European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/368

21.2.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/368 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2024

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 a mhéid a bhaineann le pleanáil rollach ilbhliantúil maidir le fearann an ioncaim agus na ndálaí maireachtála

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 ón gCoimisiún (2), bunaíodh pleanáil rollach ilbhliantúil maidir leis an mbailiú sonraí faoi Rialachán (AE) 2019/1700 ó 2021 go dtí 2028.

(2)

Chun a áirithiú go mbeidh an phleanáil rollach ilbhliantúil éifeachtach agus comhsheasmhach le riachtanais na n-úsáideoirí, is gá í a oiriúnú tríd an ábhar ad hoc atá le cumhdach leis an modúl ad hoc le haghaidh 2027 den Suirbhé Eorpach ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála a shonrú, ó tharla nach raibh eolas air tráth a glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256.

(3)

Tá na coigeartuithe ar an bpleanáil rollach ilbhliantúil le teacht i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 24 mhí roimh thús gach tréimhse bailithe sonraí, mar a shonraítear sa phleanáil maidir le bailiú bliantúil nó fobhliantúil sonraí.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/256 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 31 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1700/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí phleanáil rollach ilbhliantúil a bhunú (IO L 54, 26.2.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/256/oj).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/256, cuirtear an méid seo a leanas in ionad chuid B:

‘Cuid B:   Tréimhsí bailithe sonraí le haghaidh na bhfearann a bhfuil roinnt tréimhsiúlachtaí acu

Fearainn

Grúpaí (acrainmneacha)

Blianta bailithe sonraí

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

2028

Lucht Saothair

In aghaidh na ráithe (LFQ)

Gach ráithe

Gach ráithe

Gach ráithe

Gach ráithe

Gach ráithe

Gach ráithe

Gach ráithe

Gach ráithe

In aghaidh na bliana (LFY)

X

X

X

X

X

X

X

X

“Cúiseanna le himirce” agus “socruithe maidir le huaireanta oibre” (LF2YA)

X

 

X

 

X

 

X

 

“Rannpháirtíocht san oideachas foirmiúil agus seachfhoirmiúil agus san oiliúint fhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil (12 mhí)”, “míchumas agus gnéithe eile den Mhodúl Eorpach Íosta maidir le Sláinte” agus “gnéithe den Mhodúl Eorpach Íosta maidir le Sláinte” (LF2YB)

 

X

 

X

 

X

 

X

An staid ina bhfuil imircigh agus a neasghaolta ar mhargadh an tsaothair (LF8YA)

X

 

 

 

 

 

 

 

Pinsin agus rannpháirtíocht sa mhargadh saothair (LF8YB)

 

 

X

 

 

 

 

 

“Daoine óga sa mhargadh saothair” agus “gnóthachtáil oideachais – sonraí, lena n-áirítear oideachas a stopadh nó a tréigeadh” (LF8YC)

 

 

 

X

 

 

 

 

Saol na hoibre agus saol an teaghlaigh a thabhairt chun réitigh (LF8YD)

 

 

 

 

X

 

 

 

Eagrú na hoibre agus socruithe maidir le ham oibre (LF8YE)

 

 

 

 

 

 

X

 

Tionóiscí ag an obair agus fadhbanna sláinte a bhaineann leis an obair (LF8YF)

 

 

 

 

 

 

 

X

Ábhar ad hoc maidir le scileanna gairmiúla

 

X

 

 

 

 

 

 

Ábhar ad hoc maidir le fostaíocht ardáin dhigitigh

 

 

 

 

 

X

 

 

Ioncam agus Dálaí Maireachtála

In aghaidh na bliana (ILCY)

X

X

X

X

X

X

X

X

Leanaí (ILC3YA)

X

 

 

X

 

 

X

 

Sláinte (ILC3YB)

 

X

 

 

X

 

 

X

An Margadh Saothair agus Tithíocht (ILC3YC)

 

 

X

 

 

X

 

 

Mianach saoil (ILC6YA)

 

X

 

 

 

 

 

X’

Tarchur míbhuntáistí ó ghlúin go glúin & Deacrachtaí tithíochta (ILC6YB)

 

 

X

 

 

 

 

 

Rochtain ar sheirbhísí (ILC6YC)

 

 

 

X

 

 

 

 

Rófhéichiúnas, tomhaltas agus saibhreas (ILC6YD)

 

 

 

 

 

X

 

 

Ábhar ad hoc maidir le Socruithe agus dálaí maireachtála leanaí i dteaghlaigh scartha nó teaghlaigh chumaisc

X

 

 

 

 

 

 

 

Ábhar ad hoc maidir le hÉifeachtúlacht fuinnimh an Teaghlaigh

 

 

X

 

 

 

 

 

Ábhar ad hoc maidir le Fuinneamh agus an Comhshaol

 

 

 

 

X

 

 

 

Ábhar ad hoc maidir le Meabhairshláinte agus folláine

 

 

 

 

 

 

X

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/368/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)