|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/363 |
25.2.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE, Euratom) 2025/363 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Feabhra 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le creat um bainistíocht riosca agus um chomhlíontacht le haghaidh oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais, bainistithe leachtachta agus iasachtaithe agus leithdháileadh ceant neamhiomaíoch
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 224(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 ón gCoimisiún (2) leagtar amach creat um bainistíocht riosca agus um chomhlíontacht le haghaidh oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais, bainistithe leachtachta agus iasachtaithe. Áirítear leis an gcreat sin ról an Phríomhoifigigh Riosca. |
|
(2) |
Le Cinneadh (AE, Euratom) 2025/369 (3) ón gCoimisiún, cuireadh feabhas ar chreat um bainistíocht riosca airgeadais agus um chomhlíontacht an Choimisiúin le haghaidh oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais, bainistithe leachtachta agus iasachtaithe de réir bhrí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 agus leathnaíodh a chumhdach freisin chun rioscaí airgeadais a eascraíonn as na hoibríochtaí bainistithe sócmhainní, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais a chumhdach. Sa chomhthéacs sin, leathnaíodh raon feidhme na maoirseachta a dhéanann an Príomhoifigeach Riosca chun rioscaí airgeadais a eascraíonn as na hoibríochtaí airgeadais sin uile a chumhdach. |
|
(3) |
Agus é á chur san áireamh go mbunaítear le Cinneadh (AE, Euratom) 2025/369 ról an Phríomhoifigigh Riosca chun maoirseacht a dhéanamh ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais an Aontais, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart bainistiú riosca airgeadais na n-oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais, bainistithe leachtachta agus iasachtaithe a rialú le rialacha an Chinnidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 maidir le ról an Phríomhoifigigh Riosca agus bunú Beartais Ardleibhéil um Riosca agus um Chomhlíontacht a scriosadh. Thairis sin, ba cheart na forálacha maidir leis an gCoiste um Riosca agus um Chomhlíontacht a scriosadh toisc go bhfuil sainchúram an Choiste sin, a chomhdhéanamh agus a mhodhanna oibre san áireamh anois i gCinneadh (AE) 2025/369. Ar deireadh, ba cheart na tagairtí do thuairim an Phríomhoifigigh Riosca maidir leis an bplean cistiúcháin agus an straitéis bainistithe leachtachta a leasú chun forálacha Chinneadh (AE) 2025/369 a léiriú. |
|
(4) |
I bhfianaise an ghá atá le méideanna méadaitheacha a ardú trí cheantanna le haghaidh urrúis fiachais, is iomchuí dreasachtaí nua a thabhairt isteach chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht sna hidirbhearta sin. Tá sé beartaithe sampla chláir cheantála na mBallstát a leanúint chun a chur ar a gcumas do na hinstitiúidí creidmheasa agus do na gnólachtaí infheistíochta ar comhaltaí iad de líonra na bpríomhdhéileálaithe arna bhunú faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1602 ón gCoimisiún (4) méideanna breise d’urrúis fiachais a dhíoltar ar ceant a cheannach tar éis an praghas ceantála a shocrú. I gcás ina dtagann méadú ar mhargadhphraghas an urrúis cheantáilte tar éis an cheant, cuireann sé ar a gcumas do phríomhdhéileálaithe urrúis fiachais bhreise a cheannach ar phraghas faoi bhun an mhargadhphraghais, agus dá bhrí sin is dreasacht é tairiscint a dhéanamh sa cheant. Dá réir sin, ba cheart cineál nua idirbhirt leithdháilte ceant neamhiomaíoch a thabhairt isteach chun méideanna breise d’urrúis fiachais an Aontais agus Euratom a cheannach ar phraghas socraithe laistigh de thréimhse shocraithe tar éis an cheant. Ba cheart é a bheith indéanta an t-ardán ceantála a úsáid chun an leithdháileadh a dhéanamh. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Chun aistriú rianúil a áirithiú ón gcreat rialachais reatha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 chuig an gcreat nua a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2025/369, ba cheart na socruithe bainistithe riosca atá ann cheana a bhaineann leis an mBeartas Ardleibhéil um Riosca agus um Chomhlíontacht agus leis an gCoiste um Riosca agus um Chomhlíontacht a bheith i bhfeidhm go dtí lá chéad chruinniú an Choiste um Riosca agus um Chomhlíontacht arna bhunú i gCinneadh (AE, Euratom) 2025/369, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an pointe (17) seo a leanas isteach:
(*1) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1602 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2023 maidir leis an líonra príomhdhéileálaithe agus sainiú na gcritéar incháilitheachta le haghaidh príomhshainorduithe agus comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite chun críoch gníomhaíochtaí iasachtaíochta ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO L 196, 4.8.2023, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1602/oj).’ " |
|
(2) |
in Airteagal 4(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Agus an plean cistiúcháin á bhunú, cuirfear tuairim an Phríomhoifigigh Riosca dá dtagraítear in Airteagal 6, pointe (b), de Chinneadh (AE, Euratom) 2025/369 ón gCoimisiún san áireamh go cuí. (*2) (*2) Cinneadh (AE, Euratom) 2025/369 an 21 Feabhra 2025 lena mbunaítear ról an Phríomhoifigigh Riosca a dhéanann maoirseacht ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais an Aontais, (IO L, 2025/369, 25.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/impl/2025/369/oj).’;" |
|
(3) |
in Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(4) |
in Airteagal 8(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: ‘Agus an straitéis bainistithe leachtachta á bunú nó á leasú, cuirfear tuairim an Phríomhoifigigh Riosca dá dtagraítear in Airteagal 6(c) de Chinneadh (AE, Euratom) 2025/369 san áireamh go cuí.’; |
|
(5) |
In Airteagal 12(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) agus phointe (d):
|
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: ‘Beidh bainistiú riosca airgeadais na n-oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais, bainistithe leachtachta agus iasachtaithe faoi rialú Chinneadh (AE, Euratom) 2025/369.’; |
|
(7) |
Scriostar Airteagal 19; |
|
(8) |
Scriostar Airteagail 20 agus 21; |
|
(9) |
Scriostar Airteagail 22 agus 23. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (7) agus (9), ó lá chéad chruinniú an Choiste um Riosca agus um Chomhlíontacht de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2025/369.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2023/2825 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 lena mbunaítear na socruithe maidir le riar agus cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais an Aontais faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe agus oibríochtaí gaolmhara iasachtaithe (IO L, 2023/2825, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2825/oj).
(3) Cinneadh (AE, Euratom) 2025/369 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena mbunaítear ról an Phríomhoifigigh Riosca a dhéanann maoirseacht ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais an Aontais (IO L, 2025/369, 25.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/impl/2025/369/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1602 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2023 maidir leis an líonra príomhdhéileálaithe agus sainiú na gcritéar incháilitheachta le haghaidh príomhshainorduithe agus comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite chun críoch gníomhaíochtaí iasachtaíochta ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO L 196, 4.8.2023, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1602/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/363/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)