|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/299 |
13.2.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/299 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí i gcripteashócmhainní a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir le leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmiú na seirbhísí cripteashócmhainní
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 68(10), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil maidir le ceanglais a bhaineann le freagairt agus téarnamh, beartais agus nósanna imeachta cúltaca, nósanna imeachta athchóirithe agus athshlánaithe agus modhanna a bhaineann le córais TFC eintiteas airgeadais, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Sonraítear a thuilleadh sa Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1774 ón gCoimisiún (3) comhpháirteanna den bheartas leanúnachais gnó TFC, tástáil pleananna leanúnachais gnó TFC, comhpháirteanna phleananna freagartha agus athshlánaithe TFC na n-eintiteas airgeadais, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Comhlánaítear leis an Rialachán seo na forálacha sin de Rialachán (AE) 2022/2554 agus de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1774 i ndáil le leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmiú na seirbhísí cripteashócmhainní. |
|
(2) |
Agus a gcuid seirbhísí á soláthar acu, féadfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní úsáid a bhaint as mórleabhar dáilte nach bhfuil aon smacht acu air, lena n-áirítear mórleabhar dáilte poiblí. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé nach mbeidís in ann rialtacht agus leanúnachas a seirbhísí a áirithiú nuair is fadhbanna is gné dhílis d’oibriú na mórleabhar dáilte sin is cúis le cur isteach. Chun maolú a dhéanamh ar luaineacht sa mhargadh a bhféadfadh drochthionchar a bheith aici ar chliaint a ndéanann cur isteach den sórt sin difear dóibh, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní bearta a áireamh ina mbeartas leanúnachais gnó chun cumarsáid thráthúil a dhéanamh le cliaint agus le geallsealbhóirí seachtracha eile. Ba cheart a áireamh sa chumarsáid sin faisnéis fhíor-riachtanach thráthúil do chliaint maidir le cur isteach den sórt sin, lena n-áirítear nuashonruithe leanúnacha ar stádas, go dtí go réiteofar an cur isteach agus go n-atosófar seirbhísí. I gcás nach bhfuil fáil éasca ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ar fhaisnéis faoi stádas an mhórleabhair dháilte phoiblí arb é is cúis le cur isteach ar sheirbhís, ba cheart don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin nuashonruithe a chur in iúl do chliaint agus do gheallsealbhóirí eile, lena n-áirítear údaráis inniúla, ar bhonn na hiarrachta is fearr chun a áirithiú go mbeadh faisnéis chomh cuimsitheach agus is féidir ag cliaint agus ag geallsealbhóirí maidir leis an gcur isteach sin. |
|
(3) |
Chun ualach riaracháin díréireach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar ghnólachtaí nuathionscanta a sheachaint, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní scála, cineál agus raon na seirbhísí a sholáthraíonn siad a mheas ina mbeartas leanúnachais gnó. Ciallaíonn sé sin gur cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a gceanglais shonracha leanúnachais gnó a chinneadh ar bhonn féinmheasúnú láidir, bunaithe ar roinnt critéar lena gcuirfí ar a gcumas beartas leanúnachais gnó a chur chun feidhme atá i gcomhréir le tionchar a gcuid seirbhísí ar an margadh. Ba cheart imthosca eile a chur san áireamh leis an bhféinmheasúnú freisin seachas na cinn sin a liostaítear san Iarscríbhinn a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní. |
|
(4) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(5) |
Sheol an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘feidhm chriticiúil nó thábhachtach’ feidhm chriticiúil nó thábhachtach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (22), de Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘mórleabhar dáilte poiblí’ cineál sonrach mórleabhair dháilte nach rialaíonn aon eintiteas an mórleabhar dáilte ann agus inar féidir le haon duine a chomhlíonann ceanglais theicniúla agus prótacail an mhórleabhair dháilte sin nóid líonra DLT a chur ar bun. |
Airteagal 2
Socruithe eagraíochtúla leanúnachais gnó
1. Is éard a bheidh sa bheartas leanúnachais gnó dá dtagraítear in Airteagal 68(7) de Rialachan (AE) 2023/1114 pleananna, nósanna imeachta agus bearta.
2. Déanfaidh comhlacht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, i bhfeidhmiú a fheidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 68(6) de Rialachán (AE) 2023/1114, na pleananna, na nósanna imeachta agus na bearta lena gcuimsítear an beartas leanúnachais gnó a bhunú agus a fhormhuiniú. Beidh comhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní freagrach as cur chun feidhme an bheartais leanúnachais gnó, agus as athbhreithniú a dhéanamh ar a éifeachtacht ar bhonn bliantúil ar a laghad.
3. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní go ndéanfar aon mhodhnú ar an mbeartas leanúnachais gnó a tharchur chuig gach ball foirne inmheánach ábhartha trí bhealaí cumarsáide éifeachtacha.
Airteagal 3
Beartas leanúnachais gnó
1. Áiritheofar leis an mbeartas leanúnachais gnó dá dtagraítear in Airteagal 68(7) de Rialachán (AE) 2023/1114 go dtabharfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní aghaidh mar is ceart ar theagmhais shuaiteacha nó ar shaincheisteanna feidhmíochta a bhaineann leis na córais atá criticiúil d’oibriú a bhfeidhmeanna gnó agus leagfar síos é i meán marthanach.
2. Áireoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní gach ceann díobh seo a leanas sa bheartas leanúnachais gnó:
|
(a) |
sonrú ar raon feidhme an bheartais leanúnachais gnó, lena n-áirítear a theorainneacha agus a eisiaimh, a chumhdófar leis na pleananna, nósanna imeachta agus bearta leanúnachais gnó; |
|
(b) |
tuairisc ar na critéir chun na pleananna leanúnachais gnó a ghníomhachtú, lena n-áirítear nósanna imeachta méadaithe suas go dtí leibhéal an chomhlachta bainistíochta; |
|
(c) |
forálacha maidir le rialachas agus eagrú an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí na foirne, lena n-áirithítear go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun an beartas a chur chun feidhme go héifeachtach; |
|
(d) |
forálacha lena n-áirithítear comhsheasmhacht idir na pleananna leanúnachais gnó agus na pleananna leanúnachais gnó TFC, agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC dá dtagraítear in Airteagail 24 agus 26 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1774. |
Airteagal 4
Pleananna leanúnachais gnó
1. Agus an beartas leanúnachais gnó dá dtagraítear in Airteagal 68(7) de Rialachán (AE) 2023/1114 á chur chun feidhme, bunóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní pleananna leanúnachais gnó. Leagfar amach sna pleananna leanúnachais gnó na nósanna imeachta is gá chun na nithe seo a leanas a chosaint agus, i gcás inar gá, chun iad a athbhunú:
|
(a) |
rúndacht, sláine agus infhaighteacht sonraí cliant; |
|
(b) |
infhaighteacht fheidhmeanna gnó, phróisis tacaíochta agus shócmhainní faisnéise na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. |
2. Beidh an méid seo a leanas sna pleananna leanúnachais gnó:
|
(a) |
raon cásanna díobhálacha féideartha a bhaineann le feidhmiú feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, lena n-áirítear gan feidhmeanna gnó, foireann, spás oibre, soláthraithe seachtracha, lárionaid sonraí a bheith ar fáil, nó caillteanas nó athrú sonraí agus doiciméad criticiúil; |
|
(b) |
na nósanna imeachta agus na beartais atá le leanúint i gcás teagmhas suaiteach, lena n-áirítear:
|
|
(c) |
na nósanna imeachta agus na beartais chun na feidhmeanna gnó a úsáidtear chun seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthar a athlonnú chuig láithreán cúltaca; |
|
(d) |
cúltaca sonraí gnó criticiúla, lena n-áirítear faisnéis atá cothrom le dáta faoi na teagmhálaithe riachtanacha chun cumarsáid laistigh den soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a áirithiú, idir an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus a chliaint; |
|
(e) |
nósanna imeachta maidir le cumarsáid thráthúil le cliaint agus le geallsealbhóirí seachtracha eile, lena n-áirítear údaráis inniúla. |
3. I gcás cur isteach a bhaineann le mórleabhar dáilte poiblí a úsáideann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus a sheirbhísí á soláthar aige, áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa chumarsáid dá dtagraítear i mír 2, pointe (e):
|
(a) |
an tráth a mheastar go n-atosófar na seirbhísí; |
|
(b) |
na cúiseanna a bhí leis an teagmhas suaiteach agus an tionchar a bhí aige; |
|
(c) |
aon riosca a bhaineann le cistí cliant agus cripteashócmhainní a shealbhaítear thar a gceann; |
|
(d) |
bearta a bheartaíonn an tseirbhís cripteashócmhainní a dhéanamh mar fhreagairt ar chur isteach ar mhórleabhar dáilte poiblí. |
I gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil go héasca don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, cuirfidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nuashonruithe maidir leis an bhfaisnéis sa chéad fhomhír in iúl do chliaint agus do gheallsealbhóirí, lena n-áirítear údaráis inniúla, ar bhonn na hiarrachta is fearr.
4. Beidh nósanna imeachta sna pleananna leanúnachais gnó chun aghaidh a thabhairt ar aon chur isteach ar fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha seachfhoinsithe, lena n-áirítear i gcás nach mbeadh na feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha sin ar fáil.
Airteagal 5
Tástáil thréimhsiúil ar na pleananna leanúnachais gnó
1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní oibriú na bpleananna leanúnachais gnó dá dtagraítear in Airteagal 4 a thástáil ar bhonn cásanna réalaíocha. Fíorófar le tástáil den sórt sin cumas an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní athshlánú a dhéanamh ó theagmhais shuaiteacha agus seirbhísí a atosú i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b).
2. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na pleananna leanúnachais gnó a thástáil ar bhonn bliantúil agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(a) |
torthaí na dtástálacha dá dtagraítear i mír 1; |
|
(b) |
an fhaisnéis bagartha is déanaí; |
|
(c) |
ceachtanna a foghlaimíodh ó theagmhais roimhe seo; |
|
(d) |
i gcás inarb ábhartha, aon athrú ar na cuspóirí aisghabhála, lena n-áirítear cuspóirí aga aisghabhála agus cuspóirí pointí aisghabhála dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (b); |
|
(e) |
athruithe ar fheidhmeanna gnó. |
3. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní torthaí na gníomhaíochta tástála a dhoiciméadú i scríbhinn, agus cuirfidh siad faoi bhráid a gcomhlachta bainistíochta iad agus faoi bhráid na n-aonad oibríochta a bhfuil baint acu leis na pleananna leanúnachais gnó.
4. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nach gcuirfidh tástáil na bpleananna leanúnachais gnó isteach ar ghnáthsheoladh a gcuid seirbhísí.
Airteagal 6
Castacht agus breithnithe riosca
1. Agus an beartas leanúnachais gnó á bhunú acu, lena n-áirítear na pleananna, na nósanna imeachta agus na bearta, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní eilimintí lena mbaineann castacht mhéadaithe nó riosca méadaithe san áireamh, lena n-áirítear:
|
(a) |
an cineál agus an raon seirbhísí cripteashócmhainní a thairgtear; |
|
(b) |
a mhéid a bhraitheann seirbhísí an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ar mhórleabhar dáilte poiblí; |
|
(c) |
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon chur isteach ar leanúnachas ghníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus ar infhaighteacht a sheirbhísí. |
2. Chun críocha mhír 1, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní féinmheasúnú ar scála, ar chineál agus ar raon a gcuid seirbhísí ar bhonn bliantúil. Bunóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an féinmheasúnú sin ar na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn agus ar aon chritéar eile a mheasann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a bheith ábhartha.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
(2) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear uirlisí, modhanna, próisis agus beartais bainistithe riosca TFC agus an creat bainistíochta riosca TFC simplithe (IO L, 2024/1774, 25.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1774/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
IARSCRÍBHINN
CRITÉIR CHUN FÉINMHEASÚNÚ A DHÉANAMH AR SHOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ CRIPTEASHÓCMHAINNÍ
|
(a) |
cineál an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:
|
|
(b) |
scála, trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ar fheidhmiú ordúil na margaí bunaithe ar na heilimintí seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
|
|
(c) |
castacht, trí mheasúnú a dhéanamh ar na heilimintí seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
|
Chun críocha phointí (b)(iii) go (viii), úsáidfidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an meán laethúil thar thréimhse thagartha bliana le haghaidh an fhéinmheasúnaithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/299/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)