|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/340 |
20.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/340 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Feabhra 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta chun údaruithe athphlandaithe le haghaidh fíonghort a dheonú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 70 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá laghdú struchtúrach ar thomhaltas an Aontais ag déanamh difear do mhargadh fíona an Aontais le blianta anuas. Thairis sin, le blianta beaga anuas, tá dúshláin shuntasacha roimh earnáil fíona an Aontais. Ní dhearnadh an caillteanas díolachán mar gheall ar dhúnadh na hearnála HORECA le linn phaindéim COVID-19 a chúiteamh go hiomlán le méadú ar an tomhaltas sa bhaile. Tar éis na paindéime, bhí tionchar ag géarchéim an chostais maireachtála agus ag an staid idirnáisiúnta éagobhsaí ar an éileamh ar fhíon, ar mhargadh an Aontais agus ar na margaí onnmhairiúcháin is tábhachtaí araon. |
|
(2) |
Ina theannta sin, is cosúil go bhfuil athrú tagtha ar éileamh tomhaltóirí ar fud an domhain i dtreo fíonta níos éadroime, go háirithe fíonta geala, rosé agus súilíneacha, rud a dhéanann dochar d’fhíonta dearga traidisiúnta. Mar thoradh ar na treochtaí struchtúracha agus na hathruithe ar an éileamh ar fhíon, in éineacht leis an tuairimíocht neamhfhabhrach le blianta beaga anuas, tá éagothroime athfhillteach sa mhargadh agus neamhchinnteacht mhéadaithe ann do shaothraithe fíniúna, maidir lena gcinntí infheistíochta agus maidir leis an rogha cineálacha fíniúna. |
|
(3) |
Ina theannta sin, tá tionchar tromchúiseach á imirt ar shaothraithe fíniúna ag teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha níos minice agus níos déine agus ag dálaí adhaimsire níos measa, chomh maith le costais ionchuir atá ag ardú, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra an t-am ceart a fháil chun an plandú a dhéanamh agus an infheistíocht a dhaingniú, rud a chuireann moill go minic ar an gcinneadh dul ar aghaidh lena gcur i bhfeidhm. |
|
(4) |
I bhfianaise an mhéid sin, ní mór do go leor saothraithe fíniúna anailís dhomhain a dhéanamh ar chineálacha fíniúna atá níos frithsheasmhaí in aghaidh triomaigh agus galar, nó atá níos oiriúnaithe d’éileamh athraitheach na dtomhaltóirí chun feabhas a chur ar a n-iomaíochas agus chun an t-am is fearr a chinneadh chun fíonghoirt a athphlandú tar éis grafadh. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(1), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún (2), féadfaidh saothraithe fíniúna iarratas den sórt sin ar athphlandú a chur isteach tráth ar bith le linn na bliana fíona céanna ina ndéantar an grafadh. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, áfach, gur féidir iarratais ar údarú athphlandaithe a chur isteach go dtí deireadh an dara bliain fíona tar éis na bliana inar tharla an grafadh. |
|
(6) |
Ba cheart níos mó ama a thabhairt do shaothraithe fíniúna a dhéanann fíonghoirt a ghrafadh chun anailís a dhéanamh ar an gcás sula mbeidh orthu cinneadh a dhéanamh an mian leo a seanfhíonghoirt a ionadú ar chor ar bith agus má roghnaíonn siad déanamh amhlaidh, cén cineál fíniúna agus an modh saothraithe is fearr a oireann don aeráid athraitheach agus d’éileamh athraitheach na dtomhaltóirí. |
|
(7) |
Ionas go mbeidh saothraithe fíniúna in ann cinneadh eolasach a dhéanamh, is gá síneadh 3 bliana a chur leis an tréimhse ama is féidir leis na Ballstáit a cheadú idir fíonghort a ghrafadh agus iarratas ar údarú athphlandaithe a chur isteach. |
|
(8) |
Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 a leasú dá réir. |
|
(9) |
Tá an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274
In Airteagal 9(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2018/274, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, áfach, sprioc-am a shocrú chun iarratais ar údarú athphlandaithe a chur isteach nach déanaí ná deireadh an cúigiú bliain fíona tar éis na bliana inar tharla an grafadh.’.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha, deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha agus fógraí, agus maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha ábhartha, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/561 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/274/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/340/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)