European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/414

31.3.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/414 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar mionsonraithe na faisnéise is gá chun measúnú a dhéanamh ar éadáil bheartaithe sealúchais cháilithigh i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937, (1)agus go háirithe Airteagal 84(4), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 83(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, ní mór d’fhaighteoir beartaithe sealúchais cháilithigh i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis mhionsonraithe is gá chun measúnú stuamachta a dhéanamh ar an éadáil bheartaithe a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, tráth an fhógra faoin éadáil bheartaithe nó faoin méadú beartaithe ar an sealúchas cáilitheach.

(2)

Ba cheart don fhaisnéis a bheidh san fhógra a chuirfidh an faighteoir beartaithe isteach a bheith fíor, cruinn, iomlán agus cothrom le dáta ón tráth a chuirfear an fógra isteach go dtí go gcríochnóidh an t-údarás inniúil an measúnú. Chun na críche sin, ba cheart don fhaighteoir beartaithe an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis arna tabhairt san fhógra.

(3)

Ba cheart sonraí a bheith san fhógra faoin bhfaighteoir beartaithe, lena n-áirítear comhaltaí a chomhlachta bainistíochta, na scairshealbhóirí indíreacha agus an t-úinéir tairbhiúil deiridh, agus faoi chomhaltaí chomhlacht bainistíochta an sprioc-eintitis ina mbeartaíonn an faighteoir beartaithe comhaltaí comhlachta bainistíochta a cheapadh. Féadfar sonraí pearsanta a bheith san áireamh san fhaisnéis sin. De réir phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí a chumhdaítear in Airteagal 5(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), níor cheart sonraí pearsanta a sholáthar don údarás inniúil ach amháin sonraí pearsanta is gá agus is leordhóthanach chun a chumasú don údarás inniúil dianmheasúnú a dhéanamh ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 84(1), pointí (a) go (e), de Rialachán (AE) 2023/1114. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an bhfógra faoin éadáil bheartaithe agus próiseáil á déanamh ar na sonraí pearsanta a áireofar ann, ba cheart d’údaráis inniúla Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh. Thairis sin, de réir na bprionsabal a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart d’údaráis inniúla sonraí pearsanta den sórt sin a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun go bhfeidhmeoidh siad a gcúraimí maoirseoireachta.

(4)

I gcás inar duine dlítheanach an faighteoir beartaithe, tá gá freisin, chun an measúnú stuamachta a chomhlíonadh, le faisnéis maidir le céannacht na n-úinéirí tairbhiúla deiridh agus maidir leis an gclú agus an taithí, thar na 10 mbliana roimhe sin, atá ag na daoine a stiúrann gnó an fhaighteora bheartaithe go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart don fhaighteoir beartaithe an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid údaráis inniúla.

(5)

I gcás inar struchtúr iontaobhais é an faighteoir beartaithe nó ina mbeartaítear é a bheith ina struchtúr iontaobhais, is gá d’údarás inniúil an sprioc-eintitis faisnéis a fháil faoi chéannacht na n-iontaobhaithe a bhainisteoidh sócmhainní an iontaobhais, agus faoi chéannacht an tsocraitheora agus úinéirí tairbhiúla na sócmhainní sin araon chun go mbeidh sé in ann clú agus taithí na ndaoine sin a mheas.

(6)

I gcás inar ciste infheistíochta malartach (CIM) é an faighteoir beartaithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nó gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI), atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart dá bhainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM) nó don CIM i gcás CIM atá á bhainistiú go hinmheánach, nó dá chuideachta bainistíochta GCUI nó do chuideachta infheistíochta GCUI i gcás GCUI féinbhainistithe, céannacht na ndaoine aonair atá i gceannas ar chinntí infheistíochta a dhéanamh don chiste agus an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar a gclú a sholáthar d’údarás inniúil an sprioc-eintitis.

(7)

I gcás inar ciste infheistíochta Stáit é an faighteoir beartaithe, ba cheart don fhaighteoir beartaithe sin faisnéis chuimsitheach a sholáthar don údarás inniúil atá ábhartha maidir leis an measúnú ar chlú, lena n-áirítear faisnéis maidir le céannacht agus clú na ndaoine ag a bhfuil poist ardleibhéil san aireacht, sa roinn rialtais nó sa chomhlacht poiblí eile atá i gceannas ar na cinntí infheistíochta a dhéanamh don chiste.

(8)

I gcás inar duine nádúrtha an faighteoir beartaithe, is gá faisnéis a fháil i ndáil leis an bhfaighteoir beartaithe agus freisin i ndáil le haon ghnóthas faoi stiúir nó faoi rialú an fhaighteora bheartaithe go foirmiúil le 10 mbliana anuas chun an fhaisnéis iomlán atá ábhartha maidir le measúnú ar chlú a sholáthar d’údarás inniúil an sprioc-eintitis.

(9)

I gcás inar duine dlítheanach é an faighteoir beartaithe, is gá faisnéis a fháil maidir le haon ghnóthas faoi rialú an fhaighteora bheartaithe, agus maidir le haon scairshealbhóir ag a bhfuil sealúchas cáilitheach san fhaighteoir beartaithe, chun an fhaisnéis iomlán atá ábhartha maidir le measúnú ar chlú a sholáthar d’údarás inniúil an sprioc-eintitis.

(10)

Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis atá ábhartha maidir le measúnú ar chlú an fhaisnéis maidir le heaspa ciontuithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla, stairiúla nó leanúnacha, chomh maith le faisnéis maidir le cásanna sibhialta nó riaracháin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart faisnéis a sholáthar i ndáil le gach imscrúdú agus imeacht oscailte, smachtbhanna nó cinntí forfheidhmiúcháin eile in aghaidh an fhaighteora bheartaithe, agus aon fhaisnéis ábhartha eile lena n-áirítear diúltú clárú nó dífhostú as fostaíocht nó as post iontaoibhe a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar chlú an fhaighteora bheartaithe.

(11)

Chun a áirithiú go dtabharfaidh údarás inniúil an sprioc-eintitis aird chuí ar thoradh na n-imscrúduithe a dhéanann údaráis eile agus a mheasúnú féin á dhéanamh aige ar an bhfaighteoir beartaithe, ba cheart don fhaighteoir beartaithe faisnéis a sholáthar i dtaobh an ndearna údarás inniúil eile nó údarás eile measúnú cheana féin mar fhaighteoir, nó mar dhuine a stiúrann gnó aon eintitis ábhartha, agus, más amhlaidh go ndearna, ba cheart don fhaighteoir beartaithe toradh an mheasúnaithe sin a sholáthar.

(12)

Chun aisghabháil measúnuithe roimhe sin i mbunachair sonraí mhaoirseachta a éascú agus chun comhar i measc údaráis inniúla a éascú, ba cheart don fhaighteoir beartaithe aitheantóir eintitis a chur faoi bhráid an údaráis inniúil mar aon leis an bhfaisnéis a áirítear san fhógra. Ba cheart gurb iad na haitheantóirí a fhéadfar a úsáid chun na críche sin na haitheantóirí sin a fhéadfar a úsáid chun eintitis dhlítheanacha a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114, toisc go bhfuil saintréithe ag na haitheantóirí sin a fhágann go bhfuil siad iomchuí chun críoch maoirseachta.

(13)

Maidir le héadáil bheartaithe sealúchas cáilitheach indíreach sa sprioc-eintiteas, is gá ábhar na hiarrata ar fhaisnéis a chalabrú ar bhealach comhréireach. Chun na críche sin, ba cheart dhá chás a dhifreáil. Is é an chéad cheann an cás ina mbeartaíonn an duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann nó a mhéadaíonn sealúchas cáilitheach go hindíreach sa sprioc-eintiteas rialú a fháil ar shealbhóir sealúchais cháilithigh atá ann cheana sa sprioc-eintiteas nó ina bhfuil rialú aige san fhaighteoir díreach beartaithe ar shealúchas cáilitheach sa sprioc-eintiteas. Is é an dara ceann an cás ina gcinntear gurb ann do shealúchas cáilitheach tríd an sealúchas cáilitheach a shealbhaítear sa sprioc-eintiteas a iolrú faoi na céatadáin de na sealúchais cháilitheacha a shealbhaítear go hindíreach feadh an tslabhra sealúchais. Sa dara cás, ag féachaint don tionchar is teoranta a fhéadfaidh scairshealbhóir indíreach nó comhalta den sórt sin a bhfuil sealúchais cháilitheacha aige a fheidhmiú ar an sprioc-eintiteas, ba cheart don fhaighteoir beartaithe faisnéis laghdaithe a chur isteach.

(14)

D’fhéadfadh sé go mbeartódh faighteoirí beartaithe comhalta amháin nó níos mó de chomhlacht bainistíochta an sprioc-eintitis a cheapadh. Chun é a chur ar a chumas d’údarás inniúil an sprioc-eintitis measúnú a dhéanamh ar chomhaltaí nua de chomhlacht bainistíochta an sprioc-eintitis sin, ba cheart don fhaighteoir beartaithe an fhaisnéis chéanna a cheanglaítear ar chomhaltaí de chomhlachtaí bainistíochta eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a sholáthar tráth an údaraithe.

(15)

Chun measúnú a dhéanamh ar fhóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe sin, faisnéis airgeadais maidir leis an bhfaighteoir beartaithe sin, lena n-áirítear tuairisc ar ghníomhaíochtaí gnó reatha an fhaighteora bheartaithe, ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar d’údarás inniúil an sprioc-eintitis.

(16)

Tá sé tábhachtach d’údarás inniúil an sprioc-eintitis a mheas an bhféadfadh aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann difear a dhéanamh d’fhóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe agus do bhainistíocht fhónta stuama an sprioc-eintitis. Dá bhrí sin, ba cheart d’fhaighteoirí beartaithe faisnéis a sholáthar maidir le leasanna nó caidrimh airgeadais agus neamhairgeadais an fhaighteora bheartaithe le haon scairshealbhóirí nó stiúrthóirí nó comhaltaí de chomhlacht bainistíochta an sprioc-eintitis nó le haon duine atá i dteideal cearta vótála a fheidhmiú sa sprioc-eintiteas, nó leis an sprioc-eintiteas féin nó lena ghrúpa.

(17)

Is gá faisnéis bhreise a chur isteach i gcás inar duine dlítheanach an faighteoir beartaithe. Leis an bhfaisnéis bhreise sin, ba cheart d’údarás inniúil an sprioc-eintitis a bheith in ann an measúnú ar an éadáil bheartaithe a chur i gcrích, lena n-áirítear i gcásanna ina bhféadfadh na struchtúir dhlí agus ghrúpa lena mbaineann a bheith casta agus ina bhféadfadh sé gur gá athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh i ndáil le clú, gníomhaíocht fhéideartha i gcomhar le páirtithe eile, agus cumas údarás inniúil an sprioc-eintitis leanúint de mhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an sprioc-eintiteas.

(18)

I gcás inar eintiteas atá bunaithe i dtríú tír é an faighteoir beartaithe nó i gcás inar cuid de ghrúpa é a bhfuil a mháthairghnóthas díreach nó deiridh bunaithe lasmuigh den Aontas, ba cheart faisnéis bhreise a sholáthar ionas gur féidir le húdarás inniúil an sprioc-eintitis a mheasúnú nach gcuireann córas dlí an tríú tír bacainní ar chumas an sprioc-eintitis na ceanglais stuamachta a chomhlíonadh, agus go bhfuil sé in ann clú an fhaighteora bheartaithe sa tríú tír sin a fhionnadh.

(19)

Chun measúnú a chumasú maidir le cé acu a bheidh nó nach mbeidh tionchar ag an éadáil bheartaithe ar chumas údarás inniúil an sprioc-eintitis maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an sprioc-eintiteas sin, ba cheart don fhaighteoir beartaithe faisnéis shonrach a chur isteach. I gcás daoine dlítheanacha, ba cheart d’údarás inniúil an sprioc-eintitis measúnú a dhéanamh ar thionchar na héadála beartaithe ar mhaoirseacht chomhdhlúite an sprioc-eintitis agus ar an ngrúpa lena mbainfeadh an t-eintiteas tar éis na héadála.

(20)

Chun an measúnú ar an éadáil bheartaithe a chumasú, ba cheart don fhaighteoir beartaithe faisnéis a sholáthar lena sainaithnítear an sprioc-eintiteas, mionsonraí maidir le rún agus infheistíocht straitéiseach an fhaighteora bheartaithe agus faisnéis maidir leis na scaireanna atá faoi úinéireacht nó a bheartaítear a bheith faoi úinéireacht an fhaighteora bheartaithe. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin mionsonraí faoi aon ghníomhaíocht a rinne an faighteoir beartaithe i gcomhar le páirtithe eile chun críocha na héadála beartaithe agus an fhaisnéis faoi phraghas na héadála beartaithe.

(21)

Thairis sin, ba cheart don fhaighteoir beartaithe faisnéis a sholáthar maidir le maoiniú na héadála beartaithe, lena n-áirítear faisnéis maidir le gach modh agus foinse maoinithe. Ba cheart don fhaighteoir beartaithe a bheith in ann fianaise a chur i láthair freisin maidir le tionscnamh agus dlisteanacht fhoinse na gcistí agus na sócmhainní sin uile, lena n-áirítear aon chripteashócmhainn nó sócmhainn dhigiteach eile, chun go ndéanfaidh údarás inniúil an sprioc-eintitis a ndeimhneacht, a ndóthanacht agus a dtionscnamh dlisteanach a mheasúnú, lena n-áirítear arb ann do riosca sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.

(22)

Chun measúnú cuimsitheach ar an éadáil bheartaithe a áirithiú, ba cheart d’fhaighteoirí beartaithe a bheartaíonn sealúchas cáilitheach is mó ná 20 % agus suas le 50 % a fháil sa sprioc-eintiteas faisnéis maidir lena straitéis a sholáthar d’údarás inniúil an sprioc-eintitis. Ar an gcaoi chéanna, maidir le faighteoirí beartaithe a bheartaíonn sealúchas cáilitheach suas go 20 % a fháil sa sprioc-eintiteas ach a fheidhmíonn tionchar suntasach coibhéiseach ar an eintiteas sin ar bhealaí eile, lena n-áirítear na caidrimh idir an faighteoir beartaithe agus na scairshealbhóirí atá ann cheana, comhaontuithe scairshealbhóirí a bheith ann, dáileadh scaireanna, leasanna rannpháirtíochta agus cearta vótála ar scairshealbhóirí nó seasamh an fhaighteora bheartaithe laistigh de struchtúr grúpa an sprioc-eintitis, ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a sholáthar freisin chun ardleibhéal aonchineálachta a áirithiú agus measúnú á dhéanamh ar éadálacha beartaithe.

(23)

I gcás ina bhfuil athrú beartaithe ar rialú an sprioc-eintitis, ba cheart don fhaighteoir beartaithe, mar riail ghinearálta, plean gnó iomlán a chur isteach. I gcás nach bhfuil aon athrú beartaithe ar rialú an sprioc-eintitis, áfach, ba cheart faisnéis áirithe maidir le straitéis an eintitis amach anseo agus rúin an fhaighteora bheartaithe don sprioc-eintiteas a bheith leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh an éadáil bheartaithe difear d’fhóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe.

(24)

Ag féachaint do phrionsabal na comhréireachta, i gcásanna áirithe, ba cheart don fhaighteoir beartaithe faisnéis laghdaithe a chur isteach. Go háirithe, i gcás ina ndearna an t-údarás inniúil céanna leis an sprioc-eintieas measúnú ar an bhfaighteoir beartaithe maidir le héadáil nó méadú ar shealúchais cháilitheacha laistigh den 2 bhliain roimhe sin, níor cheart a cheangal ar an bhfaighteoir beartaithe sin ach an fhaisnéis a d’athraigh ó rinneadh an measúnú roimhe sin a chur isteach. Ar an gcaoi chéanna, i gcás inar gnóthas údaraithe é an faighteoir beartaithe agus ina bhfuil sé faoi réir mhaoirseacht stuamachta an údaráis inniúil chéanna leis an sprioc-eintiteas, ba cheart an faighteoir beartaithe sin a dhíolmhú ó fhaisnéis áirithe atá i seilbh an údaráis inniúil sin cheana féin a chur isteach. Sa dá chás, níor cheart don fhaighteoir beartaithe faisnéis a bhaineann go sonrach leis an éadáil bheartaithe a chur isteach ach amháin in éineacht le dearbhú sínithe lena ndeimhnítear go bhfuil an chuid eile den fhaisnéis nár cuireadh isteach toisc go bhfuil sí i seilbh an údaráis inniúil cheana féin fíor, cruinn agus cothrom le dáta.

(25)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus thug sé tuairim uaidh an 21 Meitheamh 2024.

(26)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin, agus a forbraíodh i ndlúthchomhar leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(27)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faisnéis ghinearálta a bhaineann leis an bhfaighteoir beartaithe

1.   I gcás inar duine nádúrtha an faighteoir beartaithe, soláthróidh an faighteoir beartaithe d’údarás inniúil an sprioc-eintitis an fhaisnéis chéannachta seo a leanas:

(a)

na sonraí pearsanta uile seo a leanas:

(i)

ainm agus, más rud é nach ionann é, ainm tráth breithe;

(ii)

an dáta breithe agus an áit bhreithe;

(iii)

náisiúntacht nó náisiúntachtaí;

(iv)

uimhir aitheantais náisiúnta phearsanta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi;

(v)

áit chónaithe reatha, seoladh agus sonraí teagmhála, agus aon áit chónaithe eile le 10 mbliana anuas;

(vi)

cóip de dhoiciméad aitheantais oifigiúil;

(vii)

ainm agus sonraí teagmhála an phríomhchomhairleora ghairmiúil, más ann, a úsáideadh chun an fógra a ullmhú;

(b)

curriculum vitae mionsonraithe, ina luafar an t-oideachas agus an oiliúint ábhartha, agus aon taithí ghairmiúil ar shealúchais a bhainistiú i gcuideachtaí, aon taithí bhainistíochta, aon ghníomhaíocht ghairmiúil nó feidhmeanna ábhartha eile a dhéantar faoi láthair, agus aon taithí ghairmiúil roimhe sin atá ábhartha maidir le seirbhísí airgeadais, cripteashócmhainní nó sócmhainní digiteacha eile, teicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT), teicneolaíocht faisnéise, cibearshlándáil agus nuálaíocht dhigiteach.

2.   I gcás inar duine dlítheanach an faighteoir beartaithe, soláthróidh an faighteoir beartaithe d’údarás inniúil an sprioc-eintitis an fhaisnéis chéannachta seo a leanas:

(a)

ainm an duine dhlítheanaigh;

(b)

ainm agus sonraí teagmhála an phríomhchomhairleora ghairmiúil, más ann, a úsáideadh chun an fógra a ullmhú;

(c)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach cláraithe i gclár gnó náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ainm an chláir ina bhfuil an duine dlítheanach sin cláraithe, an chláruimhir nó modh coibhéiseach aitheantais sa chlár sin agus cóip den deimhniú clárúcháin;

(d)

aitheantóir dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena mbunaítear caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 68(10), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1114;

(e)

seoltaí oifig chláraithe an duine dhlítheanaigh agus, i gcás nach ionann iad, seoltaí a phríomhoifige, agus a phríomháite gnó;

(f)

sonraí teagmhála an duine san fhaighteoir beartaithe lena bhfuiltear le dul i dteagmháil maidir leis an bhfógra;

(g)

doiciméid chorparáideacha nó comhaontuithe corparáideacha lena rialaítear an duine dlítheanach agus míniú achomair ar phríomhghnéithe dlíthiúla fhoirm dhlíthiúil an duine dhlítheanaigh, agus forléargas cothrom le dáta ar a ghníomhaíocht ghnó;

(h)

cibé acu a bhí riamh nó atá an duine dlítheanach á rialáil ag údarás inniúil san earnáil seirbhísí airgeadais nó ag comhlacht eile rialtais agus ainm an údaráis inniúil sin nó ainm an chomhlachta eile rialtais sin;

(i)

i gcás inar eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) an duine dlítheanach, na beartais agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac;

(j)

liosta iomlán de na daoine a dhéanann gnó an fhaighteora bheartaithe a stiúradh go héifeachtach agus, i leith gach duine den sórt sin, an t-ainm, dáta breithe agus áit bhreithe, seoladh, sonraí teagmhála, cóip den doiciméad aitheantais oifigiúil, an uimhir aitheantais náisiúnta i gcás ina mbeidh fáil uirthi sin, an curriculum vitae mionsonraithe ina luafar oideachas agus oiliúint ábhartha, an taithí ghairmiúil roimhe sin, agus na gníomhaíochtaí gairmiúla nó feidhmeanna ábhartha eile atá á gcomhlíonadh faoi láthair, lena n-áirítear taithí ghairmiúil ar bhainistiú sealúchas i gcuideachtaí, i seirbhísí airgeadais, cripteashócmhainní nó sócmhainní digiteacha eile, DLT, teicneolaíocht faisnéise, cibearshlándáil nó nuálaíocht dhigiteach, mar aon leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (c);

(k)

céannacht na ndaoine uile ar úinéirí tairbhiúla deiridh na ndaoine dlítheanacha iad de réir bhrí Airteagal 3(6), pointe (a)(i) nó Airteagal 3(6), pointe (c), de Threoir (AE) 2015/849, agus i leith gach duine den sórt sin, an t-ainm, dáta breithe agus áit bhreithe, seoladh, sonraí teagmhála, agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an uimhir aitheantais náisiúnta, in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (c), den Rialachán seo.

I gcás daoine dlítheanacha faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/1132, beidh an fhaisnéis faoi phointí (a) agus (e) mar an gcéanna leis an bhfaisnéis a chomhdaítear sa chlár gnó náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132.

3.   I gcás inar iontaobhas é an faighteoir beartaithe, soláthróidh an faighteoir beartaithe an fhaisnéis seo a leanas d’údarás inniúil an sprioc-eintitis:

(a)

céannacht na n-iontaobhaithe uile a bhainistíonn sócmhainní faoi théarmaí an doiciméid iontaobhais, lena n-áirítear i leith gach duine den sórt sin, an dáta breithe agus an áit bhreithe, seoladh, sonraí teagmhála, cóip den doiciméad aitheantais oifigiúil, an uimhir aitheantais náisiúnta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an curriculum vitae mionsonraithe ina luafar oideachas agus oiliúint ábhartha, an taithí ghairmiúil roimhe sin, agus na gníomhaíochtaí gairmiúla nó na feidhmeanna ábhartha eile atá á gcomhlíonadh faoi láthair, lena n-áirítear taithí ghairmiúil ar bhainistiú sealúchas i gcuideachtaí, i seirbhísí airgeadais, cripteashócmhainní nó sócmhainní digiteacha eile, DLT, teicneolaíocht faisnéise, cibearshlándáil nó nuálaíocht dhigiteach, mar aon leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (c);

(b)

céannacht gach duine is socraitheoir, tairbhí nó cosantóir (i gcás inarb infheidhme) de chuid mhaoin an iontaobhais, lena n-áirítear an dáta breithe agus an áit bhreithe, seoladh, sonraí teagmhála, cóip den doiciméad oifigiúil aitheantais, agus, i gcás inarb infheidhme, a scaireanna faoi seach i ndáileadh an ioncaim arna ghiniúint ag maoin an iontaobhais;

(c)

cóip d’aon doiciméad lena mbunaítear agus lena rialaítear an t-iontaobhas;

(d)

tuairisc ar phríomhghnéithe dlíthiúla an iontaobhais agus ar fheidhmiú an iontaobhais, agus forléargas cothrom le dáta ar ghníomhaíocht ghnó an iontaobhais, agus cineál agus luach mhaoin an iontaobhais;

(e)

tuairisc ar bheartas infheistíochta an iontaobhais agus srianta féideartha ar infheistíochtaí, lena n-áirítear faisnéis faoi na tosca a mbíonn tionchar acu ar chinntí infheistíochta agus ar an straitéis scoir i ndáil leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(f)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (i).

4.   I gcás inar ciste infheistíochta malartach (CIM) é an faighteoir beartaithe, de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE, nó gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI), atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2009/65/CE, a bhainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM) nó an CIM i gcás CIM atá á bhainistiú go hinmheánach, nó a chuideachta bainistíochta GCUI nó an chuideachta infheistíochta GCUI i gcás GCUI féinbhainistithe, déanfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar d’údarás inniúil an sprioc-eintitis:

(a)

mionsonraí an bheartais infheistíochta agus aon srian ar infheistíochtaí, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na tosca a mbíonn tionchar acu ar chinntí infheistíochta, agus maidir le straitéisí scoir;

(b)

céannacht agus post na ndaoine atá freagrach, cibé acu ina n-aonar nó mar choiste, as na cinntí infheistíochta a chinneadh agus a dhéanamh don CIM nó don GCUI, agus cóip d’aon chonradh i gcás ina ndéantar bainistiú punainne a tharmligean go tríú páirtí nó, i gcás inarb infheidhme, téarmaí tagartha an choiste agus, i leith gach den duine sórt sin, an dáta breithe agus an áit bhreithe, seoladh, sonraí teagmhála, cóip dá dhoiciméad aitheantais oifigiúil, an uimhir aitheantais náisiúnta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an curriculum vitae mionsonraithe ina luafar oideachas agus oiliúint ábhartha, an taithí ghairmiúil roimhe sin, agus na gníomhaíochtaí gairmiúla nó na feidhmeanna ábhartha eile atá á gcomhlíonadh faoi láthair, mar aon leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (c);

(c)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (i);

(d)

tuairisc ar fheidhmiú sealúchas cáilitheach arna bhfáil roimhe sin ag an BCIM nó ag cuideachta bainistíochta GCUI thar ceann na CIM nó GCUI a bhainistíonn siad nó ag an CIM nó ag cuideachta infheistíochta GCUI féinbhainistithe le 3 bliana anuas i ngnólachtaí comhchosúla eile nó i ngnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí i ndáil le cripteashócmhainní nó a eisíonn cripteashócmhainní, ina sonrófar cibé acu ar cheadaigh údarás inniúil fáil na sealúchas cáilitheach sin agus, má cheadaigh, céannacht an údaráis inniúil sin.

5.   I gcás inar ciste infheistíochta Stáit é an faighteoir beartaithe, soláthróidh an faighteoir beartaithe an fhaisnéis seo a leanas d’údarás inniúil an sprioc-eintitis:

(a)

ainm na haireachta, na roinne rialtais nó an chomhlachta phoiblí eile atá i gceannas ar bheartas infheistíochta an chiste infheistíochta Stáit a chinneadh;

(b)

mionsonraí bheartas infheistíochta an chiste infheistíochta Stáit agus aon srian ar infheistíocht;

(c)

ainmneacha agus poist na ndaoine ag a bhfuil post riaracháin ardleibhéil san aireacht, sa roinn rialtais nó sa chomhlacht poiblí eile atá i gceannas ar an mbeartas infheistíochta a chinneadh agus atá freagrach as na cinntí infheistíochta a dhéanamh don chiste infheistíochta Stáit, agus i leith gach duine den sórt sin, an dáta breithe agus an áit bhreithe, seoladh, sonraí teagmhála, cóip den doiciméad aitheantais oifigiúil, an uimhir aitheantais náisiúnta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an curriculum vitae mionsonraithe ina luafar oideachas agus oiliúint ábhartha, an taithí ghairmiúil roimhe sin, agus na gníomhaíochtaí gairmiúla nó na feidhmeanna ábhartha eile atá á gcomhlíonadh faoi láthair, lena n-áirítear taithí ghairmiúil ar bhainistiú sealúchas i gcuideachtaí, i seirbhísí airgeadais, cripteashócmhainní nó sócmhainní digiteacha eile, DLT, teicneolaíocht faisnéise, cibearshlándáil nó nuálaíocht dhigiteach, mar aon leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (c);

(d)

mionsonraí maidir le haon tionchar a imríonn an aireacht, an roinn rialtais nó an comhlacht poiblí eile dá dtagraítear i bpointe (a) ar oibríochtaí laethúla an chiste infheistíochta Stáit;

(e)

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (i), i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 2

Faisnéis bhreise a bhaineann leis an bhfaighteoir beartaithe is duine nádúrtha

1.   I dteannta na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(1), tabharfaidh an faighteoir beartaithe is duine nádúrtha na nithe uile seo a leanas d’údarás inniúil an sprioc-eintitis:

(a)

i leith an fhaighteora bheartaithe agus i leith aon ghnóthais a bhí faoi stiúir nó faoi rialú an fhaighteora bheartaithe le 10 mbliana anuas, ráiteas ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas:

(i)

faoi réir ceanglais reachtacha náisiúnta maidir le nochtadh ciontaithe spíonta, faisnéis maidir le heaspa aon chiontaithe choiriúil nó imeachtaí coiriúla i gcás inar tugadh breithiúnas in aghaidh an duine sin agus nár cuireadh na himeachtaí coiriúla ar ceal;

(ii)

faisnéis faoi aon chinneadh sibhialta nó riaracháin a bhaineann leis an duine sin atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar éadáil an tsealúchais cháilithigh sa soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, agus aon smachtbhanna nó bearta riaracháin a forchuireadh mar iarmhairt ar shárú dlíthe nó rialachán, lena n-áirítear dícháiliú mar stiúrthóir cuideachta, i ngach cás nár cuireadh i leataobh agus nach bhfuil aon achomharc ar feitheamh ina aghaidh nó nach féidir aon achomharc a chomhdú ina aghaidh, agus faoi chiontuithe coiriúla a soláthrófar faisnéis ina leith freisin le haghaidh rialuithe atá fós faoi réir achomhairc;

(iii)

aon fhéimheacht, dócmhainneacht nó imeacht comhchosúil;

(iv)

aon imscrúduithe nó nósanna imeachta coiriúla atá ar feitheamh, lena n-áirítear imscrúduithe nó nósanna imeachta a bhaineann le bearta réamhchúraim;

(v)

aon imscrúduithe sibhialta nó riaracháin, imeachtaí forfheidhmiúcháin, smachtbhannaí nó cinntí forfheidhmiúcháin eile in aghaidh an duine a bhaineann le hábhair agus a d’fhéadfaí a mheas le réasún a bheith ábhartha maidir leis an measúnú ar éadáil an tsealúchais cháilithigh sa soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(vi)

aon diúltú clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais chun gabháil do cheird, do ghnó nó do ghairm;

(vii)

aon diúltú, cúlghairm nó foirceannadh clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais chun gabháil do cheird, do ghnó nó do ghairm;

(viii)

aon díbirt ag comhlacht rialála nó rialtais nó ag comhlacht gairmiúil nó ag comhlachas gairmiúil;

(ix)

aon phost freagrachta laistigh d’eintiteas atá faoi réir aon chiontaithe choiriúil nó aon phionóis shibhialta nó riaracháin nó aon bhirt shibhialta nó riaracháin eile is ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar éadáil an tsealúchais cháilithigh i sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní arna dhéanamh ag aon údarás nó aon imscrúdú leanúnach, i ngach cás as mainneachtainí iompair, lena n-áirítear maidir le calaois, mímhacántacht, éilliú, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó coireacht airgeadais eile nó mainneachtain beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun teagmhais den sórt sin a chosc, a bhí á shealbhú an tráth a tharla an t-iompar líomhnaithe, mar aon le sonraí faoi tharluithe den sórt sin agus faoin rannpháirtíocht, más ann, iontu;

(x)

aon dífhostú as fostaíocht nó as post iontaoibhe, aon bhaint as caidreamh muiníneach, seachas de thoradh an caidreamh lena mbaineann a bheith tagtha chun críche le himeacht ama, agus aon chás comhchosúil;

(b)

i gcás inarb ann do na doiciméid sin, deimhniú oifigiúil nó aon doiciméad coibhéiseach eile, nó i gcás nach ann do na doiciméid sin, aon fhoinse iontaofa faisnéise, maidir le heaspa aon cheann de na teagmhais dá dtagraítear i bpointe (a), pointí (i) go (v) i leith an duine sin;

(c)

i gcás ina mbeidh measúnú déanta cheana féin ag údarás maoirseachta eile ar an duine lena mbaineann, céannacht an údaráis sin, dáta an mheasúnaithe sin agus fianaise ar thoradh an mheasúnaithe sin;

(d)

faisnéis faoi staid airgeadais reatha an duine, lena n-áirítear mionsonraí maidir le foinsí ioncaim, sócmhainní agus dliteanais, leasanna urrúis agus ráthaíochtaí, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad;

(e)

tuairisc ar ghníomhaíochtaí gnó reatha an duine agus ar aon ghnóthas a stiúrann nó a rialaíonn an duine;

(f)

faisnéis airgeadais, lena n-áirítear rátálacha creidmheasa agus tuarascálacha atá ar fáil go poiblí faoi aon ghnóthas atá faoi stiúir nó faoi rialú ag an duine.

Chun críocha phointe (b), beidh taifid, deimhnithe agus doiciméid oifigiúla eisithe laistigh de 3 mhí sular cuireadh an fógra isteach.

2.   I dteannta na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(1), soláthróidh an faighteoir beartaithe is duine nádúrtha gach ceann díobh seo a leanas freisin d’údarás inniúil an sprioc-eintitis:

(a)

tuairisc ar leasanna airgeadais an duine, agus ar aon leas neamhairgeadais de chuid an duine le haon duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas:

(i)

aon scairshealbhóir reatha eile nó aon chomhalta den sprioc-eintiteas;

(ii)

aon duine atá i dteideal cearta vótála an sprioc-eintitis a fheidhmiú in aon cheann de na cásanna seo a leanas nó i dteaglaim díobh:

(1)

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí lenar thug an duine sin comhaontú i gcrích lena gcuirtear d’oibleagáid orthu, trí na cearta vótála atá ina seilbh a fheidhmiú go comhbheartaithe, comhbheartas marthanach a ghlacadh i leith chomhlacht bainistíochta an sprioc-eintitis lena mbaineann;

(2)

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí faoi chomhaontú arna thabhairt i gcrích leis an duine sin lena bhforáiltear maidir leis na cearta vótála lena mbaineann a aistriú go sealadach ar chomaoin;

(3)

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a thaisctear mar chomhthaobhacht leis an duine sin, ar choinníoll go rialaíonn an duine na cearta vótála agus go ndearbhaíonn sé nó sí go bhfuil sé ar intinn aige nó aici na cearta vótála sin a fheidhmiú;

(4)

cearta vótála a ghabhann le scaireanna ina bhfuil an leas saoil ag an duine sin;

(5)

cearta vótála atá i seilbh gnóthais atá á rialú ag an duine sin, nó a fhéadfaidh gnóthas atá á rialú ag an duine sin a fheidhmiú amhail dá dtagraítear i bpointí (1) go (4);

(6)

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a thaisctear leis an duine sin agus a fhéadfaidh an duine a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí;

(7)

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí ina ainm féin thar ceann an duine sin;

(8)

cearta vótála a fhéadfaidh an duine sin a fheidhmiú mar sheachvótálaí i gcás inar féidir leis an duine nó leis an eintiteas na cearta vótála a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí;

(iii)

aon duine atá ina chomhalta de chomhlacht bainistíochta an sprioc-eintitis;

(iv)

an sprioc-eintiteas féin nó aon chomhalta eile dá ghrúpa;

(b)

a mhéid a eascraíonn aon choinbhleacht leasa as na caidrimh dá dtagraítear i bpointe (a), modhanna atá beartaithe chun an choinbhleacht sin a bhainistiú;

(c)

tuairisc ar aon nasc le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil de réir bhrí Airteagal 3(9) de Threoir (AE) 2015/849;

(d)

aon leasanna nó gníomhaíochtaí eile de chuid an duine a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le leasanna nó gníomhaíochtaí an sprioc-eintitis agus na modhanna atá beartaithe chun na coinbhleachtaí leasa sin a bhainistiú.

Chun críocha phointe (a), measfar gur cuid de leasanna airgeadais iad oibríochtaí creidmheasa, ráthaíochtaí agus leasanna urrúis, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cripteashócmhainní nó sócmhainní digiteacha eile, ach measfar gur cuid de leasanna neamhairgeadais iad gaoil teaghlaigh nó dlúthchaidrimh.

Airteagal 3

Faisnéis bhreise a bhaineann leis an bhfaighteoir beartaithe is duine dlítheanach

1.   I dteannta na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(2), soláthróidh an faighteoir beartaithe is duine dlítheanach gach ceann díobh seo a leanas freisin d’údarás inniúil an sprioc-eintitis:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas:

(i)

Airteagal 2(1), pointí (a)(i) go (a)(x) agus pointe (b), i ndáil leis an duine dlítheanach agus le haon ghnóthas atá faoi rialú an duine dhlítheanaigh;

(ii)

Airteagal 2(1), pointe (c) i ndáil leis an duine dlítheanach féin;

(iii)

Airteagal 2(1), pointe (e) i ndáil leis an duine dlítheanach féin;

(iv)

Airteagal 2(1), pointe (f) i ndáil leis an duine dlítheanach féin, le haon chomhalta den chomhlacht bainistíochta ina bhfeidhm feidhmiúcháin ar an duine dlítheanach nó le haon ghnóthas atá faoi rialú an duine dhlítheanaigh;

(b)

tuairisc ar leasanna airgeadais agus leasanna nó caidrimh neamhairgeadais an fhaighteora bheartaithe, nó, i gcás inarb infheidhme, an ghrúpa lena mbaineann an faighteoir beartaithe, agus na daoine a stiúrann a ghnó go héifeachtach leo seo a leanas:

(i)

aon scairshealbhóir reatha eile nó aon chomhalta den sprioc-eintiteas;

(ii)

aon duine atá i dteideal cearta vótála an sprioc-eintitis a fheidhmiú in aon cheann de na cásanna seo a leanas nó i dteaglaim díobh:

(1)

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí lenar thug an duine sin comhaontú i gcrích lena gcuirtear d’oibleagáid orthu, trí na cearta vótála atá ina seilbh a fheidhmiú go comhbheartaithe, comhbheartas marthanach a ghlacadh i leith chomhlacht bainistíochta an sprioc-eintitis lena mbaineann;

(2)

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí faoi chomhaontú arna thabhairt i gcrích leis an duine sin lena bhforáiltear maidir leis na cearta vótála lena mbaineann a aistriú go sealadach ar chomaoin;

(3)

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a thaisctear mar chomhthaobhacht leis an duine sin, ar choinníoll go rialaíonn an duine nó an t-eintiteas na cearta vótála agus go ndearbhaíonn sé go bhfuil sé de rún aige na cearta vótála sin a fheidhmiú;

(4)

cearta vótála a ghabhann le scaireanna ina bhfuil an leas saoil ag an duine sin;

(5)

cearta vótála atá i seilbh gnóthais atá á rialú ag an duine sin, nó a fhéadfaidh gnóthas atá á rialú ag an duine sin a fheidhmiú amhail dá dtagraítear i bpointí (1) go (4);

(6)

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a thaisctear leis an duine sin agus a fhéadfaidh an duine a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí;

(7)

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí ina ainm féin thar ceann an duine sin;

(8)

cearta vótála a fhéadfaidh an duine sin a fheidhmiú mar sheachvótálaí i gcás inar féidir leis an duine na cearta vótála a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí;

(iii)

aon duine atá faoi riteacht pholaitiúil de réir bhrí Airteagal 3, pointe (9), de Threoir (AE) 2015/849;

(iv)

aon duine atá, de réir na reachtaíochta náisiúnta, ina chomhalta den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, nó de bhainistíocht shinsearach an sprioc-eintitis;

(v)

an sprioc-eintiteas féin nó aon chomhalta eile dá ghrúpa;

(c)

a mhéid a eascraíonn aon choinbhleacht leasa as na caidrimh dá dtagraítear i bpointe (b), modhanna atá beartaithe chun coinbhleachtaí den sórt sin a bhainistiú;

(d)

faisnéis maidir le haon leas nó gníomhaíocht eile de chuid an fhaighteora bheartaithe a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le leasanna nó gníomhaíochtaí an sprioc-eintitis agus réitigh fhéideartha chun na coinbhleachtaí leasa sin a bhainistiú;

(e)

struchtúr scairsheilbhe an fhaighteora bheartaithe, agus céannacht na scairshealbhóirí uile a fheidhmíonn tionchar suntasach agus a scair faoi seach den chaipiteal agus de chearta vótála lena n-áirítear faisnéis maidir le haon chomhaontú scairshealbhóirí;

(f)

i gcás inar cuid de ghrúpa, mar fhochuideachta nó mar mháthairchuideachta, é an faighteoir beartaithe, cairt eagraíochtúil mhionsonraithe de struchtúr an ghrúpa agus faisnéis faoin scair den chaipiteal agus de chearta vótála de chuid na scairshealbhóirí ag a bhfuil tionchar suntasach ar eintitis an ghrúpa agus maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanann eintitis an ghrúpa faoi láthair;

(g)

i gcás inar cuid de ghrúpa mar fhochuideachta nó mar mháthairchuideachta é an faighteoir beartaithe, faisnéis maidir leis na caidrimh idir eintitis airgeadais agus eintitis neamhairgeadais an ghrúpa;

(h)

sainaithint aon institiúide creidmheasa, institiúide íocaíochta nó institiúide ríomh-airgid, aon ghnóthas árachais nó athárachais, aon ghnóthas comhinfheistíochta agus a mbainisteoirí nó a ngnólachta infheistíochta laistigh den ghrúpa, agus ainmneacha na n-údarás maoirseachta ábhartha;

(i)

ráitis airgeadais bhliantúla, ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéil chomhdhlúite agus fho-chomhdhlúite, do na 3 bliana airgeadais dheireanacha, i gcás ina raibh an duine dlítheanach i bhfeidhm don tréimhse sin, nó do cibé tréimhse is giorra dá raibh an duine dlítheanach i bhfeidhm agus dár ullmhaíodh ráitis airgeadais.

Chun críocha phointe (b), measfar gur cuid de leasanna airgeadais iad oibríochtaí creidmheasa, ráthaíochtaí agus leasanna urrúis, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cripteashócmhainní nó sócmhainní digiteacha eile, ach measfar gur cuid de leasanna neamhairgeadais iad gaoil teaghlaigh nó dlúthchaidrimh.

2.   Cuirfidh an faighteoir beartaithe na ráitis airgeadais bhliantúla dá dtagraítear i mír 1, pointe (i), isteach, lena n-áirítear gach ceann de na hítimí seo a leanas agus, i gcás inarb infheidhme, iad formheasta ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta de réir bhrí Airteagal 2, pointí (2) agus (3), faoi seach, de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle: (9)

(a)

an clár comhardaithe;

(b)

na cuntais bhrabúis agus chaillteanais nó na ráitis ioncaim;

(c)

na tuarascálacha bliantúla agus na hiarscríbhinní airgeadais agus aon doiciméad eile atá cláraithe le clárlann nó le húdarás inniúil an duine dhlítheanaigh;

(d)

i gcás inar duine dlítheanach nó eintiteas dlítheanach nuabhunaithe é an faighteoir beartaithe, in éagmais aon ráiteas airgeadais, achoimre nuashonraithe chomh gar agus is féidir don dáta fógra, ar staid airgeadais an fhaighteora bheartaithe, chomh maith leis na réamhaisnéisí airgeadais le haghaidh na chéad 3 bliana eile, agus na toimhdí pleanála a úsáidtear sa bhonnchás agus sa chás struis.

3.   Déanfaidh an faighteoir beartaithe is duine dlítheanach agus a bhfuil a cheannoifig i dtríú tír, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an fhaisnéis uile seo a leanas a sholáthar d’údarás inniúil an sprioc-eintitis:

(a)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach faoi mhaoirseacht údaráis tríú tír in earnáil na seirbhísí airgeadais:

(i)

deimhniú dea-stádais, nó a choibhéis i gcás nach bhfuil sé ar fáil, ó údarás an tríú tír sin i ndáil leis an duine dlítheanach;

(ii)

i gcás ina n-eisíonn an t-údarás sin dearbhuithe den sórt sin, an dearbhú nach bhfuil aon bhacainn ná teorainn ar sholáthar na faisnéise is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar an sprioc-eintiteas;

(b)

faisnéis ghinearálta faoi réimeas rialála an tríú tír sin mar is infheidhme maidir leis an duine dlítheanach, lena n-áirítear faisnéis ar a mhéid atá réimeas frithsciúrtha airgid agus frithmhaoinithe sceimhlitheoireachta an tríú tír comhsheasmhach le moltaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais.

Airteagal 4

Faisnéis atá le cur isteach ag daoine a fhaigheann sealúchas cáilitheach indíreach sa sprioc-eintiteas

1.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag faighteoir beartaithe rialú a fháil, go díreach nó go hindíreach, ar shealbhóir sealúchais cháilithigh atá ann cheana i sprioc-eintiteas, gan beann ar cé acu an sealúchas díreach nó indíreach é an sealúchas sin atá ann cheana, nó ina rialaíonn sé, go díreach nó go hindíreach, an faighteoir díreach beartaithe de chuid sealúchais cháilithigh i sprioc-eintiteas, cuirfidh sé na nithe seo a leanas isteach:

(a)

i gcás inar duine nádúrtha an faighteoir beartaithe, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), in Airteagail 2, 6 agus 8, agus in Airteagail 9, 10 nó 11, de réir mar is infheidhme;

(b)

i gcás inar duine dlítheanach an faighteoir beartaithe, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(2) go (5), de réir mar is infheidhme, in Airteagail 3, 6 agus 8, agus in Airteagail 9, 10 nó 11, de réir mar is infheidhme.

2.   I gcás nach gcomhlíonann an faighteoir beartaithe na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, cuirfidh an faighteoir beartaithe an fhaisnéis a leagtar amach i mír 3, pointí (a) agus (b) isteach, i gcás ina bhfuil sealúchas cáilitheach 10 % nó níos mó mar thoradh ar chéatadáin na sealúchas thar an slabhra corparáideach, ag tosú leis an sealúchas cáilitheach arna shealbhú go díreach sa sprioc-eintiteas, arna iolrú in aghaidh an tsealúchais ar an leibhéal díreach os a chionn sa slabhra corparáideach. Cuirfear an t-iolrú i bhfeidhm suas an slabhra corparáideach fad is gurb é toradh an iolrúcháin 10 % nó níos mó.

3.   I gcás ina rialaíonn an faighteoir beartaithe duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil sealúchas cáilitheach i gcomhréir le mír 2, cuirfidh an faighteoir beartaithe na nithe seo a leanas isteach:

(a)

i gcás inar duine nádúrtha an faighteoir beartaithe, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), Airteagal 2, pointí (a), (b) go (f) agus (h), Airteagal 6, pointí (a) go (f), agus in Airteagal 8;

(b)

i gcás inar duine dlítheanach an faighteoir beartaithe, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(2), (3), (4) nó (5), Airteagal 3(1), pointe (a), pointí (i) go (iv), Airteagal 3(1), pointe (b), pointe (iii), Airteagal 3(1), pointí (f) go (i), Airteagal 3(2) agus (3), Airteagal 6, pointí (a) go (f), agus in Airteagal 8.

Airteagal 5

Faisnéis maidir leis na daoine a stiúrfaidh gnó an sprioc-eintitis

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an bhfaighteoir beartaithe comhalta amháin nó níos mó de chomhlacht bainistíochta an sprioc-eintitis a cheapadh, beidh san fhógra an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/305 ón gCoimisiún (10) do gach comhalta den sórt sin atá beartaithe.

Airteagal 6

Faisnéis a bhaineann leis an éadáil bheartaithe

I ndáil leis an éadáil bheartaithe, soláthróidh an faighteoir beartaithe an fhaisnéis seo a leanas d’údarás inniúil an sprioc-eintitis:

(a)

sainaithint an sprioc-eintitis;

(b)

mionsonraí faoina bhfuil ar intinn ag an bhfaighteoir beartaithe i leith na héadála beartaithe, lena n-áirítear infheistíocht straitéiseach nó infheistíocht phunainne;

(c)

faisnéis faoi scaireanna an sprioc-eintitis atá faoi úinéireacht an fhaighteora bheartaithe, nó a bhfuil sé beartaithe iad a bheith faoina úinéireacht, roimh an éadáil bheartaithe agus ina diaidh, lena n-áirítear:

(i)

líon agus cineál na scaireanna, agus luach ainmniúil na scaireanna sin;

(ii)

an scair de chaipiteal foriomlán an sprioc-eintitis dá seasann na scaireanna roimh an éadáil bheartaithe agus ina diaidh;

(iii)

an scair de chearta vótála foriomlána an sprioc-eintitis dá seasann na scaireanna roimh an éadáil bheartaithe agus ina diaidh, murab ionann iad agus an scair de chaipiteal an sprioc-eintitis;

(iv)

margadhluach scaireanna an sprioc-eintitis, in euro agus san airgeadra áitiúil, roimh an éadáil bheartaithe agus ina diaidh;

(d)

aon ghníomhaíocht i gcomhar le páirtithe eile, lena n-áirítear ranníocaíocht na bpáirtithe eile sin le maoiniú na héadála beartaithe, na modhanna rannpháirtíochta sna socruithe airgeadais i ndáil leis an éadáil bheartaithe agus socruithe eagraíochtúla a bheidh ann amach anseo maidir leis an éadáil bheartaithe;

(e)

inneachar na gcomhaontuithe scairshealbhóirí beartaithe le scairshealbhóirí eile i ndáil leis an sprioc-eintiteas;

(f)

praghas na héadála beartaithe agus na critéir a úsáidtear agus an praghas sin á chinneadh agus, i gcás nach ionann é agus an margadhluach, míniú ar an difríocht sin;

(g)

i gcás ina bhfuil sí ar fáil, cóip den chonradh fála.

Airteagal 7

Faisnéis maidir leis an struchtúr grúpa nua atá beartaithe agus a thionchar ar mhaoirseacht

1.   Soláthróidh an faighteoir beartaithe is duine dlítheanach anailís d’údarás inniúil an sprioc-eintitis ar raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite ar an ngrúpa lena mbainfeadh an sprioc-eintiteas tar éis na héadála beartaithe. Áireofar san anailís sin faisnéis faoi na grúpeintitis a bheadh san áireamh i raon feidhme na gceanglas maoirseachta comhdhlúite tar éis na héadála beartaithe agus faoi na leibhéil laistigh den ghrúpa ag a mbeadh feidhm ag na ceanglais sin ar bhonn iomlán nó ar bhonn fo-chomhdhlúite.

2.   Soláthróidh an faighteoir beartaithe freisin d’údarás inniúil an sprioc-eintitis anailís ar thionchar na héadála beartaithe ar chumas an sprioc-eintitis leanúint d’fhaisnéis thráthúil chruinn a sholáthar dá údarás inniúil, lena n-áirítear de thoradh dlúthnaisc an fhaighteora bheartaithe leis an sprioc-eintiteas.

Airteagal 8

Faisnéis a bhaineann le maoiniú na héadála beartaithe

1.   Soláthróidh an faighteoir beartaithe d’údarás inniúil an sprioc-eintitis míniú mionsonraithe ar na foinsí sonracha cistiúcháin le haghaidh na héadála beartaithe, lena n-áirítear:

(a)

tuairisc mhionsonraithe ar an ngníomhaíocht lenar gineadh na cistí agus na sócmhainní le haghaidh na héadála, arna dtacú le doiciméid ábhartha, lena n-áirítear ráitis airgeadais, ráitis bhainc, ráitis chánach agus aon doiciméad nó faisnéis eile lena soláthraítear fianaise don údarás inniúil nach ndéantar iarracht aon sciúradh airgid ná maoiniú sceimhlitheoireachta a dhéanamh tríd an éadáil bheartaithe;

(b)

mionsonraí maidir le haon sócmhainní, lena n-áirítear aon chripteashócmhainn atá le díol chun cuidiú leis an éadáil bheartaithe a mhaoiniú, lena n-áirítear coinníollacha díolacháin, praghas, breithmheas agus mionsonraí maidir le saintréithe na sócmhainní sin, lena n-áirítear faisnéis maidir le cathain agus conas a fuarthas na sócmhainní sin agus cé uaidh a fuarthas iad;

(c)

mionsonraí maidir le rochtain ar fhoinsí caipitil agus ar mhargaí airgeadais lena n-áirítear mionsonraí na n-ionstraimí airgeadais atá le heisiúint;

(d)

i gcás ina bhfuarthas ar iasacht na cistí a úsáideadh chun an sealúchas a fháil, faisnéis maidir le húsáid cistí a fuarthas ar iasacht, lena n-áirítear ainm na n-iasachtóirí ábhartha agus mionsonraí na saoráidí a deonaíodh, lena n-áirítear aibíochtaí, téarmaí, gealltáin agus ráthaíochtaí, agus faisnéis maidir leis an bhfoinse ioncaim atá le húsáid chun na hiasachtaí sin a aisíoc;

(e)

mionsonraí maidir leis na modhanna ina n-íocfar as an éadáil bheartaithe agus an líonra a úsáidtear chun cistí seachas comharthaí ríomh-airgid a aistriú;

(f)

mionsonraí maidir le haon chripteashócmhainní agus DLT gaolmhar a úsáidtear chun an sealúchas a fháil, maidir le haon tiachóg, lena n-áirítear nádúr nó cineál na tiachóige, cibé acu is tiachóg choimeádta nó neamhchoimeádta í, i gcás inar stóráladh na cripteashócmhainní a úsáidtear nó a mhalartaítear in airgeadra oifigiúil chun an sealúchas a fháil, nó na modhanna rochtana ar na cripteashócmhainní sin, maidir leis na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a úsáidtear, agus maidir le seoltaí nó cuntais mórleabhair dháilte an tionscnóra agus an tairbhí;

(g)

faisnéis faoi aon socrú airgeadais le daoine eile ar scairshealbhóirí den sprioc-eintiteas iad nó a bheidh ina scairshealbhóirí den sprioc-eintiteas.

Chun críocha phointe (d), i gcás nach institiúid creidmheasa ná institiúid airgeadais atá údaraithe chun creidmheas a dheonú é an t-iasachtóir, soláthróidh an faighteoir beartaithe faisnéis chuimsitheach agus fianaise thacaíochta maidir le tionscnamh na gcistí a fuarthas ar iasacht, lena n-áirítear gníomhaíocht, foirm dhlíthiúil agus áit chónaithe an iasachtóra, agus aon chlásal conarthach lena dtugtar de chumhacht don iasachtóir treoracha a thabhairt don iasachtaí faoin sealúchas cáilitheach.

2.   Cuirfidh an faighteoir beartaithe is iontaobhas faisnéis faoi bhráid údarás inniúil an sprioc-eintitis maidir le modh maoinithe an iontaobhais agus na n-acmhainní lena n-áirithítear fóntacht airgeadais an iontaobhais chun tacú leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.

Airteagal 9

Faisnéis bhreise maidir le sealúchais cháilitheacha suas le 20 %

I gcás ina mbeadh suas le 20 % de shealúchas cáilitheach sa sprioc-eintiteas ag an bhfaighteoir beartaithe mar thoradh ar an éadáil bheartaithe, cuirfidh an faighteoir beartaithe doiciméad maidir leis an straitéis faoi bhráid údarás inniúil an sprioc-eintitis ina mbeidh, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

straitéis an fhaighteora bheartaithe maidir leis an éadáil bheartaithe, lena n-áirítear an tréimhse ar lena linn a bheartaíonn an faighteoir beartaithe a scairsheilbh a shealbhú i ndiaidh na héadála beartaithe agus aon rún atá ag an bhfaighteoir beartaithe leibhéal a scairsheilbhe a mhéadú, a laghdú nó a choinneáil ar bun sa todhchaí is intuartha;

(b)

léiriú ar a bhfuil ar intinn ag an bhfaighteoir beartaithe i leith an sprioc-eintitis, agus go háirithe cé acu atá nó nach bhfuil sé ar intinn ag an bhfaighteoir beartaithe gníomhú mar scairshealbhóir mionlaigh gníomhach, agus an réasúnaíocht atá leis an ngníomhaíocht sin;

(c)

faisnéis maidir le staid airgeadais an fhaighteora bheartaithe agus a thoilteanas tacú leis an sprioc-eintiteas le maoiniú breise más gá chun a ghníomhaíochtaí a fhorbairt nó i gcás deacrachtaí airgeadais.

Airteagal 10

Faisnéis bhreise maidir le sealúchais cháilitheacha is mó ná 20 % agus suas le 50 %

1.   I gcás ina mbeadh níos mó ná 20 % agus suas le 50 % de shealúchas cáilitheach sa sprioc-eintiteas ag an bhfaighteoir beartaithe mar thoradh ar an éadáil bheartaithe, cuirfidh an faighteoir beartaithe doiciméad maidir leis an straitéis faoi bhráid údarás inniúil an sprioc-eintitis ina mbeidh, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis uile a iarrtar de bhun Airteagal 9;

(b)

mionsonraí maidir leis an tionchar a bheartaíonn an faighteoir beartaithe a fheidhmiú ar staid airgeadais, lena n-áirítear beartas díbhinní, forbairt straitéiseach, agus leithdháileadh acmhainní an sprioc-eintitis;

(c)

tuairisc ar rúin agus straitéis an fhaighteora bheartaithe i leith an sprioc-eintitis, lena gcumhdaítear na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 11(2) le leibhéal mionsonraithe atá comhréireach leis an tionchar ar an sprioc-eintiteas a eascraíonn as an éadáil.

2.   Soláthróidh aon fhaighteoir beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 9 an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 d’údarás inniúil an sprioc-eintitis freisin i gcás ina mbeadh an tionchar a fheidhmíonn scairsheilbh an fhaighteora bheartaithe, bunaithe ar an measúnú ar scairsheilbh an sprioc-eintitis, coibhéiseach leis an tionchar a fheidhmíonn scairshealbha níos mó ná 20 % agus suas le 50 %.

Airteagal 11

Faisnéis bhreise maidir le sealúchais cháilitheacha is mó ná 50 %

1.   I gcás ina mbeadh níos mó ná 50 % de shealúchas cáilitheach sa sprioc-eintiteas ag an bhfaighteoir beartaithe mar thoradh ar an éadáil bheartaithe, nó i gcás ina dtiocfadh an sprioc-eintiteas chun bheith ina fhochuideachta aige, cuirfidh an faighteoir beartaithe plean gnó ionchasach 3 bliana faoi bhráid údarás inniúil an sprioc-eintitis. Is éard a bheidh sa phlean sin:

(a)

plean forbartha straitéisí;

(b)

ráitis airgeadais mheasta an sprioc-eintitis;

(c)

tionchar na héadála ar rialachas corparáideach agus ar struchtúr eagraíochtúil ginearálta an sprioc-eintitis.

2.   Léireofar sa phlean forbartha straitéisí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), i dtéarmaí ginearálta, príomhspriocanna na héadála beartaithe agus na príomhbhealaí chun na spriocanna sin a bhaint amach, lena n-áirítear:

(a)

aidhm fhoriomlán na héadála beartaithe;

(b)

spriocanna airgeadais a fhéadfar a lua i dtéarmaí an toraidh ar chothromas, cóimheas costais is tairbhe, tuilleamh in aghaidh na scaire, nó i dtéarmaí eile de réir mar is iomchuí;

(c)

atreorú féideartha gníomhaíochtaí, táirgí, custaiméirí spriocdhírithe agus ath-leithdháileadh féideartha cistí nó acmhainní a mheastar a mbeidh tionchar acu ar an sprioc-eintiteas;

(d)

próisis ghinearálta chun an sprioc-eintiteas a áireamh agus a chomhtháthú i struchtúr grúpa an fhaighteora bheartaithe, lena n-áirítear tuairisc ar na príomh-idirghníomhaíochtaí atá le saothrú le cuideachtaí eile sa ghrúpa, agus tuairisc ar na beartais lena rialaítear caidreamh inghrúpa.

Chun críocha phointe (d), i gcás faighteoirí beartaithe atá údaraithe agus maoirsithe san Aontas, is leor faisnéis faoi na ranna áirithe laistigh de struchtúr an ghrúpa a ndéanann an t-idirbheart difear dóibh.

3.   Áireofar an méid seo a leanas i ráitis airgeadais mheasta an sprioc-eintitis dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ar bhonn aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar bhonn comhdhlúite, ar feadh tréimhse 3 bliana:

(a)

clár comhardaithe réamhaisnéise agus ráiteas ioncaim;

(b)

réamhaisnéis a dhéanamh maidir le ceanglais stuamachta chaipitil agus cúlchiste sócmhainní;

(c)

faisnéis maidir le leibhéal tuartha na neamhchosanta ar riosca lena n-áirítear rioscaí margaidh agus oibríochtúla, lena n-áirítear cibear-rioscaí agus calaois, rioscaí creidmheasa agus comhshaoil, agus rioscaí ábhartha eile;

(d)

réamhaisnéis ar idirbhearta inghrúpa.

4.   Maidir le tionchar na héadála ar rialachas corparáideach agus ar struchtúr eagraíochtúil ginearálta an sprioc-eintitis dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), áireofar ann an tionchar ar na nithe seo a leanas:

(a)

comhdhéanamh agus dualgais chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, na bpríomhchoistí arna gcruthú ag an gcomhlacht cinnteoireachta sin, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na daoine a cheapfar mar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta;

(b)

nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta agus rialuithe inmheánacha, lena n-áirítear athruithe ar nósanna imeachta agus ar chórais a bhaineann le cuntasaíocht, iniúchóireacht inmheánach, comhlíonadh maoiniú frithsciúrtha airgid agus frithsceimhlitheoireachta, agus bainistíochta riosca, lena n-áirítear sealbhóirí príomhfheidhme iniúchóireachta inmheánaí, oifigigh chomhlíontachta agus bainisteoirí riosca a cheapadh;

(c)

an ailtireacht fhoriomlán TFC, lena n-áirítear aon athrú a bhaineann leis an mbeartas a bhaineann le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a sholáthraíonn feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus dá dtagraítear in Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), an tsreabhchairt sonraí, na bogearraí inmheánacha agus seachtracha a úsáidtear agus na nósanna imeachta agus na huirlisí riachtanacha i dtaca le slándáil sonraí agus córais lena n-áirítear cúltaca, pleananna leanúnachais gnó agus rianta iniúchta;

(d)

na beartais lena rialaítear soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a sholáthraíonn feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na réimsí lena mbaineann, maidir le roghnú na soláthraithe seirbhíse, agus maidir le cearta agus oibleagáidí na bpríomhpháirtithe faoi seach mar a leagtar amach i gconarthaí, lena n-áirítear socruithe iniúchóireachta agus socruithe chun an cúlchiste sócmhainní a chumhdach agus a infheistiú, agus cáilíocht na seirbhíse a bhfuiltear ag súil léi ón soláthraí;

(e)

aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le tionchar na héadála ar rialachas corparáideach agus ar struchtúr eagraíochtúil ginearálta an sprioc-eintitis, lena n-áirítear aon mhodhnú maidir le cearta vótála na scairshealbhóirí.

Airteagal 12

Ceanglais laghdaithe maidir le faisnéis

1.   I gcás ina mbeidh measúnú déanta ar an bhfaighteoir beartaithe maidir leis an éadáil nó leis an méadú ar shealúchais cháilitheacha ag an údarás inniúil céanna de chuid an sprioc-eintitis i gcomhréir le hAirteagal 41(1) nó le hAirteagal 83(1) de Rialachán (AE) 2023/1114, le hAirteagal 13 de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), le hAirteagal 23 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), le hAirteagal 59 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), laistigh den 2 bhliain roimhe sin ón tráth a cuireadh an fógra isteach, ní chuirfidh an faighteoir beartaithe sin faoi bhráid údarás inniúil an sprioceintitits ach an fhaisnéis a bhaineann go sonrach leis an éadáil bheartaithe sin nó an fhaisnéis ar tháinig athrú uirthi ón measúnú roimhe sin.

Cuirfidh an faighteoir beartaithe dearbhú sínithe isteach ina léireofar an fhaisnéis bheacht dá dtagraítear sa Rialachán seo nár cuireadh isteach, lena ndeimhneofar nár tháinig athrú ar an bhfaisnéis sin ó rinneadh an measúnú roimhe sin agus gur faisnéis fhíor chruinn chothrom le dáta í go fóill.

2.   Gan dochar do mhír 1, i gcás inar gnóthas é an faighteoir beartaithe atá údaraithe ag an údarás inniúil céanna leis an sprioc-eintiteas, agus atá faoi réir mhaoirseacht stuamachta leanúnach an údaráis inniúil sin, ní chuirfidh an faighteoir beartaithe sin isteach ach an fhaisnéis dá dtagraítear sa Rialachán seo a bhaineann go sonrach leis an éadáil bheartaithe agus ní cheanglófar air an fhaisnéis atá i seilbh an údaráis inniúil sin cheana féin a chur isteach.

Cuirfidh an faighteoir beartaithe dearbhú sínithe isteach ina léireofar an fhaisnéis bheacht dá dtagraítear sa Rialachán seo nár cuireadh isteach toisc go bhfuil sí i seilbh an údaráis inniúil sin cheana féin agus lena ndeimhneofar go bhfuil an fhaisnéis sin fíor, cruinn agus cothrom le dáta.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, áirítear na nithe uile seo a leanas san fhaisnéis a bhaineann go sonrach leis an éadáil bheartaithe dá dtagraítear sa Rialachán seo:

(a)

i gcás inar duine nádúrtha an faighteoir beartaithe:

(i)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(ii)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (d) go (f) agus Airteagal 2(2), pointí (a) go (d) i gcás ina gcumhdaítear an éadáil bheartaithe le mír 1, faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (d) i gcás ina gcumhdaítear an éadáil bheartaithe le mír 2 den Airteagal seo;

(iii)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5;

(iv)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6;

(v)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8;

(vi)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9, 10 nó 11, de réir mar is infheidhme;

(b)

i gcás inar duine dlítheanach, iontaobhas, CIM de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE, nó GCUI de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE, nó ciste infheistíochta Stáit é an faighteoir beartaithe:

(i)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (a) go (f);

(ii)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointí (a)(ii) go (a)(iv), agus pointí (b), (c) agus (d), agus in Airteagal 5 de réir mar is infheidhme, agus i gcás ina gcumhdaítear an éadáil bheartaithe le mír 1 den Airteagal seo, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointí (a) go (d) freisin;

(iii)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7;

(iv)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8;

(v)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 nó 11, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(3)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/61/oj).

(4)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/65/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(7)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1132/oj).

(8)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).

(9)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/43/oj).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/305 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Deireadh Fómhair 2024 a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le cur san áireamh in iarratas ar údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní (IO L, 2025/305, 31.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/305/oj).

(11)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj).

(12)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj).

(13)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).

(14)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/138/oj).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/648/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/414/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)