European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/277

13.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/277 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Feabhra 2025

maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Loigolactobacillus coryniformis DSM 34345 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú na hullmhóide arb é atá inti Loigolactobacillus coryniformis DSM 34345. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le húdarú na hullmhóide Loigolactobacillus coryniformis DSM 34345 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’.

(4)

Sa tuairim uaidh an 26 Meitheamh 2024 (2), tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid go bhfuil Loigolactobacillus coryniformis DSM 34345 agus an breiseán foirmlithe sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Maidir le sábháilteacht úsáideoirí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cheart an breiseán a mheas mar íogróir craicinn agus riospráide féideartha, go meastar gur riosca é aon nochtadh tríd an gcraiceann agus tríd an gconair riospráide agus gur léiríodh nach raibh ullmhóid amháin greannach don chraiceann agus do na súile. Trí Loigolactobacillus coryniformis DSM 34345 a chur le hábhar plandaí úr ar íosleibhéal 1×108 CFU/kg d’ábhar plandaí úr, d’fhéadfaí feabhas a chur ar tháirgeadh sadhlais ó gach ábhar plandaí úr trí chaomhnú cothaitheach a fheabhsú. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid Loigolactobacillus coryniformis DSM 34345 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8904.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k21801

Loigolactobacillus coryniformis DSM 34345

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid Loigolactobacillus coryniformis DSM 34345 ina bhfuil íoschion 2 × 1011 CFU/g de bhreiseán

Foirm sholadach

-----------------

Tréithriú na substainte gníomhaí

Cealla inmharthana Loigolactobacillus coryniformis DSM 34345

-----------------

Modh anailíse  (1)

Áireamh Loigolactobacillus coryniformis DSM 34345 sa bhreiseán beathaithe:

Modh an leata ar phláta (nó modh an doirte ar phláta) ar agar MRS - EN 15787

Sainaithint Loigolactobacillus coryniformis DSM 34345:

Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (LGBR) - CEN/TS 17697 nó modhanna seicheamhaithe ADN

Gach speiceas ainmhíoch

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, sonrófar na dálaí stórála.

2.

Íosdáileog an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i dteaglaim le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 1×108 CFU/kg d’ábhar úr.

3.

Má úsáidtear é mar chrió-chosantaí, úsáidfear gliocól poileitiléine (PEG 4000) suas le huastiúchan 0,025 mg/kg sadhlais.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

5 Márta 2035


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/277/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)