European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/313

18.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/313 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Feabhra 2025

maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí (sealbhóir an údaraithe: Porus GmbH)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim a údarú mar bhreiseán beathaithe. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le hochtaihiodráit charbónáite lantanaim a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí, breiseán atá le haicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 13 Márta 2024 (2) go bhfuil ochtaihiodráit charbónáite lantanaim sábháilte do mhadraí fásta ar an uasleibhéal molta de 7 500 mg/kg de bheatha iomlán faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig sé ar an gconclúid freisin nach greannaitheoir craicinn ná súl é ochtaihiodráit charbónáite lantanaim, nach íogróir craicinn í agus go meastar nach dócha go dtarlódh nochtadh trí ionanálú. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil ochtaihiodráit charbónáite lantanaim éifeachtúil maidir le bith-infhaighteacht fosfair a laghdú i madraí fásta ar an íosleibhéal cuimsithe 1 500 mg/kg d’ábhar beatha iomlán. Níor mheas sé go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

(5)

Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas sa mheasúnú roimhe seo ar úsáid na substainte céanna i mbeatha le haghaidh cat, i ndáil leis na modhanna a úsáidtear chun ochtaihiodráit charbónáite lantanaim a rialú i mbeatha ainmhithe, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (3), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha.

(6)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann ochtaihiodráit charbónáite lantanaim na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:8729. 

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail i ndáil le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (laghdú ar eisfhearadh fosfair trí fhuail)

4d23

Porus GmbH

Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim ina bhfuil ar a laghad 85 % d’ochtaihiodráit charbónáite lantanaim mar shubstaint ghníomhach.

Foirm sholadach.

Tréithriú na substainte gníomhaí

Ochtaihiodráit charbónáite lantanaim

La2(CO3)3*8H2O

Uimhir CAS: 6487-39-4

Modh anailíse  (1)

Maidir le carbónáit sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú: Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (2) maidir le modh an Aontais.

Maidir le lantanaim sa bhreiseán beathaithe agus sa bheatha chumaisc a chainníochtú: Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach (ICP-AES)

Madraí

1 500

7 500

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

Ní thabharfar an breiseán mar bheatha ach do mhadraí fásta.

3.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú:

‘Do mhadraí fásta. ‘Seachnófar úsáid chomhuaineach beathaí a bhfuil ardleibhéal fosfair iontu.’.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir deireadh a chur leis na rioscaí sin leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

10 Márta 2035


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/313/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)