|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/417 |
14.3.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/417 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Samhain 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an chaoi a ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní sonraí trédhearcachta a chur i láthair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 76(16), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá ardleibhéal trédhearcachta fíor-riachtanach chun a áirithiú go gcuirtear infheisteoirí ar an eolas go leormhaith faoi fhíorleibhéal na n-idirbheart iarbhír agus féideartha i gcripteashócmhainní a thrádáiltear ar ardán trádála arna oibriú ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní. Leis an ardleibhéal trédhearcachta sin, ba cheart cothrom iomaíochta a áirithiú freisin idir ardáin trádála ionas nach gcuirfear isteach ar an bpróiseas praghas-aimsithe i leith cripteashócmhainní aonair mar gheall ar ilroinnt leachtachta, agus nach mbeidh infheisteoirí faoi mhíbhuntáiste dá bhrí sin. |
|
(2) |
Chun infheisteoirí a chur ar an eolas go leormhaith maidir le rochtain, costais, raon feidhme agus feidhmiú na n-ardán trádála a úsáideann siad nó atá sé beartaithe acu a úsáid, tá sé tábhachtach go gcuireann ardáin trádála a rialacha oibriúcháin ar fáil ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart go mbeadh rochtain éasca ag infheisteoirí ar an bhfaisnéis sin. |
|
(3) |
Chun a chur ar a gcumas d’infheisteoirí cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le horduithe nó idirbhearta ar chripteashócmhainní agus chun cuidiú le sláine an mhargaidh a chothabháil, ba cheart d’ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní gach ordú agus idirbheart a nochtadh go poiblí chomh gar d’fhíor-am is féidir go teicniúil ar a n-ardáin. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach freisin an fhaisnéis atá le foilsiú a chomhchuibhiú ionas go mbeidh infheisteoirí in ann an fhaisnéis a fhoilsítear ó ardáin trádála éagsúla le haghaidh cripteashócmhainní a úsáid, a chur i gcomparáid agus a chomhiomlánú. |
|
(4) |
Chun coinníollacha cothroma a áirithiú le haghaidh gach cineál infheisteora, idir infheisteoirí cáilithe agus sealbhóirí miondíola, maidir le rochtain ar shaoráidí bainistithe orduithe, féadfaidh ardáin trádála le haghaidh cripteashócmhainní orduithe cúltaca agus stoptha a thairiscint go díreach trína n-ardán trádála nuair a chomhlíontar coinníollacha áirithe. |
|
(5) |
D’eascair struchtúir nuálacha in ardáin trádála cripteashócmhainní as teicneolaíocht mórleabhar dáilte. Is minic a dhéantar idirdhealú idir ardáin trádála cripteashócmhainní mar Mhalartáin Láraithe seachshlabhra nó Malartáin Dhíláraithe ar an slabhra, cuir i gcás iad siúd a oibrítear faoi shamhail uathoibrithe cruthaitheora margaidh. Saintréith de chuid Malartán Láraithe is ea an rialú láraithe ar oibríochtaí trádála agus ar chleachtais choinneála. Is iondúil go n-úsáideann Malartáin Láraithe sásraí atá coitianta san airgeadas traidisiúnta, lena n-áirítear leabhair orduithe teorann lárnaí. I gcontrárthacht leis sin, oibríonn Malartáin Dhíláraithe gan oibreoir lárnach agus éascaíonn siad trádáil go díreach ar mhórleabhair dháilte trí chonarthaí cliste, agus ligeann siad d’úsáideoirí trádáil a dhéanamh agus úsáid á baint as a dtiachóg neamhchoinneála. Ina theannta sin, tá gá le cur chuige rialála atá beacht agus inoiriúnaithe araon mar gheall ar an tírdhreach atá ag teacht chun cinn ina n-áirítear samhlacha hibrideacha a chomhcheanglaíonn gnéithe de Mhalartáin Láraithe agus Malartáin Dhíláraithe araon. I bhfianaise na bhforbairtí sin, is iomchuí soiléiriú a dhéanamh ar na ceanglais maidir leis na sonraí trédhearcachta is infheidhme maidir leis na córais trádála sin lena n-éascaítear trádáil go díreach ar mhórleabhair dháilte trí chonarthaí cliste, a mhéid nach n-oibrítear iad ar bhealach lán-díláraithe gan aon idirghabhálaí agus, dá bhrí sin, faoi réir Rialachán (AE) 2023/1114. |
|
(6) |
Ba cheart faisnéis a cheanglaítear a chur ar fáil chomh gar d’fhíor-am is féidir a chur ar fáil chomh láithreach bonn agus atá indéanta go teicniúil, ag glacadh leis go bhfuil leibhéal réasúnta éifeachtúlachta ag córais na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní. Níor cheart an fhaisnéis atá gar don uasteorainn ama a fhoilsiú ach amháin i gcásanna eisceachtúla i gcás nach féidir í a fhoilsiú i dtréimhse ama níos giorra leis na córais atá ar fáil. |
|
(7) |
Tá sé tábhachtach an leibhéal imdhealaithe a shonrú trínar féidir le hardáin trádála sonraí a dhíol chun freastal ar riachtanais éagsúla rannpháirtithe margaidh a chuireann le margaí éifeachtúla. Chun a áirithiú nach féidir le húsáideoirí sonraí ach sonraí a chomhlíonann a riachtanais shonracha a cheannach nó a rochtain, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní sonraí a imdhealú, ar a laghad, de réir an chineáil cripteashócmhainne (comharthaí sócmhainn-tagartha, comharthaí ríomh-airgid, cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid), de réir an airgeadra ina dtrádáiltear na cripteashócmhainní, agus de réir an chineáil córais trádála. Ba cheart na sonraí sin a sholáthar d’úsáideoirí ar bhonn cripteashócmhainní i gcás inar féidir. |
|
(8) |
Chun a áirithiú go mbeidh sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a thairgtear lena gceannach ag teacht go hiomchuí leis an éileamh ó rannpháirtithe margaidh, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála aon teaglaim de chritéir imdhealaithe a thairiscint ar bhonn tráchtála réasúnta. |
|
(9) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(10) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Prionsabail ghinearálta maidir le cur i láthair na faisnéise faoi rialacha oibriúcháin le haghaidh ardáin trádála
1. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní an fhaisnéis maidir leis na rialacha oibriúcháin dá n-ardán trádála saor in aisce agus ar bhealach atá inrochtana go héasca, neamh-idirdhealaitheach, feiceálach, intuigthe, cothrom, soiléir, nach bhfuil míthreorach agus a éascaíonn tuiscint.
2. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní na rialacha oibriúcháin dá n-ardán trádála in aon doiciméad amháin ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.
Airteagal 2
Trédhearcacht réamhthrádála
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní aon phraghas tairisceana agus aon phraghas iarrata agus leibhéal an leasa trádála ag na praghsanna sin a phoibliú, dá dtagraítear in Airteagal 76(9) de Rialachán (AE) 2023/1114, i gcomhréir le cineál na gcóras trádála a oibríonn siad mar a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Nuair a tharlaíonn dálaí oibiachtúla margaidh dá dtagraítear i bpointe (a), poibleoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní na horduithe a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a) |
tá na horduithe ag brath ar dhálaí oibiachtúla margaidh a bheith ann atá réamhshainithe ag prótacal an chórais trádála; |
|
(b) |
ní féidir leis na horduithe idirghníomhú le leasanna trádála eile sula nochtfar iad don leabhar orduithe a oibríonn an t-ardán trádála; |
|
(c) |
nuair a nochtar iad don leabhar orduithe, idirghníomhaíonn na horduithe le horduithe eile i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le horduithe den chineál sin tráth an nochta |
3. Poibleoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní mionsonraí gach ordaithe le haghaidh cripteashócmhainní mar a leagtar amach i dTáblaí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I.
Airteagal 3
Trédhearcacht iarthrádála
1. Poibleoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní mionsonraí gach idirbhirt dá dtagraítear in Airteagal 76(10) de Rialachán (AE) 2023/1114 mar a leagtar amach i dTáblaí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
2. I gcás ina gcuirtear tuarascáil trádála a foilsíodh roimhe sin ar ceal, poibleoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní tuarascáil trádála nua ina mbeidh mionsonraí uile na tuarascála trádála bunaidh agus na brataí cealaithe a shonraítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn II.
3. I gcás ina leasaítear tuarascáil trádála a foilsíodh roimhe sin, poibleoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a) |
tuarascáil trádála nua ina mbeidh mionsonraí uile na tuarascála trádála bunaidh agus na brataí cealaithe a shonraítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn II; |
|
(b) |
tuarascáil trádála nua ina mbeidh mionsonraí uile na tuarascála trádála bunaidh agus na mionsonraí uile is gá ceartaithe inti, agus an bhratach leasaithe a shonraítear i dTábla 3 d’Iarscríbhinn II. |
Airteagal 4
Idirbhearta a fhoilsiú i bhfíor-am
Maidir le hidirbhearta a fhorghníomhaítear ar a n-ardáin trádála cripteashócmhainní, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní mionsonraí gach idirbhirt a phoibliú mar a leagtar amach i dTáblaí 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn II chomh gar d’fhíor-am is féidir go teicniúil agus in aon chás laistigh de 30 soicind tar éis fhorghníomhú an idirbhirt.
Airteagal 5
Imdhealú sonraí réamhthrádála agus iarthrádála
1. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní an fhaisnéis a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3 ar fáil don phobal trí shonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a fhoilsiú ar leithligh.
2. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní na sonraí a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3 ar fáil don phobal, arna iarraidh sin d’aon pháirtí leasmhar, trí shonraí réamhthrádála agus iarthrádála atá imdhealaithe le haghaidh gach cripteashócmhainne a chur i láthair.
3. Anuas ar na sonraí a chur i láthair i gcomhréir le mír 2, féadfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a chur i láthair i gcuacha cripteashócmhainní.
4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 ná 3 i gcás ina gcuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 ar fáil saor in aisce.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
IARSCRÍBHINN I
FAISNÉIS RÉAMHTHRÁDÁLA ATÁ LE POIBLIÚ
Tábla 1
Tuairisc ar chineál na gcóras trádála agus ar an bhfaisnéis ghaolmhar atá le poibliú i gcomhréir le hAirteagal 1(1)
|
|
An cineál córais trádála |
Tuairisc ar an gcóras trádála |
An fhaisnéis atá le poibliú |
||||||
|
1 |
Córas trádála leabhair orduithe bunaithe ar cheant leanúnach |
Córas a oibríonn gan idirghabháil an duine, trí bhíthin leabhar orduithe agus algartam trádála, agus a mheaitseálann orduithe díola le horduithe ceannaigh ar bhonn an phraghais is fearr atá ar fáil ar bhonn leanúnach. |
An líon comhiomlánaithe orduithe agus na cripteashócmhainní atá i gceist leis na horduithe sin ar gach leibhéal praghais le haghaidh na gcúig leibhéal praghsanna tairisceana agus ofrála is fearr ar a laghad. |
||||||
|
2 |
Córas trádála bunaithe ar luachana |
Córas ina dtugtar idirbhearta i gcrích ar bhonn luachana daingne a chuirtear ar fáil go leanúnach do rannpháirtithe. |
I gcás gach cripteashócmhainne a thrádáiltear ar an gcóras trádála, an tairiscint agus an ofráil is fearr de réir praghais atá ag gach rannpháirtí, mar aon leis na méideanna a chomhfhreagraíonn do na praghsanna sin Is éard a bheidh sna luachana a phoibleofar na luachana sin ar gealltanais cheangailteacha iad chun na cripteashócmhainní a cheannach agus a dhíol agus lena léirítear praghas agus méid na gcripteashócmhainní ina bhfuil na rannpháirtithe sásta ceannach nó díol. |
||||||
|
3 |
Córas trádála bunaithe ar cheant tréimhsiúil |
Córas lena ndéantar orduithe a mheaitseáil ar bhonn ceant tréimhsiúil agus algartam trádála a oibrítear gan idirghabháil an duine. |
An praghas is fearr a shásódh an córas trádála bunaithe ar cheant maidir lena algartam trádála i leith cripteashócmhainní a thrádáiltear ar an gcóras trádála agus an méid a d’fhéadfadh rannpháirtithe sa chóras sin a fhorghníomhú ag an bpraghas sin. |
||||||
|
4 |
Cruthaitheoirí margaidh uathoibrithe |
Córas a bhraitheann ar chomhthiomsuithe leachtachta agus ar shamhlacha praghsála agus luachála matamaiticiúla chun idirbhearta aonair a fhorghníomhú go huathoibríoch. |
|
||||||
|
5 |
Córas trádála hibrideach |
Córas a bhaineann le dhá cheann nó níos mó de na cineálacha córas trádála dá dtagraítear i rónna 1 go 4 den tábla seo. |
Maidir le córais trádála hibrideacha lena gcomhcheanglaítear córais trádála éagsúla an tráth céanna, comhfhreagraíonn na ceanglais do na ceanglais trédhearcachta trádála réamhthrádála is infheidhme maidir le gach cineál córais trádála as a ndéantar an córas hibrideach. Maidir le córais trádála hibrideacha lena gcomhcheanglaítear dhá chóras trádála nó níos mó ina dhiaidh sin, comhfhreagraíonn na ceanglais do na ceanglais trédhearcachta réamhthrádála is infheidhme maidir leis an gcóras trádála faoi seach a oibrítear ag pointe ama áirithe |
||||||
|
6 |
Aon chóras trádála eile |
Aon chineál córais trádála eile. |
Faisnéis leormhaith maidir le leibhéal na n-orduithe nó na luachana agus na leasanna trádála i leith cripteashócmhainní a thrádáiltear ar an gcóras trádála; go háirithe, na cúig leibhéal praghsanna tairisceana agus ofrála is fearr agus/nó luachana dhá threo gach cruthaitheora margaidh sna cripteashócmhainní, i gcás ina gceadaítear a leithéid le saintréithe an tsásra praghas-aimsithe. |
Tábla 2
Tábla siombailí le haghaidh Thábla 3
|
SIOMBAIL |
CINEÁL SONRAÍ |
SAINMHÍNIÚ |
||||||||||||||||
|
{ALPHANUM-n} |
Suas le n charachtar/gcarachtar alfa-uimhriúla |
Réimse saorthéacs. |
||||||||||||||||
|
{CÓDAIRGEADRA_3} |
3 charachtar alfa-uimhriúla |
Cód airgeadra 3-litir, mar a shonraítear ag cóid airgeadra ISO 4217. |
||||||||||||||||
|
{DÁTA_AM_FORMÁID} |
Formáid dáta agus ama ISO 8601 |
Dáta agus am san fhormáid seo a leanas: BBBB-MM-LLAuu:nn:ss.ddddddZ.
|
||||||||||||||||
|
{DEACHÚIL-n/m} |
Uimhir dheachúlach suas le n digit/dhigit/ndigit san iomlán a bhféadfaidh suas le m digit/dhigit/ndigit di sin a bheith ina ndigití codáin |
Réimse uimhriúil le haghaidh luachanna dearfacha agus diúltacha araon.
|
||||||||||||||||
|
{MIC} |
4 charachtar alfa-uimhriúla |
Aitheantóir margaidh mar a shonraítear in ISO 10383. |
Tábla 3
Liosta mionsonraí le haghaidh trédhearcacht réamhthrádála
|
# |
Aitheantóir an réimse |
Tuairisc agus mionsonraí atá le foilsiú |
Formáid atá le líonadh mar a shonraítear i dTábla 2 |
||||||
|
1 |
Dáta agus am tíolactha |
I gcás nach gá na horduithe agus na luachana a fhoilsiú ar bhonn comhiomlánaithe, an dáta agus an t-am a tugadh an t-ordú nó an luachan isteach lena fhorghníomhú sa chóras trádála. |
{DÁTA_AM_FORMÁID} |
||||||
|
2 |
Cód aitheantais na cripteashócmhainne |
Aitheantóir uathúil gan débhrí na cripteashócmhainne i gcomhréir le hAirteagal 15 den rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114. |
Le líonadh i gcomhréir le Réimse 10 de thábla 2 de Roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114 |
||||||
|
3 |
Ainm iomlán na cripteashócmhainne |
Ainm iomlán na cripteashócmhainne. |
{ALPHANUM-350} |
||||||
|
4 |
Táscaire ceannaigh-díola |
Táscaire maidir le cé acu atá an t-ordú le ceannach nó le díol. |
‘BUYI’ — ceannaigh ‘SELL’ — díol |
||||||
|
5 |
Praghas |
Praghas orduithe agus luachana de réir mar is gá le haghaidh gach córais trádála i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I agus gan coimisiún ná ús fabhraithe a áireamh, i gcás inarb infheidhme. I gcás ina sloinntear an praghas i dtéarmaí airgeadaíochta, soláthrófar é san aonad mórairgeadra. I gcás ina dtrádáiltear an chripteashócmhainn bunaithe ar phéire airgeadraí, sloinnfear leis an bpraghas cainníocht an airgeadra luachana le haghaidh aonad amháin den bhunairgeadra. Fágfar an réimse seo bán i gcás orduithe margaidh. |
{DEACHÚIL-18/13} i gcás ina sloinntear an praghas mar luach airgeadaíochta. {DEACHÚIL-11/10} i gcás ina sloinntear an praghas mar chéatadán nó mar thoradh. {DEACHÚIL-18/17} i gcás ina sloinntear an praghas mar bhonnphointí. |
||||||
|
6 |
Airgeadra an phraghais |
An t-airgeadra ina sloinntear praghas trádála na cripteashócmhainne a bhaineann leis an ordú (infheidhme i gcás ina sloinntear an praghas mar luach airgeadaíochta). I gcás ina dtrádáiltear an chripteashócmhainn i ríomh-airgead/i gcomhartha ríomh-airgid, úsáidfear an t-aitheantóir dá dtagraítear in Airteagal 15 den rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114. I gcás ina sloinntear praghas na cripteashócmhainne i dtéarmaí airgeadaíochta agus i bpéire airgeadraí, tuairisceofar an péire airgeadraí ina sloinntear praghas na cripteashócmhainne a bhaineann leis an ordú. Is é cód an bhunairgeadra a bheidh sa chéad chód airgeadra agus is é cód airgeadra na luachana a bheidh sa dara cód airgeadra. Cinneann airgeadra na luachana praghas aonad amháin den bhunairgeadra. Maidir le cód airgeadra ISO agus an t-ainm gearr DTI arna gclárú i gcomhréir le heilimintí sonraí ISO 24165-2 chun DTI nó aitheantóir malartach a chlárú dá dtagraítear in Airteagal 15 den rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114, úsáidfear iad chun an t-airgeadra fiat agus an chripteashócmhainn faoi seach a léiriú sa phéire airgeadraí. |
Le líonadh i gcomhréir le Réimse 21 de Thábla 2 de Roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114. |
||||||
|
7 |
Nodaireacht phraghais |
Léirítear leis sin cé acu a shloinntear an praghas mar luach airgeadaíochta, mar chéatadán, mar thoradh nó mar bhonnphointí. |
‘MONE’ — Luach airgeadaíochta ‘PERC’ — Céatadán ‘YIEL’ — Toradh ‘BAPO’ — Bonnphointí |
||||||
|
8 |
Cainníocht |
I gcás cripteashócmhainní a thrádáiltear in aonaid, an líon aonad den chripteashócmhainn. I gcás cripteashócmhainní nach dtrádáiltear in aonaid, luach ainmniúil nó airgeadaíochta na cripteashócmhainne arna shloinneadh san airgeadra céanna den phraghas i Réimse 5 ‘Praghas’, de réir Réimse 6 ‘Airgeadra praghais’. I gcás ina sloinntear an praghas i bhfo-chomhpháirteanna na cripteashócmhainne sin, déanfar é a thaifeadadh mar sin féin i nodaireacht dheachúlach an phraghais arna shloinneadh in aonaid na cripteashócmhainne sin. I gcás ina n-éilíonn Tábla 1 foilsiú comhiomlánaithe na n-orduithe, an líon iomlán aonad nó luach ainmniúil nó airgeadaíochta iomlán na n-orduithe comhiomlánaithe. |
{DEACHÚIL-18/17} i gcás ina sloinntear an chainníocht mar an líon aonad {DEACHÚIL-18/5} i gcás ina sloinntear an chainníocht mar luach airgeadaíochta nó ainmniúil. |
||||||
|
9 |
Airgeadra cainníochta |
An t-airgeadra ina sloinntear an chainníocht. Tagróidh an t-airgeadra do na haonaid cripteashócmhainní, fiú i gcás ina bhfuil an t-idirbheart ainmnithe i bhfo-chomhpháirteanna na cripteashócmhainne sin. Ní gá an réimse a líonadh ach amháin i gcás ina sloinntear an chainníocht mar luach ainmniúil nó airgeadaíochta nó mar aonaid cripteashócmhainní. |
Aitheantóir dá dtagraítear i Réimse 26 de Thábla 2 de Roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114 |
||||||
|
10 |
Nodaireacht chainníochta |
Léirítear leis sin cé acu a shloinntear an chainníocht a thuairiscítear mar an líon aonad, mar luach ainmniúil, mar luach airgeadaíochta, nó mar aonaid cripteashócmhainní. |
|
||||||
|
11 |
Ionad |
An t-ardán trádála cripteashócmhainní inar cuireadh an t-ordú isteach a shainaithint. I gcás ina n-úsáideann an t-ardán trádála cripteashócmhainní MICanna deighleoige, úsáidfear an MIC deighleoige. I gcás nach n-úsáideann an t-ardán trádála cripteashócmhainní MICanna deighleoige, úsáidfear an MIC oibriúcháin. |
{MIC} |
||||||
|
12 |
An líon orduithe agus luachana |
An líon orduithe nó luachana comhiomlánaithe ó chliaint éagsúla (i gcás ina bhfuil gá le faisnéis chomhiomlánaithe faoi Thábla 1 d’Iarscríbhinn I). |
{DEACHÚIL-18/0} |
||||||
|
13 |
Córas trádála |
Cineál córais trádála ina bhfógraítear an t-ordú nó an luachan |
‘CLOB’ le haghaidh córais trádála leabhair orduithe bunaithe ar cheant leanúnach, ‘QDTS’ le haghaidh córais trádála bunaithe ar luachana, ‘PATS’ le haghaidh córais trádála bunaithe ar cheant tréimhsiúil, ‘HYBR’ le haghaidh córais trádála hibrideacha, ‘AMMS’ le haghaidh cruthaitheoirí margaidh uathoibrithe, ‘XXXX’ le haghaidh aon chóras trádála eile |
||||||
|
14 |
Dáta agus am an fhoilsithe |
Dáta agus am a foilsíodh an fhaisnéis. |
{DÁTA_AM_FORMÁID} |
IARSCRÍBHINN II
FAISNÉIS IARTHRÁDÁLA ATÁ LE POIBLIÚ
Tábla 1
Tábla siombailí
|
Siombail |
An cineál sonraí |
Sainmhíniú |
||||||||||||||||
|
{ALPHANUM-n} |
Suas le n charachtar/gcarachtar alfa-uimhriúla |
Réimse saorthéacs. |
||||||||||||||||
|
{CÓDAIRGEADRA_3} |
3 charachtar alfa-uimhriúla |
Cód airgeadra 3 litir, mar a shonraítear ag cóid airgeadra ISO 4217 |
||||||||||||||||
|
{DÁTA_AM_FORMÁID} |
Formáid dáta agus ama ISO 8601 |
Dáta agus am san fhormáid seo a leanas: BBBB-MM-LLAuu:nn:ss.ddddddZ.
Déanfar dátaí agus amanna a thuairisciú in AUL. |
||||||||||||||||
|
{DEACHÚIL-n/m} |
Uimhir dheachúil suas le n digit/dhigit/ndigit san iomlán a bhféadfaidh suas le m digit/dhigit/ndigit di sin a bheith ina ndigití codáin |
Réimse uimhriúil le haghaidh luachanna dearfacha agus diúltacha araon.
I gcás inarb infheidhme, déantar luachanna a shlánú agus ní chiorraítear iad. |
||||||||||||||||
|
{MIC} |
4 charachtar alfa-uimhriúla |
Aitheantóir margaidh mar a shonraítear in ISO 10383i |
Tábla 2
Liosta mionsonraí le haghaidh trédhearcacht iarthrádála
|
# |
Aitheantóir an réimse |
Ábhar atá le tuairisciú |
Formáidí agus caighdeáin atá le húsáid chun tuairisciú a dhéanamh |
||||||
|
1 |
Dáta agus am trádála |
Dáta agus am a forghníomhaíodh an t-idirbheart. |
{DÁTA_AM_FORMÁID} |
||||||
|
2 |
Cód aitheantais na cripteashócmhainne |
Aitheantóir uathúil gan débhrí na cripteashócmhainne i gcomhréir le hAirteagal 15 den rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114. |
Le líonadh i gcomhréir le Réimse 10 de thábla 2 de roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114. |
||||||
|
3 |
Ainm iomlán na cripteashócmhainne |
Ainm iomlán na cripteashócmhainne. |
{ALPHANUM-350} |
||||||
|
4 |
Praghas |
Praghas trádáilte an idirbhirt cé is moite, i gcás inarb infheidhme, de choimisiún, de tháillí eile agus d’ús fabhraithe. I gcás ina dtaifeadtar an praghas i dtéarmaí airgeadaíochta, soláthrófar é san aonad mórairgeadra. I gcás ina dtrádáiltear an chripteashócmhainn bunaithe ar phéire airgeadraí, sloinnfear leis an bpraghas cainníocht an airgeadra luachana le haghaidh aonad amháin den bhunairgeadra. |
{DEACHÚIL-18/13} i gcás ina sloinntear an praghas mar luach airgeadaíochta. |
||||||
|
5 |
Praghas in Easnamh |
I gcás nach bhfuil an praghas ar fáil ach go bhfuil sé ar feitheamh, is é ‘PNDG’ an luach a bheidh ann. I gcás nach mbeidh an praghas infheidhme, ‘NOAP’ an luach a bheidh ann. |
‘PNDG’ i gcás nach bhfuil an praghas ar fáil ‘NOAP’ i gcás nach bhfuil an praghas infheidhme |
||||||
|
6 |
Nodaireacht phraghais |
Léirítear leis sin cé acu a shloinntear an praghas mar luach airgeadaíochta, mar chéatadán, mar thoradh nó mar bhonnphointí. |
‘MONE’ — Luach airgeadaíochta ‘PERC’ — Céatadán ‘YIEL’ — Toradh ‘BAPO’ — Bonnphointí |
||||||
|
7 |
Airgeadra an phraghais |
An t-airgeadra ina sloinntear praghas trádála na cripteashócmhainne a bhaineann leis an ordú (infheidhme i gcás ina sloinntear an praghas mar luach airgeadaíochta). I gcás ina dtrádáiltear an chripteashócmhainn i ríomh-airgead/i gcomhartha ríomh-airgid, úsáidfear an t-aitheantóir dá dtagraítear in Airteagal 15 den rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114. I gcás ina sloinntear praghas na cripteashócmhainne i dtéarmaí airgeadaíochta agus i bpéire airgeadraí, tuairisceofar an péire airgeadraí ina sloinntear praghas na cripteashócmhainne a bhaineann leis an ordú. Is é cód an bhunairgeadra a bheidh sa chéad chód airgeadra agus is é cód airgeadra na luachana a bheidh sa dara cód airgeadra. Cinneann airgeadra na luachana praghas aonad amháin den bhunairgeadra. Maidir le cód airgeadra ISO agus an t-ainm gearr DTI arna gclárú i gcomhréir le heilimintí sonraí ISO 24165-2 chun DTI nó aitheantóir malartach a chlárú dá dtagraítear in Airteagal 15 den rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114, úsáidfear iad chun an t-airgeadra fiat agus an chripteashócmhainn faoi seach a léiriú sa phéire airgeadraí. |
Le líonadh i gcomhréir le Réimse 21 de Thábla 2 de Roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114. |
||||||
|
8 |
Cainníocht |
Réimse atá le líonadh leis an gcainníocht forghníomhaithe. |
{DEACHÚIL-18/17} i gcás ina sloinntear an chainníocht mar an líon aonad {DEACHÚIL-18/5} i gcás ina sloinntear an chainníocht mar luach airgeadaíochta nó ainmniúil. {DEACHÚIL-18/13} i gcás ina sloinntear an praghas i bhfo-chomhpháirteanna na cripteashócmhainne sin |
||||||
|
9 |
Airgeadra cainníochta |
An t-airgeadra ina sloinntear an chainníocht. Tagróidh an t-airgeadra do na haonaid cripteashócmhainní, fiú i gcás ina bhfuil an t-idirbheart ainmnithe i bhfo-chomhpháirteanna na cripteashócmhainne sin. Ní gá an réimse a líonadh ach amháin i gcás ina sloinntear an chainníocht mar luach airgeadaíochta ainmniúil nó mar aonaid cripteashócmhainní. |
Aitheantóir dá dtagraítear i Réimse 26 de Thábla 2 de Roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán tarmligthe lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10)(b) de Rialachán (AE) 2023/1114 |
||||||
|
10 |
Nodaireacht chainníochta |
Léirítear leis sin cé acu a shloinntear an chainníocht a thuairiscítear mar an líon aonad, mar luach ainmniúil, mar luach airgeadaíochta, nó mar aonaid cripteashócmhainní. |
‘{CRYP}’ — Luach i gcripteashócmhainní |
||||||
|
11 |
Ionad an fhorghníomhaithe |
An t-ardán trádála cripteashócmhainní inar cuireadh an t-ordú isteach a shainaithint. I gcás ina n-úsáideann an t-ardán trádála cripteashócmhainní MICanna deighleoige, úsáidfear an MIC deighleoige. I gcás nach n-úsáideann an t-ardán trádála cripteashócmhainní MICanna deighleoige, úsáidfear an MIC oibriúcháin. |
{MIC} – ardán trádála cripteashócmhainní |
||||||
|
12 |
Dáta agus am an fhoilsithe |
An dáta agus an t-am a d’fhoilsigh ardán trádála cripteashócmhainní an t-idirbheart. |
{DÁTA_AM_FORMÁID} |
||||||
|
13 |
Ionad an Fhoilsithe |
An cód a úsáidtear chun an t-ardán trádála cripteashócmhainní a fhoilsíonn an t-idirbheart a shainaithint. |
{MIC} – ardán trádála cripteashócmhainní |
||||||
|
14 |
Cód aitheantais idirbhirt |
Cód alfa-uimhriúil arna shannadh ag ardáin trádála cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/416 ón gCoimisiún (1) a úsáidtear in aon tagairt ina dhiaidh sin don trádáil shonrach. |
{ALPHANUM-52} |
Tábla 3
Liosta bratach le haghaidh trédhearcacht iarthrádála
|
Bratach |
Ainm |
Tuairisc |
|
‘CANC’ |
Bratach chealaithe |
I gcás ina ndéantar idirbheart a foilsíodh roimhe seo a chealú. |
|
‘AMND’ |
Bratach leasaithe |
I gcás ina ndéantar idirbheart a foilsíodh roimhe seo a leasú. |
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/416 an 29 Samhain 2024 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar agus formáid na dtaifead leabhair orduithe le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní (IO L, 2025/416, 14.3.2025 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/416/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/417/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)