European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/351

24.2.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/351 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Feabhra 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia, lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1616 maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bianna, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 282/2008, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 maidir le dea-chleachtas monaraíochta d’ábhair agus d’earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia a mhéid a bhaineann le plaisteach athchúrsáilte agus ábhair eile a bhaineann le rialú cáilíochta agus monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia.

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointí (a), (c), (d), (e), (h), (i) agus (j) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha sonracha maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia. Go háirithe, i gCaibidil II de leagtar amach ceanglais chomhdhéanaimh maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha, chun a áirithiú i dtaobh na n-ábhar plaisteach deiridh atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia go bhfuil siad sábháilte go leor, chun ceanglais Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 a chomhlíonadh.

(2)

I gCaibidil II de, na ceanglais chomhdhéanaimh le haghaidh substaintí is féidir a úsáid i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha, tagraíonn siad go sonrach do ‘sraitheanna plaisteacha’ in ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha. I mórán cásanna, áfach, ní chloíonn ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha le struchtúr sraithe ach is éard a bhíonn iontu ábhar aonchineálach aonair a bhfuil cruth casta air, rud a fhágann go bhfuil débhríocht ann. Dá bhrí sin, i gCaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ba cheart tagairt a dhéanamh d’ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha seachas do shraitheanna plaisteacha. D’fhéadfadh an fhoclaíocht nua a bheith ina hábhar amhrais i dtaobh na gceanglas comhdhéanaimh a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 agus an fheidhm atá acu maidir le sraitheanna neamhphlaisteacha d’ábhair phlaisteacha agus d’earraí plaisteacha, amhail greamacháin, dúigh phriontála, vearnaisí agus bratuithe, agus mar sin ba cheart a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag na ceanglais chomhdhéanaimh maidir leis na sraitheanna sin. Mar sin féin, ba cheart an tagairt do ‘sraitheanna plaisteacha’ i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a choinneáil, ós rud é, i ndáil le hábhair agus earraí ilsrathacha, go gceadaítear leis an tagairt sin go mbeidh feidhm ag roinnt forálacha den Chaibidil sin maidir le sraitheanna áirithe ach ní le sraitheanna eile. Go háirithe, an tsraith phlaisteach a scartar ón mbia le bacainn fheidhmiúil in ábhair ilsrathacha, féadfar an tsraith sin a mhonarú le substaintí nach liostaítear i liosta an Aontais. Ba cheart é a bheith fós indéanta freisin a fhíorú go gcomhlíontar na teorainneacha ascnaimh i gcomhréir le Rialachán (AE) 10/2011 a bhaineann le hábhair agus earraí a thagann faoina raon feidhme, ábhair agus earraí a choinnítear le chéile le greamacháin nó a phriontáiltear agus/nó a chumhdaítear le bratú.

(3)

De réir an tsainmhínithe ar ‘phlaisteach’ i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, is éard atá i ‘plaisteach’ polaiméirí a bhféadfadh breiseáin nó substaintí eile a bheith curtha leo, chun éifeacht fhisiceach nó cheimiceach a bhaint amach sa phlaisteach. Leis an Rialachán sin, údaraítear breiseáin agus substaintí tosaithe in dá chatagóir éagsúla. Dá bhrí sin, ní féidir breiseán a úsáid mar shubstaint tosaithe mura n-údaraítear mar sin é, agus a mhalairt. De ghnáth, ní bhíonn breiseáin nasctha go ceimiceach leis na polaiméirí. Mar sin féin, cáithníní áirithe, snáithíní áirithe nó ábhair sholadacha eile a úsáidtear i bplaistigh chun éifeacht fhisiceach a bhaint amach, déantar na nithe sin a nascadh le cúnamh ó oibreán nasctha leis an bpolaiméir, nó gan an cúnamh sin, chun sláine fhoriomlán an ábhair a áirithiú. I bhfianaise na sainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ar phlaisteach, breiseáin, polaiméirí agus substaintí tosaithe, i gcás inar nasc ceimiceach é an nasc sin, d’fhéadfadh amhras a bheith ann an bhfuil ábhar soladach den sórt sin le meas mar bhreiseán nó mar shubstaint tosaithe. Dá bhrí sin, bíonn éiginnteacht ann an mar bhreiseán nó mar shubstaint tosaithe atá an t-ábhar soladach sin le húdarú. Dá bhrí sin, is iomchuí an sainmhíniú ar bhreiseáin a shoiléiriú. Go háirithe, ós rud é go bhfágann cineál na substaintí tosaithe go bhfuil siad oiriúnach do pholaiméiriú, próiseas lena mbaineann athrú ceimiceach suntasach, ach ní athraíonn ábhair sholadacha a úsáidtear mar bhreiseáin go substaintiúil ón bhfoirm a bhí siad nuair a cuireadh leis iad, ba cheart a mheas maidir leis an ábhar soladach atá nasctha go ceimiceach leis an bpolaiméir lena gcuirtear é go bhfeidhmíonn an t-ábhar sin mar bhreiseán agus ní mar shubstaint tosaigh, cé go bhféadfadh a dhromchla imoibriú fós leis na polaiméirí sa phlaisteach.

(4)

Substaintí údaraithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, díorthaítear ó ábhair de thionscnamh nádúrtha iad, lena n-áirítear mianraí agus orgánaigh bheo, ar ábhair iad a úsáidtear freisin mar bhreiseáin i bplaistigh, mar shnáithíní nó mar cháithníní beaga. Measadh riamh gur shubstaintí iad na hábhair sin a úsáidtear i monaraíocht plaisteach agus, dá bhrí sin, measadh iad a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin sin. Tá comhdhéanamh na substaintí sin casta athraitheach, áfach, agus d’fhéadfadh sé nach bhfuil eolas iomlán orthu. Dá thoradh sin, bíonn sé deacair céannachtaí na substaintí sin a shainiú agus cruthaíonn sé sin deacrachtaí mar tá tábhacht ag baint le sainiú soiléir na substaintí sin chun idirdhealú a dhéanamh idir gach ceann acu agus substaintí eile. Tagraítear do na substaintí sin i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) mar shubstaintí nach eol a gcomhdhéanamh nó a mbíonn a gcomhdhéanamh athraitheach, mar tháirgí imoibriúcháin casta nó mar ábhair bhitheolaíocha (‘UVCB’). Chun ailíniú níos fearr Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a áirithiú agus, go háirithe, chun ailíniú measúnú riosca agus údarú substaintí den sórt sin a éascú amach anseo, is iomchuí, dá bhrí sin, an coincheap sin maidir le substaintí UVCB a chur i bhfeidhm freisin faoi Rialachán (AE) Uimh. 10/2011.

(5)

De bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, i liosta an Aontais de shubstaintí a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, tá na substaintí a údaraítear lena n-úsáid ‘d’aon ghnó’ i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha. I gcásanna áirithe, áirítear in Iarscríbhinn I freisin sonraíochtaí maidir leis na heisíontais a d’fhéadfadh a bheith sa tsubstaint, ar choinníoll go bhfuil siad ábhartha don mheasúnú riosca agus go bhféadfadh siad difear a dhéanamh do shláinte an duine. Is amhlaidh atá i gcás aon táirge imoibriúcháin nó díghrádúcháin a bhaineann le himoibriú substaintí, táirgí is féidir a fhoirmiú le linn mhonaraíocht an ábhair phlaistigh nó an earra phlaistigh. Mar sin féin, ní d’aon ghnó atá na heisíontais, ná na táirgí imoibriúcháin nó sin san ábhar plaisteach nó san earra plaisteach. Dá bhrí sin, is iomchuí an focal ‘d’aon ghnó’ a scriosadh in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011.

(6)

Na substaintí a liostaítear i dtábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, cuirtear in iúl iad le huimhir ábhar teagmhála bia na substainte a ghabhann leo, lena n-uimhir thagartha agus lena n-ainm ceimiceach agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, leis an-uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán (CAS) a ghabhann leo, faoi seach. Is léir ón taithí a fuarthas, áfach, go bhféadfadh amhras a bheith ann fós maidir le céannacht bheacht na substaintí a údaraítear. Ós rud é go mbeidh faisnéis maidir le céannacht na substainte san iarratas ar údarú substainte, amhail an t-ainm ceimiceach, an comhdhéanamh ceimiceach, an leibhéal íonachta, an meáchan móilíneach agus na sonraí speictreascópacha, agus go bhfíoraíonn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás) an fhaisnéis sin, ba cheart céannacht ainmnithe na substaintí a liostaítear i dtábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a mheas i ndáil le céannacht na substainte a shonraítear sa tuairim ón Údarás. Dá bhrí sin, má bhíonn amhras fós ann maidir le hainmniú substainte, ba cheart dul i gcomhairle leis an Údarás.

(7)

Féadfar táirgí bithicídeacha ina bhfuil substaintí gníomhacha a ionchorprú in ábhair éagsúla a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le bia, lena n-áirítear plaistigh. Chun substaintí a úsáid i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia, foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir leis na substaintí sin a bheartaítear a bheith sna hábhair phlaisteacha dheiridh nó sna hearraí plaisteacha deiridh agus a mbeidh feidhm bhithicídeach acu, foráiltear nach mór do na substaintí sin a bheith údaraithe ag an gCoimisiún nó, go dtí go bhfaighfear an t-údarú sin, nach mór iad a bheith ar cheann de na substaintí a áirítear sa liosta sealadach dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin. Le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), áfach, leagtar síos rialacha maidir le húdarú na gcineálacha táirgí bithicídeacha a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis, lena n-áirítear na táirgí sin a bheartaítear a ionchorprú in ábhair agus earraí a bhíonn i dteagmháil le bia, agus maidir le hearraí cóireáilte ina bhfuil na táirgí sin, amhail ábhair agus earraí a bhíonn i dteagmháil le bia, a chur ar an margadh. I gcomhréir leis an Rialachán sin, táirge bithicídeach ina bhfuil substaint ghníomhach, féadfar é a ionchorprú in ábhair a bhíonn i dteagmháil le bia ar choinníoll go ndéanfar an tsubstaint agus an táirge ina bhfuil an tsubstaint sin a fhormheas agus a údarú, faoi seach, le haghaidh na húsáide sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Dá bhrí sin, ba cheart tagairt a dhéanamh i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a mhéid a bhaineann leis na substaintí gníomhacha bithicídeacha agus na táirgí bithicídeacha a fhéadfar a úsáid i monaraíocht ábhar plaisteach a bhíonn i dteagmháil le bia agus atá ann d’aon ghnó in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia.

(8)

Faoi láthair, le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 leagtar síos i taobh na substaintí a úsáidtear i monaraíocht sraitheanna plaisteacha in ábhair phlaisteacha agus in earraí plaisteacha, nach mór na substaintí sin íonacht a bheith acu atá oiriúnach don úsáid atá beartaithe agus don úsáid intuartha a bhainfear as na hábhair nó na hearraí sin. Ón taithí a fuarthas, chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú agus chun cabhrú le hoibreoirí gnó measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh ábhar agus earraí le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, is léir gur cheart coincheap íonachta na substaintí a úsáidtear i monaraíocht ábhar agus earraí a bhíonn i dteagmháil le bia a shainiú. I bhfianaise na faisnéise eolaíche agus na bhforálacha rialála atá ann faoi láthair i ndáil le húdarú substaintí a úsáidtear i monaraíocht ábhar agus earraí a bhíonn i dteagmháil le bia, is iomchuí an t-ardleibhéal íonachta a shainiú le haghaidh substaintí a úsáidtear i monaraíocht ábhar nó earraí a bhíonn i dteagmháil le bia maidir lena gcéannacht agus, de réir mar is ábhartha, maidir leis na sonraíochtaí nó na srianta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, maidir le measúnú riosca i gcomhréir le hAirteagal 19 nó maidir leis an treoir ábhartha ón Údarás. I ndáil leis an méid sin, sa Nóta Treorach uaidh maidir le hiarratas a ullmhú ar mheasúnú sábháilteachta ar shubstaint atá le húsáid in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia (5), shuigh an tÚdarás an prionsabal dá airde an nochtadh do thomhaltóirí trí ascnamh substaintí isteach i mbia ó ábhair nó earraí a bhíonn i dteagmháil le bia, is ea is mó gá a bheadh le sonraí tocsaineolaíocha. Go háirithe, measann an tÚdarás, maidir le substaint a úsáidtear i monaraíocht ábhar nó earra a bhíonn i dteagmháil le bia, i gcás ina bhfuil ascnaimh na substainte sin isteach i mbia ag leibhéal atá faoi bhun 0,00015 mg substaint/kg bia (0,15μg/kg), nach dócha go mbeidh riosca géineatocsaineachta ann agus nach bhfuil gá le tástáil tocsaineachta ar an tsubstaint ascnaimh (6), agus, i gcás ina bhfuil leibhéal ascnaimh níos mó ná 0,15μg/kg ach níos lú ná 0,05 mg/kg aici, nach bhfuil gá ach le sonraí maidir le tástálacha géineatocsaineachta (7). Mar sin féin, ag na céimeanna luatha i bpróiseas monaraíochta ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha, d’fhéadfadh sé nach mbeadh eolas leordhóthanach ar na chéad chéimeanna monaraíochta eile agus/nó úsáid deiridh na n-ábhar agus na n-earraí chun leibhéil ascnaimh substainte isteach i mbia a ríomh. Dá bhrí sin, maidir le substaint a úsáidtear i monaraíocht ábhair nó earra a bhíonn i dteagmháil le bia, chun comhlíontacht na substainte sin leis na leibhéil tairsí sin a mheas, is iomchuí tosca a chur san áireamh a dhéanann difear dá dtiúchan sna hábhair dheiridh agus sna hearraí deiridh agus dá n-ascnamh ó na hábhair dheiridh agus na hearraí deiridh isteach i mbia. Thairis sin, i gcás ina bhfuil gá le measúnú ar ghéineatocsaineacht substainte aonair, ba cheart go bhféadfaí é a ionadú le measúnú ar ghéineatocsaineacht grúpa substaintí, ach é sin a dhéanamh faoi cheanglais shonracha agus faoi cheanglais shonracha amháin (8).

(9)

Le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ní fhorchuirtear srianta ar fhoinse na substaintí is féidir a úsáid i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha agus, dá bhrí sin, féadfar substaintí den sórt sin a mhonarú as dramhaíl. I substaintí a mhonaraítear as dramhaíl, áfach, d’fhéadfadh éilliú teagmhasach a bheith i gceist. Ar mhaithe le sláinte an duine a chosaint agus ós rud é, le próisis mhonaraíochta áirithe substaintí, gur féidir deireadh a chur le láithreacht éilleán teagmhasach nó an láithreacht sin a laghdú chun a áirithiú nach n-eascraíonn riosca do shláinte an duine as an ábhar plaisteach deiridh a bheith éillithe, ba cheart ceanglas a bheith ann ardleibhéal íonachta a bheith ag substaintí arna dtáirgtear as dramhaíl freisin.

(10)

Ní mór rialacha sonracha a leagan síos maidir le híonacht substaintí de thionscnamh nádúrtha, substaintí UVCB mar a thugtar orthu. I gcásanna áirithe, tagann substaint ó chuid d’orgánach nár baineadh aon cheann dá chomhábhair de, nó is de thionscnamh ábhar nádúrtha í nár íonaíodh ach go páirteach agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh a comhdhéanamh iomlán a bheith anaithnid nó athraitheach. I gcásanna eile, áfach, inar féidir an tsubstaint nádúrtha a eastóscadh ón ábhar nádúrtha agus í a íonú tuilleadh, féadfar substaint a bhfuil comhdhéanamh ceimiceach aitheanta aici a fháil. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann le substaintí de thionscnamh nádúrtha, is iomchuí a shonrú conas a chinnfear a gcéannacht chun an ceanglas maidir le hardleibhéal íonachta a chur i bhfeidhm. Ar bhonn an eolais is déanaí, déanann an tÚdarás cur síos chomh mionsonraithe agus is féidir ar chéannacht na substaintí sin, lena n-áirítear a gcomhdhéanamh, a bhfoinse, an próiseas a úsáideadh chun iad a fháil, agus sonraíonn an tÚdarás an codán neamhthréithrithe a mhéid is féidir. I gcás nár soláthraíodh ainmniú mionsonraithe den sórt sin riamh, áfach, ba cheart gurb é ainm na substainte an toisc chinntitheach lena sainaithint.

(11)

Le linn phróisis monaraíochta ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha, ní féidir táirgeadh fuíollghearrthóga, fuíll agus seachtháirgí eile a sheachaint go hiomlán. Trí athphróiseáil na seachtháirgí sin a cheadú chun ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha a mhonarú, is féidir rannchuidiú le hábhar monaraíochta neamh-inúsáidte a laghdú. Más féidir seachtháirgí a úsáid go díreach i monaraíocht plaisteach gan aon oibríochtaí breise seachas gnáthchleachtais thionsclaíocha, amhail mionghearradh agus athghránadh, ní mheastar gur dramhaíl iad. Ós rud é nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2022/1616 (9) ón gCoimisiún maidir leis na seachtháirgí sin agus go bhfuil gá le soiléireacht maidir le cé na seachtháirgí ar féidir a mheas a bheith sábháilte le haghaidh athphróiseála, ba cheart rialacha a leagan síos chun sábháilteacht a n-úsáide a áirithiú. Dá bhrí sin, is iomchuí sainmhíniú ar athphróiseáil a chur san áireamh chun go mbeidh dealú soiléir ann idir na táirgí a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir leo agus iad sin a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2022/1616 maidir leo, agus rialacha a leagan síos maidir le hathphróiseáil shábháilte na seachtháirgí sin.

(12)

Le Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) díspreagtar úsáid a bhaint as ábhair phlaisteacha aon úsáide a bhíonn i dteagmháil le bia mar gheall ar a dtionchar ar an gcomhshaol, agus de bharr sin déantar ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia a dhearadh lena n-úsáid arís agus arís eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh meathlú ar an ábhar plaisteach nó ar an earra plaisteach a bheith mar thoradh ar úsáid arís agus arís eile, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh méadú ar ascnamh na gcomhábhar isteach i mbia, rud a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol. Bíonn comharthaí éagsúla ann a léiríonn meathlú den sórt sin ar ábhair phlaisteacha agus ar earraí plaisteacha, mar shampla, scoilteanna agus mionscoilteanna dromchla, cloig, dílannú, crapadh nó dífhoirmiú eile, agus buíochan nó dídhathú buan eile nó cailliúint loinnreach nó trédhearcachta. Mar sin féin, athruithe a bhaineann le húsáid, amhail smálú ó dhatháin ó bhianna, lena n-áirítear ó lícipéin agus ó churcaimín, i bprionsabal ní meathlú ar an ábhar nó earra atá ansin. Chun úsáid earraí plaisteacha meathlaithe a chosc, an mhonaróir nó an oibreoir eile atá freagrach as an earra plaisteach deiridh a bhíonn i dteagmháil le bia a chur ar an margadh, ba cheart dóibh faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí earraí plaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia maidir le conas meathlú a chosc nó a mhoilliú agus maidir leis na hathruithe a léiríonn an meathlú a eascraíonn as úsáid arís agus arís eile.

(13)

Le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 a mhéid a bhaineann le hábhair agus earraí nach mbíonn i dteagmháil le bia tráth a chuirtear ar an margadh iad, foráiltear go mbeidh treoracha speisialta ag gabháil leis na hábhair agus na hearraí sin, más gá, treoracha atá le hurramú chun úsáid shábháilte iomchuí a áirithiú. Le Rialachán (CE) Uimh. 10/2011 leagtar amach srianta maidir le húsáid earraí plaisteacha agus is iomchuí a mheas, dá bhrí sin, gur gá i gcónaí treoracha speisialta den sórt sin a chur ar fáil do thomhaltóirí.

(14)

In Airteagal 14(4) de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 leagtar amach i dtaobh na rialacha maidir le teorainneacha ascnaimh a leagtar síos in Airteagail 11 agus 12, nach bhfuil feidhm ag na rialacha sin maidir le sraitheanna plaisteacha in ábhair agus earraí ilábhair ilsrathacha. Mar sin féin, i gcás ábhair dheiridh agus earraí deiridh ilábhair ilsrathacha, ina bhfuil an tsraith a bhíonn i dteagmháil díreach le bia ina shraith phlaisteach, d’fhéadfadh na rioscaí sláinte céanna a bheith ag baint leo agus a bhaineann le hábhair phlaisteacha nó earraí plaisteacha agus ba cheart don tsraith sin na forálacha maidir le hascnamh a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a chomhlíonadh. Os a choinne sin, níor cheart feidhm a bheith fós ag Airteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le sraitheanna in ábhair ilábhair ilsrathacha nach sraitheanna plaisteacha iad. Féadfaidh feidhm a bheith ag reachtaíocht eile de chuid an Aontais nó ag rialacha náisiúnta eile. Mar sin féin, leanfaidh na teorainneacha ascnaimh a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 d’fheidhm a bheith acu maidir le sraitheanna plaisteacha in ábhair agus in earraí a phriontáiltear, a bhrataítear nó a choinnítear le chéile le greamacháin.

(15)

Tá oibleagáidí ar oibreoirí gnó faisnéis a soláthar d’údaráis inniúla agus chun na hoibleagáidí sin a shonrú a thuilleadh, ba cheart a cheangal ar oibreoirí gnó faisnéis maidir le comhdhéanamh na substaintí tosaigh agus doiciméad tacaíochta a sholáthar do na húdaráis inniúla ag gach céim den phróiseas monaraíochta. Ba cheart a léiriú sa doiciméadacht sin freisin go gcomhlíontar na rialacha maidir leis an ardleibhéal íonachta a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

(16)

Ar mhaithe le comhlíonadh Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a áirithiú, tá bearta rialaithe éifeachtacha le bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit, lena n-áirítear sampláil ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha, chomh maith le táirgí ó na céimeanna idirmheánacha. Ón taithí a fuarthas, áfach, is léir go bhféadfadh dúshláin phraiticiúla a bheith roimh chigirí agus samplaí á dtógáil acu ag céimeanna áirithe den phróiseas monaraíochta ar láithreáin mhonaraíochta. Dá bhrí sin, is iomchuí a cheangal ar mhonaróirí cigireachtaí a éascú trína áirithiú gur féidir le cigirí samplaí a thógáil ag céimeanna ábhartha den phróiseas monaraíochta agus gur féidir leo samplaí a thógáil de shubstaintí agus d’ábhair (idirmheánacha) a úsáidtear don mhonaraíocht agus atá ar an láithreán monaraíochta.

(17)

Fíorchóimheas dromchla go toirt an earra plaisteach deiridh a bhíonn i dteagmháil le bia, is é sin a bhíonn mar bhonn do na rialacha maidir le tástáil ascnaimh a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011. Mar sin féin, bunaítear leis an Rialachán sin freisin, maidir le hábhair agus earraí áirithe, go bhfuil cóimheas seasta dromchla go toirt le cur i bhfeidhm, ar mhaithe le cinneadh an leibhéil ascnaimh a éascú, go háirithe agus tástáil á déanamh ar earraí nach bhfuil i dteagmháil le bia go fóill, earraí nach bhfuil sé indéanta an t-achar dromchla a bhíonn i dteagmháil le bia a chinneadh ina leith ná cúiteamh a dhéanamh i leith an leibhéil rómheastacháin ná gannmheastacháin a bhfuil coinne leis ar nochtadh tomhaltóirí do chomhábhair sna hábhair agus sna hearraí sin. I gcásanna áirithe, áfach, dá gcuirfí cóimheas seasta dromchla go toirt i bhfeidhm, d’fhéadfaí gannmheastachán a bheith mar thoradh air maidir le nochtadh tomhaltóirí do chomhábhair sna hábhair agus sna hearraí sin agus d’fhéadfadh sé sin sláinte an duine a chur i mbaol. Dá bhrí sin, is iomchuí go mbeadh an deis ag oibreoirí gnó an fíorchóimheas dromchla go toirt a roghnú seachas oibleagáid a bheith orthu úsáid a bhaint as an gcóimheas seasta dromchla go toirt arna bhunú le haghaidh na n-eisceachtaí sin.

(18)

Le pointe 07.04 de Thábla 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 sanntar ionsamhlaigh bhia do chatagóirí cáise. Mar sin féin, na sannacháin reatha, go háirithe catagóirí 07.04.B agus 07.04.C, ní fhreagraíonn siad do léirmhíniú coiteann agus d’úsáid choiteann na nathanna ‘cáis nádúrtha’ agus ‘cáis phróiseáilte’. Go sonrach, meastar de ghnáth gur cáis phróiseáilte í cáis leáite, agus meastar go coitianta gur cáiseanna nádúrtha neamhphróiseáilte iad cáiseanna atá cosúil le cáis tí. Ní leanann na sannacháin atá ann faoi láthair an téarmaíocht a úsáidtear in ‘Aicmiú FoodEx2’ ach oiread, téarmaíocht a bhunaigh an tÚdarás (11) agus a bhaineann go háirithe le cáis neamhaibithe (úr) agus cáis aibithe. Dá bhrí sin, is iomchuí na catagóirí ábhartha a leasú chun cáiseanna nádúrtha agus próiseáilte agus cáis aibithe agus neamhaibithe a aicmiú ar bhealach níos fearr, agus sannacháin ionsamhlacha atá iomchuí do na catagóirí nua cáise sin á leagan amach ar bhonn na sannachán atá ann cheana.

(19)

Ar mhaithe le sábháilteacht a áirithiú, ní mór d’oibreoirí gnó an fhaisnéis uile is ábhartha a fháil maidir le sábháilteacht na n-ábhar plaisteach agus na n-earraí plaisteacha a mhonaraíonn siad nó a úsáideann siad. Le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, áfach, ní cheanglaítear ach go n-áirítear sa dearbhú i scríbhinn maidir le comhlíonadh faisnéis faoi na substaintí a úsáidtear nó faoi tháirgí díghrádúcháin díobh a bhfuil srianta agus/nó sonraíochtaí leagtha amach ina leith in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán sin. Ar mhaithe leis an leibhéal sábháilteachta a mhéadú a thuilleadh, is iomchuí a cheangal maidir leis an dearbhú maidir le comhlíonadh go mbeidh faisnéis ann freisin i dtaobh substaintí nár cuireadh leis d’aon ghnó, amhail eisíontais agus idirmheánaigh imoibriúcháin, dianscaoileadh, nó táirgí imoibriúcháin a foirmíodh le linn phróiseas monaraíochta an ábhair phlaistigh nó an earra phlaistigh agus a d’fhéadfadh a bheith san ábhar deiridh nó san earra deiridh a bhíonn i dteagmháil le bia.

(20)

Cé go bhféadfadh éilleáin a dhíorthaítear ó dhramhaíl a bheith i substaintí a mhonaraítear as dramhaíl, éilleáin a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol, na rialacha atá ann faoi láthair a bhaineann leis an dearbhú i scríbhinn maidir le comhlíonadh, níl ceanglas sna rialacha sin le sonraíocht a dhéanamh ar monaraíodh an t-ábhar plaisteach le substaintí a monaraíodh as dramhaíl. Dá bhrí sin, is gá na forálacha i ndáil leis an dearbhú maidir le comhlíonadh a leasú, ionas go bhfaighidh monaróir an earra phlaistigh dheiridh faisnéis leordhóthanach lena gcuirfí ar a chumas a áirithiú go gcomhlíonfar an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 nach gcuirfidh ábhair phlaisteacha ná earraí plaisteacha sláinte an duine i mbaol.

(21)

Chun torthaí inchomparáide a bhaint amach, ní mór do shaotharlanna tástáil chomhlíontachta a dhéanamh faoi dhálaí tástála caighdeánaithe. Ina theannta sin, ní mór anailís a dhéanamh ar thorthaí na dtástálacha go comhsheasmhach. Dá bhrí sin, is iomchuí na rialacha maidir le fíorú na tástála comhlíontachta a shonrú a thuilleadh in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011.

(22)

Le Rialachán (AE) 2022/1616 ceanglaítear go gcomhlíonfaidh ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha athchúrsáilte Caibidlí II agus III agus Caibidil V de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011. An ceanglas ardíonachta a leagtar síos leis an Rialachán sin i gCaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, tá feidhm aige maidir le substaintí a úsáidtear i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha. Mar sin féin, ní gá feidhm a bheith ag an gceanglas ardíonachta maidir le substaintí a fhaightear in ionchur phróiseas dí-éillithe na dramhaíola plaistí agus atá fós le fáil in aschur an phróisis sin mar le Rialachán (AE) 2022/1616 áirithítear maidir le monaraíocht na n-ábhar plaisteach athchúrsáilte a bheartaítear a bheith dteagmháil le bia go bhfágfaidh an próiseas sin an t-ábhar gan éilliú teagmhasach a mhéid a chomhlíontar ceanglais Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004. Dá bhrí sin, maidir le monaraíocht ábhar plaisteach athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas ardíonachta ach amháin maidir le haon substaint a chuirtear leis le linn an phróisis athchúrsála agus maidir le haon táirge imoibriúcháin idirmheánach, dianscaoilte nó imoibriúcháin a eascraíonn as an tsubstaint sin. Dá bhrí sin, is iomchuí a shonrú a thuilleadh sa Rialachán cé na forálacha de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a bhfuil feidhm acu maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte.

(23)

Le Rialachán (AE) 2022/1616 leagtar síos rialacha maidir le córais dearbhaithe cáilíochta chun dramhábhar plaisteach a bhailiú, a réamhphróiseáil, a dhí-éilliú agus a athchúrsáil. Tugtar isteach leis an Rialachán seo rialacha maidir le hathphróiseáil seachtháirgí plaisteacha ó mhonaraíocht plaisteach. Ar mhaithe le sábháilteacht bia a mhéadú a thuilleadh, ba cheart rialacha mionsonraithe maidir le dea-chleachtais mhonaraíochta a leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 (12) ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le hathphróiseáil agus athchúrsáil.

(24)

Seachtháirgí plaisteacha a bheartaítear le haghaidh athphróiseála, d’fhéadfaí iad a athphróiseáil ag suíomh monaraíochta nach ionann agus an suíomh ónar tháinig siad ar dtús. Mura bhfuil sé soiléir, áfach, cén úsáid a bhainfí as na seachtháirgí sin, nó má éillítear iad le linn stórála nó iompair ón tsaoráid táirgthe ónar tháinig siad, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint lena n-athphróiseáil. Dá bhrí sin, ar mhaithe le cosc a chur ar aon úsáid a bhaintear as seachtháirgí plaisteacha chun críoch nach bhfuil oiriúnach dóibh agus chun éilliú seachtháirgí plaisteacha ón bpointe ina dtáirgtear iad go dtí pointe a n-athphróiseála a chosc, ba cheart rialacha a leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 ón gCoimisiún. Ina theannta sin, nuair a chuirtear seachtháirgí den sórt sin ar an margadh, leis an dearbhú maidir le comhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, ba cheart go soláthrófaí an fhaisnéis a bhfuil gá leis dá n-athphróiseáil, go háirithe maidir lena n-oiriúnacht d’úsáidí áirithe.

(25)

Chun gur féidir le hoibreoirí oiriúnú do na hathruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is iomchuí go ndéantar a fhoráil maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, de réir mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus aon reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais, go gceadófar iad a chur ar an margadh den chéad uair ar feadh tréimhse 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus go bhfanfaidh siad ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic. Mar sin féin, is iondúil go mbíonn soláthar roinnt táirgí agus substaintí ó chéimeanna idirmheánacha monaraíochta ag oibreoirí eile i gceist le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha deiridh a tháirgeadh. Ar mhaithe le sábháilteacht an tomhaltóra, ba cheart an t-aistriú chuig comhlíonadh iomlán an Rialacháin seo a bhaint amach ar bhealach chomh héifeachtúil agus is féidir, agus a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, oibreoirí a chuireann táirgí idirmheánacha agus substaintí ar an margadh nach gcomhlíonann an Rialachán seo go fóill, amhail ó 9 mí roimh dhul in éag na hidirthréimhse 18 mí, ba cheart a cheangal ar na hoibreoirí sin úsáideoirí na dtáirgí sin a chur ar an eolas nach féidir iad a úsáid i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha atá le cur ar an margadh tar éis don idirthréimhse dul in éag.

(26)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 10/2011

(1)   In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Beidh an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha an Aontais nó d’fhorálacha náisiúnta is infheidhme maidir le substaintí a fhéadfar a úsáid i monaraíocht greamachán, brataithe agus dúigh phriontála agus a chuirtear ar ábhair phlaisteacha agus ar earraí plaisteacha nó a ionchorpraítear iontu.’

(2)   Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

‘(7)

ciallaíonn ‘breiseán’ substaint a chuirtear leis an bplaisteach d’aon ghnó chun éifeacht fhisiceach nó cheimiceach a bhaint amach le linn phróiseáil an phlaistigh nó san ábhar deiridh nó san earra deiridh agus go bhfuil sé beartaithe go mbeidh an tsubstaint sin san ábhar deiridh nó san earra deiridh, lena n-áirítear substaintí i staid sholadach, a ndéantar a dromchla a nascadh leis na polaiméirí atá mar chuid den plaisteach.’

(2)

Cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(20)

ciallaíonn “athphróiseáil plaisteach” athleá, meascadh, imoibriú nó próiseáil eile a dhéanamh ar ábhair phlaisteacha ar toradh iad oibríocht mhonaraíochta idirmheánach nó deiridh i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha, abair ina n-aonar nó in éineacht le hábhar de thionscnamh oibríochtaí monaraíochta eile, trí aistriú agus oibríochtaí a chur i bhfeidhm, más gá, chun gur féidir úsáid a bhaint as na seachtháirgí sin arís.

(21)

ciallaíonn “substaint UVCB” substaint de chomhdhéanamh anaithnid nó athraitheach, táirge d’imoibriúcháin casta nó ábhar de thionscnamh bitheolaíoch nó nádúrtha eile.’.

(3)   Cuirtear Airteagal 3a nua isteach:

‘Airteagal 3a

Ardleibhéal íonachta

Maidir le substaint a úsáidtear i monaraíocht ábhar plaisteacha agus earraí plaisteacha, measfar ardleibhéal íonachta a bheith inti i gcás ina gcomhfhreagraíonn a comhábhair uile dá céannacht, agus seachas sin nach bhfuil inti ach mionmhéid substaintí nach gcuirtear léi d’aon ghnó a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas ina n-aonar:

(i)

comhlíonann siad na sonraíochtaí nó na srianta a shonraítear in údarú na substainte i dtábla 1 d’Iarscríbhinn I, más ann dóibh;

(ii)

bhí siad faoi réir measúnú riosca i gcomhréir le hAirteagal 19 agus measadh iad a bheith comhlíontach;

(iii)

bhí siad faoi réir measúnú tocsaineolaíoch i gcomhréir leis an treoir ábhartha a ghlac an tÚdarás, measúnú arb é a chonclúid go gcuirtear géineatocsaineacht as an áireamh, agus ar bhonn anailís dhoiciméadaithe maidir lena n-úsáid intuartha, lena saintréithe agus lena gcinniúint le linn céimeanna monaraíochta ina dhiaidh sin, gur féidir glacadh leis go réasúnta nach mbeidh aon cheann de na substaintí san ábhar plaisteach deiridh nó san earra plaisteach deiridh ar leibhéal a d’fhéadfadh a bheith ina chúis lena n-ascnamh isteach i mbia chun go mbeidh aon cheann acu i mbia ag leibhéal ar mó é ná 0,05 mg/kg;

(iv)

ní raibh siad faoi réir an mheasúnaithe a shonraítear i bpointí (ii) nó (iii), ach faoi réir measúnú riosca arb é a chonclúid, ar bhonn anailís dhoiciméadaithe maidir lena n-úsáid intuartha, lena saintréithe agus lena gcinniúint le linn céimeanna monaraíochta ina dhiaidh sin, gur féidir glacadh leis go réasúnta nach féidir leo a bheith san ábhar plaisteach deiridh nó san earra plaisteach deiridh ar leibhéal a d’fhéadfadh a bheith ina chúis lena n-ascnamh isteach i mbia, amhail aon cheann acu a bheith i mbia ag leibhéal ar mó é ná 0,00015 mg/kg.

Chun críoch phointe (iii), féadfar measúnú grúpa ar ghéineatocsaineacht a chur in ionad an mheasúnaithe aonair ar ghéineatocsaineacht, má tá baint cheimiceach ag na substaintí measúnaithe leis na feidhmghrúpaí céanna agus go mbaineann sé leis na feidhmghrúpaí sin nó le feidhmghrúpaí comhchosúla leo a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tocsaineacht, nó má fhaightear na substaintí mar mheascán atá ionadaíoch maidir le hascnamh isteach i mbia agus má dhéantar measúnú ar an meascán sin trí mhodhanna iomchuí.’

.

(4)   In Airteagal 4, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(f)

comhlíonann siad Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún (*1) má thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin sin.

(5)   In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ní fhéadfar ach na substaintí a áirítear i liosta an Aontais de shubstaintí údaraithe (dá ngairtear liosta an Aontais anseo feasta) a leagtar amach in Iarscríbhinn I a úsáid i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha.’

.

(6)   In Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   I gcás amhrais faoi chéannacht ainmnithe substainte a bheidh mar thoradh air sin, féadfaidh Ballstát nó an Coimisiún dul i gcomhairle leis an Údarás.’

.

(7)   Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   De mhaolú ar Airteagal 5, féadfar substaintí seachas na substaintí sin atá i liosta an Aontais a úsáid mar áiseanna táirgthe polaiméire i monarú ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha faoi réir an dlí náisiúnta.’

;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   De mhaolú ar Airteagal 5, féadfar datháin agus tuaslagóirí a úsáid i monarú ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha faoi réir an dlí náisiúnta.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

(7)‘4.   Féadfaidh na substaintí seo a leanas nach n-áirítear i liosta an Aontais a bheith in ábhair phlaisteacha nó in earraí plaisteacha:

(a)

substaintí nár cuireadh leis d’aon ghnó;

(b)

áiseanna pholaiméiriúcháin.’

;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   De mhaolú ar Airteagal 5, maidir le substaintí a bhfuil feidhm bhithicídeach acu a úsáidtear i dtáirgí bithicídeacha a fhéadfar a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) i gcás chineál táirge 4 le haghaidh úsáidí lena gcumhdaítear ionchorprú in ábhair phlaisteacha agus in earraí plaisteacha a d’fhéadfadh a bheith i thadhall le bia, féadfar na substaintí sin a úsáid mar bhreiseáin i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha.

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj).’ "

(8)   Scriostar Airteagal 7.

(9)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Ceanglais ghinearálta maidir le substaintí

1.   Substaintí a úsáidtear i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha a d’fhéadfadh a bheith san ábhar plaisteach deiridh, lena n-áirítear na substaintí sin a mhonaraítear as dramhaíl, beidh ardleibhéal íonachta ag baint leo agus beidh siad de cháilíocht theicniúil atá oiriúnach don úsáid atá beartaithe agus d’úsáid intuartha na n-ábhar nó na n-earraí.

Beidh monaróir na substainte ar an eolas faoin gcomhdhéanamh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, a mhéid a bhaineann le híonacht, substaintí UVCB a shainaithnítear le hainm sa Rialachán seo a thagraíonn d’ábhar il-chomhábhair nádúrtha, ar ábhar bitheolaíoch nó mianrach é a fhoinse, féadfar na substaintí sin a úsáid faoi mar a fhaightear iad óna dtionscnamh nádúrtha, ar choinníoll nach bhfuil substaintí nó ábhair iontu nach gcomhfhreagraíonn dá gcéannacht mar atá ainmnithe faoin ainm sin. Beidh feidhm ag aon sonraíocht bhreise nó aon cheanglas breise is infheidhme maidir le substaint nó le hábhar de thionscnamh nádúrtha a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I.’

(10)   In Airteagal 9, mír 1, scriostar an frása ‘sraitheanna plaisteacha in’.

(11)   Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Srianta ginearálta agus ceanglais ghinearálta maidir le comhdhéanamh ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha

1.   Comhlíonfaidh ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha na srianta a leagtar síos in Iarscríbhinn II maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha.

(11)2.   Féadfaidh plaisteach athphróiseáilte a bheith in ábhair phlaisteacha agus in earraí plaisteacha má chomhlíonann plaisteach athphróiseáilte den sórt sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is seachtháirge é i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ; (*3)

(b)

déantar é a bhailiú agus a úsáid i gcomhréir le roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006;

(c)

is de thionscnamh ceann de na fuíollghearrthóga agus na fuíll seo a leanas ó ábhair phlaisteacha agus ó earraí plaisteacha é:

(i)

fuíollghearrthóga agus fuíll ó ábhair phlaisteacha agus ó earraí plaisteacha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) a chomhlíonann na ceanglais chomhdhéanaimh a leagtar amach i gcaibidil II den Rialachán seo, nó

(ii)

fuíollghearrthóga agus fuíll ó ábhair phlaisteacha agus ó earraí plaisteacha dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 2(1), ar choinníoll nach bhfuil sraith a fheidhmíonn mar bhac feidhmeach sa phlaisteach athphróiseáilte sin agus go gcomhlíonann a chomhábhair aonair uile na ceanglais comhdhéanaimh a leagtar amach i gCaibidil II den Rialachán seo, é sin nó go raibh na comhábhair aonair sin faoi réir measúnú riosca ar bhonn Airteagal 19, agus na coinníollacha athphróiseála agus a láithreacht san ábhar athphróiseáilte á gcur san áireamh;

(d)

nach bhfuil substaintí ann ar mhéid a d’fhéadfadh an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

dul thar na teorainneacha ascnaimh is infheidhme maidir leis an tsubstaint mar a shonraítear sa Rialachán seo; nó,

(ii)

a bheith ina chúis le neamhchomhlíonadh na n-ábhar plaisteach nó na n-earraí plaisteacha sin Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.

3.   I gcás ina mbeartaítear na hearraí deiridh a bhíonn i dteagmháil le bia a úsáid arís agus arís eile, beidh a gcomhdhéanamh agus a ndearadh de chineál a ráthóidh nach dtiocfadh aon mhéadú ar ascnamh chomhábhair an ábhair nó an earra isteach sa bhia nuair a chuirfí faoi réir thimthriallta úsáide na n-earraí ina dhiaidh sin iad, i gcomhréir leis na treoracha maidir leis an úsáid bheartaithe mar a thuairiscítear i ndoiciméadacht nó i lipéadú.

(12)   Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(1)

i bpointe (b) de mhír 2, scriostar an frása ‘sa liosta sealadach’;

(2)

i mír 4, scriostar an frása ‘nó sa liosta sealadach’;

(13)   Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil IV:

‘LIPÉADÚ, DEARBHÚ MAIDIR LE COMHLÍONADH AGUS DOICIMÉADACHT’

(14)   Cuirtear Airteagal 14a nua isteach:

‘Airteagal 14a

Lipéadú

(14)1.   An monaróir nó aon oibreoir eile atá freagrach as earra plaisteach deiridh a bhíonn i dteagmháil le bia a chur ar an margadh, earra atá beartaithe lena úsáid arís agus arís eile, soláthróidh siad an méid seo a leanas do na húsáideoirí i gcomhréir le hAirteagail 15(7) agus (8) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004:

(a)

treoracha iomchuí atá ceaptha meathlú an earra a mhoilliú;

(b)

tuairisc ar athruithe inbhraite ar an earra a d’fhéadfadh meathlú an earra nó an ábhair a léiriú;

(c)

rabhadh i gcás ina mbeadh damáiste mór nó mí-úsáid intuartha ina gcúis le hascnamh méadaithe nó ina mbeadh an t-earra mí-oiriúnach ar shlí eile le haghaidh úsáid bhreise agus é i dteagmháil le bia.

(14)2.   Ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear a bheith i dteagmháil le bia ach nach bhfuil i dteagmháil leis go fóill, beidh treoracha úsáide do thomhaltóirí ag gabháil leo tráth a ndíolta nó a soláthair ag céim an mhiondíola, i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, treoracha atá dírithe ar thomhaltóir an earra deiridh sin a bhíonn i dteagmháil le bia, i gcás ina monaraítear iad le substaintí atá ar áireamh i liosta an Aontais de shubstaintí údaraithe, ar substaintí iad leagtar amach srianta ina leith i gcolún 10 de thábla 1 d’Iarscríbhinn I a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:

bianna sonracha nó grúpaí sonracha bianna,

an tréimhse tadhaill agus/nó teocht tadhaill, agus/nó,

na dálaí téimh, amhail úsáid oighinn agus oigheann micreathonnach.

Luafar na srianta sna treoracha úsáide agus cuirfear faisnéis leordhóthanach ar fáil don tomhaltóir ionas nach n-úsáidfear an t-earra faoi choinníollacha nach gcomhlíonfaidh na srianta sin.’

(15)   Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(1)

i míreanna 2 agus 3, scriostar an frása ‘nó an liosta sealadach’.

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Tá feidhm ag Airteagail 11 agus 12 maidir le hábhair agus earraí ilábhair ilsrathacha nuair is déanta as ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo atá an tsraith dhromchla a bhíonn i dteagmháil le bia.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Más déanta as ábhar nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo atá an tsraith dhromchla a bhíonn i dteagmháil le bia, féadfar teorainneacha ascnaimh sonracha agus iomlána a bhunú leis an dlí náisiúnta le haghaidh sraitheanna plaisteacha agus le haghaidh an ábhair nó an earra dheiridh.’

.

(16)   Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 16:

‘Airteagal 16

Doiciméid tacaíochta

1.   Cuirfidh an t-oibreoir gnó doiciméadacht iomchuí ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, chun a léiriú maidir leis na hábhair agus na hearraí, ar táirgí iad ó chéimeanna idirmheánacha a monaraíochta, chomh maith leis na substaintí a bheartaítear a úsáid i monaraíocht na n-ábhar agus na n-earraí sin, go gcomhlíonann na ábhair agus na earraí sin ceanglais an Rialacháin seo.

I gcás substaintí a úsáidtear i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha, cuirfear doiciméadacht maidir leis an gcomhdhéanamh ar fáil do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin dóibh, mar aon le haon doiciméadacht maidir lena leibhéal íonachta.

2.   Áireofar sa doiciméadacht sin coinníollacha agus torthaí na tástála, na ríomhanna, lena n-áirítear samhaltú, anailís eile, agus fianaise maidir le sábháilteacht nó réasúnaíocht lena léirítear comhlíonadh. Leagtar amach rialacha maidir le léiriú turgnamhach ar chomhlíonadh i gCaibidil V.

3.   Monaróirí ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha, agus monaróirí táirgí ó chéimeanna idirmheánacha dá monaraíocht, áiritheoidh siad go mbeidh doiciméadacht lena léirítear comhlíonadh mhíreanna 1 go 2 d’Airteagal 8 mar chuid den doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1.

4.   Monaróirí ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha, agus táirgí ó chéimeanna idirmheánacha dá monaraíocht, áiritheoidh siad gur féidir leis na húdaráis inniúla samplaí a thógáil le linn rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun a leibhéal íonachta agus a gcomhdhéanamh a fhíorú, lena n-áirítear leibhéal íonachta agus comhdhéanamh na substaintí agus na n-ábhar a úsáidtear ina monaraíocht.’

(17)   In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

(17)‘2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar cóimheas dromchla go toirt atá cothrom le 6 dm2 in aghaidh an kg bia nó níos airde ná sin a chur i bhfeidhm maidir leis na hábhair agus na hearraí seo a leanas:

(a)

coimeádáin agus earraí eile, a bhfuil toirt níos lú ná 500 ml nó níos mó ná 10 lítear iontu nó a bhfuil sé beartaithe go mbeidh toirt níos lú ná 500 ml nó níos mó ná 10 lítear iontu;

(b)

ábhar nó earra nach bhfuil sé praiticiúil, de bharr a fhoirme, meastachán a dhéanamh ar an ngaol idir achar a dhromchla agus an chainníocht bia a bhíonn i dteagmháil leis;

(c)

leatháin agus scannáin nach bhfuil i dteagmháil le bia go fóill;

(d)

i gcás leathán agus scannán a bhfuil toirt níos lú ná 500 ml nó níos mó ná 10 lítear iontu.

Níl feidhm ag an mír seo maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dtabhairt i dteagmháil le bia nó atá i dteagmháil le bia cheana féin ar bia é do naíonáin agus do leanaí óga, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

(18)   Leasaítear Iarscríbhinní III go V i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2022/1616

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II, III agus V de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair agus earraí plaisteacha athchúrsáilte. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8(1) de maidir leis na héilleáin in ionchur agus in aschur próisis dí-éillithe agus beidh cáilíocht agus íonacht an ionchuir agus an aschuir i gcomhréir leis an Rialachán seo.’.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Bearta idirthréimhseacha

1.   Ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 de réir mar is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus aon reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais, ar ábhair agus earraí iad a cuireadh ar an margadh den chéad uair roimh an 16 Meán Fómhair 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

2.   I gcás táirge ó chéim idirmheánach de mhonaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha nó substaint a bheartaítear le haghaidh monaraíocht táirge, ábhair nó earra den sórt sin, ar táirge nó substaint iad a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 mar is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a chuirtear ar an margadh den chéad uair tar éis an 16 Nollaig 2025 agus nach gcomhlíonann an Rialachán seo, léireofar sa dearbhú comhlíontachta a ghabhann leis an tsubstaint nó don táirge sin nach gcomhlíonann sí nó sé na rialacha reatha, agus nach féidir í nó é a úsáid ach amháin i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha atá le cur ar an margadh roimh an 16 Meán Fómhair 2026.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 338, 13.11.2004, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/1935/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/10/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396 30.12.2006, lch. 1, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/2024-06-06).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj).

(5)   Panel CEF EFSA [Painéal EFSA maidir le hÁbhair a bhíonn i dTadhall le Bia, Einsímí, Blastáin agus Áiseanna Próiseála], 2008. Nóta Treorach maidir le hiarratas a ullmhú le haghaidh measúnú sábháilteachta ar shubstaint atá le húsáid in Ábhair phlaisteacha a bhíonn i dTadhall le Bia. EFSA Journal [Iris EFSA] 2008; 6(7):21r, 41 lgh.; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2008.21r.

(6)   Painéal CEF EFSA [Painéal EFSA maidir le hÁbhair a bhíonn i dTadhall le Bia, Einsímí, Blastáin agus Áiseanna Próiseála], 2016. Tuairim eolaíoch maidir leis na forbairtí is déanaí sa mheasúnú riosca ar cheimiceáin i mbia agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an measúnú sábháilteachta ar shubstaintí a úsáidtear in ábhair a bhíonn i dteagmháil le bia. EFSA Journal [Iris EFSA] 2016;14(1):4357, 28 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2016.4357.

(7)   Panel CEF EFSA [Painéal EFSA maidir le hÁbhair a bhíonn i dTadhall le Bia, Einsímí, Blastáin agus Áiseanna Próiseála], 2008. Nóta Treorach maidir le hiarratas a ullmhú le haghaidh measúnú sábháilteachta ar shubstaint atá le húsáid in Ábhair phlaisteacha a bhíonn i dTadhall le Bia. EFSA Journal [Iris EFSA] 2008; 6(7):21r, 41 lgh.; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2008.21r.

(8)  Coiste Eolaíoch EFSA, 2018. Measúnú géineatocsaineachta ar mheascáin cheimiceacha. EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(1):5519, 11 lch.https://doi.org/10.2903/j.efsa.2019.5519.

(9)  Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bianna, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 282/2008 (IO L 243, 20.9.2022, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1616/oj).

(10)  Is é is aidhm do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 155, 12.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/904/oj) an tionchar atá ag táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe ar an gcomhshaol a chosc agus a laghdú.

(11)  An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, 2015. An córas aicmithe agus tuairiscithe bia FoodEx2 (athbhreithniú 2). Foilseachán tacaíochta EFSA 2015: EN-804. 90 lgh; https://doi.org/10.2903/sp.efsa.2015.EN-804.

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 an 22 Nollaig 2006 maidir le dea-chleachtas monaraíochta le haghaidh ábhair agus earraí a bheartaítear atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 384, 29.12.2006, lch. 75, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/2023/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní III go V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 mar a leanas:

(1)

I dtábla 2 d’Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dtuairiscí agus na sannachán ionsamhlach le haghaidh cáiseanna lena ngabhann an uimhir thagartha 07.04:

(1)

(2)

(3)

Uimhir thagartha

Tuairisc ar an mbia

Ionsamhlóirí bia

 

 

A

B

C

D1

D2

E

‘07.04

Cáiseanna:

 

 

 

 

 

 

 

A. Cáis iomlán a bhfuil craiceann do-ite uirthi

 

 

 

 

 

X’

 

B. Cáis bhog neamhaibithe (cáis úr), e.g. cáis tí, cuarc, ricotta, cáis uachtair, fromage frais, agus cáiseanna comhchosúla

 

X(*)

 

X

 

 

 

C. Cáis bhog, theann nó chrua aibithe shlisnithe nó iomlán le craiceann inite, e.g. gouda, céadar, gruyère, parmesan, stilton, tallegio, beaufort, tomino, brie, camembert, agus cáiseanna comhchosúla

 

 

 

 

X/3

 

 

D. Cáis phróiseáilte, e.g. dingeacha, leatháin agus slisní

 

 

 

 

X/3

 

 

E. Cáis faoi sháile nó cáis úr i meán leachtach e.g. feta agus mozzarella:

 

 

 

 

 

 

 

 

I. i meán olach

 

 

 

 

X

 

 

 

II. i meán uiscí

 

X (*)

 

X

 

 

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

‘6.

faisnéis leordhóthanach lena gcuirfear ar chumas na n-oibreoirí gnó iartheachtacha a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo i ndáil leis na substaintí a úsáidtear agus a leagtar srianta agus/nó sonraíochtaí amach ina leith in Iarscríbhinní I agus II, lena n-áirítear faisnéis leordhóthanach maidir le substaintí neamhbheartaithe a bheith ann má tá an oiread dó ann is a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le neamhchomhlíonadh ábhair deiridh le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.

Ag céimeanna idirmheánacha, áireofar san fhaisnéis sin sainaithint na substaintí seo a leanas agus méid na substaintí sin atá san ábhar idirmheánach:

substaintí atá faoi réir srianta agus/nó sonraíochtaí in Iarscríbhinn II, nó

substaintí nár cuireadh géineatocsaineacht as an áireamh ina leith, agus a eascraíonn as úsáid d’aon ghnó le linn chéim mhonaraíochta an ábhair idirmheánaigh sin agus má tá an oiread dó ann is a d’fhéadfadh a bheith ina chúis intuartha le hascnamh aonair isteach i mbia ón ábhar plaisteach deiridh nó ón earra plaisteach deiridh is mó ná 0,00015 mg/kg bia;’;

(b)

cuirtear isteach pointí 10 agus 11:

‘10.

i gcás inar baisc d’ábhar a bheartaítear lena hathphróiseáil atá san ábhar plaisteach:

(a)

an dearbhú go gcomhlíonann sé Airteagail 10(1) agus 10(2) den Rialachán seo agus gur bailíodh agus gur úsáideadh é i gcomhréir le roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006; agus

(b)

de réir mar is iomchuí, sonrú ar a chomhdhéanamh agus treoracha maidir le hathphróiseáil;

11.

i gcás inar monaraíodh an t-ábhar plaisteach le substaint amháin nó níos mó atá i liosta an Aontais de shubstaintí údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, ar substaintí iad a monaraíodh as dramhaíl, deimhniú go gcomhlíonann na substaintí a úsáidtear mír (1) d’Airteagal 8 den Rialachán seo.’;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití maidir le tástáil chomhlíontachta a thagann roimh Chaibidil 1:

‘TÁSTÁIL COMHLÍONTACHTA

Chun tástáil a dhéanamh ar chomhlíontacht an ascnaimh ó ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia, roghnófar modh anailíseach i gcomhréir le ceanglais Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), agus na critéir feidhmíochta shonracha seo a leanas á gcur i bhfeidhm:

(i)

Beidh raon oibre an mhodha anailísigh de mhodhanna anailíseacha cothrom le RL × SML go RU × SML ar a laghad, mar a thuairiscítear sna treoirdhoiciméid ábhartha, sna cásanna seo a leanas:

Is é RL tairseach choibhneasta raoin oibre modha níos ísle

Is é RU tairseach choibhneasta raoin oibre an mhodha uachtair.

Is é 2 a bheidh i RU. Is 0,2 a bheidh i RL mura bhfuil 0,2 × SML faoi bhun theorainn anailíseach chainníochtaithe na substainte, ansin socraítear RL × SML ag teorainn anailíseach chainníochtaithe na substainte.

(ii)

Roimh fhíorú na tástála comhlíontachta le SML, ní mór an toradh na tástála ascnaimh shonraigh, m, a cheartú, más ábhartha, (1) leis an bhfíorchóimheas dromchla go toirt ((S/V)real) agus an tástáil cóimheas dromchla go toirt (S/V)test i gcomhréir le hAirteagal 17, agus/nó (2) ag an bhfachtóir ceartúcháin (CT2) a úsáidtear sna fo-cholúin le haghaidh ionsamhlóirí bia D2 agus E i dTábla 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, agus/no (3) ag an toisc laghdaithe an chaithimh saille i gcomhréir le pointe 4.1 den Iarscríbhinn seo. Nuair a cheartaítear na torthaí i gcur i bhfeidhm CT2 i éineacht leis an toisc laghdaithe an chaithimh saille, i gcomhréir le pointe 4.1 in Iarscríbhinn V, ní sháróidh an fachtóir ceartúcháin comhcheangailte 5, ach amháin má sháraíonn an fachtóir ceartúcháin a leagtar síos i dtábla 2 d’Iarscríbhinn III 5.

(iii)

Comhéifeacht in-atáirgtheachta an chomhathrúcháin CVR, rud is féidir a shloinneadh mar chéatadán má iolraítear faoi 100 é, úsáidtear í chun an neamhchinnteacht chaighdeánach tomhais choibhneasta a ríomh chun críoch meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht. Is mar a leanas na foirmlí chun CVR a ríomh:

CVR = 0,22 le haghaidh mc < 0,12 × 10-6 kg /kg; agus,

CVR = 2(1-½log(m c ))/100 le haghaidh 0,12 × 10-6 kg/kg ≤ mc ≤ 0,138 kg/kg;

I gcás gur mc toradh na tástála ascnaimh shonraigh substainte nó, más ábhartha, toradh ceartaithe an ascnaimh sonraigh a bhfuil meastóireacht i gcoinne SML a leagtar amach sa Rialachán seo le déanamh air, agus gur neamhchinnteacht chaighdeánach tomhais mc de shubstaint, u(mc ), is mar a leanas a chinnfear é: u(mc ) = CVR × mc .

(iv)

Déanfar meastóireacht ansin ar chomhlíontacht leis an SML trí na critéir feidhmíochta shonracha seo a leanas a chur i bhfeidhm, i gcás ina mbeidh meastóireacht le déanamh ar mc de réir an SML:

MÁS AMHLAIDH (mc - SML)/[(u(mc )] > 1,64, ansin sáraíonn mc an SML.

Más airde mc ná an SML, measfar mc substainte a bheith neamhchomhlíontach. Ina theannta sin, beidh feidhm ag na rialacha i gCaibidil 1-4 den Iarscríbhinn seo.

(*1)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.)’;"

(b)

I gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1.6:

‘Má tá sé beartaithe go mbeidh an t-ábhar nó an t-earra i dteagmháil arís agus arís eile le bianna, déanfar an tástáil ascnaimh trí huaire ar aon sampla amháin agus úsáid á baint as cuid eile den ionsamhlóir bia gach uair. Déanfar comhlíontacht an ábhair nó an earra a fhíorú ansin ar bhonn leibhéal an ascnaimh shonraigh a breathnaíodh sa tríú tástáil ascnaimh agus ar bhonn chobhsaíocht an ábhair nó an earra. An t-ascnamh sonrach a breathnaíodh sa dara tástáil ascnaimh, ní rachaidh sé thar an leibhéal a breathnaíodh sa chéad tástáil, agus an t-ascnamh sonrach sa tríú tástáil, ní rachaidh sé thar an leibhéal a breathnaíodh sa dara tástáil.

Chun críoch na chéad mhíre, measfar an sampla a bheith neamhchomhlíontach sna cásanna seo a leanas:

 

mc, 3 >SML, nó,

 

mc, 1 < mc, 2, nó,

 

mc, 2 < mc, 3, nó,

 

mc, 1 < mc, 3,

sa chás gur mc, 1, mc, 2, agus mc, 3 atá in mc , le linn na chéad, an dara agus an tríú tástála ascnaimh, faoi seach, a dhéantar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

Déanfar meastóireacht ar chomhlíonadh an SML agus na rialach cobhsaíochta agus na critéir seo a leanas á gcur i bhfeidhm:

MÁ TÁ (mc, 3 - SML)/[(u(mc, 3)] > 1,64, beidh an tríú hascnamh níos airde ná an SML,

MÁ TÁ (mc, 2 - mc, 1)/[(u(mc, 2) + u(mc, 1)] > 1,64, beidh an chéad ascnamh níos ísle ná an dara hascnamh,

MÁ TÁ (mc, 3 - mc, 2)/[(u(mc, 3) + u(mc, 2)] > 1,64, beidh an dara hascnamh níos ísle ná an tríú hascnamh,

MÁ TÁ (mc, 3 - mc, 1)/[(u(mc, 3) + u(mc, 1)] > 1,64, beidh an chéad ascnamh níos ísle ná an tríú hascnamh.

I gcás mc a bheith níos ísle ná RL × SML, measfar mc le bheith cothrom le RL × SML. Is é an mc seo a úsáidfear chun neamhchinnteacht chaighdeánach tomhais comhfhreagrach an m c a chinneadh agus chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na critéir feidhmíochta a leagtar amach sa phointe seo.

Mar sin féin, má tá cruthúnas eolaíoch ann nach bhfuil leibhéal an ascnaimh shonraigh ag méadú mar a thuairiscítear sa dara mír thuas le linn an dara agus an tríú tástáil ascnaimh agus mura sáraítear an SML le linn na chéad tástála ascnaimh, measfar an t-ábhar nó an t-earra a bheith comhlíontach leis an SML a leagtar síos sa Rialachán seo.

Gan beann ar na rialacha thuas, ní mheasfar go gcomhlíonann ábhar ná earra an Rialachán seo i gcás ina mbraitear i gcainníochtaí inbhraite, in aon cheann de na tástálacha ascnaimh, substaint a bhfuil toirmeasc ar a hascnamh nó ar a scaoileadh faoi Airteagal 11(4) den Rialachán seo.’;

(c)

I gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs a ghabhann le pointe 2.1.7:

‘Ag deireadh an ama teagmhála fhorordaithe, déanfar anailís ar an ascnamh sonrach sa bhia nó san ionsamhlóir bia trí mhodh anailíseach a úsáid i gcomhréir leis na critéir feidhmíochta is infheidhme a leagtar síos san Iarscríbhinn seo.’.

(d)

I gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs a ghabhann le pointe 3.3.2:

‘Déanfar an tástáil ascnaimh fhoriomlán is infheidhme trí huaire ar aon sampla amháin agus úsáid á baint as cuid éagsúil den ionsamhlóir bia gach uair. Cinnfear an t-ascnamh trí úsáid a bhaint as modh anailíseach i gcomhréir le ceanglais Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2017/625. Déanfar comhlíonadh leis an teorainn ascnaimh iomláin a fhíorú ar bhonn leibhéal an ascnaimh iomláin a aimsíodh le linn an tríú tástáil agus ar bhonn chobhsaíocht an ábhair nó an earra i.e. ní rachaidh an t-ascnamh iomlán le linn an dara tástáil thar an leibhéal a breathnaíodh sa chéad tástáil, agus ní rachaidh an t-ascnamh iomlán le linn an tríú tástáil thar an leibhéal a breathnaíodh le linn an dara tástáil. Déanfar meastóireacht ar an gcomhlíontacht i gcomhréir leis na critéir feidhmíochta a ndéantar tuairisc ina leith i bpointe 2.1.6 i gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn V. Mar sin féin, neamhchinnteacht chaighdeánach tomhais an mhodha anailísigh mar a dhéanann an tsaotharlann a chinneadh, úsáidfear í chun u(m), a chinneadh in ionad na neamhchinnteachta chaighdeánaí tomhais a gheofar ar bhonn an chur chuige a shonraítear sa chuid réamhráití maidir le tástáil comhlíontachta a thagann roimh Chaibidil 1.

Mura bhfuil sé indéanta go teicniúil an sampla céanna a thástáil trí huaire, amhail nuair a dhéantar tástáil in ola glasraí, féadfar an tástáil ascnaimh iomláin a dhéanamh trí shamplaí éagsúla a thástáil ar feadh trí thréimhse éagsúla ama, ceann a mhaireann tréimhse an ama tástála teagmhála is infheidhme, ceann a mhaireann dhá oiread an ama sin agus nó ceann a mhaireann trí oiread an ama sin. An chéad ascnamh, an difríocht idir an dara agus an chéad ascnamh agus an difríocht idir an tríú agus an dara ascnamh, is í sin a mheasfar a bheith ina léiriú ar na trí ascnamh iomlána as a chéile.

Má tá cruthúnas eolaíoch ann, áfach, maidir le leibhéal an ascnaimh, mar a thuairiscítear i bpointe 2.1.6 i gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn V, nach bhfuil an leibhéal sin ag méadú le linn an dara agus an tríú tástáil ascnaimh agus mura sáraítear an teorainn ascnaimh le linn na chéad tástála ascnaimh, measfar go gcomhlíonann an t-ábhar nó an t-earra an teorainn ascnaimh iomláin.’.


(*1)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.)’;’


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal roinn B agus phointe 1 de:

‘B.   Íoscheanglais maidir le córas dearbhaithe cáilíochta atá le hoibriú i saoráidí athchúrsála, i gcás ina monaraítear plaisteach athchúrsáilte i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616

1.

An córas dearbhaithe cáilíochta arna chur chun feidhme ag an athchúrsálaí, ní mór dó muinín leordhóthanach a thabhairt i leith cumas na n-oibríochtaí athchúrsála uile a dhéantar ag an tsaoráid chun a áirithiú go gcomhlíonann an plaisteach athchúrsáilte na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1616.’;

(2)

In roinn B, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3.

Sa chóras dearbhaithe cáilíochta arna chur chun feidhme ag an athchúrsálaí, áireofar oibríochtaí sonracha sa phróiseas athchúrsála, “Céimeanna Measúnaithe Cáilíochta”, céimeanna ina ndéanfaidh an t-athchúrsálaí measúnú ar cháilíocht gach baisce ábhair a thionscnaítear go díreach ó chéim mhonaraíochta.

Leis an measúnú sin, déanfar cáilíocht an ábhair sin a sheiceáil tríd an méid seo a leanas a fhíorú:

Ar comhlíonadh na teorainneacha criticiúla is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 2, pointe (c) ag gach oibríocht aonaid atá ina cuid den chéim mhonaraíochta; agus,

an gcomhlíonann cáilíocht an ábhair a bheidh mar thoradh air critéir réamhshainithe, agus úsáid á baint as na tástálacha, na prótacail agus an fhianaise is infheidhme maidir leis an gcéim mhonaraíochta dá dtagraítear i bpointe 2, pointe (e).

Is é a bheidh mar thoradh ar an measúnú cinneadh maidir le comhlíontacht cháilíocht na baisce Rialachán (AE) 2022/1616 agus an bhfuil an bhaisc sin oiriúnach le haghaidh tuilleadh próiseála, an bhfuil gá le ceartú a dhéanamh ar a caighdeán sula ndéanfar tuilleadh próiseála uirthi nó an gá an bhaisc a dhiúscairt nó a úsáid le haghaidh feidhmeanna neamhbhia.’;

(3)

Cuirtear an Roinn C seo a leanas léi:

‘C.   Athphróiseáil plaisteach a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 10/2011

1.

Fuíollghearrthóga plaisteacha, fuíll agus seachtháirgí comhchosúla an phróisis mhonaraíochta phlaisteacha a bheartaítear lena n-athphróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 (“ábhair a bheartaítear lena n-athphróiseáil”), déanfar na nithe sin a bhailiú ar leithligh ó dhramhaíl chomh gar agus is féidir go teicniúil don phointe ag a ndéantar iad a ghearradh, iad a dhiúscairt nó don phointe ag a ndéantar iad a tháirgeadh ar bhealach eile ó oibríocht mhonaraíochta phlaisteach chomhchosúil as a n-eascraíonn fuíollghearrthóga agus fuíll agus seachtháirgí comhchosúla plaistigh.

2.

Baileofar ábhair a bheartaítear lena n-athphróiseáil trí úsáid a bhaint as córas píobánra dúnta nó córas creasa dúnta a bheartaítear chun na críche sin amháin, nó i mboscaí bruscair, málaí nó coimeádáin eile atá glan agus a ainmnítear chun na críche sin agus ar féidir a aithint go héasca mar nithe a bheartaítear chun na críche sin amháin. Dúnfar na cineálacha sin coimeádán a luaithe a bheidh siad líonta go hiomlán. Go dtí an pointe ath-ionsáite sa phróiseas táirgthe plaistigh, déanfar na coimeádáin sin a dhearadh chun aon éilliú ar an ábhar plaisteach a chosc.

3.

Féadfar boscaí bruscair, málaí nó coimeádáin den sórt sin a aistriú lena n-athphróiseáil ina n-aonar nó féadfar iad a ghrúpáil i bpacáistíocht thánaisteach. Measfar gur baisc ábhair a bheartaítear le haghaidh athphróiseála é an t-aonad a eascraíonn as sin. Beidh feidhm ag an sainmhíniú ar “baisc” in Airteagal 2(3), pointe (20), de Rialachán (AE) 2022/1616.

4.

Ag céim ar bith den athphróiseáil plaistigh, áiritheoidh na hoibreoirí go gcuirfidh an gcóras dearbhaithe cáilíochta cosc ar an bplaisteach sin a mheascadh le plaisteach de chomhdhéanamh difriúil, le hábhair eile, nó le dramhaíl. An t-aistriú baisceanna de sheachtháirgí plaisteacha idir oibríochtaí sula n-úsáidfear iad i monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha, lena n-áirítear meascadh le plaisteach den chomhdhéanamh céanna, déanfar an t-aistriú sin a thaifeadadh agus cuirfear a n-inrianaitheacht san áireamh sa chóras dearbhaithe cáilíochta.’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/351/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)