European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/359

24.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/359 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Feabhra 2025

maidir le hullmhóid Lactococcus lactis DSM 34262 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach maidir le hullmhóid Lactococcus lactis DSM 34262 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le húdarú na hullmhóide Lactococcus lactis DSM 34262. mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’.

(4)

Sa tuairim uaidh an 26 Meitheamh 2024 (2), tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid go bhfuil Lactococcus lactis DSM 34262 agus an breiseán foirmlithe sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Maidir le sábháilteacht úsáideoirí, ba cheart a mheas go bhféadfadh sé gur íogróir craicinn agus riospráide é an breiseán agus go bhfuil riosca ag gabháil le haon teagmháil tríd an gcraiceann agus an conair riospráide. Léiríodh go raibh ullmhúchán amháin neamhghreannach don chraiceann nó do na súile. Trí Lactococcus lactis DSM 34262 a chur le sadhlas ar íosleibhéal 1×108 CFU/kg d’ábhar plandaí úr, d’fhéadfaí feabhas a chur ar tháirgeadh sadhlais ó ábhar úr ina bhfuil cion ábhair thirim idir 30 % agus 35 %. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar an modh úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid Lactococcus lactis DSM 34262 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8902.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k2084

Lactococcus lactis DSM 34262

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid Lactococcus lactis DSM 34262 ina bhfuil íoschion 3 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Foirm sholadach

--------------

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, sonrófar na dálaí stórála.

2.

Ní úsáidfear an breiseán ach amháin le hábhar plandaí úr a bhfuil sé éasca agus measartha deacair a shadhlasú (2).

3.

Íosdáileog an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i dteaglaim le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1x108 CFU/kg d’ábhar úr.

4.

Má úsáidtear é mar chrió-chosantaí, úsáidfear gliocól poileitiléine (PEG 4000) suas le huastiúchan 0,025 mg/kg sadhlais.

5.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

16 Márta 2035

Tréithriú na substainte gníomhaí

Cealla inmharthana Lactococcus lactis DSM 34262

--------------

Modh anailíse  (1)

Áireamh Lactococcus lactis DSM 34262 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an doirte ar phláta ar agar MRS (ISO 15214)

Sainaithint Lactococcus lactis DSM 34262:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (LGBR) - CEN/TS 17697 nó modhanna seicheamhaithe ADN


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.

(2)  Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste atá measartha deacair a shadhlasú: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/429/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/359/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)