|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/308 |
17.2.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/308 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Feabhra 2025
lena mbunaítear formáid aonfhoirmeach le haghaidh na tuarascála ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1), agus go háirithe Airteagal 33(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Limistéar a bhunú ina bhfuil saorghluaiseacht gan teorainneacha inmheánacha ag daoine, tá sé ar cheann de na príomhéachtaí atá bainte amach ag an Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina eisceacht i gcónaí rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus níor cheart é a dhéanamh ach mar rogha deiridh. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2016/399, cuirtear d’oibleagáid ar Bhallstáit a bhfuil rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha déanta acu tuarascáil ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus, i gcás inarb infheidhme, a fhadú, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin laistigh de 4 seachtaine tar éis dóibh deireadh a chur le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha. |
|
(3) |
Tá an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun formáid aonfhoirmeach a bhunú le haghaidh na tuarascála ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, nó i gcás inarb infheidhme, a fhadú. |
|
(4) |
Ba cheart a chuimsiú san fhormáid aonfhoirmeach na heilimintí uile a cheanglaítear ar na Ballstáit a sholáthar faoi Rialachán (AE) 2016/399. |
|
(5) |
Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir leis an measúnú ex-post ar rialú teorann a athbhunú ag teorann inmheánach amháin nó níos mó ná sin nó ag codanna díobh. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2024/1717 ó Pharlaimint na hEorpa (2) lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ó tharla go gcuirtear le acquis Schengen le Rialachán (AE) 2024/1717, thug an Danmhairg fógra an 19 Samhain 2024, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, faoina cinneadh Rialachán (AE) 2024/1717 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar an Danmhairg faoin dlí idirnáisiúnta an Cinneadh seo a chur chun feidhme. |
|
(7) |
Ní forbairt atá sa Chinneadh seo ar fhorálacha acquis Schengen a bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (3). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(8) |
Maidir leis an gCipir, is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003. |
|
(9) |
Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (4) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (5). |
|
(10) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (6) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (7). |
|
(11) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (9). |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chód Teorainneacha Schengen, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An fhormáid aonfhoirmeach le haghaidh na tuarascála ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha arna athbhunú nó arna fhadú ag na Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2016/399, is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a bheidh sé.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 77, 23.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/399/oj.
(2) Rialachán (AE) 2024/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha, (OJ L, 2024/1717, 20.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1717/oj).
(3) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).
(4) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.
(5) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).
(6) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(7) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).
(8) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(9) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).
IARSCRÍBHINN
Tuarascáil ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú
1. Tuarascáil arna tíolacadh ag:
|
Léirigh an Ballstát a bhfuil an tuarascáil á tíolacadh aige. |
2. Dáta an tíolactha:
|
Léirigh an dáta. |
3. Tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil:
|
Léirigh an tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil, agus déan tagairt don fhógra a tugadh maidir le hathbhunú nó fadú an rialaithe teorann seo ag teorainneacha inmheánacha. |
4. Tuarascáil curtha isteach:
|
☐ |
laistigh de 4 seachtaine tar éis deireadh a bheith curtha le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha |
|
☐ |
ar dhul in éag don chéad 12 mhí, i gcás ina ndearnadh rialuithe teorann a fhadú, dá dtagraítear in Airteagal 25a(5) de Rialachán (AE) 2016/399 |
|
☐ |
ar dhul in éag don dara 12 mhí, i gcás ina ndearnadh rialuithe teorann a fhadú, dá dtagraítear in Airteagal 25a(5) de Rialachán (AE) 2016/399 |
5. Tuarascáil maidir le deireadh a chur le rialú teorann ag an teorann inmheánach tar éis na nithe seo a leanas:
|
☐ |
rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú den chéad uair (imeacht neamh-intuartha): Airteagal 25a(1) de Rialachán (AE) 2016/399 |
|
☐ |
rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú (imeacht neamh-intuartha): Airteagal 25a(3) de Rialachán (AE) 2016/399 |
|
☐ |
rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú den chéad uair (imeacht intuartha): Airteagal 25a(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2016/399 |
|
☐ |
rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú (imeacht intuartha): Airteagal 25a(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2016/399 |
|
☐ |
rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú tar éis 2 bhliain, i gcás mórchás eisceachtúil: Airteagal 25a(6) de Rialachán (AE) 2016/399 |
|
☐ |
rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a fhadú tar éis 2 bhliain agus 6 mhí, i gcás mórchás eisceachtúil: Airteagal 25a(6) de Rialachán (AE) 2016/399 |
|
☐ |
rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle: Airteagal 28(1) agus (5) de Rialachán (AE) 2016/399 |
6. Tuairisc ar chur chun feidhme praiticiúil an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha (de réir coda agus/nó pointe trasnaithe teorann)
|
7. Measúnú tosaigh agus measúnú leantach, chomh maith le measúnú ex post, ar an gcomhréireacht agus ar an riachtanas
|
7.1. Oiriúnacht: a mhéid a rinneadh an bhagairt a leigheas go leordhóthanach trí rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú
7.2. Cúiseanna nárbh fhéidir na cuspóirí a bhaint amach trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
7.3. An tionchar atá ar ghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha agus ar fheidhmiú na réigiún trasteorann
7.4. Más éard a bhí sa bhagairt cás eisceachtúil arb é a príomhthréith gluaiseachtaí neamhúdaraithe mórscála tobanna náisiúnach tríú tír, de réir bhrí Airteagal 25(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/399
7.5. Más infheidhme, tosca as ar eascair an cinneadh deireadh a chur le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha
7.6. Má tá sé ar fáil, an líon daoine a gabhadh le linn an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú
7.7. An líon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a rinneadh ag an teorainn inmheánach le linn an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú
|
8. Diúltú, aistriú agus athligean isteach ag na teorainneacha inmheánacha
|
9. Forléargas ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm go comhthreomhar le linn an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó fhadú
|
10. Rúndacht faisnéise (Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/399)
|
Tabhair le fios má tá aon chuid den tuarascáil seo le fanacht faoi rún, agus, má tá, tabhair le fios cé acu ceann. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/308/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)