|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/274 |
12.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/274 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Feabhra 2025
lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle maidir le rialú iascaigh áineasa
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 55(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (‘an Rialachán um Rialú’), arna leasú le Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil maidir le rialacha i dtaca le rialú iascaigh áineasa, go háirithe maidir le sonraí gabhála ó iascach áineasa áirithe a bhailiú. Chun bearta caomhnaithe is infheidhme maidir le hiascach áineasa a fhorfheidhmiú, is gá bearta rialaithe iomchuí a bhunú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 55(2) den Rialachán um Rialú, déanfaidh na Ballstáit chósta sonraí a bhailiú maidir le gabhálacha a dhéanann daoine nádúrtha atá i mbun iascaigh áineasa le haghaidh speicis, stoic nó grúpaí stoc áirithe trí shásraí bailithe sonraí bunaithe ar mhodheolaíocht arna cinneadh ag gach Ballstát cósta agus ar tugadh fógra ina leith don Choimisiún. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 55(3) den Rialachán um Rialú, áiritheoidh na Ballstáit chósta go dtuairisceoidh iascairí áineasa a ngabhálacha le haghaidh speicis, stoic nó grúpaí stoc áirithe trí chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Rialachán sin. |
|
(4) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le rialacha mionsonraithe i ndáil le sonraí gabhála i dtaca le hiascach áineasa arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit i bhformáid chomhiomlánaithe chun inchomparáideacht na sonraí arna gcur isteach a áirithiú agus chun bheith in ann iascach áineasa a bhainistiú agus a rialú go héifeachtach. |
|
(5) |
Chun iascaireacht neamhdhleathach a chomhrac agus chun an tionchar atá ag trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile ar bheatha mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí a laghdú i gcomhréir le cuspóirí Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus i gcomhréir le hAirteagal 55(6) den Rialachán um Rialú, ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le trealamh a úsáidtear in iascach áineasa, nach trealamh láimhe é, a mharcáil. Is gléasanna iascaireachta éighníomhacha den chuid is mó iad trealamh den sórt sin e.g. eangacha, spiléir, gaistí, potaí agus cléibh. Leis na rialacha sin, ba cheart a áirithiú gur féidir an trealamh iascaireachta a rianú siar go dtí an duine fisiceach nó dlítheanach atá á úsáid nó ar leis é, agus go gcuirtear in iúl do dhaoine eile go bhfuil trealamh iascaireachta ann. |
|
(6) |
Cuirtear an Rialachán seo in ionad Airteagail 64 agus 65 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (4) maidir le rialú iascaigh áineasa, lena ndéantar foráil maidir le rialacha nua i dtaca leis na cásanna dá bhforáiltear sna forálacha sin. |
|
(7) |
Ós rud é go mbeidh feidhm ag Airteagal 55 den Rialachán um Rialú arna leasú le Rialachán (AE) 2023/2842 ón 10 Eanáir 2026, ba cheart feidhm a bheith ag an rialachán seo ón dáta céanna. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Iascach agus Dobharshaothrú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhíniú
Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘gléas iascaireachta éighníomhach’ trealamh a úsáidtear in iascach áineasa nach trealamh láimhe é, dá bhforáiltear sa tríú, sa cheathrú agus sa chúigiú ró d’Iarscríbhinn I.
Airteagal 2
Sonraí gabhála a thíolacadh a bhailítear faoi Airteagal 55(2) den Rialachán um Rialú
1. Faoin 31 Bealtaine gach bliain agus ón 31 Bealtaine 2027 ar aghaidh, déanfaidh gach Ballstát cósta na sonraí comhiomlánaithe a bhailítear faoi Airteagal 55(2) den Rialachán um Rialú a chur faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach, trí fhreastalaí lárnach ‘RecFishing’ de chuid an Aontais (5), ar sonraí iad a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
cainníochtaí gach speicis ag a bhfuil cód alfa-3 FAO, más infheidhme de réir an stoic nó an ghrúpa stoc, a gabhadh agus a coinníodh sa bhliain féilire roimhe sin, ina dtonaí de choibhéis bheomheáchain agus, más ábhartha, an líon aonán,
|
|
(b) |
an líon aonán de gach speiceas ag a bhfuil cód alfa-3 FAO, más infheidhme de réir an stoic nó an ghrúpa stoc, a gabhadh agus a scaoileadh sa bhliain féilire roimhe sin, agus nuair is féidir, na cainníochtaí measta ina dtonaí de choibhéis bheomheáchain,
|
Chun críche an tíolactha seo, déanfar an trealamh iascaireachta a shainaithint de réir na gcineálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I agus déanfar an modh iascaireachta a shainaithint de réir na gcatagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn II.
Chun críche an tíolactha seo, an limistéar geografach ábhartha inar gabhadh an speiceas, freagróidh sé do chríoch an Bhallstáit chósta agus do na huiscí atá faoina cheannasacht nó faoina dhlínse, in aghaidh na roinne agus na bhforanna CITM ar a laghad mar a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó, más infheidhme, freagróidh sé d’fholimistéir gheografacha CGIM a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). I gcás nach mbeidh feidhm ag na limistéir gheografacha CITM agus CGIM sin, úsáidfear córas limistéir iascaireachta FAO ar an leibhéal is mionsonraithe a bheidh ar fáil.
2. Seiceálfaidh na Ballstáit chósta cruinneas na sonraí bailithe a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin. Má bhraitheann Ballstát cósta neamhréireachtaí san fhaisnéis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin cheana, ceartóidh sé na sonraí a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí an 31 Nollaig den bhliain inar tíolacadh iad.
Airteagal 3
Sonraí gabhála a thíolacadh a bhailítear faoi Airteagal 55(3) den Rialachán um Rialú
1. Faoin 15ú lá de gach mí agus ón 15 Márta 2026 ar aghaidh, déanfaidh gach Ballstát cósta na sonraí comhiomlánaithe a bhailítear faoi Airteagal 55(3) a chur faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach, trí fhreastalaí lárnach ‘RecFishing’ de chuid an Aontais, ar sonraí iad a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
cainníochtaí gach speicis ag a bhfuil cód alfa-3 FAO, más infheidhme de réir an stoic nó an ghrúpa stoc, a gabhadh agus a coinníodh sa mhí roimhe sin, ina dtonaí de choibhéis bheomheáchain agus, más ábhartha, an líon aonán,
|
|
(b) |
an líon aonán de gach speiceas ag a bhfuil cód alfa-3 FAO, más infheidhme de réir an stoic nó an ghrúpa stoc, a gabhadh agus a scaoileadh sa mhí roimhe sin, agus nuair is féidir, na cainníochtaí measta ina dtonaí de choibhéis bheomheáchain,
|
Chun críche an tíolactha seo, déanfar an trealamh iascaireachta a shainaithint de réir na gcineálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I agus déanfar an modh iascaireachta a shainaithint de réir na gcatagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn II.
Chun críche an tíolactha seo, an limistéar geografach ábhartha inar gabhadh an speiceas, freagróidh sé do chríoch an Bhallstáit chósta agus do na huiscí atá faoina cheannasacht nó faoina dhlínse, ar a laghad trí dhronuilleog staidrimh ICES, nó más infheidhme tríd an aonad geografach coibhéiseach CGIM. I gcás nach mbeidh feidhm ag na limistéir gheografacha CITM agus CGIM sin, úsáidfear córas limistéir iascaireachta FAO ar an leibhéal is mionsonraithe a bheidh ar fáil.
2. Seiceálfaidh na Ballstáit chósta cruinneas na sonraí bailithe a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin. Má bhraitheann Ballstát cósta neamhréireachtaí san fhaisnéis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin cheana, ceartóidh sé na sonraí a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí 6 mhí tar éis an dáta a tíolacadh an fhaisnéis.
Airteagal 4
Marcáil gléasanna iascaireachta éighníomhacha a úsáidtear in iascach áineasa
1. Déanfar gléasanna iascaireachta éighníomhacha a úsáidtear le haghaidh iascach áineasa a mharcáil go soiléir ar bhealach inar féidir an trealamh iascaireachta a shainaithint agus a nascadh leis an iascaire áineasa a úsáideann an trealamh iascaireachta nó le húinéir an trealaimh iascaireachta, tríd an marcáil sin a thaispeáint ar na bealaí seo a leanas:
|
(a) |
i gcás eangach, ar lipéid atá ceangailte den chéad ró uachtarach agus i gcás baoi nó baoithe ag ceann nó cinn na heangaí ar lipéid nó marcáilte go díreach ar an mbaoi nó ar na baoithe; |
|
(b) |
i gcás spiléar, ar lipéid atá ceangailte den líne agus ag an bpointe teagmhála leis an mbaoi múrála nó leis na baoithe múrála nó marcáilte go díreach ar an mbaoi múrála nó ar na baoithe múrála; |
|
(c) |
i gcás gaistí, potaí, cliabh agus faidhclíonta, ar lipéid atá ceangailte den trealamh agus i gcás baoithe nó baoithe ar lipéid nó marcáilte go díreach ar an mbaoi nó ar na baoithe. |
Déanfar marcáil na ngléasanna iascaireachta éighníomhacha a úsáidtear le haghaidh iascach áineasa a fheistiú go daingean, ní bheidh sí inbhainte agus beidh sí déanta as ábhair mharthanacha.
2. Déanfar gléasanna iascaireachta éighníomhacha a úsáidtear le haghaidh iascach áineasa a mharcáil go leordhóthanach freisin chun a léiriú go bhfuil trealamh iascaireachta ar dhromchla an uisce nó an oighir.
Airteagal 5
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011
Scriostar Airteagail 64 agus 65 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 10 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.
(2) Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach (IO L, 2023/2842, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2842/oj).
(3) Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 155, 12.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/904/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/404/oj).
(5) Is éard atá i bhfreastalaí lárnach ‘RecFishing’ de chuid an Aontais an chuid den chóras leictreonach a d’fhorbair an Coimisiún faoi Airteagal 55(1) den Rialachán um Rialú, ar freastalaí é ina ndéantar óstáil ar shonraí iascaigh áineasa a bhailíonn na Ballstáit.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/218/oj).
(7) Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (IO L, 2023/2124, 12.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2124/oj).
IARSCRÍBHINN I
CINEÁLACHA TREALAIMH IASCAIREACHTA A ÚSÁIDTEAR LE hAGHAIDH IASCACH ÁINEASA
|
|
Cineálacha trealaimh iascaireachta |
|
1 |
Slata agus doruithe (lena n-áirítear línte láimhe, cuaillí agus doruithe agus troill) |
|
2 |
Sleághunnaí agus harpúin |
|
3 |
Eangacha (lena n-áirítear eangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin, traimlí agus líonta éighníomhacha eile, agus sruthlíonta) |
|
4 |
Spiléir |
|
5 |
Gaistí, potaí, cléibh agus faidhclíonta |
|
6 |
Uirlisí bailithe láimhe agus uirlisí láimhe seachas na cinn a bhaineann le catagóirí eile |
|
7 |
Trealamh iascaireachta tarraingthe (lena n-áirítear tráil, saighní, eangacha timpeallaithe agus dreidirí) |
|
8 |
Eangacha caitheamh amach |
IARSCRÍBHINN II
CATAGÓIRÍ NA MODHANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH IASCACH ÁINEASA
|
1 |
Ón gcladach |
|
2 |
Ó shoitheach |
|
3 |
Faoin Uisce |
|
4 |
Ón oighear |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/274/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)