European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/289

11.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/289 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Feabhra 2025

lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 708/2013 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 708/2013 (2) ón gCoimisiún, rinneadh earra (dá ngairtear ‘stiall LED’) ina bhfuil dé-óidí astaithe solais (LED), trasraitheoirí, friotóirí agus dé-óidí cosanta, atá deartha lena úsáid, mar shampla, i dtroscán mar fheisteas soilsithe, a aicmiú faoi chód AC 9405 40 99 mar ‘fheistis soilsithe eile’.

(2)

Ós rud é gur cóimeáil ciorcaid phriontáilte a bhí san earra, níor chomhlíon sé na coinníollacha maidir le gairis leathsheoltóra ná LED scoite de réir bhrí cheannteideal 8541 , agus is éard a bhí ag an earra na saintréithe oibiachtúla uile a bhaineann le feisteas soilsithe faoi cheannteideal 9405 . Dá bhrí sin, rinneadh an t-aicmiú faoi theidil 8541 agus 8543 a eisiamh. I bhfianaise shaintréithe oibiachtúla an earra, an tsaintréith bhunúsach atá aige, baineann sí le feisteas soilsithe iomlán faoi cheannteideal 9405 ó thaobh feidhme de; ní gá ach é a nascadh le soláthar cumhachta.

(3)

Le linn an 70ú seisiún dá chuid i mí Mheán Fómhair 2022, d’fhormheas an Coiste um an gCóras Comhchuibhithe de chuid na hEagraíochta Domhanda Custaim tuairim 8539.51/1 maidir le haicmiú lena n-aicmítear táirge ar a dtugtar ‘soilse téipe’, solas solúbtha téipe LED faoi dhíon, 24 V, 1.3 W, bán fionnuar. Is éard atá sna soilse téipe codanna de tháirgí soilsithe mhodúlaigh ar féidir iad a nascadh le chéile agus atá comhdhéanta de 18 solas LED, iad ailínithe feadh fad gach ceann de na codanna agus LED acu atá nasctha ar chlár ciorcaid phriontáilte (PCB). Úsáidtear é, mar shampla, le haghaidh soilsiú tascanna agus le haghaidh béimshoilsithe i gcófraí cistine, le haghaidh cúlsoilsithe agus áiteanna a bhfuil sé deacair teacht orthu. Aicmíodh é faoi fho-cheannteideal CC 8539.51 trí chur i bhfeidhm RLGanna 1 (Nóta 11 (a) a ghabhann le Caibidil 85 agus Nóta 1 (f) a ghabhann le Caibidil 94) agus 6, agus de réir a shaintréithe oibiachtúla, comhfhreagraíonn sé do Chód AC 8539 51 00 , mar mhodúil dé-óide astaithe solais (LED).

(4)

Ós rud é go bhfuil saintréithe an táirge comhionann nó an-chosúil leis an earra a dtugtar tuairisc air i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 708/2013, níl aicmiú taraife an earra, mar a leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, i gcomhréir le tuairim 8539.51/1 maidir le haicmiú.

(5)

De bhua Chinneadh 87/369/CEE ón gComhairle (3), is páirtí conarthach é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, arna dhréachtú ag Comhairle um Chomhar Custaim na hEagraíochta Domhanda Custaim. Is ionstraimí treorach le haghaidh bhearta taraife an Aontais iad tuairimí maidir le haicmiú arna bhformheas ag an gCoiste um an gCóras Comhchuibhithe.

(6)

D’fhonn aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chórais Chomhchuibhithe ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ós rud é go bhfuil cinneadh an Choiste um an gCóras Comhchuibhithe i gcomhréir le foclaíocht fho-cheannteideal CC 8539.51, ba cheart don Aontas Tuairim 8539.51/1 maidir le hAicmiú a chur i bhfeidhm.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 708/2013 a aisghairm.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 708/2013.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 708/2013 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2013 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 200, 25.7.2013, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/708/oj).

(3)  Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, agus an Prótacal lena ndéantar leasú air, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1987/369/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/289/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)