European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/391

24.2.2025

CINNEADH (CBES) 2025/391 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2025

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1).

(2)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise go raibh oibríocht mhíleata á seoladh san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin, lena n-áirítear ó chríoch na Bealarúise. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

(3)

An 2 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/356 (2), lenar leasaíodh teideal Chinneadh 2012/642/CBES agus lenar tugadh isteach bearta sriantacha breise mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 19 Feabhra 2024, cháin an Chomhairle go láidir an tacaíocht leanúnach a thugann réimeas na Bealarúise do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus d’iarr sí ar an mBealarúis staonadh ón ngníomhaíocht sin agus cloí lena hoibleagáidí idirnáisiúnta.

(5)

I bhfianaise thromchúise na staide, measann an Chomhairle gur cheart leasú a dhéanamh ar na critéir ainmniúcháin maidir le daoine, eintitis agus comhlachtaí a liostú atá faoi réir reo a gcistí agus a n-acmhainní eacnamaíocha agus faoi réir an toirmisc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha den sórt sin a chur ar fáil dóibh chun go bhféadfar bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Bealarúise nó a thacaíonn leis, ar bhonn ábhartha nó airgeadais, nó a bhaineann tairbhe as.

(6)

Is gá freisin an toirmeasc a neartú ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a onnmhairiú, mar aon le hearraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú teicneolaíoch earnáil cosanta agus slándála na Bealarúise, chuig eintitis atá ar liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES.

(7)

Is iomchuí freisin an liosta d’earraí a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála a leathnú trí earraí a liostáil a d’úsáid an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin agus earraí a rannchuidíonn le forbairt nó táirgeadh chórais mhíleata na Bealarúise, lena n-áirítear réamhtheachtaithe ceimiceacha le haghaidh oibreáin smachtaithe círéibe, bogearraí a bhaineann le meaisíní um ríomhrialú uimhriúil (CNC), mianta agus comhdhúile cróimiam agus rialaitheoirí a úsáidtear chun aerárthaí gan foireann a threorú (UAVanna).

(8)

Is iomchuí freisin srianta breise a fhorchur ar onnmhairiú na n-earraí a d’fhéadfadh rannchuidiú le hacmhainneachtaí tionsclaíocha na Bealarúise a fheabhsú, amhail dúile ceimiceacha, earraí piriteicniúla agus ábhair indóite.

(9)

Thairis sin, chun an riosca go rachfar timpeall ar bhearta sriantacha a íoslaghdú, is iomchuí liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta atá faoi réir an toirmisc ar idirthuras trí chríoch na Bealarúise a leathnú ar earraí a d’fhéadfadh rannchuidiú, go háirithe, le hacmhainneachtaí tionsclaíocha agus innealra na Bealarúise a fheabhsú.

(10)

Is iomchuí maoluithe a bhunú chun earraí agus innealra áirithe a sholáthar atá riachtanach do líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtach nach bhfuil ar fáil go poiblí.

(11)

Thairis sin, is iomchuí srianta breise a thabhairt isteach ar allmhairiú alúmanaim phríomhúil lenar féidir leis an mBealarúis a foinsí ioncaim a éagsúlú, rud a chumasaíonn a rannpháirtíocht san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

(12)

Is iomchuí freisin srian a fhorchur ar dhíol, soláthar, aistriú, onnmhairiú nó soláthar na mbogearraí a bhaineann leis an taiscéalaíocht ola agus gáis chun srian breise a chur ar thaiscéalaíocht ola agus gáis agus ar acmhainneachtaí táirgeachta na Bealarúise agus chun an riosca go rachfar timpeall ar bhearta sriantacha trí chríoch na Bealarúise a íoslaghdú.

(13)

Chun cosc a chur ar oibreoirí an Aontais rannchuidiú le bonneagar na Bealarúise a fhorbairt, is iomchuí toirmeasc a thabhairt isteach ar sholáthar seirbhísí chuig seirbhísí tógála, lena n-airítear oibreacha innealtóireachta sibhialta.

(14)

Cuirtear toirmeasc ar bhogearraí chun fiontair a bhainistiú agus bogearraí le haghaidh dearadh agus monarú tionsclaíoch a dhíol, a sholáthar, a aistriú, a onnmhairiú, nó a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí poiblí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir. Is iomchuí a shoiléiriú go bhfuil toirmeasc ar chearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a bhaineann leis na bogearraí sin a dhíol, a cheadúnú nó a aistriú ar bhealach ar bith eile.

(15)

Is iomchuí freisin maolú a thabhairt isteach ar an toirmeasc ar sheirbhísí tógála, ailtireachta agus innealtóireachta, seirbhísí comhairleacha dlí agus seirbhísí comhairliúcháin theicneolaíocht na faisnéise a sholáthar i gcás ina bhfuil géarghá leis na seirbhísí sin d’fheidhmiú ionadaíocht chonsalach nó taidhleoireachta na Bealarúise atá lonnaithe i mBallstát.

(16)

Le Cinneadh CBES 2022/1271 leathnaítear raon feidhme an toirmisc ar ghlacadh le taiscí chun taiscí a áireamh ó dhaoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha agus atá faoi úinéireacht tromlaigh ag náisiúnaigh de chuid na Rúise nó ag daoine nádúrtha atá ina gcónaí sa Rúis. Ina theannta sin, cuireann sé glacadh taiscí le haghaidh trádáil trasteorann neamhthoirmiscthe faoi réir údarú roimh ré ag na húdaráis inniúla náisiúnta.

(17)

Is iomchuí freisin toirmeasc a chur ar sheirbhísí tiachóige, seirbhísí cuntais nó seirbhísí cumhdaigh criptea-shócmhainní a sholáthar do dhaoine agus do chónaitheoirí Bealarúiseacha agus, chun teorainn a chur le teacht timpeall ar an toirmeasc, toirmeasc a chur ar náisiúnaigh Bhealarúiseacha nó ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Bhealarúis úinéireacht a bheith acu ar na daoine dlítheanacha, ar na heintitis nó ar na comhlachtaí a sholáthraíonn na seirbhísí sin, nó aon phost a bheith acu orthu ar chomhlachtaí rialaithe na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.

(18)

Chun obair na sochaí sibhialta agus na meán a éascú, is iomchuí díolúine a thabhairt isteach ón toirmeasc maidir le nótaí bainc arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit a úsáid sa Bhealarúis, i gcás inar gá lena n-úsáid sa tsochaí shibhialta agus i ngníomhaíochtaí na meán a chuireann an daonlathas, cearta an duine nó an smacht reachta chun cinn go díreach sa Bhealarúis, faoi choinníollacha áirithe.

(19)

Thairis sin, chun an riosca go rachfar timpeall ar bhearta sriantacha a íoslaghdú, is iomchuí an toirmeasc ar iompar earraí de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais a leasú, lena n-áirítear earraí ar idirthuras, ag oibreoirí ar le duine nádúrtha nó dlítheanach de chuid na Bealarúise 25 % nó níos mó díobh. Na heintitis sin a bhí bunaithe san Aontas roimh an 8 Aibreán 2022 agus a bhí ag feidhmiú cheana mar ghnóthais iompair de bhóthar, ba cheart toirmeasc a chur orthu aon athrú a dhéanamh ar a struchtúr caipitil lena méadófaí an sciar céatadáin atá faoi úinéireacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta de chuid na Bealarúise, ach amháin má fhanann an sciar céatadáin sin faoi bhun 25 % tar éis athrú den sórt sin.

(20)

Chun cuidiú le hathonnmhairiú earraí áirithe a chomhrac, oibreoirí de chuid an Aontais a dhíolann, a sholáthraíonn, a aistríonn nó a onnmhairíonn na hearraí sin chuig tríú tíortha, seachas na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IVa a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES, ceanglaítear orthu sásraí díchill chuí a chur chun feidhme atá in ann na rioscaí a bhaineann le hathonnmhairiú den sórt sin chuig an mBealarúis a shainaithint agus a mheasúnú agus na rioscaí sin a mhaolú. Thairis sin, ceanglaítear ar oibreoirí an Aontais a áirithiú go gcuirfidh daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus atá faoina n-úinéireacht nó faoina rialú na ceanglais sin chun feidhme freisin.

(21)

Is iomchuí maolú a thabhairt isteach lena gceadaítear scaoileadh cistí a bhí reoite mar gheall ar rannpháirtíocht bainc idirmheánaigh liostaithe ina n-aistriú, ar choinníoll gur idir dhá cheann de dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí neamhliostaithe a dhéantar an t-aistriú agus go ndéantar é trí úsáid a bhaint as cuntais in institiúidí creidmheasa neamhliostaithe, mar aon le maolú a thabhairt lena gceadaítear scaoileadh cistí a bhí reoite mar gheall ar rannpháirtíocht bainc eisiúna liostaithe ina n-aistriú ar choinníoll gur idir dhá cheann de dhaoine idir nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí neamhliostaithe a dhéantar an t-aistriú.

(22)

Ar deireadh, is iomchuí leasuithe áirithe a thabhairt isteach i ndáil le forálacha Chinneadh 2012/642/CBES, lena n-áirítear forálacha maidir le díolúintí agus maoluithe ar an toirmeasc ar earraí dé-úsáide agus ardteicneolaíochtaí a onnmhairiú. Ina theannta sin, is iomchuí tagairtí d’idirthréimhsí atá imithe in éag a scrios mar aon le tagairtí eile nach bhfuil gá leo chun forálacha áirithe den Chinneadh sin a chomhlíonadh. Níl sé beartaithe aon éifeacht dhlíthiúil a bheith ag scriosadh tagairtí d’idirthréimhsí atá imithe in éag cheana ar chonarthaí a bhí ann roimhe seo nó atá ar siúl faoi láthair ná ar infheidhmeacht na n-idirthréimhsí sin.

(23)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1b mar a leanas:

(a)

scriostar míreanna 4, 5 agus 6;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘14a.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 3, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt earraí a thagann faoi chóid AC 8517 62 agus 8523 52 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, le haghaidh úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis do na húdaráis sin a chinneadh go bhfuil na hearraí sin nó an cúnamh teicniúil nó airgeadais lena mbaineann beartaithe le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtach nach bhfuil ar fáil go poiblí.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:

‘15.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe chun na gcríoch a áirítear i míreanna 8, 9, 10, 12, 13, 14 agus 14a, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú le haghaidh onnmhairí d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis, má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 16:

‘16.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhíreanna 8, 9, 10, 12, 13, 14 agus 14a laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 2c mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo maidir le hearraí ná teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil nó airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, atá beartaithe chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhais ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha; nó

(b)

chun críocha leighis nó cógaisíochta, ar choinníoll nach liostaítear iad in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

Dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hearraí sin á n-onnmhairiú faoin díolúine ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an onnmhaireoir nó ina bhfuil sé bunaithe faoin gcéad úsáid in aghaidh an fhaighteora sa Bhealarúis a bhaintear as an díolúine ábhartha’

;

(b)

i mír 3a, scriostar na focail ‘, pointí (a) go (e), den Airteagal seo’;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3b.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le ceanglais tuairiscithe a ghabhann le húsáid na ndíolúintí faoi mhír 3 agus aon fhaisnéis bhreise maidir le hearraí a onnmhairítear faoi na díolúintí sin a cheanglóidh an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an onnmhaireoir nó ina bhfuil sé bunaithe.’

;

(d)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

‘4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann beartaithe don mhéid seo a leanas:

(b)

comhar idir-rialtasach i gcláir spáis;

(c)

oibriú, cothabháil, athphróiseáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

(e)

líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha atá ar fáil go neamhphoiblí agus nach maoin í ata faoi úinéireacht eintiteas atá faoi rialú poiblí nó eintiteas ina bhfuil sciar d’úinéireacht phoiblí os cionn 50 %;

(f)

úsáid eisiach eintiteas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú duine dlítheanaigh, eintitis nó comhlachta, go haonarach nó i gcomhpháirt, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nó tíre comhpháirtíochta;

(g)

ionadaíochtaí taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin;

(h)

cibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Bhealarúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an Rialtais sin;

(i)

nuashonruithe bogearraí;

(j)

úsáid mar ghairis chumarsáide tomhaltóirí.; nó

(k)

chun críoch leighis nó cógaisíochta, ar choinníoll go liostaítear iad in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 765/2014.

4a.   De mhaolú ar mhír 1a, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla idirthuras earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide trí chríoch na Bealarúise a údarú tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin beartaithe chun na gcríoch a leagtar amach i bpointí (b), (c), (d), (h) agus (k) de mhír 4 den Airteagal seo.’

;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnacha acu an méid seo a leanas a chreidiúint:

(i)

go bhféadfadh sé gur úsáideoir deiridh míleata, duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht in Iarscríbhinn II a bheadh san úsáideoir deiridh nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí, mura gceadaítear díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó mura gceadaítear cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi Airteagal 2da(1b), pointe (a); nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais beartaithe don tionscal eitlíochta nó spáis.’

;

(3)

leasaítear Airteagal 2d mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear in mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil nó airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, is é sin atá beartaithe chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhais ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó atá beartaithe mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha; nó

(b)

chun críocha leighis nó cógaisíochta, ar choinníoll nach liostaítear iad in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 765/2006.

Dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hearraí sin á n-onnmhairiú faoin díolúine ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an onnmhaireoir nó ina bhfuil sé bunaithe faoin gcéad úsáid in aghaidh an fhaighteora sa Bhealarúis a bhaintear as an díolúine ábhartha’

;

(b)

i mír 3a, scriostar na focail ‘, pointí (a) go (e)’;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3b.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le ceanglais tuairiscithe a ghabhann le húsáid na ndíolúintí faoi mhír 3 agus aon fhaisnéis bhreise maidir le hearraí a onnmhairítear faoi na díolúintí sin a cheanglóidh an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an onnmhaireoir nó ina bhfuil sé bunaithe.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt na hearraí nó teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann beartaithe don mhéid seo a leanas:

(b)

comhar idir-rialtasach i gcláir spáis;

(c)

oibriú, cothabháil, athphróiseáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

(d)

sábháilteachta muirí;

(e)

líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha atá ar fáil go neamhphoiblí agus nach maoin í ata faoi úinéireacht eintiteas atá faoi rialú poiblí nó eintiteas ina bhfuil sciar d’úinéireacht phoiblí os cionn 50 %;

(f)

úsáid eisiach eintiteas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú duine dlítheanaigh, eintitis nó comhlachta, go haonarach nó i gcomhpháirt, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nó tíre comhpháirtíochta;

(g)

ionadaíochtaí taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin;

(h)

cibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Bhealarúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin;

(j)

nuashonruithe bogearraí;

(k)

úsáid mar ghairis chumarsáide tomhaltóirí; nó

(l)

chun críoch leighis nó cógaisíochta, ar choinníoll go liostaítear iad in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 765/2006.’

(e)

scriostar míreanna 4a agus 5a;

(f)

i mír 4b, cuirtear na focail ‘pointí (b), (c), (d), (h) agus (l)’ in ionad na bhfocal ‘pointí (b), (c), (d), (h) agus (h)’;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnacha acu an méid seo a leanas a chreidiúint:

(i)

go bhféadfadh sé gur úsáideoir deiridh míleata, duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht in Iarscríbhinn II a bheadh san úsáideoir deiridh nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí, mura gceadaítear díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó má cheadaítear cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi Airteagal 1da(1b), pointe (a); nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó soláthar an chúnaimh ghaolmhair theicniúil nó airgeadais, beartaithe don tionscal eitlíochta nó spáis.’

;

(4)

leasaítear Airteagal 2da mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide, chomh maith le hearraí agus teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn Va a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 765/2006, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II.’

;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘1a.   Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, agus a bhaineann le soláthar, monarú agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II; nó

(c)

cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a dhíol, a cheadúnú nó a aistriú ar bhealach ar bith eile agus cearta rochtana nó athúsáide a thabhairt ar aon ábhar nó faisnéis a chosnaítear trí bhíthin cearta maoine intleachtúla nó ar rúin trádála iad a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II.

1b.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 1a, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide, chomh maith le hearraí agus teicneolaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn Va a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú ná cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar ach amháin tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

go bhfuil gá leis na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó leis an gcúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, ar teagmhas é ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol; nó

(b)

go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú roimh an 1 Bealtaine 2022.’

;

(5)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 2ed

1.   Cuirfear toirmeasc ar bhogearraí, a dhíol, a sholáthar, a aistriú, a onnmhairiú nó a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na bogearraí dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú, a onnmhairiú nó a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, nó lena n-úsáid sa Bhealarúis;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na bogearraí dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú, a onnmhairiú nó a sholáthar, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis; nó

(c)

cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a dhíol, a cheadúnú nó a aistriú ar bhealach ar bith eile agus cearta rochtana nó athúsáide a thabhairt ar aon ábhar nó faisnéis a chosnaítear trí bhíthin cearta maoine intleachtúla nó ar rúin trádála iad a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, a mhonarú, a chothabháil agus a úsáid, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir le bogearraí a dhíol, a sholáthar, a aistriú, a onnmhairiú ná a sholáthar, ar bogearraí iad is gá go dtí an 26 Bealtaine 2025 maidir le forghníomhú na gconarthaí a tugadh i gcrích roimh an 25 Feabhra 2025, nó na gconarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

4.   De mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, a údarú aon chúnamh teicniúil nó airgeadais a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú agus a sholáthar, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis sin chun an soláthar criticiúil fuinnimh a áirithiú laistigh den Aontas.

5.   Cuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhír 4 laistigh de choicís ón údarú.

6.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na nithe ábhartha a chumhdaítear leis an Airteagal seo a chinneadh.’

;

(6)

in Airteagal 2ec, scriostar mír 3;

(7)

in Airteagal 2f, scriostar mír 5;

(8)

leasaítear Airteagal 2hc mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘2.   Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí tógála, ailtireachta agus innealtóireachta, seirbhísí comhairleacha dlí agus seirbhísí comhairliúcháin TF a sholáthar go díreach nó go hindíreach dóibh seo a leanas:’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Cuirfear toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus seirbhísí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 chun iad a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí poiblí, nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta sin;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus na seirbhísí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 chun iad a sholáthar, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí poiblí, nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta sin; nó

(c)

cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a dhíol, a cheadúnú nó a aistriú ar bhealach ar bith eile agus cearta rochtana nó athúsáide a thabhairt ar aon ábhar nó faisnéis a chosnaítear trí bhíthin cearta maoine intleachtúla nó ar rúin trádála iad a bhaineann leis na bogearraí dá dtagraítear i mír 4 agus maidir le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na mbogearraí sin, go díreach nó go hindíreach, do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí poiblí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta sin.’

;

(c)

scriostar mír 6;

(d)

scriostar mír 9;

(e)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘12a.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla soláthar na seirbhísí dá dtagraítear sa mhír sin a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil géarghá leis na seirbhísí sin d’fheidhmiú ionadaíocht chonsalach nó taidhleoireachta Phoblacht na Bealarúise atá lonnaithe i mBallstát.’

;

(f)

leasaítear mír 13 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h):

‘(g)

soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag oibreoirí teileachumarsáide an Aontais is gá le haghaidh oibriú, cothabháil agus slándáil, lena n-áirítear cibearshlándáil, seirbhísí cumarsáide leictreonaí sa Bhealarúis, san Úcráin, san Aontas, idir an Bhealarúis agus an tAontas, agus idir an Úcráin agus an tAontas, agus le haghaidh seirbhísí lárionaid sonraí san Aontas;

(h)

úsáid eisiach daoine dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí atá bunaithe sa Bhealarúis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú duine dlítheanaigh, eintitis nó comhlachta, go haonarach nó i gcomhpháirt, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, na hEilvéise nó tíre comhpháirtíochta mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV; nó’

;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(i)

tógáil leanúnach bonneagar suas le 25 m ar airde is gá le haghaidh soláthar sibhialta fuinnimh agus dáileadh ar shaoráidí oideachais agus cúraim sláinte.’

;

(9)

in Airteagal 2o, scriostar mír 2,

(10)

in Airteagal 2p, scriostar mír 2;

(11)

in Airteagal 2q, scriostar mír 2;

(12)

in Airteagal 2r, scriostar mír 2;

(13)

leasaítear Airteagal 2ra mar a leanas:

(a)

scriostar mír 9;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘9a.   Maidir leis na hearraí a thagann faoi chód AC 7601, go dtí an 26 Bealtaine 2025, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 i ndáil le forghníomhú na gconarthaí a tugadh i gcrích roimh an 25 Feabhra 2025, nó na gconarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.’

;

(14)

leasaítear Airteagal 2smar a leanas:

(a)

scriostar mír 3;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3aa.   De mhaolú ar mhír 1, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt innealra a thagann faoi chód AC 8471 80 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil an t-innealra nó an cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais den sórt sin beartaithe do líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialta nach bhfuil ar fáil go poiblí.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3b:

‘3b.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhíreanna 3a agus 3aa laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

;

(15)

in Airteagal 2sa, scriostar mír 5;

(16)

leasaítear Airteagal 2t mar a leanas:

(a)

i mír 2, scriostar pointe (b);

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad is iomchuí, soláthar maoinithe phoiblí nó cúnaimh airgeadais a údarú suas le luach iomlán EUR 10 000 000 in aghaidh an tionscadail, ar maoiniú nó cúnamh é a théann chun tairbhe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá bunaithe san Aontas.

4.   Cuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhír 3 laistigh de choicís ón údarú.’

;

(17)

Leasaítear Airteagal 2u mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Beidh toirmeasc ar aon taisce a ghlacadh ó náisiúnaigh de chuid na Bealarúise nó daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Bhealarúis, daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Bhealarúis nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag náisiúnaigh de chuid na Bealarúise nó ag daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Bhealarúis, más mó ná EUR 100 000 luach iomlán thaiscí an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa.’

;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘1a.   Beidh toirmeasc ar sheirbhísí tiachóige criptea-shócmhainní, seirbhísí cuntais nó seirbhísí cumhdaigh a sholáthar do náisiúnaigh Bealarúiseacha nó do dhaoine nádúrtha atá ina gcónaí sa Bhealarúis, nó do dhaoine dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá bunaithe sa Bhealarúis.

1b   Cuirfear toirmeasc ón 26 Márta 2025 ar chead a thabhairt do náisiúnaigh Bealarúiseacha nó do dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Bhealarúis, go díreach nó go hindíreach, aon phost i gcomhlachtaí rialachais duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá ionchorpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit agus a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1a a shealbhú, a rialú, nó na poist sin a bheith acu.’

;

(c)

i mír 2, cuirtear na focail ‘Míreanna 1, 1a agus 1b’ in ionad na bhfocal ‘Mír 1’;

(d)

scriostar mír 3.

(e)

leasaítear mír 4 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘4.   De mhaolú ar mhíreanna (1) agus (1a), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt go nglacfar le héarlais nó le soláthar tiachóige, le seirbhís cuntais nó le seirbhís cumhdaigh den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh, maidir le héarlais nó le soláthar tiachóige, le seirbhís cuntais nó le seirbhís cumhdaigh den sórt sin:’

(ii)

i bpointe (c), scriostar an focal ‘nó’;

(iii)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(e)

go bhfuil siad ceaptha go heisiach chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a choinneáil ar bun ar bhonn rialta;

(f)

is gá le haghaidh trádáil trasteorann neamhthoirmiscthe in earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus an Bhealarúis.’

;

(f)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘5.   De mhaolú ar mhíreanna (1) agus (1a), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt go nglacfar le héarlais nó le soláthar tiachóige, le seirbhís cuntais nó le seirbhís cumhdaigh den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh, maidir le héarlais nó le soláthar tiachóige, le seirbhís cuntais nó le seirbhís cumhdaigh den sórt sin’.

(18)

In Airteagal 2x, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú nótaí bainc arna n-ainmniú in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit ar choinníoll go bhfuil gá iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú le haghaidh an méid seo a leanas:

(a)

úsáid phearsanta daoine nádúrtha a thaistealaíonn go dtí an Bhealarúis nó baill dá ngartheaghlaigh atá ag taisteal leo;

(b)

críocha oifigiúla misin taidhleoireachta, post consalachta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Bhealarúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; nó

(c)

gníomhaíochtaí na sochaí sibhialta agus na meán a chuireann an daonlathas, cearta an duine nó an smacht reachta sa Bhealarúis chun cinn go díreach agus a fhaigheann cistiú poiblí ón Aontas, ó na Ballstáit nó ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn Vba a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.’

;

(19)

leasaítear Airteagal 2z mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1b:

‘1b.   Aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas agus ar le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht de chuid na Bealarúise 25 % nó níos mó díobh, cuirfear toirmeasc ar a ligean chun bheith ina ghnóthas iompair de bhóthar a iompraíonn earraí de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear earraí ar idirthuras.

Aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas roimh an 8 Aibreán 2022, ar gnóthas iompair de bhóthar é cheana a iompraíonn earraí de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear earraí ar idirthuras, cuirfear toirmeasc air aon athrú a dhéanamh ar a struchtúr caipitil lena méadófaí an sciar céatadáin atá faoi úinéireacht duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht Bealarúiseach, ach amháin má fhanann an sciar céatadáin sin faoi bhun 25 % tar éis athrú den sórt sin.’

;

(b)

scriostar mír 3;

(20)

In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1):

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha, a chosc i gcás na ndaoine a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar daoine iad:

(a)

atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, nó a mbaineann a gcuid gníomhaíochtaí an bonn go mór ar shlí eile den daonlathas nó den smacht reachta sa Bhealarúis, agus aon duine a bhfuil baint aige leo;

(b)

a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka nó a thacaíonn leis;

(c)

a eagraíonn gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka nó a rannchuidiú leo, ar gníomhaíochtaí iad lena n-éascaítear an méid seo a leanas:

(i)

trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais; nó

(ii)

aistriú earraí toirmiscthe agus aistriú neamhdhleathach earraí srianta, lena n-áirítear earraí guaiseacha, isteach i gcríoch Ballstáit;

(d)

atá mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch míleata na Bealarúise, a thugann tacaíocht dó, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, nó a bhaineann tairbhe as, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.’

;

(21)

Leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(da)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch míleata na Bealarúise, a thugann tacaíocht dó, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, nó a bhaineann tairbhe as, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (e) agus (f):

‘(e)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú daoine, eintitis nó comhlachtaí a thagann faoi phointí (a) go (da);

(f)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu le daoine, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (b), (c), (d) nó (da).’

;

(22)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 5b

1.   De mhaolú ar Airteagal 4 den Chinneadh seo, agus ar choinníoll go ndearnadh na cistí lena mbaineann a reo mar thoradh ar rannpháirtíocht duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, nó duine dhlítheanaigh faoi úinéireacht nó faoi rialú duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn sin, ag gníomhú dóibh mar bhanc idirghabhálach le linn aistriú na gcistí sin chuig an Aontas ó Phoblacht na Bealarúise, ó thríú tír nó ó laistigh den Aontas, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, údarú a thabhairt cistí reoite áirithe a scaoileadh, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir le haistriú na gcistí sin:

(a)

idir beirt daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(b)

a dhéantar trí úsáid a bhaint as cuntais in institiúidí creidmheasa nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo; agus

(c)

ní sháraíonn siad Airteagal 4(2) ná Airteagal 2k den Chinneadh seo.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo i ndáil le cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha atá i seilbh taisclann lárnach urrús de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

2.   De mhaolú ar Airteagal 4 den Chinneadh seo, agus ar choinníoll go ndearnadh an íocaíocht lena mbaineann a reo mar thoradh ar aistriú chuig an Aontas ó Phoblacht na Bealarúise, ó thríú tír nó ó laistigh den Aontas arna thionscnamh trí dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo nó uaidh, nó trí dhuine dlítheanach faoi úinéireacht nó faoi rialú duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn sin nó uaidh, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, scaoileadh na híocaíochta reoite sin a údarú, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil aistriú na híocaíochta sin:

(a)

idir beirt daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo; agus

(b)

ní sháraíonn siad Airteagal 4(2) ná Airteagal 2k den Chinneadh seo.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo i ndáil le cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha atá i seilbh taisclann lárnach urrús de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

Ní bheidh tairbhithe aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ach ina náisiúnaigh de Bhallstát, de thír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó den Eilvéis, nó daoine nádúrtha ag a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis.

Féadfar údarú amháin in aghaidh an iarratasóra a dheonú faoin mír seo.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoin mír seo laistigh de sheachtain amháin ón údarú.’

;

(23)

in Airteagal 6a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear údaráis forfheidhmiúcháin, údaráis chustaim de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, údaráis inniúla de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), mar aon le brí Treoracha (AE) 2015/849 (*2), agus (AE) 2014/65 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), chomh maith le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais, dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849, agus riarthóirí clár oifigiúil ina ndéantar daoine nádúrtha, daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí chomh maith le maoin dhochorraithe nó maoin shochorraithe a chlárú, faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáil agus a chómhalartú gan mhoill agus, más gá, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6b a phróiseáil agus a chómhalartú le húdaráis inniúla eile sa Bhallstát céanna, le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún, más gá an phróiseáil agus an cómhalartú sin a dhéanamh chun cúraimí an údaráis próiseála nó fála a dhéanamh i gcomhréir leis an gCinneadh seo, go háirithe nuair a bhraitheann siad teagmhais ina ndéantar na toirmisc a leagtar amach sa Chinneadh seo a shárú nó ina dtagtar timpeall orthu, nó teagmhais ina ndéantar iarracht iad a shárú nó teacht timpeall orthu. Tá an fhoráil seo gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht na faisnéise atá i seilbh údaráis bhreithiúnacha.’

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj)."

(*2)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj)."

(*3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173 12.6.2014, lch. 349), ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj).’."

;

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/642/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 67, 2.3.2022, lch. 103 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/356/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/391/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)