European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/315

17.2.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/315 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Feabhra 2025

lena mbunaítear teimpléad chun fógra a thabhairt maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú ar bhonn sealadach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1), agus go háirithe Airteagal 27(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Limistéar a bhunú ina bhfuil saorghluaiseacht gan teorainneacha inmheánacha ag daoine, tá sé ar cheann de na príomhéachtaí atá bainte amach ag an Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina eisceacht i gcónaí rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus níor cheart é a dhéanamh ach mar rogha deiridh.

(2)

Le Rialachán (AE) 2016/399, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit fógra cuí a thabhairt don Choimisiún, don Pharlaimint agus don Chomhairle faoi aon chinneadh maidir le rialú teorann a athbhunú.

(3)

Tá an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléad a bhunú le haghaidh fógraí ó na Ballstáit maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú.

(4)

Ba cheart a chuimsiú sa teimpléad na heilimintí uile a cheanglaítear ar na Ballstáit a sholáthar faoi Rialachán (AE) 2016/399 chun go mbeidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na critéir agus coinníollacha a bhaineann le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach.

(5)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2024/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ó tharla go gcuirtear le acquis Schengen le Rialachán (AE) 2024/1717, thug an Danmhairg fógra an 19 Samhain 2024, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, faoina cinneadh Rialachán (AE) 2024/1717 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar an Danmhairg faoin dlí idirnáisiúnta an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

(6)

Ní forbairt atá sa Chinneadh seo ar fhorálacha acquis Schengen a bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (3). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(7)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(8)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (4) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (5).

(9)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (6) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (7).

(10)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (9).

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chód Teorainneacha Schengen,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An teimpléad chun fógra a thabhairt maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú ar bhonn sealadach, dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2016/399, is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a bheidh sé.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 77, 23.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/399/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (IO L, 2024/1717, 20.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1717/oj).

(3)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).

(4)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.

(5)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).

(6)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(7)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).

(8)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(9)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).


IARSCRÍBHINN

Fógra a thabhairt maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú ar bhonn sealadach

1.   Fógra tíolactha ag:

Sonraigh an Ballstát nó na Ballstáit.

2.   An dáta a thugtar fógra:

Sonraigh an dáta a chuirtear an fógra isteach.

3.   Dáta agus fad an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a bheartaítear a athbhunú nó a fhadú (Airteagal 27(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2016/399:

Sonraigh an dáta agus an fad. In éagmais tásc ama, glactar leis go dtiocfaidh an t-athbhunú nó an fadú i bhfeidhm ar meán oíche (00:00) ar an gcéad dáta, is é sin an dáta a athbhunófar nó a fhadófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha.

4.   Raon feidhme an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a bheartaítear a athbhunú nó a fhadú, lena sonraítear an chuid nó na codanna de na teorainneacha inmheánacha ag a bhfuil an rialú teorann le hathbhunú nó le fadú (Airteagal 27(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/399)

Sonraigh an chuid nó na codanna de na teorainneacha inmheánacha ag a ndéanfar rialú teorann a athbhunú nó a fhadú, chomh maith leis an gcineál teorann (teorainn talún, mara, aeir).

5.   Fógra a thabhairt maidir le:

rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú den chéad uair (imeacht neamh-intuartha): Airteagal 25a(1) de Rialachán (AE) 2016/399

rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú (imeacht neamh-intuartha): Airteagal 25a(3) de Rialachán (AE) 2016/399

Tréimhse nó tréimhsí inar athbhunaíodh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha roimhe seo:

Léirigh dátaí na dtréimhsí inar athbhunaíodh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha roimhe seo.

rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú den chéad uair (imeacht intuartha): Airteagal 25a(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2016/399

rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú (imeacht intuartha): Airteagal 25a(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2016/399

Tréimhse nó tréimhsí inar athbhunaíodh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha roimhe seo:

Léirigh dátaí na dtréimhsí inar athbhunaíodh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha roimhe seo.

rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú tar éis 2 bhliain, i gcás mórchás eisceachtúil: Airteagal 25a(6) de Rialachán (AE) 2016/399

Tréimhse nó tréimhsí inar athbhunaíodh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha roimhe seo:

Léirigh dátaí na dtréimhsí inar athbhunaíodh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha roimhe seo.

rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú tar éis 2 bhliain agus 6 mhí, i gcás mórchás eisceachtúil: Airteagal 25a(6) de Rialachán (AE) 2016/399

Tréimhse nó tréimhsí inar athbhunaíodh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha roimhe seo:

Léirigh dátaí na dtréimhsí inar athbhunaíodh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha roimhe seo.

rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: Airteagal 28(1) agus (5) de Rialachán (AE) 2016/399

NB:

Leanúint le rialú teorann ag na teorainneacha inmheánacha a athbhunú, ní gá a mheas gur fadú é sin más rud é, maidir leis an mbagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach ar a bhfuil sé bunaithe, go bhfuil an bhagairt sin difriúil leis an mbagairt thromchúiseach arb í ba chúis leis an rialú teorann ag an teorann inmheánach a athbhunaíodh roimhe sin. Más amhlaidh an cás, tabhair fógra maidir le hathbhunú den chéad uair agus sonraigh cineál nua agus sainiúil na bagartha tromchúisí ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach faoi 7.

6.   Má thugtar fógra maidir le himeacht intuartha níos lú ná 4 seachtaine roimh an athbhunú nó an fadú atá beartaithe don rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha (Airteagal 25a(4), (5) agus (6) de Rialachán (AE) 2016/399):

Léirigh cathain a tháinig na cúinsí ba chúis leis an ngá rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú chun cinn.

7.   Bagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, mar atá:

gníomhartha sceimhlitheoireachta nó bagairtí sceimhlitheoireachta, agus bagairtí a thagann ón gcoireacht eagraithe thromchúiseach

Sonraigh agus cuir isteach na sonraí ábhartha uile ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na himeachtaí is cúis le bagairt thromchúiseach.

éigeandálaí sláinte poiblí ar mórscála

Sonraigh agus cuir isteach na sonraí ábhartha uile ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na himeachtaí is cúis le bagairt thromchúiseach.

staid eisceachtúil arb é a príomhthréith gluaiseachtaí neamhúdaraithe mórscála tobanna náisiúnach tríú tír, de réir bhrí Airteagal 25(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/399

Sonraigh agus cuir isteach na sonraí ábhartha uile ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na himeachtaí is cúis le bagairt thromchúiseach.

Cuir isteach faisnéis maidir le cineál tobann na gluaiseachta neamhúdaraithe mhórscála, an brú a chuirtear ar acmhainní agus ar acmhainneachtaí na n-údarás inniúil, leibhéal ullmhachta na n-údarás inniúil, an riosca is dócha a bheidh ann d’fheidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, agus an fhianaise atá ar fáil ó anailís faisnéise agus na sonraí uile atá ar fáil, lena n-áirítear ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais.

Imeachtaí idirnáisiúnta mórscála nó ardphróifíle

Sonraigh agus cuir isteach na sonraí ábhartha uile ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na himeachtaí is cúis le bagairt thromchúiseach.

Eile

Sonraigh agus cuir isteach na sonraí ábhartha uile ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na himeachtaí is cúis le bagairt thromchúiseach.

8.   Ainmneacha na bpointí trasnaithe teorann atá údaraithe

Líon isteach iad nó cuir comhad i gceangal leis an bhfógra ar leithligh. Mura gcuirtear liosta ar fáil, mínigh an chúis leis sin.

9.   Bearta atá déanta ag na Ballstáit eile (más infheidhme)

Sonraigh na bearta atá déanta ag na Ballstáit eile mar fhreagairt ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú.

10.   Measúnú ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht faoi Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2016/399

10.1.

Oiriúnacht: mínigh an chaoi a ndéanfaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú an bhagairt a leigheas go leormhaith

 

10.2.

mínigh an fáth nach féidir na cuspóirí a shaothraítear leis an athbhunú a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

leas a bhaint as bearta malartacha, amhail seiceálacha comhréireacha arna ndéanamh i gcomhthéacs seiceálacha laistigh den chríoch dá dtagraítear in Airteagal 23, pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/399;

an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 23a de Rialachán (AE) 2016/399 a úsáid;

cineálacha eile comhair póilíneachta dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais;

bearta coiteanna maidir le srianta sealadacha ar thaisteal chuig na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 21a(2) de Rialachán (AE) 2016/399).

10.3.

An tionchar is dócha a bheidh ar ghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha agus ar fheidhmiú na réigiún trasteorann

Cuir isteach forléargas ar bhearta maolaitheacha atá beartaithe chun teorainn a chur leis an tionchar ar shaorghluaiseacht daoine agus ar fheidhmiú na réigiún trasteorann, go háirithe i ndáil le hoibrithe teorann agus oibreoirí eacnamaíocha, ar amanna feithimh agus ar bhrú tráchta.

Léirigh cé na réigiúin trasteorann, a dtugtar fógra ina leith faoi Airteagal 42b de Rialachán (AE) 2016/399, a ndéanann athbhunú an rialaithe ag an teorainn inmheánach difear dóibh.

10.4.

Más éard atá sa bhagairt thromchúiseach gluaiseachtaí neamhúdaraithe mórscála tobanna (Airteagal 25(1), pointe (c), agus 27(3) de Rialachán (AE) 2016/399):

Soláthair measúnú riosca agus faisnéis maidir leis na gluaiseachtaí tobanna mórscála neamhúdaraithe, lena n-áirítear aon fhaisnéis a fhaightear ó Ghníomhaireachtaí an Aontais agus anailís sonraí ó chórais faisnéise ábhartha.

Cuir isteach sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla, lena n-áirítear, mar shampla, an líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe, chomh maith le faisnéis maidir le cineál tobann na gluaiseachta neamhúdaraithe mórscála, an brú a chuirtear ar acmhainní agus ar acmhainneachtaí na n-údarás inniúil, leibhéal ullmhachta na n-údarás inniúil, an riosca is dócha a bheidh ann d’fheidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.

10.5.

Tuairim ón gCoimisiún agus an próiseas comhairliúcháin (más infheidhme)

Sonraigh:

an ghníomhaíocht atá déanta mar fhreagairt ar thuairim/tuairimí ón gCoimisiún a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 27a(2) nó 27a(3) de Rialachán (AE) 2016/399;

an ghníomhaíocht atá déanta mar fhreagairt ar thoradh próisis comhairliúcháin a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 27a(4) de Rialachán (AE) 2016/399.

11.   Má bhaineann an fógra le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú tar éis 6 mhí i gcomhréir le hAirteagal 25a(5) de Rialachán (AE) 2016/399 (Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2016/399)

11.1.

Measúnú ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2016/399

Líon isteach pointe 10, agus an measúnú a rinneadh roimhe seo ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht agus éabhlóid na bagartha tromchúisí ó athbhunaíodh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha á gcur san áireamh.

11.2.

Scála agus éabhlóid réamh-mheasta na bagartha tromchúisí

Tabhair tuilleadh sonraí maidir le scála agus éabhlóid réamh-mheasta na bagartha tromchúisí, go háirithe:

an fad a mheastar a mhairfidh an bhagairt thromchúiseach;

cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh;

faisnéis maidir le bearta comhordúcháin leis na Ballstáit eile a bhfuil tionchar ag an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha orthu nó ar dócha go mbeidh tionchar ag an rialú sin orthu.

12.   Má bhaineann an fógra le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú tar éis 2 bhliain, i gcás mórchas eisceachtúil (Airteagal 25a(6) de Rialachán (AE) 2016/399).

12.1.

Measúnú ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2016/399

Líon isteach pointe 11.

12.2.

An ghníomhaíocht a rinneadh mar fhreagairt ar thuairim ón gCoimisiún a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 25a(6) de Rialachán (AE) 2016/399 (más infheidhme)

 

12.3.

An ghníomhaíocht a rinneadh mar fhreagairt ar thoradh próisis comhairliúcháin a tionscnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 25a(6) de Rialachán (AE) 2016/399 (más infheidhme)

 

12.4.

Bunús a thabhairt leis an mbagairt leanúnach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach

 

12.5.

Mínigh an fáth a bhfuil bearta malartacha neamhéifeachtach

 

12.6.

Bearta maolaitheacha a thíolacadh

 

12.7.

I gcás inarb iomchuí: na modhanna, na gníomhaíochtaí, na coinníollacha agus an amlíne a thíolacadh d’fhonn deireadh a chur leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha

 

13.   Aon fhaisnéis bhreise (roghnach)

Mar shampla:

sonraí maidir le comhar straitéiseach agus oibríochtúil leis na Ballstáit eile

sonraí maidir le bearta malartacha a úsáid (Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/399)

an gcuirtear an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 23a de Rialachán (AE) 2016/399 i bhfeidhm tráth a athbhunaítear rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha

tionscnaimh chomhair dhéthaobhacha nó réigiúnacha, lena n-áirítear le tríú tíortha

14.   Faisnéis a choinneáil siar ar fhorais na slándála poiblí (Airteagal 27(5) de Rialachán (AE) 2016/399)

Léirigh, a mhéid a cheadaítear le forais slándála poiblí, ar coinníodh aon fhaisnéis siar ar na cúiseanna sin, agus rúndacht imscrúduithe leanúnacha á cur san áireamh.

Léirigh ar aicmíodh aon chuid den fhaisnéis ar tugadh fógra fúithi, go hiomlán nó go páirteach faoin dlí náisiúnta.

15.   Rúndacht faisnéise (Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/399)

Léirigh agus sonraigh má tá aon chuid den fhaisnéis ar tugadh fógra fúithi le fanacht faoi rún.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/315/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)