European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/428

28.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/428 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine leictreonach ó CBL

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 397 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugtar isteach le Treoir (AE) 2025/425 ón gComhairle (2) an ceanglas maidir le deimhniú díolúine leictreonach ó cháin bhreisluacha agus an nós imeachta leictreonach chun an deimhniú sin a phróiseáil. Chun solúbthacht leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit an líon mór tionscadal TF a bhaineann le hábhar na Treorach sin agus atá ar bun faoi láthair a chur chun feidhme, ceadaítear dóibh leanúint den deimhniú páipéir atá ann cheana a úsáid, a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle (3) le haghaidh idirbhearta a dhéanfar go dtí an 30 Meitheamh 2032. Maidir le hAirteagal 51(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ba cheart é a leasú chun go bhféadfar deimhnithe leictreonacha nó deimhnithe páipéir a úsáid le linn na hidirthréimhse.

(2)

Ba cheart leagan nua a chur in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 chun a léiriú gur cuireadh Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (4) in ionad Threoir 2008/118/CE ón gComhairle (5).

(3)

I gcomhréir le Treoir 2006/112/CE, ón 1 Iúil 2032, ní úsáidfear ach an deimhniú leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 151a den Treoir sin. Dá bhrí sin, maidir le hAirteagal 51 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011, agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, ina ndéantar foráil maidir leis an leagan páipéir den deimhniú díolúine, ba cheart iad a scriosadh ar an dáta sin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 51, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina bhfuil faighteoir soláthair earraí nó seirbhísí bunaithe laistigh den Aontas, ach nach ionann an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe agus an Ballstát ina ndéantar an soláthar, agus nuair nach n-úsáidtear an deimhniú díolúine leictreonach de bhun Airteagal 151a de Threoir 2006/112/CE, beidh feidhm ag an deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, faoi réir na nótaí míniúcháin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, chun a dheimhniú go gcáilíonn an t-idirbheart don díolúine faoi Airteagal 151(1) de Threoir 2006/112/CE.

Agus an deimhniú sin á úsáid aige, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil an té a fhaigheann an soláthar earraí nó seirbhísí bunaithe cinneadh a dhéanamh comhdheimhniú de dhíolúine ó CBL agus ó dhleacht mháil a úsáid nó dhá dheimhniú ar leithligh a úsáid.’

;

(2)

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 mar a leanas:

(1)

Scriostar Airteagal 51;

(2)

Scriostar Iarscríbhinn II.

Airteagal 3

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Iúil 2031.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Iúil 2032.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)   IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj.

(2)  Treoir (AE) 2025/425 ón gComhairle an 18 Feabhra 2025 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine leictreonach ó cháin bhreisluacha (IO L, 2025/425, 28.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/425/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/282/oj).

(4)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/262/oj).

(5)  Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/118/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN II

DEIMHNIÚ DÍOLÚINE Ó CBL AGUS/NÓ Ó DHLEACHT MHÁIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 51

Image 1

Image 2

Nótaí míniúcháin

1.

I gcás an tsoláthróra agus/nó an choimeádaí trádstórais údaraithe, is doiciméad tacaíochta é an deimhniú seo chun díolúine ó cháin a fháil ar na soláthairtí earraí agus seirbhísí nó na coinsíneachtaí earraí chuig na comhlachtaí/daoine aonair incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE agus in Airteagal 12 de Threoir (AE) 2020/262. Dá réir sin, déanfar deimhniú amháin a tharraingt suas i gcomhair gach soláthróra/coimeádaí trádstórais. Thairis sin, ní mór don soláthróir/don choimeádaí trádstórais an deimhniú sin a choimeád mar chuid dá thaifid i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme ina Bhallstát.

2.

(a)

Sonraíocht ghinearálta an pháipéir atá le húsáid, is éard atá ann an tsonraíocht sin a leagtar síos in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach (C 164 an 1.7.1989, lch. 3).

Ar pháipéar bán a bheidh na cóipeanna uile agus ba cheart an páipéar a bheith 210 milliméadar faoi 297 milliméadar le lamháltas uasta 5 mhilliméadar níos lú nó 8 milliméadar níos mó maidir lena bhfad.

I gcomhair díolúine ó dhleacht mháil, déanfar an deimhniú díolúine a tharraingt suas i ndúblach:

coinneoidh an coinsíneoir cóip amháin;

beidh cóip amháin ag gabháil le gluaiseacht na dtáirgí atá faoi réir dleacht mháil.

(b)

Cuirfear líne trí aon spás nach n-úsáidfear i mbosca 5.B ionas nach féidir aon rud a chur leis.

(c)

Ní mór an doiciméad a líonadh isteach ar bhealach inléite agus ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh na hiontrálacha doscriosta. Ní cheadaítear aon scriosadh ná forscríobh. Déanfar é a líonadh isteach i dteanga a aithníonn an Ballstát óstach.

(d)

Má thagraíonn an tuairisc ar na hearraí agus/nó seirbhísí (bosca 5.B den deimhniú) d’fhoirm ordaithe ceannaigh a tarraingíodh suas i dteanga seachas teanga a aithníonn an Ballstát óstach, ní mór don chomhlacht/duine aonair incháilithe aistriúchán a chur i gceangal.

(e)

Os a choinne sin, má tharraingítear suas an deimhniú i dteanga seachas teanga a aithníonn Ballstát an tsoláthróra/an choimeádaí trádstórais, ní mór don chomhlacht/duine aonair incháilithe aistriúchán ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na hearraí agus seirbhísí i mbosca 5.B a chur i gceangal.

(f)

Ciallaíonn “teanga aitheanta” ceann de na teangacha atá in úsáid go hoifigiúil sa Bhallstát nó aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais a dhearbhaíonn an Ballstát mar theanga is féidir a úsáid chun na críche sin.

3.

Trína dhearbhú i mbosca 3 den deimhniú, cuireann an comhlacht/duine aonair incháilithe an fhaisnéis is gá ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarraidh ar dhíolúine sa Bhallstát óstach.

4.

Trína dhearbhú i mbosca 4 den deimhniú, deimhníonn an comhlacht na sonraí i mbosca 1 agus i mbosca 3(a) den doiciméad agus deimhníonn sé gur ball foirne den chomhlacht é an duine aonair incháilithe.

5.

(a)

Ní mór an dáta agus an uimhir ordaithe, ar a laghad, a bheith sa tagairt don fhoirm ordaithe ceannaigh (bosca 5.B den deimhniú). Ba cheart na heilimintí ar fad atá i mbosca 5 den deimhniú a bheith ar an bhfoirm ordaithe. Más gá d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh an deimhniú a stampáil, stampálfar an fhoirm ordaithe freisin.

(b)

An uimhir aitheantais mháil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004, tá an rogha ann an uimhir sin a lua nó gan í a lua; ní mór an uimhir aitheantais CBL nó an uimhir thagartha cánach a lua.

(c)

Ba cheart na hairgeadraí a lua trí bhíthin cód trí litir i gcomhréir le caighdeán chód ISO 4217 arna bhunú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú(*).

6.

Maidir leis an dearbhú thuasluaite ón gcomhlacht/duine aonair incháilithe, déanfar é a fhíordheimhniú ag bosca 6 le stampa údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh. Is féidir leis an údarás a shocrú go mbraithfeadh a fhormheas ar chomhaontú údaráis eile ina Bhallstát. Is faoin údarás inniúil cánach é an comhaontú sin a fháil.

7.

Chun an nós imeachta a shimpliú, is féidir leis an údarás inniúil scaoileadh leis an oibleagáid a bhíonn ar an gcomhlacht incháilithe an stampa a iarraidh i gcás díolúine i gcomhair úsáid oifigiúil. Ba cheart don chomhlacht incháilithe an dispeansáid sin a lua i mbosca 7 den deimhniú.

(*)

Mar léiriú, seo roinnt cód a bhaineann le hairgeadraí atá in úsáid faoi láthair: EUR (euro), BGN (lev), CZK (koruna Phoblacht na Seice), DKK (krone na Danmhairge), GBP (punt steirling), HUF (forint), LTL (litas), PLN (zloty), RON (leu na Rómáine), SEK (krona na Sualainne), USD (dollar na Stát Aontaithe).’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/428/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)