|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/373 |
28.2.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/373 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Feabhra 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 a mhéid a bhaineann leis an údarú arna dheonú don Pholainn leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 ón gComhairle (2), tugadh údarú don Pholainn beart speisialta a thabhairt isteach, de mhaolú ar Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE, lena gceanglaítear ar sholáthróirí sásra éigeantach um íocaíocht dheighilte a chur i bhfeidhm (‘an beart speisialta’). Leis an sásra éigeantach um íocaíocht dheighilte, cuirtear d’oibleagáid ar sholáthróirí (daoine inchánach) cáin bhreisluacha (CBL) a íoc ar shonraisc a eisítear i ndáil leis na soláthairtí earraí agus seirbhísí atá soghabhálach do chalaois agus a chumhdaítear go ginearálta le sásra aistrithe táillí agus le dliteanas comhpháirteach agus leithleach sa Pholainn,le cuntas bainc ar leithligh atá blocáilte agus a osclaítear sa Pholainn. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/559 (3) ón gComhairle, cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta go dtí an 28 Feabhra 2025. |
|
(2) |
Le litreacha a cláraíodh leis an gCoimisiún an 27 Márta 2024 agus an 1 Deireadh Fómhair 2024, d’iarr an Pholainn údarú, i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE, chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 29 Feabhra 2028 (‘an iarraidh’). |
|
(3) |
De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, chuir an Coimisiún an iarraidh ar aghaidh chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 9 Deireadh Fómhair 2024. Le litir dar dáta an 10 Deireadh Fómhair 2024, thug an Coimisiún fógra don Pholainn go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
|
(4) |
Tá feidhm ag an mbeart speisialta maidir leis na hearraí agus na seirbhísí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 i gcomhréir leis an Aicmiú Polannach Earraí agus Seirbhísí. Tá córas na hAinmníochta Comhcheangailte a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (4), á chur in ionad an chórais aicmithe sin ag an bPolainn faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart liosta simplithe de chatagóirí earraí agus seirbhísí a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur in ionad an liosta san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310. Dhearbhaigh an Pholainn nach leathnaítear raon feidhme an bhirt speisialta le hionadú an liosta. |
|
(5) |
An 13 Samhain 2023, chuir an Pholainn tuarascáil isteach de bhun Airteagal 2, an dara mír, de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 maidir le tionchar foriomlán an tsínidh leis an mbeart speisialta ar leibhéal na calaoise CBL agus ar na daoine inchánach lena mbaineann. Thuairiscigh an Pholainn, ó cuireadh síneadh leis an mbeart speisialta, go bhfuil laghdú tagtha, go háirithe, ar chalaois rothlach sna hearnálacha atá faoina réir, mar shampla cruach, fuíoll, miotail lómhara agus breoslaí, mar thoradh ar a chur i bhfeidhm leanúnach. Thuairiscigh an Pholainn freisin, i gcásanna ina bhfuil duine inchánach i dteideal aisíocaíocht CBL, gur éirigh le húdaráis na Polainne an t-am aisíocaíochta a laghdú faoi bhun 20 lá, chun feabhas a chur ar an tionchar ar shreabhadh airgid an duine inchánach. |
|
(6) |
Deonaítear údaruithe chun beart speisialta a chur i bhfeidhm go ginearálta ar feadh tréimhse theoranta chun gur féidir leis an gCoimisiún a mheas an bhfuil an beart speisialta iomchuí agus éifeachtach nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 29 Feabhra 2028. Más mian leis an bPolainn síneadh breise a chur leis an mbeart speisialta tar éis an 29 Feabhra 2028, ba cheart di iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil maidir le tionchar foriomlán an bhirt speisialta ar leibhéal na calaoise CBL agus ar na daoine inchánacha lena mbaineann. |
|
(7) |
Ní bheidh tionchar diúltach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais deiridh ná ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 ón gComhairle a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, an dara mír, cuirtear ‘an 29 Feabhra 2028’ in ionad an dáta ‘an 28 Feabhra 2025’. |
|
(2) |
cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Polainne.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 ón gComhairle an 18 Feabhra 2019 lena n-údaraítear an Pholainn le beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 51, 22.2.2019, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/310/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/559 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 a mhéid a bhaineann leis an údarú arna dheonú don Pholainn leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 108, 7.4.2022, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/559/oj).
(4) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN
Liosta soláthairtí earraí agus seirbhísí a chumhdaítear le hAirteagal 1
Beidh feidhm ag Airteagal 1 maidir leis na catagóirí soláthairtí earraí agus seirbhísí seo a leanas:
|
(1) |
lamháltais a aistriú chun gáis ceaptha teasa a astú; |
|
(2) |
oibreacha tógála agus cóimeála; |
|
(3) |
cruach agus táirgí cruach; |
|
(4) |
miotail agus táirgí atá déanta as na miotail sin; |
|
(5) |
miotail lómhara agus táirgí atá déanta as na miotail lómhara, seodra, péarlaí, clocha lómhara sin; |
|
(6) |
táirgí agus gléasanna leictreacha áirithe agus táirgí agus gléasanna leictreonacha áirithe (go háirithe: táibléid, ríomhairí glúine, fóin phóca, ceamaraí digiteacha, próiseálaithe, consóil agus meaisíní físchluichí, gléasanna cuimhne); |
|
(7) |
breoslaí; |
|
(8) |
táirgí guail agus fuinnimh guail; |
|
(9) |
ábhair úsáidte áirithe, fuíoll miotail, dramhaíl; |
|
(10) |
olaí agus saillte ainmhíocha agus plandúla; |
|
(11) |
cartúis le haghaidh gléasanna, lena n-áirítear tonóirí, dúigh agus a leithéidí; |
|
(12) |
plaistigh agus earraí plaisteacha, go háirithe scannáin shínteacha; |
|
(13) |
páirteanna agus gabhálais do mhótarfheithiclí.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/373/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)