European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/276

13.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/276 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Feabhra 2025

maidir le tintiúr clóbh ó Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear d’athmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Rinneadh an tsubstaint tintiúr clóbh ó Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry a údarú gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh an tsubstaint sin i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun tintiúr clóbh ó Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(4)

D’iarr an t-iarratasóir go n-údarófaí an breiseán lena úsáid in uisce óil freisin. Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, áfach, ní cheadaítear ‘comhdhúile blaistithe’ a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid an bhreiseáin seo in uisce óil a cheadú.

(5)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 17 Aibreán 2024 (3) nach dócha go mbeidh tintiúr clóbh ó Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry ina ábhar imní sábháilteachta don spriocspeiceas ar an leibhéal úsáide atá beartaithe. Thairis sin, tháinig sé ar an gconclúid nach n-eascródh aon ábhar imní sábháilteachta do thomhaltóirí ná don chomhshaol as úsáid tintiúr clóbh ó Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry ar na leibhéil úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cheart tintiúr clóbh ó Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry a mheas mar ghreannaitheoir craicinn agus súl, agus mar íogróir deirmeach agus riospráide. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin ós rud é go bhfuil bachlóga bláthanna Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry agus ullmhóidí díobh aitheanta mar bhlastáin bhia agus ós rud é go mbeadh an fheidhm chéanna acu i mbeatha, go bunúsach, is atá acu i mbia, nach raibh gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(6)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann tintiúr clóbh ó Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Measann an Coimisiún gur gá uaschion a shocrú i mbeatha iomlán mar gheall ar láithreacht na substaintí ar ábhar imní iad, is iad sin meitileoganól agus eistriogól, agus measann sé freisin go bhfuil meascán de thintiúr clóbh ó Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry le breiseáin luibheolaíocha eile ceadaithe, ar choinníoll go bhfuil méideanna na substaintí céanna ar ábhar imní iad in ábhair bheatha agus i mbeatha chumaisc níos ísle ná an méid a eascraíonn as breiseán aonair a úsáid ar an leibhéal uasta nó ar an leibhéal molta le haghaidh an speicis nó na catagóire ainmhithe. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(7)

Ós rud é nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na substainte lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

Tá an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’ údaraithe mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   An breiseán beathaithe tintiúr clóbh ó Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry, mar a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Meán Fómhair 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Márta 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Márta 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Márta 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 5 Márta 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 5 Márta 2025, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22(5):8791.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe

2b188-t

Tintiúr clóbh

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Tintiúr ó bhachlóga bláthanna triomaithe Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry (comhchiallach: Eugenia caryophyllata Thunb.)

Foirm leachtach

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Tintiúr clóbh

Tintiúr mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (1) a fhaightear ó bhachlóga bláthanna Syzygium aromaticum (L.) Merr. & L.M. Perry triomaithe trí eastóscadh fadaithe le meascán tuaslagóra uisce/eatánóil, fáscadh agus scagadh.

Uimhir Chomhairle na hEorpa: 188

Sonraíochtaí

Cion ábhair thirim: 1,57–1,77 %

Cion iomlán na bpolaifeanól (2): ≤ 0,541 %

Flavónóidigh: ≤ 0,0418 %

Eoigeanól: ≤ 0,00497 %

Aicéatáit eogainile: < 0,00017 mg/mL

Meitileoganól: ≤ 0,00022 %

Eistriogól: ≤ 0,00009 %

Modh anailíse  (3)

Maidir le saintréithriú an bhreiseáin beathaithe:

speictreafótaiméadracht chun cion iomlán na bpolaifeanól agus na bhflavónóideach a chinneadh

crómatagrafaíocht gháis cúpláilte le brath ianúcháin lasrach (GC-FID) chun eoigeanól (marcóir fíticheimiceach), eistriogól, meitileoganól agus aicéatáit eogainile a chinneadh

Gach speiceas ainmhíoch seachas Equidae

50

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ceadaítear tintiúr clóbh a mheascadh le breiseáin luibheolaíocha eile ar choinníoll go bhfuil na méideanna meitileoganóil agus eistriogóil sna hábhair bheatha agus sa bheatha chumaisc níos ísle ná an méid a eascraíonn as breiseán aonair a úsáid ar an leibhéal uasta nó ar an leibhéal molta le haghaidh an speicis nó na catagóire ainmhíche.

4.

Maidir le húsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, suífidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú.

an 5 Márta 2035

Equidae

200


(1)   Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).

(2)  Arna shloinneadh mar choibhéis d’aigéad gálach

(3)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/276/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)