|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/279 |
13.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/279 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Feabhra 2025
maidir le hola eisintiúil an chaiseapúit ó Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear d’athmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Rinneadh an tsubstaint ola eisintiúil an chaiseapúit a dhíorthaítear ó Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L. a údarú gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh an tsubstaint sin i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun hola eisintiúil an chaiseapúit a dhíorthaítear ó Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas. |
|
(4) |
D’iarr an t-iarratasóir go n-údarófaí an breiseán lena úsáid in uisce óil freisin. Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, áfach, ní cheadaítear ‘comhdhúile blaistithe’ a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid an bhreiseáin seo in uisce óil a cheadú. |
|
(5) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 13 Márta 2024 (3) go bhfuil ola eisintiúil an chaiseapúit a dhíorthaítear ó Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L. sábháilte do gach speiceas ainmhíoch ar uastiúchaintí áirithe a shonraítear a thuilleadh le haghaidh gach speicis. Thairis sin, tháinig sé ar an gconclúid nár sainaithníodh aon ábhar imní do thomhaltóirí tar éis úsáid a bhaint as ola eisintiúil an chaiseapúit a dhíorthaítear ó Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L., faoi na coinníollacha atá beartaithe, agus nach meastar go mbeidh a úsáid, faoi na coinníollacha atá beartaithe, ina riosca don chomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cheart ola eisintiúil an chaiseapúit a dhíorthaítear ó Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L. a mheas mar ghreannaitheoir craicinn agus súl, agus mar íogróir deirmeach agus riospráide. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin ós rud é go bhfuil ola eisintiúil an chaiseapúit a dhíorthaítear ó Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L. agus ullmhóidí di aitheanta mar bhlastáin bhia agus ós rud é go mbeadh an fheidhm chéanna acu i mbeatha, go bunúsach, is atá acu i mbia, nach raibh gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann ola eisintiúil an chaiseapúit a dhíorthaítear ó Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L. na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(7) |
Measann an Coimisiún nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, uaschion a shocrú le haghaidh ola eisintiúil an chaiseapúit a dhíorthaítear ó Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L.. Ionas gur féidir rialú níos fearr a dhéanamh, ba cheart an t-uaschion molta a shonrú ar lipéad an bhreiseáin beathaithe. I gcás ina sárófar an t-uaschion molta, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán lena mbaineann. |
|
(8) |
Ós rud é nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na substainte lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
Tá an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’ údaraithe mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe ola eisintiúil an chaiseapúit a dhíorthaítear ó Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L., mar a údaraítear de bhun Treoir 70/524/CEE agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Meán Fómhair 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Márta 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Márta 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Márta 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Márta 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Márta 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22(4):8732.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2b276-eo |
Ola eisintiúil an chaiseapúit |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ola eisintiúil ó dhuilleoga Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L. Foirm leachtach Saintréithriú na substainte gníomhaí Ola eisintiúil an chaiseapúit Ola eisintiúil, mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (1), a eastósctar trí ghaldriogadh ó dhuilleoga Melaleuca cajuputi Maton & Sm. ex R. Powell agus Melaleuca leucadendra (L.) L. Uimhir CAS: 8008-98-8 le haghaidh ola eisintiúil ó Melaleuca leucandendron L. Uimhir Einecs: 931-800-6 Uimhir FEMA: 2225 Uimhir Chomhairle na hEorpa: 276 Sonraíochtaí
Modh anailíse (2) Maidir le 1,8-cineaól (marcóir fiticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
– |
– |
– |
|
5 Márta 2035 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(1) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán – Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/279/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)