airgeadais in-aisíoctha chun críche nuair a bheidh an próiseas tairisceana i ndáil leis an gconradh innealtóireachta, soláthair agus tógála tugtha chun críche.

(173)

Beidh an cúnamh airgeadais in-aisíoctha ar fáil lena tharraingt anuas ón dáta a thiocfaidh an conradh ceannaigh, an comhaontú infheisteora agus an cúnamh airgeadais in-aisíoctha i bhfeidhm. Déanfar an tarraingt anuas ar bhonn tréimhsiúil (go bliantúil mar shampla) i gcomhréir le buiséad nuashonraithe EDU II.

(174)

Déanfar an cúnamh airgeadais in-aisíoctha a amúchadh bunaithe ar gharspriocanna sonracha agus céimeanna an Tionscadail agus ar athruithe a bhfuil coinne lena dteacht ar an Tionscadal i gcaitheamh 30 bliain. Is le deonú an cheadúnais de réir an Achta um an Dlí Adamhach a chuirfear tús le hamúchadh an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha. Go dtí an tráth sin, déanfar cúlchiste seirbhísithe fiachais le haghaidh amúchadh agus íocaíocht úis an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha, agus lena n-aghaidh sin amháin, (an ‘cúlchiste seirbhísithe fiachais’) a chruthú sa tréimhse roimh thús an amúchta agus coimeádfaidh EDU II ina dhiaidh sin é le linn na tréimhse amúchta agus ní úsáidfear é ach amháin le haghaidh amúchadh agus íocaíocht úis an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha i gcás easnamh airgid. Mura n-úsáidtear é le linn na tréimhse amúchta, ídeofar an cúlchiste seirbhísithe fiachais le haghaidh na dtráthchodanna agus na n-íocaíochtaí úis deiridh.

(175)

I gcás ina dtabharfaidh EDU II fógra don Stát go gceanglaítear leis an Tionscadal go gcuirfear amúchadh an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha ar fionraí chun mainneachtain airgeadais (96) a chosc agus gur ídigh EDU II an cúlchiste seirbhísithe fiachais agus nach bhfuil a oibleagáidí gealltanais cothromais á sárú ag ČEZ (97) (‘fógra fionraíochta’), cuirfear amúchadh agus íocaíocht úis an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha ar fionraí ar feadh cibé tréimhse is gá chun an mhainneachtain airgeadais a chosc.

(176)

Ceadófar faoi théarmaí an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha réamhíocaíocht dheonach agus/nó athmhaoiniú an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha.

(177)

I gcás athrú ar rialú EDU II, beidh sé d’oibleagáid ar EDU II méid na hiasachta móide ús a aisíoc laistigh den tréimhse a shonraítear sa chinneadh maidir le cúnamh airgeadais in-aisíoctha ach amháin má fhaigheann Stát na Seicia na scaireanna uile in EDU II.

(178)

Beidh EDU II i dteideal díbhinní a dháileadh ó thús an chonartha ceannaigh i gcomhréir le paraiméadair chomhaontaithe agus faoi réir aon tráthchuid aisíocaíochta aibí den chúnamh airgeadais in-aisíoctha a íoc roimh ré. Ceadófar do EDU II freisin airgead tirim ón saorshreabhadh airgid a íoc le ČEZ trí bhealaí eile (amhail trí íocaíochtaí fiachais scairshealbhóirí nó trí fhiachas idir cuideachtaí arna sholáthar ag EDU II do ČEZ).

(179)

Go dtí go n-aisíocfaidh EDU II an cúnamh airgeadais in-aisíoctha ina iomláine (lena n-áirítear aon ús a bheidh dlite), ní féidir le EDU II aon dáileadh ná íocaíocht a dhéanamh le ČEZ ná le haon chomhalta de Ghrúpa ČEZ, cé is moite d’íocaíochtaí as luach saothair soláthairtí nó seirbhísí inghrúpa a cheanglaítear le haghaidh EDU II agus/nó as an ngléasra cumhachta núicléiche a oibriú agus a chothabháil. Mar sin féin, a mhéid a shonraítear sa chúnamh airgeadais in-aisíoctha, má bhíonn EDU II rannpháirteach in aon chomhthiomsú airgid de chuid Ghrúpa ČEZ, ní chuirfidh an abairt roimhe seo toirmeasc ná srian ar aon íocaíocht a dhéanfaidh EDU II nó a dhéanfar le EDU II i ndáil leis an gcomhthiomsú airgid sin.

(180)

Ar deireadh, dá mbeadh róchaiteachas ann, ní féidir a chur as an áireamh gur ghá an cúnamh airgeadais in-aisíoctha a athmhaoiniú, go páirteach, trí iasachtaí príobháideacha margadhbhunaithe chun é a aisíoc. Sa chás sin, ní bheadh aisíocaíocht an chostais infheistíochta nasctha go díreach a thuilleadh le tréimhse an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha.

3.8.   Beart 3: Sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais

(181)

Is é atá sa tríú beart chun tacú leis an Tionscadal cosaint gnóthaithe costas do ČEZ i gcás ina ndéanfaidh an tSeicia cinneadh go n-athróidh sí a beartas náisiúnta um fhuinneamh núicléach nó nach ndeonóidh sí bearta 1 nó 2, nó má bhíonn foras dlisteanach ann (‘sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais’) (98).

(182)

Is é atá sa sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais céadrogha ar dhíol (99) do ČEZ nó céadrogha ar cheannach (100) don Stát i gcás ina dtarlóidh imthosca áirithe. Leagtar an beart sin amach i gconradh idir údaráis na Seicia agus ČEZ agus EDU II in éineacht leis an oibleagáid atá ar ČEZ maoiniú cothromais a sholáthar don Tionscadal.

(183)

Go dtí go síneofar an comhaontú infheisteora, leagtar amach leis an gCéad Chonradh Cur Chun Feidhme an creat comhair maidir leis an Tionscadal, lena n-áirítear an sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais le haghaidh na chéad chéime den Tionscadal. Go sonrach, socraítear leis an gCéad Chonradh Cur Chun Feidhme na nósanna imeachta agus na módúlachtaí chun téarmaí an chonartha a athchaibidliú i gcás ina mbeidh foras dlisteanach ann agus maidir le scaireanna a dhíol leis an Stát ar fhoras dlisteanach le linn Chéim 1 den Tionscadal. Sonraítear leis an gCéad Chonradh Cur Chun Feidhme módúlachtaí na socruithe maidir le ceannach scaireanna d’fhonn a ráthú go mbeidh an oibríocht neodrach i leith an dá pháirtí (e.g. trína áirithiú go gcomhfhreagraíonn luach an phraghais ceannaigh do na cistí a infheistítear in EDU II, nach ndéantar aon aistriú ioncaim ó EDU II chuig ČEZ, etc.).

(184)

Míníonn údaráis na Seicia go bhfuil an praghas ceannaigh chun na scaireanna uile a dhíol leis an Stát go dtí deireadh Chéim 1 socraithe ag CZK 4 509 591 000 agus go bhféadfaí táille bhreise nach mó ná CZK 200 000 000 a chur leis ar fhoras dlisteanach, méid a chomhfhreagraíonn do mhéid foriomlán na ranníocaíochtaí caipitil a sholáthróidh ČEZ. I gcomhaontú ar leithligh, shocraigh na páirtithe na coinníollacha ar dá réir a áireofar toradh eacnamaíoch ar infheistíocht sna méideanna sin agus na coinníollacha ar dá réir nach n-áireofar sin iontu. Mar riail ghinearálta, má dhúntar an Tionscadal ar fhoras dlisteanach beidh toradh ar infheistíocht dlite do ČEZ freisin.

(185)

Thairis sin, míníonn údaráis na Seicia go ráthófar leis an sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais cosaint EDU II i ndáil le teagmhais nach bhfuil neart aige orthu (e.g. i gcás ina mbeidh ‘foras dlisteanach’ ann (101)), mar a shonraítear sa chonradh ceannaigh (féach aithris 104). Go sonrach, i gcás ina mbeidh foras dlisteanach ann a chuirfidh cosc nó moill ar fheidhmíocht EDU II nó ar chomhlíonadh oibleagáidí dlíthiúla EDU II, déanfar an neamhfheidhmíocht sin nó an mhoill ar chomhlíonadh a oibleagáidí a mhaitheamh dó. Ar an gcaoi chéanna, má bhíonn moill ar chur i gcrích an Tionscadail ar fhoras dlisteanach, cuirfear síneadh leis an spriocdháta coimisiúnaithe ar bhonn lae. Ar deireadh, beidh EDU II i dteideal cúiteamh airgid i gcás ina mbeidh foras dlisteanach ann.

(186)

Míníonn údaráis na Seicia gurb é is cuspóir don bheart sin an méid cabhrach is gá a íoslaghdú agus an praghas ceangail á chinneadh trí chreat inghlactha leithdháilte riosca a chruthú. Is é tionchar an bhirt sin teorainn a chur leis an riosca don infheisteoir agus an raon toraidh ar infheistíocht a laghdú an tráth céanna. Is é is aidhm dó EDU II a chosaint ar rioscaí áirithe (féach an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Tosaigh). An tráth céanna, is é EDU II a íocfaidh aon róchaiteachas a bhainfeadh don Tionscadal ar chúiseanna nach bhfuil foras dlisteanach leo. Sholáthair údaráis na Seicia forbhreathnú ar na hathruithe a nglacfaí leo mar fhoras dlisteanach. Áirítear orthu sin athruithe ar ionchuir i ríomh an phraghais ceangail ag brath ar thorthaí na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála (a mhéid a bhaineann le costais chaipitil, fad tréimhsí tógála, tréimhsí infhaighteachta, (102) costais oibriúcháin, chothabhála, bhreosla agus saolré (103) agus acmhainneacht chomh maith le cumais theicniúla an ghléasra) nó ar thabhairt chun críche an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha (an ráta úis, méid na hiasachta agus na téarmaí íocaíochta arna gcinneadh faoin gcúnamh airgeadais in-aisíoctha (féach aithris 172 chomh maith leis na toimhdí maidir le hiasachtaí tráchtála bunaithe ar mhéid agus coinníollacha an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha). I ndáil leis sin, deimhníonn údaráis na Seicia go bhfuil an tSamhail Airgeadais bunaithe ar an tsolúbthacht íosta dhlíthiúil is gá a bheith ag an ngléasra, agus gurb é a bheadh mar thoradh ar aon mhéadú ar an tsolúbthacht toimhdí níos éifeachtúla maidir le coigeartú lóid, rud a laghdódh an praghas ceangail dá réir.

(187)

Áirítear orthu freisin athruithe le linn shaolré an Tionscadail a nuashonrófar, a mhéid a bheidh foras dlisteanach leo, sna hathbhreithnithe tráthrialta ar choinníollacha an chonartha ceannaigh, lena n-áirítear athruithe ar chostais oibriúcháin agus costais infheistíochta (méaduithe agus laghduithe araon) agus athruithe ar reachtaíocht amhail paraiméadair um dhíchoimisiúnú agus rátaí cánachais. Maidir le húsáid a bhaint as solúbthacht theicniúil an ghléasra (nó gan í a úsáid) chun aschur táirgeachta a bharrfheabhsú i bhfianaise margadhphraghsanna athraitheacha (coigeartú lóid), aithníonn údaráis na Seicia nach foras dlisteanach é chun údar a thabhairt le méaduithe costais de bhreis ar an nuashonrú ginearálta ar chostais oibriúcháin a dhéantar san athbhreithniú tráthrialta 5 bliana (féach roinn 3.6.7). Dá bhrí sin, rinneadh teorainneacha teicniúla le coigeartú lóid a eisiamh ón liosta de chineálacha forais dhlisteanaigh. Is é is aidhm don sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais inghlacthacht fhoriomlán an Tionscadail a áirithiú don infheisteoir agus don Stát.

3.9.   Bunús dlí agus trédhearcacht

(188)

Is é an tAcht um Bearta chun an tSeicia a Aistriú chuig Earnáil Fuinnimh Ísealcharbóin agus um Leasú ar Acht Uimh. 165/2012 an bunús dlí náisiúnta leis an mbeart sin (104).

(189)

Mhínigh údaráis na Seicia go mbeidh an chabhair á rialú freisin le hAcht Uimh. 218/2000 Sb., is é sin an tAcht um Rialacha Buiséadacha agus Leasú ar Roinnt Achtanna a Bhaineann Leis (Rialacha Buiséadacha), arna leasú, agus leis na conarthaí agus na comhaontuithe éagsúla a rinneadh leis an tairbhí, mar a thuairiscítear thíos.

(190)

Leis an Máistir-Chomhaontú maidir le comhar i ndáil le foinsí nua núicléacha a thógáil i bPoblacht na Seice, a síníodh idir an Aireacht, ČEZ agus EDU II an 28 Iúil 2020, bunaíodh creat ginearálta chun comhar idir na páirtithe sa Tionscadal a thionscnamh, agus a fhorbairt ina dhiaidh sin, i ndáil le foinsí nua núicléacha a thógáil ag suíomh Dukovany. Ní áirítear ann aon oibleagáid shonrach a bheadh ceangailteach ar na páirtithe ó thaobh dlí de. De réir an Mháistir-Chomhaontaithe, ní dhéanfar an Tionscadal ach ar choinníoll go mbeidh státchabhair formheasta roimh ré.

(191)

Sa Chéad Chonradh Cur Chun Feidhme idir an Aireacht, ČEZ agus EDU II, tá socruithe atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe i ndáil leis an gcéad chéim den Tionscadal, i.e. go dtí go roghnófar an conraitheoir innealtóireachta, soláthair agus tógála. Síníodh é an 28 Iúil 2020 agus leasaíodh é ina dhiaidh sin an 24 Nollaig 2022, an 20 Nollaig 2023 agus an 30 Eanáir 2024.

(192)

An 26 Eanáir 2024, sholáthair údaráis na Seicia cóipeanna díobh seo a leanas:

(a)

Dréachtbhileog téarmaí agus coinníollacha an chonartha ceannaigh lena leagtar amach cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe i ndáil leis an Tionscadal, rud a ghabhfaidh, nuair a shíneofar í, in ionad an Mháistir-Chomhaontaithe agus an Chéad Chonartha Cur Chun Feidhme. Go sonrach, leagfar amach sa chonradh na coinníollacha maidir le hoibleagáid Stát na Seicia cumhacht a cheannach (lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le ríomh an phraghais ceangail agus coigeartuithe air agus le téarmaí na hoibleagáide comhroinnte gnóthachan), oibleagáid an Stáit meán sainchuspóireach a bhunú, oibleagáid EDU II an gléasra cumhachta núicléiche a fhorbairt, a thógáil agus a oibriú, chomh maith leis na téarmaí is infheidhme i gcás athrú úinéireachta.

(b)

Dréachtbhileog téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe infheisteora idir Stát na Seicia, ČEZ agus EDU II lena leagtar amach na hoibleagáidí a bhaineann le maoiniú cothromais ČEZ don Tionscadal agus le scaireanna a aistriú chuig tríú páirtithe, chomh maith le mionsonraí na gcéadroghanna ar cheannach agus ar dhíol.

(c)

Dréachtbhileog téarmaí agus coinníollacha an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha atá le deonú de bhun cinneadh ón Aireacht Tionscail agus Trádála.

(193)

Dearbhaíonn údaráis na Seicia go dtabharfar téarmaí na gconarthaí thuas chun críche nuair a bheidh clabhsúr curtha ar an nós imeachta soláthair um chonraitheoir innealtóireachta, soláthair agus tógála a roghnú agus nuair a bheidh costais infheistíochta agus oibriúcháin an Tionscadail, chomh maith lena shaintréithe teicniúla, deimhnithe. Ar an gcúis chéanna, tabharfar ionchuir áirithe sa tSamhail Airgeadais a úsáidfear chun praghas ceangail an chonartha ceannaigh a athríomh cothrom le dáta chun téarmaí an chonartha innealtóireachta, soláthair agus tógála a léiriú (féach Iarscríbhinn).

(194)

Dearbhaíonn údaráis na Seicia thairis sin go mbeidh clásail chaighdeánacha sa chuid eile de théarmaí agus coinníollacha na ndoiciméad conarthach a liostaítear in aithris 191 thuas agus sna doiciméid mhaoinithe deiridh a bheadh á lorg ag aon infheisteoir agus a bhféadfadh coinne réasúnta a bheith aige leis go dtiocfaí ar chomhaontú ina leith i gcás tionscadal comhchosúil. Má chuireann na doiciméid chonarthacha chríochnaitheacha faoi seach feabhas ar dhálaí conarthacha sa chaoi go ndéanfar an chothromaíocht idir rioscaí agus tairbhí, ionchais maidir le ráta toraidh, nó cumhdach costais a bhaineann leis an Tionscadal agus lena bhonneagar gaolmhar a aistriú chun tairbhe na dtairbhithe, nó má tá eilimintí breise iontu ar dócha gur státchabhair iad, geallann údaráis na Seicia go dtabharfaidh siad fógra don Choimisiún Eorpach fúthu sula gcuirfear chun feidhme iad.

(195)

Mhínigh údaráis na Seicia go bhfoilseofar an fhaisnéis maidir leis an Tionscadal ar shuíomh gréasáin na hAireachta https://www.mpo.cz/cz/energetika/.

3.10.   Struchtúr maoinithe an Tionscadail

(196)

Meastar gur EUR [...] billiún (i dtéarmaí réadacha, praghsanna 2020) nó EUR [...] billiún i dtéarmaí ainmniúla é ceanglas cistiúcháin iomlán an Tionscadail faoin gcás tosaigh, rud a mhaoineofar trí chothromas tosaigh EUR 0,18 billiún ó ČEZ i gCéim 1, agus trí iasacht Stáit EUR [9,8 go 10,8] billiún, arb é an cúnamh airgeadais in-aisíoctha é, i gCéimeanna 2 agus 3.

(197)

Soláthróidh ČEZ EUR 1,77 billiún de chothromas teagmhasach geallta breise chun aon róchaiteachas a d’fhéadfadh a bheith ann nach mbeadh foras dlisteanach leis a mhaoiniú. Comhaontóidh ČEZ agus an Stát na sonraí maidir leis an gcur chuige a ghlacfar i leith aon róchaiteachas a mhaoiniú. EUR 1,95 billiún a bheidh sa ghealltanas cothromais uasta iomlán ó ČEZ le haghaidh an Tionscadail sa chéim forbartha agus tógála.

(198)

Míníonn údaráis na Seicia go bhfuil an uasteorainn róchaiteachais mar thoradh ar an gcaibidlíocht tráchtála idir páirtithe agus mar thoradh ar an leithdháileadh riosca éifeachtach is fearr don Tionscadal. Measann siad nach bhféadfaí an Tionscadal a chur i gcrích agus gealltanas airgeadais neamhiata ann.

(199)

Mar a luaitear i roinn 3.6.6, tá coinne ag údaráis na Seicia leis gurb é a bheidh i gcostais foirgníochta an Tionscadail EUR [...]/kW (costais foirgníochta thar oíche, dá réir sin gan ús le linn na tréimhse tógála, ar leibhéal praghsanna 2020) agus glacann siad leis go mbeidh na costais oibriúcháin thart ar EUR [25 go 50]/MWh (ar leibhéal praghsanna 2020) lena gcuimsítear breosla, oibriú agus cothabháil, costais athnuachana saolré agus costais um dhíchoimisiúnú agus bainistiú dramhaíola. I gcás malartach (105), measann údaráis na Seicia go mbeidh costais foirgníochta an Tionscadail, nach mbaineann le róchaiteachas ar fhoras dlisteanach, 10 % níos airde.

(200)

Mar a leagtar amach in aithris 154), mhínigh údaráis na Seicia, sa chás is measa ina mbeadh róchaiteachas comhchosúil leis na costais a tabhaíodh in Vogtle agus Hinkley Point C, go bhféadfadh costais foirgníochta an Tionscadail thar oíche a bheith chomh hard le EUR [17 go 18] mbilliún (i bhfíorphraghsanna 2023), nó chomh hard le EUR [...] billiún i dtéarmaí ainmniúla. Sa chás sin, más foras dlisteanach is cúis leis an róchaiteachas uile, is é EUR [...] billiún i dtéarmaí ainmniúla an méid a shroichfeadh an cúnamh airgeadais in-aisíoctha.

(201)

Tá na meastacháin chostais ina meastacháin tháscacha ag an gcéim seo agus forbraíodh iad bunaithe ar fhasaigh. Cinnfear na costais iarbhír de réir thoradh na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála agus na teicneolaíochta a roghnófar.

3.11.   Carnadh

(202)

Ní féidir an beart a chur i dteannta cabhrach eile a fhaightear chun na costais chéanna atá le tabhú faoin Tionscadal a chumhdach.

3.12.   Trédhearcacht

(203)

D’áitigh údaráis na Seicia go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an mbeart a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin náisiúnta (106), agus ar chlár trédhearcachta an Choimisiúin.

3.13.   Forais chun an nós imeachta a thionscnamh

(204)

Ghlac an Coimisiún an Cinneadh Tosaigh an 30 Meitheamh 2022. Tháinig an Coimisiún ar an réamhthuairim gur státchabhair atá sna bearta agus chuir sé amhras in iúl maidir le comhoiriúnacht na mbeart leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE. Go sonrach, sa Chinneadh Tosaigh chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le hoiriúnacht agus comhréireacht na cabhrach agus le saobhadh féideartha ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

(205)

A mhéid a bhaineann leis an amhras maidir le hoiriúnacht a chuirtear in iúl sa Chinneadh Tosaigh, d’fhiosraigh an Coimisiún a bhfuil an conradh ceannaigh ar phraghas seasta a moladh ar dtús in éineacht leis an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha agus leis an sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais ina ionstraim iomchuí chun cabhair a sholáthar, go háirithe i gcomparáid le hionstraimí eile a measadh a bheith iomchuí d’infheistíochtaí núicléacha roimhe seo. Chuir an Coimisiún amhras in iúl an mbeadh sé iomchuí dá mbeadh an leibhéal riosca don tairbhí níos airde. Go sonrach, thug an Coimisiún dá aire sa Chinneadh Tosaigh go bhféadfadh sé gur cuireadh isteach ar dhreasachtaí áirithe i dtaca le hiompraíocht iomaíoch tríd an tairbhí a insliú ó rioscaí tábhachtacha margaidh agus mheas sé go laghdaíonn na trí bheart i dteannta a chéile (i.e. an fhoráil maidir le hathrú dlí, an conradh ceannaigh agus an cúnamh airgeadais in-aisíoctha) an riosca margaidh go mór. I bhfianaise an mhéid thuas, chinn an Coimisiún nach raibh sé soiléir an raibh an chothromaíocht a mhol an tSeicia maidir leis na trí bheart a úsáid ar an gcothromaíocht cheart, agus an bhféadfadh sé go mbeadh gá le hionstraimí malartacha nó le hathrú ar na hionstraimí atá beartaithe chun leibhéal níos airde neamhchosanta ar riosca margaidh a áirithiú (107).

(206)

Maidir le comhréireacht an Tionscadail, chuir an Coimisiún amhras in iúl sa Chinneadh Tosaigh an raibh tréimhse 60 bliain an chonartha ceannaigh teoranta don fhad íosta is gá chun a áirithiú go rachfar ar aghaidh leis an Tionscadal. Go sonrach, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil an tréimhse níos faide go mór ná tréimhse aisíocaíochta an chúnaimh airgeadais (30 bliain tar éis an dáta oibríochta tráchtála sa chás seo), agus níos faide ná an tréimhse tacaíochta ar glacadh léi i gcásanna roimhe seo (108). Thug an Coimisiún dá aire thairis sin, cé go bhfuil conarthaí fadtéarmacha ina gceanglas coitianta chun infheistíochtaí fadtéarmacha móra a chumasú, nach gá go gcumhdaítear le tréimhse an chonartha i gcónaí saolré eacnamaíoch iomlán an tionscadail.

(207)

Thairis sin, sa Chinneadh Tosaigh chuir an Coimisiún tuilleadh amhrais in iúl an dtugann na toimhdí a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar an toradh is gá léiriú ceart ar neamhchosaint an infheisteora ar riosca. Go sonrach, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir leis an mbiseach tógála núicléiche agus oibríochtaí núicléacha a cuireadh le meastachán CAPM, i bhfianaise neamhchosaint laghdaithe an tairbhí ar riosca i ngeall ar na trí bheart cabhrach agus ina fhianaise go bhféadfaí praghas an chomhaontaithe ceannaigh cumhachta a choigeartú. Ina dhiaidh sin, cheistigh an Coimisiún an dtugann an ráta toraidh ar chothromas is gá léiriú ceart ar na rioscaí a bhaineann don tairbhí agus an gcomhfhreagraíonn sé do thoradh réasúnta ag infheisteoir ar ghníomhaíocht den sórt sin, ós rud é go n-aistríonn an conradh ceannaigh rioscaí praghais agus rioscaí margaidh araon chuig an meán sainchuspóireach agus, dá bhrí sin, chuig an Stát (109).

(208)

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún amhras in iúl sa Chinneadh Tosaigh maidir le cé acu a chuirfeadh nó nach gcuirfeadh an sásra comhroinnte gnóthachan cothromais a mhol an tSeicia cosc leormhaith ar róchúiteamh, go háirithe ós rud é go n-áirítear ann fachtóir comhroinnte 50:50 idir an Stát agus EDU II (110).

(209)

Thairis sin, maidir le ČEZ mar thionscnóir an Tionscadail, thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh sé gur fhág an próiseas oscailte lenar roghnaíodh tionscnóir an Tionscadail gur laghdaíodh ar an tacaíocht is gá chun an Tionscadal a chur i gcrích (111).

(210)

Maidir le hamhras i ndáil leis na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ar thrádáil agus ar iomaíocht, chaith an Coimisiún amhras ar roghnú ČEZ mar thairbhí an Tionscadail agus ar ČEZ a bheith roghnaithe gan próiseas tairisceana nó roghnúcháin agus, b’fhéidir, gan breithniú a bheith déanta iarbhír ar oibreoirí ionchasacha eile. Ina dhiaidh sin, d’fhiafraigh an Coimisiún cén fáth a mbeadh ČEZ ar an oibreoir is éifeachtúla, cén fáth nach ndearnadh aon tairiscint ná sásra roghnúcháin eile agus cén foras teicniúil nó eacnamaíoch ba chúis le ČEZ a roghnú. Fágann roghnú ČEZ go bhfuil amhras ann maidir le saobhadh féideartha ar struchtúr an mhargaidh i bhfianaise shuíomh láidir ČEZ ar mhargadh leictreachais na Seicia (112).

(211)

Thairis sin, shonraigh an Coimisiún nach féidir a chur as an áireamh go hiomlán na féidearthachtaí go ndéanfadh ČEZ cúbláil praghsanna nó go gcoinneodh sé acmhainneacht siar. I dtréimhsí ina mbeidh na margadhphraghsanna níos airde ná praghas seasta an chonartha ceannaigh cumhachta, mar shampla, níor cuireadh as an áireamh go bhféadfadh dreasacht eacnamaíoch a bheith ag Grúpa ČEZ aschur EDU II a laghdú sa chaoi go mbeadh aonaid eile ČEZ in ann níos mó fuinnimh a dhíol ar na margadhphraghsanna níos airde. Ba í tuairim an Choimisiúin nach bhféadfaí cúbláil margaidh fhéideartha a chur as an áireamh, go háirithe mar gheall ar shuíomh láidir ČEZ ar an margadh faoi láthair i ndáil le hacmhainneacht giniúna leictreachais agus leis an nginiúint iarbhír sa tSeicia. I bhfianaise an mhéid thuas, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le cé acu a bheadh nó nach mbeadh na dreasachtaí nó an cumas ag ČEZ nó EDU II an margadh a chúbláil (113).

(212)

Ar deireadh, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le ról an mheáin shainchuspóirigh ar an margadh. Go sonrach, thug an Coimisiún dá aire, de bhrí gur féidir leis an meán sainchuspóireach a chaillteanais a chomhardú le cistí ón Stát, nach raibh sé soiléir an mbeadh dreasachtaí leordhóthanacha ag an meán sainchuspóireach gníomhú mar eintiteas príobháideach uasmhéadaithe brabúis, ach amháin má ghlacann gnóthas ar leithligh an ról sin chuige, ar gnóthas é atá dírithe ar straitéis uasmhéadaithe brabúis agus a roghnaítear trí thairiscint oscailte nach mbeadh ath-chomhtháthú gníomhaíochtaí trádála an mheáin shainchuspóirigh le ČEZ mar thoradh uirthi. Ina theannta sin, chinn an Coimisiún go bhfuil riosca ann go bhféadfadh seach-iarmhairtí ar thomhaltóirí móra leictreachais a bheith ag cabhair don mheán sainchuspóireach. D’fhéadfadh an riosca sin a bheith níos measa fós ós rud é go mbeidh an meán sainchuspóireach á rialú ag an Stát. Ós rud é nach bhfuil sé go hiomlán soiléir fós cén chaoi a ndíolfaidh an meán sainchuspóireach an leictreachas, nó cé leis a dhíolfaidh sé é, ní fhéadfaí a chur as an áireamh go bhféadfadh an meán sainchuspóireach conarthaí déthaobhacha a thabhairt i gcrích le tomhaltóirí tionsclaíocha ar théarmaí fabhracha (114). Ar deireadh, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh saobhadh margaidh tarlú toisc nach bhfuil sé cinnte an mbeadh struchtúr an mheáin shainchuspóirigh agus an chomhaontaithe cumhachta ceannaigh in ann cosc a chur ar chomharthaí margaidh dul chomh fada le hoibreoir an ghléasra cumhachta (115).

4.   SEASAMH RIALTAS NA SEICIA

(213)

Chuir an tSeicia a freagra ar an gCinneadh Tosaigh isteach an 30 Lúnasa 2022. San aighneacht a rinne an tSeicia, soláthraíodh roinnt anailísí mar fhreagairt ar an amhras a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh maidir le hoiriúnacht, comhréireacht agus éifeacht an bhirt ar thrádáil agus ar iomaíocht.

(214)

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bpléann freagairt na Seicia ar an gCinneadh Tosaigh na bearta tacaíochta státchabhrach mar a thuairiscítear sa Chinneadh Tosaigh iad. Leagtar amach go mionsonraithe i Roinn 3 den Chinneadh seo na bearta tacaíochta atá ann faoi láthair, lena n-áirítear athruithe i gcomparáid leis na bearta a bhí beartaithe ar dtús agus a tugadh isteach chun aghaidh a thabhairt ar an amhras a chuir an Coimisiún in iúl ina Chinneadh Tosaigh.

(215)

Leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe thíos na hargóintí a chuir an tSeicia chun cinn.

4.1.   Seasamh na Seicia maidir le hoiriúnacht na cabhrach

(216)

Ina freagairt ar an gCinneadh Tosaigh, d’áitigh an tSeicia gurb amhlaidh, sna dálaí margaidh atá ann faoi láthair atá neamhchinnte agus ag athrú go tapa, go bhfuil gá le gach ceann de thrí bheart an Tionscadail chun aghaidh a thabhairt ar na teipeanna margaidh a bhaineann le forbairt cumhachta núicléiche (i.e. scála an cheanglais caipitil, saolré na neamhchosanta ar chomharthaí margadhphraghsanna a mbíonn idirghabhálacha á saobhadh iad féin, agus saolré na neamhchosanta ar chinntí polaitiúla), mar a aithníonn an Coimisiún sa Chinneadh Tosaigh (116). De réir na Seicia, tá gá le hidirghabhálacha Stáit ar leithligh ach idirnasctha chun dul i ngleic leis na teipeanna margaidh thuasluaite.

(217)

Ar an gcéad dul síos, in éagmais maoiniú faoi dhálaí margaidh ó fhoinsí príobháideacha mar gheall ar scála mór na n-infheistíochtaí agus rioscaí eile a bhaineann le forbairt tionscadal núicléach, dhéanfadh an cúnamh airgeadais in-aisíoctha maolú ar scála tábhachtach an riosca a ghabhann leis an gceanglas caipitil.

(218)

Ar an dara dul síos, fágann saolré na neamhchosanta ar chomharthaí margadhphraghsanna go bhfuil an Tionscadal neamhchosanta ar ardriosca ioncaim in aghaidh costais sheasta mhóra, agus giaráil oibríochtúil an-ard ann dá thoradh sin nach nglacann infheisteoirí príobháideacha leis. Is é a thabharfadh aghaidh ar an riosca sin an chosaint fhadtéarmach ar phraghsanna a chuirtear ar fáil faoi théarmaí an chonartha ceannaigh (117).

(219)

Ar an tríú dul síos, rachadh an sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais, lena n-áirítear cosaint an ‘fhorais dhlisteanaigh’ a leagtar amach sa chonradh ceannaigh, i ngleic le saolré na neamhchosanta ar an riosca a ghabhann le cinntí polaitiúla, riosca ar ann dó ag gach céim den Tionscadal (is é sin, ón bhforbairt go dtí an díchoimisiúnú).

(220)

Chun tacú leis an méid thuas, sholáthair údaráis na Seicia liosta de thionscadail núicléacha a tréigeadh de dheasca ceann amháin nó níos mó de na teipeanna margaidh thuasluaite a bhaineann le forbairt tionscadal táirgthe cumhachta núicléiche. (118)

(221)

Mhínigh údaráis na Seicia thairis sin, i dteannta na bpríomhtheipeanna margaidh sin, go bhfuil méadú mór tagtha ar na rioscaí do thionscnóirí tionscadal nua núicléach mar gheall ar dhálaí an mhargaidh faoi láthair. Áirítear orthu sin (i) an t-aistriú teicneolaíochta leanúnach i dtreo foinsí fuinnimh in-athnuaite agus hidrigine, mar shampla, arb é a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air brú amach na teicneolaíochta núicléiche ag foinsí lena ngabhann íoschostas imeallach, (ii) an tírdhreach maicreacnamaíoch, a raibh brú boilscitheach chomh maith le hathruithe ar rátaí úis agus ar rátaí malairte eachtraí ag baint dó, i measc nithe eile, (iii) luaineacht margadhphraghsanna tráchtearraí, as a leanann luaineacht praghsanna leictreachais, agus teagmhais de chineál ‘eala duibhe’ – amhail fogha na Rúise faoin Úcráin as ar eascair míshocracht sa mhargadh agus suaitheadh sa slabhra soláthair.

(222)

Thairis sin, chuir údaráis na Seicia cásanna frithfhíorasacha i láthair ar dá réir, dá mbainfí aon cheann de na trí bheart tacaíochta den Tionscadal, a bheadh na príomhrioscaí a dtugtar tuairisc orthu thuas fós gan mhaolú, rud a bhainfeadh an bonn d’inmharthanacht an Tionscadail agus a bheadh ina riosca do-ghlactha do thionscnóir an Tionscadail agus ina chúis le teip ar chur i gcrích an Tionscadail ar deireadh.

(223)

Sa chéad chás frithfhíorasach, mhínigh údaráis na Seicia go soláthraíonn an cúnamh airgeadais in-aisíoctha an caipiteal is gá chun an t-aonad nua núicléach a thógáil agus go maolaíonn sé an riosca go dteipfidh ar an margadh mar gheall ar scála an-mhór an cheanglais caipitil agus an ardleibhéal riosca tógála. In éagmais an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha, áitíonn údaráis na Seicia nach mbeadh tionscnóir an Tionscadail in ann caipiteal a fhoinsiú le haghaidh na céime tógála trí mhargaí fiachais tráchtála mar gheall ar na rioscaí thuasluaite, rud a d’fhágfadh go dteipfeadh ar an tionscadal. Thairis sin, maíonn an tSeicia dá bhféadfaí caipiteal a thiomsú ar chor ar bith ar mhargaí fiachais tráchtála, gur rídhócha go mbeadh costas fiachais i bhfad níos airde ag teastáil chun rochtain a fháil ar an maoiniú príobháideach sin i gcomparáid leis an mbeart atá beartaithe ag an Stát; leibhéil níos airde tacaíochta státchabhrach an toradh a bheadh air sin i ndeireadh na dála. Go sonrach, chun an leibhéal céanna toraidh ar chothromas a bhaint amach, bheadh gá le praghas ceangail níos airde sa chonradh ceannaigh.

(224)

Sa dara cás frithfhíorasach, chuir údaráis na Seicia in iúl go ngníomhaíonn an conradh ceannaigh mar phríomhthoisc mhaolaitheach ar scála an-mhór an cheanglais caipitil agus ar shaolré na neamhchosanta ar luaineacht margadhphraghsanna. Is é tuairim na Seicia, dá mbainfí an conradh ceannaigh, nach mbeadh aon spéis ag infheisteoirí a bheith ag brath ar thorthaí margadhbhunaithe ar feadh shaolré an Tionscadail agus go ndíspreagfaí infheisteoirí a thuilleadh dá mbeadh neamhchosaint iomlán ar an riosca go mbeadh costas breosla/caiteachas oibriúcháin níos airde ná praghsanna leictreachais, luaineacht sreabhaidh airgid agus costais bhreise fálaithe le linn oibríochta.

(225)

Ar deireadh, sa tríú cás frithfhíorasach, mhínigh údaráis na Seicia nach bhfuil smacht ag forbróirí tionscadal núicléach ar athruithe dlíthiúla, beartais agus rialála agus gur riosca mór iad na hathruithe sin do thionscadail nua núicléacha i bhfianaise a saolré agus na dtuairimí éagsúla atá ann maidir le ról na teicneolaíochta núicléiche. In éagmais an tsásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais, áitíonn údaráis na Seicia gur dócha go dtarraingeodh tionscnóir an Tionscadail siar ón Tionscadal agus go mbeadh moill ar amlínte coimisiúnaithe agus/nó teip ar chur i gcrích an tionscadail dá dheasca sin.

(226)

Le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil, rinne an tSeicia cinneadh an beart a leasú d’fhonn tuilleadh riosca margaidh a chur isteach sa Tionscadal trí fhoirmle luacha saothair nuashonraithe a léiríonn dálaí an mhargaidh agus a fhreagraíonn do chomharthaí margaidh a chur in ionad an luacha saothair ar phraghas seasta atá sa chonradh ceannaigh (119). Chun tuairisc mhionsonraithe a fháil ar an bhfoirmle luacha saothair, féach aithrisí (83)-(106) thuas.

4.2.   Seasamh na Seicia maidir le comhréireacht na cabhrach

4.2.1.   An tréimhse tacaíochta

(227)

Mar fhreagairt ar an amhras a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh maidir le tréimhse an chonartha ceannaigh, d’áitigh údaráis na Seicia, ar an gcéad dul síos, nach mór an conradh ceannaigh a bheith i gcomhréir leis an timpeallacht riosca infheistíochta atá ann faoi láthair. Go sonrach, mhínigh údaráis na Seicia go bhfuil athruithe móra tagtha ar an timpeallacht infheistíochta chun cumhacht núicléach a fhorbairt de dheasca rioscaí as cuimse a eascraíonn as ganntanais sa slabhra soláthair domhanda, brú boilscitheach, margaí luaineacha malairte eachtraí agus meath ar an timpeallacht gheopholaitiúil san Eoraip (amhail fogha na Rúise faoin Úcráin). Tá margaí fuinnimh soghabhálach i leith rioscaí geopholaitiúla den sórt sin a raibh luaineacht ard praghsanna fuinnimh mar thoradh orthu le déanaí. Bíonn tionchar ar leith ag na hathruithe sin ar infheisteoirí núicléacha mar gheall ar shaolré na dtionscadal agus mar gheall ar an gcaipiteal mór is gá ag tús shaolré na dtionscadal. I bhfianaise an mhéid thuas, maidir le haibíocht 60 bliain an chonartha ceannaigh atá beartaithe, áitíonn an tSeicia go gcomhfhreagraíonn sí don timpeallacht riosca atá ann faoi láthair agus gurb é a bheadh mar thoradh ar aon laghdú ar an bhfad aibíochta méadú ar neamhchosaint infheisteoirí ar riosca agus ráta toraidh níos airde ar chothromas dá réir sin. De réir údaráis na Seicia, d’fhágfadh sé sin go mbeadh praghas ceangail conartha ceannaigh níos airde ann, rud a bhainfeadh an bonn de chuspóir an Tionscadail leictreachas inacmhainne a sholáthar.

(228)

Ar an dara dul síos, mhínigh údaráis na Seicia dá fhad a mhairfidh an conradh ceannaigh is ea is ísle praghas ceangail an chonartha ceannaigh agus is ísle an riosca go mbeidh an leictreachas níos costasaí. Mhaígh an tSeicia go mbeadh an Tionscadal neamhchosanta ar rioscaí méadaithe dá mbeadh tréimhse an chonartha ceannaigh níos giorra ná 60 bliain. D’áireofaí ar na rioscaí sin an riosca go mbeadh ar thionscnóir an Tionscadail praghas ceangail conartha ceannaigh i bhfad níos airde a ghearradh chun cúlchistí caipitil oibre níos mó a thiomsú agus ranníocaíochtaí níos mó a dhéanamh leis an gcúlchiste um dhíchoimisiúnú (120) i gcaitheamh tréimhse níos giorra chun rioscaí i ndálaí díobhálacha margaidh a bhainistiú (amhail luaineacht margadhphraghsanna) tar éis don chonradh ceannaigh dul in éag. An tráth céanna, chuir údaráis na Seicia i dtábhacht a thábhachtaí atá sé do thomhaltóirí go mbeidh praghsanna leictreachais cobhsaí agus inacmhainne, rud a bhainfí amach le conradh ceannaigh cumhachta a mbeadh aibíocht fhada aige. Ar deireadh, mhaígh an tSeicia go mbeadh gá le haibíocht conartha ceannaigh ní b’fhaide ná tréimhse 30 bliain aisíocaíochta an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha chun a áirithiú nach gcuirfidh rioscaí méadaithe an Tionscadal i mbaol agus go mbeidh praghas ceangail an chonartha ceannaigh fós réasúnta agus cobhsaí san fhadtéarma.

(229)

Ar an tríú dul síos, trí thacaíocht oibríochtúil a scaipeadh ar feadh shaolré iomlán an ghléasra cumhachta núicléiche, d’áitigh údaráis na Seicia go gcuirtear cosc ar an riosca don tairbhí go mbeadh ioncam amhantair ann. Go sonrach, leis an sásra róchúitimh mar aon leis an sásra chun praghas ceangail an chonartha ceannaigh a choigeartú go tráthrialta chun luach saothair comhréireach a áirithiú, mhínigh an tSeicia go n-áirithítear go n-íoslaghdaítear riosca an bhrabúis amhantair. Luaigh údaráis na Seicia freisin go gcuirfeadh tréimhse 60 bliain an chonartha ceannaigh teorainn freisin le haon bhrabús amhantair a d’fhéadfadh a bheidh ann tar éis dhul in éag an chonartha ceannaigh i gcásanna aibíochta níos giorra.

(230)

Ar an gceathrú dul síos, tríd an tacaíocht a scaipeadh ar feadh shaolré an ghléasra cumhachta núicléiche, mhínigh an tSeicia go n-íoslaghdaítear an tionchar sonrach ar phraghsanna agus go laghdaítear an riosca go mbeidh aistrithe eacnamaíocha idirghlúine éagóracha ann. Go sonrach, chuir údaráis na Seicia in iúl gur uirlis thábhachtach é an conradh ceannaigh chun tomhaltóirí a chosaint ar fhorbairtí luaineacha sa mhargadh. Ina theannta sin, dá mbeadh tréimhse chonradh ceannaigh an Tionscadail ag teacht le saolré an ghléasra cumhachta núicléiche, b’fhearr an chobhsaíocht soláthair agus praghsanna a sholáthrófaí do thomhaltóirí fuinnimh, murab ionann agus conradh ceannaigh a mbeadh tréimhse níos giorra aige a d’fhágfadh tionscnóir an Tionscadail agus tomhaltóirí fuinnimh neamhchosanta ar éiginnteacht praghsanna agus soláthair. I gcásanna ina mbeadh tréimhse an chonartha ceannaigh níos giorra ná 60 bliain, ba mhó an riosca go mbeadh aistrithe eacnamaíocha idirghlúine éagóracha ann a d’fhéadfadh leanúint as neamhchinnteacht praghais nó soláthair. Thairis sin, luaigh an tSeicia go bhfuil tacaíocht oibríochtúil le linn shaolré gléasra cumhachta núicléiche coitianta i roinnt mhaith cásanna foinsí fuinnimh in-athnuaite. Laghdaíonn an cur chuige sin an riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí toisc go soláthraíonn sé leibhéal ráthaithe torthaí d’infheisteoirí.

(231)

Ar an gcúigiú dul síos, d’áitigh údaráis na Seicia thairis sin go neartódh aibíocht fhada an chonartha ceannaigh an mhuinín go leanfaidh an gléasra cumhachta núicléiche d’oibríochtaí ar feadh a shaolré agus go gcuirfeadh sé slándáil fuinnimh na Seicia chun cinn. Go sonrach, mhínigh údaráis na Seicia go mbeadh tréimhse fhada conartha ceannaigh ina chomhartha margaidh a léireodh tiomantas an Stáit do shlándáil fuinnimh ísealcharbóin san fhadtéarma. Agus an mhuinín sin ann, d’fhéadfadh costais a bheith níos ísle don Tionscadal.

(232)

Ar an séú dul síos, ar deireadh, maíonn an tSeicia go dtugtar caoi leis na bearta (lena n-áirítear tréimhse bheartaithe an chonartha ceannaigh) go leithdháilfear ar fhorbróir agus ar chonraitheoir an Tionscadail an t-uasmhéid inmharthana riosca is féidir leo a sheasamh. Faoin bpacáiste tacaíochta atá beartaithe, luaigh údaráis na Seicia go luíonn rioscaí tábhachtacha le tionscnóir an Tionscadail (amhail moilleanna, róchaiteachas, saincheisteanna maidir leis an slabhra soláthair, feidhmíocht agus éaradh an ghléasra chomh maith le hathruithe nach gcumhdaítear le foras dlisteanach). Dá bhrí sin, is é tuairim na Seicia go bhfuil na bearta atá beartaithe ina gcabhair chomhréireach a shocraítear ag an íosmhéid nach dtéann thar a bhfuil riachtanach.

(233)

Le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil, rinne an tSeicia cinneadh tréimhse an chonartha ceannaigh a ghiorrú ó 60 bliain go 40 bliain (féach aithrisí (83)-(85) thuas).

4.2.2.   Riosca róchúitimh

(234)

Mar fhreagairt ar an amhras a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh maidir leis an riosca róchúitimh, mhaígh údaráis na Seicia go bhfuil an sásra róchúitimh atá beartaithe leormhaith chun róchúiteamh a chosc. Tá trí phríomhuirlis sa sásra róchúitimh atá beartaithe lena dtugtar cosaint láidir: is iad sin, (i) an sásra comhroinnte gnóthachan a théann, dar leis an tSeicia, níos faide ná na forálacha coibhéiseacha i dtionscadail núicléacha a formheasadh roimhe seo agus atá níos déine ná iad, (ii) an próiseas tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a rannchuideoidh le praghas an chonartha ceannaigh a chalabrú (121), agus (iii) an chosaint ar mhargaí fuinnimh de bharr struchtúr an chonartha ceannaigh a chuireann cosc ar EDU II róchúiteamh a fháil as athruithe substaintiúla ar an bpraghas fuinnimh fadtéarmach.

(235)

Maidir leis an gcéad bheart, luaigh údaráis na Seicia go dtomhaistear leis an sásra atá beartaithe feidhmíocht an Tionscadail le linn a shaolré agus go n-áirithítear leis go mbeidh gach rófheidhmíocht faoi chumhdach a raoin feidhme. Go sonrach, is faoi réir fachtóir comhroinnte 50 % atá gach toradh a bhaintear amach os cionn thoradh cáis tosaigh EDU II a caibidlíodh. Chuir údaráis na Seicia i dtábhacht thairis sin go spreagann an sásra comhroinnte gnóthachan atá beartaithe EDU II chun torthaí níos mó a dhéanamh agus go dtugann sé an deis don Stát admhálacha comhroinnte gnóthachan a fháil i gcás rófheidhmíocht an Tionscadail.

(236)

Thairis sin, mhaígh údaráis na Seicia go bhfuil an sásra comhroinnte gnóthachan atá beartaithe bunaithe ar shásra Hinkley Point C a d’fhormheas an Coimisiún. Áitíonn siad, áfach, gur mó an chomhroinnt idir an Stát agus an t-oibreoir a sholáthraítear le sásra comhroinnte gnóthachan an Tionscadail agus ag ráta toraidh níos ísle ar chothromas le hais mar atá Hinkley Point C. Go sonrach, tá tairseach chomhroinnte i bhfad níos ísle ag sásra comhroinnte gnóthachan an Tionscadail ná mar atá ag Hinkley Point C (122). Ina theannta sin, ní ghníomhachtaítear sásra comhroinnte gnóthachan Hinkley Point C ach amháin más mó ná 11,4 % an ráta toraidh inmheánach ar chothromas (WACC) don tionscadal (Bonnchás WACC 9,02 %), agus dhéanfaí sásra comhroinnte gnóthachan an Tionscadail a ghníomhachtú dá mbeadh toradh eacnamaíoch i bhfad níos ísle ann don Tionscadal (Bonnchás WACC 3,7 %). Ina theannta sin, tá fachtóir comhroinnte tosaigh níos airde ag sásra an Tionscadail ná mar atá ag sásra Hinkley Point C (50 % in áit 30 %).

Fíor 2

Sásraí comhroinnte gnóthachan EDU II vs Hinkley Point C [...]

Foinse:

Údaráis na Seicia

(237)

Maidir leis an dara beart, áitíonn údaráis na Seicia go leabaíonn an tairiscint innealtóireachta, soláthair agus tógála sásra iomaíoch margadhbhunaithe sa phróiseas chun toimhdí a shocrú. Áirithítear leis an sásra sin go n-íoslaghdaítear aon bhuntáiste a d’fhéadfadh a bheith sna toimhdí fadtéarmacha de thoradh an phróisis tairisceana. Ar an gcaoi chéanna, dar leis an tSeicia, d’áiritheofaí leis an bpróiseas tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála go mbeadh teorainn le haon róchúiteamh as teagmhas míchuí a d’fhéadfadh a bheith sna toimhdí bunúsacha. Áitíonn an tSeicia thairis sin go n-imíonn an próiseas tairisceana sa Tionscadal ón nós imeachta roghnúcháin in Hinkley Point C mar a raibh níos mó uirlisí ag tionscnóir an tionscadail chun róchúiteamh a spreagadh (123).

(238)

Maidir leis an tríú beart, mhínigh údaráis na Seicia go mbriseann struchtúr an chonartha ceannaigh atá beartaithe an nasc idir tionscnóir an Tionscadail agus neamhchosaint ar mhargadhphraghsanna agus, dá réir sin, go gcuireann sé deireadh leis an bhféidearthacht go bhfaigheadh an tionscnóir róchúiteamh de thoradh athruithe ar an margadh (bídís struchtúrach nó bainteach le praghsanna). D’fhéadfadh riosca den sórt sin a bheith ann go teoiriciúil tar éis dheireadh thréimhse an chonartha ceannaigh agus, de réir na Seicia, is cúis bhreise é sin i bhfabhar conradh ceannaigh cumhachta níos faide a mhairfidh 60 bliain, rud atá ag teacht le saolré an ghléasra cumhachta núicléiche. Bunaithe ar struchtúr an chonartha ceannaigh atá beartaithe, ní fhéadfadh EDU II róchúiteamh a thuilleamh ach amháin i gcásanna rófheidhmíochta i dtéarmaí acmhainneachta táirgeachta.

(239)

Thairis sin, maidir le tionscnóir an Tionscadail a bheith in ann buntáiste teoranta os cionn an spriocráta toraidh ar chothromas a thuilleamh, mhínigh údaráis na Seicia go bhfuil éifeachtaí dreasachta inmhianaithe aige sin agus go ndreasóidh sé EDU II gabháil d’iompraíocht eacnamaíoch ar an margadh. Rinne an tSeicia an tacaíocht don Tionscadal a cheapadh agus a chaibidliú agus é de chuspóir aici an riosca is mó is féidir a sheasamh a aistriú chuig EDU II, ar thaobh amháin, agus dreasachtaí a choinneáil ar bun chun iompraíocht cheart eacnamaíoch EDU II agus ČEZ a dhreasú, ar an taobh eile. Na dreasachtaí a áirítear sa struchtúr atá beartaithe, cuireann siad ar a chumas do EDU II rioscaí a bhainistiú go héifeachtach, nuálaíocht a dhéanamh, éifeachtúlachtaí a dhaingniú agus an Tionscadal a chur i gcrích laistigh de na téarmaí socraithe. Ar deireadh, maidir le sásraí róchúitimh breise chun teorainn a chur leis an mbuntáiste a d’fhéadfadh a bheith ann, áitíonn an tSeicia go méadóidís glansuíomh riosca EDU II agus go bhféadfadh sé, dá réir sin, nach mbeidís ailínithe leis an suíomh cabhrach íosta atá ann faoi láthair. Go sonrach, luaigh údaráis na Seicia go dtugann an sásra comhroinnte gnóthachan atá beartaithe cosaint ar róchúiteamh tríd an bhféidearthacht go mbeadh buntáiste ann a laghdú agus go léirítear é sin sa ráta toraidh ar chothromas atá ann faoi láthair agus i bpraghas ceangail an chonartha ceannaigh a comhaontaíodh idir an tSeicia agus tionscnóir an Tionscadail. Aon bheart breise chun an buntáiste a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú a thuilleadh, d’fhéadfadh neamhchosaint thionscnóir an Tionscadail ar riosca a bheith níos mó dá dheasca agus d’fhéadfadh an ráta toraidh ar chothromas agus praghas ceangail an chonartha ceannaigh a bheith níos airde.

(240)

Le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil, rinne an tSeicia athbhreithniú ar fhoirmle luacha saothair ČEZ sa chonradh ceannaigh (féach aithrisí 83-106 thuas) chun léiriú a thabhairt ar rioscaí margaidh agus thug sí an sásra comhroinnte gnóthachan cothrom le dáta (féach aithrisí 161-169 thuas) chun róchúiteamh a chosc.

4.2.3.   An ráta toraidh ar chothromas arna ríomh ag an íosmhéid is gá

(241)

Mhínigh údaráis na Seicia go ndearnadh measúnú ar an raon a bhí beartaithe don ráta toraidh ar chothromas i bhfianaise na rioscaí a bhíonn ag EDU II i gcomparáid le mórthionscadail bhonneagair fuinnimh eile. Go sonrach, rinneadh measúnú ar rioscaí tionscadail faoi shé chatagóir: is iad sin, rioscaí forbartha, tógála, oibriúcháin, ioncaim, maoinithe agus rialála. Tá na comparadóirí roinnte ina dtrí roinn: is iad sin, (i) tionscadail giniúna cumhachta núicléiche (EDU II, HPC agus Paks II), (ii) mórthionscadail bhonneagair tráchtála (tionscadail giniúna cumhachta ó fhoinsí traidisiúnta fuinnimh agus tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta), agus (iii) rialuithe rialála praghsanna na Seicia. Leis an measúnú riosca cáilíochtúil a rinne an tSeicia, suitear go meastar gur tionscadail ‘ardriosca’ iad na tionscadail giniúna cumhachta núicléiche agus go ngabhann riosca ‘meánach’ agus ‘íseal’ leis na catagóirí eile. Déantar achoimre sa tábla thíos ar an anailís tagarmharcála riosca a rinneadh ar fud na dtosca riosca agus na dtionscadal comparáide uile a bhreithnítear faoi shé chatagóir riosca.

Tábla 4

Measúnú riosca achomair ar fud na dtosca riosca agus na dtionscadal comparáide uile

Image 4

Image 5

Foinse:

Údaráis na Seicia

(242)

De réir na Seicia, is cosúil go gcomhfhreagraíonn torthaí tipiciúla na dtionscadal comparáide sin do na rioscaí foluiteacha. I gcás tionscadail giniúna cumhachta núicléiche, tá na torthaí idir 9-12,5 % (11-11,5 % (giaráilte) agus 9,02 % (neamhghiaráilte) i gcás Hinkley Point C agus 10,9-12,5 % i gcás Paks II). Tá na torthaí giaráilte idir 10-11 % i gcás tionscadail giniúna cumhachta ó fhoinsí traidisiúnta fuinnimh agus idir 7-9 % i gcás tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Ar deireadh, i gcás dáileadh rialáilte leictreachais agus gáis sa tSeicia, tá an raon torthaí idir 7,76-7,94 %.

(243)

Thairis sin, mhínigh údaráis na Seicia gur úsáideadh anailís mhionsonraithe bunaithe ar athróga margaidh chun raon an ráta toraidh ar chothromas is gá a ríomh le haghaidh EDU II. Léiríodh leis an anailís sin go raibh raon an ráta toraidh ar chothromas idir [...]-[...] %, rud atá ailínithe leis an measúnú riosca comparáideach cáilíochtúil agus na torthaí i gcás na dtionscadal tagarmharcáilte. Go sonrach, úsáideadh athróga margaidh ó mhargaí airgeadais na Seicia agus na hEorpa chun meastachán a dhéanamh ar pharaiméadair CAPM lena n-áirítear an ráta saor ó riosca, an biseach riosca cothromais agus luachanna béite. Ina theannta sin, murab ionann agus i gcás foinsí traidisiúnta fuinnimh nó líonraí rialáilte, ní mór biseach núicléach a chur san áireamh i bhfianaise an riosca mhéadaithe atá ann do thionscadail núicléacha. Is é is cúis leis sin go bhfuil riosca ábhartha tógála agus oibriúcháin ag baint le tionscadail núicléacha, rud a léirítear, dar leis an tSeicia, leis an gcuntas teiste agus na deacrachtaí praiticiúla a bhaineann le tionscadail núicléacha a chur chun feidhme in am agus laistigh den bhuiséad. Áitíonn an tSeicia, i bhfianaise na gcosaintí a thugann an Tionscadal, gurb iomchuí biseach 3-3,5 % agus gurb é a áiríodh i ríomh CAPM ó bhun aníos.

(244)

Ina theannta sin, luaigh údaráis na Seicia go ndearnadh na sásraí tacaíochta atá beartaithe a cheapadh sa chaoi go n-aistreofaí an riosca uasta chuig EDU II agus go bhfuil siad leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na príomhtheipeanna margaidh.

(245)

Le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil, mhol an tSeicia ráta toraidh ar chothromas arna nuashonrú mar a thuairiscítear i Roinn 3 (féach aithrisí 84-99 thuas).

4.3.   Seasamh na Seicia maidir le roghnú ČEZ

(246)

Ina bhfreagra ar an gCinneadh Tosaigh, mhínigh údaráis na Seicia gur breithníodh réitigh mhalartacha ar ról thionscnóir an Tionscadail agus gur roghnaíodh ČEZ mar an rogha ab fhearr (aithrisí (147)-(148)). Sular roghnaíodh ČEZ mar thionscnóir an Tionscadail, rinneadh anailísí mionsonraithe ar thrí rogha a bhíothas á mbreithniú (b’iad sin, (i) an cuibhreannas infheisteoirí príobháideacha, (ii) formhór an tionscadail a bheith faoi úinéireacht agus á oibriú ag Stát na Seicia, agus (iii) rogha inarbh é ČEZ tionscnóir an Tionscadail), (féach aithris 51 thuas). Roghnaigh an tSeicia an tríú rogha.

(247)

Mhínigh údaráis na Seicia thairis sin gurb é ČEZ an rogha is oiriúnaí mar thionscnóir Tionscadail i bhfianaise a chumais agus a dhreasachtaí chun an Tionscadal a chur i gcrích, chomh maith le breithnithe slándála soláthair fuinnimh, leasanna slándála náisiúnta agus neodracht theicneolaíoch. Go sonrach:

Mar thionscnóir an Tionscadail, tá cumas ar leith ag ČEZ an Tionscadal seo a chur i gcrích i ngeall ar a thaithí fhairsing ar an margadh mar fhorbróir agus oibreoir inchreidte gléasraí cumhachta núicléiche san Eoraip agus mar ghineadóir atá ann cheana sa tSeicia. Ina theannta sin, tá Grúpa ČEZ ar cheann de na deich gcuideachta fuinnimh is mó san Eoraip, ó thaobh toilleadh suiteáilte agus líon custaiméirí de araon. Ina theannta sin, soláthróidh ČEZ infheistíocht chothromais suas le EUR 1,95 billiún in EDU II agus cruthóidh sé sin dreasacht láidir do ČEZ EDU II a chur i gcrích go rathúil.

I bhfianaise spriocanna na Seicia maidir le neodracht carbóin faoi 2050, bhí ról tábhachtach ag breithnithe slándála soláthair fuinnimh agus an tsamhail infheisteora á roghnú don Tionscadal. Tá ČEZ tiomanta go hiomlán don Tionscadal a chur i gcrích laistigh de thréimhse ama a chosnóidh slándáil soláthair fuinnimh na Seicia agus tá gach beart is gá chuige sin déanta aige go dtí seo (e.g. fuair sé an suíomh, na formheasanna agus na ceadanna pleanála is gá).

Áirithíonn ČEZ, mar chuideachta liostaithe atá faoi úinéireacht tromlaigh Stát na Seicia agus a bhfuil lorg tábhachtach aici i margadh fuinnimh na Seicia, go gcosnaítear leasanna slándála náisiúnta na Seicia – go háirithe i dtimpeallacht ina bhfuil geilleagar na Seicia neamhchosanta den chuid is mó ar bhagairtí seachtracha ar sholáthar acmhainní fuinnimh.

Ar deireadh, cé gur roghnaíodh ČEZ mar thionscnóir an Tionscadail, soláthrófar an soláthraí teicneolaíochta núicléiche trí phróiseas tairisceana iomaíoch. Beidh an soláthróir innealtóireachta, soláthair agus tógála freagrach as an Tionscadal a thógáil agus a choimisiúnú agus, dá bhrí sin, beidh freagracht mhór air as a áirithiú go gcuirfear an tionscadal i gcrích go rathúil.

(248)

Thairis sin, mhínigh údaráis na Seicia go gcruthaítear éifeachtúlachtaí móra, go seachnaítear costais bhreise agus nach gá suíomh ar leithligh a fhorbairt de bharr ČEZ a roghnú. Dá bhrí sin, cruthaíonn an rogha sin buntáiste mór uainiúcháin ó thaobh chur i gcrích an Tionscadail de nach bhféadfadh struchtúir mhalartacha a mhacasamhlú.

(249)

Mhínigh údaráis na Seicia thairis sin na hoibreacha ullmhúcháin uile a rinne ČEZ go dtí seo. Is é Grúpa ČEZ úinéir an tsuímh atá beartaithe don ghléasra cumhachta núicléiche (EDU II). Ba i mí Aibreáin 2008 a cuireadh tús le próiseas éadála na talún is gá le haghaidh an láithreáin tógála agus in 2021 a tugadh i gcrích é (aithris 77). Ina theannta sin, rinne ČEZ staidéir indéantachta arbh é ab aidhm dóibh am agus costas forbartha an Tionscadail a laghdú don tSeicia.

(250)

Ina theannta sin, faoi thús 2021 fuair ČEZ na príomhcheadúnais agus na príomhcheadanna uile is gá chun an Tionscadal a chur chun cinn i gcomhréir leis an bplean Tionscadail (amhail an ceadúnas le haghaidh roghnú láithreán an ghléasra núicléach agus an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol (MTC) (aithrisí 78-79). De ghnáth, tógann sé 6-7 mbliana ceadúnas a fháil le haghaidh roghnú láithreán an ghléasra núicléach agus 3-5 bliana MTC a fháil.

(251)

Thairis sin, mhínigh údaráis na Seicia go bhfuil eolas agus tuiscint dhomhain ag ČEZ, mar úinéir agus oibreoir gléasra cumhachta núicléiche, ar na ceanglais rialála maidir le gléasra nua cumhachta núicléiche, lena n-áirítear na ceanglais cheadúnúcháin, agus ar reachtaíocht na Seicia (aithris 149). Ina theannta sin, tá ČEZ agus EDU II ina gcomhaltaí de roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Comhlachas Domhanda na nOibreoirí Núicléacha (‘WANO’) (124), Ceanglais Chomhchuibhithe Eorpacha maidir le Gléasraí Nua Cumhachta Núicléiche (‘EUR’) (125), an Institiúid Taighde um Chumhacht Leictreach (‘EPRI’) (126), an Comhlachas Domhanda Núicléach (‘WNA’) (127) agus an Chomhghuaillíocht um Ghiniúint Cumhachta Núicléiche II & III (‘NUGENIA’) (128), agus dá réir sin tá rochtain acu ar chaighdeáin agus ar phróisis a aithníonn agus a mholann rialtóirí ar fud an domhain chun feabhsú leanúnach a chur chun cinn.

(252)

Chuir údaráis na Seicia i dtábhacht a thuilleadh ról tábhachtach an Tionscadail i slándáil sholáthar leictreachais na Seicia amach anseo, go háirithe i bhfianaise dhíchoimisiúnú gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe. Go sonrach, dá mbeadh tréimhse forbartha níos giorra ag an Tionscadal, mhínigh údaráis na Seicia go rannchuideodh sé sin le haghaidh a thabhairt ar an mbearna acmhainneachta réamh-mheasta (129). Dá bhforbrófaí tionscadal difriúil ar shuíomh eile a mbeadh tréimhse ama i bhfad níos faide aige, ní thabharfaí aghaidh ar riachtanais láithreacha an chórais ó thaobh shlándáil an tsoláthair fuinnimh de.

(253)

Thairis sin, mhínigh an tSeicia, dá bhfaigheadh aon rogha mhalartach de thionscnóir tionscadail suíomh a bheadh oiriúnach do ghléasra cumhachta núicléiche i gcríoch na Seicia, cuir i gcás, go mbeadh moilleanna móra ar chur i gcrích an Tionscadail i gcomparáid le ČEZ. Go sonrach, sa chás malartach sin measann údaráis na Seicia go mbeidh moilleanna suas le 14 bliana ann (i leith an Tionscadail) gan dearbhú nach mbeadh aon fhadhb ag baint le tréithriú an tsuímh nó leis na céimeanna pleanála ar éirigh leo i gcás EDU II, rud a mhéadódh na rioscaí agus na costais a bhainfeadh le forbairt an tionscadail. In aon chás, maidir le hoibreoir a bheadh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus a mbeadh taithí aige ar ghléasraí cumhachta núicléiche a fhorbairt lasmuigh dá thír féin, maíonn údaráis na Seicia nach bhfuil aon fhianaise ar a leithéid san Eoraip.

(254)

I gcás ina mbeadh tionscnóir tionscadail seachas ČEZ ag forbairt an Tionscadail, measann an tSeicia go dtabhófaí costais bhreise de thart ar EUR [200 go 700] milliún ar a laghad agus gur ghá iad a mhaoiniú. Is é atá sna costais sin go príomha luach shuíomh an ghléasra cumhachta núicléiche, na staidéir indéantachta, na gníomhaíochtaí ceadúnaithe agus forbartha a rinne ČEZ go dtí seo, chomh maith le sineirgí leis an ngléasra cumhachta núicléiche atá ag Dukovany cheana.

(255)

Ar deireadh, luaigh údaráis na Seicia go raibh roghnú ČEZ mar thionscnóir an Tionscadail i gcomhréir le cásanna núicléacha roimhe seo a ndearna an Coimisiún measúnú orthu agus gan aon phróiseas iomaíochta oscailte ann chun tionscnóirí tionscadail a roghnú i ngeall ar shainiúlachtaí na dtionscadal sin (130).

(256)

In aighneacht thairis sin dar dáta an 16 Márta 2023, léirigh an tSeicia cuntas teiste ČEZ maidir le gléasraí cumhachta núicléiche a chur i gcrích agus a oibriú. Roimhe seo, d’fhorbair agus thóg ČEZ dhá aonad ag a bhfuil toilleadh suiteáilte 1 125 MW in Temelín (an tSeicia) a coimisiúnaíodh in 2000 agus 2002, mar aon leis an gcéad ghléasra cumhachta núicléiche in Dukovany ag a bhfuil toilleadh suiteáilte 2 040 MW faoi láthair. Coimisiúnaíodh na haonaid sin idir 1985 agus 1987 agus cuireann an tSeicia i dtábhacht go measann WANO go bhfuil na haonaid sin i measc an 20 % de na gléasraí cumhachta is fearr a riartar.

(257)

Thairis sin, le cois breithnithe slándála soláthair fuinnimh agus slándála náisiúnta, cuireann an tSeicia an pheirspictíocht slándála airgeadais i dtábhacht toisc go dtairbhíonn ČEZ de rátáil láidir creidmheasa rialtais (131).

(258)

Ar deireadh, shonraigh an tSeicia go mbeadh míbhuntáistí móra ag baint le tairiscint a dhéanamh chun tionscnóir Tionscadail, a bhféadfadh sé nach ČEZ a bheadh ann, a roghnú. Go bunúsach, áitíonn an tSeicia sa chás seo, d’fhonn an t-oibreoir is éifeachtúla a roghnú, nach mbeadh aon toradh ar iomaíocht ar an leibhéal sin den Tionscadal. Agus tagairt á déanamh do na cúiseanna a thuairiscítear thuas, is é tuairim na Seicia, ós rud é nach mbeadh aon bhuntáiste iomaíoch ag baint lena iarraidh go léireodh páirtithe eile spéis nó le tairiscint a eagrú, nach bhféadfaí míbhuntáistí an phróisis sin a shárú, go háirithe na moilleanna agus na costais bhreise a thabhófaí agus na hábhair imní slándála a bhainfeadh le haon iarrthóir ionchasach eile. Deir an tSeicia freisin nach ndearna aon tríú páirtí gearán ná agóid ag aon chéim de phleanáil an Tionscadail maidir le ČEZ a cheapadh mar thionscnóir an Tionscadail lena n-áirítear freagraí tríú páirtí ar an gCinneadh Tosaigh.

4.4.   Seasamh na Seicia maidir le tionchar an Tionscadail ar thrádáil agus ar iomaíocht

4.4.1.   An fhéidearthacht go ndéanfadh ČEZ cúbláil praghsanna nó go gcoinneodh sé acmhainneacht siar

(259)

Mar fhreagairt ar an amhras a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh maidir leis an bhféidearthacht go gcoinneodh ČEZ acmhainneacht siar, mhínigh údaráis na Seicia nach mbeidh na dreasachtaí eacnamaíocha ná an cumas ag Grúpa ČEZ praghsanna mórdhíola a bhoilsciú trí aschur EDU II a chiorrú.

(260)

Ar an gcéad dul síos, maíonn údaráis na Seicia go bhfágann struchtúr rialachais an Tionscadail go bhfuil EDU II neamhspleách ar Ghrúpa ČEZ; cuirtear teorainn éifeachtach dá réir le cumas na n-údarás sin cur isteach go míchuí ar oibríochtaí an ghléasra cumhachta núicléiche ó lá go lá.

(261)

Ar an dara dul síos, de réir thuarascáil Oxera (132), ‘tá éifeacht bheag ach shuntasach ag coimisiúnú EDU II ar an bpraghas leictreachais sa tSeicia’. Léirítear leis na réamh-mheastacháin sa tuarascáil seo go n-ísleodh coimisiúnú EDU II praghsanna leictreachais sa tSeicia thart ar EUR 2/MWh idir 2040 agus 2050 (aithris 170). Dá réir sin, measann údaráis na Seicia, dá rachadh EDU II go hiomlán as líne ar feadh bliana, go gcaillfeadh EDU II thart ar EUR 450 milliún san iomlán (133), agus nach bhfabhródh ČEZ ach thart ar EUR 17 milliún d’ioncam breise ón gcuid neamhfhálaithe den táirgeadh a dhíol an bhliain dár gcionn (134), agus go mbeadh caillteanas mór airgeadais ann do Ghrúpa ČEZ dá dheasca.

Fíor 3

Difríocht i bpraghsanna mórdhíola leictreachais sa tSeicia idir cásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha (2030-50)

Image 6

(262)

Ar an tríú dul síos, mhínigh údaráis na Seicia, cé go bhféadfadh sé go teoiriciúil go ndéanfaí laghdú beag éigin ar an aschur táirgthe i gcás EDU II (135), nach dócha go mbeadh aon ghluaiseacht fhiúntach i bpraghsanna leictreachais de thoradh an athraithe sin i bhfianaise a idirnasctha atá margaí fuinnimh san Eoraip. Go sonrach, an tSeicia agus na comharsana is gaire di a bhfuil margaí leictreachais idirnasctha acu, is iad sin an Ostair, an Ghearmáin, an Pholainn agus an tSlóvaic. Líomhnaíonn an tSeicia nach mbeadh aon tionchar ag an Tionscadal, nó nach mbeadh ach tionchar an-teoranta aige, ar shocrú praghsanna sa tSeicia idir 2030 agus 2050. Go deimhin, measann sí go ndéantar margadhphraghas an leictreachais don réigiún idirnasctha a shocrú bunaithe ar na praghsanna leictreachais ar fhuinneamh arna ghiniúint lasmuigh den tSeicia (suas le 98 % d’uaireanta an chloig ó ghineadóirí eachtracha). Ba le gás nádúrtha agus lignít, agus líon méadaitheach foinsí fuinnimh in-athnuaite, a chumhdófaí an fuinneamh a ghinfí laistigh den tSeicia. Ní dhéanfaí praghsanna a shocrú de réir na dteicneolaíochtaí sin atá bunaithe laistigh den tSeicia ach ar feadh líon beag uaireanta an chloig.

(263)

Áitíonn údaráis na Seicia thairis sin go ndéanfaí difear diúltach do ČEZ dá dtabharfadh an meán sainchuspóireach treoir do EDU II an táirgeadh a chiorrú – fiú ar chúiseanna bailí, amhail cothromú córais – toisc go mbeadh sreabhadh airgid níos ísle ag ČEZ de dheasca an chiorraithe sin. In aon chás, maíonn an tSeicia go bhfuil imeallchostais ísle oibriúcháin ag gléasraí cumhachta núicléacha nuair a chuirtear i mbun oibriúcháin iad agus nach bhfuil siad feistithe go maith chun méideanna a n-aschuir a mhodhnú go mór.

(264)

Ar an gceathrú dul síos, mhínigh údaráis na Seicia gurb é an cur chuige a bheadh réasúnach ó thaobh an gheilleagair de, do EDU II agus do Ghrúpa ČEZ araon, an t-aschur is mó is féidir a tháirgeadh i gcónaí ón ngléasra cumhachta núicléiche toisc nach dtuillfidh EDU II ioncam ach as an leictreachas a sholáthraítear (136). Thagair údaráis na Seicia do thuarascáil Oxera ina ndeirtear go ‘[bh]fágfaidh aon laghdú ar aschur EDU II go gcaillfear sreabhadh airgid agus go bhféadfadh deacrachtaí airgeadais a bheith ag EDU II i bhfianaise a laghad lamhála brabúsachta faoina n-oibreoidh an tionscadal ag an bpraghas 50 EUR/MWh atá beartaithe a bheith sa chonradh ceannaigh cumhachta faoi láthair’ (137). Mhínigh siad freisin go bhfuil corrlach oibriúcháin EDU II ag [40 go 50] % ar an meán, rud a laghdaíonn go 6 % nuair a áirítear ann costas agus aisíocaíocht an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha. Dá laghdófaí an lódfhachtóir ón [75 go 100] % a bhfuil coinne leis go méid faoi bhun [70 go 90] %, chuirfí deireadh leis an airgead atá ar fáil chun an fiachas a sheirbhísiú agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh EDU II in ann an cúnamh airgeadais in-aisíoctha a sheirbhísiú dá dheasca sin. D’fhágfadh laghdú faoi bhun [40 go 60] % nach mbeadh an sreabhadh airgid leordhóthanach chun costais oibriúcháin a chumhdach.

(265)

Maidir leis an amhras an chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh faoi chúbláil praghsanna a d’fhéadfadh ČEZ a dhéanamh, mhínigh údaráis na Seicia nach dtiocfaidh ach méadú beag ar sciar ČEZ de mhargadh na Seicia agus de mhargaí comharsanacha mar thoradh ar acmhainneacht giniúna inseolta suiteáilte EDU II agus go mbeidh tionchar teoranta aige ar chumhacht ČEZ sa mhargadh. Mhínigh údaráis na Seicia thairis sin, maidir leis an méadú ar an sciar den mhargadh trí infheistíocht an Tionscadail i gcumhacht núicléach, go bhfritháireofar é leis an laghdú a thiocfaidh ar an sciar den mhargadh de dhroim infheistíocht níos ísle i ngléasraí cumhachta gualbhreoslaithe agus dhíchoimisiúnú beartaithe an ghléasra cumhachta núicléiche atá ann cheana. In aon chás, áitíonn an tSeicia go bhfuil an meán sainchuspóireach ceaptha go sonrach chun aon saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc.

(266)

Conspóideann an tSeicia freisin nach mbeadh sa mhargadh ábhartha ach an tSeicia. Mar gheall ar chur chun feidhme leanúnach sásraí cúplála margaidh agus mar gheall ar an sprioc go ndéanfar an Eoraip a dhícharbónú agus comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite mar chuidiú léi sin, áitíonn an tSeicia go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh méadú ar an idirnascacht idir na córais leictreachais sna Ballstáit (138). Ba cheart a mheas freisin an bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh amach anseo ar chriosanna tairisceana agus an bhféadfaí criosanna tairisceana trasteorann a chumasc. Dá bhrí sin, tagann an tSeicia ar an gconclúid go bhfuil an margadh ábhartha níos leithne ná an tSeicia, rud a imríonn tionchar ar sciartha ČEZ den mhargadh mar a leanas:

(267)

Go sonrach, áitíonn údaráis na Seicia nach ndéanfaidh an acmhainneacht arna giniúint ag EDU II difear mór do chumhacht Ghrúpa ČEZ i margadh na Seicia (139). Go sonrach, measann siad nach mbeidh in acmhainneacht giniúna inseolta EDU II ach 4 % de mhargadh na Seicia agus thart ar 0,8 % den mhargadh geografach ábhartha don Tionscadal in 2040 (140). De réir na Seicia, déantar sciar réamh-mheasta Ghrúpa ČEZ den mhargadh a laghdú go mór idir 2030 agus 2050 agus dá dtiocfadh EDU II chun bheith oibríochtúil ní thiocfadh ach méadú 4,08 % / 0,76 % (in 2040) ar sciar an Ghrúpa den mhargadh agus méadú 6,97 % / 0,76 % (in 2050) sa tSeicia agus sa mhargadh geografach ábhartha, faoi seach. Méadú den sórt sin ar sciar an Ghrúpa den mhargadh bunaithe ar acmhainneacht EDU II, ní mheastar go mbeidh tionchar ábhartha aige ar chumhacht an Ghrúpa i margadh na Seicia ná sna margaí comharsanacha.

Tábla 5

An sciar den mhargadh ag ČEZ i dtéarmaí acmhainneachta giniúna inseolta suiteáilte (2020-50), cás fíorasach

Image 7

Tábla 6

Meastachán ar an sciar den mhargadh a bheidh ag ČEZ amach anseo, de réir na Seicia, i dtéarmaí giniúna

Image 8

(268)

Thairis sin, d’áitigh údaráis na Seicia go bhfuil sé de phríomhchuspóir straitéiseach ag Grúpa ČEZ bainistíocht éifeachtúil a dhéanamh ar ghléasraí núicléacha agus ar ghléasraí mianadóireachta ligníte agus guail. Mar sin féin, tá sé beartaithe go gcuirfear deireadh de réir a chéile leis na gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe (ina raibh 45 % den toilleadh suiteáilte in GW agus 39 % den leictreachas táirgthe iomlán in TWh in 2019) i gcomhréir le ceanglais dícharbónaithe an Aontais. Tá ČEZ tiomanta do neodracht carbóin faoi 2050 agus tá sé beartaithe aige an toilleadh gualbhreoslaithe a laghdú beagnach faoina leath go 3 GW faoi 2025 agus go 2 GW faoi 2030. Sa tSeicia, tá thart ar leath den táirgeadh leictreachais faoi láthair ina leictreachas gualbhreoslaithe, agus cuirfear fuinneamh núicléach agus, ar bhonn níos lú, foinsí fuinnimh in-athnuaite ina ionad go páirteach (141).

Tábla 7

An sciar de bhreoslaí aonair in olltáirgeacht leictreachais na Seicia

Image 9

(269)

Mar thoradh ar spriocanna laghdaithe astaíochtaí, scoirfidh méid mór giniúna gualbhreoslaithe sa tSeicia agus beidh infheistíochtaí nua in acmhainneacht táirgeachta cumhachta núicléiche, cumhachta ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus gáis nádúrtha chun an bhearna a líonadh (142). Tá coinne leis go gcuirfear deireadh de réir a chéile le giniúint cumhachta antraicíte agus ligníte in 2037, ar laghdú acmhainneachta de thart ar 6,5 GW é (143).

(270)

Mhínigh údaráis na Seicia go bhfuil ról nach beag ag EDU II maidir le spriocanna rialtas na Seicia i dtaobh laghduithe astaíochtaí a bhaint amach agus maidir lena bheith ag rannchuidiú an tráth céanna leis an tslándáil fuinnimh is gá sa tSeicia. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh na haonaid núicléacha nua in ionad cuid den acmhainneacht giniúna cumhachta ligníte agus antraicíte atá ann faoi láthair chomh maith leis na haonaid núicléacha atá le scor ag suíomh Dukovany sa tréimhse idir 2045 agus 2047 (144). Áitíonn an tSeicia freisin nach ndéanfaí an infheistíocht i dtáirgeadh fuinnimh gaoithe ar talamh a dhíláithriú de dheasca an Tionscadail. Dhéanfaí an toilleadh céanna táirgthe fuinnimh gaoithe a shuiteáil idir 2030 agus 2050 bíodh an Tionscadal ann nó ná bíodh, cé go dtarlódh an tsuiteáil beagán níos déanaí dá gcuirfí an Tionscadal i gcrích.

Fíor 4

Glanacmhainneacht giniúna sa chás tagartha i gcás gach bliana agus gach teicneolaíochta

Image 10

Foinse:

Údaráis na Seicia

(271)

Ar an séú dul síos, áitíonn an tSeicia, mar gheall ar an oibleagáid atá ar ČEZ faoin gconradh ceannaigh aschur iomlán EDU II a dhíol leis an meán sainchuspóireach agus mar gheall ar ghealltanais na Seicia i ndáil le trádáil leictreachais arna tháirgeadh ag an ngléasra cumhachta núicléiche le linn a shaolré (féach roinn 3.6.4), nach mbeadh coinne leis go dtiocfadh méadú ar an leictreachas a bheadh ar fáil lena dhíol le custaiméirí ČEZ mar thoradh ar aon mhéadú ar an acmhainneacht ghiniúna a thabharfadh an infheistíocht sin le tuiscint.

(272)

Ar deireadh, líomhnaíonn an tSeicia go dtiocfadh laghdú mór amach anseo ar ríthábhacht ČEZ (145) de réir an innéacs soláthair iarmharaigh (‘RSI’), ar innéacs é a úsáidtear go minic chun meastóireacht a dhéanamh ar chumas gineadóra gníomhú go neamhspleách ar a iomaitheoirí:

Fíor 5

Ríthábhacht ČEZ agus úsáid á baint as RSI de réir na Seicia

Image 11

4.4.2.   Ról an mheáin shainchuspóirigh ar an margadh

(273)

Maidir le ról an mheáin shainchuspóirigh ar an margadh, mhaígh údaráis na Seicia gur fágadh an socrú tráchtála i ndáil leis an meán sainchuspóireach ar oscailt agus solúbtha d’aon ghnó sa chaoi go gceapfaí go hiomchuí é chun cosc a chur ar aon saobhadh margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann.

(274)

Mhínigh an tSeicia go mbeidh an meán sainchuspóireach go hiomlán neamhspleách ar EDU II agus ar Ghrúpa ČEZ agus go mbeidh struchtúr rialachais agus bainistíochta ar leithligh aige. Déanfaidh sé idirbhearta le EDU II (agus le ČEZ, más ábhartha) ar bhonn neamhthuilleamaí. Luaigh údaráis na Seicia go ndéantar, leis an struchtúr rialtais sin, an chinnteoireacht maidir leis an straitéis trádála as a bhfuil an meán sainchuspóireach freagrach agus tionchair ar iomaíocht agus ar thrádáil i margaí leictreachais, ar thaobh amháin, a dheighilt ó fhorbairt agus oibriú an ghléasra cumhachta núicléiche as a bhfuil EDU II freagrach, ar an taobh eile.

(275)

Rinne údaráis na Seicia idirdhealú thairis sin idir cur chuige an mheáin shainchuspóirigh a chuirtear chun cinn leis an Tionscadal agus na bearta i gcásanna núicléacha eile i ndáil le struchtúr tráchtála agus sásraí ceannaigh an ghléasra cumhachta núicléiche. Mhínigh údaráis na Seicia gurb é is bonn le húrnuacht chur chuige an mheáin shainchuspóirigh i gcomparáid leis na cásanna eile go mbunaítear eintiteas ar leithligh atá neamhspleách ar oibreoir an ghléasra cumhachta núicléiche. Beidh an gléasra cumhachta núicléiche faoi úinéireacht EDU II agus is é a oibreoidh é gan ach ceadúnas giniúna leictreachais aige. Ceannóidh an meán sainchuspóireach, a mbeidh ceadúnas trádála leictreachais aige, acmhainneacht ghiniúna iomlán EDU II. Díolfaidh an meán sainchuspóireach aschur EDU II ar an margadh mórdhíola agus beidh sé ina pháirtí freagrach cothromúcháin freisin i leith OTE mar thrádálaí leictreachais. Dá thoradh sin, ní dhéanfaidh EDU II trádáil le rannpháirtithe eile sa mhargadh (seachas an meán sainchuspóireach) agus ní bheidh sé neamhchosanta ar dhálaí an mhargaidh. Chuir údaráis na Seicia i dtábhacht gurb é is cuspóir don struchtúr sin teorainn a chur leis an riosca go bhféadfaí an margadh a shaobhadh de dheasca na cumhachta margaidh.

Tábla 8

Comparáid idir struchtúr tráchtála EDU II (dá ngairtear ‘Dukovany II’ sa Tábla thíos), HPC agus Paks II

Image 12

Foinse:

Údaráis na Seicia

(276)

Mhínigh údaráis na Seicia thairis sin go bhfuil sé beartaithe go mbunóidh an meán sainchuspóireach a dheasc trádála agus a oibríochtaí trádála féin go hinmheánach ach, má mheastar é a bheith níos iomchuí agus níos costéifeachtaí, féadfaidh an meán sainchuspóireach cuimhneamh ar thairiscint iomaíoch a reáchtáil chun an fheidhm trádála a sheachfhoinsiú amach anseo.

(277)

Thairis sin, luaigh údaráis na Seicia go nglacfaidh an meán sainchuspóireach straitéis trádála íoslaghdaithe riosca agus gurb é an cur chuige a ghlacfaidh sé aon tionchar diúltach ar an margadh a sheachaint. Go sonrach, leis an tsamhail tráchtála atá beartaithe, tá coinne leis go ndreasófar fáltais uasta do Stát na Seicia ó dhíolacháin leictreachais ag an meán sainchuspóireach agus, ina dhiaidh sin, agus go n-íoslaghdófar an méid cabhrach a shreabhfaidh chuig an Tionscadal. Maidir lena straitéis trádála, oibreoidh an meán sainchuspóireach go príomha i margadh cumhachta mórdhíola Phoblacht na Seice ach ar an tuiscint go bhfuil ardleibhéal idirnasctha sa réigiún agus go bhfuil an margadh lá roimh ré cúpláilte leis na tíortha comharsanacha. Ós rud é go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh méadú ar mhargaí agus ar leibhéil leachtachta amach anseo, go háirithe agus margaí lá roimh ré i réigiún na Gearmáine-na Polainne-na hOstaire agus i réigiún na Seicia-na hUngáire-na Slóvaice-na Rómáine cúpláilte ó bhí mí an Mheithimh 2021 ann, déanfar measúnú tráthrialta ar an straitéis trádála chun í a ailíniú leis na dálaí margaidh is déanaí. Tá coinne leis go nglacfar an straitéis trádála chríochnaitheach tar éis 2030, bunaithe ar chur chuige trédhearcach agus íoslaghdaithe riosca.

(278)

Le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil, rinne an tSeicia cinneadh gealltanais trádála a thairiscint i ndáil le cumhacht núicléach (mar a thuairiscítear in aithrisí 112 go 119 thuas).

5.   BARÚLACHA Ó THRÍÚ PÁIRTITHE

(279)

Fuair an Coimisiún aighneachtaí ó 18 bhfreagróir le linn an chomhairliúcháin faoin gCinneadh Tosaigh, a mhair go dtí an 5 Meán Fómhair. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur i bhfabhar an Tionscadail a bhí formhór na mbarúlacha a rinne tríú páirtithe (is é sin, 12 as 18). Tugtar tuairisc thíos ar na barúlacha atá ábhartha don mheasúnú ar státchabhair.

(280)

Fuarthas barúlacha ó Bhallstáit, gnóthais, comhlachais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (‘ENRanna’). Tabharfar aghaidh ar na barúlacha ó thríú páirtithe sna codanna ábhartha den mheasúnú gan trácht sonrach a dhéanamh ar an mbarúil shonrach.

(281)

Tabharfar tuairisc ar bharúlacha ó thríú páirtithe trína gcur i ngrúpaí de réir ábhair.

5.1.   Barúlacha maidir le cabhair a bheith ann

(282)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le cabhair a bheith ann.

5.2.   Barúlacha maidir le comhoiriúnacht na cabhrach

5.2.1.   Barúlacha maidir le hoiriúnacht an bhirt

(283)

Athdhearbhaíonn dhá thríú páirtithe a dtacaíocht do na hábhair imní a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh maidir le hoiriúnacht an bhirt.

(284)

Ina theannta sin, mhaígh freagróir amháin nach féidir a mheas go fóill cén tionchar a bheidh ann amach anseo ag na forbairtí atáthar a dhéanamh faoi láthair i margadh leictreachais na hEorpa. Dá thoradh sin, bheadh sé an-dúshlánach measúnú coincréiteach a dhéanamh ar oiriúnacht an bhirt.

(285)

An tráth céanna, d’áitigh roinnt mhaith freagróirí nach bhfuil siad ar aon intinn leis an gCoimisiún maidir le hoiriúnacht an bhirt a bheith ina hábhar imní. Dar leo, is iomchuí an beart atá beartaithe toisc gurb é atá sa bheart teaglaim iomchuí ionstraimí chun cuspóirí beartaithe an Tionscadail a bhaint amach agus chun a áirithiú, an tráth céanna, nach dtiocfaidh ann d’aon bheartas ná ionstraim nach mbeidh chomh saobhach céanna a bheadh in ann na torthaí céanna a bhaint amach. Ina theannta sin, d’áitigh roinnt tríú páirtithe go bhfuil na heilimintí a chomhdhéanann an beart (is iad sin, an conradh ceannaigh, an iasacht agus an sásra um chosaint ar athruithe dlí) doscartha agus riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh ábhartha an Tionscadail.

(286)

Thairis sin, thug roinnt freagróirí dá n-aire gur formheasadh teaglaim chomhchosúil de bhearta i gcinneadh críochnaitheach an Choimisiúin maidir le Hinkley Point C (i.e. conradh difríochta, ráthaíocht Stáit, agus sásra um chosaint ar chinntí polaitiúla a d’fhéadfadh a bheith díobhálach) agus go raibh an riosca don tionscnóir ar aon dul leis sin.

5.2.2.   Barúlacha maidir le comhréireacht an bhirt

(287)

Athdhearbhaíonn dhá fhreagróir go dtacaíonn siad leis an ábhar imní a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh maidir le comhréireacht an bhirt.

(288)

Ina theannta sin, mhaígh freagróir amháin nach féidir a mheas go fóill cén tionchar a bheidh ann amach anseo ag na forbairtí atáthar a dhéanamh faoi láthair i margadh praghsanna leictreachais na hEorpa. Dá thoradh sin, bheadh sé an-dúshlánach measúnú coincréiteach a dhéanamh ar chomhréireacht an bhirt.

(289)

Os a choinne sin, d’fhreagair roinnt mhaith tríú páirtithe nach bhfuil siad ar aon intinn leis an gCoimisiún maidir le comhréireacht an bhirt a bheith ina hábhar imní. Dar leo, tá an beart atá beartaithe comhréireach.

(290)

D’áitigh roinnt freagróirí go dtugann na toimhdí a úsáideadh chun meastachán a dhéanamh ar ráta toraidh an Tionscadail ar chothromas léiriú ceart ar neamhchosaint ČEZ ar riosca agus ar an riosca don tairbhí.

(291)

Thairis sin, maidir leis an athbhreithniú tréimhsiúil atá beartaithe ar phraghas ceangail an chonartha ceannaigh bunaithe ar mheastóireachtaí margaidh, fuair an Coimisiún roinnt barúlacha á rá go bhfeidhmíonn sé go leormhaith mar chobhsaitheoir uathoibríoch chun róchúiteamh a chosc agus gur cheart go dtabharfaidh sé dreasachtaí airgeadais leordhóthanacha do EDU II agus don mheán sainchuspóireach araon chun an táirgeadh a uasmhéadú agus comhaontuithe trádála fuinnimh brabúsacha a thabhairt i gcrích.

(292)

Thug tríú páirtí amháin dá aire go ndéantar tréimhse bheartaithe an chonartha ceannaigh (is é sin, 60 bliain lena gcumhdaítear tréimhse oibriúcháin an ghléasra (arb é atá inti, de réir an mheasúnaithe saolré, tréimhse 30 bliain ar féidir síneadh 10 mbliana a chur léi roinnt uaireanta) mar aon le hathmheasúnú ar chomhréireacht an phraghais ceangail a rialaítear le hAireacht Trádála agus Tionscail na Seicia) a shainiú chun na dálaí teicniúla, rialála agus maoinithe ar leith a léiriú.

5.2.3.   Barúlacha maidir leis an ngá atá le hidirghabháil Stáit

(293)

Thug freagróir amháin an bharúil go bhféadfaí an soláthar fuinnimh a ráthú freisin le teicneolaíochtaí níos saoire agus d’áitigh sé go gcuirfeadh fóirdheontais san earnáil núicléach moill ar an dul chun cinn maidir le teicneolaíochtaí eile atá níos saoire, níos tapa agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid. Dá réir sin, d’áitigh sé nár cheart an táirgeadh leictreachais ón ngléasra cumhachta núicléiche a fhóirdheonú toisc go bhfuil an teicneolaíocht sin aibí agus nach bhfuil sí brabúsach.

(294)

Fuair an Coimisiún barúil amháin inar cuireadh in iúl nach bhfuil údar le hidirghabháil Stáit chun leictreachas a tháirgeadh ó ghléasraí cumhachta núicléiche i bhfianaise forbairtí sa mhargadh le déanaí. Go sonrach, d’áitigh an freagróir sin go mbeidh na praghsanna arda leictreachais a d’eascair as suaiteacht margaidh le déanaí ag fanacht ag leibhéil arda sna deicheanna de bhlianta amach romhainn agus, dá dheasca sin, nach mbeidh an méid cabhrach don bheart ag freastal ar cheann dá chuspóirí, is é sin margadhphraghsanna leictreachais níos ísle a áirithiú.

(295)

Rinneadh tagairt in aighneacht amháin don fhéidearthacht go ndéanfadh an tSeicia infheistíocht i bhforbairt foinsí fuinnimh in-athnuaite agus go nginfí 5,3 TWh d’fhuinneamh ó ghléasraí nua cumhachta gaoithe agus 4,9 TWh d’fhuinneamh ó ghléasraí nua grianfhuinnimh fhótavoltaigh faoi 2030 in ionad forbairt ghléasra cumhachta núicléiche Dukovany a chur chun cinn. Ina theannta sin, áitíodh inti go mbeadh tacaíocht an Stáit d’fhorbairt fuinnimh gaoithe agus grianfhuinnimh i bhfad níos ísle ná d’fhuinneamh núicléach.

(296)

Murab ionann agus na barúlacha sin, d’áitigh roinnt tríú páirtithe go bhfuil gá le hidirghabháil Stáit chun go mbainfidh an beart a chuspóirí amach.

(297)

Thug roinnt freagróirí dá n-aire nach mbeadh sé indéanta, in éagmais rannpháirtíocht an Stáit, tionscadal nua gléasra cumhachta núicléiche a chur chun feidhme sa mhargadh leictreachais atá ag an Eoraip faoi láthair. D’áitigh siad thairis sin, mar gheall ar theipeanna margaidh atá ann cheana (neamhchosaint ar scála na gceanglas caipitil, luaineacht fhadtéarmach margadhphraghsanna agus rioscaí dlíthiúla, beartais agus rialála), agus mar gheall ar an leibhéal ard éiginnteachta a bhaineann le tionscadail núicléacha, go ndíspreagtar infheisteoirí príobháideacha, agus go bhfuil gá le hidirghabháil an Stáit chun a áirithiú go ndéanfar infheistíocht i ngléasraí cumhachta núicléiche ísealcharbóin.

(298)

Ina theannta sin, chuir roinnt tríú páirtithe in iúl go léiríonn an luaineacht a bhí sna margaí fuinnimh le déanaí an gá atá le scéimeanna tacaíochta státchabhrach chun an saobhadh ar an margadh a chúiteamh. Ina theannta sin, luaigh na freagróirí sin nach dtugann dálaí an mhargaidh dreasacht chun tionscadail bonneagair fuinnimh ar mhórscála a fhorbairt.

(299)

D’áitigh freagróir amháin gur gá anailís a dhéanamh ar thionscadail nua núicléacha ó thaobh shlándáil an tsoláthair fuinnimh de agus tosaíocht a thabhairt dóibh, ina fhianaise go bhféadfaidís an spleáchas ar allmhairí na Rúise a laghdú. Thug sí dá aire thairis sin, maidir le cumhacht núicléach a bheith áirithe le déanaí sa Tacsanomaíocht Eorpach maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, gur céim thábhachtach é a réitíonn an bealach chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar fhuinneamh núicléach.

5.2.4.   Barúlacha a fuarthas maidir le roghnú ČEZ

(300)

Cuireann tríú páirtithe áirithe in iúl go sainráite ina mbarúlacha nach bhfuil siad ar aon intinn leis an gCoimisiún maidir le roghnú ČEZ gan tairiscint ná comhairliúchán a bheith ina ábhar imní. Ar chúiseanna slándála Stáit agus fuinnimh araon, agus ar chúiseanna eile freisin (amhail saineolas, fios gnó agus éifeachtúlacht an pháirtí ar a bhfuil an cúram sin cheana), measann na páirtithe sin go bhfuil údar iomlán le forbairt cúraim chasta, amhail gléasra nua cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú, a chur de dhualgas ar chuideachta fuinnimh faoi úinéireacht stáit, á thabhairt dá n-aire go bhfuil sé sin ina léiriú ar chleachtas forleathan idirnáisiúnta.

(301)

Níor tharraing aon iomaitheoir ná aon tríú páirtí eile aon ábhar imní anuas maidir le ČEZ a roghnú mar thionscnóir an Tionscadail.

5.2.5.   Barúlacha a fuarthas maidir le saobhadh míchuí féideartha ar iomaíocht agus ar thrádáil idir na Ballstáit

(302)

Ina aighneacht, deir freagróir amháin go dtacaíonn sé leis an ábhar imní a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh go bhféadfadh saobhadh iomaíochta a bheith sa mhargadh. Measann sé thairis sin go bhfuil ró-fhóirdheonú á dhéanamh ar tháirgeadh leictreachais ó theicneolaíocht núicléach agus nach bhfuil an táirgeadh sin iomaíoch dá dheasca agus áitíonn sé go mbeadh saobhadh mór iomaíochta sa mhargadh mar thoradh ar aon fhóirdheonú.

(303)

Ar an taobh eile, thug roinnt tríú páirtithe dá n-aire go bhfuil riosca teoranta ann go ndéanfaidh an beart iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh nó bagairt í a shaobhadh.

(304)

D’áitigh roinnt freagróirí go bhféadfadh tionchar teoranta a bheith ag ailtireacht an mheáin shainchuspóirigh ar an margadh toisc gur dhá eintiteas eacnamaíocha ar leithligh iad ČEZ agus EDU II a bheidh go hiomlán neamhspleách ar a chéile. Dá réir sin, áitíonn siad gur teoranta an deis cúblála margaidh a bheadh ann.

(305)

Chuir freagróir amháin in iúl go bhfuil foireann mhór gléasraí giniúna cumhachta gualbhreoslaithe ag ČEZ atá beartaithe dul ar scor sna 2030í chomh maith leis na ceithre aonad atá ann cheana ag suíomh Dukovany a bhfuil coinne lena ndúnadh idir 2045 agus 2047. Bunaithe air sin, d’áitigh sé nach dtiocfaidh méadú mór ar sciartha ČEZ den mhargadh táirgthe leictreachais.

(306)

Thairis sin, thug tríú páirtí amháin an bharúil, maidir leis an riosca cúblála i gcás ina mbeidh margadhphraghsanna níos airde ná praghas ceannaigh an chonartha ceannaigh agus go bhféadfadh dreasacht eacnamaíoch a bheith ag Grúpa ČEZ aschur EDU II a laghdú sa chaoi go ndíolfadh aonaid eile níos mó fuinnimh ar mhargadhphraghsanna níos airde, gur cosúil go bhfuil an riosca sin íseal. Is amhlaidh sin toisc go mbeidh EDU II nasctha le lódfhachtóir ard (90 %) agus gurb é dreasacht eacnamaíoch EDU II na méideanna iomlána atá ar fáil dó a sholáthar don mhargadh chun a áirithiú go bhfaighidh sé a chúiteamh, agus go mbeidh sé in ann a chostais seirbhísithe fiachais a íoc. Ina theannta sin, is ann don deighilt idir Grúpa ČEZ agus EDU II. Ina theannta sin arís, cuirtear toirmeasc ar iompar cúblála margaidh leis an Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh.

(307)

Thairis sin, d’áitigh tríú páirtí amháin go bhfuil sé d’aidhm ag gléasra cumhachta núicléiche Dukovany acmhainneacht nua a ghiniúint agus easnamh i dtáirgeadh leictreachais lena bhfuil coinne in 2030-2040 a líonadh, rud a mbeidh éifeachtaí dearfacha aige ar shlándáil agus ar éagsúlú an tsoláthair fuinnimh do thíortha comharsanacha. Dá réir sin, áitíonn sé gur mó na héifeachtaí dearfacha sin atá ag an mbeart ná aon éifeacht dhiúltach a bheadh aige, más ann di.

(308)

Ar deireadh, thug tríú páirtí amháin dá aire gur cheart measúnú a dhéanamh ar aon tionchar líomhnaithe ar an iomaíocht agus aird á tabhairt ar an easpa fíor-chothroime iomaíochta san earnáil fuinnimh ós ar éigean a fhorbraítear acmhainneacht nua ghiniúna ar bhonn an mhargaidh amháin. Luaigh an páirtí sin, mar shampla, go dtairbhíonn foinsí fuinnimh in-athnuaite ní hamháin de scéimeanna tacaíochta dírí, ach de réimse beart a tugadh isteach le pacáistí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus REPower EU freisin.

5.2.6.   Barúlacha maidir le sárú ar dhlí an Aontais

(309)

D’áitigh tríú páirtí amháin go bhfuil úsáid fuinnimh núicléach chun leictreachas a tháirgeadh de shárú ar an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’ agus ar phrionsabal an réamhchúraim a leagtar amach in Airteagal 191 CFAE.

(310)

Thairis sin, thug dhá thríú páirtí dá n-aire nach n-áirithíonn an Tionscadal an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’ toisc nach gcuirtear bainistiú breosla núicléach spíonta san áireamh sa bheart, agus amhras á chur in iúl acu maidir le cé acu a bheidh nó nach mbeidh acmhainní ar fáil ag deireadh shaolré úsáideach mheasta an ghléasra cumhachta núicléiche a chomhfhreagróidh do chostas measta an bhainistithe dramhaíola radaighníomhaí agus don chostas um dhíchoimisiúnú. Mheas na freagróirí sin thairis sin, mura ndéantar athrú mór ar an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair lena n-íoctar táillí isteach sa Chiste Náisiúnta Adamhach, nach mbeidh na cistí sin ar fáil, agus nach n-urramaítear dá réir sin an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’.

(311)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó fhreagróir eile a d’áitigh go léiríonn ráitis phoiblí ó oifigigh na Seicia go bhféachfaidh siad le coinníollacha na Tacsanomaíochta a leasú nó a chur siar maidir le stór domhain dramhaíola radaighníomhaí ardleibhéil a oibríochtú faoi 2050.

(312)

Ar an taobh eile, d’áitigh roinnt freagróirí nach bhfuil an beart de shárú ar dhlí an Aontais.

5.2.7.   Barúlacha a fuarthas maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh

(313)

Thug dhá fhreagróir an bharúil nach bhféadfadh aon bhuntáiste a bheith ag fuinneamh núicléach ar fhoinsí fuinnimh eile ó thaobh shlándáil an tsoláthair fuinnimh de agus thug siad dá n-aire go bhfuil infhaighteacht úráiniam agus tóiriam teoranta agus go bhfuil an tAontas thar a bheith spleách ar allmhairí.

(314)

Ar an taobh eile, d’áitigh tríú páirtí amháin go bhfuil spleáchas an fhuinnimh núicléach ar allmhairí íseal, á rá go mbaineann 10 % ar a mhéad den chostas táirgthe le hamhábhar, agus á thabhairt dá aire thairis sin go bhfuil an margadh idirnáisiúnta úráiniam dea-rialáilte agus cobhsaí.

(315)

Thairis sin, cuireadh roinnt mhaith argóintí faoi bhráid an Choimisiúin chun tacú leis an mbeart i bhfianaise na n-ábhar imní maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh, dícharbónú, inacmhainneacht fuinnimh, agus forbairtí sa mhargadh a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin. Go sonrach, thug na freagróirí dá n-aire gurb iad na himoibreoirí núicléacha an teicneolaíocht is fearr atá in ann an bealach i dtreo neodracht carbóin a ráthú agus slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais a choinneáil ar bun an tráth céanna. Ina theannta sin, chuir siad in iúl gur modh giniúna cobhsaí inrialaithe é an fuinneamh núicléach freisin, rud a fhágann gur féidir an eangach leictreachais a bhainistiú go hiontaofa agus a rannchuidíonn le hardleibhéal slándála soláthair fuinnimh.

(316)

Rinneadh tagairt i roinnt barúlacha d’fhorbairt tionscadal núicléach ar fud an Aontais chun cuspóirí an Aontais i ndáil leis an athrú aeráide a bhaint amach agus chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú de bhíthin fuinneamh cobhsaí, iontaofa, inbhuanaithe, ísealcharbóin agus iomaíoch.

(317)

Rinneadh tagairt i roinnt mhaith barúlacha don chomhthéacs geopholaitiúil (lena n-áirítear suaití soláthair ola agus gáis agus luaineacht praghsanna) agus don tábhacht a bhaineann le slándáil an tsoláthair fuinnimh chun spleáchas an Aontais ar fhuinneamh na Rúise a laghdú a thuilleadh. Ina theannta sin, thug tríú páirtí amháin dá aire go gcuireann fogha na Rúise faoin Úcráin i dtábhacht go bhfuil gá le cumhacht núicléach chun neamhspleáchas ar sholáthairtí breosla ón Rúis a bhaint amach.

5.2.8.   Barúlacha eile a tharraing tríú páirtithe anuas

(318)

Cuireadh argóintí faoi bhráid an Choimisiúin maidir le breithnithe sábháilteachta agus slándála. Chuir roinnt freagróirí in iúl go bhfuil imní orthu maidir le bainistiú sábháilte agus inbhuanaithe dramhaíola radaighníomhaí ardleibhéil i gcoitinne. Ina theannta sin, thagair siad don chontúirt a d’fhéadfadh a bheith ag baint le gléasraí núicléacha i gcoinbhleacht armtha, mar aon leis na rioscaí a bhaineann le mórthionóiscí núicléacha. Le cuid de na barúlacha, áitítear go léiríonn staid na hÚcráine faoi láthair na rioscaí breise a bhaineann le gléasraí cumhachta núicléiche i ndáil le sábháilteacht agus slándáil.

(319)

Ina theannta sin, chuir roinnt freagróirí in iúl go bhfuil gléasraí cumhachta núicléiche an-íogair i leith teochtaí atá ag ardú mar gheall ar an éileamh ard ar uisce fuaraithe. D’áitigh siad freisin nach bhfuil dóthain uisce in abhainn Jihlava chun uisce fuaraithe a sholáthar go hiontaofa do bhloic nua gléasra cumhachta ag suíomh Dukovany, á thabhairt dá n-aire gur aithníodh é sin cheana féin le linn phleanáil chlár núicléach na Seicslóvaice agus gur cuireadh teorainn le cumhacht na n-aonad atá suiteáilte ar an suíomh dá thoradh sin. I bhfianaise an athraithe aeráide, tá roinnt tríú páirtithe ag tuar nach mbeidh oibriú na ngléasraí nua cumhachta núicléiche chomh cobhsaí agus atá beartaithe agus nach mbainfear amach na leibhéil úsáide atá beartaithe dóibh.

(320)

Le roinnt aighneachtaí, cuirtear in iúl gur ábhar imní é an soláthar uisce don ghléasra nua cumhachta núicléiche agus tionchar an ghléasra ar Abhainn Jihlava go háirithe, agus deirtear iontu freisin go bhfuil plean bainistithe úsáide agus cosanta uisce in easnamh faoi láthair.

(321)

Is ábhar imní do dhá thríú páirtí nach gcuirfear an tionscadal i gcrích de réir an sceidil, toisc go bhféadfadh sé nach mbeidh na trí sholáthraí teicneolaíochta ionchasacha ullamh ó thaobh na teicneolaíochta de chun oibriú san Eoraip, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le moilleanna. Measann na freagróirí go bhféadfadh iarmhairtí eacnamaíocha a bheith aige sin chomh maith le tionchar ar chosaint an chomhshaoil agus na haeráide. Tarraingíonn na freagróirí saincheist an fhormhéadaithe costas anuas freisin is gnách a bheith ag tionscadail núicléiche nuathógtha.

(322)

Cháin freagróir amháin an easpa trédhearcachta agus Tionscadal an imoibritheora nua á ullmhú, agus luann sé brainse na Seicia de Transparency International a bhí ag caitheamh amhrais ar thrédhearcacht an Tionscadail (146). Go sonrach, luann an tríú páirtí gur dhiúltaigh Aireacht Trádála agus Tionscail Phoblacht na Seice doiciméid áirithe a nochtadh dó, ar doiciméid iad maidir leis an anailís a rinne an Tionscadal ar shamhlacha infheisteoirí agus maidir leis na nósanna imeachta um ullmhú agus cur chun feidhme an Tionscadail, tar éis don pháirtí iarraidh ar rochtain ar dhoiciméid a chur isteach.

(323)

Maíonn freagróir amháin go bhfuil dliteanas teoranta oibreoir an ghléasra cumhachta núicléiche neamhleor chun damáistí a d’fhéadfadh teacht as tionóisc núicléach a chumhdach, á chur in iúl gur dhiúltaigh Poblacht na Seice aontú don Phrótacal Forlíontach a ghabhann le Coinbhinsiún Vín 1997 ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste Núicléach, lena gceanglaítear íosleibhéal dliteanais i leith damáistí de CTS 300 milliún (Cearta Tarraingthe Speisialta). Ina theannta sin, áitíonn an freagróir go dtabhófar státchabhair bhreise as costais foirgníochta, tarchuir agus cosanta speisialta póilíní do shuíomh an ghléasra.

(324)

De réir roinnt aighneachtaí, rannchuideodh an Tionscadal leis na cuspóirí uile-Eorpacha maidir le spriocanna fuinnimh a bhaint amach agus rannchuideodh sé leis an gComhaontú Glas.

(325)

Tharraing roinnt tríú páirtithe aird freisin ar na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an bhfuinneamh núicléach, á thabhairt dá n-aire go háirithe na poist a sholáthraítear agus an rannchuidiú mór a dhéanann fuinneamh núicléach le geilleagair Bhallstáit an Aontais. Go sonrach, ar leibhéal an Aontais, de réir anailís a rinne Deloitte in 2019, tá níos mó ná 1,1 milliún post díreach agus indíreach sa tionscal núicléach agus gineann sé níos mó ná leath-thrilliún euro in OTI (147).

6.   BARÚLACHA Ó ČEZ

(326)

Chuir ČEZ a bharúlacha isteach an 5 Meán Fómhair 2022. Ina aighneacht, soláthraíonn ČEZ fianaise agus déanann anailís chun tacú lena argóint nach mbeadh bunús le roinnt de na hábhair amhrais a chuir an Coimisiún in iúl ina Chinneadh Tosaigh.

(327)

Leagtar amach príomhargóintí ČEZ ar bhealach níos mionsonraithe thíos.

6.1.   Seasamh ČEZ maidir le hoiriúnacht na cabhrach

(328)

Ina aighneacht, d’áitigh ČEZ go soláthraíonn na bearta atá beartaithe tacaíocht iomchuí agus spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar na príomhtheipeanna margaidh a d’aithin an Coimisiún (is iad sin, scála an cheanglais caipitil, fad na neamhchosanta ar chomharthaí margadhphraghsanna agus fad na neamhchosanta ar chinntí polaitiúla) agus gur cheart breathnú ar na trí bheart mar phacáiste tacaíochta idirnasctha aonair. Go sonrach, áitíonn ČEZ go bhfuil an pacáiste tacaíochta Stáit atá beartaithe (is é sin, an conradh ceannaigh, cúnamh airgeadais in-aisíoctha agus an sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais) iomchuí ina iomláine toisc go mbeadh na rioscaí foluiteacha gan mhaolú dá mbainfí ceann de na bearta. I gcás den sórt sin, dhéanfaí dochar d’inmharthanacht an Tionscadail.

(329)

Luaigh ČEZ thairis sin gur fhormheas an Coimisiún pacáistí tacaíochta comhchosúla (amhail i gcás Hinkley Point C) roimhe seo.

(330)

Ar deireadh, mhínigh ČEZ go bhfuil na bearta atá beartaithe iomchuí chun an riosca go gclisfeadh ar an Tionscadal agus na costais phoiblí ghaolmhara a mhaolú.

6.2.   Seasamh ČEZ maidir le heilimintí áirithe de chomhréireacht na cabhrach

6.2.1.   Riosca róchúitimh

(331)

Mar fhreagairt ar amhras an Choimisiúin maidir leis an riosca róchúitimh, d’áitigh ČEZ go n-áirítear sna bearta atá beartaithe sásra rialaithe róchúitimh iomchuí lena mbeifear in ann an ráta toraidh margadhbhunaithe ar chothromas a chomhlíonadh agus atá i gcomhréir leis an riosca Tionscadail. De réir ČEZ, níl sé i gceist leis na sásraí atá beartaithe go gcuirfear cosc iomlán ar róchúiteamh, toisc go mbeadh na rioscaí a bhaineann leis an Tionscadal ina rioscaí móra do ČEZ.

(332)

Dar le ČEZ, má bhíonn bearta breise ann chun deireadh a chur le haon acmhainneacht ar an taobh thuas de bhreis ar an sásra comhroinnte gnóthachan, déanfar difear don chothromaíocht idir neamhchosaint ar an taobh thuas agus an taobh thíos. Dá mbeadh bisigh riosca breise ann, chuirfí brú aníos ar an ráta toraidh ar chothromas, rud a mhéadódh praghas an chonartha ceannaigh agus, dá bhrí sin, an costas ar thacaíocht an Stáit.

(333)

Thairis sin, d’áitigh ČEZ go ndéanfaí róchúiteamh a bhainistiú tríd an sásra comhroinnte gnóthachan le linn chéim oibríochtúil EDU II. Tá an sásra comhroinnte gnóthachan atá beartaithe bunaithe ar shásra Hinkley Point C a formheasadh roimhe seo, agus tá sé níos déine ná é ós mó an chomhroinnt a tharlóidh ag toradh níos ísle ar chothromas. Tá an sásra comhroinnte gnóthachan ceaptha sárfheidhmíocht chothromais réadaithe a ghabháil trí rianú a dhéanamh ar thorthaí iarbhír Thionscadal EDU II agus ar a ráta toraidh inmheánach ar chothromas. Leis an sásra sin, tomhaistear feidhmíocht an Tionscadail ar feadh a shaolré uile agus áirithítear go gcuirtear an tsárfheidhmíocht uile san áireamh.

6.2.2.   Meastachán ar an ráta toraidh ar chothromas

(334)

Sholáthair ČEZ anailís ar rioscaí comparáideacha agus ar thorthaí comhréireacha EDU II in aghaidh tionscadail bonneagair fuinnimh eile (is iad sin, Hinkley Point C, Paks II, gnáththionscadail gléasraí cumhachta neamhspleácha agus tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta). Léiríodh leis an anailís go mbeadh raon cuí an ráta toraidh ar chothromas le haghaidh EDU II idir [...] %. Luaigh sé thairis sin go mbeadh cinneadh cruinn an ráta toraidh ar chothromas ag brath ar thuilleadh soiléirithe ar pharaiméadair an Tionscadail, ar leithdháileadh riosca agus ar phríomhghnéithe de rannpháirtíocht an Stáit.

(335)

Go sonrach, dá mbeadh an meastachán ar an ráta toraidh ar chothromas níos gaire do bharr an raoin thuas, bheadh sé comhsheasmhach le cás ina mbeadh an leithdháileadh riosca ar EDU II díréireach ard agus ina mbeadh riosca ard ann go dtréigfí an Tionscadal. Os a choinne sin, dá mbeadh an meastachán ar an ráta toraidh ar chothromas níos gaire do bhun an raoin thuas, léireodh sé cás ina ndéanfaí leithdháileadh comhréireach riosca a neartú trí chosaintí a thabhairt do EDU II i gcásanna ar an taobh thíos agus riosca teoranta go dtréigfí an Tionscadal.

6.3.   Seasamh ČEZ maidir lena roghnú mar urraitheoir an Tionscadail

(336)

Ina fhreagra ar an gCinneadh Tosaigh, mhínigh ČEZ go bhfuil taithí, cumas agus eolas fadtréimhseach aige i bPoblacht na Seice maidir le dearadh, forbairt, tógáil agus oibriú gléasraí cumhachta núicléiche. Go sonrach, d’fhorbair agus thóg Grúpa ČEZ an dá ghléasra cumhachta núicléiche sa tír, is iad sin gléasra cumhachta núicléiche Temelín agus gléasra cumhachta núicléiche Dukovany, agus tá gléasra nua cumhachta núicléiche á fhorbairt aige sa tSlóvaic freisin.

(337)

Ina theannta sin, tá taithí fhairsing ag ČEZ ar a bheith ag obair le húdarás núicléach na Seicia agus tá tuiscint dhomhain aige ar na ceanglais rialála maidir le gléasraí cumhachta núicléiche. Mar úinéir agus oibreoir sócmhainní giniúna leictreachais núicléach sa tír, tá sáreolas ag ČEZ ar an gcreat reachtach atá i réim agus ar na ceanglais cheadúnúcháin/cheadaithe i bPoblacht na Seice.

(338)

Is comhalta gníomhach é ČEZ d’eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail WANO, EUR, EPRI, WNA agus NUGENIA. Leanann an chuideachta caighdeáin agus próisis atá leagtha síos agus aitheanta ag rialtóirí ar fud an domhain chun feabhas leanúnach, sábháilteacht agus eolas úrscothach a chur chun cinn in oibriú gléasraí núicléacha.

(339)

Ar deireadh, d’áitigh ČEZ gur féidir leis, mar úinéir reatha an tsuímh agus mar fhorbróir, a áirithiú go gcuirfear an Tionscadal i gcrích go tráthúil agus ar bhealach costéifeachtach. Go sonrach, de réir mheastacháin ČEZ, chuir a réamhghníomhaíochtaí agus a ghníomhaíochtaí cumasúcháin ar an suíomh (lena n-áirítear staidéir indéantachta, éadáil talún, etc.) dlús 10-12 bliana ar a laghad le hamlíne an Tionscadail agus d’fhéadfadh sé gur laghdaíodh costais an Tionscadail de thart ar EUR [200 go 700] milliún dá dtairbhe i gcomparáid le gléasra úrnua cumhachta núicléiche arna fhorbairt ag tríú hoibreoir.

7.   FREAGAIRT PHOBLACHT NA SEICE AR BHARÚLACHA TRÍÚ PÁIRTITHE

(340)

Sheol údaráis na Seicia a bhfreagra ar na barúlacha a chuir tríú páirtithe isteach an 21 Deireadh Fómhair 2022.

(341)

Ar an iomlán, chinn an tSeicia go raibh formhór na mbarúlacha dearfach, agus gur thacaigh sí go mór leis an Tionscadal. Ina theannta sin, mhínigh an tSeicia gur tugadh aghaidh cheana féin sna haighneachtaí uaithi roimhe seo ar fhormhór na saincheisteanna a tarraingíodh anuas. Cuirfear i dtábhacht thíos na príomhargóintí a rinne an tSeicia mar fhreagairt ar na hábhair imní a chuir tríú páirtithe in iúl. Ní chuirfear i dtábhacht ach na freagraí ar na barúlacha a bhaineann go díreach leis an measúnú ar státchabhair.

(342)

Mar fhreagra ar bharúlacha maidir le hoiriúnacht agus comhréireacht na cabhrach, thagair an tSeicia dá haighneachtaí roimhe seo agus luaigh sí gur ceapadh an tacaíocht Stáit chun an méid cabhrach a íoslaghdú a mhéid is féidir agus indéantacht an Tionscadail á háirithiú an tráth céanna.

(343)

Thairis sin, d’áitigh údaráis na Seicia go bhfuil siad ullamh do chritéir theicniúla thacsanomaíocht Eorpach na hinbhuanaitheachta a chomhlíonadh i ndáil leis an Tionscadal, lena n-áirítear saoráid diúscartha doimhne le haghaidh dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil a chur i bhfeidhm lena hoibriú in 2050. Go háirithe, mhínigh an tSeicia go ndéanfar an beartas náisiúnta um bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta, a formheasadh in 2019, a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le ceanglais thacsanomaíocht Eorpach na hinbhuanaitheachta tar éis phróiseas athbhreithnithe piaraí an Chláir laistigh den mhisean Artemis arna dhéanamh ag IAEA faoi Airteagal 14(3) de Threoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011, a dhéanfar sa cheathrú ráithe de 2023.

(344)

Ar deireadh, mar fhreagairt ar ábhair shonracha imní a chuir tríú páirtithe in iúl maidir leis an gcomhshaol, d’áitigh údaráis na Seicia (i) gur gníomhaíochtaí ísealcharbóin iad gníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh núicléach (148) agus go bhfuil oibriú gléasra cumhachta núicléiche ar cheann de na deiseanna infheistíochta is costéifeachtaí (149), (ii) go bhfuil an mhodheolaíocht a úsáidtear chun forálacha a chruthú maidir le díchoimisiúnú gléasraí núicléacha i gcomhréir le rialacha an Aontais (150), (iii) go dtugtar lamháltais leordhóthanacha do dhiúscairt dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta amach anseo bunaithe ar reachtaíocht na Seicia, (iv) go léirítear sa mheasúnú ar an tionchar a imreoidh an Tionscadal ar an gcomhshaol gur tugadh aghaidh ar na hábhair imní uile maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar uisce dromchla leordhóthanach a bheith ann chun an gléasra cumhachta núicléiche a fhuarú. In aon chás, mhínigh údaráis na Seicia go ndéanfar faireachán leanúnach ar shaincheist an tsoláthair leordhóthanaigh uisce i gcomhréir le coinníollacha an mheasúnaithe ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus (v) go bhfuil rialacha na Seicia maidir le dliteanas sibhialta i leith damáiste núicléach comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta (151).

8.   MEASÚNÚ AR AN MBEART

8.1.   Státchabhair a bheith ann

(345)

Faoi Airteagal 107(1) CFAE, aon chabhair arna deonú ag Ballstát nó arna deonú trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, tá sí neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit.

(346)

Is státchabhair é beart de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE má chomhlíonann sé ceithre choinníoll charnacha. Ar an gcéad dul síos, ní mór an beart a bheith maoinithe ag an Stát nó trí acmhainní Stáit. Ar an dara dul síos, ní mór an beart a bheith buntáisteach do thairbhí. Ar an tríú dul síos, ní mór an beart a bheith i bhfabhar gnóthais nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe (i.e. ní mór roghnaíocht a bheith ann). Ar an gceathrú dul síos, ní mór é a bheith d’acmhainn ag an mbeart difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit agus an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. I roinn 4.2 den Chinneadh Tosaigh, mhínigh an Coimisiún go raibh na trí bheart ar tugadh fógra fúthu beartaithe in éineacht agus go bhfuil siad doscartha ó chéile (152). Faoi phointe 81 den Fhógra ón gCoimisiún maidir le Coincheap na Cabhrach, d’fhéadfaí a mheas gur ‘idirghabháil aonair’ iad bearta éagsúla. D’fhéadfadh sé gurbh amhlaidh sin, go háirithe, i gcás ina mbeadh idirghabhálacha comhleanúnacha nasctha chomh dlúth sin le chéile, go háirithe ag féachaint dá n-ord croineolaíoch, dá gcuspóir agus d’imthosca an ghnóthais tráth na n-idirghabhálacha sin, go mbeidís doscartha. (153) Má tharlaíonn sraith idirghabhálacha Stáit i ndáil leis an ngnóthas céanna i dtréimhse ama réasúnta gearr, mar shampla, agus má bhíonn siad nasctha le chéile nó má bhí siad uile beartaithe nó intuartha tráth na chéad idirghabhála, féadfar a mheasúnú gur aon idirghabháil amháin iad.

(347)

Mhínigh an Coimisiún sa Chinneadh Tosaigh go bhfuil an t-ábhar agus an cuspóir céanna ag na trí bheart, is é sin tógáil agus oibriú gléasra nua cumhachta núicléiche ag suíomh Dukovany a chumasú (154). Déantar na bearta a bheartú agus a chaibidliú in éineacht ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh tionchar díreach ag gach beart ar na bearta eile, agus go gcruthóidh na bearta go comhpháirteach na réamhchoinníollacha airgeadais a chumasóidh tógáil agus oibriú an ghléasra. Níl aon amhras ann ach gurb é Stát na Seicia deontóir na dtrí bheart agus go ndéantar iad i gcomhthráth le chéile. Go sonrach, beartaíodh na hidirghabhálacha uile in éineacht (agus bhí siad intuartha dá bhrí sin nuair a caibidlíodh iad) (155). Na rioscaí tráchtála a laghdú trí shásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais agus na ceanglais chaipitil tosaigh a ísliú tríd an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha, mar shampla, imríonn sin tionchar ar an méid cabhrach is gá don chonradh ceannaigh. Tá dlúthnasc idir na trí bheart atá i gceist agus bheadh sé dodhéanta iad a scaradh ó chéile.

(348)

I bhfianaise an mhéid thuas, chinn an Coimisiún gur cheart scrúdú a dhéanamh ar na trí bheart in éineacht le chéile mar aon idirghabháil amháin, ós rud é go bhfuil siad idirspleách ar a chéile agus go bhfuil éifeachtaí acu a fheabhsaíonn a chéile ar mhaithe le feidhmíocht an Tionscadail. Tháinig an Coimisiún ar an réamhthoradh freisin, a bhfuil feidhm aige maidir leis na trí bheart arna mbreithniú in éineacht le chéile, gur státchabhair a bheadh san idirghabháil toisc gur deonaíodh í ó acmhainní Stáit atá inleagtha ar Stát na Seicia, go dtabharfadh an beart buntáiste eacnamaíoch roghnaitheach agus go bhféadfadh sé difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit agus an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh.

(349)

Níor tháinig an Coimisiún ar aon chúis le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil lena mheasúnú ina leith sin a athrú.

8.1.1.   Inleagthacht acmhainní Stáit agus iad a bheith ann

(350)

Mar a mhínítear sa Chinneadh Tosaigh, rinneadh Stát na Seicia na bearta tacaíochta don Tionscadal seo a chinneadh ar bhonn fhorálacha LCA (féach aithris 27) agus ar bhonn thabhairt i gcrích an Mháistir-Chomhaontaithe (féach aithris 190) agus an Chéad Chonartha Cur Chun Feidhme (féach aithrisí 69, 183 agus 380). Sonraítear freisin leis an gconradh ceannaigh oibleagáid Stát na Seicia i leith eintiteas faoi lánúinéireacht Stáit a chruthú, arb é an meán sainchuspóireach é (maidir leis an gconradh ceannaigh, féach aithrisí 83 go 93 thuas). Is é Stát na Seicia, ag gníomhú dó tríd an Aireacht, údarás deonaithe na mbeart uile.

(351)

Ní chuireann údaráis na Seicia ina aghaidh go maoineofar na bearta ó acmhainní faoi rialú an Stáit.

(352)

Mar a luaitear in aithris 107, sonraítear in Airteagal 9 LCA gur féidir giniúint nua cumhachta núicléiche a mhaoiniú trí cheann amháin nó trí theaglaim de na nithe seo a leanas: (i) an t-ioncam ó dhíolacháin leictreachais an mheáin shainchuspóirigh, (ii) comhchuid an phraghais arna gearradh ag oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin ar úsáideoirí gréasáin, má chinneann siad amhlaidh, agus (iii) ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Stáit. Is ar rogha na hAireachta a bhraitheann sé cén sruth ioncaim iarbhír a roghnaítear chun na bearta éagsúla a mhaoiniú. Níl aon amhras ar údaráis na Seicia ach go bhfuil nó go mbeidh gach sruth ioncaim á rialú ag an Stát.

(353)

Ina theannta sin, sonraítear le hAirteagal 4 LCA go soláthrófaí an cúnamh airgeadais in-aisíoctha ó bhuiséad an Stáit agus gurb é Banc Náisiúnta na Seicia a dheonóidh é. Ós rud é go maoinítear an cúnamh airgeadais in-aisíoctha go díreach ó bhuiséad an Stáit, agus ós rud é go bhfuil na trí bheart uile idirspleách agus gur idirghabháil aonair iad (féach aithris 348), is ceist é nach bhfuil aon tionchar aige ar acmhainní Stáit a bheith ann cibé acu a bheadh nó nach mbeadh soláthar acmhainní Stáit mar thoradh ar an tobhach (atá fós le bunú, má bhunóidh), dá ndéanfaí beart 1 a mhaoiniú leis féin. Roinnt billiún euro a sholáthar ó bhuiséad an Stáit trí chúnamh airgeadais in-aisíoctha ar choinníollacha airgeadais buntáisteach, is leordhóthanach é sin cheana féin chun a shuí go bhfuil an idirghabháil fhoriomlán ag brath ar dheonú acmhainní Stáit. Treisítear é sin a thuilleadh leis an sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais lena dtugtar cosaint dhlíthiúil don Tionscadal, rud a dheonaíonn cearta maidir le luach airgeadais in aghaidh an Stáit agus a dhéanann difear díreach d’acmhainní an Stáit i gcás ina bhfeidhmítear na cearta sin.

(354)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go ndeonaítear an beart trí acmhainní Stáit agus go bhfuil sé inleagtha ar an Stát de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

8.1.2.   Buntáiste eacnamaíoch roghnaitheach

(355)

Meastar beart a bheith roghnaitheach más rud é nach bhfuil sé i bhfabhar ach gnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe. Athdhearbhaíonn an Coimisiún go dtugann na bearta i gceist, arna measúnú in éineacht le chéile agus ar leithligh araon, buntáiste roghnaitheach de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

(356)

Le Beart 1 (féach roinn 3.6) cosnaítear EDU II ar aon luaineacht praghsanna sa mhargadh leictreachais le linn thréimhse an chonartha ceannaigh, toisc go bhfaigheann EDU II luach saothair cobhsaí ar phraghas ceangail réamhshainithe freisin i gcásanna ina laghdaíonn margadhphraghsanna faoi bhun an leibhéil sin. Áirithítear leis sin sreabhadh seasta ioncaim ag EDU II don chéad 40 bliain d’oibriú an ghléasra cumhachta núicléiche nach bhfaigheann oibreoirí eile nach dtairbhíonn de bheart tacaíochta comhchosúil.

(357)

Le Beart 2 (féach roinn 3.7) soláthraítear iasacht ar ráta úis fabhrach, nach bhfuil i gcomhréir le dálaí an mhargaidh. Go sonrach, cumhdófar 100 % de chostais foirgníochta an ghléasra cumhachta núicléiche leis an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha, lena n-áirítear róchaiteachas ar fhoras dlisteanach agus róchaiteachas mar gheall ar theagmhais forais neamhdhlisteanaigh a sháraíonn maoiniú cothromais uasta ČEZ don Tionscadal (féach aithris 197). Beidh ráta úis nialasaigh ag an iasacht le linn na céime tógála. Is é an ráta úis a ghearrfar an costas fiachais Stáit móide 1 %, ach gan bheith níos lú ná 2 % i gcaitheamh 30 bliain, dar tús dáta coimisiúnaithe an ghléasra cumhachta núicléiche. Dá bhrí sin, tugann an beart buntáiste dá thairbhí toisc go scaoileann sé EDU II ó na costais mhaoinithe a bheadh air a íoc faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh. Ní fhaigheann gnóthais eile, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann infheistíochtaí fadtéarmacha, iasachtaí Stáit faoi choinníollacha comhchosúla.

(358)

Le Beart 3 (féach roinn 3.8), soláthraítear cosaint gnóthaithe costas i gcás athrú dlí nó beartais nó i gcás teagmhais eile a cháilíonn mar fhoras dlisteanach, rud a laghdaíonn an riosca infheistíochta agus a aistríonn chuig an Stát é agus a thugann tairbhe eacnamaíoch nach bhféadfaí a fháil faoi ghnáthdhálaí margaidh agus nach bhfuil ar fáil d’oibreoirí eile margaidh.

(359)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur cabhair aonair atá i ngach ceann de na trí bheart atá á bplé agus go dtugann siad buntáiste roghnaitheach do Ghrúpa ČEZ lena n-áirítear a fhochuideachta EDU II.

8.1.3.   An bhagairt go saobhfaí iomaíocht agus éifeachtaí ar thrádáil

(360)

Mar a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh, léirscaoileadh an margadh leictreachais agus bíonn táirgeoirí leictreachais ag gabháil do thrádáil idir na Ballstáit i riocht agus gur dócha go ndéanfaidh buntáiste arna dheonú do tháirgeoirí leictreachais núicléach an iomaíocht a shaobhadh agus go ndéanfaidh sé difear don trádáil idir na Ballstáit. Go ginearálta, déantar leictreachas ó fhoinsí núicléacha a dhíol ar an margadh leictreachais inmheánach mar a dtéann sé in iomaíocht leis na foinsí leictreachais uile, lena n-áirítear na foinsí sin i mBallstáit eile.

(361)

Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún go bhfuil baol ann go ndéanfaidh an buntáiste arna dheonú do thairbhí bhearta 1 go 3 an iomaíocht a shaobhadh agus difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit. Ós rud é go dtugann na trí bheart buntáistí don ghiniúint leictreachais mar ghníomhaíocht iomaíoch, bheadh an chonclúid sin mar an gcéanna arís dá mbreithneofaí na bearta ina n-aonar.

8.1.4.   An chonclúid maidir le cabhair a bheith ann

(362)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE atá sa chonradh ceannaigh, sa chúnamh airgeadais in-aisíoctha agus sa sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais mar bhearta éagsúla a bhaineann le hidirghabháil amháin ón Stát.

8.2.   Dleathacht na cabhrach

(363)

Mar a chuir an Coimisiún in iúl sa Chinneadh Tosaigh (156), tugadh fógra don Choimisiún faoi na bearta an 15 Márta 2022 agus níor cuireadh chun feidhme iad go dtí seo. Ina theannta sin, cuirtear de choinníoll ar an gcur chun feidhme go bhformheasfaidh an Coimisiún na bearta (féach aithris 190). Dá bhrí sin, chomhlíon údaráis na Seicia an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt agus an oibleagáid neamhghníomhaíochta faoi Airteagal 108(3) CFAE.

8.3.   Comhoiriúnacht na mbeart leis an margadh inmheánach

(364)

Ó tharla gur cinneadh gur státchabhair atá sna bearta, rinne an Coimisiún tuilleadh scrúdaithe féachaint an bhféadfaí a mheas go bhfuil siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

8.3.1.   An bunús dlí leis an measúnú

(365)

Rinne an coimisiún measúnú ar an mbeart ar tugadh fógra faoi ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE lena bhforáiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú gur comhoiriúnach í ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’.

8.3.2.   Coinníoll dearfach: gníomhaíocht eacnamaíoch a fhorbairt

8.3.2.1.   Rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche

(366)

Le hAirteagal 107(3)(c) CFAE foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin ‘cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’. Dá bhrí sin, le cabhair chomhoiriúnach faoin bhforáil sin den Chonradh ní mór rannchuidiú le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe (157).

(367)

D’fhéadfadh gá a bheith le hidirghabháil Stáit chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe a éascú nó a dhreasú, ar gníomhaíochtaí iad nach bhforbródh nó nach bhforbródh ar an luas céanna nó faoi na dálaí céanna in éagmais na cabhrach.

(368)

Mar a mhínítear i Roinn 2 agus Roinn 4.4.1 den Chinneadh Tosaigh, is é is aidhm do na bearta atá faoi réir an Chinnidh seo infheistíocht i nginiúint nua cumhachta núicléiche a chumasú agus oibriú na giniúna sin a áirithiú ar feadh tréimhse fhada. Go sonrach, leis an tacaíocht a sholáthraíonn an Stát, spriocdhírítear go díreach ar thógáil, coimisiúnú agus oibriú na hacmhainneachta nua. De réir údaráis na Seicia, is é is aidhm don chonradh ceannaigh a áirithiú go dtáirgfidh an gléasra leictreachas agus go mbeifear in ann cúnamh airgeadais in-aisíoctha a aisíoc (féach 3.6). Tá gá leis an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha chun go mbeidh tionscnóir an Tionscadail in ann cuid mhór de chostais infheistíochta an Tionscadail a chumhdach (féach 3.7). Tá cosaint ar athrú dlí ag teastáil chun an méid cabhrach is gá chun an Tionscadal a thabhairt ar aghaidh a ísliú trí laghdú a dhéanamh ar rioscaí áirithe a mheastar nach bhfuil neart ag an infheisteoir orthu (féach 3.8)

(369)

Laghdaíonn gach ceann de na trí bheart na príomhthosca riosca a thiocfadh chun cinn murach sin in infheistíochtaí i sócmhainní móra giniúna cumhachta núicléiche. I dteannta a chéile, laghdaíonn siad go mór riosca foriomlán an Tionscadail don infheisteoir. Mar a leag údaráis na Seicia amach, ní dhearnadh roinnt tionscadal infheistíochta san fhuinneamh núicléach a chur chun feidhme de dheasca na rioscaí sin (féach aithris 220). Dá bhrí sin, rannchuidíonn na bearta le forbairt giniúna leictreachais ó fhoinsí fuinnimh núicléach sa tSeicia.

(370)

Meabhraíonn an Coimisiún gur aithin an Chúirt Bhreithiúnais forbairt acmhainneachta nua núicléiche mar ghníomhaíocht eacnamaíoch de réir bhrí Airteagal 107(3)(c) CFAE (158) agus gur shuigh sí go bhféadfar Airteagal 107 CFAE a chur i bhfeidhm maidir le hinfheistíochtaí i ngléasraí cumhachta núicléiche. (159)

(371)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go n-éascaíonn na bearta forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe mar a cheanglaítear le hAirteagal 107(3)(c) CFAE.

8.3.2.2.   Éifeacht dreasachta

(372)

Ní féidir a mheas go n-éascaíonn státchabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Bíonn éifeacht dreasachta ann má dhreasaítear an tairbhí leis sin chun a iompraíocht a athrú i dtreo na forbartha gníomhaíochta eacnamaíche a shaothraítear leis an gcabhair agus mura dtarlódh an t-athrú iompraíochta sin murach an chabhair.

(373)

Mhínigh an tSeicia nach mbeadh na dreasachtaí is gá ag an infheisteoir, in éagmais na cabhrach, chun infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt acmhainneachta nua giniúna leictreachais núicléach (160). Saintréith den mhargadh is ea luaineacht ard, éagobhsaíocht na timpeallachta rialála agus eacnamaíocht na n-acmhainní núicléacha i bhfoirm costais arda ionchuir infheistíochta, agus is bacainn iad sin freisin ar dhul isteach sa tionscal. Ní dócha go mbeidh infheistíocht i bhfuinneamh núicléach brabúsach gan tacaíocht Stáit mar gheall ar éiginnteacht na bhforbairtí sa mhargadh leictreachais.

(374)

Tugann an Coimisiún dá aire nach rachadh an Tionscadal ar aghaidh gan tacaíocht Stáit i bhfianaise na ndálaí margaidh éiginnte atá ann faoi láthair agus a athraíonn go tapa agus i bhfianaise na dteipeanna margaidh atá bainteach le forbairt cumhachta núicléiche (i.e. scála an cheanglais caipitil, saolré na neamhchosanta ar chomharthaí margadhphraghsanna, agus saolré na neamhchosanta ar chinntí polaitiúla) (161).

(375)

Tugann an Coimisiún dá aire thairis sin nach ndúnfaí bearna leachtachta an Tionscadail in éagmais na cabhrach. Is é is cúis leis sin na costais mhaoinithe níos airde is dócha a thabhódh an Tionscadal in éagmais an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha agus an easpa cobhsaíocht ioncaim a sholáthraítear leis an gconradh ceannaigh. Thairis sin, gan idirghabháil Stáit, bheadh rioscaí móra breise ann don infheisteoir a mhaolaítear ina mhalairt de chás leis na bearta tacaíochta, amhail an riosca margadhphraghais agus an riosca beartais (féach aithris 498), rud a thugann le tuiscint go mbeadh coinne ag an infheisteoir le toradh níos airde, ar bhonn comparáide, chun an tionscadal a chur chun feidhme gan chabhair.

(376)

I bhfianaise a mhéid thuas, measann an Coimisiún go bhfuil éifeacht dreasachta ag an gcabhair toisc go dtugann sí spreagadh don tairbhí gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch nach ndéanfadh sé in éagmais na cabhrach.

8.3.2.3.   Forálacha ábhartha dhlí an Aontais a chomhlíonadh

(377)

Mar a mhínítear sa Chinneadh Tosaigh, chinn an Chúirt Bhreithiúnais i gcás Hinkley Point C (162)nach féidir a dhearbhú go bhfuil státchabhair a sháraíonn forálacha nó prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais comhoiriúnach leis an margadh inmheánach’. Maidir le fuinneamh núicléach go sonrach, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais i gcás na hearnála ‘a chumhdaítear le Conradh Euratom, i ndáil le státchabhair le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch a thagann faoin earnáil sin a léirítear tar éis scrúdú a dhéanamh uirthi go sáraíonn sí rialacha dhlí an Aontais maidir leis an gcomhshaol, nach féidir a dhearbhú go bhfuil sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun na forála sin’  (163).

(378)

Thairis sin, a mhéid a bhaineann le reachtaíocht thánaisteach, amhail Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (164), faoina bhfuil tionscadail áirithe faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol, chuir an Chúirt Bhreithiúnais i dtábhacht go bhfuil feidhm aici maidir le gléasraí cumhachta núicléiche agus imoibreoirí núicléacha eile.

(379)

Shoiléirigh an Chúirt freisin nach gcuirtear bac ar infheistíochtaí i bhfuinneamh núicléach le hAirteagal 194 CFAE maidir le beartas fuinnimh an Aontais. (165) De réir an chásdlí (166), ós rud é gur faoi na Ballstáit atá sé, faoi CFAE, fuinneamh núicléach a roghnú, is léir nach dtagann cuspóirí agus prionsabail dhlí comhshaoil an Aontais agus na cuspóirí a shaothraítear le Conradh Euratom salach ar a chéile, sa chaoi nach féidir a mheas go bhfágann prionsabal chosaint an chomhshaoil, prionsabal an réamhchúraim, an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’ agus prionsabal na hinbhuanaitheachta go gcuirtear bac, i ngach cás, ar státchabhair a dheonú chun gléasra cumhachta núicléiche a thógáil nó a oibriú.

(380)

Dá réir sin, an Tionscadal agus na bearta a bheith bainteach le fuinneamh núicléach, ní rud é a fhágann go bhfuil na bearta neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Roghnaigh an tSeicia an fuinneamh núicléach chun aghaidh a thabhairt ar a dúshlán dícharbónaithe agus ar shaincheisteanna leordhóthanachta acmhainní amach anseo agus ar ábhair imní maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh (féach roinn 2.2 thuas).

(381)

Níl aon tásc ag an gCoimisiún go sáraíonn an Tionscadal forálacha dhlí an chomhshaoil. Mhínigh údaráis na Seicia go raibh próiseas fairsing oscailte measúnaithe tionchair comhshaoil ann roimh fhorbairt an Tionscadail (féach aithris 78) a rinneadh i gcomhréir le ceanglais reachtaíochta tánaistí an Aontais (167).

(382)

De réir an chásdlí, ‘nuair a chuireann an Coimisiún an nós imeachta um státchabhair i bhfeidhm, ceanglaítear air, i gcomhréir le scéim ghinearálta an Chonartha, a áirithiú go ndéantar forálacha lena rialaítear státchabhair a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach le forálacha sonracha seachas iad siúd a bhaineann le státchabhair agus, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na cabhrach i gceist leis na forálacha sonracha sin. Ní fhorchuirtear oibleagáid den sórt sin ar an gCoimisiún, áfach, ach amháin i gcás ina bhfuil baint chomh dlúth sin idir gnéithe na cabhrach agus ábhar na cabhrach nach féidir meastóireacht a dhéanamh orthu ar leithligh. [...] Os a choinne sin, más féidir an ghné atá i gceist a dheighilt ó ábhar na cabhrach, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a chomhoiriúnacht le forálacha seachas na forálacha sin a bhaineann le státchabhair i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 108 CFAE’ (168)

(383)

Dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta sa bhreithiúnas uaithi maidir le státchabhair don ghléasra cumhachta núicléiche Paks II nach gceanglaítear ar an gCoimisiún a fhíorú go bhfuil aon ghné de bheart cabhrach nó aon eilimint a bhaineann le cabhair – in éagmais nasc doshéanta – i gcomhréir le dlí an Aontais (169). Sa chás sin, thug an Chúirt Ghinearálta dá haire thairis sin ‘nach n-athrófaí ábhar na cabhrach [...] ná tairbhí na cabhrach [...] dá ndéanfaí nós imeachta soláthair phoiblí agus dá n-úsáidfí gnóthas eile chun na himoibreoirí a thógáil’ (170).

(384)

Sa chás seo, measann an Coimisiún nach bhfuil aon ‘nasc doscaoilte’ idir gnéithe na státchabhrach agus gnéithe an tsoláthair phoiblí, toisc gur féidir meastóireacht a dhéanamh orthu ar leithligh. Tacaíonn na bearta státchabhrach (an conradh ceannaigh, an cúnamh airgeadais in-aisíoctha, an sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais) leis an ngníomhaíocht (gléasra cumhachta núicléiche a bhunú agus a oibriú) go neamhspleách ar an gcaoi a roghnaítear an conraitheoir innealtóireachta, soláthair agus tógála. Ní bhraitheann cur chun feidhme na mbeart cabhrach ach oiread ar chur i bhfeidhm beacht na rialacha maidir le soláthar poiblí. Leis na bearta a bhfuil measúnú á dhéanamh orthu, féachtar ar thoradh an phróisis soláthair (i.e. na costais infheistíochta) mar ionchur sa tSamhail Airgeadais lena gcinntear praghas ceangail an chonartha ceannaigh (171). Fiú sa chás hipitéiseach ina mbeadh na hionchuir sin le boilsciú tar éis na ceanglais soláthair a chur i bhfeidhm go mícheart, ní bheadh saobhadh breise ann de dheasca na mbeart cabhrach a bhfuil measúnú á dhéanamh orthu. Go deimhin, mura n-urramófaí rialacha maidir le soláthar poiblí, d’fhéadfadh sé nach mbeadh de thoradh air sin ach éifeachtaí saobhacha ar mhargadh na n-oibreacha foirgníochta núicléiche agus ní ar an margadh leictreachais. Dá bhrí sin, is féidir oibriú an ghléasra cumhachta agus na coinníollacha maidir leis an leictreachas a mhargú a scaradh ó na gnéithe soláthair phoiblí a bhaineann le tógáil an ghléasra cumhachta. Dá bhrí sin, is féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an mbeart gan meastóireacht a dhéanamh ar ghnéithe soláthair phoiblí an chonartha innealtóireachta, soláthair agus tógála ós rud é nach bhfuil dlúthbhaint ag na gnéithe sin leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch a chuirtear chun cinn leis an gcabhair ná lena módúlachtaí.

(385)

I réimse an fhuinnimh, ní mór d’aon tobhach arb é is aidhm dó beart státchabhrach a mhaoiniú agus ar cuid lárnach den bheart sin é Airteagail 30 agus 110 CFAE a chomhlíonadh go háirithe (172).

(386)

De réir cásdlí socair, chun go measfar gur dlúthchuid de bheart cabhrach é tobhach, ní mór é a fhiach-urrú don chabhair faoi na rialacha náisiúnta ábhartha, sa chiall gur gá an t-ioncam ón muirear a leithdháileadh chun an chabhair a mhaoiniú agus go bhfuil tionchar díreach aige sin ar an méid cabhrach agus, dá thoradh sin, ar an measúnú ar chomhoiriúnacht na cabhrach sin leis an gcómhargadh (173). Go sonrach, ní mór an muirear lena mbaineann a thobhach go sonrach agus go heisiach chun an chabhair i gceist a mhaoiniú (174).

(387)

Ina theannta sin, is léir ón gcásdlí freisin nach bhféadfaidh aon fhiach-urrú den sórt sin a bheith ann i gcás ina gcinntear an méid cabhrach ar bhonn critéir oibiachtúla amháin, nach mbaineann leis an ioncam leithdháilte, agus faoi réir dearbh-uasteorainn reachtúil (175). Go sonrach, chinn an Chúirt nach ann d’aon fhiach-urrú i gcás ina ndéantar an méid cabhrach a bhunú leis an reachtaíocht náisiúnta idir luach íosta agus luach uasta gan beann ar an ioncam ón gcáin (176). Thairis sin, chinn an Chúirt le déanaí nach raibh aon fhiach-urrú ann idir an cháin agus an chabhair a deonaíodh i gcás inar cinneadh an méid cabhrach de réir critéir nach mbaineann leis an ioncam cánach leithdháilte agus inar foráladh leis an reachtaíocht náisiúnta gur ghá aon bharrachas i ndáil leis an gcabhair sin a ath-leithdháileadh, de réir mar is iomchuí, ar chúlchiste nó ar an státchiste, ar ioncam é a bhí faoi réir dearbh-uasteorann agus a raibh aon bharrachas le hath-leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Stáit dá thoradh sin freisin (177). Chun a chinneadh nach ann do nasc fiach-urraithe, chuir an Chúirt san áireamh freisin, i gcás nach mbeidh an t-ioncam ón tobhach leordhóthanach chun méid iomlán na cabhrach a chumhdach, go gceanglaítear ar an mBallstát ábhartha an t-easnamh a chumhdach trí bhíthin ranníocaíochtaí óna bhuiséad ginearálta.

(388)

Sa chás seo, is é an Aireacht a chumhdóidh maoiniú Bheart 1, mar a chuirtear in iúl thuas (aithris 107), trí bhíthin cistí arna dtiomsú ó na nithe seo a leanas: (i) an t-ioncam ó dhíolacháin leictreachais an mheáin shainchuspóirigh; (ii) tobhach arna ghearradh ag na hoibreoirí gréasáin ar thomhaltóirí deiridh leictreachais, comhchosúil leis an gcaoi a maoinítear foinsí fuinnimh in-athnuaite cheana; agus (iii) ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Stáit. Mar a phléitear thuas (aithris 41), áfach, i gcás ina mbeidh praghas ceangail an chonartha ceannaigh níos airde ná na margadhphraghsanna leictreachais, beidh ar an Stát an difríocht phraghais a mhaoiniú trí acmhainní Stáit, is é sin trí bhuiséad an Stáit agus trí thobhaigh tomhaltais.

(389)

Dheimhnigh an tSeicia thairis sin, cé go bhféadfadh tobhach rannchuidiú le maoiniú na mbeart, nach mbeadh an maoiniú ag brath ar thobhach den sórt sin agus go gcumhdófaí costais le buiséad an Stáit i gcás inar gá. Go sonrach, déanfar barrachas tobhaigh, más ann dó, a ath-leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Stáit agus easnaimh, más ann dóibh, a chumhdach le buiséad ginearálta an Stáit ar deireadh (féach aithris 42).

(390)

Fágann sé sin nach n-imríonn tabhairt isteach féideartha tobhaigh sa Tionscadal i ndáil le maoiniú an chonartha ceannaigh tionchar díreach ar mhéid na cabhrach agus, dá bhrí sin, nach cuid dhílis den bheart é toisc nach ndéantar é a fhiach-urrú don chabhair faoi na rialacha náisiúnta ábhartha. Dá thoradh sin, ní dhéantar measúnú sa chinneadh seo ar chomhlíonadh an tobhaigh le hAirteagail 30 agus 110 CFAE.

(391)

Ar deireadh, tugann an Coimisiún dá aire gur gheall údaráis na Seicia go gcomhlíonfadh sí a hoibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún faoin Tionscadal de bhun Airteagal 41 de Chonradh Euratom.

(392)

Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach sáraíonn na bearta atá beartaithe ná an ghníomhaíocht a dtacaítear léi, iontu féin, aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais.

8.3.2.4.   Conclúid

(393)

I bhfianaise an mhéid thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíonann an Tionscadal an chéad choinníoll (dearfach) den mheasúnú comhoiriúnachta (i.e. go n-éascaíonn an chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche).

8.3.3.   Coinníoll diúltach: ní féidir leis an gcabhair difear míchuí a dhéanamh do choinníollacha trádála an oiread is go mbeadh dochar ann don leas coiteann

8.3.3.1.   An margadh a ndéanann an chabhair difear dó a shainaithint

(394)

Mar a cuireadh in iúl sa Chinneadh Tosaigh, ceapadh an Tionscadal chun cuidiú le dícharbónú chóras fuinnimh na Seicia agus chun aghaidh a thabhairt ar ábhar imní maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais lena gcumhdaítear margadh na Seicia (féach aithris 8 agus na haithrisí a leanann í). An tráth céanna, suíodh go bhfuil margadh na Seicia idirnasctha go maith sa Chroí-réigiún (178) (féach aithris 16).

(395)

I bhfianaise an mhéid thuas, is iad margaí leictreachais na Seicia agus margadh leictreachais an Chroí-réigiúin na margaí atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar na bearta i gceist.

8.3.3.2.   Éifeachtaí dearfacha an bhirt cabhrach a shainaithint

(396)

Mar a mhínítear i Roinn 4.4.2.2 den Chinneadh Tosaigh, is é atá i gceist leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta deireadh a chur le húsáid breoslaí iontaise de réir a chéile ag tosú leis na breoslaí is mó truailliú. D’fhógair formhór na mBallstát a bpleananna cheana féin chun deireadh a chur le húsáid guail de réir a chéile sna blianta amach romhainn (179). Leagtar amach sa phlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí de chuid na Seicia cuspóir straitéiseach go gcuirfear deireadh iomlán de réir a chéile le húsáid guail chun leictreachas a ghiniúint faoi 2033. De réir staidéir CEPS (féach aithris 12), eascraíonn saincheisteanna leordhóthanachta as na forbairtí sin sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tá coinne leis go mbreathnófar an treocht sin i mBallstáit eile a chuireann deireadh de réir a chéile le húsáid guail.

(397)

Le hinfheistíochtaí breise i bhfoinsí fuinnimh núicléach, soláthraítear sócmhainní giniúna ísealcharbóin iontaofa a bhfuil méid áirithe solúbthachta acu. Trí sholáthairtí slána a áirithiú agus deireadh á chur de réir a chéile leis na breoslaí is mó truailliú agus an spleáchas ar ghás nádúrtha á laghdú, rannchuidíonn an ghiniúint núicléach, a bhfuil astaíochtaí carbóin ísle aici in aghaidh gach MWh den leictreachas a tháirgtear, le cuspóirí dícharbónaithe náisiúnta agus Eorpacha a bhaint amach (i gcomhpháirt le forbairt fuinnimh in-athnuaite).

(398)

Mar a mhínigh an tSeicia, tacóidh an Tionscadal go díreach le cuspóirí REPowerEU freisin toisc go laghdóidh sé an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe atá faoi réir luaineachtaí praghsanna agus rioscaí geopholaitiúla, rud a neartóidh an tslándáil fuinnimh.

(399)

Thairis sin, trí acmhainneachtaí nua giniúna núicléiche a shuiteáil, rannchuidítear leis an nginiúint is gá ar thaobh an tsoláthair a choinneáil ar bun. Tá gá leis sin chun aghaidh a thabhairt ar an méadú a mheastar a thiocfaidh ar an éileamh ar leictreachas sa tSeicia i gcomhthráth leis na bearta chun an t-éileamh a laghdú, ar bearta iad a glacadh de bhun na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (féach aithris 15).

(400)

Tugann an Coimisiún dá aire go n-áiritheoidh údaráis na Seicia go gcomhlíonfaidh an Tionscadal na critéir scagtha theicniúla maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnáil an fhuinnimh núicléach mar a leagtar amach sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht (180). Cé nach gcruthaítear leis an Rialachán sin oibleagáidí atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le gléasraí cumhachta núicléiche a thógáil nó a oibriú, ná ceanglais bhreise maidir le státchabhair a dheonú, bunaítear leis na critéir chun a chinneadh an gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Agus gealltanas tugtha ag an tSeicia na ceanglais sin a chomhlíonadh, is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil an Tionscadal inbhuanaithe, nach ndéanfaidh sé dochar mór d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile agus go bhfuil sé ailínithe leis an gconair i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050.

(401)

Go sonrach, chun gléasraí nua cumhachta núicléiche a thógáil agus a oibriú go sábháilte, chun leictreachas nó teas a ghiniúint, lena n-áirítear chun hidrigin a tháirgeadh, agus úsáid á baint as na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil, bunaítear roinnt critéar scagtha maidir le hinfheistíochtaí i sócmhainní nua giniúna núicléiche le roinn 4.27 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún (181). Áirítear orthu sin an Ballstát a bheith á léiriú go mbeidh acmhainní ar fáil aige ag deireadh shaolré mheasta úsáidte an ghléasra cumhachta núicléiche a chomhfhreagraíonn do chostas measta an bhainistithe dramhaíola radaighníomhaí agus an díchoimisiúnaithe, saoráidí diúscartha deiridh oibríochtúla a bheith ag an mBallstát le haghaidh na dramhaíola radaighníomhaí uile ar leibhéal an-íseal, íseal agus idirmheánach, plean doiciméadaithe a bheith ag an mBallstát ina bhfuil céimeanna mionsonraithe chun go mbeidh saoráid diúscartha dramhaíola radaighníomhaí ardleibhéil i bhfeidhm aige faoi 2050, agus an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil a bheith á cur i bhfeidhm sa Tionscadal, lena n-áirítear ó 2025 maidir le húsáid breosla atá frithsheasmhach in aghaidh timpistí. Tá gealltanas tugtha ag údaráis na Seicia na ceanglais sin uile a chomhlíonadh (féach aithrisí (81) agus (82)).

(402)

Cé gur áitigh tríú páirtithe go léiríonn ráitis phoiblí oifigigh na Seicia go bhféachfaidh siad le tionchar a imirt ar an bpróiseas reachtach chun coinníollacha na Tacsanomaíochta a bhaineann le stór domhain dramhaíola radaighníomhaí ardleibhéil a oibríochtú faoi 2050 a leasú nó a chur siar, níl aon fhaisnéis ag an gCoimisiún a chaithfeadh amhras ar ghealltanas údaráis na Seicia. An 11 Eanáir 2023, ghlac an tSeicia Rún Uimh. 24 ó Rialtas na Seicia maidir leis an gceanglas na critéir scagtha theicniúla a bhaineann le bainistiú dramhaíola radaighníomhaí a chomhlíonadh. De réir an rúin sin, déanfaidh an tSeicia a dícheall na critéir theicniúla a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear an stór domhain geolaíoch dramhaíola núicléiche a chur i bhfeidhm faoi 2050 (féach aithrisí 81 agus 82).

(403)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil éifeachtaí dearfacha ag an Tionscadal ar an margadh toisc go rannchuideoidh sé le dícharbónú an mheascáin fuinnimh ar bhealach a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus go méadóidh sé slándáil an tsoláthair fuinnimh. Ós rud é go bhfuil an croí-réigiún idirnasctha go maith, is dócha go rachadh na héifeachtaí dearfacha sin chun tairbhe do na Ballstáit chomharsanacha a allmhairíonn leictreachas ón tSeicia.

8.3.3.3.   Riachtanas na hidirghabhála Stáit

(404)

Chun a chinneadh an bhfuil gá le beart cabhrach, ní mór don Choimisiún a mheasúnú an bhfuil an beart spriocdhírithe ar chás ina bhféadfadh an beart feabhsú ábhartha a dhéanamh nach féidir leis an margadh é féin a bhaint amach. Cabhair lena gcuirtear feabhas ar staid airgeadais an ghnóthais is faighteoir ach nach bhfuil gá léi chun an cuspóir atá beartaithe a bhaint amach, ní féidir a mheas go bhfuil sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

(405)

Sa chás seo, cuireann an tSeicia infheistíochtaí nua núicléacha chun cinn mar a chumhdaítear i gConradh Euratom chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán a dícharbónaithe agus ar bhearna san acmhainneacht shuiteáilte náisiúnta fhoriomlán a bheidh roimpi go luath mar gheall ar an dul ar scor atá beartaithe don ghiniúint cumhachta breosla iontaise agus núicléiche atá ann cheana (féach aithrisí 8 agus 19). Ní mór don Choimisiún a mheasúnú an bhfuil gá le státchabhair chun an cuspóir go gcuirfear infheistíochtaí nua núicléacha chun cinn a bhaint amach.

(406)

Sa Chinneadh Tosaigh, mhínigh an Coimisiún gur toisc ábhartha é teipeanna margaidh a bheith ann chun measúnú a dhéanamh ar riachtanas na cabhrach agus d’aithin sé teipeanna margaidh áirithe a éilíonn idirghabháil Stáit maidir le forbairt cumhachta núicléiche (182). Go sonrach, i gcás infheistíochtaí nua i bhfuinneamh núicléach, tagann an teip mhargaidh aníos mar gheall ar thrí ghné go príomha: (i) scála an cheanglais caipitil, (ii) saolré na neamhchosanta ar chomharthaí margadhphraghsanna, a mbíonn idirghabhálacha á saobhadh iad féin, agus (iii) saolré na neamhchosanta ar chinntí polaitiúla.

(407)

Ar an gcéad dul síos, tá scála na gceanglas caipitil maidir le hinfheistíochtaí núicléacha thar a bheith ard. Cé nach gá go mbeadh meánchostais iomlána táirgthe fuinnimh i gcás giniúint núicléach níos airde ná mar a bhíonn i gcás teicneolaíochtaí eile, (183) ní fhéadfaí saolré fhada agus acmhainneacht mhór táirgeachta gléasraí cumhachta núicléiche a chur i gcomparáid ach leis na tionscadail hidreachumhachta is mó. Tá na riachtanais chaipitil sin, a bhfuil roinnt billiún euro i gceist leo, níos géire fós mar gheall ar mhéaduithe móra ar chostais infheistíochta a tharlaíonn go minic i gcás saoráidí giniúna núicléiche nuathógtha. Go deimhin, rinne moilleanna tógála agus méaduithe ar chostais difear go háirithe d’infheistíochtaí úrnua de Ghlúin III i dtíortha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE). (184)

(408)

Ar an dara dul síos, fágann réanna oibrithe beartaithe 60 bliain go bhfuil sé deacair gnáthfhaid infheistíochtaí príobháideacha nó iasachtaí tráchtála a ailíniú le saolré an Tionscadail. Tá sé sin níos ábhartha fós sna margaí leictreachais atá ann faoi láthair, a bhfuil athrú mór tagtha orthu mar gheall ar an aistriú fuinnimh agus foinsí fuinnimh in-athnuaite a bheith á gcur chun úsáide go tapa, chomh maith le hathchóirithe rialála a ghabhann leis an aistriú sin. Dá thoradh sin, bíonn sé deacair ar na rannpháirtithe sa mhargadh is mó taithí fiú praghsanna cumhachta amach anseo a thuar go héasca agus ní chumhdaítear leis an gcuid is mó de thrádálacha leictreachais tréimhse is faide ná 5 bliana amach anseo.

(409)

Ar deireadh, tá fuinneamh núicléach fós ina chonspóid shochaíoch agus pholaitiúil agus ní mór riosca an athraithe beartais a chur san áireamh in infheistíochtaí i sócmhainní giniúna núicléiche.

(410)

D’aithin an Coimisiún freisin gur leis an teicneolaíocht núicléach amháin a bhaineann an teaglaim eilimintí sin (185), agus gur gné ghinearálta de mhargaí uile an Aontais í, lena n-áirítear margadh leictreachais na Seicia.

(411)

Chomhthacaigh na haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara leis an réamh-mheasúnú a rinne an Coimisiún sa Chinneadh Tosaigh. Tugann an Coimisiún dá aire gur thagair an tSeicia ina barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh do dhálaí neamhfhabhracha margaidh le déanaí a bhfuil rioscaí do thionscnóirí tionscadal nua núicléach ag dul i méid go mór dá ndeasca, lena n-áirítear an tírdhreach maicreacnamaíoch agus brúnna boilscitheacha, méaduithe ar rátaí úis, chomh maith le teagmhais uathúla amhail ionradh na Rúise ar an Úcráin as ar eascair suaitheadh suntasach sa mhargadh agus sa slabhra soláthair. Dá bhrí sin, áitíonn údaráis na Seicia nach dócha go dtógfar gléasraí cumhachta núicléiche in éagmais tacaíocht státchabhrach.

(412)

Tharraing údaráis na Seicia aird freisin ar an luaineacht mhéadaithe i margaí fuinnimh, arb é is cúis léi go páirteach méadú ar an sciar d’acmhainní a bhfuil costais imeallacha nialasacha acu amhail an ghaoth agus an ghrian, agus ar luascadh praghsanna gáis chomh maith, rud a fhágann nach féidir le rannpháirtithe sa mhargadh a dtorthaí a thuar agus a chuireann teorainn dá bhrí sin le dreasachtaí chun tionscadail núicléacha mhórscála a fhorbairt, ach amháin má tá infheisteoirí in ann neamhchosaint ar mhargadhphraghsanna a fhálú. Mar sin féin, chun fálú a dhéanamh trí chonarthaí fadtéarmacha ní mór do chontrapháirtithe a bheith toilteanach glacadh le praghsanna atá ard go leor ionas go n-áiritheofar toradh leordhóthanach do na hinfheisteoirí i gcaitheamh tréimhse ama an-fhada. Cuireadh tuairimí comhchosúla isteach i mbarúlacha roinnt tríú páirtithe a tháinig ar an gconclúid nach bhfuil sé indéanta tionscadail nua núicléacha a thógáil gan tacaíocht Stáit i margadh leictreachais na hEorpa faoi láthair.

(413)

Mar a mhínítear i dtuarascáil chomhpháirteach ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) agus ón nGníomhaireacht um Fhuinneamh Núicléach (NEA) (186), léiríonn na treochtaí is déanaí i margaí an iarthair maidir le gléasraí cumhachta núicléiche nuathógtha go bhfuil costais ag dul i méid go mór agus go bhfuil moill mhór ar thógáil. Rud a mhíníonn é sin go páirteach is ea gur cuireadh tús le tionscadail nua tar éis sos fada i dtógáil gléasraí cumhachta núicléiche, a rinne creimeadh mór ar an slabhra soláthair núicléach agus ar chumais an tionscail, agus rud eile a mhíníonn go páirteach é is ea easpa aibíochta an dearaidh agus easpa pleanála forghníomhaithe tráth a cuireadh tús leis an tógáil, chomh maith le comhthéacs polaitiúil atá ag éirí níos éiginnte. Fionntar sa tuarascáil gur laghdaigh an staid sin muinín na bpáirtithe leasmhara i gcumas an tionscail núicléach tionscadail nuathógtha a chur i gcrích agus gur mhéadaigh sé an leibhéal riosca infheistíochta a mheastar a bheith ann, rud a scanraíonn infheisteoirí agus a laghdaíonn a thuilleadh an seans go meallfar maoiniú le haghaidh tionscadal amach anseo.

(414)

Mínítear sa tuarascáil, áfach, go gcuirtear infheistíochtaí nua núicléacha i gcrích in am agus i gcomhréir leis an mbuiséad i dtíortha eile amhail an tSín agus an Chóiré agus is é conclúid na tuarascála nach dálaí a bhaineann go sonrach leis an suíomh amháin a mhíníonn an bhearna idir iad agus tíortha an iarthair. Dá bhrí sin, ní gné dhílis den teicneolaíocht féin iad na dúshláin a bhíonn i dtíortha an iarthair ach braitheann siad ar na dálaí ina ndéantar tionscadail a fhorbairt agus a chur i gcrích agus ar na hidirghníomhaíochtaí idir páirtithe leasmhara éagsúla.

(415)

Meabhraíonn an Coimisiún barúlacha tríú páirtithe a d’áitigh go bhféadfaí soláthar fuinnimh a ráthú freisin le teicneolaíochtaí níos saoire agus a mheas go gcuirfeadh fóirdheontais don earnáil núicléach moill ar dhul chun cinn maidir le teicneolaíochtaí eile atá níos saoire agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid. D’áitigh údaráis na Seicia go bhfuil an acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite sa tSeicia teoranta, ach go bhfuil méadú ar an nginiúint núicléach agus in-athnuaite araon ina gcodanna tábhachtacha den straitéis náisiúnta fuinnimh agus aeráide (féach aithris 21). Áitíonn siad freisin, cé gur túisce a dhéanfaí infheistíochtaí san fhuinneamh gaoithe in éagmais an Tionscadail ná a dhéanfaí agus é ann, go mbeadh an méadú iomlán ar fhuinneamh gaoithe comhionann sa dá chás (féach aithris 270). Tá an míniú sin inchreidte. Go deimhin, is féidir infheistíochtaí in acmhainneacht giniúna fuinnimh gaoithe agus grianfhuinnimh a dhéanamh i bhfad níos tapa agus ar chostas caipitil níos ísle ná an Tionscadal. Tá siad teoranta ag tosca eile, áfach, amhail suíomhanna a bheith ar fáil agus an acmhainneacht nascadh leis an ngréasán. Thairis sin, an tionchar teoranta a imreoidh an Tionscadal ar mhargadhphraghsanna ar an margadh mórdhíola (EUR 2/MWh), mar a atá coinne leis, tugann sé le fios go mbeadh tionchar íosta aige ar infheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite. Mar sin féin, na dreasachtaí a sholáthraíonn foirmle an chonartha ceannaigh chun táirgeadh a uasmhéadú tráth praghsanna arda agus é a laghdú tráth praghsanna ísle, laghdaíonn siad freisin tionchar iomaíoch an bhirt ar infheistíochtaí margadhbhunaithe i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, toisc gur féidir coinne a bheith leis go mbeidh sócmhainní giniúna in-athnuaite á rith go minic, go háirithe sna tréimhsí ina mbíonn an praghas níos ísle (ós rud é go bhfuil acmhainní móra in-athnuaite ar fáil sna tréimhsí sin, rud a laghdaíonn margadhphraghsanna).

(416)

D’áitigh freagróir eile go bhfuil coinne le praghsanna arda leictreachais sna blianta amach romhainn. Tá éiginnteacht mhór ag baint leis an réamhaisnéis ar phraghsanna leictreachais i bhfad amach. Má bhíonn praghsanna leictreachais i bhfad níos airde ná mar atá coinne leis, forálfar leis an gconradh ceannaigh agus leis an sásra comhroinnte gnóthachan go mbeidh ioncam ag Stát na Seicia, rud a chuirfidh teorainn leis an róchúiteamh chun tairbhe do ČEZ. Ar an taobh eile, má bhíonn margadhphraghsanna níos ísle ná mar atá coinne leis, go háirithe má bhíonn an t-éileamh níos ísle ná mar atá coinne leis nó má dhéantar fuinneamh in-athnuaite a leathadh amach go mear, ní bheadh an Tionscadal in ann a chostas caipitil a íoc in éagmais an bhirt.

(417)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur sainaithníodh teipeanna margaidh go soiléir i ndáil le hinfheistíochtaí i bhfoinsí nua fuinnimh núicléach sa tSeicia. Mar gheall ar an tréimhse infheistíochta an-fhada, níl leordhóthain cinnteachta ann go bhfanfaidh na praghsanna arda fuinnimh atá ann faoi láthair ard ar feadh tréimhse sách fada chun difear a dhéanamh don mheasúnú sin. I bhfianaise nach bhfuil acmhainneacht leordhóthanach giniúna leictreachais sa tSeicia, i bhfianaise na dteipeanna margaidh sin agus i bhfianaise sprioc straitéiseach bheartas fuinnimh na Seicia, arb é is aidhm dó neamhthuilleamaíocht choibhneasta a bhaint amach ó thaobh giniúna leictreachais de i gcomhthráth le dícharbónú fadtéarmach na giniúna leictreachais, is cosúil go bhfuil gá le tacaíocht Stáit chun an Tionscadal a thógáil sa tSeicia.

(418)

Go deimhin, ní móide fós go mbeadh fórsaí an mhargaidh amháin in ann a áirithiú go soláthrófaí go tráthúil an acmhainneacht núicléach chéanna leis an Tionscadal, rud is gá chun forbairt giniúna leictreachais ó fhoinsí fuinnimh núicléach sa tSeicia a éascú.

(419)

I bhfianaise an mhéid thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil gá leis an státchabhair chun forbairt acmhainneachtaí nua núicléacha sa tSeicia a áirithiú. Ina theannta sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go gcruthaíonn na bearta éifeacht dreasachta don tairbhí, rud a áirithíonn go gcuirfear an Tionscadal i gcrích go rathúil.

8.3.3.4.   Oiriúnacht

(420)

Ní mór don Choimisiún a chinneadh ina mheasúnú cé acu atá nó nach bhfuil an bearta atá beartaithe ina ionstraim bheartais iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar a chuspóir, arb é atá ann sa chás seo forbairt giniúna cumhachta núicléiche a chur chun cinn chun bearna soláthair amach anseo a chúiteamh.

(421)

Sa Chinneadh Tosaigh, thug an Coimisiún dá aire gur bhreithnigh an tSeicia roinnt sásraí tacaíochta malartacha chun infheistíochtaí i dtáirgeadh fuinnimh núicléach a dhreasú, amhail creidmheasanna cánach, sásraí acmhainneachta, cabhair infheistíochta dírí, samhail praghsanna infheistíochta rialáilte (bonn sócmhainní rialáilte) a shocrú, etc., arb é an breithniú a rinneadh ina leith nach raibh aon cheann acu chomh hiomchuí leis na bearta a roghnaíodh ar deireadh chun cabhair a sholáthar.

(422)

Aontaíonn an Coimisiún gur dócha nach mbeadh ionstraimí beartais eile den sórt sin astu féin leordhóthanach chun na torthaí céanna a bhaint amach i bhfianaise shonraíochtaí an Tionscadail agus mhéid na n-acmhainní airgeadais atá ag teastáil. Go sonrach, mura ndéanfaí ach ceann amháin de na trí bheart a bhaint gan tuilleadh coigeartuithe a dhéanamh, bheadh rioscaí móra ann don infheisteoir nach mbeadh aghaidh tugtha orthu, agus aghaidh á tabhairt ag gach ceann acu ar theip mhargaidh dhifriúil. (187) I gcás ina mbainfidh sásraí tacaíochta malartacha go príomha le foinsí eile maoiniúcháin (creidmheasanna cánach), ní gá go laghdóidís an tionchar ar an iomaíocht. Is coincheapa ginearálta iad sásraí acmhainneachta agus samhlacha boinn sócmhainní rialáilte a bhfuil roinnt mhaith cineálacha éagsúla díobh ann. Maidir leis an mbeart coincréiteach atá i gceist, níor tugadh fianaise ar aghaidh san imscrúdú foirmiúil go soláthródh coincheapa den sórt sin réitigh níos iomchuí ar na teipeanna margaidh a tarraingíodh anuas.

(423)

Mar sin féin, cheistigh an Coimisiún ina Chinneadh Tosaigh an bhféadfaí a mheas gurb iomchuí státchabhair a sholáthar don teaglaim de na trí bheart (i.e. an cúnamh airgeadais in-aisíoctha, an conradh ceannaigh, agus an chosaint ar athrú dlí) agus d’fhiosraigh sé an mbeadh leibhéal níos airde neamhchosanta ar rioscaí margaidh níos iomchuí. Go sonrach, mheas an Coimisiún go bhféadfadh an teaglaim de na trí bheart agus leagan amach tosaigh an Tionscadail rioscaí margaidh tábhachtacha a bhaint agus, dá réir sin, go bhféadfaidís cur isteach ar dhreasachtaí áirithe i dtaca le hiompraíocht iomaíoch.

(424)

Chuir an Coimisiún amhras in iúl freisin an bhfuil an teaglaim de na trí bheart sin iomchuí chun forbairt an Tionscadail a áirithiú mar, san am a chuaigh thart, is cosúil go raibh líon beart ní ba theoranta, nach raibh chomh hidirghabhálach céanna, b’fhéidir, leordhóthanach chun an infheistíocht a chumasú.

(425)

Thairis sin, cheistigh an Coimisiún an mbaintear amach an chothromaíocht cheart lena molann an tSeicia, is é sin ionstraimí iolracha a úsáid, nó an bhféadfadh sé go mbainfeadh ionstraimí malartacha, nó gan ach cuid díobh, na cuspóirí céanna amach gan a oiread sin cabhrach nó gan an iomaíocht a shaobhadh chomh mór sin.

(426)

Argóintí údaráis na Seicia lena dtacaítear leis an teaglaim beart atá beartaithe, tá siad nasctha leis na príomhtheipeanna margaidh a bhfuil na bearta ceaptha aghaidh a thabhairt orthu mar a thuairiscítear i Roinn 4.1 thuas, go háirithe scála an cheanglais caipitil, saolré na neamhchosanta ar chomharthaí margadhphraghsanna agus saolré na neamhchosanta ar chinntí polaitiúla. D’aithin an Coimisiún cheana féin nach ngabhfadh infheisteoir príobháideach don Tionscadal faoi ghnáthdhálaí margaidh mar gheall ar na rioscaí sin (188).

(427)

Mar a mhínítear thuas (féach aithrisí (83) go (106), le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil, chun maolú a dhéanamh ar amhras an Choimisiúin i ndáil lena mhéad a bheadh an Tionscadal neamhchosanta ar rioscaí margaidh, chuir an tSeicia neamhchosaint ar mhargadhphraghas isteach san fhoirmle chun socraíocht ex post EDU II a ríomh agus laghdaigh sí tréimhse an chonartha ceannaigh go 40 bliain, rud a mhéadaigh neamhchosaint an Tionscadail ar rioscaí margaidh. Fágann sé sin freisin go bhfuil dreasachtaí eacnamaíocha ag EDU II chun aschur cumhachta a bharrfheabhsú ar bhealach a uasmhéadóidh an seoladh i dtréimhsí ardphraghais agus a laghdóidh an seoladh (agus cothabháil a sceidealú, mar shampla) i dtréimhsí ísealphraghais. Laghdaíonn sé sin éifeacht shaobhach an bhirt.

(428)

Ina theannta sin, meabhraíonn an Coimisiún gur mheas an Coimisiún go raibh teaglaim chomhchosúil beart iomchuí i gcás Hinkley Point C (189).

(429)

Measann an Coimisiún gur ionstraim iomchuí iad an teaglaim de na trí bheart, mar a thug an tSeicia fógra fúthu san imscrúdú foirmiúil, agus leagan amach comhfhreagrach an Tionscadail a chumasóidh an infheistíocht sa ghléasra cumhachta núicléiche. Measann an Coimisiún go bhfuil gá leis na trí bheart in éineacht chun aghaidh a thabhairt ar na teipeanna margaidh a tharlaíonn i bhforbairt gléasraí nua cumhachta núicléiche.

(430)

Ar an gcéad dul síos, a mhéid a bheidh teipeanna fadtéarmacha den sórt sin sa mhargadh caipitil, níor leor as féin cúnamh airgeadais in-aisíoctha a sholáthar chun infheistíocht i nginiúint nua fuinnimh núicléach a chumasú toisc nach dtugann sé aghaidh ach ar an ngá atá le caipiteal a fháil chun an t-aonad nua núicléach a thógáil agus ní ar na saincheisteanna a bhaineann go sonrach leis an bhfuinneamh núicléach, amhail na rioscaí ar leith a eascraíonn as a thógáil agus as a shaolré fhada chasta. Soláthraíonn an cúnamh airgeadais in-aisíoctha an caipiteal uile is gá, nach mór, chun an gléasra nua cumhachta núicléiche a thógáil, agus tugann an conradh ceannaigh deis don infheisteoir cothromas a ghealladh don Tionscadal. Mar sin féin, ní áiritheofaí leis an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha as féin gur féidir an iasacht a aisíoc, agus d’fhéadfadh tráthanna praghsanna ísle inmharthanacht an Tionscadail a chur i mbaol. Dá bhrí sin, tá an cúnamh airgeadais in-aisíoctha féin bunaithe ar chonradh ceannaigh a bheith ann agus tá dlúthnasc aige leis, óir cuirtear san áireamh i rátáil an Tionscadail gur ann don chonradh ceannaigh. Is é ioncam ráthaithe an chonartha ceannaigh agus é sin amháin a d’fhéadfadh próifíl riosca fhadtéarmach an Tionscadail a chúiteamh.

(431)

Thairis sin, measann an Coimisiún go bhfuil an cúnamh airgeadais in-aisíoctha iomchuí chun an infheistíocht a chumasú agus chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna fadtéarmacha sa mhargadh caipitil freisin i gcomparáid le ráthaíocht Stáit i leith saoráid iasachtaithe mhargadhbhunaithe, ós rud é go dtéann sé i ngleic leis an riosca nach bhfaighfear maoiniú leordhóthanach ó iasachtóirí príobháideacha chun an Tionscadal a chumasú, go n-áirithítear leis gur lú na costas fiachais agus na táillí a bhainfidh le maoiniú a shocrú agus a ghealladh i gcaitheamh na tréimhse tógála uile agus go dteastaíonn níos lú ama chun an pacáiste maoinithe a shocrú freisin i gcás méaduithe ar chostais. Ós rud é go n-imreodh aon mhéadú ar chostas caipitil tionchar díreach ar ríomh an phraghais ceangail, cumasaíonn an cúnamh airgeadais in-aisíoctha praghas ceangail níos ísle sa chonradh ceannaigh (féach aithris 171), rud a laghdaíonn costas foriomlán an bhirt.

(432)

Ar an dara dul síos, le conradh ceannaigh a mhairfidh 40 bliain, tugtar aghaidh ar an ngá go soláthrófar cobhsaíocht agus intuarthacht praghsanna agus an ráta toraidh ar chothromas, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo i gcás infheistíochtaí den mhéid agus den fhad sin agus atá fíor-riachtanach dá bhrí sin chun an infheistíocht a chumasú. Sa chiall sin, tugtar aghaidh leis an gconradh ceannaigh ar an teip mhargaidh a shainaithnítear thuas maidir le saolré na neamhchosanta ar chomharthaí margadhphraghsanna.

(433)

Ar an tríú dul síos, leis an gcúiteamh a dheonaítear i gcás cineálacha polaitiúla nó reachtacha pionóis idirdhealaithigh ar theicneolaíocht núicléach (i.e. an chosaint ar athrú dlí), tugtar aghaidh ar na rioscaí breise a d’fhéadfaí a mheas a bheith bainteach go sonrach leis an earnáil núicléach (go príomha, an fhéidearthacht go mbeadh moilleanna infheistíochta ann mar gheall ar athruithe ar an gcreat reachtach, ar chúiseanna polaitiúla mar shampla). Leis na coigeartuithe ar eilimintí ionchuir i bhfoirmle an chonartha ceannaigh i gcás méaduithe ar chostais bunaithe ar fhoras dlisteanach, tugtar aghaidh freisin ar an riosca go dtiocfaidh méaduithe ar chostais ar gné dhílis iad d’infheistíochtaí giniúna núicléiche.

(434)

I bhfianaise an mhéid thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an conradh ceannaigh a bhfuil tréimhse 40 bliain aige, an cúnamh airgeadais in-aisíoctha agus an sásra um chosaint ar athrú dlí, mar atá struchtúrtha sna bearta ar tugadh fógra fúthu, i dteannta a chéile, ina n-ionstraimí iomchuí chun státchabhair a sholáthar don Tionscadal.

8.3.3.5.   Comhréireacht

(435)

Chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht birt, ní mór don Choimisiún a fhíorú go bhfuil an beart teoranta don íosmhéid a chumasaíonn cur i gcrích rathúil an Tionscadail chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach.

(436)

Sa Chinneadh Tosaigh, mhínigh an Coimisiún nach mór an teaglaim de bhearta tacaíochta atá beartaithe ag údaráis na Seicia a chur san áireamh sa mheasúnú comhréireachta. Trí phríomhábhar imní i ndáil le comhréireacht a bhí sa bheart, ar tugadh fógra fúthu agus atá ábhartha do mheasúnú an Choimisiúin.

(437)

Ar an gcéad dul síos, measadh go raibh tréimhse 60 bliain an chonartha ceannaigh ar tugadh fógra fúithi rófhada, ó tharla go raibh sí i bhfad níos faide ná an tréimhse atá beartaithe le haghaidh aisíocaíocht an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha agus níos faide ná tréimhse na mbeart tacaíochta dírí praghais a rinneadh in infheistíochtaí núicléacha roimhe seo (190). Sa Chinneadh Tosaigh, cheistigh an Coimisiún ar cheart an cúiteamh as costais infheistíochta an Tionscadail a bhreith ailínithe níos dlúithe le módúlachtaí agus tréimhse aisíocaíochta an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha.

(438)

Ar an dara dul síos, measadh go raibh an ráta toraidh a bhí beartaithe ró-ard, i riocht agus nach bhféadfaí róchúiteamh a chur as an áireamh agus an teaglaim de bhearta tacaíochta ar tugadh fógra fúthu agus próifíl riosca an Tionscadail a eascraíonn astu sin á gcur san áireamh. Go sonrach, leis an gconradh cumhachta ceannaigh ar phraghas seasta faoinar tugadh fógra ar dtús, aistríodh rioscaí praghais agus rioscaí margaidh araon chuig an meán sainchuspóireach agus, dá bhrí sin, chuig an Stát, agus rinne an cúnamh airgeadais in-aisíoctha laghdú mór ar an riosca maoinithe óir cuireadh maoiniú ar fáil ar théarmaí an-tarraingteach, gan aon ráta úis a ghearradh i gcaitheamh na tréimhse tógála. Ar deireadh, leis an sásra um chosaint ar athrú dlí nó beartais, soláthraíodh cosaint ar athruithe beartais agus ar theagmhais eile nach bhfuil neart ag EDU II orthu. Áirítear orthu sin athruithe ar bheartas náisiúnta na Seicia maidir le fuinneamh núicléach, cinntí gan na bearta tacaíochta eile a dheonú nó a gcur chun feidhme a stopadh trí dhiúltú dóibh siúd a dhéanfadh tairiscint chun an gléasra a thógáil, agus méaduithe costais i ngeall ar liosta uileghabhálach de chineálacha forais dhlisteanaigh freisin. I bhfianaise leithdháileadh na rioscaí idir an tairbhí agus an Stát, mheas an Coimisiún nach raibh údar leis an mbiseach tógála núicléiche agus oibríochtaí núicléacha a áireamh i meastachán CAPM.

(439)

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún amhras in iúl an mbeadh an sásra róchúitimh atá beartaithe ag an tSeicia leormhaith chun cosc a chur ar róchúiteamh, go háirithe agus sciar 50:50 den ualach ag an Stát agus EDU II ann. (191)

(440)

Ar an tríú dul síos, maidir leis an gcomhlacht atá ceannasach sa mhargadh, ČEZ, a roghnú mar thionscnóir an tionscadail gan próiseas roghnúcháin oscailte, chuir an Coimisiún amhras in iúl an gciallódh sé sin go bhfuil an tacaíocht is gá a thabhairt don Tionscadal níos airde ná an tacaíocht a bheadh ag teastáil ina mhalairt de chás.

(441)

Déanfar anailís sna ranna thíos ar na saincheisteanna sin i bhfianaise na n-athruithe ar na bearta tacaíochta atá beartaithe ag údaráis na Seicia, sula dtiocfar ar chonclúidí críochnaitheacha maidir leis an bpacáiste cabhrach foriomlán.

8.3.3.5.1.   An conradh ceannaigh

8.3.3.5.1.1.   Tréimhse an chonartha ceannaigh

(442)

Mar a luaitear in aithris 437, measadh go raibh tréimhse 60 bliain an chonartha ceannaigh ar tugadh fógra fúithi rófhada. Ba í tuairim an Choimisiúin gur cheart an cúiteamh as costais infheistíochta an Tionscadail a bheith ailínithe le módúlachtaí agus tréimhse aisíocaíochta an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha, atá thart ar 30 bliain sa bhonnchás a chuir údaráis na Seicia i láthair.

(443)

D’áitigh an tSeicia go bhfuil gá le maolán (nó ‘earrthréimhse’) idir aibíocht an chonartha ceannaigh agus aisíocaíocht an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha chun a áirithiú go mbeidh an Tionscadal fós inmharthana ó thaobh airgeadais de, go háirithe chun a áirithiú go bhféadfaí an cúnamh airgeadais in-aisíoctha a aisíoc ina iomláine le linn teagmhais fhéideartha ar an taobh thíos. Go sonrach, chuir údaráis na Seicia sonraí ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) i láthair a léiríonn go raibh tréimhsí fada i gceist le tionscadail cumhachta núicléiche mhórscála le déanaí sula rabhthas in ann seoladh na sócmhainne a chobhsú agus, dá bhrí sin, an lódfhachtóir spriocdhírithe a bhaint amach a d’fhágfadh gurbh fhéidir an Tionscadal a mhaoiniú.

Tábla 9

Am cobhsúcháin lódfhachtóra

Image 13

(444)

Chuir údaráis na Seicia tréimhse athbhreithnithe an chonartha ceannaigh isteach, rud a laghdaigh an tréimhse ó 60 bliain go 40 bliain. Tá sí sin ag teacht níos dlúithe le tréimhse an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha, cé go bhfuil sí fós i bhfad níos faide ná í. Cé go bhfuil údar le tréimhse áirithe a ligfidh d’oibriú an ghléasra cumhachta cobhsú tar éis thús na hoibríochta, i bhfianaise na ndeacrachtaí teicniúla a bhí ag tionscadail eile tar éis a dtosaithe, tá an tréimhse ag ceann uachtair na dtréimhsí a bhreathnaítear i dtionscadail eile.

(445)

Mar sin féin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gá tús thréimhse an chonartha ceannaigh a bheith mar an gcéanna le tús oibriú an ghléasra cumhachta. Go deimhin, tosaíonn an tréimhse ceannaigh ón dáta is luaithe díobh seo: (i) an dáta tosaigh, i.e. an lá a sheolann an gléasra cumhachta núicléiche an chéad leictreachas isteach san eangach agus a thugann EDU II fógra don Stát/don mheán sainchuspóireach gur mian leis go dtarlóidh an dáta tosaigh faoi réir sprioc-amanna atá le sainiú sa chonradh ceannaigh nó (ii) an dáta deiridh, i.e. an lá tar éis lá deireanach na sprioc-idirthréimhse coimisiúnaithe a mhairfidh 5 bliana dar tús an spriocdháta coimisiúnaithe. (féach fonóta 39). Cuirfear síneadh leis an spriocdháta coimisiúnaithe chun aon mhoill de dheasca teagmhas a bhfuil foras dlisteanach leis a chur san áireamh. Dá bhrí sin, i gcás moilleanna seachas moill ar fhoras dlisteanach, déantar an tréimhse a chumhdaítear leis an gconradh ceannaigh a ghiorrú dá réir. Cé go ndéanann sé sin foráil maidir le maolán 5 bliana i gcás moilleanna, i bhfianaise moilleanna ar thionscadail núicléacha le déanaí i ndáil le gineadóirí den tríú glúin+, is mór an riosca go mbeidh moilleanna is faide ná 5 bliana ann. I dteannta a chéile, fágann an riosca a bhaineann le tréimhse ghiorraithe an chonartha ceannaigh agus an t-am is gá chun aschur an ghléasra cumhachta a chobhsú tar éis thús na n-oibríochtaí go bhfuil tréimhse an chonartha ceannaigh ina neastachán ar thréimhse aisíocaíochta an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha.

(446)

Ar deireadh, i gcás róchaiteachais, ní féidir a chur as an áireamh gur ghá an cúnamh airgeadais in-aisíoctha a athmhaoiniú go páirteach trí iasachtaí margadhbhunaithe príobháideacha chun é a aisíoc. Sa chás sin, ní bheadh aisíocaíocht an chostais infheistíochta cúpláilte go díreach a thuilleadh le tréimhse an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha (féach aithris 180). Go sonrach, mura mbeadh an t-ioncam ón margadh le linn thréimhse an chonartha ceannaigh leordhóthanach chun na costais a bhaineann le haisíoc an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha a chumhdach, d’fhéadfaí iasachtaí margadhbhunaithe a úsáid chun codanna den chostas a bhaineann le haisíoc an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha a mhaoiniú. D’aisíocfaí na hiasachtaí margadhbhunaithe sin ansin tar éis an cúnamh airgeadais in-aisíoctha a aisíoc, bunaithe ar an ioncam ón margadh sa tréimhse tar éis an chonartha ceannaigh.

(447)

I dteannta a chéile, tá na heilimintí a leagtar amach thuas leordhóthanach chun go measfaidh an Coimisiún go bhfuil tréimhse 40 bliain don chonradh ceannaigh comhréireach.

(448)

Tugann an Coimisiún dá aire nach gciallaíonn sé sin go mbeadh an Tionscadal inmharthana agus gan ach saolré oibriúcháin 40 bliain aige. Go deimhin, glacann an tSamhail Airgeadais leis go mbeidh saolré oibriúcháin 60 bliain ann agus braitheann sí ar ioncam ón margadh tar éis dheireadh thréimhse an chonartha ceannaigh chun an spriocráta toraidh inmheánach [9 go 11] % ar chothromas a bhaint amach. Cé go léiríonn anailís íogaireachta, ina nglactar leis go mbeidh margadhphraghsanna ísle ann tar éis dheireadh thréimhse an chonartha ceannaigh, go bhféadfadh an gléasra scor de bheith ag oibriú an tráth sin de cheal dreasachtaí airgeadais (féach aithris 148), ní chiallaíonn sin go ndéanfaí an infheistíocht d’fhonn saolré oibriúcháin 40 bliain amháin a bhaint amach. Go deimhin, chun go mbeadh an infheistíocht inmharthana, ba ghá gur rí-dhóigh leis an infheisteoir go mbeadh timpeallacht mhargaidh ann a thabharfadh caoi d’oibriú leanúnach tar éis dheireadh thréimhse an chonartha ceannaigh. Socraítear an spriocráta toraidh inmheánach ar chothromas i gcaitheamh shaolré 60 bliain an tionscadail. Má bhíonn margadhphraghsanna tar éis thréimhse an chonartha ceannaigh i bhfad níos ísle ná mar atá coinne leis, bheadh tionchar diúltach aige sin ar an toradh réadaithe ar an infheistíocht, rud a laghdódh an ráta toraidh inmheánach ar chothromas faoi bhun na sprice [9 go 11] %.

8.3.3.5.1.2.   Cúiteamh de réir na foirmle luacha saothair

(449)

Mar a luaitear in aithrisí 88 go 91, tá dhá théarma i bhfoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh: an téarma socraíochta ex post agus téarma na neamhchosanta ar an margadh. Tá an struchtúr sin cosúil leis an gcaoi a gceaptar conarthaí difríochta dhá threo (192) agus, dá bhrí sin, tá éifeachtaí comhchosúla aige i dtéarmaí cobhsaíocht ioncaim a sholáthar agus róchúiteamh a theorannú, chomh maith le dreasachtaí i dtaca le hoibríocht éifeachtúil don ghléasra cumhachta. Sa roinn seo, déanann an Coimisiún measúnú ar na gnéithe a bhaineann le comhréireacht (cúiteamh), agus déanann sé measúnú i roinn 8.3.3.6.2 ar na gnéithe a bhaineann le dreasachtaí i dtaca le hoibríocht éifeachtúil.

(450)

Leis an téarma socraíochta ex post bliantúil, áirithítear cobhsaíocht ioncaim don ghléasra cumhachta agus cuirtear teorainn leis an gcúiteamh freisin. Leis an téarma socraíochta, déantar an gléasra cumhachta a fhálú in aghaidh an riosca go dtiocfaidh forbairtí neamhchinnte ar mheánphraghsanna margaidh agus, ós rud é go ríomhtar i ndáil le méid tagartha seasta é (faoi réir coigeartuithe foirmle mar a thuairiscítear in aithrisí 88 agus 90), soláthraítear fálú thairis sin in aghaidh rioscaí méideanna. Ar thaobh amháin, ráthaítear leis an téarma socraíochta go bhfaighidh an gléasra núicléach aon bhreisiú is gá ar mheánphraghsanna margaidh tar éis gach bliana chun an spriocluach saothair a bhaint amach. Go sonrach, má bhíonn meán bliantúil ex post spotphraghsanna margaidh in aghaidh na huaire ar an margadh lá roimh ré (i.e. an praghas tagartha) faoi bhun an phraghais ceangail, tabharfaidh an méid socraíochta an luach saothair nár sholáthair an margadh. Ar an taobh eile, áirithítear leis an téarma socraíochta, má bhíonn meánphraghas bliantúil an mhargaidh níos mó ná an praghas atá leordhóthanach chun an spriocluach saothair a bhaint amach, go n-aisíocfaidh an gléasra cumhachta an barrachas (i.e. an difríocht idir an praghas tagartha agus an praghas ceangail) chun róchúiteamh a sheachaint.

(451)

Maidir leis na coigeartuithe i dtéarma socraíochta ex post fhoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh mar a thuairiscítear in 88 agus 90, soláthraíonn an chéad choigeartú (nuair a bheidh an praghas tagartha (p’) os cionn na gcostas athraitheach oibriúcháin (c)) sábháilteacht bhreise ioncaim don ghléasra cumhachta i gcás ina dtarlóidh éarthaí neamhbheartaithe i mblianta ina mbeidh meánphraghsanna an mhargaidh ard. Sa chás sin, tá an aisíocaíocht teoranta don difríocht idir an praghas tagartha agus an praghas ceangail arna hiolrú faoin gcainníocht iarbhír seachas faoin gcainníocht tagartha. Leis an dara coigeartú (nuair a bheidh an margadhphraghas tagartha (p’) cothrom leis an gcostas athraitheach oibriúcháin nó faoina bhun (c)), tugtar isteach uasteorainn ar an téarma socraíochta agus cuirtear teorainn leis an róchúiteamh dá réir. Má dhreasaítear don ghléasra aschur a laghdú go héifeachtúil agus má bhíonn margadhphraghsanna an-íseal, mar shampla, beidh an cúiteamh ón téarma socraíochta teoranta don difríocht idir an praghas ceangail agus na costais oibriúcháin a bhaineann leis an gcainníocht tagartha. Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, go n-áirithítear leis an téarma socraíochta ex post, lena n-áirítear na coigeartuithe, nach bhfaighidh an gléasra cumhachta níos mó cúitimh ná mar is gá chun an spriocluach saothair a bhaint amach, agus go soláthraítear cobhsaíocht ioncaim agus dreasachtaí i dtaca le hoibríocht éifeachtúil an tráth céanna.

(452)

Thairis sin, mar a phléitear i roinn 8.3.3.6.2., soláthraíonn foirmle luacha saothair an chonartha difríochta sa chonradh ceannaigh dreasachtaí éifeachtúla don ghléasra cumhachta chun uasmhéadú a dhéanamh ar a bhrabús seachas ar a aschur. Is léir an éifeacht bhrabúsachta sin freisin sa mheastachán a rinne údaráis na Seicia go ndéanfaidh an gléasra cumhachta, faoi fhoirmle luacha saothair an chonartha difríochta, ioncam níos airde agus costais níos ísle ar an meán a bhaint amach ná i gcás uasmhéadú aschuir (féach aithris 150). Dá thoradh sin, má chuirtear cur chuige fhoirmle an chonartha ceannaigh in ionad chur chuige an chomhaontaithe ceannaigh cumhachta ar phraghas seasta, beidh bearna leachtachta níos ísle ann (is mó an t-ioncam a bhfuil coinne leis agus is lú na costais a bhfuil coinne leo), rud a laghdóidh an praghas ceangail agus an méid cabhrach is gá.

8.3.3.5.1.3.   Sásra róchúitimh

(453)

Sa Chinneadh Tosaigh, chuir an Coimisiún amhras in iúl an gcuirfeadh an sásra comhroinnte gnóthachan cothromais atá beartaithe ag an tSeicia cosc leordhóthanach ar róchúiteamh agus mheas sé nach raibh an fachtóir comhroinnte 50:50 ailínithe leis an dáileadh rioscaí idir an tairbhí agus an Stát, mar a bhí i gceist leis an mbeart ar tugadh fógra faoi ar dtús.

(454)

Ar an gcéad dul síos, meabhraíonn an Coimisiún, mar a mhínítear sa roinn roimhe seo, go ndéanann an modh luacha saothair athbhreithnithe faoin gconradh ceannaigh maolú ar an riosca róchúitimh i gcás margadhphraghsanna arda, ós rud é go gceanglaítear ar an oibreoir ioncam ón margadh is mó ná praghas ceangail an chonartha ceannaigh a thabhairt ar ais don mheán sainchuspóireach. Aithnítear go mbeadh éifeacht chomhchosúil ag luach saothair ar phraghas seasta in aghaidh an aonaid leictreachais arna tháirgeadh, mar a thug an tSeicia fógra faoi ar dtús, cé go mbeadh feidhm aige i gcaitheamh tréimhse níos faide (i.e. saolré na sócmhainne i gcomparáid le huastréimhse 40 bliain an chonartha ceannaigh). Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, go léiríonn torthaí samhaltaithe gur dócha go dtiocfaidh laghduithe ar an bpraghas ceangail as na dreasachtaí i dtaca le hoibríocht éifeachtúil atá mar chuid d’fhoirmle luacha saothair athbhreithnithe an chonartha ceannaigh i gcomparáid le conradh ceannaigh ar phraghas seasta, mar gheall ar chostais oibriúcháin níos ísle agus torthaí margaidh níos airde, agus dá bhrí sin go mbeidh leibhéil tacaíochta níos ísle i gcaitheamh thréimhse an chonartha ceannaigh.

(455)

Ar an dara dul síos, maidir leis an bhfachtóir comhroinnte gnóthachan, tugann an Coimisiún dá aire go gcoinníonn an tSeicia comhroinnt 50:50 ar bun le linn an chonartha ceannaigh, agus go méadaíonn sí beagán é go 60:40 chun tairbhe don tairbhí sna 20 bliain tar éis don chonradh ceannaigh dul in éag. Is é a thugann údar leis an méadú sin, dar leis an tSeicia, gur gá léiriú a thabhairt ar neamhchosaint níos airde an tairbhí ar riosca margadhphraghsanna. Aontaíonn an Coimisiún go méadaíonn an laghdú ar thréimhse an chonartha ceannaigh go 40 bliain próifíl riosca fhoriomlán an Tionscadail toisc go dtugann sé isteach riosca margadhphraghsanna i gcaitheamh tréimhse fhada lena gcumhdaítear aon trian de shaolré ionchasach na sócmhainne. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil na fachtóirí athbhreithnithe comhroinnte gnóthachan ailínithe le próifíl riosca níos airde an Tionscadail a eascraíonn as coigeartuithe bheart 1, go háirithe an laghdú ar thréimhse na tacaíochta dírí praghais. Áiritheofar leis an sásra comhroinnte gnóthachan cothromais go ndéanfar aon bhuntáiste do EDU II a chomhroinnt leis an Stát agus, an tráth céanna, go mbeidh dreasachtaí leordhóthanacha ag EDU II fós chun réadú na mbuntáistí sin a lorg, mar shampla trí laghduithe costais.

(456)

Cuireann an tSeicia in iúl, fiú agus mionchoigeartú déanta aici i leith na tréimhse tar éis an chonartha ceannaigh, gur mó an chomhroinnt idir an t-oibreoir agus an Stát (i.e. 50:50 le linn an chonartha ceannaigh agus 60:40 don chuid eile de shaolré an ghléasra cumhachta núicléiche) a sholáthraítear leis an bhfachtóir comhroinnte atá beartaithe ná a sholáthraítear leis an infheistíocht núicléach in Hinkley Point C (HPC) mar fhasach, ar mheas an Coimisiún ina leith gur fachtóir comhréireach a bhí san fhachtóir comhroinnte tosaigh 70:30, rud ab infheidhme ag ráta toraidh inmheánach ar chothromas a bhí níos airde i gcás an tionscadail sin ná sa chás seo. Tugann an Coimisiún dá aire gurb amhlaidh go raibh an sásra comhroinnte gnóthachan cothromais in HPC bunaithe ar dhá thairseach, lena ndéantar na fachtóirí comhroinnte idir an tairbhí agus an Stát a athrú ó 70:30 go 40:60 i gcás ina réadaítear ráta toraidh inmheánach ar chothromas os cionn an dara tairseach (níos airde). Dá bhrí sin, le sásra comhroinnte gnóthachan cothromais HPC, ní dhéantar foráil i ngach imthoisc fhéideartha maidir le fachtóir comhroinnte nach bhfuil chomh fabhrach céanna don Stát agus atá sé don Tionscadal. An tráth céanna, measann an Coimisiún nach gá gur tagarmharc maith é sásra comhroinnte gnóthachan HPC chun measúnú a dhéanamh ar an sásra róchúitimh atá beartaithe don Tionscadal, mar tá difríochtaí móra idir na tionscadail a mhéid a bhaineann lena bpróifílí riosca, le himthosca an mhargaidh agus lena bpacáistí tacaíochta.

(457)

Ar an tríú dul síos, thagair údaráis na Seicia freisin do roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála ar bhonn tairiscint iomaíoch, ina bhfuil sásra margadhbhunaithe leabaithe, dar leo, a bhaineann teagmhais mhíchuí ionchasacha de thoimhdí foluiteacha na Samhla Airgeadais maidir le costais infheistíochta. Maidir le próiseas iomaíoch a dhéanamh chun an conraitheoir innealtóireachta, soláthair agus tógála a roghnú, ina ndéanann soláthróirí ionchasacha tairiscint in aghaidh a chéile chun an conradh a bhuachan, aontaíonn an Coimisiún gur dócha go bhfuil sé sin níos buntáistí go heacnamaíoch ná an conradh innealtóireachta, soláthair agus tógála a dhámhachtain go díreach (i.e. gan iomaíocht), mar shampla. Dá bhrí sin, ós i bpróiseas tairisceana iomaíoch a chinntear na costais infheistíochta a úsáidtear sa tSamhail Airgeadais chun praghas ceangail an chonartha ceannaigh a chalabrú, d’fhéadfaidís rannchuidiú le rioscaí róchúitimh a laghdú.

(458)

Ar deireadh, maidir le gnóthachain a bheidh ag an meán sainchuspóireach de thoradh coigeartuithe róchúitimh, tugann an Coimisiún dá aire go mbeidh siad i bhfoirm íocaíocht chnapshuime ón tairbhí chuig an meán sainchuspóireach nó go mbeidh laghdú ar phraghas ceangail an chonartha ceannaigh mar thoradh orthu, rud a laghdóidh an leibhéal tacaíochta a sholáthróidh an Stát le linn thréimhse iomlán oibriú an ghléasra.

(459)

I bhfianaise na n-argóintí thuas, maidir leis na sásraí rialaithe róchúitimh a chorpraítear i bhfoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh agus sa sásra athbhreithnithe comhroinnte gnóthachan cothromais, measann an Coimisiún go bhfuil siad iomchuí agus ailínithe leis an dáileadh rioscaí idir an tairbhí agus an Stát.

8.3.3.5.2.   Na toimhdí tosaigh agus an anailís ar chásanna sa tsamhail airgeadais

(460)

Sholáthair údaráis na Seicia roinnt toimhdí maidir le paraiméadair nach eol go fóill iad ach a bhfuil tionchar mór acu ar an bpraghas ceangail. Baineann sé sin go háirithe le hionchais margadhphraghsanna, infhaighteacht an ghléasra, costais foirgníochta, costais oibriúcháin, costais um dhíchoimisiúnú agus costas caipitil.

(461)

Úsáidtear na toimhdí sin mar ionchuir sa tsamhail airgeadais, chun an praghas ceangail a bhfuil coinne leis faoi láthair a ríomh (féach roinn 3.6.2), agus é d’aidhm aige sin ráta toraidh inmheánach [9 go 11 %] ar chothromas a bhaint amach i gcaitheamh shaolré oibriúcháin an Tionscadail. Dá bhrí sin, is aschur den tsamhail airgeadais é an praghas ceangail agus ríomhfar dá réir sin é.

(462)

Tá tionchar díreach ag toimhdí áirithe freisin ar an ráta toraidh inmheánach ar chothromas a bhfuil coinne leis. Cé gurb é is aidhm don tsamhail go ginearálta spriocráta toraidh inmheánach [9 go 11] % ar chothromas a bhaint amach, d’fhéadfadh dialltaí ón spriocráta toraidh inmheánach sin ar chothromas a bheith mar thoradh ar mhodhnuithe ar pharaiméadair ionchuir nach eol go fóill. Mar shampla:

(a)

Má laghdaíonn an infhaighteacht theicniúil faoi bhun na sprice [70-100] %, rud a choiscfidh an gléasra ar tháirgeadh i dtréimhsí ina mbeidh an costas c faoi bhun an mhargadhphraghais p, beidh torthaí níos ísle ann; i gcás ina dtarlóidh sé sin ar fhoras neamhdhlisteanach, is é laghdú ar an ráta toraidh inmheánach ar chothromas a bheidh ann dá thoradh;

(b)

Má bhíonn na margadhphraghsanna p faoi bhun na gcostas oibriúcháin c ar feadh cuid mhór de shaolré an Tionscadail, ní oibreoidh an gléasra cumhachta. Sa chás sin, cuireann an dara cuid den fhoirmle luacha saothair uasteorainn leis an gcúiteamh, rud a laghdaíonn an ráta toraidh inmheánach ar chothromas go leibhéal [...] % a bhfuil coinne leis;

(c)

Dá mba rud é, ar an láimh eile, go mbeadh margadhphraghsanna tar éis dheireadh thréimhse an chonartha ceannaigh i bhfad níos airde ná mar atá coinne leis sa bhonnchás, bheadh torthaí ann a sháródh an spriocráta toraidh inmheánach [9 go 11] % ar chothromas. Sa chás sin, bheadh feidhm ag an sásra comhroinnte gnóthachan a d’fhágfadh 60 % de na torthaí breise sin ag EDU II agus a thabharfadh 40 % díobh ar ais don Stát.

(463)

Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, tá toimhdí inchreidte, lena n-áirítear toimhdí maidir le margadhphraghsanna amach anseo, costais foirgníochta, costais oibriúcháin, infhaighteacht an ghléasra, costais um dhíchoimisiúnú agus paraiméadair ábhartha eile amhail caiteachas caipitiúil agus maoiniú an tionscadail, an-ábhartha chun a áirithiú go bhfaighfear toradh comhréireach ar an Tionscadal. Mar sin féin, tá roinnt mhaith de na toimhdí sin faoi réir éiginnteacht mhór i ndáil le tionscadail nua gléasra cumhachta núicléiche. Toimhdí maidir le costais foirgníochta gléasraí cumhachta núicléiche de ghlúin III+, tharla sé arís agus arís eile nach raibh siad iontaofa i gcás roinnt tionscadail Eorpacha le déanaí. Is dúshlánach meastacháin a dhéanamh ar chostais i gcaitheamh shaolré oibriúcháin 60 bliain. Is amhlaidh an cás freisin maidir le margadhphraghsanna i dtreo dheireadh an chéid a thuar. I bhfianaise an mhéid sin, ní hamháin gur gá d’údaráis na Seicia a áirithiú go bhfuil na toimhdí is bonn leis an ngníomh deonúcháin tosaigh inchreidte ach, i gcás ina bhfuil gá le nuashonruithe ar na paraiméadair sin, iad a dhéanamh ar bhealach intuartha, trédhearcach, oibiachtúil agus infhíoraithe.

(464)

Sholáthair údaráis na Seicia toimhdí maidir leis na paraiméadair éagsúla ioncaim agus chostais atá ina n-ionchuir sa tsamhail airgeadais, mar a leagtar amach i roinn 3.6.6.

(465)

A mhéid a bhaineann le meastacháin ar mhargadhphraghsanna, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon réamhphraghas margaidh ar fáil i dtaobh tréimhsí i bhfad amach anseo lena gcumhdófaí an tréimhse tar éis an chonartha ceannaigh. Maidir le dialltaí ón margadhphraghas a réamh-mheastar a bheidh ann le linn thréimhse an chonartha ceannaigh, cé go gcúitítear den chuid is mó iad le héifeachtaí an chonartha ceannaigh féin, rud a chosnaíonn EDU II ar dhialltaí ó mheánphraghsanna, ní hamhlaidh an cás maidir leis an tréimhse tar éis an chonartha ceannaigh. Bhí an tSeicia ag brath ar thoimhdí tráchtála ČEZ i ndáil le forbairt mheánphraghsanna bliantúla an mhargaidh leictreachais i bPoblacht na Seice idir 2035 agus 2050. Le haghaidh na tréimhse 2051-2096, lena n-áirítear an tréimhse tar éis an chonartha ceannaigh, chun saolré oibriúcháin ionchasach iomlán an ghléasra a chumhdach, glacann údaráis na Seicia leis go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar mhargadhphraghsanna ag ráta seasmhach [...] % in aghaidh na bliana, chun léiriú a thabhairt ar an ionchas gur gnách go laghdóidh margadhphraghsanna san fhadtéarma mar gheall ar mhéadú ar fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite sa chóras. In éagmais coigeartuithe i leith boilsciú, tosaíonn an toimhde maidir leis an margadhphraghas lárnach ag EUR [...]/MWh in 2036, agus laghdaíonn sí uaidh sin go EUR [...]/MWh faoi 2050 agus, de réir a chéile, go EUR [...]/MWh in 2076 agus EUR [...]/MWh in 2096.

(466)

Ní féidir leis an gCoimisiún a thuar go cinnte an réadófar na praghsanna sin ar an margadh. I measúnú tionchair 2016 a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/943 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (athmhúnlú), luadh ‘go réamh-mheastar go mbeidh an sciar den leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite ag druidim le 60 % in 2050. Sa chás sin, tagann méadú mór ar an raon difríochta idir praghsanna bonnlóid agus buaiclóid, go príomha mar gheall ar na praghsanna bonnlóid atá níos ísle ná i dtréimhsí roimhe sin. Tá meánphraghsanna an mhargaidh lá roimh ré fós ard le linn na tréimhse réamh-mheastacháin, áfach, mar tá coinne leis fós go mbeidh an ghiniúint theirmeach imeallach (agus go socrófar praghas an mhargaidh lá roimh ré dá réir) le linn an chuid is mó d’uaireanta an chloig sa bhliain.’  (193) Agus na toimhdí sin ann, tuaradh leis an tsamhail sa mheasúnú tionchair go dtiocfadh méadú ar mheánphraghsanna an mhargaidh lá roimh ré san Aontas ó EUR 74/MWh in 2020 go EUR 118/MWh in 2035, agus go bhfanfaidís réasúnta cothrom ina dhiaidh sin ag EUR 122/MWh in 2050. Dá réir sin, bunaithe ar mheasúnú 2016, ní bheadh an tuar go laghdófaí praghsanna go mall ó 2036 ag teacht le staidéir a rinne an Coimisiún.

(467)

Mar sin féin, tá méadú mór tagtha ó shin ar an uaillmhian maidir leis an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite. Sa Treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite a glacadh in 2018 agus a ullmhaíodh dá réir i gcomhthráth leis an measúnú tionchair thuasluaite, rinneadh foráil maidir leis an sprioc gur fuinneamh in-athnuaite a bheadh in 30 % den tomhaltas fuinnimh deiridh faoi 2030. Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le fuinneamh an-athnuaite, a glacadh in 2023, déantar sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a ardú go 42,5 % ar a laghad, d’fhonn 45 % a bhaint amach. Leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach (194) go ndéanfar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa uile-Aontais arna rialáil i ndlí an Aontais a chothromú laistigh den Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus ar an gcaoi sin astaíochtaí a laghdú go nialas faoin dáta sin agus go mbeidh sé d’aidhm ag an Aontas astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Fágann an uaillmhian mhéadaithe sin maidir le giniúint in-athnuaite, ar giniúint ar ísealchostas imeallach den chuid is mó í, agus cuspóirí dícharbónaithe nach féidir glacadh leis an toimhde is bun le measúnú 2016, is é sin go bhfuil ‘coinne leis fós go mbeidh an ghiniúint theirmeach imeallach (agus go socrófar praghas an mhargaidh lá roimh ré dá réir) le linn an chuid is mó d’uaireanta an chloig sa bhliain’ , mar ionchas do 2050 ar féidir talamh slán a dhéanamh de cheana féin. Cé nach féidir a chur as an áireamh go bhfuil ról tábhachtach i gcónaí ag an nginiúint ar ardchostas imeallach (e.g. teicneolaíocht gabhála agus stórála carbóin a úsáid, nó breosla ísealcharbóin amhail hidrigin a ídiú), tá cásanna eile ann freisin inar féidir a thuar go sochreidte go mbeidh costas imeallach an-íseal ag baint le sciar ard uaireanta an chloig. Go deimhin, is féidir a fheiceáil cheana féin go dtarlaíonn sé sin ar feadh tréimhsí gearra ama i gcodanna de mhargadh leictreachais an Aontais. (195) Más cás eisceachtúil é sin cheana féin, i dtréimhsí ina mbeidh leibhéal ard táirgthe fuinnimh in-athnuaite ann agus leibhéal íseal éilimh, is féidir breathnú air mar cheann de roinnt cásanna sochreidte don tréimhse ama tar éis dheireadh an chonartha ceannaigh, dar tús 2078. Ní áitíonn údaráis na Seicia, áfach, go nglactar leis go mbeidh praghsanna leictreachais gar do nialas ar an meán tar éis dheireadh an chonartha ceannaigh. Ina ionad sin, glacann siad leis go dtiocfaidh laghdú mall ar mheánphraghsanna (196) go dtí go mbainfidh siad EUR [...]/MWh ar an meán amach in 2096.

(468)

Chun léiriú a thabhairt ar thionchar na dtoimhdí éagsúla praghais ar an tsamhail, chuir údaráis na Seicia anailísí íogaireachta praghsanna i láthair laistigh den tsamhail airgeadais, le cuidiú cásanna breise ina nglactar leis gur idir EUR -10/MWh agus EUR 150/MWh a bheidh sna hionchais leanúnacha bhliantúla maidir le meánphraghsanna an mhargaidh. Sna cásanna inarb iad EUR –10/MWh, EUR 10/MWh agus EUR 20/MWh na margadhphraghsanna, tá coinne acu leis go ndúnfar an gléasra tar éis don chonradh ceannaigh dul in éag, toisc go mbeadh an t-ioncam faoi bhun na gcostas oibriúcháin. Sa chás sin, níl aon riosca róchúitimh ann. Ar an taobh eile, thiocfadh méadú ar an ráta toraidh inmheánach ar chothromas dá mbeadh praghsanna leictreachais i bhfad níos airde ná mar a toimhdíodh. Mar sin féin, má thagann méadú os cionn an spriocráta [9 go 11] % ar an ráta toraidh inmheánach ar chothromas, cuirtear sásra comhroinnte gnóthachan i bhfeidhm trína n-aisghabhann an Stát 40 % de na torthaí breise ó EDU II. Dá thoradh sin, dá mbeadh praghsanna leictreachais i gcaitheamh shaolré an ghléasra cothrom le EUR 150/MWh, bheadh an ráta toraidh inmheánach ar chothromas i gcaitheamh shaolré an Tionscadail cothrom le [...] % sula gcuirfí an sásra comhroinnte gnóthachan i bhfeidhm, agus cothrom le [...] % tar éis na gnóthachain a chomhroinnt. Áirithítear leis sin go mbeidh aon riosca róchúitimh teoranta, fiú i gcás ina mbeidh praghsanna leictreachais i bhfad níos airde ná mar a bhí coinne leis.

(469)

Bunaithe ar na breithnithe thuas, tá na toimhdí maidir le praghsanna leictreachais inchreidte agus áirithítear comhréireacht ina leith sin trí shásra comhroinnte gnóthachan a chur i bhfeidhm maidir le haon ioncam breise ó phraghsanna leictreachais níos airde, go háirithe tar éis thréimhse an chonartha ceannaigh.

(470)

Tá príomhthoimhdí eile (go háirithe maidir le costas foirgníochta agus infhaighteacht) bunaithe ar thaithí le tionscadail eile agus ar thuairiscí ar chumas teicniúil ó sholáthraithe teicneolaíochta. Má bhíonn na toimhdí a úsáidtear sa bhonnchás ródhóchasach ar deireadh, is é a bheadh mar thoradh air sin ráta toraidh inmheánach ar chothromas atá cobhsaí (i gcás ina mbeidh na méaduithe costais bunaithe ar fhoras dlisteanach, agus nach n-imreoidh siad tionchar dá réir sin ar an ráta toraidh inmheánach ar chothromas) nó laghdú ar an ráta toraidh inmheánach ar chothromas. Bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh maidir le taithí ar thionscadail núicléacha eile le déanaí, sholáthair údaráis na Seicia foras leormhaith chun a mheas nach dócha go dtiocfaidh laghdú mór ar chostais. Fiú amháin sa chás sin, dá dtiocfadh méadú ar an ráta toraidh inmheánach ar chothromas mar gheall ar an laghdú sin ar chostais, chuirfeadh an sásra comhroinnte gnóthachan teorainn leis. Cé go bhfuil riosca mór ann go dtiocfaidh méaduithe ar chostais nach gcumhdaítear leis na toimhdí sa bhonnchás, ní bheadh róchúiteamh ann dá dheasca sin.

(471)

A mhéid a bhaineann le costais maoinithe, tá an tuar i bhfad níos iontaofa ná na gnéithe teicniúla. Tá sé sin bunaithe ar an gcostas maoinithe a shainítear go soiléir faoin gcúnamh airgeadais in-aisíoctha. D’fhéadfadh toimhdí maidir le hathmhaoiniú príobháideach beagán tionchair a imirt ar an ráta toraidh inmheánach ar chothromas, ach tá siad bunaithe ar bhreisithe a chuirtear leis an ráta cúnaimh airgeadais in-aisíoctha. Ar an mbonn sin, tá toimhdí maidir le costais maoinithe inchreidte go leor.

(472)

Úsáidtear an tSamhail Airgeadais, mar a thuairiscítear i roinn 3.6.2, chun an praghas ceangail a bhfuil gá leis chun ráta toraidh inmheánach [9 go 11] % ar chothromas a bhaint amach i gcaitheamh shaolré oibriúcháin an Tionscadail a ríomh. Sa chás tosaigh (nó sa bhonnchás), úsáideann an tSamhail Airgeadais roinnt toimhdí mar ionchuir, agus tabharfar roinnt mhaith díobh cothrom le dáta tar éis an conradh innealtóireachta, soláthair agus tógála a thabhairt i gcrích. Mar a thuairiscítear thuas, measann an Coimisiún go bhfuil na toimhdí tosaigh sin inchreidte. Braitheann an próiseas nuashonraithe ar an liosta paraiméadar a sholáthraítear san Iarscríbhinn. Leagtar amach sa liosta uileghabhálach sin na paraiméadair is féidir a thabhairt cothrom le dáta agus as a leanann coigeartú (suas nó síos) ar an bpraghas ceangail chun an spriocráta toraidh inmheánach ar chothromas a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, tá an próiseas uasdátaithe trédhearcach agus intuartha go leor.

(473)

Rinne an Coimisiún measúnú ar fheidhmiúlacht na Samhla Airgeadais agus measann sé go bhfuil sí iomchuí chun an t-íosphraghas ceangail is gá a ríomh, trí roinnt athróga ionchuir a úsáid, ionas go mbainfear amach an spriocráta toraidh. Tá fíoraithe ag an gCoimisiún go gcuirtear san áireamh sa tSamhail Airgeadais na toimhdí tosaigh, lena n-áirítear an fheidhmiúlacht coigeartaithe lóid mar a thuairiscítear in aithris 149, chun a mheas go mbeidh praghas ceangail tosaigh EUR [65 go 80] ann, lena mbainfear amach an spriocráta toraidh [9 go 11] %.

(474)

Tá fíoraithe ag an gCoimisiún thairis sin gur féidir leis an tSamhail Airgeadais raon toimhdí (cásanna) a chur san áireamh le haghaidh na n-athróg ionchuir agus go bhfreagraíonn an ráta toraidh inmheánach ar chothromas arna mheas ag an tSamhail Airgeadais dá réir sin. Thairis sin, d’fhíoraigh an Coimisiún gur féidir an tSamhail Airgeadais a úsáid chun an praghas ceangail a bhfuil gá leis chun an spriocráta toraidh a bhaint amach faoi na cásanna éagsúla sin a ríomh.

(475)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go bhfuil samhail airgeadais an Tionscadail, lena n-áirítear a feidhmiú agus a toimhdí foluiteacha, inchreidte agus iomchuí dá réir sin chun a áirithiú go mbainfear amach an spriocráta toraidh atá beartaithe don Tionscadal.

8.3.3.5.3.   Tagarmharcáil an ráta toraidh

8.3.3.5.3.1.   Réamhrá

(476)

Sa roinn seo, pléann an Coimisiún an measúnú a rinne sé ar an ráta toraidh ar chothromas ag infheistíocht EDU II. Chun comhréireacht an bhirt státchabhrach a áirithiú agus chun róchúiteamh a sheachaint, ní mór don bheart státchabhrach an t-íosráta toraidh a áirithiú don tairbhí chun go ngabhfaidh sé d’infheistíocht EDU II. Is é sin le rá, an t-íosráta a dhúnann bearna leachtachta an Tionscadail. Sainmhínítear an bhearna leachtachta mar an difríocht idir glanluach láithreach an cháis fhíorasaigh agus glanluach láithreach an cháis fhrithfhíorasaigh agus, an tráth céanna, is é an t-íosmhéid státchabhrach is gá chun go mbeidh éifeacht dreasachta ag an mbeart ar an ngnólacht agus an t-uasmhéid státchabhrach atá comhréireach chun an infheistíocht a spreagadh.

(477)

Tá coincheap na bearna leachtachta fréamhaithe go domhain i ngnáthchinnteoireacht ghnó. Nuair a dhéanann cuideachtaí uasmhéadaithe brabúis cinneadh maidir le cé acu a ghabhfaidh nó nach ngabhfaidh siad do thionscadal, déanann siad measúnú ar an luach a ghineann an tionscadal i gceist in aghaidh cineálacha cur chuige eile agus roghnaíonn siad an ceann ar a mbeidh an toradh is airde a bhfuil coinne leis. Dá réir sin, chun go mbeidh cuideachtaí toilteanach gabháil do thionscadal nach é an tionscadal ar a mbeidh an toradh is airde a bhfuil coinne leis, d’fhéadfadh sé gur ghá iad a dhreasú trí bhíthin státchabhair lena gcumhdaítear an bhearna leachtachta.

(478)

Sa chás sin, is éard atá sa chás fíorasach infheistíocht a dhéanamh i dtionscadal EDU II, agus is éard atá sa chás frithfhíorasach easpa infheistíochta. Le Samhail Airgeadais na Seicia, soláthraítear luach ionchais thionscadal EDU II ar an dáta luachála, an 31 Nollaig 2023, trí lascainiú a dhéanamh ar an sreabhadh airgid deimhneach agus an sreabhadh airgid diúltach a bhfuil coinne leis go nginfidh an Tionscadal i gcaitheamh a shaolré. Le Samhail Airgeadais na Seicia don chás fíorasach (i.e. an infheistíocht in EDU II), léirítear gurb é a bheidh mar thoradh ar na bearta státchabhrach atá beartaithe go mbeidh glanluach láithreach an cháis fhíorasaigh cothrom le nialas agus go ndéanfar na bearta státchabhrach a thomhas chuige sin (i.e. déantar praghas ceangail an chonartha ceannaigh a ríomh sa chaoi go mbeidh glanluach láithreach an Tionscadail, lena n-áirítear cabhair, nialasach). Sa chás sin, is éard atá sa chás frithfhíorasach easpa infheistíochta (i.e. glanluach láithreach nialasach ag an infheistíocht fhrithfhíorasach). Ós ionann glanluach láithreach an cháis fhíorasaigh lena n-áirítear an státchabhair atá beartaithe agus glanluach láithreach an cháis fhrithfhíorasaigh, dúnann na bearta státchabhrach atá beartaithe an bhearna leachtachta, rud a dhreasaíonn infheistíocht EDU II gan aon róchúiteamh a ghiniúint. (197)

(479)

Glanluach láithreach an cháis fhíorasaigh a bheith nialasach (in infheistíocht EDU II a fuarthas trí na bearta státchabhrach a chur san áireamh), tugann sé le tuiscint go mbeidh meánchostas ualaithe an chaipitil, nó costas caipitil an tionscadail, mar an gcéanna le ráta toraidh inmheánach an tionscadail ar chothromas, nó toradh an tionscadail. Is éard is WACC ann meán ualaithe an chostais cothromais agus chostais fiachais, mar a phléitear i roinn 3.6.5. Dá réir sin, cuirtear san áireamh i ráta toraidh an tionscadail an struchtúr caipitil iomlán a úsáidtear chun an tionscadal a mhaoiniú, i.e. an cothromas a sholáthraíonn scairshealbhóirí agus fiachas a sholáthraíonn iasachtóirí.

(480)

I gcás EDU II, dhírigh an Coimisiún ar mheasúnú a dhéanamh ar an spriocráta toraidh ar chothromas. Is amhlaidh sin mar, sa chás sin, is é ČEZ a sholáthraíonn an cothromas agus soláthraíonn an Stát an fiachas (an cúnamh airgeadais in-aisíoctha) ag ráta úis fóirdheonaithe (féach roinn 3.7). Is iad an fiachas, nó an iasacht, ag ráta fóirdheonaithe agus an conradh difríochta, tríd an bpraghas ceangail, iad na bearta a dhúnann bearna leachtachta thionscadal EDU II. Dá réir sin, trí chomhréireacht an chostais cothromais a bhunú, áirithítear comhréireacht na státchabhrach ina hiomláine.

(481)

Tá an meastachán ar an gcostas cothromais dírithe ansin ar mheasúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil toradh na scairshealbhóirí comhréireach. I bhfianaise chostas fiachais an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha, nuair a chinntear go bhfuil an spriocráta toraidh ar chothromas comhréireach, déantar praghas ceangail an chonartha difríochta a chalabrú sa chaoi go ndúnann an státchabhair ina hiomláine an bhearna leachtachta, i.e. fágann sí go mbeidh glanluach láithreach nialasach ag an gcás fíorasach. (198) Is é sin le rá, áirithítear comhréireacht na státchabhrach trí chalabrú an phraghais ceangail, i bhfianaise an chostais fiachais fhóirdheonaithe agus an ráta toraidh chomhréirigh ar chothromas. Ar na cúiseanna sin, sa chuid eile den roinn seo, díríonn an Coimisiún ar mheasúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an spriocráta toraidh ar chothromas.

8.3.3.5.3.2.   Measúnú

8.3.3.5.3.2.1.   Biseach Mór-riosca Neamhspleách

(482)

Sa Chinneadh Tosaigh, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le comhréireacht an spriocráta toraidh ar chothromas a bhí beartaithe ag an tSeicia agus go háirithe maidir leis an ngá a bheadh le biseach mór-riosca neamhspleách idir 3 % agus 3,5 % a áireamh ann i dteannta an bhonnráta toraidh. (199)

(483)

Maidir leis an mbiseach mór-riosca neamhspleách, d’áitigh an tSeicia go bhfuil saintréithe agus rioscaí uathúla áirithe ag gléasraí cumhachta núicléiche nach bhfuil ag tionscadail eile giniúna cumhachta, ar gá aghaidh a thabhairt orthu trí bhiseach mór-riosca neamhspleách a áireamh sa ráta toraidh ar chothromas a dhíorthaítear ó CAPM. Leis an meastachán 3-3,5 % a rinne an tSeicia, chuirfí san áireamh na rioscaí sin nach ngabhtar leis na meastacháin béite ar fhóntais fuinnimh éagsúlaithe a bhfuil baint acu le modhanna níos traidisiúnta giniúna agus le cuideachtaí líonraí rialáilte. (200)

(484)

Sa Chinneadh Tosaigh, cheistigh an Coimisiún an bhfuil gá le biseach mór-riosca neamhspleách i bhfianaise na dtrí bheart cabhrach atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le gléasraí cumhachta núicléiche. Na rioscaí atá ar an infheisteoir tar éis an chosaint a thugann an conradh ceannaigh, an cúnamh airgeadais in-aisíoctha agus an comhaontú infheisteora a mheas, d’áitigh an Coimisiún go léirítear iad sa ráta toraidh ar chothromas a dhíorthaítear ó CAPM agus, dá bhrí sin, bhí amhras air an mbeadh gá le biseach riosca breise. (201)

(485)

Tar éis an Chinnidh Tosaigh, an 25 Meán Fómhair 2023, chuir an tSeicia páipéar isteach arbh é ab aidhm dó tacú leis an argóint go gcuimseofaí biseach mór-riosca neamhspleách. (202) Tugann an Coimisiún faoi deara nach dtacaíonn na tagairtí litríochta a sholáthair an tSeicia san aighneacht sin (203) leis go gcuimseofaí aon bhiseach den sórt sin i gcás ina ndéantar foráil maidir le hidirghabháil Stáit. Is amhlaidh sin toisc go gcuireann an státchabhair deireadh leis an ngá atá le luach saothair níos airde, trí dheireadh a chur le cuid de na rioscaí, ar a laghad, a bhainfeadh go sonrach le tionscadail infheistíochta núicléiche ina mhalairt de chás. Ina theannta sin, níor cuireadh aon bhiseach mór-riosca neamhspleách san áireamh i gcás Hinkley Point C ná i gcás Paks II. (204) Dá réir sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh sé comhréireach sa chás seo biseach mór-riosca neamhspleách a chur le raon measta an chostais cothromais.

(486)

Le linn an imscrúdaithe, d’aontaigh údaráis na Seicia nach gcuirfear aon bhiseach mór-riosca neamhspleách san áireamh agus an costas cothromais á ríomh. Tugtar aghaidh dá réir sin ar an amhras a cuireadh in iúl sa chinneadh tosaigh maidir le biseach mór-riosca neamhspleách a áireamh.

8.3.3.5.3.2.2.   Spriocráta toraidh ar chothromas

(487)

Sa roinn seo, déanann an Coimisiún measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an spriocráta toraidh [9 go 11] % ar chothromas comhréireach. Chun é a sin a dhéanamh, cuireann an Coimisiún an spriocráta toraidh ar chothromas atá ag an tSeicia i gcomparáid le raon costais cothromais margadhbhunaithe. Is é a chiallaíonn spriocráta toraidh ar chothromas atá níos airde ná an raon go mbeidh an toradh díréireach ard, agus is é a chiallaíonn spriocráta toraidh ar chothromas atá níos ísle ná an raon go mbeidh an toradh díréireach íseal (i.e. toradh nach nglacfadh infheisteoir margaidh leis).

(488)

Chun meastachán a dhéanamh ar an raon costais cothromais margadhbhunaithe sin, leanann an Coimisiún an cur chuige caighdeánach CAPM (205) lena dtagtar ar raon costais cothromais teoiriciúil, nó raon costais cothromais, trí mheastachán a dhéanamh ar gach ceann dá chomhpháirteanna ar bhonn sonraí margaidh. Thairis sin, déanann an Coimisiún tagarmharcáil ar a anailís tríd an raon díorthaithe costais cothromais a chur i gcomparáid le costas cothromais na dtionscal atá inchomparáide leis an tionscal núicléach agus, dá réir sin, le EDU II.

(489)

Nuair a dhéantar meastachán ar an raon costais cothromais, tagann an Coimisiún ar a chonclúid maidir le comhréireacht an spriocráta toraidh ar chothromas. Ar deireadh, déanann an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a n-athródh an spriocráta toraidh ar chothromas i gcás athruithe ar chostais agus ar amlíne.

8.3.3.5.3.3.   Meastachán ar an gcostas cothromais

(490)

Sa roinn seo, déanann an Coimisiún meastachán ar a chostas cothromais bunlíne féin, agus ar raon costais cothromais. Déantar an raon costais cothromais a shocrú trí chás ‘íseal’ agus cás ‘ard’ a shainaithint. I gcás gach ceann de na paraiméadair costais cothromais, míníonn an Coimisiún na cúiseanna le glacadh le toimhdí na Seicia nó na cúiseanna lena mbréagnú agus soláthraíonn sé tagarmharcanna bunaithe ar fhoinsí a nglactar leo go forleathan.

(491)

Braitheann an mhodheolaíocht a úsáideann an Coimisiún chun meastachán a dhéanamh ar an gcostas cothromais ar fhoirmle chaighdeánach CAPM, a úsáideann an tSeicia freisin agus a thuairiscítear i roinn 3.6.5.1. Rinne an Coimisiún meastachán ar na paraiméadair costais cothromais mar a mhínítear thíos.

(492)

Maidir leis an ráta saor ó riosca, tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna an tSeicia meastachán ar a raon, agus í ag brath ar mheáin 2 bhliain agus 20 bliain de bhannaí rialtais 30 bliain an limistéir euro, bannaí rialtais 30 bliain na Gearmáine agus bannaí corparáideacha Eorpacha AAA 10+Bliain, agus ansin biseach a chur leis chun na meáin sin a thiontú ina raon rátaí saor ó riosca le haghaidh Phoblacht na Seice. (206) Measann an Coimisiún go bhfuil sé níos iomchuí gan bannaí corparáide a mheas a bheith ina n-athróga ionadacha don ráta saor ó riosca, toisc nach féidir iad a mheas a bheith saor ó riosca. Thairis sin, measann an Coimisiún go bhfuil sé níos iomchuí breathnú ar shonraí comhaimseartha 6 mhí agus 12 mhí, seachas ar shonraí 2 bhliain nó 20 bliain. (207) Dá réir sin, déanann an Coimisiún meastachán ar an ráta saor ó riosca trí mheántoradh bhannaí rialtais AAA 30 bliain na Gearmáine agus an limistéir euro i gcaitheamh na tréimhse 6 mhí dar tús mhí Iúil 2023 agus i gcaitheamh na tréimhse 12 mhí dar tús mhí Eanáir 2023 a fháil. Is iad na meáin sin 2,72 % agus 2,55 %, faoi seach. (208) Tríd an mbiseach riosca 0,6 % a chur leis (209) na rátaí saor ó riosca sin, faigheann an Coimisiún raon coigeartaithe rátaí saor ó riosca 3,09 %–3,26 %. Ar mhaithe le coimeádacht, glacann an Coimisiún toimhde 2,3 % na Seicia ina chás íseal, an toimhde 2,72 % ina chás bunlíne agus an toimhde 3,26 % ina chás ard. Dá réir sin, is é 2,30 %–3,26 % an raon rátaí saor ó riosca atá ag an gCoimisiún, murab ionann agus an raon [2 go 5] % i gcás na Seicia.

(493)

Maidir leis an mbiseach riosca margaidh, glacann an tSeicia leis go mbeidh an raon idir [5 agus 7] %, ar bhonn shonraí Damodaran agus Fernandez, mar a phléitear i roinn 3.6.5.1. Aithnítear na bunachair sonraí sin go forleathan agus bítear ag brath orthu sa saol airgeadais agus gnó. Measann an Coimisiún go bhfuil na foinsí sin iontaofa agus glacann sé ina chás íseal le meán shonraí Damodaran (5,6 % (210)) agus ina chás ard le figiúr coimeádach 6,3 % na Seicia. (211) Ina chás bunlíne, úsáideann an Coimisiún figiúr coimeádach 6,1 %, arb é atá ann meán uimhríochtúil simplí shonraí Damodaran agus Fernandez. (212)

(494)

Maidir leis an mbéite neamhghiaráilte, rinne an Coimisiún measúnú ar an modheolaíocht a chuir an tSeicia ar aghaidh, atá bunaithe ar mheán ualaithe luachanna béite piarchuideachtaí agus as a leanann béite [...]. (213) Chinn an Coimisiún go bhfuil an mhodheolaíocht sin i gcomhréir le modheolaíochtaí a aithnítear go forleathan. (214) Chinn an Coimisiún go bhfuil an figiúr sin coimeádach má chuirtear i gcomparáid é le faisnéis tionscail a sholáthair Damodaran, a mheasann gurb é 0,54 an meánluach béite neamhghiaráilte i gcás sampla de chuideachtaí cumhachta. (215) Glacann an Coimisiún ina chás ard le luach béite 0,54 na Seicia. Mar sin féin, ar mhaithe le coimeádacht, glacann an Coimisiún le béite 0,51, agus ní le luach [...] na Seicia, ina cás bunlíne agus ina cás íseal. (216) Leanann an bhéite sin as measúnú coimeádach ar bhonn na sonraí a sholáthair an tSeicia (217) . (218) Ba cheart a thabhairt faoi deara, ar mhaithe le coimeádacht, go nglacann an Coimisiún cur chuige caighdeánach Hamada (219) chun meastachán a dhéanamh ar an mbéite neamhghiaráilte, agus ní le cur chuige Harris-Pringle (220) ar a mbraitheann an tSeicia.

(495)

Maidir leis an ngiaráil, ghlac an tSeicia le figiúr [...] %. (221) Tugann an Coimisiún dá aire gurb é [...] % spriocghiaráil an tionscadail, (222) chomh maith le meánghiaráil an tionscadail i gcaitheamh a shaolré. (223) Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go dtagann giaráil [...] % laistigh de raon giarála phiarchuideachtaí an tionscadail sa bhliain airgeadais iomlán dheireanach atá ar fáil, (224) agus go bhfuil sí i bhfad níos coimeádaí ná giaráil 98 % bunaithe ar struchtúr caipitil an tionscadail. (225) Tugann an Coimisiún dá aire freisin go bhfuil an ghiaráil [...] % i gcomhréir tríd is tríd le faisnéis tionscail a sholáthair Damodaran, a mheasann gurb é 61,2 % an mheánghiaráil i gcás sampla de chuideachtaí cumhachta. (226) Dá réir sin, glacann an Coimisiún leis go mbeidh giaráil [...] % sa thrí chás aige.

8.3.3.5.3.3.1.   Conclúid

(496)

Léirítear in Table 10 thíos conclúidí an Choimisiúin maidir leis an gcostas cothromais. Léirítear leis an tábla trí chás maidir le costas cothromais, a leanann as trí thacar toimhdí: cás ‘Íseal’, cás ‘Bunlíne’ agus cás ‘Ard’.

Tábla 10

Conclúidí maidir leis an gcostas cothromais

Cásanna

Íseal

Bunlíne (227)

Ard (228)

Ráta saor ó riosca

2,3  %

2,7  %

3,3  %

Biseach riosca cothromais

5,6  %

6,1  %

6,3  %

Béite (neamhghiaráilte)

0,51

0,51

0,54

Giaráil (D/(D+E))

[…] %

[…] %

[…] %

Costas cothromais

[…] %

[…] %

[…] %

Lárphointe an raoin costais cothromais

[…] %

Foinse:

Anailís an Choimisiúin

(497)

Is é an toradh a bhíonn ar na paraiméadair costais cothromais a léirítear in Table 10 raon costais cothromais [...] % go [...] % agus meánluach [...] %, ag glacadh sa chás bunlíne leis go mbeidh luach [...] % ann. Tá an spriocráta toraidh [9 go 11] % ar chothromas laistigh den raon sin agus níos ísle ná meán na dtrí chás. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach n-áirítear biseach mór-riosca neamhspleách sna figiúirí sin, ar na cúiseanna a mhínítear i roinn 8.3.3.5.3.2.1. Cuirtear na figiúirí sin i gcomparáid leis an raon costais cothromais [...] go [...] agus an meánfhigiúr [...] atá ag an tSeicia, gan biseach mór-riosca neamhspleách a áireamh, mar a phléitear i roinn 3.6.5.1.

(498)

Tá na figiúirí costais cothromais sin coimeádach toisc gurb í an bhéite an t-aon pharaiméadar den ríomh sin a bhaineann go sonrach leis an tionscal, a dhíorthaítear ó ghrúpa cuideachtaí a bhfuil infheistíocht déanta acu sa réimse núicléach ach a bhfuil punann éagsúlaithe acu. Cé go ndéanann na bearta tacaíochta maolú ar rioscaí móra, tá tionscadail núicléacha aonair fós faoi réir rioscaí móra, agus tá roinnt mhaith díobh fós ann i gcás EDU II. Áirítear orthu sin go háirithe infhaighteacht níos ísle ná mar a bhí coinne leis, méaduithe ar chostais foirgníochta nó oibríochta ar fhoras nach foras dlisteanach é, moilleanna tógála tar éis an dáta deiridh, éarthaí neamhbheartaithe go háirithe tráth praghsanna arda, agus praghsanna leictreachais tar éis dheireadh thréimhse an chonartha ceannaigh a d’fhéadfadh a bheith i bhfad níos ísle ná mar atá coinne leis faoi láthair. Is féidir le cuideachtaí a bhfuil líon níos mó sócmhainní giniúna cumhachta agus gníomhaíochtaí eile sa mhargadh fuinnimh acu maolú a dhéanamh go páirteach ar roinnt mhaith de na rioscaí sin, agus má réadaítear na rioscaí sin i gcás na bpiarchuideachtaí sin, ní dhéanann siad difear ach do chuid dá n-oibríocht. Is tionscadal núicléach aonair é EDU II agus, dá réir sin, tá riosca níos mó ag baint leis ná mar a bhaineann lena phiarchuideachtaí a bhfuil punann éagsúlaithe acu.

(499)

Thairis sin, bhí an Coimisiún ag brath ar bhunachar sonraí Damodaran de chostais chothromais ar leibhéal an tionscail chun tagarmharcáil a dhéanamh ar an ráta toraidh ar chothromas is gá. (229) Chun é sin a dhéanamh, bhreathnaigh an Coimisiún ar an meánchostas cothromais do na tionscail sin is gaire don cheann núicléach agus fuair sé meánchostas cothromais 10,21 %–10,26 %. (230) Is féidir a mheas gur meastacháin choimeádacha le haghaidh gléasraí cumhachta núicléiche iad na figiúirí costais cothromais arna ríomh do na hearnálacha sin, ós rud é gurb í an bhéite an t-aon pharaiméadar a bhaineann go sonrach leis an tionscal, mar a mhínítear i mír (498).

(500)

D’úsáid an Coimisiún an tSamhail Airgeadais a sholáthair an tSeicia (231) chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n-athródh an ráta toraidh inmheánach ar chothromas (nó an spriocráta toraidh ar chothromas) de dhroim athruithe ar chostais foirgníochta agus am tógála. (232)

Chinn an Coimisiún, trí chás róchaiteachais 10 % ar fhoras neamhdhlisteanach a chur i bhfeidhm, go laghdaíonn an ráta toraidh inmheánach ar chothromas go [...] %. Is cás dóchúil é sin i bhfianaise stair an tionscail núicléach le déanaí. (233) Ina ionad sin, dá mbeadh na costais iarbhír 10 % níos ísle ná mar a bhí coinne leis, mhéadódh an ráta toraidh inmheánach ar chothromas go [...] %. Ní dócha go dtarlóidh an cás sin sa tionscal núicléach, áfach.

Thairis sin, chinn an Coimisiún gur ráta toraidh inmheánach [...] % ar chothromas a bheadh ann dá mbeadh moill 5 bliana ar an tógáil, agus gur ráta toraidh inmheánach [...] % ar chothromas a bheadh ann dá gcuirfí an tógáil i gcrích 5 bliana roimh am. Is cás réalaíoch é an cás ina gcuirtear moill ar an tógáil, bunaithe ar stair an tionscail, agus is cás neamhréalaíoch é an cás ina ngiorraítear an tréimhse thógála.

(501)

Dá réir sin, bunaithe ar na híogaireachtaí sin, chinn an Coimisiún gurb é [...] % go [...] % raon an ráta toraidh inmheánaigh ar chothromas, agus gurb é [...] % an meánráta. Ní bhíonn an raon sin níos airde riamh ná an raon costais cothromais [...] % go [...] % agus, ar an meán, bíonn sé faoi bhun an ráta toraidh [9 go 11] % is gá, rud a áirithíonn comhréireacht na mbeart státchabhrach.

8.3.3.5.4.   ČEZ a roghnú mar thionscnóir an Thionscadail

(502)

Sa Chinneadh Tosaigh, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le cé acu a bheadh nó nach mbeadh ČEZ ar an oibreoir is éifeachtúla agus d’fhiosraigh sé go sonrach an bhféadfadh sé, dá mbeadh nós imeachta oscailte ann chun tionscnóir an Tionscadail a roghnú, go laghdófaí an tacaíocht is gá chun an Tionscadal a chur i gcrích.

(503)

Ar an gcéad dul síos, ina mbarúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, chuir an tSeicia agus ČEZ araon in iúl go ndéantar coigilteas tábhachtach costais agus ama de bharr ČEZ a roghnú mar thionscnóir an Tionscadail. Go sonrach, thug an tSeicia dá haire go seachnaítear costais bhreise de thart ar EUR [200 go 700] milliún de bharr ČEZ a roghnú (féach aithris 254 thuas). Ar an gcaoi chéanna, thug ČEZ faoi deara go bhféadfadh a roghnú mar thionscnóir an Tionscadail laghdú measta EUR [200 go 700] milliún a dhéanamh ar chostais an Tionscadail le hais gléasra úrnua cumhachta núicléiche ag oibreoir eile (féach aithris 339). Maidir leis an gcoigilteas costais a agraítear, arb é atá ann luach an tsuímh a fuarthas agus costas na ngníomhaíochtaí ceadúnúcháin agus forbartha a rinne ČEZ cheana féin, measann an Coimisiún go bhfuil cuma inchreidte orthu agus nach gcumhdaítear iad leis na meastacháin ar chaiteachas caipitiúil an tionscadail, rud a laghdaíonn dá bhrí sin an méid cabhrach don tionscadal i gcomparáid le cásanna ina ndéanfaí roghnú oscailte. Ar an mbonn sin, áirithítear leis an bhfoirmle luacha saothair agus leis an sásra róchúitimh (féach ranna 8.3.3.5.1 go 8.3.3.5.3) go mbeidh an chabhair teoranta don íosmhéid is gá.

(504)

Ar an dara dul síos, le dearadh foriomlán an Tionscadail agus le dáileadh na rioscaí idir an tairbhí agus an Stát agus le struchtúr dreasachta na mbeart tacaíochta, ba cheart a áirithiú go gcoimeádfar na costais foirgníochta agus oibriúcháin chomh híseal agus is féidir. Cé go ndéanann na bearta tacaíochta maolú ar roinnt mhaith rioscaí, tá EDU II fós neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le méaduithe ar chostais foirgníochta agus oibriúcháin ar fhoras nach foras dlisteanach é nó a bhaineann le moilleanna tógála tar éis an dáta deiridh, rud atá ina dhreasacht chun costais agus moilleanna a íoslaghdú. Le linn chéim tógála agus forbartha an Tionscadail, is é EUR 1,95 billiún (aithris 197) a bheidh san uaschothromas teagmhasach iomlán a gheall ČEZ chun aon róchaiteachas a mhaoiniú. Thairis sin, mar a mhínigh an tSeicia, leis an nuashonrú a rinneadh ar na luachanna ionchuir sa tsamhail airgeadais chun léiriú a thabhairt ar thorthaí na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála, ba cheart go n-áiritheofaí go mbeidh na costais foirgníochta iarbhír ar a mbonn a ríomhtar praghas ceangail an chonartha ceannaigh ina gcostais iomaíocha, agus dá réir sin go gcuirfear deireadh le teagmhais mhíchuí a d’fhéadfadh a bheith i dtoimhdí foluiteacha na samhla airgeadais maidir le costais (aithris 457). Ar deireadh, leis an sásra comhroinnte gnóthachan spreagtar EDU II laghduithe breise costais a shaothrú agus torthaí níos mó a bhaint amach, rud a roinnfear go páirteach leis an Stát.

(505)

I bhfianaise an mhéid thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go n-áirítear sa phacáiste cabhrach don Tionscadal na coimircí agus na dreasachtaí is gá chun íoslaghdú a dhéanamh ar na costais, agus dá bhrí sin ar an méid cabhrach is gá le haghaidh an tionscadail, agus measann sé nach dócha go mbeadh méideanna níos ísle tacaíochta ann dá mbeadh nós imeachta oscailte ann chun tionscnóir an Tionscadail a roghnú.

8.3.3.6.   Éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil a sheachaint agus tástáil cothromúcháin a dhéanamh

(506)

Chun go mbeidh an beart comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, ní mór teorainn a chur le héifeachtaí diúltacha an bhirt i dtéarmaí saobhadh iomaíochta agus tionchar ar thrádáil idir na Ballstáit agus ní mór éifeachtaí dearfacha na cabhrach a bheith níos mó ná na héifeachtaí diúltacha sin.

(507)

Sa Chinneadh Tosaigh, mheas an Coimisiún go bhféadfadh an Tionscadal iomaíocht a shaobhadh ar roinnt bealaí.

(508)

Ar an gcéad dul síos, cheistigh an Coimisiún an foras teicniúil agus eacnamaíoch ar a bhonn a roghnaíodh ČEZ (mar úinéir aonair EDU II) mar thairbhí an bhirt, i bhfianaise nach raibh tairiscint nó próiseas roghnúcháin ann. Go sonrach, ní raibh sé soiléir ag an gcéim sin an raibh oibreoirí eile ann, a d’fhéadfadh a bheith níos éifeachtúla, a bheadh toilteanach an Tionscadal a shaothrú le níos lú cabhrach.

(509)

Ar an dara dul síos, chuir an Coimisiún in iúl gur ábhar imní dó go bhfágfadh téarmaí an chonartha ceannaigh idir EDU II agus an meán sainchuspóireach go mbeadh iompraíocht oibríochta EDU II neamhéifeachtúil agus go ndéanfaí ord fiúntais an mhargaidh leictreachais a shaobhadh trí theicneolaíochtaí níos saoire, amhail foinsí fuinnimh in-athnuaite, a chur as ionad.

(510)

Ar an tríú dul síos, thagair an Coimisiún do shuíomh láidir ČEZ ar mhargadh leictreachais na Seicia agus chuir sé in iúl gur ábhar imní dó go bhféadfaí struchtúr an mhargaidh a shaobhadh mar gheall ar an mbeart cabhrach atá á phlé, mar shampla trí infheistíochtaí malartacha a chur as ionad.

(511)

Ar an gceathrú dul síos, ní fhéadfadh an Coimisiún a chur as an áireamh go hiomlán, tráth an Chinnidh Tosaigh, nach bhféadfadh ČEZ feidhmiú an mhargaidh iartheachtaigh a shaobhadh trí thionchar a imirt ar an margadhphraghas nó ar chineálacha eile iompraíochta straitéisí arna n-éascú ag méideanna móra aschuir amhail acmhainneacht a choinneáil siar.

(512)

Ar deireadh, ní raibh faisnéis sách seanbhunaithe ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an mheáin shainchuspóirigh ar an margadh.

8.3.3.6.1.   ČEZ a roghnú mar thionscnóir an Tionscadail (234)

(513)

Sa Chinneadh Tosaigh, thug an Coimisiún dá aire gur roghnaíodh ČEZ mar thionscnóir an Tionscadail gan tairiscint, gan próiseas roghnúcháin nó gan glao poiblí ar léiriú spéise agus d’fhiosraigh sé cén foras teicniúil nó eacnamaíoch ar ar roghnaíodh ČEZ. Bunaithe ar an méid thuas, chuir an Coimisiún amhras in iúl an bhféadfadh sé go saobhfaí struchtúr an mhargaidh mar gheall ar ČEZ a bheith roghnaithe mar thionscnóir an Tionscadail.

(514)

Tar éis an Chinnidh Tosaigh, mhínigh údaráis na Seicia gur bréithníodh réitigh mhalartacha i dtaca le ról an tionscnóra Tionscadail agus gur roghnaíodh ČEZ mar an rogha thosaíochta (féach aithrisí (50) go (59) thuas).

(515)

Shonraigh údaráis na Seicia thairis sin gurb é ČEZ an rogha is oiriúnaí mar thionscnóir an Tionscadail i bhfianaise an chumais agus na ndreasachtaí atá aige chun an Tionscadal a chur i gcrích agus i bhfianaise breithnithe maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh, leasanna slándála náisiúnta agus neodracht theicneolaíoch (féach aithris 247 thuas).

(516)

Thairis sin, mhínigh údaráis na Seicia go bhfágann roghnú ČEZ go gcruthaítear éifeachtúlachtaí móra, go seachnaítear costais bhreise agus nach gá suíomh ar leithligh a fhorbairt. Dá réir sin, fágann an roghnú sin go gcruthaítear buntáistí móra ó thaobh uainiú chur i gcrích an Tionscadail de nach bhféadfaí a mhacasamhlú le struchtúir mhalartacha (féach aithris 248 thuas).

(517)

Mhínigh údaráis na Seicia go bhfágann na hoibreacha ullmhúcháin a rinne ČEZ go dtí seo go bhfuil buntáistí ann ó thaobh uainiú chur i gcrích an Tionscadail. Is é Grúpa ČEZ úinéir an tsuímh atá beartaithe don ghléasra cumhachta núicléiche. Cuireadh tús le próiseas éadála an tsuímh tógála i mí Aibreáin 2008 agus tugadh i gcrích é in 2021 (aithris 249 thuas). Ina theannta sin, rinne ČEZ staidéir indéantachta chomh maith le gníomhaíochtaí ceadúnúcháin agus forbartha arbh é ab aidhm dóibh am agus costas forbartha an Tionscadail a laghdú don tSeicia. Ina theannta sin, faoi thús 2021 fuair ČEZ na príomhcheadúnais agus na príomhcheadanna uile is gá chun an Tionscadal a chur chun cinn i gcomhréir leis an bplean Tionscadail (amhail an ceadúnas le haghaidh roghnú láithreán an ghléasra núicléach agus MTC (aithrisí (250) thuas). De ghnáth, tógann sé 6-7 mbliana ceadúnas a fháil le haghaidh roghnú láithreán an ghléasra núicléach agus 3-5 bliana MTC a fháil.

(518)

Thairis sin, mhínigh údaráis na Seicia go bhfuil eolas agus tuiscint dhomhain ag ČEZ, mar úinéir agus oibreoir gléasra cumhachta núicléiche, ar na ceanglais rialála maidir le gléasra nua cumhachta núicléiche, lena n-áirítear na ceanglais cheadúnúcháin, agus ar reachtaíocht na Seicia (aithris 251 thuas). Ina theannta sin, tá ČEZ agus EDU II ina gcomhaltaí de roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus dá réir sin tá rochtain acu ar chaighdeáin agus ar phróisis a aithníonn agus a mholann rialtóirí ar fud an domhain chun feabhsú leanúnach a chur chun cinn (féach aithris 251 thuas).

(519)

Chuir údaráis na Seicia i dtábhacht a thuilleadh ról tábhachtach an Tionscadail i slándáil sholáthar leictreachais na Seicia amach anseo, go háirithe i bhfianaise dhíchoimisiúnú gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe. Go sonrach, dá mbeadh tréimhse forbartha níos giorra ag an Tionscadal, mhínigh údaráis na Seicia go rannchuideodh sé sin le haghaidh a thabhairt ar an mbearna acmhainneachta réamh-mheasta. Dá bhforbrófaí tionscadal difriúil ar shuíomh eile a mbeadh tréimhse ama i bhfad níos faide aige, ní thabharfaí aghaidh ar riachtanais láithreacha an chórais ó thaobh shlándáil an tsoláthair fuinnimh de (féach aithris 252 thuas).

(520)

Thairis sin, mhínigh an tSeicia, dá bhfaigheadh aon rogha mhalartach de thionscnóir tionscadail suíomh a bheadh oiriúnach do ghléasra cumhachta núicléiche i gcríoch na Seicia, go mbeadh moilleanna móra ar chur i gcrích an Tionscadail i gcomparáid le ČEZ. Go sonrach, sa chás frithfhíorasach sin, measann údaráis na Seicia go mbeadh moilleanna suas le 14 bliana ann i gcomparáid le hamlíne an Tionscadail. Sa chás frithfhíorasach, níorbh fhéidir a chur as an áireamh nach mbeadh aon fhadhb nó moill ag baint le tréithriú an láithreáin nó leis na céimeanna pleanála ar éirigh leo i gcás EDU II, rud a mhéadódh na rioscaí agus na costais a bhainfeadh le forbairt an Tionscadail. In aon chás, maidir le hoibreoir a bheadh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus a mbeadh taithí aige ar ghléasraí cumhachta núicléiche a fhorbairt lasmuigh dá thír féin, maíonn údaráis na Seicia nach bhfuil aon fhianaise ar a leithéid san Eoraip (féach aithris 253 thuas). (235)

(521)

Tarraingíonn an tSeicia aird freisin ar chostais bhreise a thabhófaí dá mbeadh an Tionscadal le forbairt ag tionscnóir tionscadail nach é ČEZ. Measann an tSeicia gurb é a bheadh sna costais sin EUR [200 go 700] milliún ar a laghad (féach aithris 254 thuas). Ar an gcaoi chéanna, measann ČEZ go mbeidh coigilteas costais de thart ar EUR [200 go 700] milliún ann le hais oibreoirí eile.

(522)

Luaigh údaráis na Seicia freisin go raibh roghnú ČEZ mar thionscnóir an Tionscadail i gcomhréir le cásanna núicléacha roimhe seo a ndearna an Coimisiún measúnú orthu, ar fhág sainiúlachtaí na dtionscadal sin nach ndearnadh aon phróiseas oscailte iomaíochta iontu chun tionscnóirí tionscadail a roghnú (féach aithris 255 thuas).

(523)

Sholáthair an tSeicia fianaise freisin ar chuntas teiste ČEZ maidir le gléasraí cumhachta núicléiche a chur i gcrích agus a oibriú go rathúil (féach aithris 256 thuas).

(524)

Thairis sin, le cois breithnithe slándála soláthair fuinnimh agus slándála náisiúnta, cuireann an tSeicia an pheirspictíocht slándála airgeadais i dtábhacht toisc go dtairbhíonn ČEZ de rátáil láidir creidmheasa rialtais (féach aithris 257 thuas).

(525)

Ar deireadh, shonraigh an tSeicia go mbeadh míbhuntáistí móra ag baint le tairiscint a dhéanamh chun tionscnóir Tionscadail, a bhféadfadh sé nach ČEZ an t-eintiteas a bheadh ann, a roghnú. Go bunúsach, áitíonn an tSeicia sa chás seo, d’fhonn an t-oibreoir is éifeachtúla a roghnú, nach mbeadh aon toradh ar iomaíocht ar an leibhéal sin den Tionscadal. Agus tagairt á déanamh do na cúiseanna a thuairiscítear thuas, is é tuairim na Seicia, ós rud é nach mbeadh aon bhuntáiste iomaíoch ag baint lena iarraidh go léireodh páirtithe eile spéis nó le tairiscint a eagrú, nach bhféadfaí míbhuntáistí an phróisis sin a shárú, go háirithe na moilleanna agus na costais bhreise a thabhófaí agus na hábhair imní slándála a bhainfeadh le haon iarrthóir ionchasach eile. Deir an tSeicia freisin nach ndearna aon tríú páirtí gearán ná agóid ag aon chéim de phleanáil an Tionscadail maidir le ČEZ a cheapadh mar thionscnóir an Tionscadail.

(526)

Thairis sin, go háirithe, níor tharraing aon iomaitheoir ná aon tríú páirtí eile aon ábhar imní anuas maidir le ČEZ a roghnú mar thionscnóir an Tionscadail. Os a choinne sin, thug roinnt tríú páirtithe faoi deara go sainráite nach bhfuil siad ar aon intinn leis an gCoimisiún gur ábhar imní é ČEZ a bheith roghnaithe gan tairiscint ná comhairliúchán agus mheas siad gur rud é lena bhfuil údar iomlán an dualgas a shannadh do chuideachta fuinnimh faoi úinéireacht Stáit tógáil agus oibriú gléasra nua cumhachta núicléiche a fhorbairt (féach aithrisí 300-301 thuas).

(527)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go dtugann na hargóintí a chuir an tSeicia agus tríú páirtithe chun cinn le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil aghaidh go leormhaith ar an amhras a chuir sé in iúl sa Chinneadh Tosaigh maidir le ČEZ a roghnú mar thionscnóir Tionscadail agus maidir leis an saobhadh a d’fhéadfaí a dhéanamh ar struchtúr an mhargaidh. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé sin gan dochar do cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh próiseas roghnúcháin níos oscailte a bheith ag teastáil ó thionscadail núicléacha amach anseo chun a áirithiú go mbeidh an chabhair teoranta don íosmhéid is gá.

(528)

Ar deireadh, measann an Coimisiún nach dócha go mbeidh aon saobhadh míchuí ar an iomaíocht mar thoradh ar ČEZ a bheith roghnaithe mar thionscnóir an Tionscadail, mar a mhínítear a thuilleadh i roinn 8.3.3.6.3. Thairis sin, le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil níor chuir aon iomaitheoir ná aon tríú páirtí eile in iúl go ndéantar aon saobhadh míchuí ar an iomaíocht mar gheall ar ČEZ a bheith roghnaithe mar thionscnóir an Tionscadail.

8.3.3.6.2.   An conradh ceannaigh leictreachais

(529)

Sa Chinneadh Tosaigh, chuir an Coimisiún in iúl gur ábhar imní dó go ndéanfadh téarmaí an chonartha ceannaigh cumhachta idir EDU II agus an meán sainchuspóireach maolú, go bunúsach, ar na dreasachtaí a sholáthraítear le hathruithe praghsanna leictreachais chun leictreachas a tháirgeadh nuair is mó atá gá leis. Thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh an praghas seasta faoin gconradh ceannaigh cumhachta dreasacht a chruthú do EDU II an t-uasmhéid táirgthe atá indéanta go teicniúil a choinneáil ar bun faoi dhálaí an mhargaidh freisin i gcás ina mbeadh sé níos éifeachtúla ó thaobh an chórais de an t-aschur a laghdú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i bhfianaise shaolré oibríochtúil fhada 60 bliain an ghléasra nua cumhachta núicléiche, ós rud é go bhféadfadh luaineacht níos airde a bheith ann, lena n-áirítear tréimhsí de phraghsanna ísle nó diúltacha fiú, mar thoradh ar mheascán giniúna amach anseo ina mbeidh sciartha níos airde d’fhuinneamh in-athnuaite ag a mbíonn costas imeallach an-íseal de ghnáth, agus mar thoradh freisin ar fhorbairtí eile amhail stóráil nó táirgeadh hidrigine. (236) Bhí amhras ar an gCoimisiún nach bhféadfaí an tionchar sin ar chomharthaí seolta éifeachtúil a íoslaghdú agus cuspóirí an bhirt a bhaint amach an tráth céanna. (237)

(530)

Go deimhin, má fhaigheann gineadóir luach saothair seasta as gach MWh a tháirgeann sé, ní bhainfidh sé aon tairbhe as comhartha an mhargadhphraghais a leanúint nó as aschur a mhéadú tráth praghsanna arda (ganntanas) nó as aschur a laghdú tráth praghsanna ísle nó diúltacha (iomarcaíocht) nó as cothabháil a sceidealú tráth a bhíonn an t-éileamh íseal (le linn mhíonna an tsamhraidh, mar shampla). Os a choinne sin, tugann luach saothair seasta in aghaidh an MWh dreasacht do ghineadóir an t-aschur uasta a tháirgeadh tráth praghsanna diúltacha, rud a chruthaíonn éifeacht dhiúltach ó thaobh an chórais de agus a d’fhéadfadh leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite ar chostas imeallach íseal, fiú, a chur as ionad. Thairis sin, trí luach saothair ar phraghas seasta a íoc as na huaireanta táirgthe uile, dreasaítear infheistíochtaí i ngléasraí arna mbarrfheabhsú sa chaoi go n-oibreoidh siad de réir an bhonnlóid, gan de sholúbthacht acu an lód a mhéadú nó a laghdú go tapa nó é a choigeartú de réir éilimh. Go sonrach, ós rud é gur gá dlús a chur le húsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite chun giniúint leictreachais an Aontais a dhícharbónú, agus ós rud é go mbíonn an t-aschur fuinnimh ag roinnt mhaith saoráidí giniúna in-athnuaite athraitheach, is chun tairbhe don chóras leictreachais a théann gléasraí cumhachta ísealcharbóin atá in ann solúbthacht a sholáthar don chóras go teicniúil agus a dhreasaítear go heacnamaíoch chun an tsolúbthacht sin a úsáid agus tá luach ar leith ag baint leo dá réir.

(531)

Le foirmle luacha saothair an chonartha difríochta sa chonradh ceannaigh, mar a thuairiscítear in aithrisí 88-91, measann an Coimisiún go soláthraítear dreasachtaí i dtaca le hoibríocht éifeachtúil don ghléasra cumhachta agus go gcuirtear teorainn dá bhrí sin le héifeachtaí diúltacha ar iomaíocht agus ar thrádáil, de bhreis ar an gcobhsaíocht ioncaim a sholáthraíonn sí agus an teorainn a chuireann sí ar róchúiteamh (mar a phléitear i roinn 8.3.3.5.1.1). Baintear é sin amach go príomha mar gheall ar an téarma neamhchosanta ar an margadh chomh maith le roghanna paraiméadar áirithe sa téarma socraíochta ex post.

(532)

Leis an téarma neamhchosanta ar an margadh, soláthraítear dreasachtaí i dtaca le hoibríocht éifeachtúil don ghléasra cumhachta toisc go bhfaigheann an gléasra luach saothair as gach aonad dá aschur ag praghas iarbhír an mhargaidh lá roimh ré in aghaidh na huaire. (238) Bunaithe ar chomhartha an mhargadhphraghais agus ar a chostais oibriúcháin féin, tugtar dreasacht don ghléasra seoladh éifeachtúil a dhéanamh trí úsáid a bhaint as a acmhainneacht solúbthachta teicniúla. Tugtar dreasacht don ghléasra cumhachta an táirgeadh a laghdú nuair a bhíonn an margadhphraghas níos ísle ná a chostas oibriúcháin, agus an táirgeadh a mhéadú nuair a bhíonn an margadhphraghas níos airde. Cé go bhfuil an gléasra cumhachta faoi réir teorainneacha teicniúla (amhail teorainneacha maidir le luas méadaithe agus laghdaithe aschuir agus íoscheanglais lóid ionas nach mbeidh air dúnadh síos go hiomlán), tugann siad sin dreasacht d’oibreoir an ghléasra cumhachta an tsolúbthacht atá ar fáil go teicniúil a úsáid ar an mbealach is fearr is féidir. Thairis sin, tugtar dreasacht don ghléasra cumhachta an chothabháil agus an t-athbhreoslú a sceidealú go héifeachtúil chun go ndéanfar iad i dtréimhsí ina mbeidh praghsanna ionchasacha níos ísle.

(533)

Tacaíonn na roghanna paraiméadar sa téarma socraíochta ex post leis na dreasachtaí i dtaca le hoibríocht éifeachtúil a sholáthraítear leis an neamhchosaint ar mhargadhphraghsanna.

(1)

Ar an gcéad dul síos, sainmhínítear an praghas tagartha mar mheán ex post na margadhphraghsanna in aghaidh na huaire i gcaitheamh bliana. Laistigh den bhliain, ní chinntear an téarma socraíochta agus, dá bhrí sin, dreasaítear an gléasra go ginearálta chun cinntí seolta neamhshaofa a dhéanamh bunaithe ar chomhartha an mhargadhphraghais agus air sin amháin. Thairis sin, maidir le dreasachtaí i dtaca le hiompraíocht mhí-úsáideach as a leanann margadhphraghsanna níos airde (amhail acmhainneacht a choinneáil siar, déan comparáid le roinn 8.3.3.6.3.), maolaítear iad toisc gurb é a bheadh mar thoradh ar mhargadhphraghsanna níos airde praghas tagartha níos airde agus íocaíocht téarma socraíochta níos ísle dá réir.

(2)

Ar an dara dul síos, tá fad na tréimhse tagartha 1 bhliain amháin fada go leor chun a áirithiú go mbeidh an gléasra cumhachta neamhchosanta ar mhargadhphraghsanna laistigh den tréimhse thagartha, agus ar an gcaoi sin go mbeidh níos mó dreasachtaí aige seoladh a dhéanamh agus cothabháil agus athbhreoslú a sceidealú go héifeachtúil, i gcomparáid le tréimhse thagartha níos giorra. Tugtar dreasachtaí don ghléasra cumhachta a sholúbthacht a úsáid a bheith ag oibriú níos mó nuair a bhíonn margadhphraghsanna an-ard agus níos lú nuair a bhíonn margadhphraghsanna íseal go maith.

(3)

Ar an tríú dul síos, sainmhínítear an téarma socraíochta de réir aschur bliantúil seasta réamhchinntithe (an chainníocht tagartha), faoi réir na gcoigeartuithe a phléitear thíos. Dá bhrí sin, go ginearálta, ní dhéanann cinntí maidir le seoladh ná cainníocht aschuir an ghléasra cumhachta a leanann astu difear don téarma socraíochta, rud a fhágann gur féidir dreasachtaí i dtaca le hoibríocht neamhshaofa agus éifeachtúil a thabhairt don ghléasra cumhachta bunaithe ar chomhartha an mhargaidh agus air sin amháin. Socraítear an chainníocht tagartha bunaithe ar spriocleibhéal aschuir an ghléasra cumhachta i gcaitheamh na tréimhse tagartha.

(534)

Leis na coigeartuithe a rinneadh ar an téarma socraíochta ex post mar a thuairiscítear in 88 agus 90, cuirtear teorainn, ar thaobh amháin, leis an méid a d’aisíocfadh an gléasra, rud a thugann cosaint ar rioscaí iomarcacha ó éarthaí neamhbheartaithe nuair a bhíonn praghsanna ard ann, agus cuirtear uasteorainn, ar an taobh eile, leis an téarma socraíochta nuair a bhíonn praghsanna an-íseal ann, rud a thugann cosaint ar luach saothair iomarcach tráth praghsanna diúltacha. Rinneadh dearadh na gcoigeartuithe sin a chalabrú sa chaoi go gcoimeádfar, den chuid is mó, méid na ndreasachtaí i dtaca le hoibríocht éifeachtúil a sholáthraítear le heilimintí fhoirmle luacha saothair an chonartha difríochta mar a thuairiscítear thuas. Ar an iomlán, áirithítear leis na dreasachtaí i dtaca le hoibríocht éifeachtúil dá bhforáiltear le foirmle luacha saothair an chonartha difríochta sa chonradh ceannaigh nach ndreasóidh an chabhair an gléasra cumhachta chun bheith ag oibriú go neamhéifeachtúil nuair a bhíonn margadhphraghsanna faoi bhun a chostas oibriúcháin. Dhéanfadh oibriú neamhéifeachtúil den sórt sin ord fiúntais an mhargaidh leictreachais a shaobhadh agus bheadh an baol ann go ndíláithreodh sé teicneolaíochtaí níos saoire amhail foinsí fuinnimh in-athnuaite. Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar chomhtháthú an mhargaidh agus ar fhorbairt foinsí fuinnimh in-athnuaite. Is léir an éifeacht éifeachtúlachta sin freisin sa mheastachán a rinne údaráis na Seicia go n-oibreofar an gléasra cumhachta de réir fhoirmle luacha saothair an chonartha difríochta ar an meán agus gur lú an acmhainneacht a bheidh ann sa chás sin ná i gcás uasmhéadaithe aschuir (cuir i gcomparáid le (150)), rud a fhágann níos mó ‘spáis’ do theicneolaíochtaí níos saoire amhail foinsí fuinnimh in-athnuaite.

(535)

Tugann an Coimisiún dá aire freisin nach ndéantar foráil leis an gconradh ceannaigh maidir le hioncam a athdháileadh ar thomhaltóirí leictreachais go díreach ón gconradh ceannaigh. Thairis sin, níl coinne leis gur minic gurb é an gléasra cumhachta núicléiche é an gléasra a shocróidh praghsanna ar mhargadh na Seicia. Cé go laghdaíonn an cúnamh airgeadais in-aisíoctha agus na bearta um chosaint ar athrú dlí nó beartais costais fhoriomlána an Tionscadail, agus cé go méadaíonn siad dá réir sin an t-ioncam a d’fhéadfaí a fháil ón gconradh ceannaigh i gcomparáid leis an ioncam faoi bheart a mhaoinítear go heisiach trí chonradh difríochta, ní mó an t-ioncam a dháiltear ar thomhaltóirí i gcás an chonartha ceannaigh ná i gcás beart a mhaoinítear go heisiach trí chonradh difríochta. Dá bhrí sin, ní dócha go mbeidh aon saobhadh iomaíochta ar leibhéal na dtomhaltóirí trí bhíthin sásraí dáileacháin ioncaim mar thoradh ar chomhcheangal na dtrí bheart.

(536)

Bunaithe ar an méid thuas, measann an Coimisiún go dtugann na hathruithe a thug an tSeicia isteach le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil aghaidh go leormhaith ar an amhras a chuir sé in iúl sa Chinneadh Tosaigh maidir leis na dreasachtaí a eascraíonn as an bhfoirmle luacha saothair.

8.3.3.6.3.   Éifeachtaí ar struchtúr an mhargaidh, agus an fhéidearthacht go ndéanfadh ČEZ cúbláil praghsanna nó go gcoinneodh sé acmhainneacht siar

(537)

Sa Chinneadh Tosaigh, chuir an Coimisiún in iúl gur ábhar imní dó go mbeadh éifeachtaí ar struchtúr an mhargaidh mar gheall ar bhunú EDU II agus go bhféadfadh EDU II an margadh a chúbláil i bhfabhar ČEZ. Go sonrach, thagair an Coimisiún do shuíomh láidir ČEZ ar mhargadh leictreachais na Seicia agus ní fhéadfadh sé a chur as an áireamh go hiomlán go bhféadfaí struchtúr an mhargaidh a shaobhadh mar gheall ar an mbeart cabhrach atá á phlé, trí chumhacht an mhargaidh a chomhdhlúthú, infheistíochtaí malartacha a dhíláithriú nó sreabha trasteorann a shaobhadh, mar shampla. Thairis sin, ní fhéadfadh an Coimisiún a chur as an áireamh go hiomlán go ndéanfadh EDU II saobhadh ar fheidhmiú an mhargaidh trí thionchar a imirt ar mhargadhphraghsanna nó trí chineálacha áirithe iompraíochta straitéisí a shaothrú dá ndéanann méideanna móra aschuir éascaíocht, amhail acmhainneacht a choinneáil siar. Cheistigh an Coimisiún, mar shampla, an mbeadh dreasachtaí eacnamaíocha ag EDU II, tráth margadhphraghsanna arda, aschur a laghdú chun margadhphraghsanna a ardú sa chaoi go mbeadh aonaid eile ČEZ in ann níos mó fuinnimh a dhíol ar mhargadhphraghsanna níos airde.

Éifeachtaí ar struchtúr an mhargaidh

(538)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil comhchruinniú ard margaidh ina shaintréith de mhargadh giniúna leictreachais na Seicia, ós rud é go raibh sciar mór 60,29 % den acmhainneacht giniúna inseolta (239), lena n-áirítear glanallmhairí, ag Grúpa ČEZ in 2020. Ba é 64,29 % an sciar coibhéiseach den mhargadh agus an acmhainneacht giniúna iomlán á cur san áireamh in 2020. D’fhéadfadh comhchruinniú margaidh den sórt sin dochar a dhéanamh d’iomaíocht éifeachtúil sa mhargadh toisc go bhféadfadh sé a bheith ina bhacainn ar ghníomhaithe nua dul isteach sa mhargadh agus go bhféadfadh riosca leachtachta a bheith ag baint leis trí theorainn a chur leis an líon tairiscintí soláthair atá ar fáil.

(539)

Míníonn an tSeicia go réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú mór ar sciar ČEZ den mhargadh agus nach ndéanfaidh an acmhainneacht ghiniúna a dhreasaítear leis an bpacáiste cabhrach atá á phlé (an Tionscadal) difear mór do chumhacht ČEZ ar mhargadh leictreachais na Seicia. Go sonrach, meastar go laghdóidh sciar ČEZ den mhargadh acmhainneachta giniúna inseolta (gan EDU II a chur san áireamh) go 45,06 % in 2040 agus go 28,40 % in 2050, agus gurb é 4,19 pointe céatadáin in 2040 agus 5,23 pointe céatadáin in 2050 an méadú a bheidh ann mar gheall ar an Tionscadal. Ar an gcaoi chéanna, meastar go laghdóidh sciar ČEZ den mhargadh acmhainneachta giniúna iomláine go 45,15 % in 2040 agus 18,98 % in 2050, agus go gcuirfidh an Tionscadal 12,83 pointe céatadán leis in 2040 agus 10,27 pointe céatadáin in 2050.

(540)

Rinne an Coimisiún measúnú ar na sonraí is bonn leis na meastacháin sin agus measann sé go bhfuil siad inchreidte ach coimeádach ó tharla gur tháinig pleananna dícharbónaithe údaráis na Seicia chun bheith níos uaillmhianaí idir an dá linn. Go sonrach, tá na meastacháin ar an sciar den mhargadh thuas, a fuarthas ó thuarascáil Oxera, bunaithe ar na toimhdí go scoirfí d’oibriú fhormhór na ngléasraí cumhachta gualbhreoslaithe faoi 2038 (thagair an tSeicia go sonrach do phleananna ČEZ an toilleadh cumhachta gualbhreoslaithe a laghdú beagnach faoina leath go 3 GW faoi 2025 agus go 2 GW faoi 2030) agus go ndéanfaí na ceithre aonad ag Dukovany I a dhíchoimisiúnú idir 2045-2047. Tuigeann an Coimisiún go bhfuil na toimhdí sin réasúnta coimeádach, óir dheimhnigh an tSeicia go bhfuil sé beartaithe aici deireadh a chur le húsáid guail de réir a chéile faoi 2033. Dá réir sin, is dócha go dtiocfaidh laghdú níos tapúla ar an sciar den mhargadh a bheidh ag ČEZ sna blianta amach romhainn mar thoradh ar dhúnadh na ngléasraí cumhachta ligníte agus, faoin am a bhfuil coinne leis go ndúiseofar EDU II, go mbeidh an sciar sin níos ísle ná mar a tuaradh i dtuarascáil Oxera. Thairis sin, chun go leanfaidh na sócmhainní núicléacha atá ann cheana ag Dukovany I de bheith ag feidhmiú go dtí 2045-2047, ní mór formheas a fháil ón Oifig um Shábháilteacht Núicléach, nach bhfuarthas fós tráth a glacadh an cinneadh.

(541)

Measann an Coimisiún go ndéantar maolú leordhóthanach ar aon tionchar treisithe breise a d’fhéadfadh ČEZ a imirt ar mhargadh leictreachais na Seicia toisc go bhfágann struchtúr an Tionscadail nach mór an leictreachas uile arna tháirgeadh ag EDU II le linn an chonartha ceannaigh a dhíol leis an meán sainchuspóireach, toisc nach féidir leis an meán sainchuspóireach agus EDU II/ČEZ trádáil leictreachais a chomhordú agus toisc go mbeidh gealltanais trádála infheidhme maidir le EDU II/ČEZ tar éis don chonradh ceannaigh dul in éag.

(542)

Maidir leis an gceanglas ar an meán sainchuspóireach an leictreachas a mhargú i gcomhréir leis na gealltanais trádála cumhachta (féach 3.6.4), measann an Coimisiún go rannchuideoidh sé le leachtacht na margaí gearrthéarmacha sa tSeicia. Dá n-áiritheofaí tairiscint sheasta leictreachais ar an margadh gearrthéarmach faoi dhálaí neamh-idirdhealaitheacha, d’fhéadfaí éascaíocht a dhéanamh do sholáthróirí atá in iomaíocht le ČEZ ar an margadh miondíola leathnú ann nó do sholáthróirí nua dul isteach ann. Is amhlaidh sin go háirithe a mhéid a rachaidh an leictreachas a mhargaíonn an meán sainchuspóireach in ionad an leictreachais eile a ghineann ČEZ cheana féin, ar féidir le ČEZ úsáid a bhaint as le haghaidh a ghníomhaíochtaí miondíola freisin agus an margadh mórdhíola a sheachaint dá réir.

(543)

Maidir leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart ar iontráil nua sa mhargadh giniúna, meabhraíonn an Coimisiún a mheasúnú in aithris 415 a léiríonn nach dócha go ndíláithreoidh an Tionscadal infheistíochtaí malartacha, ach amháin a mhéid a d’fhéadfadh sé moill bheag a chur ar mhéadú cumhachta gaoithe. Ina theannta sin, leis an bhfoirmle luacha saothair faoin gconradh ceannaigh, laghdaítear tionchar iomaíoch an bhirt ar infheistíochtaí margadhbhunaithe i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite toisc go soláthraítear dreasachtaí airgeadais chun oibriú go héifeachtúil agus go gcuirtear teorainn dá réir le saobhadh féideartha ar ord fiúntais an mhargaidh leictreachais nó le díláithriú teicneolaíochtaí níos saoire (féach aithris 534).

(544)

Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire go measann an tSeicia go mbeidh laghdú mór acmhainneachta de thart ar 6,5 GW ann toisc go bhfuil coinne leis go scoirfear den ghiniúint cumhachta antraicíte agus ligníte agus, mar thoradh ar dheireadh a bheith á chur de réir a chéile leis na haonaid núicléacha atá ann cheana in Dukovany I idir 2045-2047, go gcruthófar bearna bhreise giniúna de thart ar 2 GW nach ndéanfaidh an Tionscadal ach 1,2 GW di a líonadh. Thairis sin, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú mór ar an éileamh leictreachais réamh-mheasta sna 10 mbliana go leith amach romhainn (féach aithris 14).

(545)

Tugann an Coimisiún barúlacha na Seicia dá aire freisin a mhéid a bhaineann leis an margadh geografach a bheith níos leithne ná an tSeicia. Go deimhin, tá eangach leictreachais na Seicia idirnasctha go dlúth le Ballstáit chomharsanacha (féach fonóta 134), agus is minic gurb í an ghiniúint leictreachais i mBallstáit eile a shocraíonn praghsanna ar mhargadh na Seicia (féach aithrisí 262, 551 agus 552). Dá ndéanfaí margadh níos leithne ná an tSeicia a shainiú, bheadh an sciar den mhargadh ag ČEZ i bhfad níos ísle, rud a laghdódh a thuilleadh an fhéidearthacht go ndéanfadh ČEZ difear diúltach don iomaíocht trí thionchar a imirt ar iompraíocht EDU II. Chomh maith leis sin, faoin sainiú margaidh níos cúinge a d’fhéadfadh a bheith ann, ina mbeadh margadh ar leithligh ag an tSeicia don leictreachas, cuireann idirnascacht chóras na Seicia lena chomharsana srian mór ar aon iompraíocht den sórt sin.

(546)

Measann an Coimisiún dá bhrí sin nach dtagann méadú ar chomhchruinniú margaidh de dhroim na cabhrach agus go bhfuil tionchar teoranta aici ar infheistíocht.

An fhéidearthacht go ndéanfadh ČEZ cúbláil praghsanna nó go gcoinneodh sé acmhainneacht siar

(547)

De réir ACER (240), déantar acmhainneacht a choinneáil siar chun críoch cúblála, mar shampla, ‘i gcás ina ndéanfaidh rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil cumas coibhneasta aige tionchar a imirt ar phraghas táirge fuinnimh mórdhíola nó ar an idirghníomhú idir soláthar agus éileamh an táirge sin an cinneadh, gan údar, gan an acmhainneacht táirgthe, stórála nó iompair atá ar fáil ar an margadh a thairiscint nó an acmhainneacht sin a choinneáil siar go heacnamaíoch. Go sonrach, tagraíonn coinneáil siar acmhainneachta giniúna leictreachais don chleachtas ina ndéantar an ghiniúint atá ar fáil a choinneáil ó bheith á tairiscint go hiomaíoch ar an margadh mórdhíola leictreachais, cé go mbeadh idirbhearta brabúsacha ar na margadhphraghsanna atá i réim ann dá dtairgfí go hiomaíoch í.’ Dá bhrí sin, is gá a mheasúnú an bhfuil an rannpháirtí sa mhargadh i gceist in ann tionchar a imirt ar phraghas an mhargaidh mórdhíola leictreachais nó ar an idirghníomhú idir soláthar agus éileamh sa mhargadh sin trína bheith ag gabháil d’iompraíocht den sórt sin.

(548)

D’áitigh an tSeicia nach mbeidh dreasachtaí eacnamaíocha ag Grúpa ČEZ, ná an cumas margadhphraghsanna mórdhíola a bhoilsciú trí aschur EDU II a chiorrú. Ar an gcéad dul síos, sa chás hipitéiseach nach nginfeadh EDU II leictreachas ar feadh bliain iomlán, cuireann an tSeicia in iúl nach bhféadfaí an caillteanas ioncaim do Ghrúpa ČEZ a chúiteamh ná baol air trí ioncam breise arna ghiniúint tríd an gcuid neamhfhálaithe den táirgeadh a dhíol an bhliain dár gcionn. Cuireann an tSeicia in iúl go gcaillfear sreabhadh airgid mar gheall ar aschur laghdaithe EDU II agus go gcuirfeadh laghdú mór ar an lódfhachtóir deireadh leis an airgead atá ar fáil chun fiachas a sheirbhísiú agus go bhféadfadh sé nach mbeadh EDU II in ann an cúnamh airgeadais in-aisíoctha a sheirbhísiú dá dheasca sin nó nach mbeadh an sreabhadh airgid leordhóthanach chun costais oibriúcháin a chumhdach.

(549)

Mar a mhínítear in aithris 39, tá an Tionscadal ríthábhachtach do Ghrúpa ČEZ agus is amhlaidh a bheidh sé go háirithe tar éis deireadh a bheith curtha leis an gcumhacht ghualbhreoslaithe a ghintear cheana agus le húsáid sócmhainní giniúna núicléiche, b’fhéidir, a bhfuil coinne leis go gcuirfear deireadh leo faoi 2033 i gcás guail agus idir 2045 agus 2047 i gcás giniúint núicléach. Meastar go rannchuideoidh an Tionscadal le méadú [10-20] % ar EBITDA Ghrúpa ČEZ, agus dá bhrí sin d’imreodh aon iompraíocht a d’fhéadfadh torthaí airgeadais an Tionscadail a laghdú tionchar mór ar thorthaí airgeadais Ghrúpa ČEZ.

(550)

Ar an dara dul síos, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil eilimintí ionsuite i bhfoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh a chuireann teorainn mhór leis na tairbhí a d’fhéadfadh an tairbhí a dhíorthú ó iompraíocht siarchoinneála acmhainneachta chun críoch cúblála. Mar a mhínítear in aithris 533, maidir le hiompraíocht mhí-úsáideach a bheadh ina chúis le margadhphraghsanna níos airde (amhail acmhainneacht a choinneáil siar), maolaítear í toisc go bhfágfadh sí go mbeadh praghas tagartha níos airde ann agus, dá bhrí sin, íocaíocht téarma socraíochta ex post níos ísle. D’ainneoin go n-imeoidh na cosaintí sin ar iompraíocht siarchoinneála acmhainneachta tar éis an chonartha ceannaigh, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go mbeidh dreasachtaí teoranta fós ann chun gabháil d’iompraíocht siarchoinneála acmhainneachta chun críoch cúblála. D’ainneoin easpa socraíochta ex post, ní mheasfaidh Grúpa ČEZ gur rud brabúsach é acmhainneacht a choinneáil siar, mar gheall ar na costais mhóra a bhaineann le gléasra cumhachta den sórt sin a oibriú agus a chothabháil. Thairis sin, cuireann an t-idirnasc forleathan le margaí comharsanacha srian ar iompraíocht mhí-úsáideach amach anseo mar tá coinne leis go mbeidh an timpeallacht táirgthe leictreachais ag brath ar mheascán d’fhoinsí fuinnimh níos éagsúla agus níos forbartha, rud a laghdóidh a chumas tionchar a imirt ar phraghsanna trí acmhainneacht a choinneáil siar.

(551)

Ar an tríú dul síos, leagann an tSeicia amach, i bhfianaise leibhéal ard idirnasctha mhargadh leictreachais na Seicia leis an Ostair, leis an nGearmáin, leis an bPolainn agus leis an tSlóvaic, go bhfuil coinne leis nach mbeidh aon tionchar, nó go mbeidh tionchar an-teoranta, ag an Tionscadal ar shocrú praghsanna sa tSeicia idir 2030 agus 2050, ós rud é go bhfuil coinne leis go mbeidh an margadhphraghas don réigiún idirnasctha bunaithe ar phraghas an leictreachais arna ghiniúint lasmuigh den tSeicia i bhformhór mór na n-uaireanta an chloig. Go deimhin, mar a leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe i bhfonóta 139, tá an tSeicia idirnasctha thar a bheith go maith le córais leictreachais chomharsanacha, atá in ann, dá bhrí sin, tionchar suntasach a imirt ar phraghasmhúnlú i margadh na Seicia. Tá sé sin comhleanúnach le torthaí thuarascáil Oxera ina ndearnadh measúnú ar an teicneolaíocht socraithe praghsanna i margadh leictreachais na Seicia, i gcaitheamh 2030-2050, agus inar thángthas ar an gconclúid gur praghasghlacadóir a bheidh sa Tionscadal toisc gurb iad gineadóirí seachtracha a shocróidh an praghas i bhformhór mór na n-uaireanta an chloig, agus gurb iad gléasraí cumhachta gáis agus ligníte na Seicia go príomha a shocróidh iad sna huaireanta an chloig eile. De réir mar a bheidh níos mó cumhachta á giniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú freisin ar an líon uaireanta an chloig ina mbeidh an praghas nialasach agus go sroichfidh sé thart ar 16 % faoi 2050.

(552)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil na conclúidí sin i gcomhréir le torthaí anailíse (241) a rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin lena léirítear go raibh na praghsanna ar mhargadh leictreachais na Seicia go mór faoi thionchar dhinimic mhargaidh a comharsana in 2022, mar gheall ar shuíomh geografach na Seicia agus ardleibhéal idirnascachta a hacmhainneachta, mar is léir sa mhéid gur gineadóirí seachtracha a shocraigh níos mó ná 90 % de na huaireanta praghais sa tSeicia, rud atá ar cheann de na cóimheasa is airde san Aontas. Toisc mhór a imríonn tionchar ar phraghsanna leictreachais na Seicia is ea margadh comharsanach na Gearmáine, agus tá an difear a dhéanann sé do phatrúin praghsanna a chomhpháirtithe trádála ag dul i méid mar gheall ar mhéid mór an mhargaidh féin agus an méadú ar ghiniúint leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite ann. Ós rud é go mbíonn na méideanna leictreachais a thrádálann an Ghearmáin lena comharsana ag dul i méid, is mó a bhíonn a bpraghsanna leictreachais siúd faoi réir luaineachtaí sa Ghearmáin. (242) Go deimhin, bhí praghsanna leictreachais in aghaidh na huaire ar an margadh lá roimh ré sa tSeicia beagnach mar an gcéanna (rud a chiallaíonn níos lú ná 1 % dibhéirseach) in 48 % de na huaireanta an chloig idir 2021 agus 2023. (243) De réir anailís JRC, tá coinne leis go leanfaidh an treocht chéanna sa tréimhse go dtí 2030, tráth a mheastar gur gineadóirí seachtracha a shocróidh praghsanna i dtimpeall 80 % de na huaireanta praghsanna sa tSeicia. Tá coinne leis gur gás nádúrtha a bheidh sa teicneolaíocht socraithe praghsanna ar mhargadh leictreachais na Seicia in 2030 (thart ar 50 % den am), agus ina dhiaidh sin gurb iad lignít, ola, foinsí fuinnimh in-athnuaite agus fuinneamh núicléach a bheidh ann.

(553)

Ar an gceathrú dul síos, áitíonn an tSeicia go bhféadfadh toradh an mhargaidh leictreachais a bheith éagsúil go mór ó thréimhse socraíochta go tréimhse socraíochta in aghaidh na huaire, agus nach dtugann sciartha den mhargadh giniúna foriomláine léargas iomlán ar chumhacht an mhargaidh. Measann an tSeicia go bhfuil táscairí amhail an t-innéacs soláthair iarmharaigh (244) úsáideach chun meastóireacht a dhéanamh ar chumas gineadóra gníomhú go neamhspleách ar a iomaitheoirí, ós rud é go dtomhaistear leis a mhéid is gá do ghineadóir freastal ar an éileamh iarmharach. Mar a léirítear leis an anailís i dtuarascáil Oxera, tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú mór ar ríthábhacht ČEZ de réir an innéacs soláthair iarmharaigh ó 2030 go 2050. Cé go bhfuil coinne leis go mbeidh ČEZ ríthábhachtach in 2030 i mbeagnach gach uair an chloig, laghdóidh an sciar d’uaireanta an chloig ina mbeidh ČEZ ríthábhachtach faoi bhun 10 % faoi 2050. Rud atá tábhachtach, ní imríonn coimisiúnú an Tionscadail ach tionchar beag ar an treocht sin toisc nach dtagann ach méadú 14 % ar ríthábhacht ČEZ mar gheall ar an Tionscadal, agus tá coinne leis go n-imeoidh an éifeacht sin faoi 2050. Tugann an Coimisiún dá aire go dtagann méadú go ginearálta ar an dóchúlacht go ndéanfar cúbláil praghsanna i gcás ina mbeidh ČEZ ceannasach. Ó tharla go bhfuil sciartha is mó ná 50 % den mhargadh aige go ginearálta ar mhargadh ábhartha sonrach, tá toimhde na ceannasachta ann go bhfuil sciartha an-mhór, iontu féin, ina bhfianaise ar cheannasacht a bheith ann, seachas in imthosca eisceachtúla. (245)An tráth céanna, chun measúnú a dhéanamh ar cheannasacht, níl sciartha den mhargadh ach ina dtúsphointe agus is gá gnéithe eile a chur san áireamh. (246) Tugann an Coimisiún dá aire sa chomhthéacs sin go dtagann laghdú mór ar sciartha ČEZ den mhargadh i nginiúint leictreachais le himeacht ama agus go dtiocfaidh laghdú mór orthu go háirithe in 2040 agus in aon chás faoi bhun 45 % faoi 2050. Thairis sin, níor shainaithin an Coimisiún aon táscaire nach bhfuil forbairt ríthábhachta ČEZ cruinn ná inchreidte. Go sonrach, leis na barúlacha ó thríú páirtithe, níor cuireadh ach méid an-teoranta imní in iúl maidir leis an mbaol go saobhfadh an Tionscadal an margadh.

(554)

Ar an gcúigiú dul síos, thagair an tSeicia do thorthaí thuarascáil Oxera ar dá réir a bheidh éifeacht bheag ag coimisiúnú EDU II tríd an bpraghas leictreachais ar mhargadh na Seicia a laghdú thart ar EUR 2/MWh idir 2040 agus 2050.

(555)

Mar chonclúid, i bhfianaise na n-argóintí thuas, creideann an Coimisiún go gcoimeádfar chomh híseal agus is féidir aon saobhadh iomaíochta i leith acmhainneacht a d’fhéadfaí a choinneáil siar. Ina theannta sin, measann an Coimisiún, de réir mar atá an beart ceaptha faoi láthair, gur mionrioscaí iad na rioscaí leachtachta margaidh a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus go n-íoslaghdaítear tionchair ar phraghsanna, infheistíochtaí agus sreabha trasteorann.

8.3.3.6.4.   Ról an mheáin shainchuspóirigh ar an margadh

(556)

Sa Chinneadh Tosaigh, mheas an Coimisiún ar dtús gur bunú oiriúnach go ginearálta a bhí i ndearadh an mheáin shainchuspóirigh, mar ab eol an tráth sin é, chun maolú a dhéanamh ar ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an iomaíocht. Mar sin féin, ba dheacair fós measúnú a dhéanamh ar thionchar an bhunaithe ar an margadh, agus go háirithe ar thionchar ról an mheáin shainchuspóirigh, i bhfianaise athruithe a bheith á gcur chun feidhme go leanúnach ag an tSeicia ar struchtúr an Tionscadail agus, dá bhrí sin, mar gheall ar an easpa faisnéise sách seanbhunaithe. Ar an gcúis sin, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le héifeachtaí an mheáin shainchuspóirigh ar an margadh.

(557)

Tar éis an Chinnidh Tosaigh, rinne an tSeicia ról an mheáin shainchuspóirigh maidir le staid an mhargaidh sa tSeicia a mhionsonrú a thuilleadh i roinnt aighneachtaí uaithi (féach míreanna (273) go (278) thuas).

(558)

I bhfianaise na n-aighneachtaí sin, agus na mínithe breise a cuireadh leo, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur shoiléirigh an tSeicia go leordhóthanach na fíorais a thug ar an gCoimisiún amhras a chur in iúl sa Chinneadh Tosaigh. Tá na cúiseanna seo a leanas leis sin:

(559)

Ar an gcéad dul síos, b’ábhar imní don Choimisiún neamhspleáchas an mheáin shainchuspóirigh, go háirithe an ngníomhódh sé go leordhóthanach mar eintiteas príobháideach a uasmhéadaíonn brabús. Chuige sin, tá sé tábhachtach nach mbeidh an meán sainchuspóireach agus EDU II in ann oibriú an ghléasra cumhachta núicléiche, ar thaobh amháin, agus trádáil an leictreachais a ghintear, ar an taobh eile, a chomhordú. Cé gurb é ČEZ scairshealbhóir aonair EDU II (féach Roinn 3.2.1 thuas), tá na scaireanna sa mheán sainchuspóireach i seilbh na Seicia amháin agus dá bhrí sin ní féidir le ČEZ aon chomhordú féideartha a dhéanamh. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil leas urlámhais ag an tSeicia in ČEZ (féach aithris 32) agus sa mheán sainchuspóireach araon, d’fhéadfaí a shamhlú go gcomhordódh an tSeicia féin oibriú an ghléasra cumhachta núicléiche ar thaobh amháin agus iompraíocht trádála an mheáin shainchuspóirigh ar an taobh eile chun brabúis ČEZ a uasmhéadú.

(560)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfágann struchtúr rialachais an mheáin shainchuspóirigh go leithscartar a chinnteoireacht maidir le straitéis trádála ó EDU II, rud a áirithíonn neamhspleáchas agus a íoslaghdaíonn rioscaí a bhaineann le tionchair mhíchuí. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin toisc go bhfágann sé nach dócha go mbainfidh an tSeicia úsáid as a leas urlámhais in ČEZ, agus dá bhrí sin in EDU II, ar thaobh amháin agus as a rialú ar an meán sainchuspóireach ar an taobh eile chun brabúis ČEZ a uasmhéadú, dá bhféadfadh sí tairbhiú go hindíreach trí íocaíochtaí díbhinne, trí mhéadú ar acmhainneacht ghiniúna ČEZ agus tríd an nasc nua ingearach leis na margaí mórdhíola agus miondíola, i gcomhthráth, trí bhíthin an mheáin shainchuspóirigh. Ar an gcaoi sin, is é tuairim an Choimisiúin go n-áirithítear nach n-imreoidh aon leas dílsithe ag rannpháirtí amháin sa mhargadh (ČEZ) tionchar ar fheidhmiú nó ar straitéis trádála an mheáin shainchuspóirigh agus go mbeidh siad fós ailínithe le cuspóirí leasa phoiblí níos leithne maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus praghsanna inacmhainne fuinnimh.

(561)

Ar an dara dul síos, b’ábhar imní é go bhféadfadh struchtúr an mheáin shainchuspóirigh comharthaí margaidh a shaobhadh, go háirithe maidir le seoladh an ghléasra cumhachta. Mar sin féin, faoin gconradh ceannaigh athbhreithnithe, níl aon tionchar ag an meán sainchuspóireach ar an gcinneadh maidir le seoladh an ghléasra cumhachta, rud atá go hiomlán faoi rialú EDU II. De réir na conclúide ar thángthas uirthi i roinn 8.3.3.5.1.2, soláthraíonn an fhoirmle luacha saothair dreasachtaí leordhóthanacha chun go n-oibreoidh EDU II go héifeachtúil sa mhargadh leictreachais, rud a chuireann teorainn leis an saobhadh ar chomhartha an mhargadhphraghais nó ar an ord fiúntais.

(562)

Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire go dtugtar le fios in anailís Oxera (247), mar a luaigh an tSeicia, nach ndéanfaidh coimisiúnú an ghléasra cumhachta núicléiche difear substaintiúil do phraghsanna mórdhíola leictreachais ná do shuíomh ČEZ ar an margadh. Ní bheadh tionchar mór ag an ngléasra cumhachta núicléiche ar phraghsanna mórdhíola leictreachais, rud a athdheimhníonn nach ndéanfaidh oibriú an mheáin shainchuspóirigh ná coimisiúnú an ghléasra saobhadh ar dhinimic an mhargaidh ná nach dtabharfaidh siad buntáiste míchuí do ghníomhaithe sonracha.

(563)

Ar an tríú dul síos, b’ábhar mór imní í an éiginnteacht maidir leis an gcaoi a ndíolfadh an meán sainchuspóireach a chuid leictreachais, go háirithe le tomhaltóirí tionsclaíocha. Mar fhreagairt air sin, gheall an tSeicia go ndéanfaidh an meán sainchuspóireach 70 % ar a laghad den leictreachas a tháirgeann EDU II a dhíol ar mhalartáin (féach aithris 112 thuas) agus an chuid eile trí cheantanna atá faoi réir coinníollacha lena gcuirtear cosc ar shaobhadh iomaíoch ar an margadh (na margaí) leictreachais (féach aithris 113 thuas).

(564)

Ar na paraiméadair atá beartaithe do na ceantanna cumhachta núicléiche amach anseo, mhínigh an tSeicia go n-áireofar méideanna luchtóige measta 1-10 MW, tréimhse chonartha 1 bhliain amháin, tréimhse chonartha aon cheathrú bliana, nó conarthaí níos gearrthéarmaí ná sin. Eagrófar ceantanna ar bhonn íoc mar a thairgtear, agus beidh íosphraghas réamhshainithe ann a fhógrófar tráth nach luaithe ná 1 lá amháin go 2 lá roimh dhúnadh na tairisceana. Thairis sin, socrófar minicíocht na gceantanna ar bhonn ráithiúil go bliantúil le rialacha trédhearcacha maidir le tréimhse fógartha 30 lá roimh thús an cheant. Ar deireadh, ní rachaidh fad na gceantanna thar thréimhse 7 lá féilire agus fógrófar na torthaí laistigh den tseachtain dár gcionn. Tá feidhm aige sin maidir le ceantanna le linn na tréimhse PC agus sa tréimhse iar-PC araon. Leis na paraiméadair sin atá beartaithe, soláthraítear soiléireacht leordhóthanach gur féidir coinne a bheith leis, go deimhin, go ndéanfar na ceantanna ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, rud a thabharfaidh caoi do ghrúpa sách mór de rannpháirtithe sa mhargadh tairiscintí a chur isteach go héifeachtach agus go trédhearcach.

(565)

In imthosca eisceachtúla, tá EDU II i dteideal leictreachas a dhíol go díreach ar an margadh mórdhíola. Mar sin féin, ní tharlaíonn sé sin ach i gcás nach gcomhlíonfaidh an meán sainchuspóireach a oibleagáid cheannaigh faoin gconradh ceannaigh. Sna himthosca sin, beidh an gléasra cumhachta fós ag oibriú agus is gá an leictreachas a thabhairt chun an mhargaidh. Dá bhrí sin, is cosúil gur rud réasúnta é an fhéidearthacht go ndíolfaidh EDU II an leictreachas go díreach mar chur chuige cúltaca. Is gá é sin a sheachaint, áfach, toisc gur féidir go gcuirfeadh sé ar a chumas do EDU II dul timpeall ar na teorainneacha uile a cuireadh i bhfeidhm lena bhféachtar chuige go ndíolfar an leictreachas ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. Tugann an Coimisiún dá aire go ndearna an tSeicia gealltanas gurb é a tharlódh, sa chás sin, go ndéanfadh EDU II an leictreachas uile a tháirgeann sé a dhíol ar an margadh airgid mar phraghasghlacadóir. Agus é sin á dhéanamh aige, ní féidir le EDU II aon cheannaitheoir sonrach a roghnú (ós rud é go ndíoltar an leictreachas ar mhalartán anaithnid) ná ní féidir leis praghas ná coinníollacha díola a chinneadh (ós rud é go ndíoltar táirgí caighdeánacha ar an bpraghas imeallach ar an malartán). Tá sé sin comhleanúnach freisin leis an mbunfhadhb atá le réiteach: mura gceannaíonn an meán sainchuspóireach an leictreachas a tháirgtear, is gá teacht ar réiteach go tapa chun aschur an ghléasra cumhachta a dhiúscairt. Is éard a sholáthraíonn an réiteach tapa iontaofa sin an margadh airgid a úsáid mar phraghasghlacadóir. I bhfianaise na ngealltanas sin, measann an Coimisiún nach mbeidh réiteach cúltaca EDU II, is é sin leictreachas a dhíol go díreach ar bhonn eisceachtúil, ina ábhar imní breise ó thaobh na iomaíochta de.

(566)

Fiú i gcásanna eisceachtúla nuair a thagann laghdú mór ar leachtacht na malartán ábhartha, ní athródh na dálaí trádála sin agus ní fhéadfaidh an meán sainchuspóireach ach leasú sealadach a dhéanamh ar an gcóimheas ar dá réir a leithdháiltear an leictreachas táirgthe ar na hardáin trádála. Sna cásanna sin go sonrach, d’fhéadfaí 50 % den leictreachas táirgthe a thrádáil ar na malartáin agus 50 % trí cheantanna (féach aithrisí (117) go (118)). Leis an oibríocht thrédhearcach sin, áirithítear rochtain chothrom ar an leictreachas a tháirgtear agus treisítear sláine an mhargaidh.

(567)

Ar an gceathrú dul síos, thug an tSeicia dearbhuithe go bhfeidhmeoidh an meán sainchuspóireach agus ČEZ go neamhspleách ar a chéile agus go mbeidh struchtúir rialachais agus bhainistíochta ar leithligh acu. Dá mbeadh an meán sainchuspóireach lena ghníomhaíochtaí trádála a sheachfhoinsiú, dhéanfaí é sin trí thairiscint phoiblí neamh-idirdhealaitheach lena n-áiritheofaí nach dtabharfaí aon bhuntáiste míchuí d’aon eintiteas ar leith. Maidir le ČEZ, áfach, ní mór don mheán sainchuspóireach gan trádáil a chuid leictreachais a sheachfhoinsiú chuig Grúpa ČEZ ná chuig eintitis ar cuid de Ghrúpa ČEZ iad (féach aithris 46). Áirithítear leis an ngealltanas sin ón tSeicia nach bhfaighidh ČEZ rialú fíorasach an athuair ar dhíol aschur EDU II trí bhíthin tarmligin, rud a rachadh timpeall ar éifeachtaí struchtúr an mheáin shainchuspóirigh.

(568)

Tugann an Coimisiún dá aire go ndéanfaidh ČEZ maoirseacht ar oibríochtaí EDU II mar Urraitheoir an Tionscadail agus mar scairshealbhóir aonair EDU II. Beidh rannpháirtíocht dhíreach ČEZ teoranta do chaipiteal cothromais a sholáthar do EDU II agus, b’fhéidir, do ghníomhaíochtaí seirbhísí comhroinnte a sholáthar do EDU II ar neamhthuilleamaí.

(569)

Tugann an Coimisiún dá aire freisin go scarfaidh an struchtúr rialachais ČEZ ó fhaighteoir na státchabhrach, EDU II (mar fhorbróir, úinéir agus oibreoir an ghléasra cumhachta núicléiche). Beidh EDU II ina eintiteas dlíthiúil ar leithligh ag a mbeidh bord agus bainistíocht ar leithligh agus dualgas muiníneach i leith chuideachta EDU II. Déanfar EDU II a bhainistiú go neamhspleách, ó thaobh airgeadais agus oibríochta de araon, agus beidh sé faoi réir grinnscrúdú rialála. Bunófar struchtúr tuairiscithe sainithe do EDU II chun críoch cumarsáide le ČEZ mar mháthairchuideachta. Leis an struchtúr rialachais, áiritheofar go mbeidh EDU II neamhspleách ar ČEZ trí chumas ČEZ cur isteach go míchuí ar oibriú laethúil EDU II a theorannú go héifeachtach. Gníomhóidh EDU II de réir na ndreasachtaí a sholáthraítear tríd an bhfoirmle luacha saothair i gcomhréir lena straitéis oibríochtaí féin. Tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur shoiléirigh an tSeicia go leordhóthanach na fíorais a thug ar an gCoimisiún an t-amhras a tharraingt anuas sa Chinneadh Tosaigh, tríd an ngaol idir an meán sainchuspóireach, EDU II agus ČEZ a mhíniú a thuilleadh.

(570)

D’aithin an Coimisiún go bhféadfadh tionchar míchuí a bheith ann dá ndéanfaí gníomhaíochtaí trádála an mheáin shainchuspóirigh a sheachfhoinsiú. Laghdaítear na rioscaí sin go mór, áfach, de bharr gur gheall an tSeicia go reáchtálfaidh sí tairiscint oscailte neamh-idirdhealaitheach chun aon seachfhoinsiú den sórt sin a dhéanamh, gan seachfhoinsiú chuig ČEZ a áireamh, agus de bharr go bhfuil forálacha conarthacha ann chun go bhfanfaidh an straitéis trádála faoi úinéireacht an mheáin shainchuspóirigh.

(571)

I bhfianaise an mhéid thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur thug an tSeicia aghaidh go leormhaith ar na hábhair imní a cuireadh in iúl ar dtús. Áirithítear leis na bearta, mar a thuairiscítear iad, agus leis na coimircí a cuireadh i bhfeidhm go bhfeidhmeoidh an margadh agus go mbeidh sé iomaíoch go leordhóthanach. Dá bhrí sin, níl aon amhras ar an gCoimisiún a thuilleadh maidir leis an tionchar ar an margadh a bheidh ag ról an mheáin shainchuspóirigh atá beartaithe.

8.3.3.6.5.   Conclúid maidir le héifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil

(572)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil teorainn leis an bhféidearthacht go saobhfaí an iomaíocht, ar an iomlán, bunaithe ar na breithnithe i Ranna 8.3.3.6.1, 8.3.3.6.2, 8.3.3.6.3, 8.3.3.6.4 thuas, agus na gealltanais a rinne an tSeicia á gcur san áireamh.

8.3.4.   Éifeachtaí dearfacha na cabhrach a chur i gcomparáid leis na héifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht agus ar an trádáil

(573)

Tar éis measúnú cúramach a dhéanamh i roinn 8.3.2 den Chinneadh seo, aithníonn an Coimisiún gurb é is aidhm don phacáiste beart infheistíocht san fhuinneamh núicléach a chur chun cinn agus go rannchuidíonn sé dá bhrí sin le gníomhaíocht eacnamaíoch a fhorbairt, i.e. leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh núicléach agus slándáil an tsoláthair leictreachais a fheabhsú an tráth céanna.

(574)

Tugann an Coimisiún dá aire freisin go measfaí gur infheistíocht inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht í an ghníomhaíocht sin, bunaithe ar an ngealltanas go gcuirfear critéir scagtha theicniúla chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha san earnáil fuinnimh núicléach mar a leagtar amach sa Rialachán sin.

(575)

Aithníonn an Coimisiún nach bhféadfadh coinne a bheith leis go gcuirfí an infheistíocht chun feidhme in éagmais na cabhrach, lena n-áirítear na trí bheart uile arb iad an pacáiste cabhrach iad. Dá bhrí sin, tá gá leis an gcabhair chun an ghníomhaíocht eacnamaíoch sin a fhorbairt.

(576)

Chinn an Coimisiún gur ionstraimí iomchuí iad an conradh ceannaigh, a bhfuil tréimhse laghdaithe 40 bliain aige, i gcomhcheangal leis an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha agus an sásra um chosaint ar athrú dlí, mar atá struchtúrtha sna bearta ar tugadh fógra fúthu. Níor tugadh aon fhianaise ar aghaidh san imscrúdú foirmiúil go mbeadh bearta eile chomh héifeachtach céanna agus go mbeadh éifeachtaí saofa níos lú acu.

(577)

Deonófar an chabhair ar bhealach comhréireach, toisc nach gcoinneoidh an tairbhí brabúis bhreise thar a bhfuil fíor-riachtanach chun oibriú eacnamaíoch agus inmharthanacht an ghléasra cumhachta núicléiche a áirithiú. Áirithítear le tréimhse laghdaithe an chonartha ceannaigh go mbeidh an gléasra neamhchosanta go hiomlán ar rioscaí praghais tar éis an costas caipitil a aisíoc.

(578)

Go sonrach, tugann an Coimisiún dá aire go soláthraíonn an fhoirmle luacha saothair dreasachtaí láidre do EDU II le linn thréimhse an chonartha ceannaigh freisin chun an gléasra a oibriú ar bhealach éifeachtúil, agus úsáid á baint as na cumais sholúbtha atá ann cheana chun freagairt do mhargadhphraghsanna.

(579)

Leis an athbhreithniú tráthrialta ar thacar luachanna ionchuir sa tsamhail airgeadais, ar luachanna iad atá sainithe go soiléir, rud lenar féidir coigeartú suas agus síos a dhéanamh, áirithítear nach dtabharfar róchúiteamh don tairbhí mar thoradh ar na héiginnteachtaí móra atá ann faoi láthair maidir le costais chaipitil agus oibriúcháin. Áirithítear thairis sin, trí shásra comhroinnte gnóthachan a chur i bhfeidhm, go leanfar de dhreasú EDU II chun bheith ag oibriú chomh héifeachtúil agus is féidir agus go ndéanfar toradh méadaithe ar chothromas a chomhroinnt leis an Stát an tráth céanna, agus ar an gcaoi sin róchúiteamh a theorannú i gcás forbairtí costais nó ioncaim atá níos fearr ná mar a bhí coinne leo.

(580)

Tá an spriocráta toraidh [9 go 11] % ar chothromas comhréireach, i bhfianaise riosca an Tionscadail, agus éifeachtaí maolaithe riosca na mbeart cabhrach á gcur san áireamh go cuí.

(581)

Tugann an Coimisiún dá aire freisin nach rialóidh ČEZ gníomhaíochtaí trádála an mheáin shainchuspóirigh agus go mbeidh sé faoi réir srianta lena gcuirfear teorainn leis an dreasacht a bheadh aige agus lena chumas mí-úsáid a bhaint as aon suíomh treisithe ar an margadh d’eascródh as an mbeart. Cuirfidh leibhéal ard idirnascachta chóras na Seicia tuilleadh srianta ar fheidhmiú cumhachta margaidh freisin. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire go n-áirithítear leis na gealltanais trádála go ndíolfaidh an meán sainchuspóireach leictreachas go seasta agus go ndíolfaidh ČEZ ina dhiaidh sin é faoi dhálaí neamh-idirdhealaitheacha le gach rannpháirtí sa mhargadh, rud a d’fhéadfadh feabhas a chur ar leachtacht sa mhargadh mórdhíola leictreachais gearrthéarmach agus dul chun tairbhe don iomaíocht i margaí miondíola.

(582)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil teorainn leis an bhféidearthacht go saobhfaí an iomaíocht, ar an iomlán, bunaithe ar na breithnithe i roinn 8.3.3 thuas, agus na gealltanais a rinne údaráis na Seicia agus tairbhí na cabhrach á gcur san áireamh.

(583)

Tar éis cothromú críochnúil a dhéanamh agus na gealltanais a rinneadh á gcur san áireamh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndéanfaidh na bearta an méid is lú saofa ar an iomaíocht is gá agus go ndéanfaidh éifeachtaí dearfacha na mbeart é a fhritháireamh.

8.3.5.   Conclúid maidir le comhoiriúnacht na cabhrach

(584)

Bunaithe ar an measúnú a rinneadh agus i bhfianaise imthosca sonracha an cháis seo, cinneann an Coimisiún go bhfuil an pacáiste beart ar thug údaráis na Seicia fógra faoi agus a leasaigh siad ina dhiaidh sin, lena n-áirítear na gealltanais a rinneadh, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3)(c) CFAE.

9.   CONCLÚID

(585)

Tá an beart arna leasú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE.

(586)

Tugann an Coimisiún dá aire gur soláthraíodh é, lena mheasúnú, le dréacht-téarmaí an chonartha ceannaigh, an chomhaontaithe infheisteora agus an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha mar a comhaontaíodh go dtí seo idir Stát na Seicia, ČEZ agus EDU II. Dearbhaíonn údaráis na Seicia go mbeidh clásail chaighdeánacha sa chuid eile de na téarmaí agus na coinníollacha agus sna doiciméid airgeadais chríochnaitheacha, ar clásail iad a lorgódh aon infheisteoir i gcás tionscadal comhchosúil (féach aithris 194). Ós rud é nach raibh an deis ag an gCoimisiún na doiciméid chríochnaitheacha a fhíorú, má leasaíonn siad an beart mar a chuirtear i láthair é sa Chinneadh seo, beidh ar údaráis na Seicia fógra a thabhairt don Choimisiún fúthu.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An chabhair a bhfuil sé beartaithe ag an tSeicia í a chur chun feidhme chun tacú le tógáil agus oibriú gléasra nua cumhachta núicléiche ag suíomh Dukovany, tá sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na Seice a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Margrethe VESTAGER

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)   IO C 299, 5.8.2022, lch. 5.

(2)  Le fáil ag: https://commission.europa.eu/publications/czech-draft-updated-necp-2021-2030_en.

(3)  Hodnocení zdrojové přiměřenosti ES ČR do roku 2040 (MAF CZ), 2019. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar: https://www.mpo.cz/assets/cz/energetika/elektroenergetika/2021/2/Hodnoceni-zdrojove-primerenosti-ES-CR-_2019__1.pdf.

(4)  Hodnocení zdrojové přiměřenosti ES ČR do roku 2040 (MAF CZ), 2022. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar: https://www.mpo.cz/assets/cz/energetika/elektroenergetika/2023/5/Hodnoceni-zdrojove-primerenosti-elektrizacni-soustavy-CR-2022.pdf.

(5)  Ciallaíonn LOLE ‘ionchas maidir le cailliúint lóid’ agus is é atá ann an líon uaireanta an chloig in aghaidh na bliana ina bhfuil coinne staidrimh leis, san fhadtéarma, nach bhfreastalóidh an soláthar ar an éileamh.

(6)  Mhínigh údaráis na Seicia go bhfuil an t-idirnasc idir córas leictreachais na Seicia agus córais leictreachais chomharsanacha an-láidir, ó thaobh na staire de, agus go bhfuil coinne acu leis go dtiocfaidh tuilleadh méadaithe ar an malartú leictreachais mar gheall ar chlaochlú na hearnála fuinnimh. Is iad seo a leanas na hacmhainneachtaí idirnaisc margaidh atá ag an tSeicia faoi láthair: CZ00-AT00: 900 MW, AT00-CZ00: 900 MW, AT00-CZ00: 2 800 MW, DE00-CZ00: 2 600 MW, CZ00-PLI0: 800 MW, PLE0-CZ00: 800 MW, AT00-CZ00: 2 000 MW, SK00-CZ00: 1 200 MW. Chun an tslándáil fuinnimh le tíortha comharsanacha a neartú, tá roinnt infheistíochtaí beartaithe chun na hacmhainneachtaí atá ann cheana a mhéadú. Go sonrach, tá an nuachóiriú idirnascaire idir an Ghearmáin agus an tSeicia beartaithe do 2027-2028 agus beidh méadú 500 MW ar acmhainneacht allmhairiúcháin an mhargaidh sa dá threo mar thoradh air (i.e., CZ00-DE00: 3 300 MW agus DE00-CZ00: 3 100 MW). Tá idirnascaire nua idir an tSeicia agus an tSlóvaic (Otrokovice-Ladce) beartaithe tar éis 2035 agus ba cheart go dtiocfaidh glanmhéadú de thart ar 500 MW ar acmhainneacht an mhargaidh sa dá threo mar thoradh air. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Plean Forbartha Náisiúnta na Seicia 2023-2032, atá le fáil ag: https://www.ceps.cz/en/transmission-system-development. Áitíonn údaráis na Seicia gurb í an tSeicia an t-aon tír i réigiún na hEorpa Láir a chomhlíonann an critéar go mbeadh corrlach íosta 70 % ar fáil le haghaidh trádáil thraschreasach (a leagtar amach in Airteagal 16(8) de Rialachán Leictreachais (AE) 2019/943).

(7)  Leis an gCúpláil Ilréigiúnach, nasctar margaí leictreachais 19 dtír, ar leosan a bhaineann thart ar 85 % d’ídiú cumhachta na hEorpa.

(8)  Is é is réigiún ríofa acmhainneachta ann limistéar geografach ina ndéanann Oibreoirí Córais Tarchurtha na cúraimí ríofa acmhainneachta a chomhordú. Is é atá sa chroí-réigiún ríofa acmhainneachta na teorainneacha idir criosanna tairisceana na hOstaire, na Beilge, na Cróite, na Seicia, na Fraince, na Gearmáine, na hUngáire, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na Polainne, na Rómáine, na Slóvaice agus na Slóivéine. Is réigiún é an Croí-réigiún a bhunaigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) i gCinneadh 2019 uaithi: https://www.acer.europa.eu/sites/default/files/documents/Individual%20Decisions/ACER%20Decision%2002-2019%20on%20CORE%20CCM_0.pdf.

(9)  Is é is aidhm don Chroíthionscadal Margadhchúplála Sreabhadhbhunaithe oibriú laethúil margadhchúplála Sreabhadhbhunaithe lá roimh ré sa Chroí-Réigiún a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

(10)   IO L 197, 25.7.2015, lch. 24.

(11)  Déanfaidh ganntanas leictreachais difear don Pholainn, don tSlóvaic, don Ostair, don Ungáir, don Bheilg agus, mar shampla, don Iodáil, don tSeirbia agus don Liotuáin freisin, ar cuid den Chroí-réigiún iad, de réir thorthaí an tsamhaltaithe.

(12)  Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhorbairt na hEarnála Fuinnimh Núicléach i bPoblacht na Seice, Dáta: 22 Bealtaine 2015, https://www.mpo.cz/assets/en/energy/electricity/nuclear-energy/2017/10/National-Action-Plan-for-the-Development-of-the-Nuclear-_2015_.pdf.

(13)  Ba in 2002 agus 2003 a coimisiúnaíodh an dá aonad atá ann cheana ag suíomh Temelín ag a bhfuil imoibreoirí uisce faoi bhrú VVER-1000/320 agus ionchas saolré 60 bliain. I dteannta a chéile, tá toilleadh suiteáilte 2.18 GW acu.

(14)  Ba in 1985 agus 1987 a coimisiúnaíodh na ceithre aonad atá ann cheana ag suíomh Dukovany ag a bhfuil imoibreoirí uisce faoi bhrú VVER-440/213 agus ionchas saolré tosaigh 30 bliain, ar cuireadh síneadh 20 bliain léi. I dteannta a chéile, tá toilleadh suiteáilte 2.04 GW acu.

(15)  Féach aithris 8 agus fonóta 2 thuas.

(16)  Teachtaireacht ón gCoimisiún, Ár dtodhchaí a dhaingniú: Sprioc aeráide 2040 na hEorpa agus an chonair chun na haeráidneodrachta faoi 2050 lena dtógfar sochaí inbhuanaithe, chóir agus rathúil, an 6 Feabhra 2024, COM(2024) 63 final.

(17)  Teachtaireacht ón gCoimisiún, Plean REPowerEU, 18 Bealtaine 2022, COM(2022) 230 final.

(18)  Míníonn údaráis na Seicia a thábhachtaí atá foinsí in-athnuaite d’iarrachtaí dícharbónaithe na Seicia ach aithníonn siad freisin na teorainneacha a bhaineann le hacmhainneachtaí giniúna mórscála a fhorbairt sa tSeicia (féach aithris 9 thuas). Ina theannta sin, bhreithnigh an tSeicia roghanna malartacha eile (amhail allmhairí chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh giniúna nó giniúint gásadhainte nádúrtha), a cuireadh i láthair sa Chinneadh Tosaigh (féach aithrisí (19)-(21)). Bunaithe ar an méid thuas, is é an cinneadh a rinne an tSeicia gur lú na costais chórais a bhaineann le meascán d’acmhainní núicléacha agus in-athnuaite agus gur bealach dícharbónaithe costéifeachtach dá réir sin é.

(19)  Míníonn údaráis na Seicia go ndearnadh próiseas fairsing comhairliúcháin in 2020 agus 2021 sula ndearnadh LCA, lenar léiríodh tacaíocht fhorleathan ón bpobal (63-65 % fadtéarmach) chomh maith le tacaíocht fhorleathan pholaitiúil.

(20)  Ní chumhdaítear leis an gCinneadh seo státchabhair a d’fhéadfaí a thabhairt do thionscadail eile de bhun LCA: baineann sé go heisiach leis an tacaíocht don Tionscadal.

(21)  Grúpa ČEZ, Tuarascáil Airgeadais Bhliantúil 2022, lch. 2, le fáil ag: https://www.cez.cz/en/investors/financial-reports/annual-reports.

(22)  Chun mínithe a fháil, féach aithris 40 thíos.

(23)  Chun sonraí a fháil, féach aithrisí 170-180 thíos.

(24)  Is iad príomhfhreagrachtaí Bhord Straitéiseach an Choiste Stiúrtha Tionscadail an plean tionscadail agus a nuashonruithe tráthrialta, chomh maith leis na critéir chun leanúint den Tionscadal agus é a chur i gcrích, a fhormheas; comhaltaí Bhord Straitéiseach an Choiste Stiúrtha Tionscadail a cheapadh agus treoracha a eisiúint a bheidh le cur chun feidhme ag Bord an Choiste Stiúrtha Tionscadail; cinneadh a dhéanamh maidir le haon saincheist arna cur ar aghaidh chuige ag Bord an Choiste Stiúrtha Tionscadail; aistriú an Tionscadail ó chéim amháin go céim eile a fhormheas agus na critéir inghlacthachta i dtaobh chomhlíonadh an Tionscadail a shainiú; measúnú a dhéanamh ar dhálaí sábháilteachta an Tionscadail; measúnú a dhéanamh ar rioscaí móra slándála agus ar aon teagmhas mór slándála a bhaineann leis an Tionscadal agus, dá thoradh sin, bearta a fhorchur chun iad a mhaolú agus/nó a réiteach; meastóireacht deiridh an Tionscadail a fhormheas tar éis eisiúint an Deimhnithe Deiridh um Ghlacadh ag deireadh na tréimhse baránta.

(25)  Is féidir féachaint ar struchtúr rialachais ČEZ agus EDU II ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas faoi seach: https://www.cez.cz/en/cez-group/cez/governing-bodies-of-cez agus https://www.cez.cz/cs/o-cez/skupina-cez/vyznamne-spolecnosti-skupiny-cez/elektrarna-dukovany-ii/informace-o-spolecnosti. Mhínigh údaráis na Seicia gur eintiteas gnó ar leithligh é EDU II a ndéanann a Bhord Stiúrthóirí bainistíocht neamhspleách air agus a ndéanann an Bord Maoirseachta maoirseacht air. Go sonrach, tá sé d’oibleagáid ar Bhord Stiúrthóirí EDU II gníomhú i gcomhréir le cúram cuí bainistíochta agus ar mhaithe le leas na cuideachta. Áirítear ar shásraí breise chun neamhspleáchas EDU II a áirithiú na cearta agus na hoibleagáidí atá sainithe go soiléir agus a leagtar amach i dtéarmaí conarthacha arna dtabhairt i gcrích idir ČEZ agus EDU II, toirmeasc ar aistriú scaireanna EDU II, agus toirmeasc ar mhaoin EDU II a aistriú chuig Grúpa ČEZ.

(26)  Is féidir féachaint ar struchtúr scairshealbhóirí ČEZ ar an suíomh gréasáin seo a leanas: https://www.cez.cz/en/investors/shares/structure-of-shareholders.

(27)  Mhínigh údaráis na Seicia go ndéanfar téarmaí margaidh le haghaidh chostais oibriúcháin an mheáin shainchuspóirigh a áirithiú trí chomparáid a dhéanamh le costais tagarmhairc trádálaithe eile atá ag oibriú sa mhargadh céanna. Dhéanfaí maoirseacht agus iniúchóireacht ar na costais sin go tráthrialta. Chumhdófaí costais oibriúcháin an mheáin shainchuspóirigh le hioncam ón margadh os cionn an phraghais ceangail, más ann dó. Ina mhalairt de chás, is é an Stát a chumhdódh iad.

(28)  Is é seo a leanas atá i Roinn 6(1) LCA: Údaróidh an Aireacht d’eintiteas dlíthiúil a bheidh 100 % faoi úinéireacht stáit agus a mbeidh ceadúnas trádála leictreachais aige faoin Acht Fuinnimh (dá ngairtear an ‘tEintiteas Údaraithe’ anseo feasta) na hoibleagáidí a eascraíonn as an gconradh ceannaigh agus na hoibleagáidí a bhaineann leis sin faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(29)  Analýza vhodného investorského modelu pro výstavbu nového jaderného zdroje a návrh možných modelů financování pro zajištění návratnosti investic (Buanchoiste um Fhuinneamh Núicléach, Anailís ar shamhail infheisteora a bheidh oiriúnach chun gléasra nua cumhachta núicléiche a thógáil agus togra le haghaidh samhlacha féideartha maoiniúcháin chun toradh ar infheistíocht a áirithiú, mí an Mheithimh 2017).

(30)  Rinneadh tuilleadh measúnaithe ar an tsamhail sin i dtuarascáil chomhlántach in 2018: Analýza vybraných investorských modelů výstavby nových jaderných zdrojů a způsobu jejich financování. Cuireadh san áireamh sa tuarascáil sin na costais táirgthe aonaid leictreachais a bhfuil coinne leo i gcás athróga éagsúla úinéireachta, anailís mhionsonraithe ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí (SWOT) gach athróige, an chaoi is fearr a gcomhlíonann gach athróg cuspóirí an Bheartais Stáit um Fhuinneamh agus an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhuinneamh Núicléach; agus tionchar fioscach gach samhla. Áiríodh measúnú riosca sa tuarascáil freisin.

(31)   https://www.zakonyprolidi.cz/cs/2016-134#.

(32)  Féach an Oifig um Chosaint Iomaíochta, § 29(1) litir a) d’Acht Uimh. 134/2016 Bail., um sholáthar poiblí, 15 Meitheamh 2020, le fáil ag: https://uohs.gov.cz/cs/legislativa/verejne-zakazky.html. An 23 Eanáir 2024, dheimhnigh an Oifig um Chosaint Iomaíochta go bhfuil feidhm aige sin freisin maidir leis na hathruithe ar an bpróiseas tairisceana a tugadh isteach chun tairiscintí ceangailteacha a iarraidh i dtaca le ceithre imoibreoir.

(33)  An Eagraíocht Dhomhanda Trádála, Agreement on Government Procurement as amended on 30 March 2012 (‘GPA 2012’), https://www.wto.org/english/tratop_e/gproc_e/gp_gpa_e.htm.

(34)  Féach Rún Uimh. 74 ón Rialtas dar dáta an 31 Eanáir 2024.

(35)   https://portal.cenia.cz/eiasea/detail/EIA_MZP469?lang=en.

(36)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO L 188, 15.7.2022, lch. 1).

(37)  Féach Rún Uimh. 24/2023 ón Rialtas an 11 Eanáir 2023, le fáil ag https://www.odok.cz/portal/zvlady/jednani-detail/2023-01-11/.

(38)  Ciallaíonn ‘conradh dhá threo le haghaidh difríochta’ conradh a shínítear idir oibreoir saoráide giniúna cumhachta agus contrapháirt, eintiteas poiblí de ghnáth, a sholáthraíonn cosaint íosta luacha saothair agus teorainn ar luach saothair breise araon; ceapadh an conradh sa chaoi go gcaomhnófar dreasachtaí don tsaoráid giniúna oibriú sna margaí leictreachais agus rannpháirt éifeachtúil a ghlacadh iontu.

(39)  De réir údaráis na Seicia, tosaíonn tréimhse cheannaigh an chonartha ceannaigh (i.e. an tréimhse ar lena linn is infheidhme an oibleagáid ceannaigh cumhachta ar an meán sainchuspóireach) an dáta is luaithe díobh seo: (i) an dáta tosaigh, i.e. an lá a sheolann an gléasra cumhachta núicléiche an chéad leictreachas isteach san eangach agus a thugann EDU II fógra don Stát/don mheán sainchuspóireach gur mian leis go dtarlóidh an dáta tosaigh faoi réir sprioc-amanna atá le sainiú sa chonradh ceannaigh nó (ii) an dáta deiridh, i.e. an lá tar éis lá deireanach na sprioc-idirthréimhse coimisiúnaithe a mhairfidh 5 bliana dar tús an spriocdháta coimisiúnaithe. Cuirfear síneadh leis an spriocdháta coimisiúnaithe chun aon mhoill de dheasca teagmhas a bhfuil foras dlisteanach leis a chur san áireamh.

Mhínigh údaráis na Seicia gurb é a tharlaíonn go héifeachtach de dheasca aon mhoill ar thús a bheith á chur leis an oibríocht tráchtála lasmuigh den sprioc-idirthréimhse choimisiúnaithe, a shainítear mar thréimhse 5 bliana dar tús an spriocdháta coimisiúnaithe, go ngiorraítear tréimhse an chonartha ceannaigh.

(40)  Is malartán cumhachta é Power Exchange Central Europe atá speisialaithe i margaí fuinnimh Lár agus Oirdheisceart na hEorpa. Chun tuilleadh sonraí a fháil féach: PXE - Malartán Cumhachta na hEorpa Láir, a.s.

(41)  Tugtar aghaidh ar róchúiteamh leis an sásra comhroinnte gnóthachan freisin (féach roinn 3.6.7).

(42)  Féach aithris 124 thíos.

(43)  Tá an luach sin i dtéarmaí réadacha, i bpraghsanna 2020. Measann údaráis na Seicia gurb é EUR [50 go 100]/MWh an luach coibhéiseach i dtéarmaí réadacha, i bpraghsanna 2025, a bheidh ann.

(44)  Tagraíonn coigeartú lóid, sa chomhthéacs seo, do choigeartú aschur cumhachta an ghléasra cumhachta núicléiche chun an táirgeadh a bharrfheabhsú mar fhreagairt ar phraghsanna leictreachais a luainíonn i rith an lae. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach aithris 187.

(45)  Comhfhreagraíonn CPI na Seicia do mhéadú ar an meáninnéacs bliantúil praghsanna do thomhaltóirí i bPoblacht na Seice arna fhoilsiú ag Oifig Staidrimh na Seicia, féach ttps://www.czso.cz/csu/czso/inflation_rate.

(46)  Comhfhreagraíonn PPI na Seicia don innéacs praghsanna do tháirgeoirí tionsclaíocha san iomlán i bPoblacht na Seice arna fhoilsiú ag Oifig Staidrimh na Seicia, (an tionscal san iomlán), féach https://www.czso.cz/csu/czso/ipc_ts.

(47)  Comhfhreagraíonn PPI an Aontais don innéacs praghsanna do tháirgeoirí tionsclaíocha san Aontas Eorpach (Praghsanna táirgeoirí sa tionscal, iomlán) arna fhoilsiú ag Eurostat, féach https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/teiis010/default/table?lang=en& category=t_sts.t_sts_ind.t_sts_ind_pric.

(48)  Comhfhreagraíonn an t-innéacs maidir le pánna i dtionscal na Seicia d’athrú céatadánach bliantúil ar an meán-ollphá sa tionscal arna fhoilsiú ag Oifig Staidrimh na Seicia (meánphá sa tionscal, iomlán), féach https://www.czso.cz/csu/czso/pmz_ts.

(49)  Bunaithe ar bhileog téarmaí agus coinníollacha an chonartha ceannaigh, meastar gur cineálacha forais dhlisteanaigh iad na teagmhais seo a leanas: Athruithe ar chostas maoinithe cúnaimh airgeadais in-aisíoctha nó cúnamh airgeadais in-aisíoctha a bheith arna chúlghairm nó arna athrú go haontaobhach, moill ar chinneadh críochnaitheach infheistíochta, athrú dlí, sárú oibleagáidí ag an Stát nó ag eintitis Stáit, ceanglais slándála, ceanglais údarás, tubaistí nádúrtha nó teagmhais chomhchosúla, teagmhais nach bhfuil smacht ag EDU II orthu, saincheisteanna bonneagair agus eangaí.

(50)  Tá an tobhach a d’fhéadfadh a bheith ann agus na díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann lasmuigh de raon feidhme an nós imeachta seo.

(51)  Le linn thréimhse an chonartha ceannaigh, is é an meán sainchuspóireach, nó eintiteas lasmuigh de Ghrúpa ČEZ ar tharmlig an meán sainchuspóireach an ghníomhaíocht sin chuige, a bheidh freagrach as an aschur a dhíol. Go heisceachtúil, mura gceannóidh an meán sainchuspóireach an méid aschuir nó aon chuid de, díolfaidh EDU II an leictreachas ar an margadh airgid mar phraghasghlacadóir (féach aithris 83). Tar éis thréimhse an chonartha ceannaigh, beidh EDU II nó eintiteas a dtarmligeann sé gníomhaíocht trádála chuige freagrach go díreach as an aschur a dhíol. Tá feidhm ag na gealltanais trádála cumhachta maidir le ceachtar den dá eintiteas a dhíolann leictreachas arna tháirgeadh ag an ngléasra cumhachta núicléiche i gcaitheamh a shaolré ionchasaí, agus maidir le haon eintiteas a bhféadfaidh siad a ngníomhaíochtaí trádála a tharmligean chuige.

(52)  Is tomhas ar leachtacht an mhargaidh é an fachtóir róthrádála agus sainmhínítear é mar an méid foriomlán a thrádáiltear tríd an margadh, arna shloinneadh mar iolraí ar thomhaltas fisiceach.

(53)  Cinneadh Tosaigh, aithris 67.

(54)  Cinneadh Tosaigh, aithris 71.

(55)  Cinneadh Tosaigh, aithrisí 207 agus 208.

(56)  Cinneadh Tosaigh, roinn 4.4.2.5.

(57)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 1 Márta 2024. Míníonn Údaráis na Seicia gur bhain siad úsáid as cur chuige Harris-Pringle chun meastachán a dhéanamh ar an mbéite ghiaráilte. Faoin gcur chuige sin, ní úsáidtear an sciath cánach úis (i.e. an laghdú cánach a leanann as asbhaint inlamhála ó ioncam inchánach) sna coigeartuithe giarála ar bhéite. Is é seo a leanas foirmle Harris-Pringle:

Formula
, i gcás inarb amhlaidh gurb é β L an bhéite ghiaráilte, gurb é β U an bhéite neamhghiaráilte, gurb é β D an bhéite fiachais, gurb é D an fiachas agus gurb é E an cothromas. Deir an tSeicia thairis sin go gcomhfhreagraíonn an cur chuige sin don tSamhail Airgeadais, inar sreabhadh airgid iarchánach a n-áirítear aon sciath chánach ann é an sreabhadh airgid uile a lascainítear ar chostas caipitil.

(58)  Is é atá sa bhiseach sin an ‘biseach tógála núicléiche agus oibríochtaí núicléacha’ ar a dtugtar tuairisc sa Chinneadh Tosaigh, a d’athainmnigh an tSeicia mar ‘an biseach mór-riosca neamhspleách’.

(59)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 1 Márta 2024 agus an 26 Feabhra 2024.

(60)  I gcás an bhanna Eorpaigh AAA, is é 10Y an banna a bhfuil an aibíocht is faide aige.

(61)  Míníonn an tSeicia, cé go dtugann meáin ghearrthéarmacha léiriú níos cruinne ar na dálaí margaidh atá i réim agus ar mheon infheisteoirí, i bhfianaise na luaineachta a bhreathnaítear i sonraí bannaí rialtais, go bhféadfadh sé nach mbeadh sé stuama an ráta saor ó riosca a bhunú ar spotsonraí luaineacha i gcás tionscadail bhonneagair an-fhadtréimhseach, amhail gléasra cumhachta núicléiche. Trí mheán níos fadtéarmaí a ghlacadh, is féidir maolú a dhéanamh ar an luaineacht a bhaineann leis na sonraí agus léargas níos cothroime a sholáthar agus lamháil a dhéanamh do theagmhais ceartaithe margaí (aisiompú an mheáin, mar shampla). Aighneacht ón tSeicia dar dáta an 9 Eanáir 2024.

(62)  An cur chuige a ghlacann rialálaí na Seicia i leith an ráta saor ó riosca a shocrú, tá sé bunaithe ar bhascaed bannaí rialtais arna eisiúint ag Poblacht na Seice a bhfuil 10 mbliana ar an meán fágtha dá théarma. Ainmnítear na bannaí sin in koruna Phoblacht na Seice. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an t-airgeadas uile ag tionscadal EDU II bunaithe in euro, bhí an ráta saor ó riosca bunaithe ar bhannaí rialtais Eorpacha agus ar bhannaí corparáideacha ardráta.

(63)  Féach Samhail Airgeadais na Seicia agus an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 9 Eanáir 2024, lena léirítear biseach 0,6 %. Damodaran (mí Iúil 2023), https://pages.stern.nyu.edu/~adamodar/pc/datasets/ctrypremJuly23.xlsx.

(64)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 1 Márta 2024 agus an 26 Feabhra 2024.

(65)  Is ó bhunachar sonraí domhanda biseach riosca cothromais mhí Iúil 2023 na figiúirí sin, bunachar a d’fhorbair an tOllamh A. Damodaran (‘Damodaran’) ó Ollscoil Nua-Eabhrac (https://pages.stern.nyu.edu/~adamodar/pc/datasets/ctrypremJuly23.xlsx). Chuige sin, úsáideann Damodaran biseach riosca cothromais intuigthe S&P 500. Nuair a shainítear an biseach margaidh aibí (5 % sa tacar sonraí sin), déanann Damodaran meastachán ar raon difríochta mainneachtana, nó biseach riosca tíre, na tíre i gceist. Is le suim an bhisigh riosca cothromais tíre fhadtéarmaigh (5%) agus biseach riosca tíre na Seicia (0,3 % agus 0,9 %) a thugtar an biseach riosca margaidh do Phoblacht na Seice. Déantar meastachán ar bhiseach riosca tíre na Seicia trí dhá mhodheolaíocht a leanúint. Tá an chéad mhodheolaíocht, lena dtugtar biseach 0,3 %, bunaithe ar an raon difríochta babhtála mainneachtana creidmheasa (CDS) idir an Ghearmáin (0,22 %, ar an táb ‘Raonta Difríochta CDS 10 mbliana’ den chomhad Excel thuasluaite) agus Poblacht na Seice (0,45 %, ar an táb ‘Raonta Difríochta CDS 10 mbliana’ den chomhad Excel thuasluaite), a iolraítear ansin faoin iolraitheoir 1,4 mar a léirítear i dtacar sonraí Damodaran. Tá an dara modheolaíocht, lena dtugtar biseach 0,9 %, bunaithe ar an rátáil chreidmheasa Aa3 atá ag Poblacht na Seice, as a leanann raon difríochta 0,64 % a iolraítear ansin faoin iolraitheoir 1,4 mar a dhéantar thuas.

(66)  Bunachar sonraí arna fhorbairt ag an Ollamh P. Fernandez (‘Fernandez’) ó Scoil Ghnó IESE in Ollscoil Navarra. Leanann an bunachar sonraí sin as suirbhé a rinne Fernandez et al maidir leis an ráta saor ó riosca agus an biseach riosca margaidh a úsáideadh in 2023 le haghaidh 80 tír (féach Fernandez et al (2023), Survey: Market Risk Premium and Risk-Free Rate used for 95 80 countries in 2023, 2Survey: Market Risk Premium and Risk-Free Rate used for 80 countries in 2023 le Pablo Fernandez, Diego García de la Garza, Javier Fernandez Acin: SSRNhttps://papers.ssrn.com/sol3/papers.cfm?abstract_id=4407839).

(67)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 1 Márta 2024.

(68)  Is iad seo a leanas na cuideachtaí a breithníodh: RWE, ČEZ, Fortum, EDF, Engie, Iberdrola, Uniper, Centrica, Nuclearelectrica. Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 27 Feabhra 2024.

(69)  Míníonn an tSeicia go leantar cur chuige Modigliani agus Miller san anailís a rinne sí, lena n-úsáidtear an t-uilephobal tagarmharcála forordaithe chun meastachán ar bhéite (sócmhainní) neamhghiaráilte EDU II a dhíorthú. Déantar é sin a athghiaráil ansin chun an meastachán comhfhreagrach ar an mbéite (chothromais) ghiaráilte a fháil (bunaithe ar thoimhde béite fiachais nialasaigh). Chun meastachán a dhéanamh ar an mbéite neamhghiaráilte, dhírigh an tSeicia ar mheastacháin sheachtainiúla 2 bhliain agus 5 bliana chun a hanailís a dhéanamh. Go sonrach, ríomhadh an bhéite agus úsáid á baint as cur chuige Damodaran, arb é atá ann luachanna béite piarchuideachtaí a roghnú i ndáil le praghsanna seachtainiúla 2 bhliain (ar a bhfuil ualú 66,7 %) agus praghsanna seachtainiúla 5 bliana (ar a bhfuil ualú 33,3 %). See https://pages.stern.nyu.edu/~adamodar/New_Home_Page/datafile/variable.htm. Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 27 Feabhra 2024.

(70)  Aighneacht ón tSeicia maidir leis an ráta toraidh ar chothromas dar dáta an 10 Eanáir 2024.

(71)  Is féidir an bhéite sócmhainní a roinnt ina béite chothromais, arb í neamhchosaint scairshealbhóirí ar riosca córasach, agus ina béite fiachais, arb í neamhchosaint sealbhóirí bannaí ar riosca córasach. Agus an bhéite sócmhainní á ríomh, déantar luachanna béite fiachais agus cothromais a ualú de réir chion an fhiachais agus an chothromais laistigh den struchtúr caipitil.

(72)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 9 Eanáir 2024.

(73)  Is í earnáil fóntas uisce rialáilte na Ríochta Aontaithe foinse na Seicia, mar a n-úsáidtear béite fiachais 0,15 go 0,05 (féach an mhodheolaíocht deiridh athbhreithnithe praghsanna a úsáideann rialálaí na hearnála uisce, Ofwat, mí na Nollag 2022, https://www.ofwat.gov.uk/wp-content/uploads/2022/12/PR24_final_methodology_Appendix_11_Allowed_return.pdf).

(74)  Sa chomhthéacs sin, sainmhínítear giaráil mar fhiachas roinnte ar chaipiteal, i gcás inarb é is caipiteal ann suim an fhiachais agus an chothromais.

(75)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 21 Márta 2024.

(76)  San aighneacht uaithi dar dáta an 9 Eanáir 2024, míníonn an tSeicia go n-athraíonn leibhéal giarála an Tionscadail le himeacht ama faoi struchtúr maoinithe EDU II. Is mó ná 90 % an ghiaráil a bheidh aige le linn tógála, a laghdóidh i gcaitheamh shaolré an tionscadail de réir mar a aisíocfar an cúnamh airgeadais in-aisíoctha. Míníonn an tSeicia thairis sin gurb é an impleacht a bhaineann le giaráil am-athraitheach EDU II nach mór, faoi chreat caighdeánach CAPM, an ráta toraidh ar chothromas is gá a chomhghaolú go deimhneach leis an ngiaráil, ós gnách go n-éilíonn infheisteoirí cothromais toradh níos airde nuair a théann an ghiaráil i méid. Dá thoradh sin, de réir chreat CAPM, bheadh coinne leis go mbeadh an ráta toraidh ar chothromas athraitheach ó thaobh ama de chun léiriú a thabhairt ar an dinimic choibhneasta sin idir an toradh ar chothromas agus giaráil éifeachtach. Sonraíonn an tSeicia ansin, ós rud é go nglacann an sásra atá i bhfeidhm sa tSamhail Airgeadais faoi láthair leis go mbeidh ráta toraidh bliantúil seasmhach ar chothromas ann i gcaitheamh shaolré an tionscadail, nach bhfuil sé sin comhsheasmhach leis an gcaoi ar cheart ráta toraidh ar chothromas a phraghsáil i bhfianaise chineál am-athraitheach ghiaráil bhliantúil EDU II. Chun aghaidh a thabhairt air sin, ba ghá leibhéal seasmhach giarála bliantúla ‘éifeachtaí’ a chalabrú chun a áirithiú (1) go ndéanfar éabhlóid na neamhchosanta ar riosca cothromais i gcaitheamh shaolré tionscadail EDU II a phraghsáil go cruinn agus (2) go n-úsáidfear ráta toraidh bliantúil seasmhach ar chothromas i gcreat CAPM a bheidh comhsheasmhach leis an sásra atá i bhfeidhm sa tSamhail Airgeadais faoi láthair. Dá bhrí sin, mura bhfaighfí ach meán simplí na giarála le himeacht ama, ní thabharfadh sé léiriú fírinneach ar an leibhéal riosca ar a bhfuil an Tionscadal neamhchosanta ná, i gcomhthráth leis sin, ar an leibhéal toraidh ar chothromas a bheadh ag teastáil ó infheisteoirí. Dá mbeadh an leibhéal céanna meánghiarála simplí bliantúla ann, mar shampla, bheadh neamhchosaint an Tionscadail ar riosca cothromais, a bhfuil giaráil níos airde le linn na céime tógála, níos mó ná an neamhchosaint le linn na céime oibriúcháin ina bhfuil giaráil níos ísle aige. Is amhlaidh sin toisc go bhfuil an riosca d’infheisteoirí cothromais níos airde go hábhartha le linn na céime tógála ná le linn oibríochtaí. Ina fhianaise sin, chuir an tSeicia na trí chineál cur chuige mhalartacha isteach mar ionadú ar an ngiaráil éifeachtach a bhaintear leas aisti sa mheastachán ar an ráta toraidh ar chothromas. Mionsonraíodh na cineálacha cur chuige malartacha sin san aighneacht ón Seicia an 9 Eanáir 2024 agus san aighneacht ón tSeicia an 8 Samhain 2023.

(77)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 9 Eanáir 2024.

(78)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 9 Eanáir 2024.

(79)  Tugann an tSeicia dá haire thairis sin go bhfuil na torthaí ag teacht den chuid is mó leis an anailís riosca a rinneadh i ndáil le tionscadail núicléacha ag ceann uachtair an speictrim riosca agus a bhfuil ardleibhéal toraidh dá réir sin acu; forluíonn comparadóirí núicléacha agus raon measta an ráta toraidh ar chothromas a chéile; Tá torthaí réasúnta cobhsaí ar rialuithe praghsanna rialála Phoblacht na Seice le linn thréimhsí rialaithe 2021-25. Tá sé sin ar cheann de na comparadóirí tagarmhairc is ísle agus tagann sé leis an gcatagóir riosca ‘íseal’ sa chleachtadh anailíse riosca. Thairis sin, na leibhéil toraidh ar chothromais a bhaineann le dhá thionscadal giniúna leictreachais de chuid na Gearmáine ar tionscadail chomparáide iad (antraicít agus gástuirbín comh-thimthrialla), tá siad i gcomhréir leis na tionscadail giniúna núicléiche agus beagán níos ísle ná iad, go príomha mar gheall ar an riosca tógála agus oibriúcháin a bheith i bhfad níos ísle. Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 9 Eanáir 2024.

(80)  Féach an Cinneadh ón gCoimisiún an 08.10.2014 maidir leis an mbeart cabhrach SA.34947 (2013/C) (ex 2013/N) a bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe é a chur chun feidhme chun tacú le Stáisiún Cumhachta Núicléiche Hinkley Point C.

(81)  Féach an Cinneadh ón gCoimisiún an 06.03.2017 maidir leis an mbeart cabhrach SA.38454 (2015/C) (ex 2015/N) a bhfuil sé beartaithe ag an Ungáir é a chur chun feidhme chun tacú le forbairt dhá imoibreoir nua núicléacha ag stáisiún cumhachta núicléiche Paks II.

(82)  Fraunhofer ISE (2021), ‘Levelized cost of electricity renewable energy technologies’, https://www.ise.fraunhofer.de/en/publications/studies/cost-of-electricity.html.

(83)  World Forum Offshore Wind (2022), Financing Offshore Wind, WFO_FinancingOffshoreWind_2022.pdf (wfo-global.org).

(84)  ERÚ (2020), lch. 154, (https://www.eru.cz/en/price-control-principles-2021-2025-regulatory-period-electricity-and-gas-industries-and-market). ERÚ (2020), lch. 154, (https://www.eru.cz/en/price-control-principles-2021-2025-regulatory-period-electricity-and-gas-industries-and-market).

(85)  Tuairiscíonn an tSeicia gur aicme sócmhainní de chuideachtaí liostaithe iad YieldCos atá dírithe ar shócmhainní fuinnimh in-athnuaite oibríochtúla. Rinneadh sé chuideachta a mheas ó mhí an Mheithimh 2022 go dtí mí an Mheithimh 2023, agus d’fhoilsigh dhá cheann acu tuarascálacha in 2023 lenar léiríodh an ghiaráil chomhfhreagrach agus luachanna giaráilte an ráta toraidh ar chothromas. Fuarthas an ghiaráil cuimse íochtair i bhfeidhmíocht na punainne, agus tagraíonn an chuimse uachtair don uasmhéid a cheadaítear laistigh dá mbeartas infheistíochta: Giaráil TRIG: https://www.trig-ltd.com/wp-content/uploads/2023/08/TRIG-H1-2023-Interim-Results-Presentation.pdf; Ráta toraidh ar chothromas giaráilte TRIG: https://www.trig-ltd.com/wp-content/uploads/2023/02/TRIG-2022-Annual-Report.pdf; Giaráil UKW agus a ráta toraidh ar chothromas giaráilte: https://www.greencoat-ukwind.com/~/media/Files/G/GreenCoat-UKWind/documents/Results/2911%20Greencoat%20Interim%20Report_CL.pdf

(86)  Aighneacht ón tSeicia dar dáta an 9 Eanáir 2024.

(87)  Aighneacht ón tSeicia dar dáta an 9 Eanáir 2024.

(88)  Míníonn an tSeicia go ndearnadh meastachán ar chostas 3,5 % an fhiachais agus úsáid á baint as sonraí a fuarthas le déanaí maidir le cuar toraidh bhannaí rialtais Phoblacht na Seice. Agus úsáid á baint as neastachán líneach idir na rátaí luaite 20 bliain agus 50 bliain atá ar fáil, is é 4,04 % an ráta ábhartha 30 bliain in koruna Phoblacht na Seice. Ós rud é nach bhfuil aon bhanna fadtéarmach in EUR ag rialtas na Seicia, rinneadh ráta ábhartha EUR a mheas agus úsáid á baint as praghsanna luaite ar réamhrátaí malairte CZK/EUR chun an ráta seasta úis a ríomh. Bunaithe ar an anailís sin, is é c an ráta seasta ábhartha in EUR. 2,5 %. Tríd an gcorrlach 1 % thuasluaite a chur leis, is é costas measta 3,5 ar fhiachas an toradh. Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 1 Márta 2024 agus an 7 Márta 2024.

(89)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 7 Márta 2024. Maidir leis an tréimhse tar éis an chonartha ceannaigh, míníonn an tSeicia go bhféadfadh an tionscadal EUR 304 mhilliún d’fhiachas tráchtála a thiomsú idir 2081 agus 2095, nó 3 % den chúnamh airgeadais in-aisíoctha, mar léiriú ar an ionchas go bhféachfadh an t-infheisteoir leis an tionscadal a athmhaoiniú ar dhul in éag an chonartha ceannaigh chun bainistíocht níos éifeachtúla a dhéanamh ar a bpunann sócmhainní. Tá coinne leis go dtarraingeofar an fiachas tráchtála síos ar chostas 5,5 % tar éis thréimhse an chonartha ceannaigh. Rinneadh meastachán ar an bhfigiúr sin agus úsáid á baint as an gcostas fiachais i leith an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha (i.e. 3,5 %) mar thagarmharc. I bhfianaise neamhchosaint iomlán an mhargadhphraghais i dtreo dheireadh shaolré an tionscadail, cuireadh corrlach 2 % leis an 3,5 % chun meastachán a dhéanamh ar an gcostas fiachais tráchtála ag an gcéim sin. Féach freisin Samhail Airgeadais na Seicia.

(90)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 13 Deireadh Fómhair 2023 agus an 1 Márta 2024.

(91)  Míníonn an tSeicia go bhfuil an cur chuige sin éagsúil leis an gcur chuige airgeadais chorparáidigh ina ndéantar an luacháil de réir an tsaorshreabhaidh airgid chuig an ngnólacht agus inar gá coigeartú a dhéanamh i leith sciath chánach in WACC (trína n-iolraítear an costas fiachais faoi fhachtóir (1-t), inarb é t an ráta cánach), chun impleacht an struchtúir airgeadais ar chánacha a ghabháil, rud nach léirítear go díreach sa tsamhail. Dá bhrí sin, níl an coigeartú sin infheidhme maidir leis an tsamhail maoinithe tionscadail a úsáidtear sa chás seo. Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 21 Feabhra 2024.

(92)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 1 Márta 2024 agus Samhail Airgeadais na Seicia.

(93)  Le fáil ag comhaltaí ar https://europeanutilityrequirements.eu/.

(94)  Beidh feidhm ag an ráta úis sin go dtí go ndeonófar an ceadúnas chun an gléasra cumhachta núicléiche a oibriú. Féach Roinn 9, foroinn (f) agus Roinn 4(2) den Acht um an Dlí Adamhach (gléasra núicléach a oibriú).

(95)  Beidh feidhm ag an ráta úis sin tar éis ceadúnas a dheonú don tairbhí chun an gléasra cumhachta núicléiche a oibriú. Féach Roinn 9, foroinn (f) agus Roinn 4(2) den Acht um an Dlí Adamhach (gléasra núicléach a oibriú).

(96)  Sainmhínítear an téarma ‘mainneachtain airgeadais’ i mír 6 de bhileog téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe infheisteora.

(97)  De réir bhileog téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe infheisteora, baineann oibleagáidí gealltanais cothromais ČEZ lena oibleagáid maoiniú cothromais teagmhasach comhaontaithe a sholáthar don Tionscadal suas le huasteorainn iomlán EUR 1,95 billiún.

(98)  Féach aithris 104 thuas chun sainmhíniú a fháil ar fhoras dlisteanach.

(99)  Baineann an ‘chéadrogha ar dhíol’ leis an gceart atá ag ČEZ gach scair in EDU II a dhíol leis an Stát má bhíonn teagmhais áirithe ann.

(100)  Baineann an ‘chéadrogha ar cheannach’ leis an gceart atá ag Stát na Seicia gach scair in EDU II a cheannach ó ČEZ má bhíonn teagmhais áirithe ann.

(101)  Ciallaíonn ‘foras dlisteanach’ na teagmhais agus na himthosca a shonrófar sa chonradh ceannaigh (agus atá fréamhaithe cheana féin sa chéad chonradh cur chun feidhme), a bhaineann le hathruithe ar choinníollacha cúnaimh airgeadais in-aisíoctha, moill ar chinneadh infheistíochta deiridh ó Rialtas na Seicia, glacadh, athrú nó cealú aon dlí nó aon rialacháin is infheidhme a bhaineann leis an Tionscadal, oibleagáidí sonraithe a chumasaíonn an Tionscadal a bheith á sárú ag an Stát nó ag Eintitis Stáit agus saincheisteanna bonneagair agus eangaí, ceanglais Stáit a bhaineann le leasanna slándála náisiúnta agus impleachtaí gaolmhara, etc.

(102)  Socraítear an sprioc infhaighteachta [75 go 100] % mar bhonn leis an luach saothair. Mar sin féin, d’fhéadfadh difríochtaí i sceidil infhaighteachta de réir na teicneolaíochta roghnaithe tionchar a imirt ar an tSamhail Airgeadais.

(103)  Le costais saolré, cumhdaítear comhpháirteanna den ghléasra cumhachta núicléiche a athsholáthar agus mórobair athchóirithe a dhéanamh orthu. Sonrófar leis an tairiscint rathúil innealtóireachta, soláthair agus tógála an sceideal athsholáthair agus móroibre athchóirithe a bhfuil coinne leis. Ní áirítear costais fadaithe saolré ar na costais sin.

(104)  Leasaíodh an tAcht go deireanach in 2023 agus tá sé le fáil ag: https://www.zakonyprolidi.cz/cs/2012-165.

(105)  Is é is ‘cás réalaíoch’ ann an téarma a úsáideann ČEZ le haghaidh cás malartach ina nglactar leis go dtiocfaidh méadú + 10 % ar chostais foirgníochta an Tionscadail thar oíche, agus ina n-aicmítear na costais mar chostais neamhdhlisteanacha.

(106)  Le fáil ag: https://mpo.cz/cz/energetika/novy-jaderny-zdroj/rozvoj-novych-jadernych-zdroju/.

(107)  Féach an Cinneadh Tosaigh, aithrisí 191-193.

(108)   Ibid., aithrisí 197-198. Go sonrach, 35 bliana a bhí i dtabhairt i gcrích an chonartha ceannaigh i gcás Hinkley Point C, agus ní raibh i dtréimhse aisíocaíochta an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha i gcás PAKS II ach 21 bhliain agus ní raibh aon chineál eile cabhrach oibriúcháin ag gabháil leis an mbeart.

(109)   Ibid., aithrisí 207-208.

(110)   Ibid., aithris 205.

(111)   Ibid., aithris 209.

(112)   Ibid., aithris 215.

(113)   Ibid., aithrisí 217-218.

(114)   Ibid., aithrisí 221-223.

(115)   Ibid., aithris 224.

(116)   Ibid., aithris 182 go 184.

(117)  Sa Chinneadh Tosaigh, úsáideadh an téarma comhaontú ceannaigh cumhachta (‘CCC’) chun tuairisc a thabhairt ar an gconradh ceannaigh. Le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil, nuashonraigh an tSeicia an téarma sin ina conarthaí agus roghnaigh sí an téarma conradh ceannaigh. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, úsáidtear sa Chinneadh seo an téarma nuashonraithe lena léirítear i gceart an beart atá ann faoi láthair.

(118)   Ar an gcéad dul síos, léirigh údaráis na Seicia roinnt samplaí de thionscadail a tréigeadh mar gheall ar an scála mór ceanglas caipitil a bheith ina chúis le teip mhargaidh. Go sonrach, d’aithin siad Horizon sa Ríocht Aontaithe, Belene sa Bhulgáir agus tionscadal Virgil C. Summer sna Stáit Aontaithe. Ar an dara dul síos, d’áitigh údaráis na Seicia gur tréigeadh tionscadal Temelín II (Aonaid 3 agus 4) sa tSeicia go páirteach mar gheall ar easpa sásra tacaíochta Stáit lena maolófaí rioscaí luaineachta margadhphraghsanna. Ar an tríú dul síos, mhínigh an tSeicia go mbíonn tionscadail nua núicléacha neamhchosanta ar athruithe polaitiúla ar feadh shaolré na dtionscadal agus gur féidir le hathruithe den sórt sin tionchar diúltach a imirt ar inmharthanacht agus inmhaoinitheacht tionscadal. Luaigh údaráis na Seicia tionscadail Olkiluoto 4 agus Hanhikivi 1 san Fhionlainn a tréigeadh de dheasca cinntí beartais.

(119)  Féach an Cinneadh Tosaigh, aithrisí (60)-(65).

(120)  Féach Roinn 51(2) den Acht Adamhach, atá le fáil ag: https://sujb.gov.cz/fileadmin/sujb/docs/legislativa/zakony/Act_263_2016_web.pdf.

(121)  De réir na Seicia, tharlódh sé sin bunaithe ar thoimhdí a athbhreithnítear tríd an bpróiseas tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála ar an margadh lena leabaítear an smaointeoireacht mhargaidh is déanaí in aon toimhde fhadtéarmach a úsáidtear.

(122)  Áitíonn an tSeicia, cé gur gá torthaí Hinkley Point C a mhéadú 26,7 % os cionn an ráta toraidh inmheánaigh tosaigh ar chothromas (9,02 %) sula mbeidh aon chomhroinnt ann, go mbeidh feidhm ag sásra comhroinnte gnóthachan an Tionscadail maidir le haon róchúiteamh os cionn an ráta toraidh inmheánaigh tosaigh ar chothromas.

(123)  Go sonrach, d’áitigh údaráis na Seicia gurbh é tionscnóir an tionscadail i gcás Hinkley Point C an soláthraí teicneolaíochta a sholáthair cuid mhór den trealamh agus den innealtóireacht, rud a cuireadh ar fáil trí níos mó ná 180 conradh díreach. Ós duine mór le rá é forbróir an tionscadail i slabhra soláthair na teicneolaíochta, áitíonn an tSeicia gur mó an rialú a dhéanann sé agus gur mó an cumas atá aige róchúiteamh a spreagadh i leith na dtoimhdí bunúsacha agus na gcostas aistrithe.

(124)   https://www.wano.info/

(125)   https://www.europeanutilityrequirements.eu/fr.

(126)   https://www.epri.com/

(127)   https://www.world-nuclear.org/

(128)   https://snetp.eu/nugenia/

(129)  Le hionsamhlúcháin Oibreoir Córais Tarchurtha na Seicia de na réamhaisnéisí leordhóthanachta meántéarma i dtrí chás (is iad sin, (i) an cás forchéimnitheach faoina bhfuil díchoimisiúnú na giniúna cumhachta gualbhreoslaithe sceidealaithe faoi 2033, (ii) an cás coimeádach faoina bhfuil díchoimisiúnú na giniúna cumhachta gualbhreoslaithe sceidealaithe in 2038, agus (iii) an cás tagartha faoina bhfuil díchoimisiúnú na giniúna cumhachta gualbhreoslaithe sceidealaithe in 2040), léirítear a thábhachtaí atá sé foinse nua núicléach a choimisiúnú go tráthúil chun slándáil sholáthar leictreachais na Seicia agus a neamhthuilleamaíocht a áirithiú.

(130)  Chuir údaráis na Seicia in iúl, mar shampla, gur ceapadh CEF i gcás Hinkley Point C tar éis comhairliúchán um léiriú spéise inarbh é EDF an t-aon fhreagróir agus, i gcás Paks II, gur ceapadh MVM Paks II gan próiseas iomaíochta oscailte toisc nach raibh aon rogha inchreidte eile sa mhargadh ag an am.

(131)  Tagairt do fhreagraí ón tSeicia dar dáta an 16 Márta 2023, freagra ar cheist 20.

(132)  Oxera Consulting LLP, 2021, The impact of Dukovany on the Central European electricity market (‘tuarascáil Oxera’).

(133)  Arna ríomh bunaithe ar ghiniúint bhliantúil 9 TWh arna iolrú faoi 50 EUR/MWh.

(134)  Arna ríomh bunaithe ar 21 % de ghiniúint bhliantúil 40 TWh arna iolrú faoi 2 EUR/MWh agus arna bhoilsciú go fíorphraghsanna 2020.

(135)  Is í an teicneolaíocht innealtóireachta, soláthair agus tógála atá le roghnú a chinnfeadh méid sonrach an mhodhnaithe ar an ngléasra cumhachta núicléiche.

(136)  Os a choinne sin, mhínigh údaráis na Seicia nach mbeadh sé réasúnach do EDU II ó thaobh an gheilleagair de leictreachas a tháirgeadh faoin gcuimse íochtair (i.e. 84 %), arb é sin an méid nach mbeidh an sreabhadh airgid leordhóthanach aige le haghaidh costais seirbhísithe fiachais.

(137)  Féach tuarascáil Oxera.

(138)  Féach aithris 13 agus fonóta 6.

(139)  Tá 61 % de shócmhainní giniúna na Seicia, 35 % de na soláthraithe agus 53 % den mhianadóireacht ligníte faoi úinéireacht Ghrúpa ČEZ ó mhí na Nollag 2023.2022. Féach Grúpa ČEZ, Clean Energy of Tomorrow, Investment Story, mí na Nollag 2023 https://www.cez.cz/webpublic/file/edee/ospol/fileexport/investors/investment-stories2022.

(140)  Is é atá sa mhargadh geografach ábhartha don Tionscadal an tSeicia agus a tíortha comharsanacha a bhfuil margaí leictreachais idirnasctha acu (is iad sin, an Ostair, an Ghearmáin, an Pholainn agus an tSlóvaic).

(141)  Mhínigh údaráis na Seicia, cé go bhfuil cur chun úsáide foinsí fuinnimh in-athnuaite á shaothrú ag an tSeicia, nach bhfuil ach acmhainneacht theoranta ag an tír giniúint cumhachta ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a leathadh amach ar scála mór mar gheall ar thíreolaíocht, geolaíocht agus aeráid na tíre, mar aon le costas ard na dteicneolaíochtaí atá ar fáil.

(142)  Tá coinne leis go ndúnfar na hacmhainneachtaí giniúna cumhachta ligníte agus antraicíte uile, seachas roinnt gléasraí giniúna cumhachta agus teasa in éineacht (‘CTÉnna’), faoi 2038 mar chuid de phlean a rinneadh le déanaí chun deireadh a chur de réir a chéile leis na gléasraí cumhachta is mó truailliú. Féach Coimisiún Guail na Seicia, 2020, Minutes of the 7th meeting of the Coal Commission, an 4 Nollaig 2020, lgh. 6-7, le fáil ag: https://www.mpo.cz/assets/cz/rozcestnik/ministerstvo/kalendar-akci-vse/2021/2/Zapis-z-jednani-UK-_4-12-2020_.pdf.

(143)  Tá sé sin bunaithe ar shonraí arna soláthar ag ČEPS.

(144)  De réir shonraí ČEPS, tá sé beartaithe na ceithre aonad núicléacha atá ann cheana in Dukovany (a bhfuil toilleadh de thart ar 510 MW ag gach ceann acu) a dhíchoimisiúnú mar a leanas: aonad amháin ag deireadh 2045, aonad amháin ag deireadh 2046, agus dhá aonad ag deireadh 2047.

(145)  Le hanailís ar ríthábhacht, breithnítear cé acu atá nó nach bhfuil gá le gléasraí cumhachta faoi úinéireacht cuideachta áirithe chun freastal ar an éileamh i dtréimhse áirithe, i.e., tá gá le meigeavata amháin dá nginiúint ar a laghad. Más amhlaidh sin, d’fhéadfadh an chuideachta buntáiste a bhreith ar an gcumhacht mhargaidh sin. Ní bhreithnítear le ríthábhacht ach an fhéidearthacht go mbeadh cumhacht mhargaidh sa mhargadh ina iomláine, agus ní bhreithnítear léi an féidir cumhacht mhargaidh teacht chun cinn i gcásanna sonracha amhail i gcás srianta tarchuir.

(146)   https://www.transparency.cz/kauzy/netransparentni-projekt-dostavby-jaderne-elektrarny-dukovany/.

(147)   https://www.nucleareurope.eu/press-release/investing-in-low-carbon-nuclear-generates-jobs-and-economic-growth-in-europe/.

(148)  Féach Tuarascáil Chríochnaitheach an tSainghrúpa Theicniúil um Maoiniú Inbhuanaithe ó mhí an Mhárta 2020, le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/business_economy_euro/banking_and_finance/documents/ 200309-sustainable-finance-teg-final-report-taxonomy_en.pdf. Sa Tuarascáil sin, luadh ‘ go bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha, nó gar do bheith nialasach, ag giniúint cumhachta núicléiche sa chéim giniúna fuinnimh ’ agus ‘ go raibh fianaise fhairsing shoiléir ann maidir leis an gcaoi shubstaintiúil a d’fhéadfadh an fuinneamh núicléach rannchuidiú le cuspóirí maolaithe ar an athrú aeráide ’.

(149)  Féach an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), Projected Costs of Generating Electricity 2020.

(150)  Leagtar an mhodheolaíocht sin amach i bhForaithne Uimh. 250/2020 Bail. Maidir le cúlchiste a bhunú chun gléasra núicléach agus ionad oibre de chatagóir III agus catagóir IV a dhíchoimisiúnú, rud atá go hiomlán i gcomhréir le Treoir 2011/70/Euratom de réir údaráis na Seicia.

(151)  Go sonrach, Acht Uimh. 18/1997 Bail. maidir le húsáidí síochánta fuinnimh núicléach agus radaíochta ianúcháin (an ‘tAcht Adamhach’), arna leasú, lena dtrasuitear Coinbhinsiún Vín ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste Núicléach.

(152)  Cinneadh Tosaigh, aithris 143.

(153)  Breithiúnas an 19 Márta 2013, Bouygues agus Bouygues Télécom v An Coimisiún agus Daoine Eile, Cásanna Uamtha C-399/10 P agus C-401/10 P, ECLI:EU:C:2013:175, mír 104; Breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2010, An Ghréig agus Eile v An Coimisiún, Cásanna Uamtha T-415/05, T-416/05 agus T-423/05, ECLI:EU:T:2010:386, mír 177; Breithiúnas an 15 Meán Fómhair 1998, BP Chemicals v An Coimisiún, ECLI:T-11/95, EU:T:1998:199, míreanna 170 agus 171.

(154)  Cinneadh Tosaigh, aithris 144.

(155)  Breithiúnas an 15 Nollaig 2021, Oltchim SA v An Coimisiún, T-565/19, míreanna 93 go 197.

(156)   Ibid., aithris 157.

(157)  Breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, C-594/18 P, ECLI:EU:C:2020:742, míreanna 20 agus 24.

(158)   Ibid., mír 63.

(159)   Ibid., mír 32.

(160)  Cinneadh Tosaigh, aithris 163.

(161)  Cinneadh Tosaigh, aithris 182.

(162)  Breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, C-594/18 P, EU:C:2020:742, míreanna 44 agus 45.

(163)  Cuireann an Coimisiún i dtábhacht gur gá an Beart sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis an reachtaíocht thánaisteach ábhartha, lena n-áirítear reachtaíocht nár glacadh fós tráth an Chinnidh seo. Ina leith sin, ba mhaith leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar an togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais, COM/2023/148, agus go háirithe ar na forálacha maidir le scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo le haghaidh infheistíochtaí i saoráidí giniúna cumhachta núicléiche, i gcomhréir le téacs críochnaitheach an Rialacháin nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

(164)   IO 2012 L 26, lch. 1.

(165)  Breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, C-594/18 P, ECLI:EU:C:2020:742, míreanna 48 agus 49.

(166)   Ibid., mír 49.

(167)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol IO L 26, 28.1.2012, lch. 1 . Féach an Cinneadh Tosaigh, aithris 168.

(168)  Féach Breithiúnas an 3 Nollaig 2014, Castelnou Energía, Cás T-57/11, ECLI:EU:T:2014:1021, míreanna 181-184 lena ngabhann tuilleadh tagairtí. Féach freisin Breithiúnas an 30 Samhain 2022, An Ostair v An Coimisiún, T-101/18 EU:T:2022:728, mír 31.

(169)  Breithiúnas an 30 Samhain 2022, An Ostair v An Coimisiún, T-101/18, ECLI:EU:T:2022:728, mír 32.

(170)  Breithiúnas an 30 Samhain 2022, An Ostair v An Coimisiún, T-101/18 ECLI:EU:T:2022:728, mír 37. D’fhormhuinigh an Chúirt Bhreithiúnais in Braesch an réasúnaíocht leis an ngá atá le ‘nasc doscaoilte’ chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhoiriúnacht dhlí an Aontais maidir le módúlachtaí cabhrach áirithe. Féach Breithiúnas an 31 Eanáir 2023 i gcás C-28ECLI:4/21 P - An Coimisiún v Braesch agus Eile, míreanna 96-99.

(171)  Go sonrach, ní chuirfear toradh an phróisis soláthair innealtóireachta, soláthair agus tógála san áireamh sna bearta Tionscadail ach amháin a mhéid a bheidh tionchar aige ar ríomh chaiteachas caipitiúil an Tionscadail arb é a bheadh ann ionchur i ríomh na méideanna cabhrach (e.g. i ríomh mhéid beacht an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha nó i ríomh phraghas ceangail an chonartha ceannaigh), agus maidir le cumais theicniúla an ghléasra cumhachta mar thoradh ar an rogha teicneolaíochta sa chonradh innealtóireachta, soláthair agus tógála.

(172)  Breithiúnas an 17 Iúil 2008, Essent Netwerk Noord agus Eile, C-206/06, EU:C:2008:413, míreanna 40 go 59.

(173)  Breithiúnas an 22 Nollaig 2008, Régie Networks v Rhone Alpes Bourgogne, C-333/07, EU:C:2008:764, mír 99 agus an cásdlí a luaitear.

(174)  Breithiúnas an 22 Nollaig 2008, Régie Networks v Rhone Alpes Bourgogne, C-333/07, ECLI:EU:C:2008:764, míreanna 100 agus 104.

(175)  Breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2018, Carrefour Hypermarchés agus Eile, C-510/16, ECLI:EU:C:2018:751, mír 21.

(176)  Breithiúnas an 27 Deireadh Fómhair 2005, Distribution Casino France agus Eile, C-266/04 go C-270/04, C-276/04 agus C-321/04 go C-325/04, EU:C:2005:657, mír 52.

(177)  Breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2018, Carrefour Hypermarchés agus Eile, C-510/16, ECLI:EU:C:2018:751, mír 22 agus an 10 Samhain 2016, DTS Distribuidora de Televisión Digital v An Coimisiún, C 449/14 P, ECLI:EU:C:2016:848, míreanna 70 go 72.

(178)  Is é atá sa Chroí-réigiún na teorainneacha idir criosanna tairisceana na hOstaire, na Beilge, na Cróite, na Seicia, na Fraince, na Gearmáine, na hUngáire, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na Polainne, na Rómáine, na Slóvaice agus na Slóivéine. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach fonóta 8.

(179)   https://energy.ec.europa.eu/topics/oil-gas-and-coal/eu-coal-regions/coal-regions-transition_en.

(180)  Féach Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin, (IO L 188, 15.7.2022, lgh. 1).

(181)  Rialachán tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile.

(182)  Cinneadh (AE) 2015/658 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2014 maidir leis an mbeart cabhrach SA.34947 (2013/C) (ex 2013/N) a bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe é a chur chun feidhme chun tacú le gléasra cumhachta núicléiche Hinkley Point C (aithrisí 382-385).

(183)  Féach Projected Costs of Generating Electricity 2020 leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), https://iea.blob.core.windows.net/assets/ae17da3d-e8a5-4163-a3ec-2e6fb0b5677d/Projected-Costs-of-Generating-Electricity-2020.pdf, lch. 46.

(184)  Projected Costs of Generating Electricity 2020 leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, lch. 145.

(185)  Cinneadh (AE) 2015/658 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2014 maidir leis an mbeart cabhrach SA.34947 (2013/C) (ex 2013/N) a bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe é a chur chun feidhme chun tacú le Hinkley Point C, aithrisí 385.

(186)  Projected Costs of Generating Electricity – Eagrán 2020, le fáil anseo: https://www.oecd-nea.org/jcms/pl_51110/projected-costs-of-generating-electricity-2020-edition.

(187)  Cinneadh Tosaigh, aithris 187.

(188)  Cinneadh Tosaigh, aithris 152.

(189)  Féach Cinneadh ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2014 maidir leis an mbeart cabhrach SA.34947 le haghaidh Tacaíocht do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Hinkley Point C, aithrisí 392-405. Go sonrach, i gcás Hinkley Point C, breithníodh go raibh an conradh difríochta i gcomhcheangal leis an Ráthaíocht Chreidmheasa agus le Comhaontú an Rúnaí Stáit (maidir le cosaint ar athruithe dlí agus/nó beartais) ina n-ionstraimí iomchuí chun cabhair a sholáthar. I gcás an Tionscadail, b’fhearr cúnamh airgeadais in-aisíoctha a úsáid in ionad ráthaíocht stáit toisc (i) go gcuireann an cúnamh airgeadais in-aisíoctha deireadh leis an riosca go mbeadh easnamh maoinithe tráchtála ann don Tionscadal; (ii) go soláthraíonn an cúnamh airgeadais in-aisíoctha réiteach níos tráthúla chun an pacáiste maoinithe foriomlán a shocrú in áit saoráid iasachtaithe tráchtála; agus (iii) go mbeadh costas fiachais níos ísle i gceist leis an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha i bhfianaise an iasachtaithe dhírigh ón Stát chomh maith le táillí níos ísle i ndáil le maoiniú a shocrú agus a ghealladh i gcaitheamh na tréimhse tógála ina hiomláine. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach aithris 166 thuas.

(190)   Ibid., aithrisí 197-198. Go sonrach, 35 bliana a bhí i dtabhairt i gcrích an chonartha ceannaigh i gcás Hinkley Point C, agus ní raibh i dtréimhse aisíocaíochta an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha i gcás PAKS II ach 21 bhliain agus ní raibh aon chineál eile cabhrach oibriúcháin ag gabháil leis an mbeart.

(191)   Ibid., aithris 205.

(192)  Úsáidtear foirmle conartha difríochta den chineál céanna. i gcás Hinkley Point C, mar shampla.

(193)  Roinn 6.2.6.4, Leibhéal agus luaineacht praghsanna mórdhíola, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca leis an margadh inmheánach leictreachais (athmhúnlú) SWD/2016/0410 final - 2016/0379, 30 Samhain 2016.

(194)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”), (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(195)  Mar shampla de sin, bhí praghsanna mórdhíola leictreachais sa mhargadh lá roimh ré ar leithinis na hIbéire faoi bhun EUR 10/MWh in 63 % de na huaireanta an chloig sna 3 seachtaine idir an 26 Feabhra agus an 17 Márta 2024; Foinse: Ardán Trédhearcachta an Líonra Eorpaigh d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E).

(196)  Déantar an laghdú mall [1 go 2] % in aghaidh na bliana i bpraghsanna 2020 a róchúiteamh, i luachanna ainmniúla, leis an mboilsciú toimhdithe 2 % a bheidh ann, agus dá bhrí sin glactar leis go dtiocfaidh méadú mall ar phraghsanna i luachanna ainmniúla sa tréimhse sin.

(197)  Fágann glanluach láithreach nialasach an cháis fhrithfhíorasaigh sa chás sin go bhfuil an chuideachta toilteanach dul ar aghaidh le tionscadal lena soláthraítear toradh ar chaipiteal atá mar an gcéanna le costas an chaipitil sin (i.e. WACC = ráta toraidh inmheánach an tionscadail ar chothromas). Dá réir sin, ós rud é go bhfuil an bhearna leachtachta cothrom le glanluach láithreach an cháis fhíorasaigh sa chás sin, agus ós rud é go n-áirithítear leis an státchabhair go mbeidh glanluach láithreach an cháis fhíorasaigh nialasach, fágann sin go nglactar leis go mbeidh meánchostas ualaithe an chaipitil cothrom le ráta toraidh inmheánach an tionscadail ar chothromas sa chás fíorasach freisin, i gcomhréir leis an gcás frithfhíorasach.

(198)  Le ráta lascaine, nó WACC, lena léirítear an costas fiachais agus an costas cothromais ábhartha.

(199)  Cinneadh Tosaigh, aithris 67.

(200)  Cinneadh Tosaigh, aithris 69.

(201)  Cinneadh Tosaigh, aithris 207.

(202)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 25 Meán Fómhair 2023.

(203)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 25 Meán Fómhair 2023, Tábla 15 ‘Staidéir ar bhisigh riosca’.

(204)  Cinneadh maidir le Paks II, mír 258. Sa chinneadh maidir le Hinkley Point C, ní luaitear biseach mór-riosca neamhspleách, nó biseach den chineál céanna.

(205)  Tá an cur chuige sin bunaithe ar fhoirmle Harris-Pringle agus tugtar tuairisc air i roinn 3.6.5.

(206)  Féach roinn 3.6.5.1 chun tuilleadh sonraí a fháil.

(207)  Tá sé sin i gcomhréir freisin leis an gcur chuige a ghlac an Coimisiún sa chinneadh maidir le Paks II.

(208)  Maidir le toradh bhannaí rialtais AAA 30 bliain an limistéir euro, tagann na sonraí ó Thairseach Sonraí BCE, spotráta an chuair toraidh, aibíocht 30 bliain - Banna rialtais, ainmniúil, gach eisitheoir a bhfuil a rátáil AAA aige - limistéar euro (https://data.ecb.europa.eu/data/datasets/YC/YC.B.U2.EUR.4F.G_N_A.SV_C_YM.SR_30Y). Maidir le toradh bhannaí rialtais 30 bliain na Gearmáine, tagann na sonraí ó shuíomh gréasáin Deutsche Bundesbank, Toradh laethúil an bhanna fheidearálaigh 30 bliain reatha, amshraith BBSSY.D.REN.EUR.A640.000000WT3030.A (Torthaí laethúla na n-urrús feidearálach reatha | Deutsche Bundesbank).

(209)  Féach roinn 3.6.5.1 chun tuilleadh sonraí a fháil.

(210)  Féach fonóta 65chun sonraí a fháil maidir leis an gcaoi a ndéantar meastachán ar an bhfigiúr sin.

(211)  Tá an figiúr sin coimeádach i gcomparáid leis an suirbhé is déanaí a rinne Fernandez ar an mbiseach riosca margaidh, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022, lena léirítear biseach riosca margaidh airmheánach 6,7 %. Féach fonóta 66 chun tuilleadh sonraí a fháil.

(212)  Meánfhigiúr 5,6 % Damodaran agus 6,7 % Fernandez. Tá an cur chuige sin i gcomhréir le cur chuige an Choimisiúin sa chinneadh maidir le Paks II.

(213)  Féach roinn 3.6.5.1 chun tuilleadh sonraí a fháil.

(214)  Is éard atá sa mhodheolaíocht sin a d’úsáid an tSeicia meascán den bhéite chúlchéimnithe 2 bhliain agus den bhéite chúlchéimnithe 5 bliana a úsáid, agus an chéad cheann a ualú faoi 2/3ú agus an dara ceann a ualú faoi 1/3ú. Béite = (2/3) béite chúlchéimnithe 2 bhliain + (1/3) béite chúlchéimnithe 5 bliana. Is é sin an mhodheolaíocht chéanna a úsáideann an tOllamh Damodaran, mar a mhínítear anseo: Athróga a úsáidtear sa Tacar Sonraí (nyu.edu).

(215)  Féach suíomh gréasáin an Ollaimh Damodaran, sonraí le haghaidh 2023, comhad ‘betaEurope’, an tionscadal ‘cumhacht’, lena léirítear béite neamhghiaráilte 0,54 arna coigeartú i leith airgead tirim.

(216)  Is é sin meán uimhríochtúil simplí luachanna béite cúlchéimnithe seachtainiúla 5 bliana phiarchuideachtaí EDU II. Is í an bhéite chúlchéimnithe 5 bliana an ceann is coimeádaí den dá thacar luachanna béite (is é an ceann eile an bhéite sheachtainiúil 2 bhliain) a úsáideann an tSeicia agus Damodaran sa mheasúnú ar bhéite. Go deimhin, is é 0,55 an meán uimhríochtúil simplí de na luachanna béite seachtainiúla 2 bhliain. Tugann an Coimisiún dá aire freisin go gcomhfhreagraíonn an bhéite 0,51 do mheán uimhríochtúil simplí coimeádach luachanna béite na dtrí thionscal is féidir a úsáid chun tionscadal EDU II a thagarmharcáil, agus gan iad a bheith coigeartaithe i leith airgead tirim: Tionsclaíocht Ghlas agus Foinsí Fuinnimh In-athnuaite, Cumhacht agus Fóntais: suíomh gréasáin an Ollaimh Damodaran, comhad ‘betaEurope’).

(217)  Rinne an Coimisiún, agus úsáid a baint aige as an sampla céanna a d’úsáid an tSeicia, neamhghiaráil ar luachanna béite na bpiarchuideachtaí agus cáin á cur san áireamh (ag glacadh leis an ráta cánach domhanda 24,8 % ag Damodaran, de réir chomhad Damodaran ‘betaEurope’, dar dáta mí Eanáir 2023, betaEurope22.xls (live.com)). Tá sé sin i gcomhréir le cur chuige Hamada a dtugtar tuairisc air i bhfonóta 213, ina gcuirtear cánacha san áireamh agus an bhéite á ríomh. Is é 0,595 an meastachán ar an mbéite neamhghiaráilte a leanann as sin, de réir chur chuige Damodaran a mhínítear i bhfonóta 69 agus 208, arb é atá i gceist leis meán ualaithe luachanna béite seachtainiúla 2 bhliain agus 5 bliana piarchuideachtaí a fháil. Ar mhaithe le coimeádacht, bhain an Coimisiún Nuclearelectrica den sampla. Is é 0,516 an figiúr foriomlán béite neamhghiaráilte dá dhroim sin.

(218)  Tá an toimhde sin i gcomhréir le toimhdí Paks II freisin.

(219)  Tá an cur chuige sin bunaithe ar fhoirmle Hamada. Faoin gcur chuige sin, is í an sciath cánach úis (i.e. an laghdú cánach a leanann as asbhaint inlamhála ó ioncam inchánach) a úsáidtear sna coigeartuithe giarála béite, rud a laghdaíonn an bhéite ghiaráilte agus an ráta toraidh ar chothromas dá réir. Seo a leanas foirmle Hamada:

Formula
, i gcás inarb amhlaidh gurb é β L an bhéite ghiaráilte, gurb é β U an bhéite neamhghiaráilte, gurb é D an fiachas, gurb é E an cothromas, gurb é T an ráta cánach agus gurb é
Formula
an sciath cánach. Glactar leis go bhfuil an ráta cánach cothrom le 21 % i gcomhréir le Samhail Airgeadais na Seicia. Tabhair faoi deara go nglactar leis san fhoirmle sin go bhfuil béite an fhiachais nialasach.

(220)  Féach roinn 3.6.5.1 agus an fonóta 57 chun tuilleadh sonraí a fháil.

(221)  Is é sin meánghiaráil an tionscadail i gcaitheamh shaolré an chonartha. Féach roinn 3.6.5.1 chun tuilleadh sonraí a fháil.

(222)  Féach an aighneacht ón tSeicia dar dáta an 21 Márta 2024.

(223)  Samhail Airgeadais na Seicia.

(224)  Cóimheas giarála phiarchuideachtaí EDU II sa bhliain iomlán dheireanach a raibh figiúirí le fáil ar Bloomberg ina leith (i.e. 2022), tá sé idir 41,8 % agus 75,6 %, agus is é 56,3 % an mheánghiaráil agus 68,4 % tairseach an 75ú peircintíl. Dá réir sin, tá an spriocghiaráil [...] % faoi bhun an 75ú peircintíl.

(225)  Tá an figiúr [...] % coimeádach freisin i gcomparáid leis an raon 67-78 %, atá bunaithe ar an modheolaíocht ‘giarála éifeachtaí’ a chuir an tSeicia isteach agus ar a dtugtar tuairisc i roinn 3.6.5.1, fonóta 76.

(226)  Féach suíomh gréasáin an Ollaimh Damodaran, sonraí le haghaidh 2023, comhad ‘dbtfundEurope23’, an tionscadal ‘cumhacht’.

(227)  Tugann an Coimisiún dá aire, má chuirtear ráta saor ó riosca 2,5 % ar feadh 12 mhí in ionad ráta saor ó riosca 2,7 % ar feadh 6 mhí sa chás ‘bunlíne’, go mbaintear amach fós an spriocráta toraidh [9 go 11] % ar chothromas.

(228)  Tugann an Coimisiún dá aire, má chuirtear meánghiaráil 56 % phiarchuideachtaí EDU II in ionad spriocghiaráil [...] % EDU II sa chás ‘ard’ sa bhliain iomlán dheireanach a raibh figiúirí le fáil ar Bloomberg ina leith (i.e. 2022), gurb é [...] % an costas cothromais a bheadh ann. Dá réir sin, bhainfí amach fós an spriocráta toraidh [9 go 11] % ar chothromas.

(229)  Maidir le figiúirí tírshonracha mheánchostas ualaithe an chaipitil le haghaidh 2023, féach ‘Sonraí’, ‘Sonraí cartlannaithe’, ‘Costas an chaipitil de réir tionscail’, ‘An Eoraip’, ‘1/23’, ag http://pages.stern.nyu.edu/~adamodar/. Is cuid de bhunachar sonraí domhanda é an bunachar sonraí sin agus cuimsítear tíortha Eorpacha ann (ar a bhfuil an lipéad ‘Iarthar na hEorpa’). Déantar tíortha a ghrúpáil a thuilleadh, áfach, agus cuirtear Poblacht na Seice i bhfoghrúpa ar a dtugtar ‘Tíortha forbartha na hEorpa’, féach na cluaisíní ‘Tíortha an domhain in ord aibítreach’ agus ‘An Eoraip de réir tionscail’, comhad http://www.stern.nyu.edu/~adamodar/pc/datasets/indname.xls.

(230)  Is iad na tionscail sin ‘Tionsclaíocht Ghlas agus Foinsí Fuinnimh In-athnuaite’, ‘Cumhacht’ agus ‘Fóntais (Ginearálta)’. Is é 10,65 % an costas cothromais don Tionsclaíocht Ghlas agus Foinsí Fuinnimh In-athnuaite, is é 9,98 % an costas cothromais i gcás na Cumhachta agus is é 10,01 % an costas cothromais i gcás Fóntais (Ginearálta). Is é 10,21 % meán uimhríochtúil simplí na bhfigiúirí sin, agus is é 10,26 % an meán ualaithe (inarb iad na hualaí an líon gnólachtaí a áirítear sa sampla). Féach Damodaran, mí Eanáir 2023, comhad ‘waccEurope’.

(231)  Samhail Airgeadais na Seicia.

(232)  Chun na híogaireachtaí sin a ríomh, níor athraigh an Coimisiún aon cheann de na toimhdí eile, lena n-áirítear an praghas ceangail.

(233)  Féach roinn 8.3.3.3.

(234)  Ar mhaithe le soiléireacht, faoi Roinn 8.3.3.5.4 thuas, rinneadh measúnú ar roghnú ČEZ mar thionscnóir an Tionscadail i ndáil lena thionchar ar chomhréireacht na cabhrach. Faoin Roinn seo, déantar measúnú ar roghnú ČEZ mar thionscnóir an Tionscadail a mhéid a bhaineann leis na héifeachtaí diúltacha míchuí a d’fhéadfadh a bheith aige ar iomaíocht agus ar thrádáil.

(235)  Tugann an Coimisiún dá aire, cé go bhfuil roinnt mhaith gléasraí cumhachta núicléiche á n-oibriú ag oibreoirí a bhfuil a suíomh i mBallstát na hinfheistíochta, nach amhlaidh an cás sin i gcónaí (e.g. a mhéid a bhaineann le EDF a roghnaíodh mar oibreoir sa Ríocht Aontaithe).

(236)  Féach e.g. roinn 6.2.6.4 ‘Leibhéal agus luaineacht praghsanna mórdhíola’ den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an bpacáiste ‘Fuinneamh glan do gach Eorpach’, SWD(2016) 410 final an 30 Samhain 2016, ina leagtar amach ‘go mbeidh meánphraghsanna in aghaidh na huaire níos luainí de thoradh dhearadh feabhsaithe an mhargaidh, go páirteach mar gheall ar chomharthaí suímh a thabhairt isteach lena léireofar luach éagsúil an leictreachais sna nóid éagsúla. Beidh an luaineacht sin srianta go leor, áfach, agus ní bheidh sí mar thoradh ar luaineachtaí ollmhóra praghsanna idir nialas agus an luach lóid chaillte. Beidh na raonta praghsanna a bhreathnófar srianta go leor, fad a fhanfaidh an sciar den leictreachas ó fhoinsí athraitheacha fuinnimh in-athnuaite laistigh de theorainneacha áirithe. I gcás ina mbeidh an sciar den leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, agus go sonrach an sciar den leictreachas ó fhoinsí athraitheacha fuinnimh in-athnuaite, níos mó ná na teorainneacha garbha sin, áfach, d’fhéadfadh méadú mór teacht ar luaineacht praghsanna mura mbeidh acmhainní eile amhail stóráil i bhfeidhm go fóill chun cuid mhór di a mhaolú. Mar is léir sa tábla thíos, réamh-mheastar go mbeidh an sciar den leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite ag druidim le 60 % in 2050. Sa chás sin, tagann méadú mór ar an raon difríochta idir praghsanna bonnlóid agus buaiclóid, go príomha mar gheall ar na praghsanna bonnlóid a bheith níos ísle ná i dtréimhsí roimhe sin. Tá meánphraghsanna an mhargaidh lá roimh ré fós ard le linn na tréimhse réamh-mheastacháin, áfach, mar tá coinne leis fós go mbeidh an ghiniúint theirmeach imeallach (agus go socrófar praghas an mhargaidh lá roimh ré dá réir) le linn an chuid is mó d’uaireanta an chloig sa bhliain.

(237)  Cinneadh Tosaigh, aithris 224.

(238)  Bunaithe ar an gconradh ceannaigh agus ar struchtúr foriomlán na cabhrach, íoctar luach saothair théarma an mhargaidh leis an ngléasra cumhachta tríd an meán sainchuspóireach. Mar sin féin, ós rud é go bhfanann na cearta seolta uile leis an ngléasra cumhachta agus go bhfuil an luach saothair nasctha go díreach le praghsanna iarbhír an mhargaidh lá roimh ré in aghaidh na huaire, ba cheart na dreasachtaí oibríochtúla don ghléasra cumhachta a bheith amhail is dá mbeadh an gléasra cumhachta féin ag trádáil go díreach ar an margadh.

(239)  Áirítear leis an toilleadh inseolta gach gléasra teirmeach, núicléach agus hidreastórála pumpála.

(240)   https://acer.europa.eu/sites/default/files/documents/en/remit/Documents/ACER_Guidance_on_REMIT_application_6th_Edition_Final.pd.

(241)  Tá an t-ord fiúntais agus an dinimic socraithe praghsanna i margaí leictreachais na hEorpa le fáil anseo: https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC134300.

(242)  BloombergNEF: EU Power Weekly: Identifying Europe’s ’Macrogrids’, 10 Feabhra 2020.

(243)  Ardán Trédhearcachta ENTSO-E.

(244)  Ríomhtar an t-innéacs soláthair iarmharaigh mar an cóimheas idir an acmhainneacht iomlán atá ar fáil lúide acmhainneacht an ghnólachta, agus é sin uile roinnte ar an éileamh iarmharach.

(245)  Breithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO Chemie BV v Coimisiún na gComhphobal Eorpach, C-62/86, EU:C:1991:286, mír 60.

(246)  Breithiúnas an 13 Feabhra 1979, Hoffmann-La Roche & Co. v An Coimisiún, 85/76, EU:C:1979:36, míreanna 39-41.

(247)  Féach tuarascáil Oxera.


IARSCRÍBHINN

Ionchuir sa tsamhail airgeadais atá faoi réir athruithe

Tar éis na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála

Ionchur

Tuairisc ar an ionchur

Bileog

Sraith

An t-údar atá leis an nuashonrú

Fad chéim forbartha 2

Fad chéim 2 d’fhorbairt an tionscadail

Inp_C

43

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Deimhneofar an t-uainiú beacht ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Fad na tréimhse tógála

Fad thréimhse tógála an tionscadail

Inp_C

47

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Deimhneofar an t-uainiú beacht ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Tréimhse oibriúcháin iomlán

Fad thréimhse oibriúcháin iomlán an tionscadail (seachas oibríochtaí trialach)

Inp_C

51

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Deimhneofar an t-uainiú beacht ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Bonnchaiteachas caipitiúil – céim forbartha 2

Costas chéim 2 d’fhorbairt an tionscadail

Inp_C

59

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Deimhneofar na costais ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Bonnchaiteachas caipitiúil – céim thógála

Costas chéim thógála an tionscadail

Inp_C

60

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Deimhneofar na costais ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Ollacmhainneacht an ghléasra

Ollacmhainneacht an ghléasra (gan aon asbhaint le haghaidh tomhaltas dílis a áireamh)

Inp_C

112

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Braitheann an paraiméadar sin ar shonraíochtaí teicniúla an ghléasra agus deimhneofar é ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Tomhaltas dílis

An méid tomhaltais is gá chun an gléasra a oibriú

Inp_C

113

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Braitheann an paraiméadar sin ar shonraíochtaí teicniúla an ghléasra agus deimhneofar é ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Infhaighteacht na tréimhse trialach

Infhaighteacht an ghléasra le linn na tréimhse trialach

Inp_C

132

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Braitheann an paraiméadar sin ar shonraíochtaí teicniúla an ghléasra agus deimhneofar é ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Infhaighteacht na tréimhse iarthrialach

Infhaighteacht an ghléasra le linn oibríochtaí iomlána

Inp_C

135 138

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Braitheann an paraiméadar sin ar shonraíochtaí teicniúla an ghléasra agus deimhneofar é ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Céimniú caiteachais chaipitiúil chéim forbartha 2

An phróifíl chaiteachais le linn chéim 2 de chéim forbartha an tionscadail

Inp_V

43 -48 (roghnaithe ag Inp_C 65 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Deimhneofar na costais agus an t-uainiú beacht ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Céimniú caiteachais chaipitiúil tógála

An phróifíl chaiteachais le linn tógála

Inp_V

53 -61 (roghnaithe ag Inp_C 66 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Deimhneofar na costais agus an t-uainiú beacht ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Toimhdí maidir le hinfhaighteacht

Próifíl bhliantúil infhaighteachta an ghléasra

Inp_V

70 -82 (roghnaithe ag Inp_C 138)

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Na paraiméadair a dhéanann difear do thoimhdí maidir le hinfhaighteacht, braitheann siad ar shonraíochtaí teicniúla an ghléasra agus deimhneofar iad ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh. Mar sin féin, ní féidir na toimhdí infhaighteachta i Samhail Airgeadais an 15 Márta 2024 a laghdú leis an nuashonrú, óir tá na toimhdí sin bunaithe ar dhearadh an ghléasra a bheith ag comhlíonadh íoscheanglais Eorpacha maidir le fóntais i gcás gléasraí cumhachta núicléiche imoibreora éadromuisce.

Costas athraitheach

Costais a chinntear go príomha de réir aschur an ghléasra (e.g. costais bhreosla, costais diúscartha dramhaíola neamh-radaighníomhaí, an soláthar um dhíchoimisiúnú)

Inp_V

143 -220 (roghnaithe ag Inp_C 226)

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Na costais, a dheimhneofar ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Costas seasta

Costais a thabhófar gan beann ar aschur an ghléasra (e.g. pá, soláthairtí oifige, slándáil)

Inp_V

237 -279 (roghnaithe ag Inp_C 225 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Na costais, a dheimhneofar ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Costas saolré

Costais a thabhófar chun comhpháirteanna den ghléasra cumhachta núicléiche a athsholáthar agus mórobair athchóirithe a dhéanamh orthu

Inp_V

286 -295 (roghnaithe ag Inp_C 227 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Na costais, a dheimhneofar ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Costas oibriúcháin

Próifíl luachanna pharaiméadar c san fhoirmle luacha saothair.

Inp_V

502 -506

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Na costais, a dheimhneofar ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Costais bhreise mar gheall ar choigeartú lóid

Costais nach ngabhtar i míreanna eile costais arb é oibriú coigeartaithe lóid an ghléasra a spreagann iad

Inp_V

300 – 304 (roghnaithe ag Inp_C 228 )

Is é toradh na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a thugann údar leis (sonrófar na costais bunaithe ar shonraíocht theicniúil an tairgeora)

Fiachas bunaidh - Ráta úis seasta/comhlúthach

Cinneann sé cé acu ráta seasta nó comhlúthach atá sa ráta úis don chúnamh airgeadais in-aisíoctha

Inp_C

337

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar théarmaí an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha.

Fiachas bunaidh - Ráta úis – corrlach le linn oibríochta

An costas fiachais don chúnamh airgeadais in-aisíoctha le linn na céime oibríochta

Inp_C

346 -356

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar théarmaí an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha.

Fiachas bunaidh - táillí

Táillí a bhaineann leis an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha a dhaingniú

Inp_C

359 -361

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar théarmaí an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha.

Modh aisíocaíochta an fhiachais theannta

An phríomhrogha aisíocaíochta d’aon fhiachas teannta

Inp_C

376

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar théarmaí an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha.

Fiachas teannta – Ráta úis seasta/comhlúthach

Cinneann sé cé acu ráta seasta nó comhlúthach atá sa ráta úis don fhiachas teannta

Inp_C

380

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar théarmaí an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha.

Fiachas teannta – ráta úis – corrlach le linn oibriúcháin

An costas fiachais don fhiachas teannta le linn na céime tógála

Inp_C

389 -399

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar théarmaí an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha.

Fiachas teannta - táillí

Táillí a bhaineann leis an bhfiachas teannta a urrú

Inp_C

402 -404

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar théarmaí an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha.

Dímheas ar chostas breosla

Fad dímheasa ar chostais bhreosla

Inp_C

230

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Braitheann an paraiméadar sin ar shonraíochtaí teicniúla an ghléasra agus deimhneofar é ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Dímheas ar costais saolré

Fad dímheasa ar chostais saolré

Inp_C

233

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Braitheann an paraiméadar sin ar shonraíochtaí teicniúla an ghléasra agus deimhneofar é ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Laethanta caipitil oibre

Laethanta idir giniúint leictreachais agus íocaíocht

Inp_C

251 -253

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála (téarmaí íocaíochta leis an soláthróir innealtóireachta, soláthair agus tógála agus leis an meán sainchuspóireach). Féadfar an toimhde atá i bhfeidhm sa tsamhail faoi láthair a nuashonrú chun í a ailíniú le téarmaí tarraingthe anuas agus aisíocaíochta an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha agus le haon fhoráil chonarthach sa chonradh innealtóireachta, soláthair agus tógála.

Tús thréimhse an mhaoinithe fiachais ghníomhaigh

Tús tharraingt anuas an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha

Inp_C

276

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Baineann an t-uainiú beacht le tús Chéim Forbartha 2 agus deimhneofar é ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Díbhinní a bheith srianta ag tuilleamh carntha

Cinneann sé cé acu atá nó nach bhfuil díbhinní srianta ag tuilleamh carntha

Inp_C

455

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Saineofar costais foirgníochta leis an tairiscint innealtóireachta, soláthair agus tógála agus, dá bhrí sin, saineofar léi méid an fhiachais agus an struchtúr maoinithe deiridh. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh an cineál cothromais tionchar a imirt ar an ionchur sin.

Próifíl na cainníochta tagartha (k)

Próifíl luachanna pharaiméadar k san fhoirmle luacha saothair

Inp_V

473 -485 (roghnaithe ag Inp_C 185 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Braitheann an paraiméadar sin ar shonraíochtaí teicniúla an ghléasra agus deimhneofar é ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Próifíl paraiméadair alfa

Próifíl luachanna le haghaidh an pharaiméadair alfa a úsáidtear san fhoirmle luacha saothair

Inp_V

489 -493 (roghnaithe ag Inp_C 187 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Braitheann an paraiméadar ar shonraíochtaí teicniúla agus ar chostais oibriúcháin an ghléasra agus deimhneofar é ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Toimhdí maidir le coigeartú lóid – arna ngreamú ón tsamhail ioncaim - % den ioncam

An tionchar ar ioncam a léiríonn tairbhe na hiompraíochta coigeartaithe lóid (arna shamhaltú sa tsamhail ioncaim)

Inp_V

523 -540 (roghnaithe ag Inp_C 198 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Na paraiméadair a dhéanann difear do thoimhdí maidir le hinfhaighteacht i gcás coigeartú lóid, braitheann siad ar shonraíochtaí teicniúla an ghléasra agus deimhneofar iad ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh. Mar sin féin, ní féidir na toimhdí infhaighteachta i Samhail Airgeadais an 15 Márta 2024 a laghdú leis an nuashonrú, óir tá na toimhdí sin bunaithe ar dhearadh an ghléasra a bheith ag comhlíonadh íoscheanglais Eorpacha maidir le fóntais i gcás gléasraí cumhachta núicléiche imoibreora éadromuisce.

Toimhdí maidir le coigeartú lóid – arna ngreamú ón tsamhail ioncaim - % den chostas oibriúcháin

An tionchar ar chostais a léiríonn tairbhe na hiompraíochta coigeartaithe lóid (arna shamhaltú sa tsamhail ioncaim)

Inp_V

536 -542 (roghnaithe ag Inp_C 199

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála. Na paraiméadair a dhéanann difear do thoimhdí maidir le hinfhaighteacht i gcás coigeartú lóid, braitheann siad ar shonraíochtaí teicniúla an ghléasra agus deimhneofar iad ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh. Mar sin féin, ní féidir na toimhdí infhaighteachta i Samhail Airgeadais an 15 Márta 2024 a laghdú leis an nuashonrú, óir tá na toimhdí sin bunaithe ar dhearadh an ghléasra a bheith ag comhlíonadh íoscheanglais Eorpacha maidir le fóntais i gcás gléasraí cumhachta núicléiche imoibreora éadromuisce.

Sprioc-DSCR

An cóimheas cumhdaithe maidir le seirbhísiú fiachais le haghaidh na gcostas iomlán seirbhísithe fiachais

Inp_C

297 , 328 -330

Is é tabhairt chun críche an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha agus na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a thugann údar leis (deimhneofar costais foirgníochta tríd an tairiscint innealtóireachta, soláthair agus tógála).

Sprioc-LLCR

An cóimheas cumhdaigh do ré na hiasachta le haghaidh na gcostas iomlán seirbhísithe fiachais

Inp_C

301

Is é tabhairt chun críche an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha agus na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a thugann údar leis (deimhneofar costais foirgníochta tríd an tairiscint innealtóireachta, soláthair agus tógála).

Sprioc-PLCR

An cóimheas cumhdaigh do ré an tionscadail le haghaidh na gcostas iomlán seirbhísithe fiachais

Inp_C

304

Is é tabhairt chun críche an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha agus na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a thugann údar leis (deimhneofar costais foirgníochta tríd an tairiscint innealtóireachta, soláthair agus tógála).

Fiachas bunaidh – aibíocht fiachais agus moratóir

Aibíocht iomlán an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha

Inp_C

311 -312

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála agus ar an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha, óir déanfar na costais infheistíochta agus an méid cúnaimh airgeadais in-aisíoctha a dheimhniú ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Modh aisíocaíochta an fhiachais bhunaidh

Príomhphróifíl aisíocaíochta an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha

Inp_C

329

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála agus ar an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha, óir déanfar na costais infheistíochta agus an méid cúnaimh airgeadais in-aisíoctha a dheimhniú ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Sonraí an chuntais cúlchiste cothabhála

Cuntas a úsáidtear chun cuid de na costais chothabhála a bhfuil coinne leo i gcaitheamh tréimhse réamhaisnéise shainithe a chumhdach

Inp_C

466 -472

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála agus ar an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha, óir déanfar na costais infheistíochta agus an méid cúnaimh airgeadais in-aisíoctha a dheimhniú ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Cuntas cúlchiste seirbhísithe fiachais

Cuntas a úsáidtear chun cuid de na costais seirbhísithe fiachais a bhfuil coinne leo i gcaitheamh tréimhse réamhaisnéise shainithe a chumhdach

Inp_C

482 -502

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála agus ar an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha, óir déanfar na costais infheistíochta agus an méid cúnaimh airgeadais in-aisíoctha a dheimhniú ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Sonraí an chuntais cúlchiste díchoimisiúnúcháin

Cuntas chun costais um dhíchoimisiúnú a bhfuil coinne leo a chumhdach

Inp_C

474 -480

Nuashonrófar é i gcás ina méadófar costais a chumhdaítear le foras dlisteanach.

Cúlchiste díchoimisiúnúcháin

Próifíl an cheanglais cistithe le haghaidh an chúlchiste díchoimisiúnúcháin

Inp_V

310 -315 (roghnaithe ag Inp_C 477 )

Nuashonrófar é i gcás ina méadófar costais a chumhdaítear le foras dlisteanach.

Fachtóir múnlaithe an fhiachais bunaidh

Fachtóir múnlaithe aisíocaíocht bhunairgead an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha

Inp_V

354 -364 (roghnaithe ag Inp_C 330 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála agus ar an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha, óir déanfar na costais infheistíochta agus an méid cúnaimh airgeadais in-aisíoctha a dheimhniú ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Aisíocaíochtaí fiachais sheasta

Próifíl aisíocaíocht bhunairgead an fhiachais sheasta in aghaidh na bliana

Inp_V

378 -388 (roghnaithe ag Inp_C 335

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála agus ar an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha, óir déanfar na costais infheistíochta agus an méid cúnaimh airgeadais in-aisíoctha a dheimhniú ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Ráta comhlúthach don fhiachas bunaidh

Próifíl an ráta chomhlúthaigh do chostas fiachais an chúnaimh airgeadais in-aisíoctha

Inp_V

390 -397 (roghnaithe ag Inp_C 340 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar thoradh roghnú an chonraitheora innealtóireachta, soláthair agus tógála agus ar an gcúnamh airgeadais in-aisíoctha, óir déanfar na costais infheistíochta agus an méid cúnaimh airgeadais in-aisíoctha a dheimhniú ar bhonn na tairisceana innealtóireachta, soláthair agus tógála a bhuafaidh.

Toimhdí maidir le boilsciú

Toimhdí maicreacnamaíocha a bhaineann leis na sásraí roghnaithe um innéacsú

Inp_V

15 -24 (roghnaithe ag Inp_C 239-245)

Nuashonrófar é chun luach ainmniúil an chaiteachais chaipitiúil a ríomh ó ionchuir caiteachais chaipitiúil thar oíche a gheofar sa tairiscint innealtóireachta, soláthair agus tógála.

Ráta CBL

An ráta cánach breisluacha is infheidhme maidir leis an tionscadal

Inp_C

548

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Infheidhmeacht CBL

Míreanna ioncaim agus costais a bhfuil CBL infheidhme maidir leo

Inp_C

544 -556

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Cáin ghnó - Uas-speansas úis inlamhála mar % de EBITDA

Uas-speansas úis inlamhála arna shloinneadh mar % de EBITDA a úsáidtear chun ioncam inchánach a ríomh

Inp_C

562

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Ráta cánach gnó

An ráta cánach gnó is infheidhme maidir leis an tionscadal

Inp_C

576

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Ráta liúntais caipitil – comhthiomsú rátaí ginearálta agus speisialta

Rátaí liúntais caipitil

Inp_C

581 -583

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Cánachas costas tionscadail

Cinneann sé cánachas liúntais caipitil a bhaineann le míreanna costais sonracha

Inp_C

587 -589

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Dímheas cuntasaíochta

Faisnéis maidir le dímheas cuntasaíochta ar fud catagóirí sócmhainní éagsúla

Inp_V

324 -336

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Dímheas cánach

Faisnéis maidir le dímheas cánach ar fud catagóirí sócmhainní éagsúla

Inp_V

338 -350

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Le linn an chonartha ceannaigh

Ionchur

Tuairisc ar an ionchur

Bileog

Sraith

An t-údar atá leis an nuashonrú

Costas athraitheach

Costais a chinntear de réir aschur an ghléasra (e.g. costais bhreosla, costais diúscartha dramhaíola neamh-radaighníomhaí, an soláthar um dhíchoimisiúnú)

Inp_V

143 -220 (roghnaithe ag Inp_C 226 )

Nuashonrófar an costas athraitheach chun léiriú a thabhairt ar róchaiteachas i dteagmhais forais dhlisteanaigh.

Nuashonrófar an costas athraitheach, arb é atá ann ‘c’, go tréimhsiúil mar chuid den athbhreithniú ar an bhfoirmle luacha saothair.

Costas seasta

Costais a thabhófar gan beann ar aschur an ghléasra (e.g. pá, soláthairtí oifige, slándáil)

Inp_V

237 -279 (roghnaithe ag Inp_C 225 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar róchaiteachas i dteagmhais forais dhlisteanaigh.

Costais bhreise mar gheall ar choigeartú lóid

Costais nach ngabhtar i míreanna eile costais arb é oibriú coigeartaithe lóid an ghléasra a spreagann iad

Inp_V

297 – 306 (roghnaithe ag Inp_C 228 )

I gcás ina mbeidh róchaiteachas coigeartaithe lóid ann de dhroim teagmhas forais dhlisteanaigh, déanfar an t-ionchur ‘costas breise mar gheall ar choigeartú lóid’ a nuashonrú sa tsamhail airgeadais dá réir.

Déanfar athbhreithniú freisin ar chostas breise mar gheall ar choigeartú lóid agus nuashonrófar é mar chuid den athbhreithniú tréimhsiúil ar fhoirmle luacha saothair an chonartha ceannaigh.

Róchaiteachas caipitiúil – céim forbartha 1

Cainníocht aon róchaiteachais a tharlaíonn le linn na chéad chéime den fhorbairt

Inp_C

70

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar róchaiteachas i dteagmhais forais dhlisteanaigh.

Róchaiteachas caipitiúil – céim forbartha 2

Cainníocht aon róchaiteachais a tharlaíonn le linn an dara céim den fhorbairt

Inp_C

71

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar róchaiteachas i dteagmhais forais dhlisteanaigh.

Róchaiteachas caipitiúil – céim thógála

Cainníocht aon róchaiteachais a tharlaíonn le linn tógála

Inp_C

72

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar róchaiteachas i dteagmhais forais dhlisteanaigh.

An céatadán den róchaiteachas ar fhoras dlisteanach

Cion an róchaiteachais a thabhaítear ar fhoras dlisteanach

Inp_C

77

Is é róchaiteachas i dteagmhas forais dhlisteanaigh a thugann údar leis. Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar róchaiteachas i dteagmhais forais dhlisteanaigh.

Róchaiteachas caipitiúil – céim forbartha 1

Próifíl aon róchaiteachais a tharlaíonn le linn na chéad chéime den fhorbairt

Inp_V

415 -420 (roghnaithe ag Inp_C 83 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar róchaiteachas i dteagmhais forais dhlisteanaigh.

Róchaiteachas caipitiúil – céim forbartha 2

Próifíl aon róchaiteachais a tharlaíonn le linn an dara céim den fhorbairt

Inp_V

425 -430 (roghnaithe ag Inp_C 84 )

Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar róchaiteachas i dteagmhais forais dhlisteanaigh.

Róchaiteachas caipitiúil – céim thógála

Próifíl aon róchaiteachais a tharlaíonn le linn tógála

Inp_V

435 -440 (roghnaithe ag Inp_C 85 )

Is é róchaiteachas i dteagmhas forais dhlisteanaigh a thugann údar leis. Nuashonrófar é chun léiriú a thabhairt ar róchaiteachas i dteagmhais forais dhlisteanaigh.

Toimhdí maidir le boilsciú

Toimhdí maicreacnamaíocha a bhaineann leis na sásraí roghnaithe um innéacsú

Inp_V

15 -24 (roghnaithe ag Inp_C 239-245)

Nuashonruithe chun léiriú a thabhairt ar ghluaiseachtaí i luach na n-innéacsanna faoi seach le himeacht ama. Déanfaidh MIT maoirseacht ar nuashonrú na luachanna.

Ráta CBL

An ráta cánach breisluacha is infheidhme maidir leis an tionscadal

Inp_C

548

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Infheidhmeacht CBL

Míreanna ioncaim agus costais a bhfuil CBL infheidhme maidir leo

Inp_C

544 -556

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Cáin ghnó - Uas-speansas úis inlamhála mar % de EBITDA

Uas-speansas úis inlamhála arna shloinneadh mar % de EBITDA a úsáidtear chun ioncam inchánach a ríomh

Inp_C

562

Is iad athruithe ar an dlí cánach a thugann údar leis. Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Ráta cánach gnó

An ráta cánach gnó is infheidhme maidir leis an tionscadal

Inp_C

576

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Cánachas costas tionscadail

Cinneann sé cánachas liúntais caipitil a bhaineann le míreanna costais sonracha

Inp_C

587 -589

Nuashonrófar é i gcás ina mbeidh athruithe reachtacha sa dá threo ann (méadú nó laghdú i gcomparáid leis na toimhdí tosaigh).

Próifíl na cainníochta tagartha (k)

Próifíl luachanna pharaiméadar k a úsáidtear san fhoirmle luacha saothair

Inp_V

473 -485 (roghnaithe ag Inp_C 185)

Cinnfear an chainníocht tagartha ex ante gach 5 bliana. Athróidh luach k i gcaitheamh thréimhse an chonartha ceannaigh (le linn na n-athbhreithnithe tréimhsiúla sin), rud a léireoidh aschur ionchasach an ghléasra gach bliain bunaithe ar ghníomhaíochtaí cothabhála, sula gcuirtear tionchar aon oibríochta coigeartaithe lóid san áireamh.

Nuashonrófar an paraiméadar sin freisin i gcás ina mbeidh foras dlisteanach ann.

Próifíl paraiméadair alfa

Próifíl luachanna le haghaidh pharaiméadair alfa a úsáidtear san fhoirmle luacha saothair

Inp_V

489 -493 (roghnaithe ag Inp_C 187)

Cinnfear an paraiméadar alfa ex ante gach 5 bliana (mar a luaitear in Aithris 97). Sainítear go bhfuil an paraiméadar alfa cothrom le f / c gach bliain, agus ní mór a luach a nuashonrú i gcomhréir le haon nuashonrú ar c, i gcaitheamh thréimhse an chonartha ceannaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/429/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)