European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/341

21.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/341 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Feabhra 2025

lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le seiceálacha agus pionóis

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (1), agus go háirithe Airteagal 6d(1), pointe (d), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 tugadh isteach beart nua lena soláthraítear tacaíocht eisceachtúil shealadach mar fhreagairt ar thionchar tubaistí nádúrtha, ar beart é atá le cistiú faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) laistigh den chreat dlíthiúil is infheidhme i gclárthréimhse 2014-2020 de chuid CETFT, lenar cuireadh síneadh leis an Rialachán sin.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a mhéid a bhaineann leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, le bearta forbartha tuaithe agus le tras-chomhlíonadh agus tá sé le feidhm a bheith aige, dá bhrí sin, maidir leis an mbeart nua. Mar sin féin, is gá rialacha breise áirithe a leagan síos chun a áirithiú go gcuirfear an beart nua chun feidhme go haonfhoirmeach laistigh den chreat dlíthiúil is infheidhme.

(3)

Chun seiceálacha agus pionóis a chur chun feidhme, ba cheart an beart nua dá dtagraítear in Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 a mheas mar bheart forbartha tuaithe nach mbaineann le limistéir ná le hainmhithe faoi Theideal IV de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014.

(4)

I bhfianaise na práinne a bhaineann le tionchar tubaistí nádúrtha, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I bhfianaise éifeachtaí tubaisteacha na dtubaistí nádúrtha atá ann faoi láthair agus a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar a dtionchar ar earnálacha agraibhia agus foraoiseachta an Aontais agus an tionchar sin a mhaolú, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit tús a chur le cur chun feidhme an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 a luaithe a thiocfaidh na modhnuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/3242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i bhfeidhm. Dá bhrí sin, is iomchuí feidhm a bheith ag an Rialachán Cur Chun Feidhme seo ó dháta foilsithe Rialachán (AE) 2024/3242 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(5)

Tá an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun seiceálacha agus pionóis a chur chun feidhme, measfar an beart dá dtagraítear in Airteagal 6a de Rialachán (AE) 2020/2220 a bheith ina bheart forbartha tuaithe nach mbaineann le limistéir ná le hainmhithe faoi Theideal IV de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 23 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 437, 28.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2220/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus tras-chomhlíonadh (IO L 227, 31.7.2014, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/809/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1306/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2024/3242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit atá buailte ag tubaistí nádúrtha (IO L, 2024/3242, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3242/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/341/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)