|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/345 |
19.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/345 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Feabhra 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 2020/1998. |
|
(2) |
Ba cheart an fhaisnéis faoi bheirt a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2020/1998 a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1998/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998, faoi Roinn A (‘Daoine nádúrtha’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 80 agus 105:
|
|
Ainmneacha (Traslitriú isteach i script na Laidine) |
Ainmneacha |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
|
‘80. |
Alexander Valerievich OBRAZTSOV* |
Александр Валерьевич ОБРАЗЦОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Leas-cheann chóilíneacht phríosúnach IK-3 Dáta breithe: 1980 1990 Áit bhreithe: an Rúis Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Seoladh: Ceantar Priuralisky, Limistéar Féinrialaitheach Yamalo-Nenets, an Rúis, 629420 |
Tá Alexander Valerievich Obraztsov ina leas-cheann ar chóilíneacht phríosúnach IK-3. Sa phost sin, tá sé freagrach go díreach as na dálaí príosúnachta i gcoilíneacht phionósach IK-3. Is í coilíneacht phionósach IK-3, ar a dtugtar “Polar Wolf” de ghnáth, an áit a bhfuair Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra a bhí faoi choinneáil, bás faoi chúinsí anaithnide. I measc na ndálaí príosúnachta a bhí i gcoilíneacht phionósach IK-3, bhí foréigean fisiceach, mar shampla céasadh agus coinníodh siar uisce te agus éadaí leordhóthanacha sa gheimhreadh, agus coinníodh siar cúnamh leighis agus bia agus uisce. Dá bhrí sin, tá Alexander Valerievich Obraztsov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus sárú córasach ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024 |
|
105. |
Vladimir Sergeevich SHVEDOV* |
Владимир Сергеевич ШВЕДОВ (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ceann na Roinne Beartais Stáit i Réimse Fhorghníomhú na bPianbhreitheanna Coiriúla in Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise Dáta breithe: 26.10.1980 Áit bhreithe: Moscó, an Rúis Pasuimhir: 4506085659 Uimhir aitheantais chánach: 773320017740 Náisiúntacht Rúiseach Inscne fireann Seoladh: Cathair Mhoscó, Cónaidhm na Rúise Daoine aonair comhlachaithe: Vsevolod Lvovich Vukolov Eintitis chomhlachaithe: Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise |
Is oifigeach ardleibhéil de chuid na Rúise é Ilya Nikolayevich Kruglyshev. Is é Ceann na Roinne Beartais Stáit i Réimse Fhorghníomhú na bPianbhreitheanna Coiriúla in Aireacht Dlí agus Cirt na Rúise. Sa phost sin, agus é i gceannas ar bheartas an stáit i réimse fhorghníomhú pianbhreitheanna coiriúla agus achomhairc saoránach á meas aige, bhí sé freagrach as pianbhreitheanna príosúin Alexei Navalny, polaiteoir de chuid an fhreasúra sa Rúis, a fhorghníomhú. Dá bhrí sin, tá Vladimir Sergeevich Shvedov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, coinneáil threallach, agus as sárú córasach ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
22.3.2024’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/345/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)