European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/314

18.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/314 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Feabhra 2025

maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh eallaí lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Prosol SPA) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1059/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1059/2013 ón gCoimisiún (2), údaraíodh ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh eallaí lena ramhrú.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun athnuachan a dhéanamh ar údarú na hullmhóide Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 13 Márta 2024 (3) gur chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go bhfuil an ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 fós sábháilte don spriocspeiceas, do na tomhaltóirí agus don chomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach bhfuil an ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 greannach don chraiceann ná do na súile, ach gur cheart a mheas gur íogróir craicinn agus riospráide í. Léirigh sé freisin nach bhfuil aon ghá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na hullmhóide Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885, toisc nach n-áirítear leis an iarratas ar athnuachan an údaraithe togra chun coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú nó a fhorlíonadh, ar togra é a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht an bhreiseáin. Níor mheas an tÚdarás go raibh gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

(5)

Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar thángthas orthu sa mheasúnú a rinneadh i dtaobh mhodh anailíse na hullmhóide Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, measann an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 (4) ón gCoimisiún, níl gá le tuarascáil meastóireachta na Saotharlainne Tagartha dá réir sin.

(6)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha an bhreiseáin ar shláinte na n-úsáideoirí a chosc.

(7)

Mar thoradh ar athnuachan údarú na hullmhóide Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1059/2013 a aisghairm.

(8)

Ós rud é, ar chúiseanna sábháilteachta, nach gá na modhnuithe ar na coinníollacha údaraithe maidir le húdarú na hullmhóide Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 a chur i bhfeidhm láithreach, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athnuachan an údaraithe

Maidir le húdarú na hullmhóide a sonraíodh san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseáin ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1059/2013 a Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1059/2013.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

1.   An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn agus na réamh-mheascáin a bhfuil an ullmhóid sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 10 Meán Fómhair 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 10 Márta 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 10 Márta 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 10 Márta 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1059/2013 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2013 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh eallaí lena ramhrú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 492/2006 (sealbhóir an údaraithe Prosol SpA) (IO L 289, 31.10.2013, lch. 30; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1059/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8720.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige

4b1710

Prosol SPA

Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885

ina bhfuil íoschion 1 × 109 CFU/g de bhreiseán

Foirmeacha soladacha.

Tréithriú na substainte gníomhaí

Cealla inmharthana Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885

Modh anailíse  (1)

Áireamh sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin agus sa bheatha chumaisc: modh an doirte ar phláta (EN 15789)

Sainaithint: imoibriú slabhrúil polaiméaráise (PCR) - modh CEN/TS 15790

Eallaí lena ramhrú

4 × 109

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus cobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

Maidir le húsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh análaithe pearsanta agus craicinn a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

10 Márta 2035


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/314/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)