European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/376

25.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/376 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2147 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (1), agus go háirithe Airteagal 13 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Comhairle Rialachán (AE) 2023/2147.

(2)

An 8 Samhain 2024, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) arna bhunú de bhun Rún 1591(2005) ó CSNA beirt le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis an mbeirt a liostaigh Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1591 (2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i mí na Samhna 2024, a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (IO L, 2023/2147, 11.10.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147, faoin gceannteideal ‘A. (Daoine Nádúrtha)’, scriostar an dá iontráil seo a leanas:

4.

Abdulrahman JUMA BARAKALLAH

10.

Osman Mohamed HAMID.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/376/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)