![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/304 |
20.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/304 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2024
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha chun fógra a thabhairt ag eintitis airgeadais áirithe go bhfuil sé ar intinn acu seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 60(14), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2023/1114 go leagtar amach foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha coiteanna chun sásra aonfhoirmeach a áirithiú trína bhfeidhmíonn údaráis inniúla náisiúnta a gcumhachtaí go héifeachtach i ndáil leis na fógraí a fhaigheann siad ó eintitis atá rialáilte cheana féin lena gcuirtear in iúl go bhfuil sé ar intinn acu a bheith ina soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. |
(2) |
Chun an chumarsáid idir eintiteas a thugann fógra agus an t-údarás inniúil ábhartha a éascú, ba cheart d’údaráis inniúla pointe teagmhála a ainmniú don phróiseas fógartha agus ba cheart dóibh an fhaisnéis teagmhála a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. |
(3) |
Chun rochtain ar an bhfaisnéis arna tíolacadh a éascú agus chun a rialú agus a hinrochtaineacht agus anailís sa todhchaí a éascú, ba cheart an fógra a chur isteach i bhformáid dhigiteach (foirm ghréasáin) a rialaíonn agus a dhéanann réamhsheiceálacha go huathoibríoch ar an bhfaisnéis arna tíolacadh agus ansin a stórálann í nuair a bheidh sí lánchríochnaithe. |
(4) |
Ba cheart an fhaisnéis a chuireann an t-eintiteas a thugann fógra isteach a bheith cruinn, iomlán agus cothrom le dáta. De bhun Airteagal 60(9) de Rialachán (AE) 2023/1114, i gcás inar cuireadh an fhaisnéis dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303 (2) faoi bhráid an údaráis inniúil roimhe sin, tá an t-eintiteas a thugann fógra le sonrú go sainráite go bhfuil aon fhaisnéis a cuireadh isteach roimhe sin fós cothrom le dáta. Ós rud é go bhféadfadh sé nach dtagraíonn roinnt faisnéise ach don todhchaí amháin, ba cheart aon dáta sa todhchaí a bheidh san fhaisnéis amach anseo a shainaithint go sonrach san iarratas. |
(5) |
Chun a áirithiú go láimhseálfar fógraí go pras agus go tráthúil ó eintitis airgeadais, ba cheart do na húdaráis inniúla a dheimhniú go bhfuarthas an fógra trí admháil fála a sheoladh go leictreonach, ar pháipéar, nó sa dá fhoirm, chuig an eintiteas a thugann fógra. Ba cheart a áireamh san admháil fála sin sonraí teagmhála na ndaoine nó na feidhme atá i gceannas ar an bhfógra a láimhseáil. |
(6) |
Ionas go mbeidh an t-údarás inniúil in ann a mheas cé acu ar soláthraíodh an fhaisnéis uile is gá san fhógra i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 60(8) de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart don eintiteas a thugann fógra aon athrú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear a chur in iúl gan moill mhíchuí. |
(7) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúi (‘ESMA’), agus a forbraíodh i ndlúthchomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach. |
(8) |
Rinne ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí féideartha lena mbaineann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Pointe teagmhála a ainmniú
Ainmneoidh na húdaráis inniúla pointe teagmhála chun na fógraí arna dtíolacadh ag eintitis airgeadais a fháil i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) 2023/1114. Coimeádfaidh na húdaráis inniúla sonraí teagmhála an phointe teagmhála ainmnithe cothrom le dáta agus cuirfidh siad na sonraí teagmhála sin ar fáil go poiblí ar a suíomhanna gréasáin.
Airteagal 2
An fógra a thíolacadh
1. Cuirfidh an t-eintiteas a thugann fógra a fhógra faoi bhráid an údaráis inniúil tríd an bhfoirm a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a líonadh isteach.
2. Cuirfidh an t-eintiteas a thugann fógra an fógra isteach ar bhealach lena bhféadfar faisnéis a stóráil ionas gur féidir tagairt di sa todhchaí agus ionas gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan athrú.
Airteagal 3
Admháil go bhfuarthas an fógra agus admháil fála
Laistigh de chúig lá oibre ón bhfógra a fháil, seolfaidh an t-údarás inniúil admháil fála go leictreonach, ar pháipéar, nó sa dá fhoirm, chuig an eintiteas a thugann fógra. Áireofar san admháil fála sin sonraí teagmhála roinn, fheidhm nó bhall foirne an údaráis inniúil atá ag láimhseáil an fhógra.
Airteagal 4
Fógra a thabhairt faoi athruithe
Tabharfaidh an t-eintiteas a thugann fógra fógra don údarás inniúil gan moill mhíchuí faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san fhógra. Cuirfidh an t-eintiteas a thugann fógra an fhaisnéis nuashonraithe ar fáil trí úsáid a bhaint as an bhfoirm a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis nach mór d’eintitis airgeadais áirithe fógra a thabhairt ina leith maidir leis an rún atá acu seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar (IO L, 2025/303, 20.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/303/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
IARSCRÍBHINN
Foirm chun fógra a thabhairt faoi fhaisnéis atá le soláthar ag eintitis airgeadais áirithe
I gcomhréir le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/304 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2024, lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha chun fógra a thabhairt d’eintitis airgeadais áirithe go bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar, i gceangal leis seo tá ár bhfógra go bhfuil sé ar intinn againn seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar (1).
Uimhir thagartha (le comhlánú ag an údarás inniúil): Dáta: Ó Ainm an eintitis a thugann fógra: Uimhir thagartha náisiúnta: Seoladh an eintitis a thugann fógra: Sonraí teagmhála an duine teagmhála ainmnithe Ainm: Teileafón: Seoladh Ríomhphoist: CHUIG Ballstát (más infheidhme): An tÚdarás inniúil: Seoladh: Sonraí teagmhála an phointe teagmhála ainmnithe: Ainm: Teileafón: Seoladh Ríomhphoist: [Dearbhaímid,] [an t-eintiteas a thugann fógra,] go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach cruinn, iomlán agus cothrom le dáta. Má bhaineann roinnt faisnéise le dáta sa todhchaí amháin, sainaithnítear go sainráite san fhógra agus geallaimid fógra a thabhairt don údarás i scríbhinn gan mhoill más rud é go mbíonn aon fhaisnéis den sórt sin míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach. Ina theannta sin, geallaimid an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon athrú maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil san fhoirm seo.
Ainm: Stádas/post: Teileafón: Seoladh Ríomhphoist: AN FHAISNÉIS IS GÁ Clár oibríochtaí … Cuir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303, tríd an bhfaisnéis sin a leagan amach anseo nó trí thagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den fhógra. Leanúnachas gnó … Cuir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303, tríd an bhfaisnéis sin a leagan amach anseo nó trí thagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den fhógra. Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhrath agus a chosc … Cuir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303, tríd an bhfaisnéis sin a leagan amach anseo nó trí thagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den fhógra. Córais TFC agus socruithe slándála gaolmhara … Cuir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303, tríd an bhfaisnéis sin a leagan amach anseo nó trí thagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den fhógra. Cripteashócmhainní agus cistí cliant a leithscaradh … Cuir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303, tríd an bhfaisnéis sin a leagan amach anseo nó trí thagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den fhógra. Beartas cumhdaigh agus riaracháin … Cuir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303, tríd an bhfaisnéis sin a leagan amach anseo nó trí thagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den fhógra. Rialacha oibriúcháin an ardáin trádála agus brath drochúsáide margaidh … Cuir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303, tríd an bhfaisnéis sin a leagan amach anseo nó trí thagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den fhógra. Cripteashócmhainní a mhalartú ar chistí nó ar chripteashócmhainní eile … Cuir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303, tríd an bhfaisnéis sin a leagan amach anseo nó trí thagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den fhógra. Beartas forghníomhaithe … Cuir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303, tríd an bhfaisnéis sin a leagan amach anseo nó trí thagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den fhógra. Comhairle nó bainistiú punainne a sholáthar maidir le cripteashócmhainní … Cuir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303, tríd an bhfaisnéis sin a leagan amach anseo nó trí thagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den fhógra. Seirbhísí aistrithe … Cuir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/303, tríd an bhfaisnéis sin a leagan amach anseo nó trí thagairt a dhéanamh do na ranna ábhartha den fhógra. [síniú an ionadaí dhlíthiúil] |
(1) IO L, 2025/304, 20.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/304/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/304/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)