European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/409

25.2.2025

CINNEADH Uimh. 2/2025 ÓN gCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ÚCRÁIN MAIDIR LE hIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR

an 17 Eanáir 2025

a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do thacagraif chliste chun an Comhaontú a fhorfheidhmiú agus le seirbhísí deimhniúcháin tacagraf cliste a bheith á soláthar ag an gCoimisiún Eorpach don Úcráin [2025/409]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ghlac an Comhchoiste a Rialacha Nós Imeachta trí Chinneadh Uimh. 1/2023 uaidh (2).

(2)

De bhun Airteagal 7 den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (‘an Comhaontú’), tá an Comhchoiste arna bhunú le mír 1 den Airteagal sin le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmiú an Chomhaontaithe i bhfianaise na gcuspóirí a ghabhann leis, agus féadfaidh sé cinntí a dhéanamh chuige sin.

(3)

Ó bhí 2019 ann, tá feithiclí atá chláraithe san Aontas le bheith feistithe le tacagraf cliste a chomhlíonann Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ó bhí 2010 ann, tá feithiclí a bhíonn ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar agus atá cláraithe san Úcráin le bheith feistithe le tacagraif dhigiteacha i gcomhréir leis an gComhaontú Eorpach maidir le hobair foirne feithiclí a bhíonn ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar (4) (‘AETR’).

(4)

Tá phríomhfheidhmiúlachtaí breise ag an tacagraf cliste i gcomparáid leis an tacagraf digiteach, mar a leagtar amach in Airteagail 8, 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, rud a fhágann gur féidir an Comhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr. Agus suíomh na feithicle á thaifeadadh, is féidir Airteagal 4 den Chomhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, agus leis an gcumas cian-luathbhrathadóireachta is féidir Airteagal 5D(2), pointe (c)(ii), den Chomhaontú a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

(5)

Chun feidhmiú ceart an Chomhaontaithe a áirithiú i bhfianaise a gcuspóirí a ghabhann leis, ba cheart oibreoirí tarlaithe de bhóthar a bheith in ann gairis rialaithe níos éifeachtaí a úsáid ná na tacagraif dhigiteacha á soláthraíodh faoi AETR, toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh an forfheidhmiú a dhéanann na húdaráis inniúla chomh héifeachtach céanna murach sin.

(6)

Dá bhrí sin, chuirfeadh taifid tacagraif níos mionsonraithe arna soláthar ag an tacagraf cliste feabhas suntasach a chur ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, trí úsáid údaraithe taifid den sórt sin faoi Airteagal 5B(4) de.

(7)

Dá bhrí sin, chun feidhmiú ceart an Chomhaontaithe a áirithiú i bhfianaise na gcuspóirí a ghabhann leis, ba cheart a cheadú d’fheithiclí a oibríonn faoin gComhaontú tacagraif chliste a shuiteáil agus a úsáid, san Aontas agus san Úcráin, tacagraif chliste a chomhlíonann na ceanglais ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún (5). Ní chuireann sé sin cosc, áfach, ar fheithiclí a oibríonn faoin gComhaontú leanúint de thacagraif dhigiteacha a úsáid i gcomhréir le AETR.

(8)

Ba cheart don Choimisiún Eorpach a bheith freagrach as na deimhnithe agus na heochracha is gá a chur ar fáil don Úcráin chun a bonneagar tacagraf cliste a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart don Úcráin aitheantas a thabhairt do ról an Choimisiúin Eorpaigh i bhfeidhmiú an chórais tacagraf cliste,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tacagraf’ an trealamh a bheartaítear a shuiteáil i bhfeithiclí bóthair chun sonraí maidir le gluaiseacht na bhfeithiclí sin, lena n-áirítear luas, agus sonraí tréimhsí gníomhaíochta áirithe a gcuid tiománaithe a thaispeáint, a thaifeadadh, a phriontáil, a stóráil agus a aschur go huathoibríoch nó go leath-uathoibríoch;

(2)

ciallaíonn ‘tacagraf cliste’ tacagraf digiteach a comhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)

taifead uathoibríoch shuíomh na feithicle ag amanna áirithe le linn na tréimhse oibre laethúla, dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014;

(b)

cian-luathbhrathadóireacht ar ionramháil nó droch-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann, dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014;

(c)

feistithe le comhéadan le Córais Chliste Iompair, dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014; agus

(d)

comhlíontacht leis na sonraíochtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/799 agus na hoiriúnaithe seo a leanas ag gabháil leis:

(i)

tuigfear go gcumhdóidh ‘Ballstát’‘Ballstát an Aontais Eorpaigh agus an Úcráin’;

(ii)

chun críocha fho-alt 4.1, mír (229), d’Iarscríbhinn IC, is é ‘UA’ an sainchomhartha don Úcráin.

Airteagal 2

Úsáid tacagraf cliste

Féadfar úsáid a bhaint as feithiclí atá cláraithe san Aontas agus san Úcráin agus atá feistithe le tacagraif chliste chun na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chomhaontú a dhéanamh.

Airteagal 3

Cineálcheadú trealaimh tacagraif chliste agus fréamhdheimhniúchán

1.   Leanfaidh cineálcheadú trealaimh tacagraif chliste an nós imeachta a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, agus an t-oiriúnú seo a leanas ag gabháil leis:

Tuigfear go gcumhdóidh ‘Ballstát’‘Ballstát an Aontais Eorpaigh agus an Úcráin’.

2.   Aithníonn an Úcráin gur saotharlann aonair faoi údarás agus freagracht an Choimisiúin a eiseoidh an deimhniú idir-inoibritheachta a thabharfar i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014.

3.   Aithníonn an Úcráin go ngníomhaíonn an Coimisiún Eorpach Údarás Eorpach aonair um Fhréamhdheimhniúchán laistigh den chreat a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/799.

4.   Soláthróidh an Coimisiún Eorpach d’údaráis inniúla na hÚcráine an t-ábhar cripteagrafach le haghaidh cártaí tacagraif a eisiúint do thiománaithe, do cheardlanna agus d’údaráis rialaithe, i gcomhréir le beartas deimhnithe an Údaráis Eorpaigh um Fhréamhdheimhniúchán agus le beartas deimhnithe na hÚcráine.

Airteagal 4

Suiteáil, iniúchadh, úsáid trealaimh agus forfheidhmiú

Beidh feidhm ag forálacha Chaibidlí IV go VI agus Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus an t-oiriúnú seo a leanas ag gabháil leo:

Tuigfear go gcumhdóidh ‘Ballstát’‘Ballstát an Aontais Eorpaigh agus an Úcráin’.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Eanáir 2025.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Oleksii KULEBA

Kristian SCHMIDT


(1)   IO L 179, 6.7.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/1158/oj.

(2)  Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin an 16 Márta 2023 a mhéid a bhaineann lena Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh (IO AE L 123, 8.5.2023, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/928/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L AE 60, 28.2.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/165/oj).

(4)   IO CE L 95, 8.4.1978, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1977/2829/oj.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraf a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO AE L 139, 26.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/799/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/409/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)