European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/337

24.2.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/337 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Feabhra 2025

maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh earraí piriteicniúla a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), earraí piriteicniúla atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó le codanna ábhartha díobh, a bhfoilsítear sonraí tagartha dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na buncheanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

An 14 Lúnasa 2007, d’eisigh an Coimisiún iarraidh ar chaighdeánú M/416 chun tacú le Treoir 2007/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN). San iarraidh sin, d’iarr an Coimisiún ar CEN caighdeáin maidir le tinte ealaíne a tharraingt suas, inar cuimsíodh, inter alia, liosta earraí a thagann faoi chatagóir P1 (earraí piriteicniúla, seachas tinte ealaíne agus earraí piriteicniúla amharclainne, a mbaineann guais íseal leo), liosta earraí nach dtagann faoin gcatagóir sin chomh maith le nós imeachta nó critéir lena gcinntear cén t-earra a thagann faoi chatagóir P1. Tagairtí do na caighdeán arna nglacadh ag CEN mar fhreagairt ar an iarraidh sin, foilsíodh na tagairtí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 12 Bealtaine 2017 trí bhíthin Theachtaireacht 2017/C 149/01 ón gCoimisiún (4), a tháinig in ionad na liostaí uile a foilsíodh roimhe sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3011 ón gCoimisiún (5) d’iarr an Coimisiún ar CEN athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana maidir le hearraí piriteicniúla chun tacú le Treoir 2013/29/AE, a tháinig in ionad Threoir 2007/23/CE agus a d’aisghair an Treoir sin. I gcomhréir leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, chuaigh sainordú um chaighdeánú M/416 in éag an 13 Meitheamh 2022.

(4)

Rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 15947-1:2015, EN 15947-2:2015, EN 15947-3:2015, EN 15947-4:2015 agus EN 15947-5:2015, ar bhonn shainordú um chaighdeánú M/416 agus ghlac sé sraith caighdeán nua EN 15947:2022, codanna 1 go 5, an 5 Deireadh Fómhair 2022. Tháinig na caighdeáin nua sin in ionad shraith EN 15947:2015 (codanna 1 go 5). Mar sin féin, níor chuir CEN ach codanna 2 go 5 de shraith EN 15947:2022 faoi bhráid an Choimisiúin lena lua in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é gur measadh nach raibh cuid 1, ina bhfuil sainmhínithe téarmaíochta, mar chuid den toimhde comhréireachta le haon cheann de bhuncheanglais sábháilteachta Threoir 2013/29/AE.

(5)

Le litir dar dháta an 21 Samhain 2023, chuir an Coimisiún CEN ar an eolas nach raibh sé ar intinn aige tagairt a dhéanamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh do chaighdeáin EN 15947-2:2022, EN 15947-3:2022, EN 15947-4:2022 agus EN 15947-5:2022, toisc nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach san iarraidh ar chaighdeánú i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3011 leis na caighdeáin sin agus, dá bhrí sin, ní chuirtear chun feidhme leo na buncheanglais sábháilteachta ábhartha a leagtar síos i dTreoir 2013/29/AE.

(6)

Ós rud é go measann CEN go dtagann caighdeáin EN 15947-2:2022 EN 15947-3:2022, EN 15947-4:2022 agus EN 15947-5:2022 in ionad na gcaighdeán atá ann cheana a luaitear (EN 15947-2:2015, EN 15947-3:2015, EN 15947-4:2015 agus EN 15947-5:2015), ní féidir a mheas a thuilleadh go léirítear an úrscothacht sna caighdeáin sin agus go gcomhlíontar na buncheanglais sábháilteachta ábhartha, agus sa chomhthéacs gur dheimhnigh CEN nach raibh sé in ann caighdeáin nua a fhorbairt agus a chur isteach go luath amach anseo. Dá bhrí sin, is gá na tagairtí do shraith caighdeán comhchuibhithe EN 15947:2015 a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh toisc go ndearna CEN athbhreithniú ar na caighdeáin sin agus gur tháinig sraith caighdeán EN 15947:2022 ina n-ionad.

(7)

Ós rud é nach dtacaíonn na sainmhínithe ar théarmaíocht a thugtar i gcaighdeáin EN ISO 14451-1:2013, EN 15947-1:2015, EN 16256-1:2012 agus EN 16261-1:2012 le haon cheann de na buncheanglais sábháilteachta a leagtar síos i dTreoir 2013/29/AE, is gá, dá bhrí sin, na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le trédhearcacht, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a glacadh chun tacú le Treoir 2013/29/AE agus a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ba cheart liosta iomlán nua de na tagairtí sin a fhoilsiú in aon ghníomh amháin.

(9)

Is iomchuí, dá bhrí sin, Teachtaireacht 2017/C 149/01 a aisghairm.

(10)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go meastar go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe.

(11)

Maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe a ghlactar mar fhreagairt ar iarrataí ar chaighdeánú, féadfaidh siad a bheith faoi réir iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Sa bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 5 Márta 2024 i gCás C-588/21 P (7), Public.Resource.Org agus Right to Know v. an Coimisiún agus Páirtithe Eile, d’aithin an Chúirt go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann, de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) 1049/2001, a thugann údar maith le caighdeáin chomhchuibhithe a nochtadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh earraí piriteicniúla, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/29/AE agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, déantar leis seo iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Aisghairtear Teachtaireacht 2017/C 149/01.

Mar sin féin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir leis na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí an 24 Márta 2025.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.

(2)  Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (IO L 178, 28.6.2013, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/29/oj).

(3)  Treoir 2007/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir le hearraí piriteicniúla a chur ar an margadh (IO L 154, 14.6.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/23/oj).

(4)  Teachtaireacht 2017/C 149/01 ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (IO C 149, 12.5.2017, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3011 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2022 maidir leis an iarraidh ar chaighdeánú chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú a mhéid a bhaineann le hearraí piriteicniúla chun tacú le Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(7)  Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 5 Márta 2024, Public.Resource.Org agus Right to Know v. an Coimisiún agus Páirtithe Eile, C-588/21 P, ECLI:EU:C:2024:201.


IARSCRÍBHINN I

Uimh.

Uimhir thagartha an Chaighdeáin

1.

EN ISO 14451-2:2013

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla le haghaidh feithiclí - Cuid 2: Modhanna tástála (ISO 14451-2:2013)

2.

EN ISO 14451-3:2013

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla le haghaidh feithiclí - Cuid 3: Lipéadú (ISO 14451-3:2013)

3.

EN ISO 14451-4:2013

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla le haghaidh feithiclí - Cuid 4: Ceanglais agus catagóiriú do mhionghineadóirí gáis (ISO 14451-4:2013)

4.

EN ISO 14451-5:2013

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla le haghaidh feithiclí - Cuid 5: Ceanglais agus catagóiriú do ghineadóirí gáis le haghaidh málaí aeir (ISO 14451-5:2013)

5.

EN ISO 14451-6:2013

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla le haghaidh feithiclí - Cuid 6: Ceanglais agus catagóiriú le haghaidh modúil mhálaí aeir (ISO 14451-6:2013)

6.

EN ISO 14451-7:2013

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla le haghaidh feithiclí - Cuid 7: Ceanglais agus catagóiriú le haghaidh réamhtheannasóirí criosanna sábhála (ISO 14451-7:2013)

7.

EN ISO 14451-8:2013

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla le haghaidh feithiclí - Cuid 8: Ceanglais agus catagóiriú le haghaidh adhainteoirí (ISO 14451-8:2013)

8.

EN ISO 14451-9:2013

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla le haghaidh feithiclí - Cuid 9: Ceanglais agus catagóiriú le haghaidh gníomhróirí (ISO 14451-9:2013)

9.

EN ISO 14451-10:2013

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla le haghaidh feithiclí - Cuid 10: Ceanglais agus catagóiriú le haghaidh táirgí leathchríochnaithe (ISO 14451-10:2013)

10.

EN 16256-2:2012

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla amharclainne - Cuid 2: Catagóirí earraí piriteicniúla amharclainne

11.

EN 16256-3:2012

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla amharclainne - Cuid 3: Ceanglais maidir le déanamh agus feidhmiú

12.

EN 16256-4:2012

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla amharclainne - Cuid 4: Ceanglais íosta maidir le lipéadú agus treoracha úsáide

13.

EN 16256-5:2012

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla amharclainne - Cuid 5: Modhanna tástála

14.

EN 16261-2:2013

Earraí piriteicniúla - Tinte ealaíne, Catagóir 4 - Cuid 2: Ceanglais

15.

EN 16261-3:2012

Earraí piriteicniúla - Tinte ealaíne, Catagóir 4 - Cuid 3: Modhanna tástála

16.

EN 16261-4:2012

Earraí piriteicniúla - Tinte ealaíne, Catagóir 4 - Cuid 4: Ceanglais íosta maidir le lipéadú agus treoracha úsáide


IARSCRÍBHINN II

Uimh.

Uimhir thagartha an Chaighdeáin

1.

EN ISO 14451-1:2013

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla le haghaidh feithiclí - Cuid 1: Téarmaíocht (ISO 14451-1:2013)

2.

EN 15947-1:2015

Earraí piriteicniúla - Tinte ealaíne, Catagóir F1, F2 agus F3 - Cuid 1: Téarmaíocht

3.

EN 15947-2:2015

Earraí piriteicniúla - Tinte ealaíne, Catagóir F1, F2 agus F3 - Cuid 2: Catagóirí agus cineálacha tinte ealaíne

4.

EN 15947-3:2015

Earraí piriteicniúla - Tinte ealaíne, Catagóir F1, F2 agus F3 - Cuid 3: Ceanglais íosta maidir le lipéadú

5.

EN 15947-4:2015

Earraí piriteicniúla - Tinte ealaíne, Catagóir F1, F2 agus F3 - Cuid 4: Modhanna tástála

6.

EN 15947-5:2015

Earraí piriteicniúla - Tinte ealaíne, Catagóir F1, F2 agus F3 - Cuid 5: Ceanglais maidir le déanamh agus feidhmiú

7.

EN 16256-1:2012

Earraí piriteicniúla - Earraí piriteicniúla amharclainne - Cuid 1: Téarmaíocht

8.

EN 16261-1:2012

Earraí piriteicniúla - Tinte ealaíne, Catagóir 4 - Cuid 1: Téarmaíocht


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/337/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)