|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/393 |
27.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/393 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Feabhra 2025
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Téaváine agus na Téalainne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 7 de,
Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 1 Iúil 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí roisíní eapocsacha (‘roisíní eapocsacha’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Phoblacht na Cóiré, na Téaváine agus na Téalainne (‘na tíortha lena mbaineann’ anseo feasta) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne an comhlachas ad hoc de tháirgeoirí roisíní eapocsacha (‘an gearánach’) an 6 Meitheamh 2024 (‘an gearán’). Rinneadh an gearán thar ceann thionscal roisíní eapocsacha an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2714 (3) ón gCoimisiún (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. |
1.3. Páirtithe leasmhara
|
(4) |
San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. De bhreis air sin, chuir an Coimisiún an gearánach, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus údaráis na Cóiré, na Síne, na Téaváine agus na Téalainne, allmhaireoirí, úsáideoirí, chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach, ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann. |
|
(5) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. |
1.4. Barúlacha maidir le tionscnamh
|
(6) |
D’áitigh coiste roisín eapocsaigh agus feidhmeanna chónaidhm thionscal peitriliam agus ceimiceán na Síne, ag gníomhú dó thar ceann tháirgeoirí eapocsacha na Síne (4), nár chomhlíon tionscal an Aontais an caighdeán maidir le fianaise leordhóthanach chun an t-imeacht reatha a thionscnamh agus mhainnigh an Coimisiún ábhar an ghearáin a fhíorú go cuí. De réir an choiste roisín eapocsaigh, ba cheart faisnéis faoi na tosca uile a liostaítear in Airteagal 3(3) agus (5) den bhun-Rialachán a bheith san áireamh sa ghearán. |
|
(7) |
Ar an gcéad dul síos, is léir ó chaighdeán dlíthiúil na fianaise is gá le haghaidh gearán faoi Airteagal 5 den bhun-Rialachán (‘leordhóthanach chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh’) nach ionann cainníocht agus cáilíocht na faisnéise sa ghearán agus an fhaisnéis ar a mbunaíonn an Coimisiún a thorthaí ag deireadh imscrúdaithe. Go deimhin, ní mór fianaise leordhóthanach ar dhumpáil, ar dhíobháil agus ar nasc cúisíoch atá ar fáil go réasúnach don ghearánach a bheith san áireamh sa ghearán. Sa bhreis air sin, ní cheanglaítear le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán go ndéanfar anailís ar na tosca díobhála uile a luaitear in Airteagal 3(5) ná go léireoidh siad meathlú chun fianaise leordhóthanach a shuí maidir le díobháil ábhartha. Go deimhin, sonraítear i bhfoclaíocht Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán nach mór go gcuimseofar sa ghearán fianaise faoi na hathruithe ar mhéid na n-allmhairí a bhfuil sé líomhainte gur dumpáladh iad, éifeacht na n-allmhairí sin ar phraghsanna an táirge chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus tionchar iarmhartach na n-allmhairí ar thionscal an Aontais, mar a léirítear le tosca agus innéacsanna ábhartha (ach ní gá go bhfuil siad go léir i gceist) a bhaineann le staid thionscal an Aontais, amhail na cinn a liostaítear in Airteagal 3(3) agus (5). Sa chás seo, is é an toradh a bhí ar anailís an Choimisiúin ar an bhfianaise a chuir na gearánaigh ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 2 den bhun-Rialachán, go raibh fianaise leordhóthanach sa ghearán maidir le dumpáil, díobháil agus cúisíocht. Dá bhrí sin, diúltaítear do mhaíomh an choiste roisín eapocsaigh. |
|
(8) |
Mhaígh an coiste roisín eapocsaigh nár éirigh leis an leagan neamhrúnda den ghearán ná dá fhoilseáin tuiscint réasúnta a fháil ar shubstaint na faisnéise folaithe agus agus go ndearna sé i bhfad níos casta é do pháirtithe leasmhara eile barúlacha fiúntacha a thabhairt. Go sonrach, d’áitigh an coiste roisín eapocsaigh gur cuireadh gach táscaire díobhála ar leibhéal uile-Aontais chomh maith le sonraí do na táirgeoirí gearánacha i láthair i bhfoirm raonta gan bunús a thabhairt leo, gur coinníodh siar go leor foinsí faisnéise agus gur chuir foilseáin áirithe ina raibh ríomhanna corrlaigh dumpála srian iomlán ar na sonraí substainteacha uile a chuirfeadh ar chumas an choiste aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí dumpála a ardaíodh. |
|
(9) |
Chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Téalainne Aditya Birla Chemicals (an Téalainn) Limited (‘Aditya Birla’) freisin in aghaidh na rúndachta iomarcaí a dheonaigh an Coimisiún do na gearánaigh, rud a d’áitigh siad a bhí contrártha d’Airteagal 19 den bhun-Rialachán. Bhain an maíomh le faisnéis fholaithe sa ghearán maidir le tuarascálacha margaidh éagsúla (ECH Market Report, 2022 CEH Epoxy Resins, Tecnon Orbichem), litreacha tacaíochta, fianaise thacaíochta le haghaidh na ríomhanna dumpála agus sladghearrtha/gearrdhíola (lena n-áirítear anailís sladghearrtha agus gearrdhíola in easnamh le haghaidh na Téalainne), agus an anailís ar thionchar COVID-19 ar thionscal an Aontais. |
|
(10) |
Ar an gcéad dul síos, chinn an Coimisiún gur cheadaigh an fhaisnéis a soláthraíodh sa ghearán, lena n-áirítear an fhaisnéis a folaíodh ar chúiseanna rúndachta, bunús na faisnéise a tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 19(2) den bhun-Rialachán a thuiscint go réasúnta. Mar gheall ar struchtúr thionscal an Aontais, ghlac an Coimisiún le raonta le haghaidh na dtáscairí micreacnamaíocha agus maicreacnamaíocha. Leis na raonta a tugadh le haghaidh na dtáscairí díobhála, soláthraíodh mionsonraí leordhóthanacha chun bunús na faisnéise a tíolacadh a thuiscint go réasúnta agus chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí na dtáscairí díobhála uile, go háirithe ós rud é gur tugadh innéacs le haghaidh gach táscaire. |
|
(11) |
Chomh maith leis sin, go sonrach maidir leis na srianta rúndachta ar tháscairí díobhála agus ar fhoinsí faisnéise ar chuir an coiste roisín eapocsaigh ina gcoinne, chuir an gearánach na sonraí sin sa chomhad oscailte tar éis dó tús a chur lena fhreagra ar an macraicheistneoir i bhfoirm neamhshrianta neamhinnéacsaithe mar aon le sonraíocht na bhfoinsí a úsáideadh. |
|
(12) |
Maidir leis na líomhaintí dumpála, chinn an Coimisiún gur chuir an fhaisnéis a leagtar amach i gcorp an ghearáin ar chumas an choiste roisín eapocsaigh barúlacha fóinteacha a thabhairt ar an ábhar. Leis na ríomhanna dumpála i leagan oscailte an ghearáin soláthraíodh míniú mionsonraithe ar na gnéithe éagsúla uile a úsáideadh chun teacht ar an ríomh dumpála, lena n-áirítear na foinsí uile a úsáideadh le haghaidh na ríomhanna sin. Bhí an gnáthluach bunaithe ar struchtúr costais thionscal an Aontais agus dá bhrí sin chinn an Coimisiún go raibh sé réasúnta gur tugadh raon cúng den ghnáthluach do gach ceann de na tíortha lena mbaineann i leagan oscailte an ghearáin. Níor thug Adina Birla aon réasúnaíocht maidir leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach sa leagan oscailte den ghearán i ndáil le ríomh an chorrlaigh dumpála gan a bheith mionsonraithe go leor chun tuiscint réasúnta a cheadú. |
|
(13) |
Maidir le maímh, raonta nó tásca Aditya Birla i ndáil le forbairt treochtaí ó thuarascálacha margaidh nó i ndáil le ríomhanna díobhála agus dumpála, soláthraíodh iad in achoimrí neamhrúnda ar leibhéal mionsonraithe a bhí leordhóthanach. Murab ionann agus maíomh Aditya Birla, tá an anailís sladghearrtha/ghearrdhíola praghais don Téalainn mar chuid de chorp an ghearáin, agus léirítear an fhaisnéis chéanna i bhFoilseán 5.4. Thairis sin, tá faisnéis áirithe (amhail athfhriotal ó thuairiscí glaonna teileafóin) faoi rún de réir a cineáil agus níl sí faoi réir achoimre neamhrúnda. Ina theannta sin, bhí na tuarascálacha éagsúla dá dtagraítear sa ghearán faoi réir cóipchirt ach bhí siad ar fáil go héasca do pháirtithe leasmhara eile. Ar deireadh, maidir leis na maímh eile ón bpáirtí, mar shampla maidir le hanailís trádála, litreacha tacaíochta agus tionchar COVID-19, níor tugadh aon bhunús leis an bhfáth nár cheadaigh an leagan oscailte tuiscint réasúnta agus dá bhrí sin nach bhféadfadh an Coimisiún measúnú cuí a dhéanamh air. |
|
(14) |
Mar fhocal scoir, mar a leagtar amach thuas, ceadaíodh leis an leagan neamhrúnda den ghearán agus lena fhoilseáin tuiscint réasúnta ar an mbunús a áirítear ann agus dá bhrí sin urramaíodh cearta nós imeachta na bpáirtithe. |
|
(15) |
D’áitigh an coiste roisín eapocsaigh freisin go léireodh sonraí PRODCOM maidir le táirgeadh tionsclaíoch arna soláthar ag Eurostat don ghrúpa táirgí ábhartha staid éagsúil thionscal an Aontais ón staid a chuirtear i láthair sa ghearán. |
|
(16) |
Cumhdaíonn na sonraí a sholáthraítear sa ghearán 70-80 % de tháirgeacht an Aontais agus is ón ngearánach féin a thagann siad. Ar an taobh eile, bailítear sonraí PRODCOM trí shuirbhé deonach ar tháirgeoirí de chuid an Aontais, agus ní féidir a gcruinneas a fhíorú go neamhspleách. Ar na cúiseanna thuas, ní dhearna an gearánach earráid trí neamhaird a dhéanamh ar bhunachar sonraí PRODCOM agus an gearán á ullmhú. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh ERC. |
|
(17) |
Mhaígh Aditya Birla go mbaineann na sonraí a soláthraíodh sa ghearán le tréimhse imscrúdúcháin ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go mí Mheán Fómhair 2023, cé go dtagraíonn an fógra tionscnaimh do thréimhse imscrúdúcháin eile. De réir Aditya Birla, ní féidir na barúlacha maidir le sonraí allmhairiúcháin, díobháil agus dumpáil a bhunú ach amháin ar an tréimhse a chumhdaítear sa ghearán nó ar shlí eile bheadh an cur chuige sin ina shárú ar chearta cosanta. Mhaígh Aditya Birla freisin, chun seasamh a shuí, nár lig an gearán don táirgeoir onnmhairiúcháin measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis ábhartha faoi tháirgeoirí agus faoi tháirgeacht an Aontais. |
|
(18) |
Ar an gcéad dul síos, níl an Coimisiún faoi cheangal ag an tréimhse imscrúdúcháin a leagtar amach sa ghearán agus a imscrúdú á dhéanamh aige agus, i bprionsabal, ba cheart dó an tréimhse imscrúdúcháin a shocrú níos gaire do dháta tionscnaimh na n-imeachtaí. Ar an dara dul síos, cuireadh torthaí an imeachta i gceist inar tháinig 4 chuideachta chun cinn, arbh é a bhí iontu thart ar 80 % de tháirgeacht an Aontais, ar an gcomhad oscailte agus dá bhrí sin tá siad ar fáil do na páirtithe leasmhara uile lena n-iniúchadh. Dá bhrí sin, diúltaítear do líomhaintí Aditya Birla mar líomhaintí gan bhunús. |
|
(19) |
De réir Aditya Birla, bhí na hallmhairí ón Téalainn i bhfad níos ísle i gcomparáid leis na hallmhairí ón dá thír eile lena mbaineann agus, dá bhrí sin, ba cheart an Téalainn a eisiamh ón imscrúdú. |
|
(20) |
Os cionn 1 % de sciar den mhargadh atá sna hallmhairí ón Téalainn, arb é an tairseach nach féidir imscrúdú a thionscnamh faoina bun mar a bhunaítear le hAirteagal 5(7) le haghaidh tionscnaimh. Dá bhrí sin, ní féidir glacadh le maíomh Aditya Birla. |
1.5. Sampláil
|
(21) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
Táirgeoirí an Aontais a shampláil
|
(22) |
San fhógra tionscnaimh uaidh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn an mhéid táirgeachta agus díolachán ionadaíoch is mó san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dhá tháirgeoir de chuid an Aontais a bhí sa sampla sin (Westlake agus Blue Cube/Olin). Ba iad na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a ghin thart ar 60 % de tháirgeacht iomlán an Aontais. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil agus measadh go raibh an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais. |
Allmhaireoirí a shampláil
|
(23) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fógra tionscnaimh a sholáthar. |
|
(24) |
Sholáthair dhá allmhaireoir neamhchomhlachaithe (Cortex agus Comexim) an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil. |
Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Téalainn
|
(25) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa Téalainn an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Ríocht na Téalainne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. |
|
(26) |
Ní raibh ach táirgeoir onnmhairiúcháin amháin sa Téalainn a raibh an Coimisiún ar an eolas faoi nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú. Níor tháinig aon táirgeoir onnmhairiúcháin eile chun cinn. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár ghá sampla a roghnú agus mhol sé imscrúdú a dhéanamh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin sin. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle leis an táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na tíre lena mbaineann maidir leis an gcinneadh seo. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin i bPoblacht na Cóiré
|
(27) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta i bPoblacht na Cóiré (‘an Chóiré’) an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Phoblacht na Cóiré chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. |
|
(28) |
Sholáthair ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin sa Chóiré an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Rinne an Coimisiún sampláil ar an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Cóiré ag a bhfuil an méid is mó onnmhairí chuig an Aontas. Bhí os cionn 90 % de mhéid iomlán na n-onnmhairí ón gCóiré chuig an Aontas acu le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Téaváin
|
(29) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa Téaváin an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Oifig Ionadaíoch Taipei chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu i bpáirt a ghlacadh san imscrúdú. |
|
(30) |
Ní raibh ach dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa Téaváin arbh eol don Choimisiún iad tráth thionscnamh an imscrúdaithe. Níor tháinig aon táirgeoir onnmhairiúcháin eile chun cinn. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár ghá sampla a roghnú agus mhol sé imscrúdú a dhéanamh ar an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sin. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na tíre lena mbaineann maidir leis an gcinneadh seo. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne a shampláil
|
(31) |
Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. |
|
(32) |
Sholáthair 10 dtáirgeoir onnmhairiúcháin nó grúpaí táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín an fhaisnéis a iarradh agus d’aontaigh siad a bheith curtha san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de dhá ghrúpa arbh é a bhí iontu thart ar 80 % d’allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú laistigh den tréimhse a bhí ar fáil. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na dtíortha lena mbaineann (agus údaráis na Cóiré freisin) maidir le roghnú an tsampla. |
|
(33) |
D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin Chang Chun Chemical (Panjin) Co., Ltd. (CCPJ) agus Chang Chun Chemical (Jiangsu) Co., Ltd. (CCJS) (‘Grúpa Chang Chun’ le chéile) gur 20 % d’allmhairí roisíní eapocsacha san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin atá sa mhéid onnmhairiúcháin comhiomlán acu, méid atá níos airde ná an grúpa sampláilte eile. Thairis sin, ós rud é gur sampláladh Grúpa Chang Chun sa Téaváin freisin, d’áitigh an grúpa go bhféadfadh an Coimisiún formhór onnmhairí an ghrúpa chuig an Aontas a ghabháil dá ndéanfadh sé sampla de Ghrúpa Chang Chun sa tSín freisin. Ar deireadh, d’áitigh Grúpa Chang Chun go bhfuil a gcóras cuntasaíochta difriúil le córas cuntasaíochta na gcuideachtaí sampláilte sa tSín, ós rud é gur grúpa faoi úinéireacht na Téaváine iad. |
|
(34) |
Dheimhnigh an Coimisiún, d’ainneoin an mhaímh, go raibh méid onnmhairiúcháin Chang Chun chuig an Aontas faoi bhun an mhéid a dhearbhaigh an dá ghrúpa shampláilte. Thairis sin, roghnaigh an Coimisiún sampla a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den tréimhse a bhí ar fáil agus, dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis tosca eile a chur san áireamh amhail modhanna cuntasaíochta nó méid foriomlán onnmhairiúcháin Ghrúpa Chang Chun ón tSín agus ón Téaváin chuig an Aontas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
1.6. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
|
(35) |
Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(36) |
Chuir an gearánach fianaise leordhóthanach ar fáil freisin sa ghearán maidir le saobhadh amhábhair sa tSín maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, mar a fógraíodh san fhógra tionscnaimh, chumhdaigh an t-imscrúdú an saobhadh amhábhar sin chun a chinneadh an gcuirfí forálacha Airteagal 7(2a) agus 7(2b) den bhun-Rialachán i bhfeidhm maidir leis an tSín. Ar an gcúis sin, sheol an Coimisiún ceistneoir breise maidir leis sin chuig Rialtas na Síne. |
|
(37) |
Cuireadh na ceistneoirí chuig na cuideachtaí sampláilte sa tSín, sa Chóiré, sa Téaváin agus sa Téalainn (5) ar fáil ar líne lá an tionscnaimh. |
|
(38) |
Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile ba ghá chun cinneadh sealadach a dhéanamh maidir le dumpáil, an díobháil dá deasca, agus leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:
|
1.7. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(39) |
Chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
|
(40) |
Mhaígh an coiste roisín eapocsaigh go bhfuil ráithe iomlán idir deireadh na tréimhse imscrúdúcháin agus an dáta tionscnaimh in easnamh ar an tréimhse imscrúdúcháin (‘TI’) a shocraigh an Coimisiún tráth an tionscnaimh. Ina theannta sin, de réir an choiste roisín eapocsaigh, má roghnaítear 2020 mar thagarmharc chun measúnú a dhéanamh ar mhéideanna allmhairí agus ar phraghsanna, léirítear íomhá shaofa ó bhí an bhliain sin ann mar gheall ar fhórsaí neamh-mhargaidh, rud is cúis le pointe íseal i dtéarmaí mhéideanna na n-allmhairí mar gheall ar fhadhbanna lóistíochta agus praghsanna thar a bheith luaineach. Mhol an coiste go nglacfadh an Coimisiún tréimhse faoi bhreathnú dar tús an 1 Eanáir 2019 chun na gnáthdhálaí gnó roimh phaindéim COVID-19 agus an tsuaiteacht gheopholaitiúil ina dhiaidh sin a léiriú. |
|
(41) |
D’iarr ceann de na hallmhaireoirí neamhghaolmhara, Cortex, go gcuirfí síneadh leis an tréimhse faoi bhreathnú freisin chun an bhliain 2019 a chur san áireamh, bliain ina raibh gnáthdhálaí sa mhargadh, dar leis an allmhaireoir. |
|
(42) |
I gcomhréir le hAirteagal 6(1) den bhun-Rialachán, ní mór tréimhse nach lú ná 6 mhí díreach roimh thionscnamh na n-imeachtaí a chumhdach le tréimhse imscrúdúcháin de ghnáth. Tá lánrogha leathan ag an gCoimisiún maidir leis an tréimhse imscrúdúcháin a roghnú, a mhéid a cheadaíonn roghnú den sórt sin toradh ionadaíoch, agus úsáid á baint as faisnéis atá chomh nua agus is féidir. Sa chás seo, roghnaigh an Coimisiún an tréimhse imscrúdúcháin a chríochnaigh 3 mhí roimh thionscnamh an imscrúdaithe, rud atá i gcomhréir le hAirteagal 6(1) chomh maith leis an gcleachtas seanbhunaithe, agus lenar féidir sonraí a bhailiú ón Aontas, ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin agus ó fhoinsí staitistice eile an tráth céanna. |
|
(43) |
Maidir leis an tréimhse faoi bhreathnú agus a síneadh go dtí an bhliain 2019, meabhraítear go bhfuil lánrogha chomh leathan céanna ag an gCoimisiún maidir le roghnú na tréimhse sin. Ba cheart an tréimhse faoi bhreathnú a bheith fada go leor chun go mbeidh an Coimisiún in ann meastóireacht chuí a dhéanamh ar na tosca agus na hinnéacsanna eacnamaíocha ábhartha uile a bhaineann le staid thionscal an Aontais. Sa chás seo, roghnaigh an Coimisiún, i gcomhréir lena chleachtas caighdeánach, tréimhse trí bliana iomlána chomh maith leis an tréimhse imscrúdúcháin chun scrúdú a dhéanamh ar na treochtaí agus na táscairí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Tugtar faoi deara freisin go bhfuil measúnú dinimiciúil ar na tosca eacnamaíocha le linn na tréimhse faoi bhreathnú i gceist le measúnú díobhála an Choimisiúin agus ní hamháin na dálaí ag tús agus ag deireadh na tréimhse faoi bhreathnú. Sa chomhthéacs sin, gan beann ar an gcéad bhliain den tréimhse faoi bhreathnú, léiríodh go soiléir san anailís ón gCoimisiún go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, le hathrú ar an tréimhse faoi bhreathnú ní chuirfí na torthaí díobhála a leagtar amach sa Rialachán seo ó bhail ná ní athrófaí iad ar bhealach eile. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh an choiste roisín eapocsaigh agus Cortex. |
2. AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi imscrúdú
|
(44) |
Is é atá sa táirge atá faoi réir a imscrúdaithe táirgí ina bhfuil, de réir meáchain, cion 35 % nó níos mó de roisíní eapocsacha, ar a dtugtar roisíní eapocsaíde nó poileapocsaídí freisin, ar polaiméirí nó réamhpholaiméirí iad ina bhfuil grúpaí eapocsacha imoibríocha, atá bunaithe ar eipeaclóraihidrin agus ar chomhpháirt alcólach alafatach nó aramatach (amhail BPA), i bhfoirmeacha soladacha, leathsholadacha nó leachtacha, de gach cineál gráid, íonachta, meáchain móilín nó struchtúir mhóilínigh, bíodh modhnóirí, oibreáin leasaithe, nó breiseáin iontu nó ná bíodh, fad nach mbeidh imoibriú ceimiceach déanta ag na hoibreáin leasaithe sa tslí go leasaítear an roisín eapocsach nó go dtiontaítear é ina tháirge difriúil nach bhfuil grúpaí eapocsacha ann a thuilleadh (‘an táirge faoi imscrúdú’). Ní áirítear na táirgí seo a leanas:
|
|
(45) |
Tá éagsúlacht de chomhdhéanaimh cheimiceacha dhifriúla ag roisíní eapocsacha. Is é an roisín eapocsach is coitianta éitear déghlicidile bisfeanól A, ar a dtugtar BADGE nó DGEBA freisin, a chruthaítear trí eipeaclóraihidrin a imoibriú le bisfeanól A. Is féidir roisíní eapocsacha a tháirgeadh freisin trí eipeaclóraihidrin a imoibriú le hamhábhair eile cosúil le gliocóil alafatacha, agus nóvalaic fheanóil nó chréasóil. Fiú nuair a tháirgtear roisín eapocsach ag baint úsáid as amhábhair eile a chur in ionad bisfeanól A san imoibriú le heipeaclóraihidrin, tá an próiseas táirgthe den chineál céanna. |
|
(46) |
Is roisíní teirmithéachtacha iad roisíní eapocsacha, rud a chiallaíonn nach bhforbraíonn siad airíonna úsáideacha go dtí go leasaítear iad, is é sin, d’imoibrigh siad le hoibreáin leasaithe. Ina bhfoirm leasaithe, tá na hairíonna seo a leanas ag roisíní eapocsacha: greamaitheacht mhaith, frithsheasmhacht den scoth in aghaidh creimthe agus ceimiceán, neart meicniúil ard, agus airíonna den scoth le haghaidh feidhmeanna inslithe. |
|
(47) |
Úsáidtear roisíní eapocsacha i raon leathan feidhmeanna mar bhratuithe (lena n-áirítear lanna fuinnimh gaoithe), péinteanna, greamacháin, ábhair chomhchodacha, ábhair inslithe, agus leictreonaic. |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(48) |
Is é an táirge lena mbaineann an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Phoblacht na Cóiré, na Téaváine agus na Téalainne, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 2910 90 00 , ex 3824 99 92 , ex 3824 99 93 , agus ex 3907 30 00 (cóid TARIC 2910 90 00 05, 3824 99 92 96, 3824 99 93 10, 3907 30 00 05, 3907 30 00 20, agus 3907 30 00 80). |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(49) |
Léirigh an t-imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna atá ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(50) |
Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
2.4. Maímh maidir le raon feidhme an táirge
|
(51) |
Mhaígh Valspar Corporation SAS (dá ngairtear ‘Sherwin Williams’ anseo feasta) gur cheart éitear déghlicidile teitrimeitile bunaithe ar bhisfeanól F (‘TMBPF-DGE’), a thagann faoi shainmhíniú an táirge lena mbaineann, a eisiamh ó raon feidhme táirge an imscrúdaithe. Go sonrach, d’áitigh Sherwin Williams go bhfuil TMBPF-DGE ceadaithe le húsáid i bhfeidhmeanna brataithe teagmhála bia agus is rogha eile thábhachtach é seachas bratuithe bunaithe ar bhisfeanól-A. Thairis sin, de réir Sherwin Williams, tá cearta paitinne dílseánaigh ag an gcuideachta chun TMBF-DGE a tháirgeadh san Aontas agus sa tSín, ní allmhairítear TMBPF-DGE isteach san Aontas agus níl aon fhianaise ann go ndearnadh díobháil do tháirgeadh TMBPF-DGE san Aontas de bharr allmhairí méadaithe roisíní eapocsacha isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann. |
|
(52) |
Ar dtús, deir Sherwin Williams féin go n-úsáidtear TMBPF-DGE i dtionscal na mbratuithe mar mhalairt ar tháirgí atá bunaithe ar bhisfeanól A. Dá bhrí sin tá an úsáid bhunúsach chéanna agus na saintréithe riachtanacha comhchosúla ag an gcineál eapocsach sin agus atá ag cineálacha eile iomaíocha eapocsacha agus tá sé inmhalartaithe leis na táirgí eapocsacha eile atá faoi imscrúdú. Ina theannta sin, ní féidir a mheas gur cúis le heisiamh ó raon feidhme táirge an imscrúdaithe é ceart dílseánaigh a bheith ann maidir le monarú cineáil eapocsaigh áirithe. Níor léirigh Sherwin Williams go mbeadh gach leagan de TMBF-DGE clúdaithe ag paitinn. Thairis sin, níl aon tionchar ag cearta maoine intleachtúla ar shaintréithe ná ar úsáidí táirge atá ábhartha i gcomhthéacs imscrúduithe cosanta trádála. Thairis sin, cé nach n-allmhairítear TMBPF-DGE isteach san Aontas, ní léiriú é sin ar iompraíocht táirgeoirí onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann amach anseo, gan beann ar aon cheart paitinne a d’fhéadfadh a bheith lasmuigh den Aontas, nó a d’fhéadfadh a bheith neamh-infheidhme i gcríocha lasmuigh den Aontas fiú. Níor léirigh Sherwin Williams ach oiread nach bhféadfaí TMBF-DGE a tháirgeadh in aon cheann de na tíortha lena mbaineann. |
|
(53) |
Thairis sin, chuir Allnex Resins (China) Ltd. (‘Allnex China’) iarraidh isteach go ndéanfaí roisíní speisialtachta Allnex, go háirithe BECKOPOX EP 2387w/53WA, a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe. Mhaígh Allnex China go bhfuil tuaslagóirí orgánacha nach bhfuil chomh guaiseach céanna sa roisín speisialtachta sin agus go dtugann sé tionchar an-íseal ar an gcomhshaol agus go n-úsáideann an chuideachta teicnící dílseánaigh chun an roisín a mhonarú. |
|
(54) |
Ar an gcéad dul síos, admhaíonn Allnex China féin go gcomhlíonann BECKOPOX EP 2387w/53WA sainmhíniú an táirge atá faoi imscrúdú. Ar an dara dul síos, ní critéar cáilitheach chun an táirge atá faoi imscrúdú a shainiú sa chás seo é go bhfuil substaintí nach bhfuil chomh guaiseach céanna sa roisín lena mbaineann agus go bhfuil sé níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Ar deireadh, mar a leagtar amach in aithris (51), ní féidir le húsáid teicnící dílseánaigh a bheith ina cúis le táirgí a eisiamh agus ní thugtar le tuiscint léi nach féidir le táirgeoirí eile roisíní eapocsacha a dhéanamh ag a bhfuil airíonna agus saintréithe feidhmíochta comhchosúla, rud a dhéanann díobháil do thionscal an Aontais. |
|
(55) |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, dhiúltaigh an Coimisiún go sealadach don iarraidh ar TMBPF-DGE agus BECKOPOX EP 2387w/53WA a eisiamh ó raon táirge an táirge atá faoi imscrúdú. |
3. DUMPÁIL
3.1. Daon-Phoblacht na Síne
3.1.1. Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
|
(56) |
Ó tharla gur leor an fhianaise a bhí ar fáil ag tús an imscrúdaithe a thug le fios gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán maidir leis an tSín, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí tús a chur leis an imscrúdú i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tír sin, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(57) |
Dá thoradh sin, chun na sonraí is gá a bhailiú chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm amach anseo, d’iarr an Coimisiún, san fhógra tionscnaimh, ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín faisnéis a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun roisíní eapocsacha a tháirgeadh. Chuir 3 ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin an fhaisnéis ábhartha isteach. |
|
(58) |
D’fhonn faisnéis a fháil a measadh a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ó Rialtas na Síne. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. Ní bhfuarthas aon bharúil ó pháirtithe leasmhara maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán maidir leis an tSín amach anseo. |
|
(59) |
San fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. |
|
(60) |
An 17 Meán Fómhair 2024, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (‘an chéad nóta’) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann. Ina theannta sin, ar bhonn na gcritéar a threoraíonn rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tír ionadaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann, is é sin an Téalainn. Fuair an Coimisiún barúlacha ó tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin de chuid na Síne Grúpa Jiangsu Sanmu Co. Ltd agus ón ngearánach. Tugadh aghaidh ar na barúlacha sin sa Dara Nóta. |
|
(61) |
An 15 Samhain 2024, agus tar éis dó anailís a dhéanamh ar na barúlacha a fuarthas, d’eisigh an Coimisiún an dara nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (‘an Dara Nóta’). Bhunaigh an Coimisiún liosta sealadach de thosca táirgeachta freisin agus chuir sé in iúl do na páirtithe leasmhara go raibh sé ar intinn aige an Téalainn a úsáid mar thír ionadaíoch faoi Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. Chuir sé in iúl freisin do pháirtithe leasmhara go suífeadh sé costais díola, riaracháin agus ghinearálta (‘SGA’) agus an brabús ar bhonn sonraí airgeadais atá ar fáil go héasca agus a fuarthas ón gcuideachta Aditya Birla Chemicals (an Téalainn), táirgeoir sa tír ionadaíoch. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ina leith sin. Fuarthas barúlacha ón táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte Grúpa Jiangsu Sanmu Co. Ltd agus ón ngearánach. |
|
(62) |
Tar éis dó anailís a dhéanamh ar na barúlacha agus ar an bhfaisnéis a fuarthas faoin Dara Nóta, tháinig an Coimisiún ar chonclúid shealadach gur rogha iomchuí í Meicsiceo mar thír ionadaíoch óna bhféadfaí praghsanna agus costais neamhshaofa a fháil chun an gnáthluach a chinneadh. Tuairiscítear na bunchúiseanna ar bhonn níos mionsonraithe atá leis an rogha sin in aithris (104), thíos. Tugtar aghaidh ar na barúlacha a fuarthas i Roinn 3.1.2.4.4. |
3.1.2. An Gnáthluach
|
(63) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’ . |
|
(64) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus [á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’). |
|
(65) |
Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú seo gur ar bhonn na fianaise atá ar fáil, b’iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
3.1.2.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(66) |
In imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil ceimiceán (6) sa tSín (7), shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(67) |
Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (8). Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach amháin gurbh ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil ceimiceán sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (9), ach go bhfuil sé de chumas ar Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (10). Shuigh an Coimisiún thairis sin go mbíonn éifeacht saofa bhreise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de thoradh an chórais pleanála sa tSín, bíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (11). Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (12). Ar an gcaoi chéanna, rinne an Coimisiún amach gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil ceimiceán de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (13), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le gníomhaithe corparáideacha caipiteal a rochtain sa tSín (14). |
|
(68) |
Faoi mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil ceimiceán sa tSín, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú seo lena fháil amach an iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún é sin ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá sa ghearán, agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin freisin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (15) (‘Tuarascáil’), rud a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. San anailís sin, rinneadh scrúdú ar na hidirghabhálacha substaintiúla rialtais i ngeilleagar na Síne go ginearálta agus ina theannta sin, féachadh ar an suíomh margaidh sonrach san earnáil ábhartha, lena n-áirítear earnáil an táirge faoi imscrúdú. Chuir an Coimisiún leis na heilimintí fianaiseacha sin lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach sa tSín, mar a fuarthas amach freisin in imscrúduithe a rinne sé roimhe seo i ndáil leis sin. |
|
(69) |
Líomhain an gearán go bhfuil saobhadh suntasach ann in earnáil roisín eapocsaigh na Síne. Rinne sé tagairt don Tuarascáil agus go háirithe do chóras eacnamaíoch na Síne a bheith ina ‘gheilleagar margaidh sóisialach’ agus do ról gníomhach Pháirtí Cumannach na Síne san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon sa tSín. |
|
(70) |
Go sonrach, chuir an gearán an méid seo a leanas in iúl:
|
|
(71) |
Mar chonclúid, ba é an seasamh a tógadh sa ghearán nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais, lena n-áirítear costais amhábhar, fuinnimh agus saothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ar an mbonn sin, de réir an ghearáin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás seo. |
|
(72) |
Scrúdaigh an Coimisiún an raibh nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla rialtais i ngeilleagar na Síne i gcoitinne, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge lena mbaineann. |
|
(73) |
A mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, freastalaíonn cuideachtaí príobháideacha, amhail Hongchang Electronics (ar a dtugtar Grace Epoxy freisin) (20) nó Huibo New Materials (ar a dtugtar Wells Advanced Materials freisin) (21)agus cuideachtaí faoi úinéireacht stáit araon, amhail Grúpa Fujian Sanmu (22), Grúpa Sinochem (23) agus Grúpa Sinopec (24) ar earnáil an táirge lena mbaineann. Níorbh fhéidir an cóimheas cruinn idir táirgeoirí príobháideacha agus táirgeoirí faoi úinéireacht stáit sa mhargadh roisín eapocsaigh a chinneadh. Chinn an Coimisiún, áfach, go bhfuil roinnt táirgeoirí faoi rialú díreach an Stáit. I measc na samplaí tá an táirgeoir (25) roisín eapocsaigh is mó sa tSín, Grúpa Fujian Sanmu, atá á rialú ag Fuzhou Development Zone State-owned Assets Operation Co., Ltd (26)., agus Grúpa Sinochem agus Grúpa Sinopec, an dá fhiontar lárnacha atá á rialú ag Coimisiún na Comhairle Stáit um Maoirseacht agus Riarachán Sócmhainní. (27) |
|
(74) |
Mar sin féin, is gnách do Pháirtí Cumannach na Síne anois idirghabhálacha a dhéanamh sa chinnteoireacht oibríochtúil, ní hamháin i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit, ach i gcuideachtaí príobháideacha freisin (28), agus éilíonn an Páirtí Cumannach ceannaireacht ar beagnach gach gné de gheilleagar na tíre. Go deimhin, is é an toradh a bhíonn ar thionchar an stáit trí struchtúir Pháirtí Cumannach na Síne laistigh de chuideachtaí oibreoirí eacnamaíocha a bheith, a bheag nó a mhór, faoi smacht agus faoi mhaoirseacht bheartais an rialtais, i bhfianaise a mhéid ar fhás struchtúir an stáit agus an Pháirtí le chéile sa tSín. |
|
(75) |
Fuarthas amach san imscrúdú gur bhunaigh Cónaidhm Thionscal Peitriliam agus Ceimiceán na Síne, comhlachas náisiúnta an tionscail a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí roisín eapocsaigh, Coimisiún Speisialta um Roisín Eapocsach agus Feidhmeanna. (29) Cloíonn Cónaidhm Thionscal Peitriliam agus Ceimiceán na Síne le ceannaireacht fhoriomlán Pháirtí Cumannach na Síne, déanann sé gníomhaíochtaí an Pháirtí, agus cuireann sé na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíochtaí páirtí (30). Thairis sin, is é ‘an Aireacht Gnóthaí Sibhialta údarás clárúcháin agus bainistíochta an Chomhlachais’ (31) agus áirítear ar na coinníollacha a bhaineann le bheith incháilithe mar ionadaí ar Chónaidhm Thionscal Peitriliam agus Ceimiceán na Síne ‘cloí le ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne, tacú leis an sóisialachas a bhfuil saintréithe Síneacha aige, seasamh, prionsabail agus beartais an Pháirtí a chur chun feidhme go diongbháilte, agus dea-cháilíochtaí polaitiúla a bheith aige’ (32). |
|
(76) |
Tá idir fhiontair phríobháideacha agus fhiontair phoiblí san earnáil ceimiceán faoi réir maoirseacht agus treorú beartais. Deimhnítear sna doiciméid bheartais is déanaí de chuid na Síne maidir leis an earnáil ceimiceán agus peitriceimiceán an tábhacht leanúnach a leagann Rialtas na Síne ar an earnáil, lena n-áirítear an rún chun idirghabháil a dhéanamh san earnáil chun í a mhúnlú i gcomhréir le beartais an rialtais. Léirítear é sin leis an 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta agus le Peirspictíochtaí 2035, ar dá réir a bhfuil sé beartaithe ag Rialtas na Síne ‘tionscail thraidisiúnta a athchóiriú agus a uasghrádú, barrfheabhsú leagan amach agus coigeartú struchtúrach tionscal amhábhar amhail peitriceimiceáin a chur chun cinn’. |
|
(77) |
Ina theannta sin, sonraítear freisin sa Tuairim Treorach maidir le Forbairt Ardcháilíochta Thionscail na bPeitriceimiceán agus na gCeimiceán a Chur Chun Cinn le linn an 14ú Plean Cúig Bliana (‘an Tuairim Treorach’) go ndéanfaidh Rialtas na Síne ‘coigeartú struchtúr tionsclaíoch a chur chun cinn: bearta sonracha a neartú agus scála an tionscail a rialáil go heolaíoch’ agus ‘(…) cumas soláthair polaiméirí ardleibhéil, ceimiceán speisialta agus táirgí eile a fheabhsú’. |
|
(78) |
Is féidir samplaí comhchosúla de rún údaráis na Síne maoirseacht agus treoir a thabhairt d’fhorbairtí earnáil na roisíní eapocsacha a fháil ar an leibhéal cúigeach, amhail in 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Forbairt Ardcháilíochta Thionscal na nÁbhar Nua de chuid Jiangxi, rud a léiríonn ‘go bhforbróimid roisíní ardfheidhmíochta ag réimsí atá ag teacht chun cinn amhail caomhnú fuinnimh agus cosaint an chomhshaoil, faisnéis leictreonach, feithiclí nua fuinnimh, 5G, agus bithleigheas’. |
|
(79) |
Thairis sin, tá sé beartaithe ag 14ú Plean Cúig Bliana Zhejiang maidir le Tionscal na nÁbhar Nua a Fhorbairt, lena gcumhdaítear earnáil na roisíní ardfheidhmíochta, ‘díriú ar roisíní agus leaistiméirí ardfheidhmíochta a fhorbairt amhail poileitiléin, polapróipiléin, poileistear, roisín eapocsach’ agus liostaítear roisín eapocsach i measc na bpríomhábhar nua atá le forbairt. |
|
(80) |
Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, shuigh an Coimisiún go sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 12 d’Airteagail Chomhlachais Huibo New Materials: ‘Bunóidh an chuideachta eagraíocht Pháirtí Chumannaigh agus déanfaidh sí gníomhaíochtaí Páirtí i gcomhréir le forálacha Bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne.Cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an Pháirtí’ (33). |
|
(81) |
Thairis sin, tá an cathaoirleach chomh maith le roinnt comhaltaí de bhord stiúrthóirí Ghrúpa Fujian Sanmu ina gcomhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne freisin. (34) |
|
(82) |
Feidhmíonn cathaoirleach bhord stiúrthóirí Ghrúpa Sinochem mar rúnaí choiste an Pháirtí agus feidhmíonn roinnt comhaltaí den bhord stiúrthóirí mar leasrúnaithe choiste an Pháirtí. (35) Chomh maith leis sin, cuireann Grúpa Sinochem é féin i láthair mar chuideachta ‘a chloíonn le treoir Xi Jinping ina Smaointe ar Shóisialachas le Saintréithe Síneacha do Ré Nua, a neartaíonn go héifeachtach ceannaireacht fhoriomlán an Pháirtí ar an bhfiontar, a dhoimhníonn tógáil an Pháirtí, [agus] a thugann ról iomlán d’eagraíochtaí an Pháirtí ar gach leibhéal’ (36). |
|
(83) |
Ar an gcaoi chéanna, is é rúnaí choiste an Pháirtí cathaoirleach bhord stiúrthóirí Ghrúpa Sinopec agus feidhmíonn roinnt comhaltaí den bhord mar leasrúnaithe choiste an Pháirtí. (37) Dúirt Grúpa Sinopec go bhfuil sé ar intinn aige ‘díriú ar mhisean nua na cuideachta agus ar thascanna nua ar an turas nua, spiorad féin-réabhlóideach an pháirtí a chur ar aghaidh, ceannaireacht an pháirtí agus tógáil an pháirtí a neartú ar bhealach comhtháite agus iomlán, agus rialachas páirtí cuimsitheach agus dian a chur chun cinn go córasach, chun ráthaíocht láidir a sholáthar d’fhonn caibidil nua de thionscal peitriceimiceach nua-aimseartha na Síne a scríobh’ (38). |
|
(84) |
Bhí sé dodhéanta a shuí go córasach gurb ann do naisc phearsanta idir táirgeoirí uile an táirge faoi imscrúdú agus Páirtí Cumannach na Síne. Ós rud é, áfach, gur fo-earnáil d’earnáil na gceimiceán é an táirge faoi imscrúdú, mheas an Coimisiún go bhfuil an fhaisnéis a suíodh sna himscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir le hearnáil na gceimiceán, mar a léirítear in aithris (67), ábhartha freisin don táirge faoi imscrúdú. |
|
(85) |
Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm san earnáil roisín eapocsaigh lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena ndéantar tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. Shainaithin an Coimisiún roinnt doiciméad lena léirítear go dtairbhíonn tionscal na roisíní eapocsacha de threoir agus d’idirghabháil rialtais in earnáil na gceimiceán, ós rud é gur fo-earnáil d’earnáil na gceimiceán é roisín eapocsach. |
|
(86) |
Measann Rialtas na Síne gur príomhthionscal é an tionscal ceimiceán (39). Deimhnítear é sin san iliomad pleananna, treoracha agus doiciméid eile atá dírithe ar cheimiceáin, a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach. Faoin 14ú Plean Cúig Bliana, chuir Rialtas na Síne an tionscal ceimiceán in áirithe lena bharrfheabhsú agus lena uasghrádú. (40) Ar an gcaoi chéanna, sonraítear sa 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt go ndéanfaidh Rialtas na Síne ‘An struchtúr eagrúcháin a bharrfheabhsú: Fiontair cheannasacha a dhéanamh níos mó agus níos láidre. (…) Tacaíocht a thabhairt d’fhiontair dlús a chur le cumaisc agus atheagrú trasréigiúnach agus trasúinéireachta, comhchruinniú tionsclaíoch a mhéadú, agus oibríochtaí idirnáisiúnta a dhéanamh. Sa tionscal peitriceimiceach, sa tionscal ceimiceán, sa tionscal cruach, sa tionscal miotal neamhfheiriúil, sa tionscal ábhar tógála agus i dtionscail eile, saothraítear grúpa príomhfhiontar sa slabhra tionsclaíoch a bhfuil ceannas éiceolaíoch agus croí-iomaíochas acu’ (41) . |
|
(87) |
Thairis sin, roghnaigh rialtas Hunan tionscadal fhochuideachta Hunan de chuid Ghrúpa Sinopec dar teideal ‘Príomhtheicneolaíocht le haghaidh roisín eapocsach speisialta ardfheidhmíochta’ i measc na 10 dtionscadal taighde teicneolaíochta is mó a raibh tacaíocht le tabhairt dóibh. (42) |
|
(88) |
Ina theannta sin, in 2024, fuair Hongchang Electronics fóirdheontais speisialta rialtais de CNY 21 mhilliún a chuaigh chun tairbhe dá fhochuideachta faoi lánúinéireacht Zhuhai Hongchang Electronics Materials Co., Ltd le haghaidh tionscadal táirgthe roisín eapocsaigh. (43) Ina dTuarascáil Bhliantúil 2023, dhearbhaigh Hongchang Electronics Materials Co., Ltd go bhfuair sé CNY 9,2 milliún d’fhóirdheontais rialtais in 2022 agus CNY 11,5 milliún in 2023 (44). |
|
(89) |
Ar an gcaoi chéanna, fuair Huibo New Materials CNY 1,4 milliún d’fhóirdheontais rialtais in 2022 agus CNY 2,8 milliún in 2023. (45) |
|
(90) |
Bhain Grúpa Fujian Sanmu tairbhe freisin as fóirdheontais rialtais dar luach CNY 10,8 milliún in 2021, CNY 13,9 milliún in 2022 agus CNY 3,2 milliún in 2023. (46) |
|
(91) |
Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, táirgeadh an táirge faoi imscrúdú san áireamh. Cuireann bearta den sórt sin bac ar fhórsaí an mhargaidh a oibriú gan bhac. |
|
(92) |
Níor léirigh an t-imscrúdú seo aon fhianaise lena léiriú nach mbeadh tionchar ar cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú easnamhach na ndlíthe féimheachta agus maoine san earnáil ceimiceán, de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, ar mhonaróirí an táirge faoi imscrúdú (47). |
|
(93) |
Ina theannta sin, tá an táirge faoi imscrúdú faoi thionchar an tsaofa ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (67). Téann an saobhadh sin i gcion ar an earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi imscrúdú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach (nuair atá rochtain ar ionchuir i gceist ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín) (48). |
|
(94) |
Ina theannta sin, níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú seo lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear don earnáil roisín eapocsaigh de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán (49). Léirítear an cineál sin idirghabhála rialtais go han-mhaith leis an Tuairim Treorach thuasluaite lena n-éilítear ‘feabhas a chur ar bheartais tacaíochta, an comhordú idir beartais fhioscacha, airgeadais, réigiúnacha, infheistíochta, allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin (…) leis na beartais tionscail a neartú [chun] lán-imirt a thabhairt don ardán náisiúnta um chomhar idir an tionscal agus an t-airgeadas agus [chun] an nasc idir fiontair agus bainc a chothú’ (50). Dá bhrí sin, de thoradh ar an idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas sa chóras airgeadais, cuirtear isteach go mór ar dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal. |
|
(95) |
Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair atá faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais pleanála atá i bhfeidhm ar gach leibhéal rialtais agus earnála. |
|
(96) |
Dá thoradh sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre an táirge faoi imscrúdú a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, saothar, etc.) toisc go ndéanann an idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas difear dá bpraghasmhúnlú, mar a shonraítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, faightear na hidirghabhálacha ón rialtas a dtugtar tuairisc orthu i ndáil le leithdháileadh caipitil, talún, saothair, fuinnimh agus amhábhar ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgeachta le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá maidir le hionchur an ionchuir agus mar sin de. |
|
(97) |
Mar achoimre, léiríodh leis an bhfianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an tsaormhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi imscrúdú, lena n-áirítear costais amhábhar, talún, fuinnimh agus saothair, toisc go ndéantar difear dóibh trí idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó féideartha a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear ann. |
3.1.2.2. Argóintí arna ndéanamh ag páirtithe leasmhara
|
(98) |
Níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an gearánach, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist. |
|
(99) |
Thug Grúpa Jiangsu Sanmu ar aird nach bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán infheidhme sa chás seo toisc nach bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil saobhadh suntasach i dtionscal roisín eapocsach na Síne. D’áitigh sé gur cuideachta faoi úinéireacht phríobháideach é Grúpa Jiangsu Sanmu agus go bhfuil a ghníomhaíochtaí gnó á stiúradh ag fórsaí an mhargaidh gan aon chur isteach míchuí ón rialtas. Dá bhrí sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún glacadh lena phraghsanna agus lena chostais intíre mar a thuairiscigh an chuideachta iad. |
|
(100) |
Ar an gcéad dul síos, d’easaontaigh an Coimisiún nach bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil tionchar ag saobhadh suntasach ar thionscal roisín eapocsach na Síne. Cé nach n-áirítear sa Tuarascáil caibidil ar leith maidir le roisín eapocsach, níl aon nasc idir saobhadh suntasach a bheith ann, rud is cúis le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus caibidil earnála ar leith a bheith ann lena gcumhdaítear an táirge atá faoi imscrúdú. Sa Tuarascáil déantar tuairisc ar chineálacha éagsúla saofa atá ann sa tSín, saofaí atá trasghearrthach agus infheidhme ar fud gheilleagar na Síne (51) agus a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais táirgthe an táirge faoi imscrúdú, lena n-áirítear comhábhar, fuinneamh, talamh, agus saothar (52). Ina theannta sin, áirítear sa Tuarascáil caibidil ar earnáil thionscal na gceimiceán, atá ábhartha do mheasúnú an Choimisiúin ar earnáil na roisíní eapocsacha, ar fo-earnáil í d’earnáil thionscal na gceimiceán. |
|
(101) |
Thairis sin, ní hí an Tuarascáil an t-aon fhoinse fianaise a úsáideann an Coimisiún chun cinneadh a dhéanamh ó tharla gurb ann do ghnéithe imscrúdaithe breise a úsáidtear chun na críche sin (lena n-áirítear an gearán (53)). Mar a mhínítear i roinn 3.1.2.1 thuas, tá an tionscal roisíní eapocsacha faoi réir roinnt idirghabhálacha rialtais (amhail láithreacht agus maoirseacht an Stáit i bpríomhghníomhaithe tionscail (54), cumhdach leis na Pleananna Cúig Bliana agus doiciméid eile (55), agus idirghabhálacha san earnáil airgeadais (56)), idirghabhálacha a dhéanann difear freisin do na costais táirgthe roisíní eapocsacha, lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, caipiteal agus saothar (57). Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint sin. |
|
(102) |
Ar an dara dul síos, maidir leis an iarraidh ó Ghrúpa Jiangsu Sanmu go n-úsáidfidh an Coimisiún na praghsanna agus na costais intíre a thuairiscigh an chuideachta, meabhraíonn an Coimisiún gur ón uair a chinntear nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tír is onnmhaireoir a úsáid de bharr saobhadh suntasach a bheith ann sa tír is onnmhaireoir de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa sa tír ionadaíoch iomchuí chun an gnáthluach a ríomh le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a). Faoi Aireagal 2(6a)(a), ceadaítear costais intíre a úsáid i gcás inar suíodh nach ndearnadh saobhadh orthu. Ní fhéadfaí aon chostas a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge atá faoi imscrúdú a shuí, áfach, mar chostais neamhshaofa bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil maidir le tosca táirgeachta táirgeoirí onnmhairiúcháin aonair. Tugann an Coimisiún dá aire freisin nár thug Grúpa Jiangsu Sanmu bunús breise lena mhaíomh. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don argóint. |
3.1.2.3. Conclúid
|
(103) |
I bhfianaise an méid atá thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás seo. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a shonraítear air sa roinn a leanas. |
3.1.2.4. Tír ionadaíoch
3.1.2.4.1. Barúlacha ginearálta
|
(104) |
Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:
|
|
(105) |
Mar a mhínítear in aithrisí (60) agus (61), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh. Sna nótaí sin, tugadh tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha agus tugadh aghaidh iontu ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha. Sa Dara Nóta, chuir an Coimisiún in iúl do pháirtithe leasmhara go raibh sé ar intinn aige an Téalainn a roghnú mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo. |
3.1.2.4.2. Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín
|
(106) |
Sa chéad nóta, shainaithin an Coimisiún gur tíortha iad an Bhrasaíl, an Mhalaeisia agus an Téalainn inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche agus atá sa tSín de réir an Bhainc Dhomhanda i.e. aicmíonn an Banc Domhanda mar thíortha ‘ard-mheánioncaim’ iad ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus gurb eol go dtáirgtear an táirge faoi imscrúdú iontu. |
3.1.2.4.3. Gurb ann do shonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch
|
(107) |
Sa chéad nóta thug an Coimisiún le fios, i gcás na dtíortha a sainaithníodh mar thíortha ina bhfuil táirge faoi imscrúdú á tháirgeadh, i.e. an Bhrasaíl, an Mhalaeisia agus an Téalainn, nach raibh sonraí airgeadais, ar fáil go héasca, ó tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú ar fáil ach do tháirgeoir roisíní eapocsacha amháin sa Téalainn, Aditya Birla Chemicals (an Téalainn) (59). |
|
(108) |
Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún faisnéis airgeadais mhionsonraithe a aimsiú i gcomhthráth leis an tréimhse imscrúdúcháin don táirgeoir sainaitheanta ón Téalainn Aditya Birla Chemicals (an Téalainn). Mar sin féin, le linn an imscrúdaithe, chuir an chuideachta a ráitis airgeadais ar fáil don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Márta 2024, ráitis atá i gcomhréir leis an tréimhse imscrúdúcháin, agus d’aontaigh sí go measfaí mar thagairt san imscrúdú reatha (60) iad agus go gcuirfí na sonraí ábhartha sa chomhad, a mbeadh rochtain ag na páirtithe leasmhara orthu. |
|
(109) |
Maidir leis an Malaeisia, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún, níl ach táirgeoir amháin a mhonaraíonn roisíní eapocsacha, DIC Corporation, (61) atá ina chuid de ghrúpa domhanda Seapánach. Ní bhfuarthas aon fhaisnéis mhionsonraithe airgeadais don chuideachta seo a bheith ar fáil go héasca. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an gcinneadh sin. |
|
(110) |
Maidir leis an mBrasaíl, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún Eorpach, tá trí tháirgeoir ann a mhonaraíonn roisíní eapocsacha, Dow (62), Hexion Quimica do Brazil LTDA (63), agus Olin (64). Mar sin féin, ní bhfuarthas aon fhaisnéis airgeadais maidir leis an táirge lena mbaineann a bheith ar fáil do na cuideachtaí sin. |
|
(111) |
Sholáthair an gearánach leagan íogair de chuntais iniúchta ceann de na táirgeoirí aitheanta roisíní eapocsacha sa Bhrasaíl, Olin Brazil. Ní raibh aon achoimre neamhrúnda ag gabháil leis an bhfaisnéis sin, áfach, ná aon chomhaontú cuideachta chun na sonraí íogaire sin a úsáid mar thagairt san imscrúdú reatha. Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún in ann an fhaisnéis sin a mheas mar shonraí a bhí ar fáil go héasca de réir bhrí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus, dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis í a úsáid san imscrúdú reatha. |
|
(112) |
Ina mbarúlacha maidir leis an Dara Nóta, d’iarr an táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach Grúpa Jiangsu Sanmu ar an gCoimisiún cuntais bhliantúla iomlána Aditya Birla Chemicals (an Téalainn) a nochtadh chun measúnú a dhéanamh ar chruinneas an ríomha agus na modheolaíochta a úsáidtear chun brabúis agus costais SGA a ríomh. Go háirithe, d’iarr Grúpa Jiangsu Sanmu go nochtfaí mionsonraí na míreanna ‘costais díola’, ‘costais riaracháin’ agus ‘costais airgeadais’. |
|
(113) |
Mheas an Coimisiún gur foinse faisnéise chuimsitheach agus chothrom le dáta iad na sonraí airgeadais a chuir Aditya Birla Chemicals (an Téalainn) ar fáil chun costais SGA agus brabús a ríomh, rud a thug dóthain sonraí do pháirtithe leasmhara chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal brabúis agus costais SGA. Mar a mhínítear in aithrisí (109) go (111), ní raibh aon fhaisnéis mhalartach ar fáil go héasca, ná níor chuir páirtithe leasmhara aon sonraí malartacha inúsáidte ar fáil. Maidir leis na gnéithe a áirítear sna costais SGA; costais a úsáideadh sa ríomh, a d’fhéadfaí a chur ar fáil go héasca, fiosróidh an Coimisiún a thuilleadh faoi sin le Aditya Birla Chemicals (an Téalainn). |
|
(114) |
Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún dá aire go raibh na méideanna móra allmhairí ón tSín isteach sa Téalainn i gcás eipeaclóraihidrine (75 %) agus sóid loiscneach (62 %). Bunaithe air sin, mheas an Coimisiún gur dócha go raibh luach allmhairiúcháin eipeaclóraihidrine agus sóid loiscneach ón Téalainn saofa. Go deimhin, léirigh scrúdú breise ar phraghsanna allmhairí ón tSín agus ó fhoinsí eile go raibh na praghsanna sin ailínithe, agus gur dócha go raibh tionchar ag praghsanna na Síne ar phraghsanna ón gcuid eile den domhan. Mar thoradh air sin, chinn an Coimisiún tagarmharcanna malartacha a aimsiú le haghaidh an dá thoisc tháirgeachta sin. Ní raibh aon tagarmharc idirnáisiúnta ar fáil le haghaidh eipeaclóraihidrine ná sóid loiscneach. Ar an gcúis sin, bhreithnigh an Coimisiún allmhairí na dtosca sin isteach sa Mhalaeisia nó sa Bhrasaíl — an dá thír a bhfuil forbairt agus táirgeadh roisín eapocsaigh chomhchosúil acu mar a mhínítear in aithris (106). Ba é 0 % an sciar d’allmhairí eipeaclóraihidrine na Síne as iomlán na n-allmhairí don Mhalaeisia agus 27 % don Bhrasaíl, agus ba é 15 % an sciar d’allmhairí sóide loiscní na Síne, arb ionann é, áfach, agus sciar níos lú de chostais iomlána an táirgthe, as iomlán na n-allmhairí le linn an imscrúdaithe don Mhalaeisia agus 4 % don Bhrasaíl. Mar gheall ar thábhacht fhoriomlán ECH i gcostais fhoriomlána táirgthe roisíní eapocsacha, chinn an Coimisiún allmhairí isteach sa Mhalaeisia a úsáid chun costais neamhshaofa an dá thoisc táirgthe a shuí. |
|
(115) |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an Dara Nóta go raibh sé beartaithe aige an Téalainn a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí (seachas allmhairí eipeaclóraihidrine agus sóid loiscneach i gcás ina n-úsáidfeadh sí allmhairí chun na Malaeisia) agus an chuideachta Aditya Birla Chemicals (an Téalainn) a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú chun gnáthluach a ríomh. |
|
(116) |
Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Téalainne mar thír ionadaíoch agus ar Aditya Birla Chemicals (an Téalainn) mar tháirgeoirí sa tír ionadaíoch. |
3.1.2.4.4. Barúlacha ó pháirtithe leasmhara
|
(117) |
Chuir Grúpa Jiangsu Sanmu i gcoinne na dtoimhdí a ghlac an Coimisiún go ndéanfaí margaí eipeaclóraihidrine agus sóide loiscní na Téalainne a shaobhadh ar bhonn allmhairí arda ón tSín amháin agus mhaígh sé gur cheart don Choimisiún allmhairí isteach sa Téalainn a úsáid chun na luachanna neamhshaofa a bhunú do shóid loiscneach agus d’eipeaclóraihidrin araon. |
|
(118) |
Thairis sin, thug Grúpa Jiangsu Sanmu dá aire go bhfuil cainníocht allmhairiúcháin eipeaclóraihidrine isteach sa Téalainn ó thíortha seachas an tSín fós níos airde ná allmhairí iomlána eipeaclóraihidrine isteach sa Mhalaeisia. |
|
(119) |
Ar deireadh, mhaígh Grúpa Jiangsu Sanmu gur cheart tosaíocht a bheith ag an Téalainn mar fhoinse do thagarmharcanna neamhshaofa don ghnáthluach, ós rud é go bhfuil sí ar cheann de na tíortha a ndearnadh imscrúdú orthu. |
|
(120) |
Chuir an gearánach i gcoinne na maíomh sin agus é ag trácht ar an gCéad Nóta agus ar an Dara Nóta agus chuir sé i dtábhacht gur dócha go gcuirfeadh cion mór d’allmhairí ón tSín isteach i dtír amháin brú ar phraghsanna allmhairí ó thíortha iomaíocha eile freisin. Chuir an gearánach i dtábhacht go mbíonn tionchar mór ag sreabhadh ollmhór táirgeachta agus onnmhairiúcháin na Síne ar mhargaí comharsanacha, toisc go bhfuil sé ar an táirgeoir eipeaclóraihidrine is mó ar domhan. Mar thoradh air sin, léireodh praghsanna allmhairiúcháin eipeaclóraihidrine agus sóid loiscneach isteach sa Téalainn saobhadh praghsanna sa tSín go hindíreach. |
|
(121) |
Chinn an Coimisiún, in éagmais aon fhianaise a léiríonn a mhalairt, gur dócha go mbeidh tionchar ag allmhairí substaintiúla ón tSín ar phraghsanna foriomlána allmhairiúcháin. Go deimhin léiríodh é sin leis an ailíniú praghsanna idir allmhairí Síneacha agus allmhairí neamh-Síneacha isteach sa Téalainn áit a raibh cion na n-allmhairí Síneacha suntasach, mar a mhínítear in aithris (114). Ar an gcúis sin, is é cleachtas an Choimisiúin i ndáiríre gan tíortha ina bhfuil cion ard d’allmhairí príomhthosca táirgeachta ón tSín a mheas mar thíortha ionadaíocha iomchuí. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar allmhairí eipeaclóraihidrine agus sóid loiscneach isteach sa Téalainn mar thagarmharcanna neamhshaofa chun an gnáthluach a shuí. |
|
(122) |
Mar sin féin, d’easaontaigh an gearánach leis an moladh ón gCoimisiún an Mhalaeisia a úsáid mar fhoinse le haghaidh tagarmharcanna neamhshaofa le haghaidh eipeaclóraihidrine agus sóid loiscneach. D’áitigh an gearánach nach gcomhlíonann an Mhalaeisia na critéir chun feidhmiú mar thagarmharc neamhshaofa ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, ní tháirgeann an Mhalaeisia roisín eapocsach leachtach, a bhraitheann ar eipeaclóraihidrin i measc ionchuir eile. Ar an dara dul síos, níl an Mhalaeisia cosanta ón saobhadh margaidh a dhéanann difear do shlabhra táirgeachta roisín eapocsach na hÁise. Ar na cúiseanna sin, mhol an gearánach go mbainfeadh an Coimisiún úsáid as an mBrasaíl ina ionad sin. De réir an ghearánaigh, táirgeann an Bhrasaíl méid níos airde roisíní eapocsacha, lena n-áirítear roisíní eapocsacha leachtacha. Thairis sin, tá praghsanna eipeaclóraihidrine agus sóid loiscneach na Brasaíle níos ailínithe le praghsanna idirnáisiúnta ná praghsanna na Malaeisia. Ar deireadh, d’áitigh an gearánach go bhfuil praghsanna allmhairiúcháin eipeaclóraihidrine agus sóid loiscneach na Brasaíle níos airde ná praghsanna allmhairiúcháin sa Mhalaeisia. |
|
(123) |
Chuir an Coimisiún i dtábhacht gur tír í an Mhalaeisia ina dtáirgtear roisín eapocsach, cé go líomhnaítear nach ndéantar é i bhfoirmeacha leachtacha, agus gur allmhairigh sí eipeaclóraihidrin agus sóid loiscneach ó fhoinsí neamhshaofa i méideanna móra. Ina theannta sin, níor tugadh bunús leis an maíomh maidir le saobhadh Síneach a scaipeadh ar fud na hÁise. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don bharúil sin. |
|
(124) |
Maidir leis an rogha mhalartach atá beartaithe, thug an Coimisiún faoi deara gurbh é a bhí in allmhairí eipeaclóraihidrine na Síne 27 % d’allmhairí iomlána eipeaclóraihidrine, i gcomparáid le 0 % d’allmhairí na Síne isteach sa Mhalaeisia don ábhar céanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an Mhalaeisia ina foinse níos oiriúnaí chun luach neamhshaofa a chinneadh le haghaidh eipeaclóraihidrine ná an Bhrasaíl. |
|
(125) |
Ar deireadh, ina fhreagra ar an gcéad nóta, mhaígh an gearánach go bhféadfadh costais SGA agus brabús tháirgeoir roisíní eapocsacha na Téalainne a bheith saofa, toisc go mbainfeadh sé tairbhe as praghas margaidh saofa eipeaclóraihidrine. Dá bhrí sin, d’iarr an gearánach ar an gCoimisiún táirgeoirí eapocsacha sa Bhrasaíl a úsáid, táirgeoirí arb eol freisin go bhfuil siad comhtháite níos ingearaí ná a n-iomaitheoirí sa Téalainn, chun luachanna neamhshaofa a shuí le haghaidh chostais SGA agus na mbrabús. Mar sin féin, theip ar an ngearánach aon fhianaise a sholáthar chun tacú leis an maíomh sin chomh maith le cuntais airgeadais phoiblí mhalartacha agus inúsáidte tháirgeoirí na Brasaíle. Dá bhrí sin, diúltaíodh dá mbarúil toisc nach raibh bunús léi. |
3.1.2.4.5. Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil
|
(126) |
Tar éis a dheimhniú gurbh í an Téalainn an tír is ionadaíoch iomchuí ar ina leith a bhí na sonraí ábhartha ar fáil go héasca, bunaithe ar gach ceann de na gnéithe thuasluaite ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus an chomhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. Maidir le sonraí neamhshaofa ECH agus sóid loiscneach, suíodh gur sholáthair an Mhalaeisia na sonraí ionadaíocha is iomchuí agus, dá bhrí sin, ní raibh gá le measúnú ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil a bhaineann leis an Malaeisia. |
3.1.2.4.6. Conclúid
|
(127) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Téalainn (agus an Malaeisia maidir le heipeaclóraihidrin agus sóil loiscneach) na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. |
3.1.2.5. Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí
|
(128) |
Sa chéad nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go héasca a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin. |
|
(129) |
Sa dara nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (‘GTA’) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, agus na hamhábhair agus lignít go sonrach. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé sonraí ó Bhanc na Téalainne chun costais neamhshaofa saothair a shuí (65), mar aon le hÚdarás Leictreachais Cúige na Téalainne agus Coimisiún Rialála Fuinnimh na Téalainne i gcás leictreachais (66) agus Oifig Beartais agus Pleanála Fuinnimh na hAireachta Fuinnimh i gcás an gháis nádúrtha agus na gaile ina dhiaidh sin (67). |
|
(130) |
Ina theannta sin, sa Dara Nóta, nuashonraigh an Coimisiún liosta na dtosca táirgeachta bunaithe ar bharúlacha na bpáirtithe agus ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte sa fhreagra ar an gceistneoir. |
|
(131) |
Sa deireadh, sa dara nóta, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara freisin gur mar gheall ar an líon mór tosca táirgeachta a bhí ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a sholáthair faisnéis iomlán agus mar gheall ar a dhiomaibhsí atá cuid de na hamhábhair i gcostas iomlán an táirgthe, rinneadh na hítimí diomaibhseacha sin a ghrúpáil faoi ‘tomhaltáin’. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go ríomhfadh sé céatadán na dtomhaltán ar chostas iomlán na n-amhábhar agus go gcuirfeadh sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus na tagarmharcanna neamhshaofa arna suí sa tír ionadaíoch iomchuí a n-úsáid aige. |
3.1.2.6. Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa
3.1.2.6.1. Tosca táirgeachta
|
(132) |
I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus a bailíodh le linn na gcuairteanna fíorúcháin, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla 1 Tosca táirgeachta roisíní eapocsacha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(133) |
Chuir an Coimisiún luach le haghaidh forchostais mhonaraíochta san áireamh chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. Mínítear an mhodheolaíocht go hiomchuí in aithrisí (158) go (160). |
3.1.2.6.2. Amhábhair
|
(134) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (73). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (103) thuas nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Mheas an Coimisiún go raibh na cainníochtaí a bhí fágtha ionadaíoch. |
|
(135) |
I gcás roinnt de na tosca táirgeachta, bhí sciar diomaibhseach de na costais amhábhar iomlána (suas le 2.5 %) sa tréimhse imscrúdúcháin i gceist leis na costais iarbhír arna dtabhú ag na táirgeoirí allmhairiúcháin comhoibríocha. Ós rud é nach raibh aon tionchar suntasach ag an luach a úsáideadh dóibh siúd ar na ríomhanna maidir leis an gcorrlach dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh le tomhaltáin mar a mhínítear in aithris (157). |
|
(136) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar, dá bhforáiltear in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán a shuí, chuir an Coimisiún i bhfeidhm na dleachtanna allmhairiúcháin ábhartha sa tír ionadaíoch, nó sa Mhalaeisia i gcás eipeaclóraihidrine agus sóid loiscneach. |
|
(137) |
An costas iompair arna thabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha as amhábhair a sholáthar, is mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin a shloinn an Coimisiún é agus chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair thuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig monarcha na cuideachta iad. |
|
(138) |
Tar éis an Dara Nóta, d’ardaigh Grúpa Jiangsu Sanmu an pointe gur chuir an Coimisiún an tagarmharc céanna i bhfeidhm maidir le dhá ghrád de shóid loiscneach (tiúchan 32 % agus 50 %) agus mhol sé coigeartú chun cuntas a thabhairt ar an bpraghas margaidh níos airde a ordaítear de ghnáth leis an ngrád 50 %. |
|
(139) |
D’admhaigh an Coimisiún go bhfuil praghas an mhargaidh ar ghrád 50 % de shóid loiscneach níos airde go deimhin ná praghas an ghráid 32 %. Tagraíonn an praghas tagarmhairc atá ar fáil ó GTA, áfach, do ‘Hiodrocsaíd Sóidiam (Sóid Loiscneach): I dTuaslagán Uiscí (Hiodrocsaíd Sóidiam nó Sóid Leachtach)’, rud a thugann le tuiscint gurb é an tagarmharc seo meánphraghas le haghaidh allmhairí gráid éagsúla de shóid loiscneach. I bhfianaise na heaspa sonraí praghsála a bhaineann go sonrach le grád, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh é úsáid an mheánphraghais sin ó GTA an rogha ab iontaofa. Ina theannta sin, maolaítear an comhfhogasú a thugtar isteach leis an modh seo toisc go n-úsáideann an próiseas táirgthe eapocsaigh meascán de ghráid sóide loiscní freisin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don choigeartú atá beartaithe. |
|
(140) |
Chuir Grúpa Jiangsu Sanmu maíomh isteach maidir leis an leibhéal trádála ag a n-úsáidtear sonraí allmhairiúcháin (foinse: GTA (74)) agus chuir siad in aghaidh chinneadh an Choimisiúin brath ar phraghsanna a íocadh ar dhleacht, lena gcuimsítear muirlasta, árachas, táillí calafoirt, iompar intíre, agus dleachtanna ar allmhairí, chun tagarmharc a léiriú do chostas amhábhar na Síne. Chuir siad i dtábhacht nach mbaineann na tosca sin le próiseas táirgthe tháirgeoirí na Síne a sholáthraíonn a n-amhábhar ar bhonn intíre den chuid is mó agus a bhoilscíonn an bonn costais chun an gnáthluach a chinneadh. Is é sin le rá, mhaígh siad nach léiríonn staitisticí allmhairiúcháin tríú tír praghsanna intíre ná costais cheannaigh iarbhír go cruinn sa tír lena mbaineann, ós rud é go bhfuil leibhéal na bpraghsanna allmhairiúcháin faoi réir saobhadh ag tosca seachtracha éagsúla, lena n-áirítear méideanna allmhairí, fad geografach idir na tíortha allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, agus infhaighteacht ionchur den sórt sin sa tír sin. Dá bhrí sin, d’iarr Grúpa Jiangsu Sanmu ar an gCoimisiún na costais a bhaineann le muirlasta, iompar intíre, árachas agus dleachtanna custaim a asbhaint ó luach CAL allmhairiúcháin na dtosca táirgeachta isteach sa tír ionadaíoch. Dhéanfadh sé sin na praghsanna tagarmhairc a chomhfhogasú do phraghsanna na n-ionchur a cheannaítear ar bhonn intíre. |
|
(141) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Is costais iad na gnéithe go léir a luann Grúpa Jiangsu Sanmu nach mór a léiriú sa phraghas a ghearrtar ar deireadh i margadh na tíre ionadaíche. Ina theannta sin, bíonn tionchar ag fórsaí iomaíocha sna tíortha is allmhaireoirí ar na praghsanna deiridh sin, ina n-ionchorpraítear eilimintí den sórt sin. Dá bhrí sin, feidhmíonn siad mar fhoinse iontaofa chun costais neamhshaofa i margaí ionadaíocha a chinneadh. |
|
(142) |
Tar éis an chéad nóta, d’iarr an gearánach go ndéanfadh an Coimisiún idirdhealú idir amhábhair dhíreacha (amhail bisfeanól A, eipeaclóraihidrin agus sóid loiscneach) a úsáidtear go sonrach i bpróiseas táirgthe roisíní eapocsacha, agus amhábhair réamhtheachtacha (amhail próipiléin, feanól, aicéatón, beinséin agus própán) a úsáideann táirgeoirí atá comhtháite go hingearach i gcéimeanna réamhtheachtacha. |
|
(143) |
Thug an Coimisiún dá aire go n-úsáideann táirgeoirí comhtháite amhábhair réamhtheachtacha go hinmheánach chun bisfeanól A agus/nó eipeaclóraihidrin a tháirgeadh, arb iad na hionchuir dhíreacha iad chun roisíní eapocsacha a mhonarú agus chuir sé tagarmharcanna i bhfeidhm bunaithe ar thomhaltas iarbhír amhábhar gach táirgeora onnmhairiúcháin, gan beann ar cé acu amhábhair dhíreacha nó réamhtheachtacha iad na hábhair. |
|
(144) |
D’áitigh an gearánach gur cheart clóirín, gliocról agus clóiríd hidrigine a áireamh freisin má áiríonn an Coimisiún próipiléin agus beinséin mar amhábhair. Bunaithe ar fhreagraí fíoraithe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, áfach, is sciar neamhshuntasach den chostas monaraíochta é ídiú na n-ionchur sin agus dá bhrí sin caitear leo mar thomhaltáin. |
3.1.2.6.3. Saothar
|
(145) |
Chun an tagarmharc le haghaidh costais saothair a shuí, d’úsáid an Coimisiún na sonraí deireanacha a bhí ar fáil go poiblí ó Bhanc na Téalainne (75) maidir leis an meánphá sa Téalainn le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Coigeartaíodh iad sin chun muirir shóisialta a chur san áireamh (76). Ar deireadh, roinneadh an costas saothair bliantúil iomlán ar líon na n-uaireanta sa bhliain (i.e. 8 n-uaire an chloig in aghaidh an lae, iolraithe faoi 5 lá oibre sa tseachtain agus faoin líon seachtainí in aon bhliain amháin). |
|
(146) |
Ina gcuid barúlacha maidir leis an Dara Nóta, chuir Grúpa Jiangsu Sanmu i gcoinne na toimhde go mbeadh am oibre seachtainiúil 40 uair an chloig ann mar a shonraítear in aithris (145), ós rud é gur mheas sé gur gannmheastachán ar an am oibre iarbhír a bhí ann. Thagair Grúpa Jiangsu Sanmu d’Aireacht Saothair na Téalainne a cheadaíonn suas le 48 uair sa tseachtain. Thairis sin, dúirt an chuideachta nach bhfuil ragobair i gceist le ríomh an Choimisiúin, ar gnáthchleachtas é sa Téalainn. Ina mbarúlacha, chuir Grúpa Jiangsu Sanmu i dtábhacht go n-íocfar ragobair 1,5 oiread an ráta chaighdeánaigh pá do ghnáthlá oibre agus suas le 2 uair ar laethanta scíthe, ar laethanta saoire poiblí nó ar shaoire bhliantúil ar a laghad, de réir dhlí saothair na Téalainne. |
|
(147) |
Thug an Coimisiún dá aire nár chuir Grúpa Jiangsu Sanmu aon fhianaise nithiúil ar fáil a thugann le fios go n-oibríonn oibrithe i dtáirgeadh roisíní eapocsacha sa Téalainn níos mó ná 40 uair an chloig. Meabhraíodh, más mian le páirtithe leasmhara measúnuithe casta an Choimisiúin a dhíospóid i gcomhthéacs an gnáthluach a ríomh, gur fúthu féin atá sé fianaise nithiúil a thabhairt ar aird lena léirítear go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach measúnaithe san fhianaise a cuireadh san áireamh chun críocha an ríomha sin. Mar a tharla i gcás CCCME (77), mhaígh Grúpa Jiangsu Sanmu go bhfuil uaireanta oibre seachtainiúla níos airde sa Téalainn i ndáiríre, ach nach raibh siad ag brath ar fhianaise nithiúil. Sa chás comhchosúil in CCCME, chinn an Chúirt Ghinearálta ‘nár thug na hiarratasóirí fianaise ar aird go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach measúnaithe trí úsáid a bhaint as luach 40 uair an chloig in aghaidh na seachtaine oibre sa Téalainn chun an costas saothair a bhaineann le táirgeadh an táirge lena mbaineann a ríomh.’ (78) Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh sin. |
|
(148) |
Ina bharúlacha ar an Dara Nóta, chuir an gearánach i gcoinne na modheolaíochta a d’úsáid an Coimisiún chun na costais saothair a shuí agus d’áitigh sé gur cheart iad sin a ailíniú le himscrúduithe roimhe seo inar úsáideadh an Téalainn mar thír ionadaíoch (mar shampla an t-imeacht frithdhumpála in aghaidh ceanglóirí iarainn nó cruach ón tSín). (79) Ina theannta sin, thug an gearánach dá aire go raibh an costas measta aonad saothair i bhfad níos ísle ná mar a bhí le linn an imscrúdaithe ar chás an cheanglóra (i.e. an 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020). |
|
(149) |
Shoiléirigh an Coimisiún gur úsáid sé an mhodheolaíocht agus na foinsí céanna agus a d’úsáid sé i gcás na gceanglóirí chun luach neamhshaofa a shuí do na costais saothair. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
3.1.2.6.4. Leictreachas
|
(150) |
Chun an praghas tagarmhairc don leictreachas a shuí, bhain an Coimisiún úsáid as an luachan maidir le praghas an leictreachais le haghaidh gnólachtaí, agus fiontair tionscail agus stáit atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis Leictreachais Cúige (80), 4.2 Time of use tariff (TOU tariff). Bhain an Coimisiún úsáid as na sonraí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha sa bhanda tomhaltais atá comhfhreagrach 4.2.3: Faoi bhun 12 kV. |
|
(151) |
Níor tháinig aon athrú ar an muirear fuinnimh sin ó 2018 i leith agus déantar é a nuashonrú ar bhonn míosúil trí úsáid a bhaint as an ionstraim ar a dtugtar ‘Ft surcharge’. Dá bhrí sin, déantar muirir leictreachais a ghearrtar do gach mí a ríomh mar seo a leanas:
|
|
(152) |
Agus an tagarmharc á ríomh aige, chuir an Coimisiún an meánmhuirear coigeartaithe fuinnimh leis an mbonnmhuirear leictreachais, le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(153) |
Suíodh an tagarmharc le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin sampláilte bunaithe ar ídiú buaice agus ídiú seachbhuaice faoi seach, nuair a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin idirdhealú idir ídiú buaice agus ídiú seachbhuaice. An úsáid a bhí mar thoradh air, rinneadh í a leithdháileadh ar na rátaí amanna móréilimh agus amanna beagéilimh. Mura ndearna táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte idirdhealú a dhéanamh idir tomhaltas amanna móréilimh agus amanna beagéilimh, cuireadh rátaí amanna móréilimh i bhfeidhm. |
3.1.2.6.5. Gás nádúrtha
|
(154) |
Chun an tagarmharc don ghás a bhunú, d’úsáid an Coimisiún praghsanna gáis do chuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Téalainn arna fhoilsiú ag an Oifig um Beartas Fuinnimh agus ag Oifig Pleanála na hAireachta Fuinnimh (82). D’úsáid an Coimisiún na praghsanna comhfhreagracha i dTábla 7.2-4: Tomhaltas Fuinnimh Deiridh Per Capita. Bhain an Coimisiún úsáid as na sonraí is déanaí a bhaineann le 2023 mar thagarmharc. |
3.1.2.6.6. Gal
|
(155) |
Chun an tagarmharc le haghaidh gaile arna shloinneadh in CNY/MT a shuí, thosaigh an Coimisiún ó phraghas an gháis nádúrtha arna shloinneadh in CNY/m3, mar a ríomhadh de réir na modheolaíochta a chuirtear i láthair in aithris (154). Agus fachtóir coinbhéartachta (83) a nglactar leis go ginearálta á úsáid aige, rinne an Coimisiún meastachán ar luach fuinnimh gáis, arna shloinneadh in MMBtu/m3. Ina dhiaidh sin, tríd an bhfachtóir éifeachtúlachta dócháin a d’fhoilsigh Roinn Fuinnimh na Stát Aontaithe (84)a chur i bhfeidhm, chinn an Coimisiún an méid fuinnimh gáis is féidir a aistriú chuig gal, arna shloinneadh in Btu/m3 den ghás. Agus úsáid á baint as an tábla ábhartha a d’fhoilsigh Roinn Fuinnimh na Stát Aontaithe, chinn an Coimisiún an méid fuinnimh a stóráiltear i ngal sháithithe ag brú 4 MPa, arna shloinneadh in Btu/kg gaile. Trí na heilimintí sin a chomhcheangal (praghas an gháis in CNY/m3, an fuinneamh a aistrítear chuig gal in Btu/m3 gáis agus an fuinneamh a stóráiltear i ngal in Btu/kg gaile), fuair an Coimisiún praghas tagarmhairc na gaile in CNY/MT. (85) |
3.1.2.6.7. Lignít
|
(156) |
Chun praghas neamhshaofa ligníte mar a dhéantar í a sheachadadh ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis, mar a mhínítear in aithris (134). |
3.1.2.6.8. Tomhaltáin
|
(157) |
Mar gheall ar an líon mór tosca táirgeachta a bhí ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a sholáthair faisnéis iomlán agus meáchan diomaibhseach roinnt de na hamhábhair i gcostas iomlán an táirgthe, measadh gur tomhaltáin iad cuid de na tosca táirgeachta. Ríomh an Coimisiún céatadán na dtomhaltán i gcostas iomlán an táirgthe agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar an gcostas táirgthe athríofa bunaithe ar thagarmharcanna. |
3.1.2.6.9. Forchostais déantúsaíochta, costais SGA agus brabúis
|
(158) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. |
|
(159) |
Sloinneadh na forchostais mhonaraíochta arna dtabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha mar sciar de chostais na monaraíochta arna dtabhú iarbhír ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa na monaraíochta. |
|
(160) |
Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a shuí maidir le costais SGA agus brabús, bhraith an Coimisiún ar na sonraí airgeadais le haghaidh na bliana airgeadais dar críoch an 31 Márta 2024 i gcás Aditya Birla Chemicals (an Téalainn) Co., Ltd. mar a sholáthair an chuideachta, i leagan neamhrúnda. Bunaithe ar na sonraí a bhí ar fáil ó Aditya Birla Chemicals (an Téalainn) Co., Ltd., d’úsáid an Coimisiún 18.0 % mar luach neamhshaofa le haghaidh chostais SGA agus 9,3 % mar luach neamhshaofa le haghaidh brabúis. |
|
3.1.2.6.10. |
Ríomh |
|
(161) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(162) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. Chuir an Coimisiún na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír thosca aonair táirgeachta an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch. D’fhíoraigh an Coimisiún na rátaí tomhaltais sin a sholáthair an t-iarratasóir le linn an fhíorúcháin. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a fuarthas sa tír ionadaíoch mar a shonraítear i Roinn 3.1.2.6.2. |
|
(163) |
Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus brabúis i bhfeidhm mar a shonraítear in aithrisí (158) go (160). Cinneadh iad ar bhonn ráitis airgeadais cuideachta mar a mhínítear in aithris (160). |
|
(164) |
Ansin, chuir an Coimisiún forchostais mhonaraíochta, mar a mhínítear in aithris (160), leis an gcostas monaraíochta neamhshaofa chun teacht ar na costais táirgthe neamhshaofa. |
|
(165) |
Chuir an Coimisiún costais SGA agus brabús na cuideachta i bhfeidhm ar na costais táirgthe a suíodh mar a shonraítear san aithris roimhe seo. Ba é 18,0 % méid na gcostas SGA arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. Ba é 9,3 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. |
|
(166) |
Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
3.1.3. An praghas onnmhairiúcháin
|
(167) |
D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha isteach san Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha. |
|
(168) |
Dá bhrí sin, ba é a bpraghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
3.1.4. Comparáid
|
(169) |
Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. |
3.1.4.1. Coigeartuithe a rinneadh ar an ngnáthluach
|
(170) |
Mar a mhínítear in aithris (161), suíodh an gnáthluach ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha trí úsáid a bhaint as costais táirgthe mar aon le méideanna le haghaidh costais SGA agus brabúis, a measadh a bheith réasúnta don leibhéal trádála sin. Dá bhrí sin, ní raibh gá le coigeartuithe chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha. |
|
(171) |
Níor aimsigh an Coimisiún aon chúis le haon lamháltas a dhéanamh i leith an ghnáthluacha, ná níor éiligh aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte lamháltais den sórt sin. |
3.1.4.2. Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin
|
(172) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar iompar, dleachtanna custaim, árachas, costais láimhseála agus lódála. |
|
(173) |
Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa agus muirir bhainc. |
3.1.5. Corrlaigh dhumpála
|
(174) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(175) |
Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
|
(176) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, suíodh an corrlach ar bhonn chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. |
|
(177) |
Ar an mbonn sin, is é 30,3 % corrlach dumpála sealadach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla. |
|
(178) |
Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile i sa tSín, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. |
|
(179) |
Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Is ionann an leibhéal comhair agus an méid onnmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh mar chion de mhéid iomlán na n-allmhairí ón tír lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, arna suí ar bhonn Eurostat. |
|
(180) |
Is ard an leibhéal comhoibrithe atá ann sa chás seo ós rud é go raibh thart ar 85 % de mhéid iomlán na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gceist le honnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha Síneacha. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún an corrlach dumpála a shocrú le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha ar leibhéal na cuideachta a bhfuil an corrlach dumpála is airde aici. |
|
(181) |
Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
3.2. Modheolaíocht ghinearálta do Phoblacht na Cóiré, don Téaváin agus don Téalainn
|
(182) |
Leagann an Coimisiún amach in aithrisí (183) go (191) thíos an mhodheolaíocht ghinearálta a d’úsáid sé le haghaidh na ríomhanna dumpála. I gcás ina bhfuil údar leis, tugtar aghaidh ar aon saincheist a bhaineann go sonrach le tír nó le cuideachta atá ábhartha do na ríomhanna sin sna ranna a bhaineann go sonrach le tír faoi leith thíos. |
3.2.1. An Gnáthluach
|
(183) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús chun a fháil amach an méid ionadaíoch a bhí i méid iomlán na ndíolachán intíre i gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin a sampláladh, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin 5 % ar a laghad de mhéid iomlán a dhíolachán onnmhairiúcháin leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcás an táirge lena mbaineann. |
|
(184) |
Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a raibh díolacháin intíre ionadaíocha acu. |
|
(185) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ansin lena fháil amach an méid ionadaíoch a bhí sna díolacháin intíre a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte ar a mhargadh intíre i gcás gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá na díolacháin intíre ionadaíoch i gcás cineáil táirge más é a bhí i méid iomlán dhíolacháin intíre an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdúcháin 5 % de mhéid iomlán dhíolacháin onnmhairiúcháin an chineáil táirge chomhionainne nó inchomparáide leis an Aontas. |
|
(186) |
Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún an cion de dhíolacháin bhrabúsacha le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre i gcás gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun a chinneadh ar cheart díolacháin intíre iarbhír a úsáid chun an gnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán. |
|
(187) |
Bunaítear an gnáthluach ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, gan beann ar cibé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, más rud é:
|
|
(188) |
Sa chás sin, is é atá sa ghnáthluach meánphraghsanna ualaithe dhíolacháin intíre uile an chineáil táirge sin le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(189) |
Is é atá sa ghnáthluach an praghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha na gcineálacha táirgí sin, agus an méid sin amháin, le linn ná tréimhse imscrúdúcháin, más rud é:
|
|
(190) |
Nuair nár díoladh aon cheann de chineál táirge an táirge chomhchosúil ina leith, nó nár díoladh cainníochtaí dóthanacha díobh, sa ghnáthchúrsa trádála nó i gcás nár díoladh cainníochtaí ionadaíocha de chineál táirge ar an margadh intíre, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus (6) den bhun-Rialachán. |
|
(191) |
Ríomhadh an gnáthluach tríd an méid seo a leanas a chur leis an meánchostas táirgthe a bhain le táirge comhchosúil gach táirgeora onnmhairiúcháin shampláilte le linn na tréimhse imscrúdúcháin:
|
|
(192) |
Mhaígh an gearánach gur cheart an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den bhun-Rialachán, toisc go raibh praghsanna intíre faoi bhun an chostais táirgthe nuair a coigeartaíodh iad le haghaidh costais táirgthe shaofa sa Chóiré, sa Téaváin agus sa Téalainn. Mar shampla, d’áitigh sé go bhfuil margadh roisín eapocsach na hÁise saofa ag ró-acmhainneacht na Síne, rud a fhágann go bhfuil praghsanna níos ísle go saorga ar roisín eapocsach agus ar a ionchuir, lena n-áirítear bisfeanól A agus eipeaclóraihidrin. De réir an mhaímh, tá ró-acmhainneacht na Síne le haghaidh roisín eapocsach agus a ionchuir, in éineacht le praghsanna fuinnimh atá íseal go saorga sa Chóiré agus sa Téaváin, tar éis costais táirgthe agus praghsáil le haghaidh roisín eapocsach sa Chóiré, sa Téaváin agus sa Téalainn a shaobhadh. Líomhnaítear gur chuir an staid sin cosc ar chomparáid chuí idir díolacháin intíre agus onnmhairiúcháin, rud a d’fhág nárbh fhéidir a chinneadh an raibh díolacháin an mhargaidh baile ‘i ngnáthchúrsa trádála’. |
|
(193) |
D’iarr an gearánach ar an gCoimisiún a údarás leathan a fheidhmiú chun costais a choigeartú faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán trí chostas táirgthe na n-onnmhaireoirí a choigeartú chun praghsanna neamhshaofa eipeaclóraihidrine agus bisfeanóil A a léiriú. D’áitigh siad go raibh gá leis an ngníomh sin chun a chinneadh an raibh aon phraghsanna díolacháin sa mhargadh baile faoi bhun an chostais táirgthe. |
|
(194) |
Mheas an Coimisiún nár léirigh an gearánach gur ann do na coinníollacha chun costais a choigeartú faoi Airteagal 2(5). Thairis sin, ní raibh bunús leis na maímh. Go sonrach, bhí na héifeachtaí praghais líomhnaithe ag cruthú ró-acmhainneacht na Síne i margaí bisfeanóil A agus eipeaclóraihidrine ar fud na hÁise. Mar shampla, léirigh an t-imscrúdú go raibh praghas ceannaigh eipeaclóraihidrine sa Chóiré le linn na tréimhse imscrúdúcháin, d’ainneoin maímh maidir le hallmhairí arda ón tSín, níos airde ná meánphraghas allmhairiúcháin eipeaclóraihidrine sa Mhalaeisia, áit nach raibh aon allmhairí ón tSín. Tháinig sé sin salach ar mhaíomh an ghearánaigh go raibh praghsanna níos ísle amhábhar, go háirithe eipeaclóraihidrin, sa Chóiré mar thoradh ar ró-acmhainneacht na Síne. |
|
(195) |
Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise ar fáil chun tacú leis an maíomh maidir le ró-acmhainneacht na Síne i mbisfeanól A, agus léirigh staitisticí GTA (86) nach raibh ach 1 % d’onnmhairí domhanda bisfeanóil A i gceist le honnmhairí na Síne. |
|
(196) |
Níor thacaigh fianaise ach oiread leis an maíomh maidir le praghsanna fuinnimh atá íseal go saorga sa Chóiré agus sa Téaváin. Bhí an maíomh ag brath go príomha ar cheannasacht na gcuideachtaí atá faoi úinéireacht stáit sa mhargadh leictreachais agus ar chomparáidí idir praghsanna leictreachais agus praghsanna san Aontas agus sa tSeapáin. Ní féidir le difríochtaí praghais den sórt sin amháin a chinneadh, in aon chás, an ann do shaobhadh suntasach i margadh tíre ar leith. Thug an gearánach neamhaird, mar shampla, ar na foinsí fuinnimh agus ar na costais a bhaineann le giniúint na bhfoinsí fuinnimh, a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le praghsanna leictreachais a mhúnlú. |
|
(197) |
Mhaígh an gearánach freisin gur thuairiscigh an príomhsholáthraí leictreachais sa Chóiré caillteanais ar a bpraghsanna ceannaigh agus díolacháin in aghaidh an kWh le linn tréimhsí áirithe, ach níor chumhdaigh siad sin an tréimhse imscrúdúcháin ina hiomláine, áfach. Chonacthas cás den chineál céanna sa Téaváin. Cé go bhféadfadh sé sin a bheith ina léiriú ar dhúshláin airgeadais do na soláthraithe fuinnimh, níor leor na maímh sin chun a léiriú gurb ann do shaobhadh margaidh, gan measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na buntosca, amhail modhanna táirgthe fuinnimh, beartais rialtais, agus dinimic an mhargaidh, nár chuir an gearánach i láthair ná nach ndearna sé anailís orthu. |
|
(198) |
Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár leor an fhaisnéis a chuir an gearánach ar fáil chun anailís iomchuí a dhéanamh ar an saobhadh a maíodh a bheith ann i margadh roisín eapocsach na hÁise mar gheall ar ró-acmhainneacht na Síne as ar eascair praghsanna a bhí íseal go saorga ar roisín eapocsach agus a ionchuir sa Chóiré, sa Téaváin agus sa Téalainn agus, in éineacht le praghsanna fuinnimh a bhí íseal go saorga sa Chóiré agus sa Téaváin, a shaobh costais táirgthe agus praghsáil le haghaidh roisín eapocsach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
3.2.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(199) |
D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin chuig an Aontas, bíodh sin go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachtaí comhlachaithe a bhí ag gníomhú mar allmhaireoirí. |
|
(200) |
Nuair a d’onnmhairigh táirgeoirí onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú leis an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
|
(201) |
Nuair a d’onnmhairigh táirgeoirí onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachtaí comhlachaithe a bhí ag gníomhú mar allmhaireoirí, suíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas de réir gach costais a tabhaíodh idir allmhairiú agus athdhíol, lena n-áirítear costais SGA, agus de réir na mbrabús. |
3.2.3. Comparáid
|
(202) |
Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás atá idir lámha, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, i gcás inarb iomchuí, rinneadh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú chun: (i) iad a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha; agus (ii) lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a maíodh agus a léiríodh chun difear a dhéanamh do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. |
3.3. Poblacht na Cóiré
|
(203) |
Rinneadh dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa Chóiré a shampláil san imscrúdú seo, Kukdo Chemical Co., Ltd. agus Kumho P&B Chemicals, Inc. |
|
(204) |
Rinne fochuideachta faoi lánúinéireacht Kukdo Chemical Co., Ltd., Kukdo Finechem Co., Ltd., an táirge lena mbaineann a tháirgeadh agus a dhíol freisin le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus chomhoibrigh sí san imscrúdú seo. Measadh go raibh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin mar chuid de Ghrúpa Kukdo. |
|
(205) |
Ar an margadh intíre, dhíol an táirgeoir/grúpa onnmhairiúcháin araon an táirge lena mbaineann le custaiméirí neamhspleácha go díreach. Ar an gcaoi chéanna, rinneadh díolacháin leis an Aontas go díreach le custaiméirí neamhspleácha, nó trí chuideachtaí gaolmhara. |
3.3.1. An Gnáthluach
|
(206) |
Suíodh an gnáthluach le haghaidh táirgeoirí/grúpaí onnmhairiúcháin de chuid na Cóiré araon i gcomhréir leis an modheolaíocht ghinearálta a leagtar amach i roinn 3.2.1 thuas. Mar thoradh air sin, bhí gnáthluach fhormhór na gcineálacha táirgí a onnmhairítear chuig an Aontas bunaithe ar phraghsanna intíre iarbhír. Ríomhadh an gnáthluach le haghaidh na gcineálacha eile, ós rud é nárbh ann d’aon díolachán intíre le haghaidh na gcineálacha táirgí sin ag aon cheann den dá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte agus nach raibh aon fhaisnéis eile maidir le praghsanna na gcineálacha táirgí ábhartha ar fáil don Choimisiún. |
3.3.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(207) |
Bhí díolacháin ag an dá tháirgeoir/ghrúpa onnmhairiúcháin de chuid na Cóiré leis an Aontas go díreach, nó trí chuideachta chomhlachaithe. Suíodh an praghas onnmhairiúcháin i gcomhréir leis an modheolaíocht ghinearálta a leagtar amach i roinn 3.2.2 thuas. |
|
(208) |
A mhéid a bhaineann leis na díolacháin onnmhairiúcháin tríd an allmhaireoir gaolmhar, cinneadh praghsanna onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán, ar bhonn na bpraghsanna ar ar athdhíoladh na hearraí den chéad uair le custaiméir neamhghaolmhar san Aontas. Sa chás seo, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas de réir gach costais a tabhaíodh idir allmhairiú agus athdhíol. Thairis sin, rinneadh costais SGA agus brabús 1 % — 5 % na gcuideachtaí gaolmhara, a fuarthas ó allmhaireoir neamhghaolmhar comhoibríoch, a asbhaint. Eisiadh na sonraí ón allmhaireoir comhoibríoch eile toisc go ndearna sé caillteanas. |
3.3.3. Comparáid
|
(209) |
Mar a mhínítear in aithris (202), rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí/grúpaí onnmhairiúcháin sampláilte ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. |
3.3.3.1. Coigeartuithe a rinneadh ar an ngnáthluach
|
(210) |
Chun an an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar iompar intíre, árachas, costais láimhseála agus lódála. |
|
(211) |
Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa, aisíocaíocht dleachta agus costais phacála. |
3.3.3.2. Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin
|
(212) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar iompar, árachas, muirir láimhseála agus lódála, muirir phacála agus costais chreidmheasa.. |
|
(213) |
Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: muirir phacála, costais chreidmheasa agus muirir bhainc. |
|
(214) |
Maidir le coigeartú an phraghais onnmhairiúcháin le haghaidh coimisiún, shuigh an Coimisiún go raibh roinnt de na trádálaithe gaolmhara lena mbaineann ag gníomhú mar ghníomhairí a bhí ag obair ar bhonn coimisiúin agus gur íocadh luach saothair leo as na feidhmeanna ábhartha le marcáil suas. Dá bhrí sin, bhí údar le coigeartú le haghaidh coimisiún arna ríomh bunaithe ar chostais SGA ábhartha agus ar bhrabús ainmniúil. |
3.3.4. Corrlaigh dhumpála
|
(215) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Cóiré, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(216) |
Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála, arna sloinneadh mar chéatadán den phraghas allmhairiúcháin CAL ag teorainn an Chomhphobail, roimh dhleacht a íoc:
|
|
(217) |
Scrúdaigh an Coimisiún ar cinneadh go raibh an leibhéal dumpála don Chóiré ar fud na tíre os cionn an leibhéil de minimis 2 % dá bhforáiltear in Airteagal 9(3) den bhun-Rialachán. Measadh gurbh iomchuí chun na críche sin torthaí an tsampla a eachtarshuí, lena n-áirítear an chuideachta gan dumpáil, chun meastachán a dhéanamh ar leibhéal dumpála na gcuideachtaí neamhshampláilte. Bhí méid na dumpála sa sampla, arna shloinneadh mar chéatadán de luach CAL onnmhairí an tsampla, faoi bhun 0 %. Dá bhrí sin, níor bunaíodh aon chorrlach dumpála foriomlán do Phoblacht na Cóiré. |
|
(218) |
Sna himthosca sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún deireadh a chur leis an imeacht reatha a mhéid a bhaineann le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) den bhun-Rialachán. |
|
(219) |
I bhfianaise na gconclúidí thuas, scoirfear d’allmhairí an táirge chomhchosúil ón gCóiré a chlárú. |
|
(220) |
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar rún an Choimisiúin deireadh a chur leis an imeacht i leith Phoblacht na Cóiré laistigh de 15 lá ó fhoilsiú an rialacháin seo. |
3.4. an Téaváin
|
(221) |
Bhí dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa Téaváin le linn na tréimhse imscrúdúcháin, Chang Chun Plastics Co. agus Nan Ya Plastics Corporation. Chomhoibrigh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin. Rinne ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin díolacháin leis an Aontas go díreach le custaiméirí neamhspleácha. Dhíol an táirgeoir onnmhairiúcháin eile leis an Aontas go díreach agus go hindíreach trí allmhaireoir gaolmhar san Aontas. Ar an margadh intíre, dhíol an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann le custaiméirí neamhspleácha go díreach. |
3.4.1. An Gnáthluach
|
(222) |
Suíodh an gnáthluach le haghaidh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine i gcomhréir leis an modheolaíocht ghinearálta a leagtar amach i roinn 3.2.1 thuas. Mar thoradh air sin, bhí gnáthluach fhormhór na gcineálacha táirgí a onnmhairítear chuig an Aontas bunaithe ar an bpraghas intíre iarbhír. I gcás nach raibh aon díolachán intíre de chineál táirge den táirge comhchosúil, ríomhadh an gnáthluach toisc nach bhféadfaí praghas díolacháin intíre táirgeora shampláilte eile don chineál táirge sin a nochtadh ar bhealach bríoch gan rúndacht an táirgeora sin a shárú. |
3.4.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(223) |
D’onnmhairigh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Téaváine chuig an Aontas go díreach. Maidir leis na honnmhairí sin, bunaíodh an praghas onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán mar a mhínítear i roinn 3.2.2 thuas. |
|
(224) |
D’onnmhairigh an táirgeoir onnmhairiúcháin eile chuig an Aontas go díreach agus trí allmhaireoir gaolmhar atá lonnaithe san Aontas. I gcás na n-onnmhairí sin trí allmhaireoir san Aontas, is ar bhonn Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán a suíodh an praghas onnmhairiúcháin. |
3.4.3. Comparáid
|
(225) |
Mar a mhínítear in aithris (202), rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí/grúpaí onnmhairiúcháin sampláilte ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. |
3.4.3.1. Coigeartuithe a rinneadh ar an ngnáthluach
|
(226) |
Chun an an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar iompar intíre árachais, costais láimhseála agus lódála. |
|
(227) |
Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: costais chreidmheasa agus costais phacála. |
3.4.3.2. Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin
|
(228) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe i leith lasta, speansais coimhdeacha lódála agus luchtaithe, lasta mara, árachas mara, táille stocbhróicéara tomhaltóirí, táille cur chun cinn trádála agus dleachta chustaim. |
|
(229) |
Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: muirir phacála, costais chreidmheasa agus muirir bhainc. |
|
(230) |
Maidir le coigeartú an phraghais onnmhairiúcháin le haghaidh coimisiún, shuigh an Coimisiún go raibh an trádálaí gaolmhar lena mbaineann ag gníomhú mar ghníomhaire a bhí ag obair ar bhonn coimisiúin agus gur íocadh luach saothair leis as na feidhmeanna ábhartha le marcáil suas. Dá bhrí sin, bhí údar le coigeartú le haghaidh coimisiún arna ríomh bunaithe ar chostais SGA ábhartha agus ar bhrabús ainmniúil. |
3.4.4. Corrlaigh dhumpála
|
(231) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(232) |
Tá an leibhéal comhair ard toisc gurbh ionann onnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus 100 % d’allmhairí iomlána na Téaváine le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún an corrlach dumpála ar fud na tíre a shuí ar leibhéal na cuideachta comhoibríche a bhfuil an corrlach dumpála is airde aici. |
|
(233) |
Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
3.5. an Téalainn
3.5.1. An Gnáthluach
|
(234) |
Bunaíodh gnáthluach don táirgeoir onnmhairiúcháin aonair ón Téalainn, Aditya Birla Chemicals (an Téalainn), i gcomhréir leis an modheolaíocht ghinearálta a leagtar amach i roinn 3.2.1 thuas. Mar thoradh air sin, bhí gnáthluach fhormhór na gcineálacha táirgí a onnmhairítear chuig an Aontas bunaithe ar na praghsanna intíre iarbhír. Ríomh an Coimisiún gnáthluach le haghaidh na gcineálacha eile, a díoladh i gcainníochtaí neamh-leordhóthanacha ar an margadh intíre. |
3.5.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(235) |
Dhíol Aditya Birla Chemicals (an Téalainn) le margadh an Aontais go díreach agus go hindíreach trí allmhaireoir gaolmhar san Aontas. D’allmhairigh an chuideachta chomhlachaithe san Aontas an táirge lena mbaineann agus (i) d’athdhíol sí é nó (ii) rinne sí tuilleadh próiseála air sular athdhíol sí é. Sa chás deireanach sin, phróiseáil an chuideachta chomhlachaithe an táirge lena mbaineann trína fhoirmliú ar bhonn oidis dhílseánaigh. |
|
(236) |
I gcás onnmhairí díreacha, bunaíodh an praghas onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán mar a mhínítear i roinn 3.2.2 thuas. |
|
(237) |
I gcás onnmhairí trí allmhaireoir gaolmhar san Aontas, suíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán. I gcás na n-onnmhairí a phróiseáil an t-allmhaireoir gaolmhar, sa bhreis ar chostais SGA agus le haghaidh brabúis mar a shonraítear in aithris (214), rinneadh coigeartuithe freisin le haghaidh costais phróiseála. |
|
(238) |
I gcás inar díoladh an cineál táirge in éineacht le táirgí eile, (bídís ina dtáirgí lena mbaineann nó ina dtáirgí nach mbaineann), agus i gcás inar gearradh praghas aonaid aonair ar na táirgí uile le chéile, leithdháileadh an praghas díola ar na comhpháirteanna ar bhonn a gcostais táirgthe nó a bpraghsanna ceannaigh faoi seach. |
3.5.3. Comparáid
|
(239) |
Mar a mhínítear in aithris (202), rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí/grúpaí onnmhairiúcháin sampláilte ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. |
3.5.3.1. Coigeartuithe a rinneadh ar an ngnáthluach
|
(240) |
Chun an an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar iompar intíre, árachas, costais láimhseála agus lódála. |
|
(241) |
Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: muirir phacála, costais chreidmheasa agus muirir bhainc. |
3.5.3.2. Coigeartuithe a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin
|
(242) |
Chun an praghas onnmhairiúcháin a ghlanluacháil ar ais go dtí leibhéal na trádála díreach ón monarcha, rinneadh coigeartuithe mar gheall ar iompar, dleachtanna custaim, árachas, costais láimhseála agus lódála. |
|
(243) |
Cuireadh san áireamh na tosca seo a leanas a rinne difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna: coimisiún, costais chreidmheasa agus táillí bainc, táirgí a dhíoltar i bhfearais, costais chomhshó. |
|
(244) |
Maidir leis na díolacháin onnmhairí díreacha chuig an Aontas, bhí baint ag an gcuideachta chomhlachaithe san Aontas leis an bpróiseas díolacháin freisin mar ghníomhaire a bhí ag obair ar bhonn an choimisiúin. Dá bhrí sin, rinneadh coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) le haghaidh díolacháin arna n-éascú ag an gcuideachta chomhlachaithe. Is éard a bhí sa choigeartú costais SGA na cuideachta comhlachaithe faoi seach agus le haghaidh brabúis mar a shonraítear in aithris (214). |
3.5.4. Corrlaigh dhumpála
|
(245) |
Maidir leis an aon táirgeoir onnmhairiúcháin amháin, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(246) |
Bhí an leibhéal comhair ard toisc gurbh é a bhí in onnmhairí an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch 100 % d’allmhairí iomlána na Téalainne le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún an corrlach dumpála ar fud na tíre a shuí ar an leibhéal céanna leis an gcorrlach dumpála don aon táirgeoir onnmhairiúcháin amháin. |
|
(247) |
Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála shealadacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
4. DÍOBHÁIL
|
(248) |
I bhfianaise an chinnidh neamhdhumpála ar fud na tíre maidir leis an gCóiré, rinne an Coimisiún measúnú ar dhíobháil ábhartha maidir leis na hallmhairí ón tSín, ón Téaváin agus ón Téalainn amháin. |
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(249) |
Rinne sé ghrúpa de tháirgeoirí san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(250) |
Suíodh gur thart ar 249 000 tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, arna soláthar ag an ngearánach, sna freagraí ceistneora ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais, agus i bhfoilseachán de chuid an speisialtóra tionscail IHS Markit/S&P Global (‘S&P Global’) (87). Mar a shonraítear in aithris (22), is ón dá tháirgeoir shampláilte san Aontas a tháinig thart ar 60 % de tháirgeacht iomlán an Aontais i gcás an táirge chomhchosúil. |
|
(251) |
Chun críocha an cháis seo, mheas an Coimisiún gurb iad buntáirgeoirí roisíní eapocsacha, mar a thugtar orthu, táirgeoirí an Aontais. Déanann na buntáirgeoirí roisíní eapocsacha i bhfoirm íon leachtach (‘eapocsach leachtach’ nó ‘bonn LER’), lena mbaineann imoibriú casta go príomha idir bisfeanól A agus eipeaclóraihidrin. Cuideachtaí nach bhfuil sé d’acmhainn acu an bonn LER a tháirgeadh agus nach ndéanann ach bonn LER a cheannach chun é a imoibriú, é a chumasc nó é a fhoirmliú tuilleadh le táirgí iartheachtacha, a úsáidtear ansin faoi chuing nó a athdhíoltar tuilleadh, ní mheastar gur cuid de thionscal an Aontais iad. Tá cur chuige den sórt sin i gcomhréir le gnáthchleachtas an tionscail (arna dheimhniú ag príomhchomhairleoireacht an tionscail IHS Markit/S&P Global) agus i gcomhréir le tuairimí an ghearánaigh (agus níor chuir páirtithe leasmhara eile ina choinne). |
|
(252) |
Thairis sin, ní áirítear le táirgeacht iomlán an Aontais (do tháirgeoirí gearánacha ar a laghad, i bhfianaise sonraí níos mionsonraithe a bheith ar fáil) an bonn LER a úsáidtear go hinmheánach le haghaidh tuilleadh próiseála i roisíní ardfhorbartha eile (an LER agus roisíní ardfhorbartha araon mar an táirge lena mbaineann) chun comhaireamh dúbailte a sheachaint. Áirithítear leis sin freisin go n-áireofar san anailís ón gCoimisiún táirgeadh na roisíní eapocsacha a dhíoltar ar an saormhargadh go sonrach. In aon chás, níor sainaithníodh sa chás seo ar chuid de thionscal an Aontais aon úsáid faoi chuing ná díolachán faoi chuing de na roisíní eapocsacha le haghaidh táirgeadh táirgí iartheachtacha ón táirge faoi imscrúdú. |
|
(253) |
Shainaithin ceann de na páirtithe leasmhara, Sherwin Williams, é féin (i measc páirtithe eile) mar tháirgeoir (monaróir dolaí) cineálacha áirithe roisín eapocsaigh san Aontas agus mar tháirgeoir díreach púdarbhratuithe eapocsaigh. Ar an gcéad dul síos, ní chumhdaítear púdarbhratuithe eapocsaigh leis an imscrúdú reatha ach is táirge iartheachtach iad ón táirge atá faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, níl táirgeoirí púdarbhratuithe eapocsaigh mar chuid de thionscal an Aontais sa chás seo. Ina theannta sin agus níos tábhachtaí fós, ní táirgeoir eapocsach bunúsach é Sherwin Williams toisc nach bhfuil sé de chumas aige an bonn LER a tháirgeadh. Mar a leagtar amach in aithris (251) thuas, níor measadh ach buntáirgeoirí roisíní eapocsacha a bheith ina dtáirgeoirí de chuid an Aontais faoi Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán sa chás seo. Ar na cúiseanna sin, ní féidir Sherwin Williams a mheas mar tháirgeoir roisíní eapocsacha san Aontas san imeacht seo. |
|
(254) |
Ina theannta sin, d’áitigh CTP Advanced Material GmbH (‘CTP’), fochuideachta Ghearmánach de chuid tháirgeoir onnmhairiúcháin na Téalainne, gur cheart táirgeacht CTP a áireamh i dtáirgeacht an Aontais, ós rud é go bhfuil baint aige le sainchatagóir roisíní eapocsacha a tháirgeadh. Mar a leagtar amach in aithris (251), ní féidir caitheamh le CTP mar tháirgeoir de chuid an Aontais, toisc nár léirigh sé go raibh sé d’acmhainn agus de chumas aige an bonn LER a tháirgeadh san Aontas. Thairis sin, mar a fhoráiltear le hAirteagal 4(1)(a) den bhun-Rialachán, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár cheart a mheas gur táirgeoir de chuid an Aontais é CTP toisc go raibh baint aige leis an táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Téalainne. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(255) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn na bhfreagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais, agus ar bhonn an fhreagra ar an macraicheistneoir a fuarthas ón ngearánach, S&P Global intelligence, agus Eurostat. |
|
(256) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais: Tábla 2 Tomhaltas an Aontais (tona)
|
||||||||||||||||||||||||||
|
(257) |
Tháinig méadú 11 % ar thomhaltas an Aontais ó 2020 go 2021. Amhábhar tábhachtach is ea roisíní eapocsacha a theastaíonn chun péint agus bratuithe a tháirgeadh, agus le linn phaindéim COVID-19, tháinig méadú tapa ar thomhaltas péinte san Aontas de réir mar a bhain tomhaltóirí tairbhe as a bheith ‘ag fanacht sa bhaile’ le linn na dianghlasála. |
|
(258) |
Thit an t-éileamh ar roisín eapocsach faoi bhun leibhéil 2020 in 2022 agus laghdaigh sé a thuilleadh fós in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. D’eascair an crapadh ar an éileamh as tosca éagsúla, amhail filleadh an mhargaidh ar an ngnáthshaol tar éis athbhorradh COVID-19 in earnáil na roisíní eapocsacha, rud a d’fhág go ndearna na custaiméirí na fardail a bhí ann cheana a dhístocáil. |
4.3. Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
4.3.1. Measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
|
(259) |
Scrúdaigh an Coimisiún ar cheart measúnú carnach a dhéanamh ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den bhun-Rialachán. |
|
(260) |
An corrlach dumpála a suíodh i ndáil leis na hallmhairí ón tSín, ón Téaváin agus ón Téalainn, bhí sé os cionn na tairsí de minimis a leagtar síos in Airteagal 9(3) den bhun-Rialachán. Thairis sin, ní raibh méid na n-allmhairí ó gach ceann de na tíortha lena mbaineann diomaibhseach de réir bhrí Airteagal 5(7) den bhun-Rialachán agus ba iad 3,3 % i gcás na Téaváine, 4,5 % i gcás na Téalainne agus 9 % i gcás na Síne, faoi seach, na sciartha den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(261) |
Thairis sin, ba chosúil le chéile dálaí na hiomaíochta idir na hallmhairí dumpáilte ón tSín, ón Téaváin agus ón Téalainn agus idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann, agus táirge comhchosúil an Aontais. Go sonrach, bhí na táirgí allmhairithe in iomaíocht lena chéile agus leis na roisíní eapocsacha a tháirgtear san Aontas toisc go bhfuil na saintréithe céanna acu den chuid is mó agus go ndíoltar iad le catagóirí custaiméirí comhchosúla. Díolann táirgeoirí onnmhairiúcháin ó na tíortha lena mbaineann an bonneapocsach i méideanna móra i gcónaí ar mhargadh an Aontais. Anuas ar an bpointe seo, tugtar faoi deara gur táirgí tráchtearraí iad roisíní eapocsacha go ginearálta atá inchomparáide beag beann ar a mbunús, ach amháin i gcás roinnt roisíní speisialtachta. Thairis sin, bhí na hallmhairí uile ó na tíortha lena mbaineann ag sladghearradh praghsanna díola thionscal an Aontais ar mhór-ráta agus lean siad patrúin praghsanna a bhí comhchosúil den chuid is mó le linn na tréimhse faoi bhreathnú ina hiomláine. |
|
(262) |
Dá bhrí sin, comhlíonadh na critéir uile a leagtar amach in Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán agus scrúdaíodh allmhairí ón tSín, ón Téaváin agus ón Téalainn go carnach chun an díobháil a chinneadh. |
|
(263) |
Chuir Aditya Birla i gcoinne an mheasúnaithe charnaigh i ndáil leis an Téalainn agus d’áitigh sí go raibh onnmhairí na Téalainne chuig an Aontas ag an leibhéal de minimis. Thagair Aditya Birla d’allmhairí na hEilvéise isteach san Aontas, allmhairí a bhí i bhfad níos airde ná allmhairí na Téalainne le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thairis sin, de réir onnmhaireoir na Téalainne, bhí na hallmhairí ó thíortha seachas na tíortha lena mbaineann i bhfad níos airde ná na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann sa tréimhse lena mbaineann agus sa tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(264) |
Mhaígh Akzo Nobel freisin go raibh difríocht ábhartha idir iompraíocht onnmhaireoirí roisín eapocsaigh na Síne ar thaobh amháin agus iompraíocht onnmhaireoirí ó na tíortha eile lena mbaineann ar an taobh eile agus, i gcodarsnacht le hallmhairí roisín eapocsaigh na Síne, go raibh allmhairí na Téaváine agus na Téalainne cobhsaí nó i bhfad níos ísle. De réir Akzo Nobel, dá bhrí sin, ní raibh measúnú carnach ar allmhairí iomchuí i bhfianaise dálaí éagsúla iomaíochta. |
|
(265) |
Ar an gcéad dul síos, tá staid onnmhaireoirí na Téaváine agus na Téalainne cosúil le staid onnmhaireoirí na Síne — bhí siad go léir ag dumpáil a gcuid roisíní eapocsacha ar mhargadh an Aontais agus rinne siad sladghearradh mór ar phraghsanna díolacháin an Aontais, agus táirgí comhchosúla á ndíol acu agus iad in iomaíocht eatarthu féin chomh maith le táirgí an Aontais. Ar an dara dul síos, mar a leagtar amach in aithrisí (260) go (262), comhlíonadh na coinníollacha maidir le hallmhairí de chuid na Téalainne, na Téaváine agus na Síne a charnadh sa chás seo agus dá bhrí sin rinneadh measúnú ar allmhairí ar leibhéal comhiomlánaithe. Ar an tríú dul síos, ní bhaineann staid na n-allmhairí ó thríú tír leis an measúnú a rinneadh faoi Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún measúnú ar allmhairí ó thríú tíortha (lena n-áirítear an Eilvéis) i Roinn 5.2.1, a bhaineann le cúisíocht. Mar fhocal scoir, diúltaíodh go sealadach d’argóintí Aditya Birla agus Akzo Nobel. |
4.3.2. Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
|
(266) |
Shuigh an Coimisiún an méid allmhairí ar bhonn sonraí ó bhunachar sonraí Eurostat. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann trí mhéideanna allmhairí a chur i gcomparáid le tomhaltas mhargadh an Aontais (féach Tábla 2 thuas). |
|
(267) |
Chun críocha an mheasúnaithe ar dhíobháil sa chás seo, d’úsáid an Coimisiún staitisticí allmhairiúcháin Eurostat le haghaidh chód AC 3907 30 00 amháin (roisíní eapocsaíde). Cé go bhféadfadh sé go raibh allmhairí eapocsacha an-teoranta faoi chóid AC 2910 90 00 , 3824 99 92 agus 3824 99 93 le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is cóid tráchtearra ‘ciseáin’ iad sin lena n-áirítear freisin táirgí seachas roisíní eapocsacha. Thairis sin, thángthas ar an gconclúid ar bhonn na faisnéise ón ngearánach agus ó cheann de tháirgeoirí sampláilte an Aontais, nach raibh oibreoirí ag úsáid chód AC 2910 90 00 chun roisíní eapocsacha a allmhairiú isteach san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus nach mbeadh allmhairí faoi chóid AC 3824 99 92 agus 3824 99 93 ach ina n-allmhairí teoiriciúla, toisc go mbaineann siad leis na hoibreáin leasaithe mar a thugtar orthu (ní an táirge faoi imscrúdú). Dá bhrí sin, bheadh sé míchuí allmhairí faoi na cóid chiseáin sin a mheas mar allmhairí roisín eapocsaigh toisc go ndéanfadh sé saobhadh mór ar phictiúr na díobhála, lena n-áirítear go háirithe na treochtaí allmhairiúcháin, an sciar den mhargadh agus figiúirí tomhaltais an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, in éagmais modh eile níos beaichte chun méid na n-allmhairí agus leibhéil na bpraghsanna a chinneadh sa chás seo, tugadh neamhaird ar staitisticí Eurostat maidir le hallmhairí faoi chóid AC 2910 90 00 , 3824 99 92 agus 3824 99 93 sa mheasúnú díobhála. Ina dhiaidh sin, níor úsáideadh ach staitisticí Eurostat le haghaidh chód AC 3907 30 00 , lena gcumhdaítear roisíní eapocsacha amháin. Baineadh úsáid as an gcur chuige sin sa ghearán agus níor chonspóid na páirtithe leasmhara (88) é. Tá na staitisticí allmhairiúcháin a úsáideadh don chás seo comhsheasmhach freisin leis an S&P Global intelligence. |
|
(268) |
Allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann: Tábla 3 An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(269) |
I ndearbhthéarmaí, tháinig méadú os cionn 44 000 tona ar na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, arb ionann é agus beagnach 13 % de thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig méadú ar an sciar iomlán den mhargadh allmhairí na dtíortha lena mbaineann ó 3.5 % in 2020 go 16.9 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an iomlán, bhí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann níos mó ná ceithre huaire níos airde le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2020. Tháinig méadú 28 774 thona ar allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhain siad sciar 9 % den mhargadh amach (suas ó 0.5 % in 2020). Tháinig méadú 10 454 thona ar allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhain siad sciar 4.5 % den mhargadh amach (suas ó 1.3 % in 2020). Tháinig méadú 4 795 thona ar allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhain siad sciar 3.3 % den mhargadh amach (suas ó 1.7 % in 2020). Cé gur ar bhonn staitisticí Eurostat a thit allmhairí na Téaváine ó 4.6 % in 2022 go 3.3 % sa tréimhse imscrúdúcháin, tugann an Coimisiún dá aire go ndéantar gannmheastachán ar mhéideanna allmhairí le haghaidh na Téaváine go háirithe le linn na tréimhse imscrúdúcháin mar gheall ar bhotúin a rinneadh sna dearbhuithe allmhairiúcháin (úsáid an chóid AC mhícheart). Thug na sonraí fíoraithe ón dá tháirgeoir aitheanta de chuid na Téaváine le fios go raibh na hallmhairí ón Téaváin le linn na tréimhse imscrúdúcháin níos airde ná mar a léiríodh sna staitisticí allmhairiúcháin. Dá bhrí sin, bheadh an sciar den mhargadh allmhairí ón Téaváin níos airde i ndáiríre. |
4.3.3. Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais
|
(270) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sladghearradh praghais na n-allmhairí ar bhonn na bhfreagraí ar an gceistneoir a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais chomh maith le freagraí ó allmhaireoirí neamhghaolmhara (maidir le costais iar-allmhairiúcháin). |
|
(271) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas na n-allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann: Tábla 4 Praghsanna na n-allmhairí (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(272) |
Tháinig méadú ar mheánphraghas na n-allmhairí ón tSín den chéad uair in 2021, ag sroicheadh EUR 4 292/tona (ó EUR 3 601/tona in 2020), ansin tháinig laghdú air go EUR 3 985/tona in 2022, agus ansin tháinig laghdú mór air go EUR 2 312/tona in 2023 agus EUR 2 173/tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Tháinig méadú mór ar mheánphraghas allmhairí na Téalainne agus na Téaváine in 2021 go 2022, ag sroicheadh EUR 3 618/tona agus EUR 4 761/tona faoi seach i gcás allmhairí na Téalainne (ó EUR 2 440/tona in 2020) agus EUR 3 946/tona agus EUR 4 045/tona faoi seach i gcás allmhairí ón Téaváin (ó EUR 2 333/tona in 2020) agus tháinig laghdú mór ina dhiaidh sin go EUR 2 914/tona (an Téalainn) agus EUR 2 638/tona (an Téaváin) in 2023 agus EUR 2 632/tona (an Téalainn) agus EUR 2 489/tona (an Téaváin) faoi seach sa tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(273) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 8 % ar mheánphraghas in aghaidh an aonaid na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. In 2020, rinneadh allmhairí ó na tíortha lena mbaineann a phraghsáil os cionn nó timpeall praghsanna díola a breathnaíodh san Aontas ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais, mar a léirítear i dTábla 4 agus i dTábla 8. Ag tosú ó 2021, áfach, agus gan bhriseadh go dtí deireadh na tréimhse faoi bhreathnú, bhí praghsanna allmhairiúcháin ó na tíortha lena mbaineann go comhsheasmhach faoi bhun phraghsanna tháirgeoirí an Aontais, go minic le corrlach mór (mar shampla le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhí praghsanna na Síne 40 %, praghsanna na Téalainne 27 % agus praghsanna na Téaváine 31 % faoi bhun phraghsanna díolacháin an Aontais). |
|
(274) |
Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdúcháin trí chomparáid a dhéanamh idir na nithe seo a leanas:
|
|
(275) |
Rinneadh an chomparáid praghsanna de réir an chineáil i leith idirbhearta ar aon leibhéal amháin trádála. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh leis meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 25 % agus 28 % i gcás tháirgeoirí na Síne, meánchorrlach sladghearrtha ualaithe 23 % i gcás tháirgeoir na Téalainne, meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 20 % agus 25 % i gcás tháirgeoirí na Téaváine agus sladghearradh carnach ualaithe meánach 27 %, 23 % agus 20 % i gcás na dtáirgeoirí sampláilte sa tSín, sa Téalainn agus sa Téaváin faoi seach. |
|
(276) |
In aon chás, gan beann ar na torthaí maidir le sladghearradh, thug an Coimisiún faoi deara go raibh ísliú mór praghsanna ann freisin mar thoradh ar na hallmhairí dumpáilte (mar a léirítear leis na corrlaigh ghearrdhíola) le linn na tréimhse imscrúdúcháin, nuair a dhíol tionscal an Aontais roisín eapocsach faoi bhun a chostais táirgthe. |
4.4. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.4.1. Barúlacha ginearálta
|
(277) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscadal an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(278) |
Mar a luaitear in aithris (22), baineadh úsáid as sampláil chun a chinneadh ar bhain aon díobháil do thionscal an Aontais. |
|
(279) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha don ghearánach ar bhonn na sonraí a bhí sa mhacraicheistneoir a chuir an gearánach isteach agus ar bhonn na faisnéise a fuarthas le linn na gcuairteanna fíorúcháin. Rinneadh na sonraí don chuid eile de tháirgeoirí an Aontais a mheas bunaithe ar shonraí S&P Global Intelligence a úsáideadh in éineacht leis na sonraí ón ngearánach. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar an gceistneoir. Fuarthas go raibh tacair sonraí mhaicreacnamaíocha agus mhicreacnamaíocha araon ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(280) |
Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo. |
|
(281) |
Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú. |
4.4.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.4.2.1. Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
(282) |
Suíodh táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais ar bhonn na nithe seo a leanas (i) macrashonraí fíoraithe ón ngearánach le haghaidh tháirgeoirí an Aontais a ndéanann an gearánach ionadaíocht orthu agus (ii) meastacháin ag úsáid shonraí S&P Global intelligence le haghaidh na dtáirgeoirí eile de chuid an Aontais. |
|
(283) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta (89) iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 5 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(284) |
Léiríonn táirgeadh an táirge chomhchosúil san Aontas treocht shoiléir anuas ag tosú ó 2021 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin, tar éis méadú 6 % ar tháirgeacht idir 2020 agus 2021. Cé gur tháinig fás ollmhór ar an éileamh ar phéinteanna agus bratuithe (príomhfheidhm roisín eapocsaigh) mar thoradh ar dhianghlasáil na paindéime agus ar an ngeilleagar fanacht sa bhaile in 2020 agus 2021, tháinig laghdú mór ar tháirgeacht an Aontais ó 2022 ar aghaidh mar thoradh ar an bhfeabhas ar infhaighteacht an tsoláthair ón Áise agus ar an mbrú a tháinig as allmhairí a bheith ag dul i méid, mar aon le dístocáil fardal. |
|
(285) |
D’fhan an acmhainneacht táirgeachta réasúnta cobhsaí, cé is moite de laghdú beag 5 % in 2023 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin mar gheall ar shaincheist chothabhála ag ceann de tháirgeoirí an Aontais in 2023. |
|
(286) |
D’fhan úsáid acmhainneachta cobhsaí in 2020 agus 2021 agus léirigh sé titim mhór ó 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, nuair a thit sé faoi bhun 50 %. Tháinig laghdú ar an úsáid acmhainneachta ó 2022 ar aghaidh mar gheall ar laghdú géar ar tháirgeacht (féach aithris (284) thuas). |
4.4.2.2. An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
(287) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(288) |
Léiríonn méid díolachán tháirgeoirí an Aontais éagsúlachtaí móra idir tús na tréimhse faoi bhreathnú (2020-2021) agus an tréimhse 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin. Cé gur tháinig méadú 5 % ar an méid díolachán in 2021 mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19 agus suaití i leith slabhraí soláthair mar aon leis an mborradh ar an éileamh ar roisíní eapocsacha, tháinig laghdú de réir a chéile ar dhíolacháin tháirgeoirí an Aontais ina dhiaidh sin le linn an chuid eile den tréimhse faoi bhreathnú, agus shroich an laghdú níos mó ná 30 % sa tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2020. Tharla an éabhlóid sin mar gheall ar chrapadh ar éileamh mar aon le sreabhadh méadaitheach na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. |
|
(289) |
Maidir le héabhlóid an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais, is léir go bhfuil an treocht dhíobhálach fhoriomlán le feiceáil go soiléir le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú, agus is ar bhonn bliantúlaithe idir 2021 agus 2023/tréimhse imscrúdúcháin is suntasaí a chaill tionscal an Aontais 6 phointe céatadáin gach bliain ina sciar de mhargadh an Aontais. Ar an iomlán, tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ó 68 % go 52 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(290) |
Mar gheall ar an sciar den mhargadh a cailleadh i margadh ina raibh moilliú ar thomhaltas, géaraíodh tionchar na n-allmhairí dumpáilte eapocsacha ó na tíortha lena mbaineann, a ghnóthaigh sciar den mhargadh (féach aithris (269)) chun aimhleasa tháirgeoirí an Aontais. |
4.4.2.3. Fás
|
(291) |
Tháinig laghdú 11 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, fad is a tháinig laghdú 31 % ar mhéid díolachán thionscal de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais. Bhí an tomhaltas sách luaineach, le méadú 11 % in 2021. Ansin tháinig laghdú ar thomhaltas an Aontais ó 2022 ar aghaidh, mar aon le laghdú níos airde fós ar dhíolacháin tháirgeoirí an Aontais agus méadú ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. Mar thoradh air sin, chaill tionscal an Aontais sciar den mhargadh sa mhargadh laghdaitheach sin, rud a bhí contrártha leis an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann. |
4.4.2.4. Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
(292) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(293) |
Bhí an líon fostaithe fós measartha cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú (+ 2 %). Tá sé sin comhsheasmhach le hacmhainneacht táirgeachta chobhsaí toisc nach luainíonn an líon fostaithe is gá chun na gléasraí a oibriú i gcomhréir leis an ráta úsáide acmhainneachta. |
|
(294) |
Tháinig laghdú diúltach ar tháirgiúlacht in aghaidh an fhostaí in 2022. Chuaigh an staid in olcas a thuilleadh in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Bhí an táirgiúlacht íseal ó 2022 ar aghaidh mar thoradh ar an líon daoine a d’fhan cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú in éineacht leis na leibhéil ísle táirgthe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 40 % ar an táirgiúlacht i dtonaí in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.4.2.5. Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo
|
(295) |
Bhí na corrlaigh dhumpála uile os cionn an leibhéil de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. |
|
(296) |
Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag dumpáil san am atá thart. |
4.4.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.4.3.1. Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna
|
(297) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Praghsanna díola san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(298) |
Bhí an meánphraghas díola aonaid san Aontas thar a bheith luaineach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar thoradh ar an méadú ar an éileamh, i gcomhar leis an suaitheadh sa slabhra soláthair agus leis an mboilsciú atá ag ardú in 2021 agus 2022, tháinig méadú an-mhór ar phraghsanna a sháraigh an méadú ar chostais. Níor lean an treocht sin ar aghaidh, áfach, agus tar éis teacht chun cinn géarchéime fuinnimh san Aontas in 2022, in éineacht le dístocáil na bhfardal ag na ceannaitheoirí agus an brú a chuir na hallmhairí dumpáilte i bhfeidhm, chuaigh rudaí in olcas go tapa in 2023, nuair nach raibh táirgeoirí an Aontais in ann na costais táirgthe a bhí ag dul i méid a sheasamh. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú ar phraghsanna díola tháirgeoirí an Aontais in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, praghsanna a bhí faoi bhun an chostais táirgthe sna tréimhsí sin. |
|
(299) |
Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, chonacthas ceartú ar an gcostas táirgthe nuair a mhaolaigh an ghéarchéim fuinnimh, ach tháinig laghdú níos géire fós ar an bpraghas díola mar a léirítear i dTábla 8 (le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus i gcomparáid le 2022, tháinig laghdú 10 % ar an gcostas táirgthe ach tháinig laghdú níos mó ar an meánphraghas díola, is é sin 37 %). Mar thoradh air sin, bhí táirgeoirí sampláilte an Aontais ag oibriú faoi mhórchaillteanas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is léiriú í an mhórdhifríocht idir costas táirgthe agus praghsanna díola tháirgeoirí an Aontais ar mhéid an tionchair a bhí ag na hallmhairí dumpáilte, a d’éirigh níos mó agus níos mó, ar iompraíocht an mhargaidh, ar bheartas praghsála agus ar iomaíochas tháirgeoirí an Aontais. |
|
(300) |
Ar an iomlán, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 51 % ar phraghsanna díola, agus bhí an méadú sin níos mó ná an méadú ar chostais táirgthe (méadú 74 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú). |
4.4.3.2. Costais saothair
|
(301) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||||||||
|
(302) |
Bhí an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí réasúnta cobhsaí, agus níor tháinig ach laghdú 3 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ní mheasann an Coimisiún go ndéanfadh éabhlóid an mheánchostais saothair difear ar bhealach ar bith don mheasúnú díobhála sa chás seo. |
4.4.3.3. Fardail
|
(303) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Fardail
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(304) |
Tháinig méadú ar stoic dheiridh deireadh bliana mar chéatadán den táirgeacht ó 8.8 % in 2020 go 16 % in 2023 agus fiú 20.8 % sa tréimhse imscrúdúcháin, nuair a bhí an tionchar is mó ag na hallmhairí arda ó na tíortha lena mbaineann, mar aon le dálaí neamhfhabhracha margaidh, le brath le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.4.3.4. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú
|
(305) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(306) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Cé gurbh í an fhreagairt mhargaidh tosaigh ar phaindéim COVID-19 ba chúis leis gcaillteanas in 2020, phreab an bhrabúsacht siar go tapa agus shroich sí leibhéil eisceachtúla in 20211 toisc gur tháinig borradh faoin éileamh ar na táirgí ina bhfuil eapocsa mar thoradh ar phaindéim COVID-19 ar deireadh agus mar thoradh ar an gcur isteach ar an suaitheadh i leith slabhraí tháinig géarú ar an soláthar. Cé gur ghearr an ghéarchéim fuinnimh a bhí ag teacht chun cinn níos mó ná a leath den bhrabúsacht a baineadh amach in 2022, d’éirigh le táirgeoirí sampláilte an Aontais an méadú mór ar chostais a chur ar aghaidh chuig na ceannaitheoirí san Aontas. Ó 2023 ar aghaidh, áfach, d’éirigh an staid neamh-inbhuanaithe do tháirgeoirí an Aontais toisc gur tháinig cor chun donais suntasach ar rátaí oibriúcháin as ar eascair costais aonaid sheasta níos airde agus laghduithe ar mhéideanna díolachán, rud a d’fhág go raibh staid chaillteanais an-mhór ann in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(307) |
Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Léirítear san anailís ar ghlansreabhadh airgid treocht anuas ó 2021 agus titim mhór in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, nuair a bhíonn an sreabhadh airgid diúltach den chéad uair le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Chuir na táirgeoirí sampláilte moill ar roinnt infheistíochtaí nó chuir siad roinnt cothabháil neamhriachtanach siar le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ach níor leor na bearta sin chun sreafaí airgid diúltacha a sheachaint. |
|
(308) |
Cé go raibh infheistíochtaí réasúnta cobhsaí sa tréimhse 2020-2022, léirigh siad treocht laghdaitheach sa tréimhse imscrúdúcháin in 2023, cosúil le príomhtháscairí díobhála eile. |
|
(309) |
Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. I bhfianaise na bhforbairtí ar a dtugtar tuairisc thuas, bhí sé ag laghdú go leanúnach ó 2021 go dtí deireadh na tréimhse faoi bhreathnú, ag titim ó + 63 % sláintiúil in 2022 go dtí -93 % suntasach ar fad le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(310) |
Mar gheall ar an meath ar a bhfeidhmíocht eacnamaíoch i dtreo dheireadh na tréimhse faoi bhreathnú agus mar gheall ar ionchas neamhchinnte an mhargaidh, rinneadh difear mór do chumas tháirgeoirí sampláilte an Aontais caipiteal a thiomsú. |
4.4.4. Conclúid maidir le díobháil
|
(311) |
Léiríodh leis na príomh-mhacratháscairí díobhála ar fad go raibh treocht dhiúltach ann thar an tréimhse faoi bhreathnú: Tháinig laghdú 39 % ar mhéid táirgeachta an Aontais, laghdú 34 % ar úsáid acmhainneachta, laghdú 31 % ar mhéid díolachán an Aontais agus laghdú 40 % ar tháirgiúlacht. Cé gur léirigh na táscairí sin treocht dhearfach in 2021 i gcomparáid le 2020, lean siad de bheith ag laghdú go han-mhór ar fad ansin ar feadh a raibh fágtha den tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(312) |
Is féidir pictiúr den chineál céanna a tharraingt do na micreatháscairí. Bhí brabúsacht na ndíolachán san Aontas dearfach idir 2021 agus 2022 ach thosaigh sí ag laghdú ina dhiaidh sin agus d’éirigh tionscal an Aontais neamhbhrabúsach in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an gcaoi chéanna, d’éirigh sreabhadh airgid a bhí dearfach ó 2020 go 2022 diúltach in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. D’ardaigh stoic dheiridh deireadh bliana mar chéatadán den táirgeacht os cionn 15 % sa dara cuid den tréimhse faoi bhreathnú, nuair a bhí tionchar na n-allmhairí méadaithe ó na tíortha lena mbaineann le brath cheana féin ag tionscal an Aontais. |
|
(313) |
Tháinig méadú níos mó ná ceithre huaire ar mhéideanna allmhairí na dtíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I gcomhthéacs laghdú 43 031 thona ar thomhaltas bliantúil le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 44 023 thona ar allmhairí bliantúla ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse céanna, rud a d’fhág gur mhéadaigh na honnmhaireoirí ó na tíortha lena mbaineann a sciar comhcheangailte den mhargadh ó 3.5 % in 2020 go 16.9 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin toisc go ndearna a bpraghsanna sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais go mór ó 2021 ar aghaidh. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, bhí corrlaigh mhóra shladghearrtha ó onnmhaireoirí na dtíortha lena mbaineann agus bhí siad idir 20-28 %. (mar a leagtar amach in aithris (275)). |
|
(314) |
Bhí na hallmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ó na tíortha lena mbaineann ina gcúis le hísliú mór praghsanna do thionscal an Aontais freisin. Mar thoradh air sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann díol ar phraghsanna lena gcumhdaítear a gcostas táirgthe agus bhain caillteanas dó in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(315) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig laghdú 16 % ar ghlaninfheistíochtaí agus d’éirigh an toradh ar infheistíocht chomh maith leis an sreabhadh airgid diúltach ag tosú ó 2023, cé gur tháinig méadú 2 % ar líon na bhfostaithe le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 40 % ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse céanna, rud a d’fhág go raibh costas saothair níos airde in aghaidh an tona roisín eapocsaigh a táirgeadh. Dá bhrí sin, cé go raibh na leibhéil fostaíochta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tá brú mór ar thionscal an Aontais a lucht saothair a choinneáil ar bun toisc go n-oibríonn sé ar acmhainneachtaí atá laghdaithe go mór mar gheall ar shreabhadh ollmhór na n-allmhairí dumpáilte. |
|
(316) |
Mar a leagtar amach thuas, tháinig meath mór ar tháscairí airgeadais amhail brabúsacht, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Rinne na forbairtí diúltacha sin difear do chumas thionscal an Aontais aon mhórinfheistíocht a dhéanamh agus caipiteal a thiomsú, rud a chuir bac ar a fhás. |
|
(317) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán. |
5. CÚISÍOCHT
|
(318) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé go ndearna tosca aitheanta eile dochar do thionscal an Aontais san am céanna. Aon díobháil fhéideartha, ar tosca eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann, d’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh an díobháil sin síos do na hallmhairí dumpáilte. Seo a leanas na tosca sin: allmhairí ó thríú tíortha eile lena n-áirítear an Chóiré, feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais, éifeachtaí na géarchéime fuinnimh agus costas méadaithe an táirgthe, laghdú ar thomhaltas an Aontais agus cinntí gnó tháirgeoirí an Aontais. |
5.1. Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte
|
(319) |
Tháinig méadú níos mó ná ceithre huaire ar chainníochtaí na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó 13 526 thona in 2020 go 57 549 dtona le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Tharla an méadú géar sin, mar a mhínítear in aithris (313), i gcomhthráth le laghdú 11 % ar an tomhaltas intíre agus tháinig laghdú 31 % ar dhíolacháin intíre tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse céanna. |
|
(320) |
Mar thoradh air sin, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú ó 3.5 % go 16.9 % ar an sciar comhcheangailte den mhargadh atá ag na tíortha lena mbaineann. Idir an dá linn, tháinig laghdú leanúnach ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ó 68 % in 2020 go 52 % sa tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(321) |
Bhí tionchar ag paindéim COVID-19, cur isteach ar shlabhraí soláthair agus borradh urghnách ar an éileamh ar tháirgí ina bhfuil eapocsach ar an tréimhse 2020-2021, rud a chuidigh le táirgeoirí an Aontais éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte atá ag dul i méid a mhaolú. Braitheadh éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte níos mó ó 2022 ar aghaidh, áfach, nuair a lean na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann de bheith ag méadú a sciar den mhargadh i margadh a bhí ag laghdú, rud a chuir brú praghsanna ar thionscal an Aontais a bhí ag fulaingt. Cé gur éirigh le táirgeoirí an Aontais brabúis shláintiúla a bhaint amach fós in 2022, d’éirigh an brú ó mhéideanna allmhairí a bhí ag méadú ag praghsanna dumpáilte i bhfad faoi bhun chostas táirgthe tháirgeoirí an Aontais in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin neamh-inbhuanaithe do thionscal an Aontais. Níor éirigh le tionscal an Aontais a phraghsanna díola a mhéadú chun costas méadaitheach na n-amhábhar a chur ar aghaidh chuig custaiméirí toisc go raibh iomaíocht éagórach roimhe ó allmhairí an táirge lena mbaineann. Chun caillteanais i méideanna táirgeachta agus i sciar den mhargadh a mhaolú, cuireadh iallach ar tháirgeoirí an Aontais praghsanna a laghdú chun dochair dá mbrabúsacht. Go deimhin, ó bhí sé brabúsach in 2021-2022, bhain caillteanas mór do thionscal an Aontais in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ba é an toradh a bhí ar na hallmhairí ar phraghas íseal ó na tíortha lena mbaineann gur íslíodh praghsanna thionscal an Aontais go mór de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán. |
|
(322) |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chinn an Coimisiún go sealadach gur allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 3(6) den bhun-Rialachán ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Bhí tionchar ag an díobháil sin ar mhéid agus ar phraghsanna araon. |
|
(323) |
Mhaígh Cortex, cé go ndéanann allmhairí na Síne difear do thrádáil san Aontas, gur cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar allmhairí ó thíortha eile lena mbaineann a eisiamh ó raon feidhme na n-imeachtaí. D’áitigh Aditya Birla freisin gur ó na tíortha lena mbaineann seachas an Téalainn den chuid is mó a tháinig an méadú ar allmhairí (mar gheall ar na tairbhí a fuarthas ó na praghsanna fuinnimh fóirdheonaithe), go raibh praghsanna allmhairiúcháin onnmhairiúcháin agus CAL na Téalainne níos airde ná praghsanna allmhairiúcháin na dtíortha eile lena mbaineann agus gur mar gheall ar na hallmhairí ón tSín den chuid is mó a rinneadh aon díobháil. |
|
(324) |
Mar a leagtar amach i Roinn 4.3.1, déantar measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha uile lena mbaineann sa chás seo agus de réir na conclúide sna haithrisí roimhe seo, suitear gurbh iad na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha uile lena mbaineann (an tSín, an Téalainn, an Téaváin) ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Thairis sin, agus fiú nuair a dhéantar measúnú orthu ina n-aonar, cé go raibh ráta méadaithe mhéideanna allmhairí na Síne chomh maith le leibhéal an tsladghearrtha praghais le linn na tréimhse faoi bhreathnú níos feiceálaí i gcomparáid leis na hallmhairí ó na tíortha eile lena mbaineann, leanann sé ó aithrisí (269) agus (272) go (276) go dtacaíonn na treochtaí a tugadh faoi deara maidir le hallmhairí na Téalainne agus na Téaváine leis an gconclúid go ndearna siad díobháil do thionscal an Aontais, mar thoradh ar an méadú ar a méideanna agus ar a leibhéil praghsanna araon, rud a léirítear go soiléir leis an sladghearradh suntasach a fuarthas vis-à-vis praghsanna thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh go sealadach do mhaímh Cortex agus Aditya Birla. |
|
(325) |
D’áitigh PPG gur tháinig méadú ar bhrabúsacht na dtáirgeoirí gearánacha leis an méid allmhairí (idir 2020 agus 2021) agus gur thosaigh sé ag laghdú go mór agus nár tháinig ach méadú scoite ar an méid allmhairí (idir 2021 agus an tréimhse imscrúdúcháin). De réir PPG, léiríonn sé sin an easpa comhghaoil idir roisíní eapocsacha a allmhairítear ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil do thionscal an Aontais. |
|
(326) |
Ar an gcéad dul síos, déantar tagairt don chomhthéacs a dtugtar tuairisc air agus do thorthaí an Choimisiúin in aithris (321) thuas. Ar an dara dul síos, murab ionann agus maíomh PPG, bhí na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann ag méadú go seasta agus ag méadú gach bliain den tréimhse faoi bhreathnú ar ráta mór (dá bhrí sin ní hamháin idir 2020 agus 2021), agus bhí sciar margaidh tháirgeoirí an Aontais ag titim agus bhí allmhairí ó thríú tíortha (seachas an Chóiré) cobhsaí den chuid is mó. Bhí an méadú ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann i bhfad ó bheith scoite idir 2021 agus an tréimhse imscrúdúcháin — shroich sciar an Aontais de mhargadh na n-allmhairí sin 16.9 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 8.4 % in 2021. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh PPG. |
|
(327) |
Mhaígh PPG freisin gur tháinig méadú ar na praghsanna allmhairiúcháin ó na tíortha lena mbaineann, seachas an tSín, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a ardaíonn amhras tromchúiseach go bhféadfadh na hallmhairí sin a bheith freagrach as an díobháil a bhain dóibh. |
|
(328) |
Fuarthas gur maíomh míthreorach ab ea maíomh PPG. Cé gur fíor go bhfuil méadú tagtha ar phraghsanna don Téalainn agus don Téaváin i gcomparáid le 2020, léirigh an anailís bliain ar bhliain gur tháinig méadú ar phraghsanna in 2021 agus 2022, tháinig laghdú mór orthu in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. Thairis sin, ní féidir breathnú ar threochtaí praghsanna ar leithligh ó tháscairí díobhála eile agus ó dhinimic ghinearálta an mhargaidh. Sa chás seo, ní mór an treocht bhreathnaithe a fheiceáil i gcomhthéacs ardú ar chostais amhábhar agus brú boilscitheach. Thairis sin, léirítear sladghearradh suntasach le praghsanna allmhairiúcháin ó na tíortha lena mbaineann (lena n-áirítear an Téaváin agus an Téalainn) a mheastar in aghaidh phraghsanna thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh go sealadach d’argóint PPG. |
5.2. Éifeachtaí tosca eile
5.2.1. Allmhairí ó thríú tíortha
|
(329) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 12 Allmhairí ó thríú tíortha
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(330) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ba iad an Chóiré, an Eilvéis agus an India an t-aon tríú tír ónar allmhairíodh méideanna móra roisíní eapocsacha isteach san Aontas. |
|
(331) |
Ar an iomlán, bhí sciar de mhargadh an Aontais idir 27 % agus 32 % ag tríú tíortha le chéile seachas na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an sciar den mhargadh fós cobhsaí idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin, áfach, nuair ba mhó a braitheadh éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte. Chomh maith leis sin, i ndearbhuimhreacha, bhí na méideanna allmhairí fós réasúnta cobhsaí nuair a cuireadh 2020 i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(332) |
Ag féachaint ar na hallmhaireoirí ina n-aonar, ba as an Chóiré beagnach leath d’allmhairí tríú tíortha. Bhí an sciar den mhargadh a bhí ag an gCóiré idir 11 % in 2020 agus 15 % sa tréimhse imscrúdúcháin agus tháinig méadú foriomlán 4 phointe céatadáin air sa tréimhse imscrúdúcháin i ndáil le 2020, rud a chuaigh chun dochair do thionscal an Aontais freisin. Thairis sin, bhí praghsanna na Cóiré níos ísle ná praghsanna díolacháin an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Shuigh an Coimisiún gur chuir allmhairí na Cóiré le staid dhíobhálach thionscal an Aontais (go háirithe i bhfianaise na sciartha den mhargadh ar mhargadh an Aontais) le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I bhfianaise mhéideanna agus phraghsanna na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann, agus a bhforbairt le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ní féidir teacht ar an gconclúid go raibh allmhairí ón gCóiré in ann an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil ábhartha a rinne siad do thionscal an Aontais a mhaolú. |
|
(333) |
Maidir le hallmhairí na hEilvéise agus na hIndia, tháinig méadú 42 % agus 63 % faoi seach ar phraghsanna allmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus ó 2022 ar aghaidh, bhí a bpraghsanna go comhsheasmhach os cionn mheánphraghas allmhairiúcháin na dtíortha lena mbaineann. Thairis sin agus go tábhachtach, tháinig laghdú ar sciartha na hEilvéise agus na hIndia araon den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú (ó 8.9 % go 8 % i gcás na hEilvéise agus ó 2.8 % go 2.1 % i gcás na hIndia) agus dá bhrí sin ní féidir leis na hallmhairí sin a bheith ina gcúis leis an díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Ina theannta sin, i gcás na hEilvéise, bhí na praghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú níos airde nó coibhéiseach le praghsanna tháirgeoirí an Aontais. |
|
(334) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach gur chuir allmhairí ón gCóiré le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais, ach ní sa mhéid go lagóidís an nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. |
5.2.2. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
|
(335) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid onnmhairí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 13 Feidhmíocht onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(336) |
Ar an gcaoi chéanna le méideanna táirgeachta agus díolacháin intíre, tháinig laghdú mór ar mhéideanna onnmhairiúcháin thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thairis sin, lean praghsanna onnmhairiúcháin an treocht chéanna le praghsanna ar mhargadh an Aontais, ag méadú in 2021 agus 2022 sular thit siad go mór in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(337) |
Go ginearálta, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil na táirgeoirí ó na tíortha lena mbaineann gníomhach freisin i margaí onnmhairiúcháin traidisiúnta an Aontais, rud a mhíníonn na dúshláin atá roimh thionscal an Aontais méideanna agus praghsanna a choinneáil ar bun sna margaí onnmhairiúcháin freisin. |
|
(338) |
Thairis sin, sa tréimhse 2020-2022 nuair a d’éirigh leis an Aontas na hallmhairí ar phraghas íseal ó na tíortha lena mbaineann a chosc, bhí praghsanna intíre tháirgeoirí an Aontais níos airde ná na praghsanna onnmhairiúcháin; aisiompaíodh an staid sa tréimhse imscrúdúcháin in 2023, áfach, nuair ba mhó éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte. Dá bhrí sin, i gcás na díobhála ábhartha, nuair a bhí na praghsanna onnmhairiúcháin níos airde ná na praghsanna intíre, is é is dóichí a tharla ná a mhalairt, gur mhaolaigh na díolacháin onnmhairiúcháin staid tháirgeoirí an Aontais, seachas é a ghéarú. |
|
(339) |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, níor dhócha go maolódh an fheidhmíocht onnmhairiúcháin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
|
(340) |
D’áitigh Aditya Birla agus PPG gurbh é an caillteanas sa sciar den mhargadh onnmhairiúcháin ba chúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. De réir Aditya Birla, fiú má bhain díobháil don ghearánach san Aontas, ní mhínítear leis sin cén fáth nach raibh an gearánach in ann a dhíolacháin onnmhairiúcháin a mhéadú. Mar a leagtar amach in aithrisí (335) go (337) thuas, bhí na dúshláin chéanna roimh tháirgeoirí an Aontais sna margaí onnmhairiúcháin, ós rud é go raibh orthu dul san iomaíocht in aghaidh na dtíortha lena mbaineann agus nach féidir caillteanas na margaí onnmhairiúcháin míniú a thabhairt ar chaillteanas an sciar den mhargadh intíre agus ar phraghsanna an Aontais a bheith laghdaithe go mór, rud a d’fhág go raibh brabúis dhiúltacha i margadh an Aontais. Dá bhrí sin, b’éigean diúltú do mhaíomh Aditya Birla agus PPG. |
5.2.3. Costas táirgthe méadaithe agus an ghéarchéim fuinnimh
|
(341) |
Mhaígh an coiste roisín eapocsaigh gurbh é an príomhthoisc ba chúis le meath ar fheidhmíocht agus ar bhrabúsacht an ghearánaigh ná an costas táirgthe méadaithe seachas na hallmhairí dumpáilte. Sa chomhthéacs sin, d’áitigh an coiste roisín eapocsaigh freisin gur tháinig ardú as cuimse ar phraghsanna leictreachais san Aontas in 2022-2023, rud a d’éirigh ábhartha maidir le costais táirgthe agus brabúsacht tháirgeoirí an Aontais. D’áitigh Aditya Birla freisin gurb é an costas ard táirgthe a d’eascair as an ngéarchéim fuinnimh agus an t-ardú ar phraghsanna amhábhar is cúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. De réir Aditya Birla, tharla an méadú ar onnmhairí ó na tíortha lena mbaineann in 2022 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, arb í sin an tréimhse ina raibh an tionchar is mó ag an méadú ar phraghsanna fuinnimh agus ar neamh-infhaighteacht na n-amhábhar ar thionscal an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, mhaígh Cortex gur tharla an laghdú ar bhrabúsacht le haghaidh na roisíní eapocsacha in 2023 go príomha mar gheall ar dhálaí eacnamaíocha urghnácha amhail an ghéarchéim fuinnimh san Eoraip. Thairis sin, thagair PPG freisin don mhéadú ar chostais fuinnimh tar éis 2021 mar chúis le meathlú ar staid thionscal an Aontais. |
|
(342) |
Níl aon díospóid ann gur tháinig ardú tobann ar chostais fuinnimh agus ina dhiaidh sin ar an gcostas a bhaineann le roisíní eapocsacha a tháirgeadh san Aontas mar thoradh ar an ngéarchéim fuinnimh, mar a mheabhraítear in aithris (305) sa Rialachán seo. Sa tréimhse 2021-2022, áfach, d’ainneoin an mhéadaithe ar na costais táirgthe agus na praghsanna fuinnimh a bheith ag na leibhéil is airde, bhí táirgeoirí an Aontais in ann a bpraghsanna díolacháin a mhéadú chun a n-aonaid costais táirgthe méadaitheacha sin a ionsú agus na leibhéil bhrabúsachta is airde a bhaint amach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ar an taobh eile, in 2023 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, nuair a aisiompaíodh an treocht aníos i bpraghsanna fuinnimh (contrártha leis an méid a mhaígh an coiste roisín eapocsaigh agus Aditya Birla), tháinig laghdú mór ar bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais go dtí leibhéil scanrúla dhiúltacha agus bhí an díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le feiceáil go soiléir. Thairis sin, níor léirigh Aditya Birla go raibh fadhb ann ó 2022 ar aghaidh maidir le hinfhaighteacht amhábhar. Ar aon chuma, níor cheart go gcuirfeadh allmhairí dumpáilte cosc ar tháirgeoirí an Aontais praghsanna a mhéadú chun méaduithe costais a chur ar aghaidh. I gcás ina raibh praghsanna tháirgeoirí an Aontais brúite go mór ag leibhéil mhéadaitheacha na n-allmhairí dumpáilte agus go raibh an costas táirgthe fós ard, níl sa bhrabúsacht atá ag dul in olcas ach léiriú ar an díobháil a rinneadh de bharr allmhairí dumpáilte, seachas meath ar an bhfeidhmíocht arbh iad féin ba chúis leis. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh. |
5.2.4. Laghdú tomhaltais
|
(343) |
Mar a leagtar amach in aithrisí (257) go (258) thuas, tháinig méadú 11 % ar thomhaltas an Aontais ó 2020 go 2021, mar thoradh ar an méadú ar an éileamh. Thit an t-éileamh ansin faoi bhun leibhéil 2020 in 2022 agus tharla laghdú breise ansin in 2023-sa tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(344) |
D’áitigh an coiste roisín eapocsaigh go raibh an t-éileamh níos ísle ó 2022 mar thoradh díreach ar choigeartuithe caighdeánacha margaidh a rinne monaróirí péinte ar dhálaí athraitheacha an mhargaidh seachas mar thoradh ar aon chleachtas iomaíoch éagórach. Thagair PPG freisin don laghdú mór ar thomhaltas tar éis 2021 i gcomhthéacs cúisíochta. D’áitigh Aditya Birla freisin, le laghdú ar thomhaltas, go dtiocfadh laghdú ar dhíolacháin freisin agus nach raibh baint ar bith ag an éabhlóid sin leis na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann. Thairis sin, mhaígh Cortex gurbh iad na fadhbanna in earnáil na tógála, ceann de na príomh-mhargaí le haghaidh roisíní eapocsacha, a raibh tionchar díreach acu ar bhrabúsacht an táirge lena mbaineann. Mhaígh Cortex go raibh tionchar ag leibhéal foriomlán tomhaltais an táirge lena mbaineann san Aontas ar an laghdú ar bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais. |
|
(345) |
Go deimhin, tháinig crapadh 7 bpointe céatadáin ar mhargadh an Aontais idir 2022 agus 2023 (agus ina dhiaidh sin) agus tháinig crapadh 11 % air ar an iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla an meath sin mar thoradh ar phaindéim COVID-19, dístocáil fardal agus cor chun donais eacnamaíoch i gcoitinne. Faoi ghnáthdhálaí iomaíochta, i margadh den sórt sin atá ag laghdú, bheadh laghdú cothrom, a bheag nó a mhór, tagtha ar mhéideanna díolachán na rannpháirtithe uile sa mhargadh. Sa chás seo, áfach, fuair na tíortha lena mbaineann sciar breise 5.2 pointe céatadáin breise de sciar margaidh de mhargadh an Aontais idir 2022 agus an tréimhse imscrúdúcháin chun dochair do thionscal an Aontais (a chaill sciar 6 phointe céatadáin den mhargadh), agus bhí sciar iomlán den mhargadh de na tíortha allmhairiúcháin eile fós cobhsaí. Thairis sin, níor mhínigh na páirtithe cén fáth a gcuirfeadh an crapadh ar éileamh iallach ar thionscal an Aontais a bhfuil os cionn 55 % den sciar den mhargadh aige a gcuid táirgí a dhíol go tobann i bhfad faoi bhun an chostais. Thairis sin, tháinig laghdú beagnach 14 % ar an éileamh cheana féin idir 2021 agus 2022 (dá bhrí sin dhá oiread níos mó ná idir 2022-2023), agus bhí táirgeoirí an Aontais fós in ann tairbhe a bhaint as brabúis shláintiúla. |
|
(346) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh na bpáirtithe toisc nár suíodh go ndearna an crapadh eacnamaíoch díobháil ábhartha do thionscal an Aontais sa chás seo. |
5.2.5. Cinntí gnó na ngearánach
|
(347) |
Mhaígh Cortex, PPG agus Akzo Nobel go raibh méadú mór ar an éileamh ar roisíní eapocsacha in 2020-2021 agus, an tráth céanna, tugadh faoi deara gur mhéadaigh na táirgeoirí gearánacha praghsanna go mór agus go míréasúnta ar mhargadh an Aontais. De réir Cortex agus PPG, d’fhorchuir na táirgeoirí gearánacha praghsanna i bhfad níos airde ná na costais táirgthe, rud a spreag custaiméirí ansin chun foinsí soláthair malartacha a lorg. Dá bhrí sin, d’áitigh Cortex go raibh an méadú ar allmhairí ó 2020-2021 ó na tíortha lena mbaineann mar thoradh ar ghníomhaíochtaí nádúrtha fhórsaí an mhargaidh, agus in 2022 agus níos faide ar aghaidh d’fhan méideanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann cobhsaí. |
|
(348) |
Mar a leagtar amach in aithris (306), bhain caillteanas do tháirgeoirí sampláilte an Aontais in 2020 agus níor phostáil siad brabúis eisceachtúla go dtí 2021 mar thoradh ar (i) fhás ar an éileamh, (ii) shuaitheadh i slabhraí soláthair as ar eascair géarú ar an soláthar agus (iii) an méadú ar phraghsanna díolacháin (os cionn an mhéadaithe de réir a chéile ar phraghsanna hidreacarbóin). Ní mór freagairt tháirgeoirí an Aontais ar na dálaí margaidh a bhí ann an tráth sin a mheas mar fhreagairt réasúnach ghnó d’oibreoir eacnamaíoch i ngeilleagar margaidh. Ní féidir a mheas, áfach, go bhfuil an meath ar thionscal an Aontais le linn borradh ar allmhairí ar phraghas íseal mar thoradh ar fhórsaí an mhargaidh. Tugtar faoi deara go raibh méadú seasta ag teacht ar na hallmhairí carntha ó na tíortha lena mbaineann gach aon bhliain den tréimhse faoi bhreathnú (dá bhrí sin, ní hamháin idir 2020-2021), agus go raibh sciar margaidh tháirgeoirí an Aontais ag titim agus go raibh iomlán na n-allmhairí ó thíortha eile cobhsaí. Thairis sin, rinne na praghsanna allmhairiúcháin ó gach ceann de na tíortha lena mbaineann sladghearradh ar phraghsanna an Aontais cheana féin ó 2021. Cé gur éirigh éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí ar phraghas íseal agus na n-allmhairí méadaitheacha níos suntasaí fós in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, d’fhan straitéis na n-onnmhaireoirí ó na tíortha lena mbaineann gan athrú go bunúsach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar chonclúid, níl aon nasc idir an beartas praghsála agus cinntí gnó eile de chuid thionscal an Aontais agus an díobháil a rinneadh. Ní de thoradh fhórsaí an mhargaidh shaoir a rinneadh díobháil do thionscal an Aontais, ach de thoradh cleachtais tráchtála éagóracha na n-onnmhaireoirí ó na tíortha lena mbaineann. |
|
(349) |
Rinne PPG tagairt bhreise do straitéis líomhnaithe tháirgeoirí an Aontais chun tús áite a thabhairt do chorrlaigh/luachanna aonaid níos airde thar mhéideanna na ndíolachán in 2021. Níor thug PPG bunús, áfach, leis an gcaoi agus leis an bhfáth a mbeadh meathlú ar dhálaí thionscal an Aontais ó 2022 ar aghaidh mar thoradh ar an iompraíocht tráchtála sin sa tréimhse ina raibh brabúis shláintiúla ag tionscal an Aontais, nó a gcuirfeadh sé fiú leis an meath sin, gan trácht ar an gcaoi a mhaolódh iompraíocht den sórt sin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus díobháil ábhartha tháirgeoirí an Aontais. |
|
(350) |
D’áitigh Cortex freisin, cé is moite de na cinntí praghsála, gur dócha go raibh tionchar ag cinntí gnó eile na dtáirgeoirí gearánacha (amhail línte táirgthe bisfeanóil A, gléasra cuméine nó oibríochtaí roisín eapocsaigh lasmuigh den Aontas a dhúnadh) ar a leibhéal ginearálta táirgthe agus brabúsachta. Ar an gcaoi chéanna, mhaígh Aditya Birla gurbh é dúnadh ghléasraí Olin agus Westlake a bhí pleanáilte go straitéiseach ba chúis leis an laghdú mór ar tháirgeadh. |
|
(351) |
Ar an gcéad dul síos, níor dhún Westlake ná Olin a ngléasraí roisín eapocsaigh san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cé go bhféadfadh sé gur laghdaigh táirgeoirí an Aontais a n-oibríochtaí i margadh atá ag dul i léig, ar an iomlán, mar a leagtar amach i dTábla 5, d’fhan an acmhainneacht táirgeachta ar leibhéil chobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ar an dara dul síos, theip ar Cortex bunús a thabhairt leis an gcaoi a ndéanfadh oibríochtaí táirgeoirí cleamhnaithe eile nó oibríochtaí a bhaineann le sócmhainní éagsúla seachas roisíní eapocsacha difear do bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais i ngnó na roisíní eapocsacha. |
|
(352) |
Ina theannta sin, thagair PPG d’infheistíochtaí neamhleora a rinne Olin agus Westlake ina saoráidí atá as dáta chomh maith le líon na n-imeachtaí force majeure a d’agair Westlake i gcomhthéacs cúisíochta. |
|
(353) |
Tugtar faoi deara go raibh an leibhéal comhdhlúite infheistíochta don dá tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú (in 2020-2022 den chuid is mó) agus go raibh sé níos airde in aon chás i gcoibhneas leis na leibhéil táirgeachta agus díolacháin le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le tús na tréimhse faoi bhreathnú. Cé gur maolaíodh an ghníomhaíocht infheistíochta i dtreo dheireadh na tréimhse faoi bhreathnú (a raibh titim 16 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar thoradh air) ba é an margadh lag agus an fheidhmíocht airgeadais is déanaí de chuid na gcuideachtaí lena mbaineann ba chúis leis sin. Mar sin féin, rinneadh raon leathan infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) trealamh a uasghrádú agus saoráidí a nuachóiriú amhail córais a rialú chun an scrogall a bhaint den phróiseas táirgthe; (ii) gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach agus comhlíonadh rialachán comhshaoil agus sábháilteachta a áirithiú. Ar an gcaoi chéanna, ní léiriú é force majeure a agairt ar ócáidí aonair ar aon impleachtaí níos leithne d’éifeachtúlacht táirgeachta tháirgeoirí an Aontais. Ar an iomlán, níl aon léiriú ann go ndéanfadh an laghdú breathnaithe ar infheistíocht difear ar bhealach ar bith d’iomaíochas tháirgeoirí an Aontais. Mar chonclúid, theip ar PPG bunús a thabhairt leis an gcaoi a ndéanfadh na hinfheistíochtaí a líomhnaítear nach leor iad díobháil do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh. |
5.3. Conclúid maidir le cúisíocht
|
(354) |
Suíodh nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ar thaobh amháin agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais ar an taobh eile. Bhí comhtharlú ama ann idir an méadú suntasach ar mhéid agus sciar margaidh na n-allmhairí dumpáilte agus feidhmíocht thionscal an Aontais a bheith ag dul in olcas, rud a bhí le feiceáil go háirithe ó 2022 ar aghaidh. I margadh a bhí sách lag le crapadh éilimh, rinne méideanna méadaithe na n-allmhairí dumpáilte rátaí oibriúcháin thionscal an Aontais a chreimeadh mar aon lena chumas praghsanna a shocrú lena ndéanfaí na costais arda táirgthe a ionsú, rud a léirigh go soiléir go raibh ísliú praghsanna ann. Ba é an toradh a bhí ar an staid sin gur bhain caillteanas do tháirgeoirí an Aontais in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(355) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar thosca féideartha eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar staid thionscal an Aontais. Rinne an Coimisiún idirdhealú agus deighilt idir éifeachtaí na dtosca seo ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte. |
|
(356) |
Maidir le héifeachtaí allmhairí ó thríú tíortha, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, cé is moite d’allmhairí na Cóiré, nach ndearna na hallmhairí sin díobháil do thionscal an Aontais. Ar an iomlán, bhí sciartha cobhsaí den mhargadh agus praghsanna níos airde ná praghsanna na n-allmhairí dumpáilte ag na tríú tíortha, go háirithe sa tréimhse 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin nuair ba shuntasaí éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte. Maidir le hallmhairí na Cóiré go sonrach, rinne siad sladghearradh ar phraghsanna díolacháin an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus mhéadaigh siad a sciar den mhargadh san Aontas ó 11 % go 15 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus mhéadaigh an tSín, an Téaváin agus an Téalainn a sciar margaidh carnach ó 3.5 % go 16.9 % (90).. Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh sé gur chuir allmhairí na Cóiré le staid dhíobhálach thionscal an Aontais, níor mhaolaigh allmhairí na Cóiré an nasc cúisíoch idir na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
|
(357) |
Ar an gcaoi chéanna, níor mhaolaigh feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais an nasc cúisíoch. Lean na díolacháin onnmhairiúcháin, ó thaobh méide agus praghais de, patrún a bhí cosúil leis an bpatrún a breathnaíodh le haghaidh dhíolacháin an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is amhlaidh atá toisc go mbíonn na dúshláin chéanna roimh tháirgeoirí an Aontais ina margaí onnmhairiúcháin traidisiúnta, agus go mbíonn orthu dul in iomaíocht le táirgeoirí ó na tíortha lena mbaineann lena n-allmhairí ar phraghas íseal. Mar chonclúid, cé gur chuir éifeacht na feidhmíochta onnmhairiúcháin ar tháirgeoirí an Aontais leis an staid dhíobhálach ag táirgeoirí an Aontais, ar na cúiseanna a mhínítear in aithrisí (335) go (340), níor bhris sé an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
|
(358) |
Maidir leis an laghdú ar thomhaltas agus an méadú ar chostas táirgthe mar thoradh ar an ardú ar phraghsanna amhábhar, níl aon amhras ach go raibh go leor dúshlán roimh thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Murach an brú praghsanna ó na hallmhairí dumpáilte, áfach, bheadh tionscal an Aontais in ann na méaduithe costais a chur ar aghaidh agus freagairt go leordhóthanach do dhálaí athraitheacha an mhargaidh. Mar a luadh thuas, níor cheart go gcuirfeadh allmhairí dumpáilte cosc ar tháirgeoirí an Aontais praghsanna a mhéadú chun méaduithe costais a chur ar aghaidh. Dá bhrí sin, cé gur thug an ghéarchéim fuinnimh agus an crapadh éilimh dúshlán mór do tháirgeoirí an Aontais, suíodh nach ndearna na forbairtí sin díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. |
|
(359) |
Maidir leis na cinntí gnó a dhéanann táirgeoirí an Aontais, bíodh sé i ndáil lena méaduithe ar phraghsanna, lena gcinntí infheistíochta nó lena n-oibríochtaí gléasra, rinneadh na cinntí sin mar fhreagairt ar dhálaí an mhargaidh atá i réim agus ní mór breathnú orthu mar chinntí gnó réasúnacha a dhéanfadh aon oibreoir eacnamaíoch i ngeilleagar margaidh. Dá bhrí sin, shuigh an Coimisiún nach ndearna na cinntí sin díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. |
|
(360) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim seo go raibh na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ina gcúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais agus nár maolaíodh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha de thoradh na dtosca eile (allmhairí ón gCóiré agus feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais), arna meas ar bhonn aonair nó go comhpháirteach. Is éard atá sa díobháil laghdú maidir le sciar den mhargadh, táirgeadh, úsáid acmhainneachta táirgeachta, táirgiúlacht, brabúsacht, stoic dheiridh, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíochtaí. Thairis sin, mar a mhínítear thuas in aithris (276), d’fhulaing tionscal an Aontais ísliú praghsanna mar gheall ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
|
(361) |
Chun leibhéal na mbeart a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte. |
6.1. Corrlach díobhála
|
(362) |
Thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a bhaint amach trí dhíol ar spriocphraghas de réir bhrí Airteagal 7(2c) agus Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán. |
|
(363) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shocrú, chuir an Coimisiún na tosca seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart an corrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %. |
|
(364) |
Maidir leis an mbrabús le haghaidh tháirgeoirí sampláilte an Aontais, bhí sé ag athrú go forleathan i rith an ama laistigh den tréimhse faoi bhreathnú. Baineadh amach na brabúis thar a bheith ard in 2021-2022 i dtréimhse urghnách éilimh a spreag geilleagar COVID-19 agus srianta ar an slabhra soláthair. Dá bhrí sin, ní bheadh sé iomchuí na figiúirí brabúis ó 2021-2022 a úsáid mar bhrabús bunúsach i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán. Ina theannta sin, i gcás na mblianta roimh an tréimhse faoi bhreathnú, níorbh fhéidir leibhéil bheachta nó iomchuí bhrabúsachta a shainaithint ach oiread i bhfianaise na heaspa sonraí iontaofa maidir le brabúis mar gheall ar shrianta ar an gcóras corparáideach nó rudaí a bheith ag luascadh ó bhrabúis mhóra go brabúsacht an-diúltach. Dá bhrí sin, shuigh an Coimisiún an spriocbhrabús chun an praghas neamhdhíobhálach a chinneadh ag 6 %, i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán. Thairis sin, ní dhearna aon cheann de tháirgeoirí sampláilte an Aontais éileamh a raibh bunús leis ar infheistíochtaí ligthe thar ceal nó ar chostais T & F agus nuálaíochta. I bhfianaise na bhfíoras sin, chuaigh an Coimisiún i muinín úsáid a bhaint as an spriocbhrabús íosta 6 % a cuireadh le costas táirgthe iarbhír thionscal an Aontais chun an praghas neamhdhíobhála a shuí. |
|
(365) |
Ós rud é nach ndearnadh aon mhaíomh cuí-réasúnaithe de bhun Airteagal 7(2d) maidir le costais reatha nó costais a bheidh ann amach anseo a eascraíonn as comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha agus as prótacail fúthu nó as na Coinbhinsiúin EIS atá liostaithe, níor cuireadh aon chostais bhreise leis an bpraghas neamhdhíobhála a suíodh dá bhrí sin. |
|
(366) |
Ansin chinn an Coimisiún leibhéal an chorrlaigh díobhála ar bhonn comparáid idir an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte sna tíortha lena mbaineann, mar a suíodh i leith ríomhanna sladghearrtha praghais, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh aon difríocht a d’eascair ón gcomparáid sin mar chéatadán den mheánluach ualaithe CAL ar allmhairiú. |
|
(367) |
Sainítear an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh ‘cuideachtaí comhoibríocha eile’ agus le haghaidh ‘gach allmhaire eile’ de thionscnamh na tíre lena mbaineann ar an mbealach céanna agus a shainítear an corrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí agus na n-allmhairí sin.
|
6.2. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
|
(368) |
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála sealadacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:
|
7. LEAS AN AONTAIS
|
(369) |
Tar éis dó a chinneadh Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfadh sé a chinneadh go soiléir nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a ghlacadh sa chás seo, d’ainneoin an chinnidh maidir le dumpáil dhíobhálach, i gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán. |
|
(370) |
Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí. |
7.1. Leas thionscal an Aontais
|
(371) |
Mar a mhínítear in aithris (249), tá 6 ghrúpa táirgeoirí i dtionscal an Aontais a mhonaraíonn an táirge faoi imscrúdú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(372) |
Tá tionscal roisín eapocsaigh an Aontais ríthábhachtach do bhonn tionsclaíoch an Aontais. Úsáidtear roisín eapocsach, ceimiceán uiscedhíonach, le haghaidh bratuithe agus greamacháin sa tionscal cosanta, gluaisteán, aeraspáis, leictreonaice, tógála, feistí leighis, fuinnimh, agus go leor tionscail chriticiúla eile. Úsáidtear roisín eapocsach freisin le haghaidh earraí tí agus tomhaltóirí agus i bpróiseáil agus i bpacáil bia. |
|
(373) |
Tá ról tábhachtach ag roisín eapocsach san aistriú fuinnimh freisin toisc go n-ionchorpraíonn táirgí a úsáidtear chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh agus a stóráil (amhail lanna tuirbíní gaoithe, ceallraí, cealla breosla, agus grianphainéil) roisín eapocsach mar chomhpháirt nach féidir aon rud eile a chur ina áit chun fad saoil agus éifeachtúlacht a áirithiú. Chuir Comhlachas Thionscal Ceimiceán Phoblacht na Seice (a thacaíonn leis na bearta agus a bhfuil an táirgeoir gearánach Seiceach Spolchemie ar cheann dá chomhaltaí) i bhfios go láidir freisin gur féidir an t-aistriú glas i slabhra soláthair ceimiceán an Aontais agus na spriocanna aeráide a bhaint amach trí chothrom iomaíochta a áirithiú san Aontas. |
|
(374) |
Ar an iomlán, dá bhforchuirfí bearta sa chás seo, is dócha go mbeadh méid níos airde díolachán ann do tháirgeoirí an Aontais agus, dá bhrí sin, go mbeadh úsáid agus aisghabháil acmhainneachta níos fearr ann i gcorrlaigh oibriúcháin agus i mbrabús. Mar thoradh ar an bhfeidhmíocht fheabhsaithe, bheadh leibhéil leanúnacha infheistíochta agus fostaíochta ann agus chuirfí nuálaíocht leanúnach chun cinn. |
|
(375) |
Rachadh na bearta chun tairbhe do na tionscail réamhtheachtacha freisin, rud a fhágfaidh go mbeidh éileamh níos inbhuanaithe ar amhábhair le méideanna táirgeachta roisíní eapocsacha atá ag méadú. |
|
(376) |
Gan bhearta, bheadh sé níos dóchúla go ndéanfaí tuilleadh creimthe ar an lorg monaraíochta roisín eapocsaigh san Aontas. Dá dtitfeadh rátaí úsáide as a chéile, bheadh oibríochtaí costais sheasta arda ann a bheadh neamh-inbhuanaithe chomh maith le laghduithe géara ar na hinfheistíochtaí, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh caillteanais post a bheith ann, agus mar thoradh air sin, ní bheadh na hoibríochtaí in ann dul in iomaíocht le hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. Mar a thug Comhlachas Tionscail Ceimiceán na Polainne faoi deara freisin (chun tacú leis na bearta), bíonn tionchar diúltach ag allmhairí roisíní eapocsacha ar phraghsanna nach léiríonn luach cóir an mhargaidh, ní hamháin ar an margadh roisín eapocsaigh, ach ar mhargaí réamhtheachtacha freisin (amhail an margadh le haghaidh feanóil). |
|
(377) |
Ina theannta sin, i bhfianaise na n-imscrúduithe cosanta trádála atá ar siúl faoi láthair i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcoinne na dtíortha lena mbaineann, dá bhforchuirfí dleachtanna, is dócha go ndéanfaí onnmhairí a atreorú chuig cinn scríbe eile, amhail an tAontas, i bhfianaise chomh tarraingteach is atá sé mar mhargadh malartach. Bheadh staid thionscal an Aontais níos measa fós de bharr atreorú ar shreabha trádála i dtreo an Aontais in éagmais beart. |
|
(378) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh sé chun leas thionscal an Aontais dleachtanna frithdhumpála a fhorchur. |
7.2. Leas na n-úsáideoirí
|
(379) |
Sa chás seo, tháinig úsáideoirí a dhéanann ionadaíocht den chuid is mó ar an deighleog bhratuithe/phéinteála agus ar dheighleog an tionscail gaoithe chun cinn. Déanann an ceann deireanach ionadaíocht ar dhá cheann d’fheidhmeanna an phríomhúsáideora den táirge lena mbaineann. Thug roinnt úsáideoirí (PPG, Akzo Nobel, Sherwin Williams, Siemens Gamesa, Allnex Europe) freagra ar an gceistneoir úsáideoirí a cuireadh ar fáil ag tús an imscrúdaithe. Ghlac úsáideoirí eile (MIPA agus Emil Frei) páirt san imscrúdú gan an ceistneoir tiomnaithe d’úsáideoirí a líonadh isteach. |
|
(380) |
I gcás úsáideoirí sa tionscal bratuithe, léiríonn a bhfeidhmíocht airgeadais (ar a laghad i gcás na n-úsáideoirí a chuir freagraí struchtúrtha ceistneora isteach lena gcumhdaítear a ngnó bratuithe Aontais ar fad) gur bhain siad leas as corrlaigh bhrabúis mhóra, agus bhain siad digití dúbailte amach fiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Thairis sin, thug na haighneachtaí d’úsáideoirí an tionscail bratuithe le fios go bhfuil cion an chostais roisín eapocsaigh ar a gcostas táirgthe teoranta agus nach mó é ná 10 % den chostas táirgthe de ghnáth. Ina theannta sin, ní raibh a n-ioncam a fuarthas ó na táirgí ina n-ionchorpraítear roisíní eapocsacha níos airde ná 40-45 % (agus go minic i bhfad níos ísle ná sin). |
|
(381) |
Maidir leis na húsáideoirí sa tionscal gaoithe, cé go bhfuil siad leochaileach, is é an t-úsáideoir a tháinig chun tosaigh le freagra ar cheistneoir an Choimisiúin (Siemens Gamesa) atá i gceannas ar mhargadh na gaoithe amach ón gcósta agus thug sé isteach sásraí conarthacha chun fálú in aghaidh luaineachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i bpraghsanna amhábhar agus níl i gcostas roisíní eapocsacha ar chostas tuirbíní gaoithe (gnó ina n-oibríonn úsáideoirí an tionscail gaoithe (91)) ach thart ar [0-3] %. |
|
(382) |
I gcomhthéacs anailís leasa na n-úsáideoirí, is díol suntais é gur aithin roinnt úsáideoirí (amhail Akzo Nobel nó Emil Frei) go bhféadfadh allmhairí roisíní eapocsacha na Síne díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais. |
7.3. Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil
|
(383) |
Maidir le hallmhaireoirí neamhghaolmhara, chomhoibrigh dhá chuideachta (Cortex agus Comexim) leis an imscrúdú seo, lena n-áirítear trí fhreagraí a thabhairt ar cheistneoir an Choimisiúin. Tháinig allmhaireoir neamhghaolmhar eile, Monchy, chun cinn freisin, agus chuir sé in iúl go raibh sé i gcoinne bearta frithdhumpála a d’fhéadfadh a bheith ann. Bhí Cortex i bhfabhar bearta frithdhumpála a fhorchur ar an tSín, ag maíomh go ndéanfaí gnáthdhálaí trádála a athbhunú mar thoradh ar ghníomhaíocht den sórt sin, ach chuir sé i gcoinne chur i bhfeidhm na mbeart maidir le tíortha seachas an tSín. |
7.4. Barúlacha na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí
|
(384) |
D’áitigh Cortex nach bhfuil cur i bhfeidhm leathan na mbeart frithdhumpála (a bhaineann le tíortha eile seachas an tSín) chun leas an Aontais. De réir Cortex, tá teorainn le cumas oibreoirí an Aontais freastal ar riachtanais mhargadh an Aontais le haghaidh roisíní eapocsacha agus d’fhéadfadh sé nach leor é. D’áitigh Comexim agus Monchy freisin nach leor an méid a tháirgtear san Eoraip chun éileamh an Aontais a chumhdach. D’áitigh PPG freisin go bhfuil sé ríthábhachtach foinsí malartacha soláthair a choinneáil ar bun ar phraghsanna iomaíocha i bhfianaise an laghdaithe ar tháirgeadh agus roinnt dearbhuithe force majeure ó tháirgeoirí an Aontais san am a chuaigh thart. D’áitigh Sherwin Williams freisin nach leor acmhainneacht an Aontais chun éileamh an Aontais a chumhdach agus go mbeadh laghdú ar infhaighteacht an táirge lena mbaineann ar mhargadh an Aontais mar thoradh ar dhleachtanna. |
|
(385) |
Thairis sin, de réir PPG, má fhorchuirtear dleachtanna frithdhumpála, déanfar margadh an roisín eapocsaigh a chomhchruinniú a thuilleadh i lámha táirgeoirí móra, rud a rachaidh chun dochair do thomhaltóirí agus d’iomaíocht an mhargaidh ina iomláine. |
|
(386) |
Ar deireadh, de réir PPG, chuirfeadh na dleachtanna bac ar spriocanna an Aontais maidir le neodracht carbóin agus fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach, a mhéid a chuirfeadh sé isteach ar shlabhra soláthair na roisíní eapocsacha. D’áitigh Siemens Gamesa Renewable Energy (‘SGRE’) freisin go mbeadh forchur beart frithdhumpála bunoscionn leis na cuspóirí beartais fuinnimh arna leagan síos ag an Aontas, go n-aistreodh na húsáideoirí a dtáirgeadh lasmuigh den Aontas nó go bhfágfaidís an margadh ina iomláine fiú agus nach bhfuil aon roghanna malartacha inmharthana ann ar allmhairí roisíní eapocsacha ó na tíortha lena mbaineann. Chuir Sherwin Williams in iúl freisin gur cúis imní dó go bhféadfaí tionscail iartheachtacha a athlonnú lasmuigh den Aontas mar thoradh ar dhleachtanna a fhorchur. |
|
(387) |
Ar an gcéad dul síos, maidir leis an maíomh nach bhfuil tionscal an Aontais in ann an t-éileamh a chumhdach agus an fhéidearthacht go mbeadh foinsí malartacha eile ann, mheabhraigh an Coimisiún go bhfuil tíortha móra onnmhairiúcháin eile ann amhail an India, an Chóiré nó an Eilvéis agus a dtáirgeoirí, ar foinsí malartacha soláthair iad agus a chruthaíonn iomaíocht shláintiúil do thionscal an Aontais. Ar an dara dul síos, ní chuirfear cosc ar allmhairí ón tSín, ón Téalainn ná ón Téaváin a bhfuil praghas cothrom orthu teacht isteach san Aontas. Dá bhrí sin, ní dócha go dtiocfaidh méadú ar thiúchan táirgeoirí i margadh an roisín eapocsaigh mar thoradh ar dhleachtanna frithdhumpála a fhorchur. Ar an tríú dul síos, níor chuir na páirtithe aon fhianaise a raibh bonn maith údair léi ar fáil nach mbeadh táirgeoirí an Aontais in ann an t-éileamh a thagann ó úsáideoirí an Aontais a shásamh. Cé go bhféadfadh sé gur laghdaigh táirgeoirí an Aontais a rátaí oibriúcháin i margadh atá ag dul i léig, mar a leagtar amach in aithris (351), d’fhan a n-acmhainneacht táirgeachta ar leibhéil chobhsaí agus leordhóthanacha le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(388) |
Thairis sin, in éagmais beart, ní hamháin go gcuirfí tionscal na roisíní eapocsacha san Aontas i mbaol, ach d’fhéadfaí cobhsaíocht an tsoláthair eapocsaigh do na húsáideoirí eapocsacha a chur i mbaol freisin. Murab ionann agus an méid a d’áitigh na páirtithe, dá mbeifí ag brath ar allmhairí dumpáilte bhainfí an bonn d’iarrachtaí an Aontais a bhonn tionsclaíoch iontaofa féin a fhorbairt agus na spriocanna maidir le fuinneamh in-athnuaite agus neodracht carbóin a bhaint amach. Ina theannta sin, mar a dúirt duine de na húsáideoirí (Allnex Europe) freisin, cé go bhféadfadh éagsúlacht i gcáilíocht agus i bhfeidhmíocht a bheith le feiceáil i roisíní eapocsacha na Síne, is gnách go mbíonn comhsheasmhacht ag baint le roisíní a tháirgtear san Aontas i bhfeidhmeanna ina bhfuil feidhmíocht agus comhlíonadh rialála ríthábhachtach. |
|
(389) |
Ar deireadh, i bhfianaise leibhéal na brabúsachta (le haghaidh an tionscail bratuithe go príomha) agus/nó an chion theoranta den chostas eapocsach ar chostas táirgthe na n-úsáideoirí (féach aithrisí (380) go (381) chun tuilleadh sonraí a fháil) chomh maith le foinsí malartacha soláthair atá ann cheana, níor cheart éifeacht thoirmeascach a bheith ag forchur beart ar na húsáideoirí, gan trácht ar iallach a chur orthu athlonnú lasmuigh den Aontas. Diúltaíodh d’argóintí na bpáirtithe dá bhrí sin. |
|
(390) |
D’áitigh an coiste roisín eapocsaigh freisin nach chun leas foriomlán an Aontais é dleachtanna frithdhumpála a fhorchur toisc go méadódh céim den sórt sin praghsanna roisíní eapocsacha le haghaidh na n-úsáideoirí tionsclaíocha agus na dtomhaltóirí deiridh san Aontas. D’áitigh Cortex freisin go gcuirfear costas na ndleachtanna ar aghaidh ar fad chuig tomhaltóirí, rud a dhéanfaidh difear dóibh. Ar deireadh, mhaígh PPG go dtiocfadh méaduithe ar phraghsanna roisíní eapocsacha mar thoradh ar dhleachtanna frithdhumpála a fhorchur, rud a chuirfeadh brú ar PPG agus ar úsáideoirí eile an Aontais praghsanna a mhéadú. Go deimhin, d’áitigh PPG nach mbeadh sé in ann aon mhéadú ar chostais ábhar a d’eascair as na dleachtanna frithdhumpála a chur ar aghaidh agus go ndéanfadh méadú den sórt sin ar chostais difear d’iomaíochas PPG i margadh an Aontais. D’áitigh Monchy freisin go mbeadh éifeacht dhíobhálach ag forchur beart ar fheidhmíocht airgeadais agus ar staid fostaíochta an allmhaireora. Ar deireadh, d’áitigh SGRE go ndéanfadh na bearta difear do mharthanas teicneolaíoch fadtéarmach thionscal na n-úsáideoirí. |
|
(391) |
Ar an gcéad dul síos, cé go bhféadfadh méadú ar an bpraghas eapocsach a bheith mar thoradh ar na bearta frithdhumpála agus go bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar roinnt allmhaireoirí, ar thionscal úsáideoirí agus úsáideoirí deiridh táirgí ina bhfuil eapocsach, níl sa mhaíomh sin ach tuairimíocht toisc nár cuireadh aon fhianaise ar fáil chun an éifeacht a bheadh ag na dleachtanna a chainníochtú. Thairis sin, ní thuarann foinsí faisnéise margaidh (is iad sin, Tecnon OrbiChem ina dTuarascáil ChemFocus (92) ó mhí Dheireadh Fómhair 2024) ach méadú beag ar phraghsanna má thugtar bearta frithdhumpála isteach maidir le hallmhairí roisín eapocsaigh. Thairis sin, ní bheadh in aon cheartú praghsanna ach léiriú ar an athbhunú cóirthrádála i gcás ina raibh praghsanna thionscal an Aontais laghdaithe ag brú anuas a tháinig ó na hallmhairí dumpáilte. Ina theannta sin, le hoibríochtaí ardbhrabúsacha úsáideoirí bratuithe (amhail PPG), beifear in ann aon mhéadú féideartha ar chostais a ionsú agus socraítear na dleachtanna a fhorchuirtear ar leibhéal a chuirfidh ar chumas na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí leanúint de roisíní eapocsacha a allmhairiú, ar phraghsanna réasúnta agus cothroma. Mar chonclúid, ní féidir gur mó na héifeachtaí díobhálacha barúlacha ar na tionscail úsáideoirí agus ar na hallmhaireoirí ná an gá ar leith atá le cothrom iomaíochta a athbhunú ar mhargadh roisín eapocsach an Aontais, go háirithe i gcás ina bhfuil caomhnú thionscal an Aontais i mbaol. |
|
(392) |
I bhfianaise an mhéid thuas, is dócha go mbeidh éifeacht neamhábhartha ag na bearta ar na húsáideoirí agus ar na tomhaltóirí. Is féidir teacht ar chonclúid den sórt sin bunaithe ar mheascán de na fachtóirí seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, bíonn cion an chostais roisín eapocsaigh ar na táirgí iartheachtacha nó ar na hearraí tomhaltais deiridh teoranta go ginearálta. Ar an dara dul síos, tá foinsí malartacha roisín eapocsaigh ar fáil go héasca ó tháirgeoirí an Aontais agus ó fhoinsí éagsúla eile allmhairí, rud a áirithíonn soláthar seasta agus iomaíocht shláintiúil. Ar deireadh, is dócha go maolóidh an brú iomaíoch aon mhéadú féideartha ar chostais a d’fhéadfadh eascairt as forchur na ndleachtanna sin. |
|
(393) |
Ina theannta sin, is dócha gur beag tionchar (más ann dó) a bheidh ag na bearta ar allmhaireoirí toisc gur féidir leo leanúint de roisín eapocsach a allmhairiú ar phraghsanna córa ó na tíortha lena mbaineann nó ó thríú tíortha eile, rud a chruthóidh iomaíocht shláintiúil don roisín eapocsach a tháirgtear sa bhaile. |
7.5. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(394) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh ann d’aon chúis láidir nach mbeadh sé le leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh na Síne, na Téaváine agus na Téalainne ag an gcéim seo den imscrúdú. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA
|
(395) |
Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte. |
|
(396) |
Ba cheart bearta frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí roisín eapocsaigh de thionscnamh na Síne, na Téalainne agus na Téaváine i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Is ar leibhéal an chorrlaigh dumpála nó an chorrlaigh díobhála, cibé acu luach ab ísle, a socraíodh méid na ndleachtanna. |
|
(397) |
I bhfianaise a bhfuil thuas ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(398) |
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh [na tíre lena mbaineann]’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair. |
|
(399) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a thaispeántar sonrasc tráchtála bailí d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh [an tír lena mbaineann]’. |
|
(400) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(401) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta(í) aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
9. CLÁRÚ
|
(402) |
Mar a luaitear in aithris (3), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. Rinneadh an clárú chun go mbeadh an fhéidearthacht ann dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. |
|
(403) |
I bhfianaise na dtorthaí ag an gcéim shealadach, ba cheart scor de chlárú na n-allmhairí. |
|
(404) |
Ní dhearnadh aon chinneadh ag an gcéim seo de na himeachtaí maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach féideartha na mbeart frithdhumpála. |
10. FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH
|
(405) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh 3 lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh. |
|
(406) |
Chuir Aditya Birla, an gearánach agus Grúpa Sinochem barúlacha isteach, ach níor léirigh aon cheann de na barúlacha ábhair imní maidir le cruinneas na ríomhanna, áfach. Tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar na barúlacha a thug na páirtithe sin ag an gcéim chinntitheach. |
11. FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
(407) |
Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta. |
|
(408) |
Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur na ndleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí ina bhfuil, de réir meáchain, cion 35 % nó níos mó de roisíní eapocsacha, ar a dtugtar roisíní eapocsaíde nó poileapocsaídí freisin, ar polaiméirí nó réamhpholaiméirí iad ina bhfuil grúpaí eapocsacha imoibríocha, atá bunaithe ar eipeaclóraihidrin agus ar chomhpháirt alcólach alafatach nó aramatach (amhail bisfeanól A), i bhfoirmeacha soladacha, leathsholadacha nó leachtacha, de gach cineál gráid, íonachta, meáchain móilín nó struchtúir mhóilínigh, bíodh modhnóirí, oibreáin leasaithe, nó breiseáin iontu nó ná bíodh, fad nach mbeidh imoibriú ceimiceach déanta ag na hoibreáin leasaithe sa tslí go leasaítear an roisín eapocsach nó go dtiontaítear é ina tháirge difriúil nach bhfuil grúpaí eapocsacha ann a thuilleadh, atá aicmithe faoi láthair faoi chóid AC ex 2910 90 00 , ex 3824 99 92 , ex 3824 99 93 , agus ex 3907 30 00 (cóid TARIC 2910 90 00 05, 3824 99 92 96, 3824 99 93 10, 3907 30 00 05, 3907 30 00 20, agus 3907 30 00 80), agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Phoblacht na Téaváine agus na Téalainne.
Ní áirítear ar an táirge a thuairiscítear in Airteagal 1(1) na táirgí seo a leanas:
|
— |
Táirgí áirithe péinte agus brataithe, ar cumaisc, meascáin, nó foirmlithe eile de roisín eapocsach, oibreán leasaithe, agus lí iad, in aon fhoirm, iad pacáistithe i gcoimeádán amháin nó níos mó, a bhfuil an méid seo a leanas i gceist leo (1) tá 10 faoin gcéad ar a laghad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an lí, (2) tá 80 faoin gcéad ar a mhéad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an roisín eapocsach, agus (3) tá idir 5 agus 40 faoin gcéad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an oibreán leasaithe. |
|
— |
Fabraicí nó snáithíní réamhthuilte, a dtugtar ‘pre-pregs’ orthu go minic, ar ábhair chomhchodacha iad, arb é atá iontu fabraicí nó snáithíní (de charbón nó de ghloine de ghnáth) atá tuilte le roisín eapocsach. |
|
— |
Cumaisc roisíní eapocsacha agus ábhar eile, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC seachas 2910 90 00 , 3824 99 92 , 3824 99 93 , agus 3907 30 00 . |
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála sealadach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála shealadach |
Cód breise TARIC |
|||||
|
an tSín |
Grúpa Jiangsu Sanmu Co., Ltd. |
24,2 % |
89LO |
|||||
|
Grúpa Sinochem:
|
40,8 % |
89LP |
||||||
|
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn |
30,3 % |
|
||||||
|
Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne |
40,8 % |
8999 |
||||||
|
an Téaváin |
Chang Chun Plastics Co |
10,8 % |
89LQ |
|||||
|
Nan Ya Plastics |
11,0 % |
89LR |
||||||
|
Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téaváine |
11,0 % |
8999 |
||||||
|
an Téalainn |
Aditya Birla Chemicals (an Téalainn) Limited |
32,1 % |
89LS |
|||||
|
Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téalainne |
32,1 % |
8999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid san aonad atá á úsáid againn) den (táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann.
4. An táirge dá dtagraítear i mír 1, beidh a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta a sholáthar a bheidh comhionann le méid na dleachta sealadaí.
5. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
1. Cuirfidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha i scríbhinn maidir leis an rialachán seo faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear rún an Choimisiúin deireadh a chur leis an imeacht seo i leith Phoblacht na Cóiré laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2. Maidir leis na páirtithe leasmhara ar mian leo éisteacht leis an gCoimisiún a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3. Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála, iarrtar orthu déanamh amhlaidh laistigh de 5 lá féilire tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú a dhéanamh ar iarrataí a chuirtear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus cinneadh a dhéanamh ar cheart glacadh leis na hiarrataí sin más iomchuí.
Airteagal 3
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí mar a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2714.
2. Maidir le sonraí arna mbailiú i ndáil le táirgí a tháinig isteach san Aontas Eorpach lena dtomhailt tráth nach faide ná 90 lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar iad a choimeád go dtí go dtiocfaidh aon bhearta cinntitheacha i bhfeidhm, sin nó go dtí go bhfoirceannfar na himeachtaí seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 ar feadh tréimhse 6 mhí.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) IO C 4137, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4137/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2714 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena ndéantar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Phoblacht na Cóiré, na Téaváine agus na Téalainne a chur faoi réir a gcláraithe (IO L, 2024/2714, 25.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2714/oj).
(4) Ionadaíocht a dhéanamh do Ghrúpa Jiangsu Sanmu Co., Ltd, Jiangsu Kumho Yangnong Chemical Co. Ltd, Jiangsu Ruiheng New Material Technology Co., Ltd, agus Nantong Xingchen Synthetic Material Co. Ltd.
(5) https://tron.trade.ec.europa.eu/Investigations/case-view?caseId=2733.
(6) Go háirithe fo-earnáil na bpolaiméirí, arb í fócas an imscrúdaithe reatha í.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí eiritríotóil de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2024/1959, 19.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/100/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí aigéid chitrigh a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú onnmhaireora nua de bhun Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2023/2180, 17.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2180/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí glúcónáite sóidiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 100, 13.4.2023, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/752/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/441 ón gCoimisiún an 11 Márta 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéad sulfainileach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 85 100, 12.3.2021, lch. 154, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/441/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959 ón gCoimisiún, aithrisí 161-162; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180 ón gCoimisiún, aithrisí 89-90; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752 ón gCoimisiún, aithris 70; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/441 ón gCoimisiún, aithris 99.
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959 ón gCoimisiún, aithrisí 103-113; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180 ón gCoimisiún, aithrisí 46-50; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752 ón gCoimisiún, aithris 49, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/441 ón gCoimisiún, aithrisí 59-65.
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959 ón gCoimisiún, aithrisí 114-122; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180 ón gCoimisiún, aithrisí 51-55; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752 ón gCoimisiún, aithrisí 50-54; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/441 ón gCoimisiún, aithrisí 66-68; Cé go bhféadfaí a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a chur as a bpost, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, modh tábhachtach eile trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachtaí na Síne, tá eagraíocht Pháirtí Cumannach na Síne le bunú i ngach cuideachta (ina bhfuil ar a laghad triúr comhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha i bhfeidhm is gá le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. San am atá thart, is cosúil nár comhlíonadh an ceanglas sin i gcónaí nó nár cuireadh i bhfeidhm go docht é. Mar sin féin, ó bhí 2016 ann ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne a chuid maíomh chun cinntí gnó a rialú i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit mar phrionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin go bhfuil brú á chur ag Páirtí Cumannach na Síne ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus brú méadaitheach ann go mbeadh an focal deiridh ag eagraíochtaí de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ndáil leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú agus soláthróirí a gcuid ionchur.
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959 ón gCoimisiún, aithrisí 123-133; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180 ón gCoimisiún, aithrisí 56-65; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752 ón gCoimisiún, aithrisí 55-63; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/441 ón gCoimisiún, aithrisí 69-79.
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959 ón gCoimisiún, aithrisí 134-138; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180 ón gCoimisiún, aithrisí 66-69; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752 ón gCoimisiún, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/441 ón gCoimisiún, aithrisí 80-83.
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959 ón gCoimisiún, aithrisí 139-142; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180 ón gCoimisiún, aithrisí 71-72; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752 ón gCoimisiún, aithris 65; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/441 ón gCoimisiún, aithrisí 84-85.
(14) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1959 ón gCoimisiún, aithrisí 143-152; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2180 ón gCoimisiún, aithrisí 72-81; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/752 ón gCoimisiún, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/441 ón gCoimisiún, aithrisí 86-95.
(15) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 10 Aibreán 2024, SWD (2024) 91 final, atá le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2024)91&lang=en, lena n-áirítear an leagan roimhe seo den doiciméad: Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD (2017) 483 final/2, atá le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2017)483&lang=en.
(16) Féach leathanaigh 20-22 den ghearán.
(17) Féach leathanaigh 22-23 den ghearán.
(18) Féach leathanaigh 24-25 den ghearán.
(19) Féach leathanaigh 25-26 den ghearán.
(20) Féach: http://www.graceepoxy.com/ (arna rochtain an 4 Nollaig 2024).
(21) Féach: https://www.wellswam.com/ (arna rochtain an 4 Nollaig 2024).
(22) Féach: http://san-mu.com/ (arna rochtain an 4 Nollaig 2024).
(23) Féach: https://www.sinochem.com/sinochem/guwm/qygk/jj/A031002001001Gone1.html (arna rochtain an 4 Nollaig 2024).
(24) Féach: http://www.sinopecgroup.com/group/en/ (arna rochtain an 5 Nollaig 2024).
(25) Féach: https://www.chinabaogao.com/detail/702936.html (arna rochtain an 4 Nollaig 2024).
(26) Féach tuarascáil bhliantúil 2023 ó Ghrúpa Fujian Sanmu, lch. 63, atá le fáil ag: http://static.cninfo.com.cn/finalpage/2024-04-25/1219790731.PDF (arna rochtain an 5 Nollaig 2024).
(27) Féach: http://wap.sasac.gov.cn/n2588045/n27271785/n27271792/c14159097/content.html (arna rochtain an 5 Nollaig 2024).
(28) Féach Airteagal 33 de Bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne, Airteagal 19 de Dhlí Cuideachtaí na Síne. Féach freisin an Tuarascáil, Caibidil 3, lgh. 47-50.
(29) Féach: https://www.chinaepoxy.com/article/116 (arna rochtain an 5 Nollaig 2024).
(30) Féach Airteagail Chomhlachais Chónaidhm Thionscal Peitriliam agus Ceimiceán na Síne, Airteagal 3, ar fáil ag: http://www.cpcif.org.cn/detail/40288043661e27fb01661e386a3f0001?e=1 (arna rochtain an 5 Nollaig 2024).
(31) Ibid.
(32) Féach Airteagail Chomhlachais Chónaidhm Thionscal Peitriliam agus Ceimiceán na Síne, Airteagal 36, ar fáil ag: http://www.cpcif.org.cn/detail/40288043661e27fb01661e386a3f0001?e=1 (arna rochtain an 5 Nollaig 2024).
(33) Féach Airt. 12 d’Airteagail Chomhlachais Huibo New Marterials, atá le fáil ag: http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESZ_STOCK/2024/3/2024-03-13/9867790.PDF (arna rochtain an 9 Nollaig 2024).
(34) Féach Tuarascáil Bhliantúil 2023 ó Ghrúpa Fujian Samu, leathanach 32 atá le fáil ag: http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESZ_STOCK/2024/2024-4/2024-04-25/10054249.PDF.
(35) Féach: https://www.sinochem.com/sinochem/guwm/zlzz/ds/A031002002002Gone1.html, (arna rochtain an 10 Nollaig 2024).
(36) Féach: https://www.sinochem.com/sinochem/dzyjj/dj11/A031007001Gone1.html (arna rochtain an 9 Nollaig 2024).
(37) Féach: http://www.sinopecgroup.com/group/gsglc/index.shtml, (arna rochtain an 10 Nollaig 2024).
(38) Féach: http://www.sinopecgroup.com/group/000/000/041/41878.shtml (arna rochtain an 10 Nollaig 2024).
(39) An Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 16.
(40) Ibid, Roinn 16.3.
(41) Féach Roinn IV.3, ar fáil ag: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2021-12/29/content_5665166.htm (arna rochtain an 6 Nollaig 2024).
(42) Féach: https://kj.yueyang.gov.cn/20422/20423/content_2164298.html (arna rochtain an 9 Nollaig 2024).
(43) Féach: https://finance.sina.com.cn/jjxw/2024-12-05/doc-incyizxz3336680.shtml (arna rochtain an 10 Nollaig 2024).
(44) Féach Tuarascáil Bhliantúil Hongchang Electronics Materials 2023, lch. 118, le fáil ag: http://www.graceepoxy.com/UploadFiles/20240516/2024516102534937102XW9FP3HR1N.pdf (arna rochtain an 9 Nollaig 2024).
(45) Féach Tuarascáil Bhliantúil Huibo New Materials 2023, lch. 1161, atá le fáil ag: http://static.cninfo.com.cn/finalpage/2024-04-25/1219792519.PDF (arna rochtain an 9 Nollaig 2024).
(46) Féach Tuarascáil Bhliantúil Ghrúpa Fujian Sanmu 2023, lch. 8, atá ar fáil ag: https://q.stock.sohu.com/newpdf/202457839703.pdf (arna rochtain an 10 Nollaig 2024).
(47) Féach fonóta 12 in aithris 67 den Rialachán.
(48) Féach fonóta 13 in aithris 67 den Rialachán.
(49) Féach fonóta 14 in aithris 67 den Rialachán.
(50) Féach Roinn VIII.16, ar fáil ag: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2022-04/08/content_5683972.htm#msdynttrid=WRmyf07ph0z74SHmXoOLKjRWl09BdZ4lGdYp9fiI9xU (arna rochtain an 16 Nollaig 2024).
(51) Cuid I den Tuarascáil. Féach aithrisí 73-94 den rialachán.
(52) Cuid II den Tuarascáil. Féach aithrisí 95-97 den rialachán.
(53) Féach aithrisí 69-71 den rialachán.
(54) Féach aithrisí 73-75 den rialachán.
(55) Féach aithrisí 75-79 agus aithris 86 den rialachán.
(56) Féach aithris 94 den rialachán.
(57) Féach aithrisí 95-97 den rialachán.
(58) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.
(59) https://www.adityabirla.com/businesses/companies/aditya-birla-chemicals-thailand-abctl/.
(60) Tagairt TRON: t24.010663.
(61) https://www.dic-global.com/my/about/malaysia.html.
(62) https://br.dow.com/pt-br.html.
(64) https://olinepoxy.com/about-us/locations/.
(66) https://www.pea.co.th agus https://www.mea.or.th.
(68) https://app.bot.or.th/BTWS_STAT/statistics/BOTWEBSTAT.aspx?reportID=636&language=ENG, agus go háirithe an meánphá arna aicmiú de réir tionscail (ISIC Rev.4) le haghaidh na hearnála monaraíochta, le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Coigeartaíodh na sonraí ansin chun 5,2 % de mhuirir shóisialta don fhostóir agus 5 % eile de mhuirir shóisialta don fhostaí a chur san áireamh (foinse: https://www.papayaglobal.com/countrypedia/country/thailand). Mionsonraí in Iarscríbhinn IV.
(69) https://rshiny.ilo.org/dataexplorer59/?lang=en&id=HOW_TEMP_SEX_AGE_ECO_NB_A agus go háirithe an mheánuair sheachtainiúil a oibríodh go hiarbhír in aghaidh an fhostaí, don bhliain 2023, don earnáil monaraíochta. Mionsonraí in Iarscríbhinn IV.
(70) An tÚdarás um Leictreachas Cúige, Sonraí Bealtaine 2023 (https://www.pea.co.th/Portals/1/Knowledge%20PEA/PEA%20Electricity%20Tariffs%20MAY66%20Unofficial%20Translation.pdf?ver=2024-05-23-112008-353), Taraif ama úsáide (taraif TOU) — Mórsheirbhís Ghinearálta, Leibhéal voltais faoi bhun 22 Kv. Mionsonraí in Iarscríbhinn IV.
(71) An Aireacht Fuinnimh — an Oifig um Beartas agus Pleanáil Fuinnimh (Tábla 7.2.4) https://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static.
(72) Ibid. Chun tuairisc a fháil ar an modheolaíocht ar mhaithe leis an tagarmharc gaile a ríomh, féach roinn 1.10.
(*1) Seachas eipeaclóraihidrin agus sóid loiscneach
(73) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.
(74) Global Trade Atlas: https://connect.ihsmarkit.com/gta/home/.
(75) https://app.bot.or.th/BTWS_STAT/statistics/BOTWEBSTAT.aspx?reportID=636&language=ENG, agus go háirithe an meánphá arna aicmiú de réir tionscail (ISIC Rev.4) le haghaidh na hearnála monaraíochta, le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Coigeartaíodh na sonraí ansin chun 5,2 % de mhuirir shóisialta don fhostóir agus 5 % eile de mhuirir shóisialta don fhostaí a chur san áireamh (foinse: https://www.papayaglobal.com/countrypedia/country/thailand).
(76) https://www.papayaglobal.com/countrypedia/country/thailand/.
(77) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, Comhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra agus Táirgí Leictreonacha (CCCME) agus Eile v an Coimisiún Eorpach, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663.
(78) Ibid. mír 162.
(79) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 36, 17.2.2022, p. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/191/oj), Aithris 259-260.
(80) An tÚdarás um Leictreachas Cúige, Sonraí Bealtaine 2023 (https://www.pea.co.th/Portals/1/Knowledge%20PEA/PEA%20Electricity%20Tariffs%20MAY66%20Unofficial%20Translation.pdf?ver=2024-05-23-112008-353), Taraif ama úsáide (taraif TOU) — Mórsheirbhís Ghinearálta, Leibhéal voltais faoi bhun 22 Kv.
(81) https://www.mea.or.th/en/our-services/tariff-calculation/latestft.
(82) An Aireacht Fuinnimh — an Oifig um Beartas agus Pleanáil Fuinnimh (Tábla 7.2.4) https://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static. An 9 Deireadh Fómhair 2024 an uair dheireanach a chuathas i gcomhairle leis.
(83) Foinse don luach fuinnimh in MMBtu d’aon mhéadar ciúbach amháin de ghás nádúrtha: Gás Nádúrtha MMBTU Go m3 Agus m3 Go MMBTU Áireamhán + Cairt (learnmetrics.com). An dáta deireanach ar breathnaíodh air an 16 Deireadh Fómhair 2024.
(84) Foinse na héifeachtúlachta dócháin: https://www.energy.gov/eere/amo/articles/benchmark-fuel-cost-steam-generation. An dáta deireanach ar breathnaíodh air an 11 Deireadh Fómhair 2024.
(85) Cé go raibh an ríomh go sonrach le haghaidh gaile ag 4 MPa, léiríonn na táblaí ó Roinn Fuinnimh na Stát Aontaithe go mbeadh an t-athrú praghais níos lú ná 0,6 % le haghaidh gaile ag 1 MPa.
(86) https://connect.ihsmarkit.com/gta/home/.
(87) Epoxy Resins — Chemical Economics Handbook, 2024, 2024 — dá ngairtear ‘S&P Global intelligence’ anseo feasta a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2024. Féach https://www.spglobal.com/commodityinsights/en/ci/products/epoxy-resins-chemical-economics-handbook.html, arna rochtain go deireanach an 29 Samhain 2024 (tuarascáil iomlán ar fáil ar shíntiús).
(88) D’iarr ceann de na húsáideoirí (PPG) ar an gCoimisiún a mheasúnú a dhéanamh ar na figiúirí allmhairiúcháin iarbhír don táirge lena mbaineann. Ní raibh bunús breise leis an iarraidh, áfach, agus ina theannta sin rinneadh í tar éis don sprioc-am chun barúlacha a chur isteach maidir leis an ngearán nó aon ghné maidir le tionscnamh an imscrúdaithe a bheith imithe in éag.
(89) Chun na rátaí úsáide acmhainneachta a ghabháil go cruinn, cuireadh táirgeadh iomlán na mbonnroisíní (lena n-áirítear iad sin a úsáidtear go hinmheánach le haghaidh tuilleadh próiseála chun roisíní ardfhorbartha a dhéanamh) chomh maith le táirgeadh na roisíní ardfhorbartha san áireamh.
(90) Féach Tábla 3 thuas.
(91) Tá sé sin comhsheasmhach le torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála maidir le fabraicí snáithíní gloine, ar dá réir nach ndíoltar na lanna ar leithligh de ghnáth, ach in éineacht le tuirbíní gaoithe nó fiú mar chuid de pháirc ghaoithe iomlán. Féach aithrisí 480-490 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte, (IO L 108, 6.4.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/492/oj).
IARSCRÍBHINN
Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha i nDaon-Phoblacht na Síne nach ndearnadh sampláil orthu
|
Ainm na Cuideachta |
Cód breise TARIC |
|
Allnex Resins (China) Co., Ltd. |
89LT |
|
Chang Chun Chemical (JiangSu) Co., Ltd. |
89LU |
|
Chang Chun Chemical (Panjin) Co. Ltd. |
89LV |
|
Dalian Qihua New Material Co., Ltd. |
89LW |
|
Dongying Hebang Chemical Co., Ltd. |
89LX |
|
Fujian Huanyang New Material Co., Ltd. |
89LY |
|
Sinopec Hunan Petrochemical Co., Ltd. |
89LZ |
|
Techstorm Advanced Material Corporation Limited |
89M0 |
|
Zhuhai Epoxy Base Electronic Material Co., Ltd. |
89M1 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/393/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)