|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/406 |
25.2.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/406 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Feabhra 2025
lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1). |
|
(2) |
Tar éis thitim réimeas al-Assad sa tSiria, sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024 chuir an Chomhairle Eorpach i dtábhacht an deis stairiúil atá ann an tír a athaontú agus a atógáil agus leag sí béim ar a thábhachtaí atá próiseas polaitiúil cuimsitheach faoi stiúir na Siria lena gcomhlíontar ardmhianta dlisteanacha mhuintir na Siria, i gcomhréir le croíphrionsabail Rún 2254 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. |
|
(3) |
I bhfianaise thitim réimeas al-Assad, a bhí freagrach as pobal sibhialta na Siria a chur faoi chois go foréigneach, agus tar éis don Chomhairle Eorpach a iarraidh ar an gCoimisiún agus an Ardionadaí roghanna a thíolacadh maidir le bearta chun tacú leis an tSiria, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh 2013/255/CBES. |
|
(4) |
Ar bhonn an athbhreithnithe sin, agus d’fhonn aistriú cuimsitheach sa tSiria a spreagadh agus d'’fhonn tacú le cabhair dhaonnúil a sheachadadh, le téarnamh eacnamaíoch, le hatógáil agus le cobhsú, agus d’fhonn filleadh náisiúnach ón tSiria ar an tSiria, mar aon lena gcuid giuirléidí, a éascú, measann an Chomhairle gur cheart roinnt bearta sriantacha a chur ar fionraí. |
|
(5) |
Chun éifeachtacht fhionraíocht na mbeart sriantach a áirithiú, measann an Chomhairle gur cheart sé eintiteas a bhaint de liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha. Ba cheart sócmhainní ceann de na heintitis sin a bheith reoite i gcónaí. |
|
(6) |
I ndáil leis an méid sin, measann an Chomhairle freisin gurb iomchuí díolúintí áirithe a thabhairt isteach ón toirmeasc ar chaidreamh baincéireachta a bhunú idir bainc na Siria agus institiúidí airgeadais laistigh de chríocha na mBallstát. |
|
(7) |
Thairis sin, ba cheart don Chomhairle díolúine a thabhairt isteach ón toirmeasc ar shó-earraí a dhíol leis an tSiria, a sholáthar di, a aistriú nó a onnmhairiú chuici. |
|
(8) |
Chun iarrachtaí atá dírithe ar chabhair dhaonnúil a sheachadadh, ar théarnamh eacnamaíoch, ar atógáil agus ar chobhsú a neartú, ba cheart don Chomhairle deireadh a chur leis an tagairt do dháta éaga na díolúine daonnúla, mar a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2024/1496 ón gComhairle (2), a bhaineann le díolúine ó bhearta reo sócmhainní is infheidhme maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú faoi Chinneadh 2013/255/CBES, agus ó na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, ar mhaithe le catagóirí áirithe gníomhaithe. |
|
(9) |
Coimeádfaidh an Chomhairle súil ghéar ar a bhfuil ag titim amach sa tSiria, go háirithe maidir leis na n-ábhar imní a cuireadh in iúl sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 Nollaig 2024, chun scrúdú a dhéanamh ar a iomchuí atá fionraí leanúnach na mbeart sriantach lena mbaineann agus a iomchuí atá na díolúintí a ghabhann leis na bearta sriantacha sin. |
|
(10) |
Sa chomhthéacs seo. tugann an Chomhairle dá haire gur cheart aghaidh a thabhairt ar theorannú limistéar muirí trí idirphlé agus trí chaibidlíocht de mheon macánta, agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta, agus i gcomhréir le prionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta. Aon sárú ar chearta ceannasacha na Stát comharsanach laistigh dá limistéir mhuirí i gcomhréir le dlí na farraige, tabharfar aird chuí air i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar na bearta sriantacha. |
|
(11) |
Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe sa Chinneadh seo a chur chun feidhme. |
|
(12) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: ‘Airteagal 13 1. Toirmiscfear só-earraí a dhíol leis an tSiria, a sholáthar di, a aistriú nó a onnmhairiú chuici ag náisiúnaigh na mBallstát nó ó chríocha na mBallstát nó úsáid a bhaint as a soithí brataí nó a n-aerárthaí, bíodh siad de thionscnamh a gcríoch nó ná bíodh. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh. 2. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1 maidir leis na gníomhaíochtaí a luaitear inti ar choinníoll go bhfuil na só-earraí sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú le haghaidh úsáid phearsanta daoine nádúrtha atá ag taisteal ón Aontas Eorpach nó baill dá neasteaghlaigh atá ag taisteal leo, agus atá teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí nó feithiclí atá faoi úinéireacht na ndaoine aonair sin agus nach bhfuil ceaptha le díol sa tSiria.’ |
|
(2) |
in Airteagal 22, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘3. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 maidir leis na gníomhaíochtaí a luaitear iontu ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coimhdeacha, agus é de chuspóir acucúnamh a thabhairt do mhuintir na Siria, agus chun na críche sin amháin, a mhéid a bhaineann le cúnamh daonnúil a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear le bunriachtanais an duine, le seirbhísí bunúsacha a sholáthar, nó chun críoch sibhialta eile 4. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 maidir leis na gníomhaíochtaí a luaitear iontu ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coimhdeacha, agus é de chuspóir acu cúnamh a thabhairt do mhuintir na Siria, a mhéid a bhaineann le hatógáil, le cobhsú, le gníomhaíocht eacnamaíoch a athbhunú, le forbairt institiúidí , nó chun críoch sibhialta eile. 5. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 maidir leis na gníomhaíochtaí a luaitear iontu ar choinníoll go ndéantar iad i ndáil le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 7a, 8, 11, 14, 17, 25.’ |
|
(3) |
in Airteagal 28, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘16. Na cistí, na sócmhainní airgeadais agus na hacmhainní eacnamaíocha eile go léir r leis na heintitis a liostaítear in Iarscríbhinn III iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, go díreach nó go hindíreach agus a reoitear ón 27 Feabhra. 2012, fanfaidh siad reoite.’ |
|
(4) |
in Airteagal 28a(1), scriostar na focail ‘go dtí an 1 Meitheamh 2025’; |
|
(5) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 28b Cuirfear na bearta a leagtar amach sna hAirteagail seo a leanas ar fionraí: Airteagail 5, 6, 7a, 8, 10, 11, 14, 16, 17 agus 25.’ |
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29: ‘Airteagal 29 Ní dheonófar aon éileamh, lena n-áirítear éileamh ar chúiteamh nó ar shlánaíocht ná aon éileamh eile den sórt sin, mar shampla éileamh ar fhritháireamh, fíneálacha nó éileamh faoi ráthaíocht, éilimh ar shíneadh a chur le banna nó ráthaíocht airgeadais nó iad a íoc, lena n-áirítear éilimh a eascraíonn as litreacha creidmheasa agus ionstraimí comhchosúla i dtaca le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, mar gheall ar bhearta a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, do na daoine nó na heintitis ainmnithe a liostaítear in Iarscríbhinní I, II agus III, nó d’aon duine nó eintiteas eile sa tSiria, lena n-áirítear Rialtas na Siria, a chomhlachtaí poiblí, a chorparáidí agus a ghníomhaireachtaí, nó d’aon duine nó eintiteas a dhéanann éileamh trí aon duine nó eintiteas den sórt sin nó ar mhaithe le haon duine nó eintiteas den sórt sin.’ |
|
(7) |
in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, na liostaí atá in Iarscríbhinní I, II agus III a bhunú agus a leasú.’ |
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31: ‘Airteagal 31 1. Cuimseofar in Iarscríbhinní I, II agus III na forais leis na daoine agus na heintitis lena mbaineann a liostú. 2. Áireofar in Iarscríbhinní I, II agus III freisin, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun daoine nó na heintitis lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha lena n-áirítear ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol. Maidir le heintitis, féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha, áit agus dáta clárúcháin, uimhir chlárúcháin agus áit ghnó.’ |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34: ‘Airteagal 34 1. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 1 Meitheamh 2025. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Féadfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí. 2. Gan dochar do thoradh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1, déanfar fadú na bhfionraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 28b, a mhéid a bhaineann le hAirteagail 5, 6, 7a, 8, 10, 11, 14, 16, 17, 25, a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón Ardionadaí le tacaíocht ón gCoimisiún. 3. Leagann an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé cosc a chur ar shárú ar chearta ceannasacha na mBallstát laistigh dá limistéir mhuirí i gcomhréir le dlí na farraige. Ar iarraidh ó Bhallstát, spreagfaidh aon sárú den sórt sin plé láithreach chun maolú na mbeart sriantach a aisiompú, i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar na bearta sriantacha.’ |
|
(10) |
Leasaítear na hIarscríbhinní mar a leagtar sin amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/255/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2024/1496 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L, 2024/1496, 28.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1496/oj).
IARSCRÍBHINN
(1)
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES, i Roinn ‘B. (Eintitis)’, scriostar na sé iontráil seo a leanas:|
30. |
Industrial Bank; |
|
31. |
Popular Credit Bank; |
|
32. |
Saving Bank; |
|
33. |
Agricultural Cooperative Bank; |
|
38. |
Central Bank of Syria; |
|
50. |
Syrian Arab Airlines. |
(2)
Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach mar Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:‘IARSCRÍBHINN III
Liosta na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 28(16)
|
|
Ainm |
Faisnéis Aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
1. |
Central Bank of Syria |
Sabah Bahrat Square, an Damaisc, an tSiria Seoladh poist: Altjreda al Maghrebeh Square, an Damaisc, an tSiria, P.O. Box: 2254 Tel: + 961011 - 9985 R-phost: info@cb.gov.sy Suíomh gréasáin: https://www.cb.gov.sy/ |
Tugann sé tacaíocht airgeadais do réimeas na Siria. |
27.2.2012’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/406/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)