|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/332 |
25.2.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/332 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Feabhra 2025
lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Réigiún na Murascaille agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/963
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 i gcomhar le hAirteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Bealtaine 2023, chomhaontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta de chuid an Aontais Eorpaigh (ISAE) a cheapadh do réigiún na Murascaille. |
|
(2) |
An 15 Bealtaine 2023 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/963 (1) lenar ceapadh Luigi DI MAIO mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do réigiún na Murascaille. Tá sainordú ISAE le dul in éag an 28 Feabhra 2025. |
|
(3) |
Ba cheart síneadh 24 mhí a chur le sainordú ISAE agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2025 go dtí an 28 Feabhra 2027. |
|
(4) |
Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/963 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh ‘Leis seo, ceaptar Luigi DI MAIO mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do réigiún na Murascaille ón 1 Meitheamh 2023 go dtí an 28 Feabhra 2025. Cuirtear síneadh le sainordú Luigi DI MAIO mar ISAE do réigiún na Murascaille go dtí an 28 Feabhra 2027. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE (“an sainordú”) a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“An tArdionadaí”).’ |
|
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
; |
|
(3) |
in Airteagal 5(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas: ‘Is é EUR 2 612 386,42 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2025 go dtí an 28 Feabhra 2027 a chumhdach.’ ; |
|
(4) |
in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: ‘Cuirfidh ISAE tuarascálacha rialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach maidir le cur chun feidhme an tsainordaithe faoin 30 Samhain 2026.’ ; |
|
(5) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: ‘Airteagal 13a Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí 1. Cuirfidh ISAE na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) i bhfeidhm. Is é an tArdionadaí a ghlacfaidh na rialacha cur chun feidhme do ISAE. 2. Déanfaidh ISAE daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). Glacfaidh an tArdionadaí na rialacha cur chun feidhme do ISAE. (*1) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj)." (*2) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).’." |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2023/963 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Réigiún na Murascaille (IO L 129, 16.5.2023, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/963/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/332/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)