European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/407

25.2.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/407 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2025/406 ón gComhairle an 24 Feabhra 2025 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (2) agus an 18 Eanáir 2012 ghlac sí Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 (3) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria. Tharla sé sin i ndiaidh ghlacadh na gconclúidí ón gComhairle inar cháin an Chomhairle an foréigean agus na sáruithe tromchúiseacha forleathana córasacha ar chearta an duine sa tSiria.

(2)

Tar éis thitim réimeas al-Assad sa tSiria, sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024 chuir an Chomhairle Eorpach i dtábhacht an deis stairiúil atá ann an tír a athaontú agus a atógáil agus leag sí béim ar a thábhachtaí atá próiseas polaitiúil cuimsitheach faoi stiúir na Siria lena gcomhlíontar ardmhianta dlisteanacha mhuintir na Siria, i gcomhréir le croíphrionsabail Rún 2254 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

(3)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2013/255/CBES, mheas an Chomhairle, chun aistriú cuimsitheach sa tSiria a spreagadh agus chun tacú le seachadadh na cabhrach daonnúla, le téarnamh eacnamaíoch, le hatógáil agus le cobhsú, chomh maith le filleadh náisiúnaigh na Siria ar an tSiria lena gcuid giuirléidí a éascú, gurb iomchuí roinnt beart earnála agus aonair a chur ar fionraí, díolúintí áirithe a thabhairt isteach, agus dáta éaga na díolúine daonnúla atá ann faoi láthair ó na bearta reoite sócmhainní a bhaint. Chuige sin, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/406 an 24 Feabhra 2025.

(4)

Coinneoidh an Chomhairle súil ghéar ar a bhfuil ag titim amach sa tSiria, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hábhair imní a cuireadh in iúl sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 Nollaig 2024, chun scrúdú a dhéanamh ar a iomchuí atá fionraí leanúnach na mbeart sriantach lena mbaineann agus a iomchuí atá na díolúintí a ghabhann leis na bearta sriantacha sin.

(5)

Sa chomhthéacs seo, tugann an Chomhairle dá haire gur cheart aghaidh a thabhairt ar theorannú limistéar muirí trí idirphlé agus trí chaibidlíocht de mheon macánta, agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta, agus i gcomhréir le prionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta. Aon sárú ar chearta ceannasacha na Stát comharsanach laistigh dá limistéir mhuirí i gcomhréir le dlí na farraige, tabharfar aird chuí air i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar na bearta sriantacha.

(6)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 36/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 1a

Cuirfear ar fionraí cur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas: Airteagail 6, 6a, 6b, 7, 7a, 8, 9, 9a, 10, 11, 12, 13, 13a, 21a, 21b agus 26a.’

;

(2)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 6 (*1)

(*1)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(3)

in Airteagal 6a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 6a (*2)

(*2)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(4)

in Airteagal 6b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 6b (*3)

(*3)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(5)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 7 (*4)

(*4)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(6)

in Airteagal 7a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 7a (*5)

(*5)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(7)

In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 8 (*6)

(*6)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(8)

In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 9 (*7)

(*7)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(9)

In Airteagal 9a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 9a (*8)

(*8)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(10)

In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 10 (*9)

(*9)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(11)

In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 11 (*10)

(*10)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(12)

in Airteagal 11b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear i mír 1 maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn X ar choinníoll gur le haghaidh úsáid phearsanta ag daoine nádúrtha atá ag taisteal ón Aontas Eorpach nó ag baill dá neasteaghlaigh atá ag taisteal leo atá an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin, agus go bhfuil an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí nó feithiclí atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol sa tSiria.’

;

(13)

In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 12 (*11)

(*11)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(14)

In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 13 (*12)

(*12)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(15)

In Airteagal 13a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 13a (*13)

(*13)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(16)

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2a.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar leis na heintitis a liostaítear in Iarscríbhinn IIb iad, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na n-eintiteas sin agus atá lonnaithe lasmuigh den tSiria ón 27 Feabhra 2012, fanfaidh siad reoite.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Toirmiscfear rannpháirtíocht fheasach agus d’aon ghnó, i ngníomhachtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh, go díreach nó go hindíreach, dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 2a.’

;

(17)

Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (b):

‘(b)

Is éard a bheidh in Iarscríbhinn IIa agus IIb liosta eintiteas a shainaithin an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Chinneadh 2011/782/CBES, mar eintitis a bhfuil baint acu leis na daoine nó leis na heintitis atá freagrach as cos ar bolg foréigneach ar an bpobal sibhialta sa tSiria, nó le daoine agus le heintitis a thairbhíonn den réimeas nó a thacaíonn leis, agus a mbeidh feidhm ag Airteagal 21 den Rialachán seo maidir leo.’

;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Cuimseofar in Iarscríbhinní II, IIa agus IIb na forais leis na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann a liostú.’

;

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Cuimseofar in Iarscríbhinní II, IIa agus IIb freisin, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha lena n-áirítear ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit chlárúcháin agus dáta clárúcháin, uimhir chlárúcháin agus áit ghnó.’

;

(18)

in Airteagal 16a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 14(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar cabhair dhaonnúil go tráthúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear le bunriachtanais an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an cúnamh sin agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena sainghníomhaireachtaí agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha na Náisiún Aontaithe um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

sainghníomhaireachtaí na mBallstát; nó

(g)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.’

;

(19)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

‘Airteagal 20

De mhaolú ar Airteagal 14 agus ar choinníoll go bhfuil íocaíocht ag duine, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II, IIa nó IIb dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn don duine, eintiteas nó comhlacht sin roimh an dáta a ainmníodh an duine, an t-eintiteas nó an comhlacht sin, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III, údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll nach bhfaighidh duine nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 14 an íocaíocht go díreach ná go hindíreach.’

;

(20)

in Airteagal 21a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 21a (*14)

(*14)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(21)

in Airteagal 21b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 21b (*15)

(*15)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(22)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25a:

‘Airteagal 25a

1.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 25 maidir leis na gníomhaíochtaí atá ann ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coimhdeacha, agus é de chuspóir acu cúnamh a thabhairt do mhuintir na Siria, a mhéid a bhaineann le cabhair dhaonnúil a sheachadadh go tráthúil nó tacú le gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear le bunriachtanais an duine, le bunseirbhísí a sholáthar, nó chun críoch sibhialta eile.

2.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 25 maidir leis na gníomhaíochtaí atá ann ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coimhdeacha, agus é de chuspóir acu cúnamh a thabhairt do mhuintir na Siria, a mhéid a bhaineann le hatógáil, le cobhsú, le gníomhaíocht eacnamaíoch a athbhunú, le forbairt institiúidí, nó chun críoch sibhialta eile;

3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 25 maidir leis na gníomhaíochtaí atá ann ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)

allmhairiú táirgí amhola nó táirgí petriliam ón tSiria chuig an Aontas, ceannach amhola nó táirgí peitriliamón tSiria nó iompar amhola nó táirgí peitriliam ón tSiria;

(b)

rannpháirtíocht i dtógáil nó i suiteáil gléasraí cumhachta nua le haghaidh táirgeadh leictreachais sa tSiria;

(c)

comhfhiontar a chruthú le haon duine, eintiteas nó comhlacht de chuid na Siria atá i mbun amhola a thaiscéaladh, a tháirgeadh nó a scagadh nó gléasraí cumhachta nua le haghaidh táirgeadh leictreachais a thógáil nó a shuiteáil sa tSiria, nó iasachtaí a dheonú d’aon duine, eintiteas nó comhlacht den sórt sin nó rannpháirtíocht a shíneadh ann;

(d)

scairdbhreosla nó breiseáin scairdbhreosla a dhíol, a aistriú, nó a onnmhairiú chuig aon duine sa tSiria nó lena n-úsáid sa tSiria;

(e)

rochtain a sholáthar ar aerfoirt san Aontas le haghaidh eitiltí lasta arna n-oibriú ag iompróirí na Siria, agus le haghaidh na n-eitiltí sin amháin;

(f)

nótaí bainc agus mona nua de chuid na Siria atá ainmnithe a onnmhairiú chuig Banc Ceannais na Siria;

agus an cúnamh teicniúil, na seirbhísí bróicéireachta, an maoiniú agus an cúnamh airgeadais uile a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin.’

;

(23)

In Airteagal 26a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Airteagal 26a (*16)

(*16)  Cuirtear cur i bhfeidhm na forála seo ar fionraí de bhun Airteagal 1a den Rialachán seo’ "

;

(24)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (a):

‘(a)

daoine, eintitis nó comhlachtaí ainmnithe a liostaítear in Iarscríbhinn II, IIa nó IIb;’

;

(25)

Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a chur faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 14, leasóidh sí Iarscríbhinn II, IIa nó IIb dá réir sin.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfar na liostaí in Iarscríbhinní II, IIa agus IIb a athbhreithniú go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L, 2025/406, 25.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/406/oj.

(2)  Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/255/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (OJ L 16, 19.1.2012, p. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/36/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/407/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)