|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/356 |
24.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/356 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Feabhra 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941 a mhéid a bhaineann leis an toirmeasc ar lotnaidí áirithe a thabhairt isteach, a ghluaiseacht, a choinneáil, a iolrú nó a scaoileadh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Liostaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941 ón gCoimisiún (2) na lotnaidí a bhfuil toirmeasc sealadach orthu, de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, a ghluaiseacht laistigh di, nó a choinneáil, a iolrú nó a scaoileadh inti. |
|
(2) |
Áiríodh an lotnaid Leucinodes pseudorbonalis ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941, ar bhonn catagóiriú lotnaide a rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’). |
|
(3) |
In 2024 thug an tÚdarás tuairim eolaíoch uaidh maidir le measúnú iomlán ar an riosca lotnaide a bhaineann le speiceas Afracach Leucinodes (3), lena n-áirítear Leucinodes pseudorbonalis. Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil an dóchúlacht an-bheag go mbunófaí Leucinodes pseudorbonalis san Aontas agus go bhfuil an tionchar a mheastar a bheidh aige an-bheag freisin. |
|
(4) |
I bhfianaise thuairim an Údaráis, is iomchuí teacht ar an gconclúid nach bhfuil riosca fíteashláintíochta do-ghlactha ag gabháil leis an lotnaid Leucinodes pseudorbonalis do chríoch an Aontais agus, dá bhrí sin, nach gcomhlíonann sí na critéir maidir le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a leagtar amach i Roinn 1, ná i Roinn 3, Foroinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031, a mhéid a bhaineann le críoch an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart í a bheith faoi réir na mbeart sealadach a thuilleadh arna nglacadh de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2016/2031. Dá bhrí sin, ba cheart Leucinodes pseudorbonalis a bhaint den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941. |
|
(5) |
Chun sainaithint na lotnaidí atá faoi réir an toirmisc agus fad an toirmisc a éascú, is iomchuí a shonrú san Iarscríbhinn na cóid a úsáidtear san Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí chun na lotnaidí ábhartha agus an dáta éaga a ainmniú. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Tá forálacha an Rialacháin seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2: ‘Airteagal 1 Toirmeasc ar lotnaidí Na lotnaidí a liostaítear san Iarscríbhinn, ní dhéanfar iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, a ghluaiseacht laistigh di, ná a choinneáil, a iolrú, ná a scaoileadh, go dtí an dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn le haghaidh na lotnaide lena mbaineann. Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’ |
|
(2) |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/2019-12-14.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1941 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2022 maidir le toirmeasc ar lotnaidí áirithe a thabhairt isteach, a ghluaiseacht, a choinneáil, a iolrú nó a scaoileadh de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 268, 14.10.2022, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1941/oj).
(3) Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí, 2024. Tuairim Eolaíoch maidir le Measúnú riosca lotnaidí ar speiceas Afracach Leucinodes le haghaidh an Aontais Eorpaigh, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8739.
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN
Liosta na lotnaidí atá faoi réir an toirmisc dá dtagraítear in Airteagal 1:
|
|
Géineas nó speiceas na lotnaidí lena gcóid EECP |
Dáta éaga an toirmisc |
|
1. |
Chloridea virescens Fabricius [HELIVI] |
31 Bealtaine 2027 |
|
2. |
Homona magnanima Dyakonov [HOMOMA] |
31 Bealtaine 2027 |
|
3. |
Resseliella citrifrugis Jiang [RESSCI] |
31 Bealtaine 2027 |
|
4. |
Spodoptera ornithogalli Guenée [PRODOR] |
31 Bealtaine 2027 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/356/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)