|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/348 |
18.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/348 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Feabhra 2025
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Airteagail 4 agus 5 de Chinneadh 2011/101/CBES (2) ón gComhairle, sainaithnítear na daoine agus na heintitis a bhfuil feidhm ag bearta sriantacha maidir leo. |
|
(2) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 tugtar éifeacht do Chinneadh 2011/101/CBES a mhéid is gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 na daoine agus na heintitis arna gcumhdach leis an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin. |
|
(3) |
An 18 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/335 (3) lena mbaintear an t-eintiteas deireanach de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
An tArd-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
(1) IO L 55, 24.2.2004, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/314/oj.
(2) Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (IO L 42, 16.2.2011, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/101(1)/oj).
(3) Cinneadh (CBES) 2025/335 ón gComhairle an 18 Feabhra 2025 lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (IO L, 2025/335, 18.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/335/oj).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle, roinn II, scriostar an iontráil seo a leanas:
|
‘Zimbabwe Defence Industries |
10ú hurlár, Trustee House, 55 Ascaill Samora Machel, Bosca Poist 6597, Harare, an tSiombáib |
Tá baint ag Zimbabwe Defence Industries leis an Aireacht Cosanta agus leis an ngrúpa ZANU-PF i Rialtas na Siombáibe.’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/348/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)